Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0595

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/595 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábharthacht laigí, an cineál faisnéise a bhailítear, cur chun feidhme praiticiúil an bhailithe faisnéise agus anailís agus scaipeadh na faisnéise atá sa bhunachar sonraí lárnach maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) dá dtagraítear in Airteagal 9a(2) den Rialachán sin

    C/2023/7534

    IO L, 2024/595, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/595/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/595/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/595

    16.2.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/595 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Samhain 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábharthacht laigí, an cineál faisnéise a bhailítear, cur chun feidhme praiticiúil an bhailithe faisnéise agus anailís agus scaipeadh na faisnéise atá sa bhunachar sonraí lárnach maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) dá dtagraítear in Airteagal 9a(2) den Rialachán sin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 9a(1), an tríú fomhír, agus Airteagal 9a(3), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 9a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ceanglaítear ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) bunachar sonraí lárnach den fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 9a(1), pointe (a), den Rialachán sin a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta. Mar thoradh air sin, maidir le sonrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil faisnéis le hanailísiú agus le cur ar fáil d’údaráis tuairiscithe ar bhonn riachtanas eolais agus rúnda, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9a(3) den Rialachán sin, is cinnte go mbaineann sé le sonrú na mionsonraí chun an bunachar sonraí lárnach sin a bhunú.

    (2)

    Is gá na cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh laigí tarlú a shonrú. Áirítear leis an maoirseacht gníomhaíochtaí ábhartha uile na n-údarás tuairiscithe uile, gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha earnála, agus dá bhrí sin, tá sí ilghnéitheach. Dá bhrí sin, ba cheart na cásanna comhfhreagracha a shonrú, ag féachaint do na gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann na húdaráis tuairiscithe éagsúla.

    (3)

    Chun ábharthacht laige a chinneadh, is gá a shainmhíniú ginearálta a leagan amach chomh maith le liosta neamh-uileghabhálach critéar chun an sainmhíniú sin a shonrú a thuilleadh. Tá gá le sainmhíniú agus liosta critéar den sórt sin, ar thaobh amháin, chun cur chuige comhchuibhithe a bhaint amach agus an sainmhíniú ginearálta sin á chur i bhfeidhm, agus ar an taobh eile chun a áirithiú go ngabhtar gach laige ábhartha, de réir bhrí an tsainmhínithe ghinearálta, agus an comhthéacs sonrach á chur san áireamh.

    (4)

    Chun a áirithiú go dtuairiscíonn údaráis tuairiscithe laigí don bhunachar sonraí ag céim luath, ba cheart laige ábhartha a shainiú ar bhealach ina gcuimsítear ní hamháin laigí a léiríonn mainneachtain shuntasach i gcomhlíonadh na gceanglas is infheidhme a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), ach na laigí sin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mainneachtain den sórt sin freisin, fiú murar tharla an mhainneachtain sin go fóill. Tá údar leis sin freisin toisc gur cheart do na húdaráis sin nach bhfuil an leibhéal céanna faisnéise agus saineolais AML/CFT acu agus atá ag na húdaráis mhaoirseachta a ainmnítear mar údaráis mhaoirseachta atá inniúil faoi Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) faisnéis a thuairisciú don bhunachar sonraí ar bhonn na hiarrachta is fearr.

    (5)

    Chun an cineál faisnéise atá le cur isteach a leagan amach, is gá idirdhealú a dhéanamh idir faisnéis ghinearálta, faisnéis faoi laigí ábhartha agus faisnéis faoi na bearta arna ndéanamh.

    (6)

    Agus comhpháirteanna den fhaisnéis ghinearálta atá le cur isteach á leagan amach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibreoirí san earnáil airgeadais a oibríonn ar bhonn trasteorann, lena n-áirítear oibreoirí san earnáil airgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhfuil coláiste ag feidhmiú dó. Chun inchomparáideacht na faisnéise arna cur isteach a áirithiú, ba cheart d’údaráis AML/CFT próifíl riosca AML/CFT an oibreora san earnáil airgeadais a chur faoi bhráid ÚBE freisin mar chuid den fhaisnéis ghinearálta sin, trí úsáid a bhaint as catagóirí coiteanna.

    (7)

    Ba cheart do na húdaráis stuamachta, mar chuid den fhaisnéis ghinearálta atá le tuairisciú acu, faisnéis a sholáthar maidir le toradh an mheasúnaithe riosca ábhartha ar aon phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus ar aon phróiseas comhchosúil eile a bhfuil tionchar ag riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta an oibreora san earnáil airgeadais air mar aon le faisnéis faoi aon mheasúnú deiridh diúltach nó aon chinneadh diúltach maidir le hiarratais ar údarú, i gcás ina bhfuil an measúnú nó an cinneadh sin bunaithe freisin ar fhorais rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta.

    (8)

    Chun inniúlachtaí ar leith na n-údarás AML/CFT baile agus óstach a chur san áireamh mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849, is gá a shoiléiriú gur cheart d’údaráis AML/CFT baile agus óstacha araon na laigí ábhartha a shainaithníonn siad i bhfeidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach a thuairisciú do ÚBE. Is gá a shoiléiriú freisin gur cheart na bearta arna ndéanamh ag an údarás AML/CFT óstach a chur isteach sa bhunachar sonraí gan beann ar aon fhógra a thabhairt don údarás baile.

    (9)

    Is gá a áirithiú gur féidir le ÚBE a ról a fheidhmiú go héifeachtach maidir le gníomhaíochtaí a stiúradh, a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu, gníomhaíochtaí chun sláine, trédhearcacht agus slándáil an chórais airgeadais a chur chun cinn chun cosc a chur ar úsáid an chórais sin chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, trí lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí agus a uirlisí uile faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus prionsabal na comhréireachta á urramú an tráth céanna. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE a bheith in ann faisnéis atá aige ó fhoinsí eile a chomhcheangal chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach sa bhunachar sonraí. Ba cheart do ÚBE féachaint le húsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun a chúraimí uile a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a bhaint amach.

    (10)

    Agus anailís á déanamh ar fhaisnéis arna cur isteach sa bhunachar sonraí agus arna cur ar fáil do na húdaráis tuairiscithe, ba cheart comhar leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a áirithiú leis an Rialachán seo i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis de bhun Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar a shonraítear a thuilleadh in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Go sonrach, ba cheart a shonrú go bhféadfaí an fhaisnéis a iarrann ÚBE ar na húdaráis sin nó a fhaightear ar shlí eile ó na húdaráis sin a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun críocha na hanailíse agus gur cheart do ÚBE an fhaisnéis sin a sholáthar do ÚEÁPC agus do ESMA, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh a fháil ó na húdaráis sin.

    (11)

    Is gá a shonrú an chaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil d’údaráis tuairiscithe. In Airteagal 9a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, luaitear go bhfuil ÚBE le háirithiú go gcuirtear faisnéis ar fáil d’údaráis tuairiscithe ar bhonn riachtanas eolais agus rúnda, agus tagraíonn Airteagal 9a(3) den Rialachán sin go sonrach d’iarrataí réasúnaithe. Tá an dá fhoráil mar chuid den phróiseas maidir leis an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil d’údaráis tuairiscithe. Chuige sin, ba cheart na gnéithe ar leith den iarraidh réasúnaithe atá le fáil ag ÚBE ó údaráis tuairiscithe a leagan amach freisin.

    (12)

    Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na comhréireachta agus chun dúbláil faisnéise a sheachaