Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0895

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/895 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann le ríomh dliteanas incháilithe agus leis an gcóras idirthréimhseach

    C/2023/8602

    IO L, 2024/895, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/895/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/895/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/895

    20.3.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/895 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann le ríomh dliteanas incháilithe agus leis an gcóras idirthréimhseach

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 103(7) di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh an sainmhíniú ar ‘dhliteanais incháilithe’, mar a leagadh síos ansin in Airteagal 2(1), pointe (71), de Threoir 2014/59/AE. De bhun an tsainmhínithe nua sin, ní bhaineann ‘dliteanais incháilithe’ ach leis na dliteanais sin atá incháilithe don íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI). Ba cheart an leasú sin a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún (3), ina ndéileáiltear le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh. Go háirithe, ba cheart na tagairtí sa Ghníomh Tarmligthe sin don sainmhíniú roimhe seo ar ‘dhliteanais incháilithe’, a leagadh síos in Airteagal 2(1), pointe (71) de Threoir 2014/59/AE, a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (71a), den Treoir sin, ina leagtar síos an sainmhíniú nua. Thairis sin, ba cheart coigeartú a dhéanamh freisin ar an bhfoirmle chun an táscaire ‘Cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna sealbhú ag an institiúid de bhreis ar ICDI’ in Iarscríbhinn I, CÉIM I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a ríomh ionas nach n-áireofaí inti ach dliteanais atá incháilithe do ICDI.

    (2)

    Le Treoir (AE) 2019/879 leasaíodh Airteagal 45(1) agus (2) de Threoir 2014/59/AE freisin chun foráil a dhéanamh maidir le ríomh nua ICDI, ar dá réir a ríomhtar ICDI anois mar chéatadán de mhéid neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA) agus mar chéatadán de thomhas neamhchosanta iomláine (TEM) an eintitis lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú cén paraiméadar a ndéanfar an táscaire ‘Cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna sealbhú ag an institiúid de bhreis ar ICDI’ dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a ríomh ar a bhonn. Thairis sin, chun luach sách stuama an táscaire sin a áirithiú, ba cheart a leagan síos, chun an táscaire sin a ríomh, gur cheart úsáid a bhaint as an luach níos airde ICDI idir, ar thaobh amháin, ICDI arna ríomh de réir TREA agus, ar an taobh eile, ICDI arna ríomh de réir TEM.

    (3)

    Le Treoir (AE) 2019/879, cuireadh síneadh freisin leis an bhféidearthacht atá ag údaráis réitigh eintitis aonair a tharscaoileadh ó ICDI ar leibhéal aonair agus ina ionad sin ICDI a éileamh ar leibhéal comhdhlúite, agus go háirithe na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 45f(3) agus (4) agus Airteagal 45g de Threoir 2014/59/AE. Ba cheart an leasú sin ar Threoir 2014/59/AE a léiriú in Airteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63.

    (4)

    Faoi láthair, déantar foráil le hAirteagal 20(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 maidir le córas idirthréimhseach lena gceadaítear d’institiúidí beaga ranníocaíocht a dhéanamh le socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh nó leis an gCiste Réitigh Aonair le cnapshuim, seachas le ranníocaíocht lánfheidhme arna coigeartú de réir riosca. Leanfaidh an córas idirthréimhseach sin go dtí deireadh na tréimhse tosaigh dá bhforáiltear chun spriocleibhéal an Chiste Réitigh Aonair a bhaint amach, a dtiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig 2023, de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Mar sin féin, de bhun Airteagal 102(1) de Threoir 2014/59/AE, tagann deireadh leis an tréimhse thosaigh chun spriocleibhéal na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh a bhaint amach bliain ina dhiaidh sin, an 31 Nollaig 2024. Fágann sé sin nach gcaitear go comhionann le hinstitiúidí a dhéanann ranníocaíocht le socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh agus le hinstitiúidí a dhéanann ranníocaíocht leis an gCiste Réitigh Aonair. Chun gur féidir le hinstitiúidí a dhéanann ranníocaíocht le socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh ranníocaíocht a dhéanamh le cnapshuim go dtí deireadh thréimhse thosaigh a socraithe náisiúnta um maoiniú réitigh faoi seach, ba cheart síneadh aon bhliana amháin a chur leis an gcóras idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2024 trí thagairt d’Airteagal 102(1) de Threoir 2014/59/AE a chur in ionad na tagartha in Airteagal 20(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 d’Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a leasú dá réir sin.

    (6)

    Is gá méid leordhóthanach ama a thabhairt do na húdaráis réitigh chun a gcinntí maidir le ranníocaíochtaí le socruithe um maoiniú réitigh a ghlacadh agus fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir leis na ceanglais leasaithe. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach don bhliain 2024 lena gcuirfear síneadh leis na sprioc-amanna do na fógraí sin.

    (7)

    Ós rud é gur gá do na húdaráis réitigh na ceanglais leasaithe a chur i bhfeidhm chun ranníocaíochtaí 2024 a ríomh agus a chruinniú a luaithe is féidir, is gá foráil a dhéanamh maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an lá tar éis lá a fhoilsithe.

    (8)

    Faoi Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, soláthróidh institiúidí an fhaisnéis is ábhartha chun na ranníocaíochtaí a ríomh do na húdaráis réitigh faoin 31 Eanáir gach bliain. Is gá mí amháin eile a thabhairt d’institiúidí chun an fhaisnéis sin a sholáthar in 2024.

    (9)

    Is gá éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint maidir leis an modh atá le cur i bhfeidhm chun faisnéis a thuairisciú agus chun ranníocaíochtaí le socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh a ríomh. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann treoir a thabhairt d’institiúidí maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar chun a ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh, agus síneadh an chórais idirthréimhseach cnapshuime in 2024 á chur san áireamh, i bhfad roimh an spriocdháta a bunaíodh chun na ranníocaíochtaí a bhailiú in 2024. Chun leanúnachas an tuairiscithe faisnéise agus an mhodha ríofa a áirithiú i rith tréimhsí ranníocaíochta, agus chun a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh na treoracha is gá a eisiúint ón 1 Nollaig 2023, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag síneadh an chórais idirthréimhsigh atá le leagan síos in Airteagal 20(5), (8) agus (9) ón dáta sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 17:

    ‘(17)

    ciallaíonn ‘dliteanais incháilithe’ dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE;’;

    (2)

    in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   I gcás inar tharscaoil an t-údarás inniúil go hiomlán cur i bhfeidhm na gceangaltas caipitil maidir le hinstitiúid ar leibhéal aonair de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus inar tharscaoil an t-údarás réitigh go hiomlán freisin cur i bhfeidhm ar leibhéal aonair maidir leis an institiúid chéanna ICDI i gcomhréir le hAirteagal 45f(3) nó (4), nó le hAirteagal 45g de Threoir 2014/59/AE, féadfar an táscaire dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), den Rialachán seo a ríomh ar leibhéal comhdhlúite. Tabharfar an marc a fhaigheann an táscaire sin ar leibhéal comhdhlúite do gach institiúid atá ina cuid den ghrúpa chun táscaire riosca na hinstitiúide sin a ríomh.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Gan dochar d’Airteagal 10 den Rialachán seo, le linn na tréimhse tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 102(1) de Threoir 2014/59/AE, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí a bhfuil iomlán a sócmhainní cothrom le EUR 3 000 000 000 nó méid níos lú ná sin cnapshuim EUR 50 000 a íoc i ndáil leis an gcéad EUR 300 000 000 d’iomlán na ndliteanas, lúide cistí dílse agus taiscí faoi chumhdach. I gcás iomlán na ndliteanas lúide cistí dílse agus taiscí faoi chumhdach os cionn EUR 300 000 000, déanfaidh na hinstitiúidí sin ranníocaíocht i gcomhréir le hAirteagail 4 go 9 den Rialachán seo.’

    ;

    (4)

    in Airteagal 20, cuirtear isteach na míreanna 8 agus 9 seo a leanas:

    ‘8.   De mhaolú ar Airteagal 13(1), i dtréimhse ranníocaíochta 2024, tabharfaidh na húdaráis réitigh fógra do gach institiúid dá dtagraítear in Airteagal 2 faoina gcinntí lena gcinntear an ranníocaíocht bhliantúil atá dlite ag gach institiúid faoin 31 Bealtaine 2024.

    9.   De mhaolú ar Airteagal 14(4), agus maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar don údarás réitigh in 2023, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin faoin 29 Feabhra 2024 ar a dhéanaí.’

    ;

    (5)

    Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón lá tar éis lá a fhoilsithe, cé is moite d’Airteagal 1(3) agus (4), a mbeidh feidhm acu ón 1 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

    (2)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO L 11, 17.1.2015, lch. 44).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN I

    NÓS IMEACHTA CHUN RANNÍOCAÍOCHTAÍ BLIANTÚLA INSTITIÚIDÍ A RÍOMH

    CÉIM 1

    Na Táscairí Amha a Ríomh

    Déanfaidh an t-údarás réitigh na táscairí seo a leanas a ríomh trí na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    Colún

    Táscaire

    Bearta

    Neamhchosaint ar riosca

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna sealbhú ag an institiúid de bhreis ar ICDI

    Formula

    Más gá, chun críoch an táscaire seo:

    Ciallóidh cistí dílse suim Chaipiteal Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 4(1), pointe (118), de Rialachán (AE) 575/2013.

    Is iad na dliteanais incháilithe suim na ndliteanas dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE.

    Ciallaíonn iomlán na ndliteanas iomlán na ndliteanas mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) den Rialachán seo. Áireofar dliteanais dhíorthacha in iomlán na ndliteanas ar an mbonn go dtugtar aitheantas iomlán do chearta glanluachála contrapháirtí.

    Ciallóidh ICDI an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE.

    Ríomhfar an táscaire sin trí úsáid a bhaint as an luach níos airde de ICDI agus rogha á déanamh idir an luach ICDI arna ríomh ar bhonn céatadán de mhéid neamhchosanta iomláine ar riosca an eintitis lena mbaineann de bhun Airteagal 45(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, agus an luach ICDI arna ríomh ar bhonn céatadán de thomhas neamhchosanta iomláine an eintitis lena mbaineann de bhun Airteagal 45(2), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE.

    Neamhchosaint ar riosca

    Cóimheas Luamhánaithe

    Cóimheas Luamhánaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 429 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus arna thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

    Neamhchosaint ar riosca

    Cóimheas Caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1

    Cóimheas Caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar a shainmhínítear in Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus arna thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

    Neamhchosaint ar riosca

    TRE/Iomlán na Sócmhainní

    Formula

    i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

    Ciallaíonn TRE méid neamhchosanta iomláine ar riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Sainmhínítear iomlán na sócmhainní in Airteagal 3(12) den Rialachán seo.

    Cobhsaíocht agus Éagsúlacht an Chistiúcháin

    Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí

    Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 415 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Cobhsaíocht agus Éagsúlacht an Chistiúcháin

    Cóimheas Cumhdaigh ar Leachtacht

    Cóimheas Cumhdaigh ar Leachtacht mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 415 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

    Tábhacht institiúide do chobhsaíocht airgeadais nó geilleagair

    Sciar na n-iasachtaí agus na dtaiscí idirbhainc san Aontas Eorpach

    Formula

    i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

    Sainmhínítear iasachtaí idirbhainc mar shuim ghlanluacha iasachtaí agus airleacan d’institiúidí creidmheasa agus corparáidí eile airgeadais de réir mar a chinntear chun críoch theimpléad uimhir 4.1, 4.2, 4.3 agus 4.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

    Sainmhínítear taiscí idirbhainc mar shuim ghlanluacha taiscí institiúidí creidmheasa agus corparáidí eile airgeadais de réir mar a chinntear chun críoch theimpléad uimhir 8.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

    Is éard atá in iomlán na n-iasachtaí agus na dtaiscí idirbhainc san Aontas suim na n-iasachtaí agus na dtaiscí comhiomlána idirbhainc arna sealbhú ag institiúidí i ngach Ballstát arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15.

    ’.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/895/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top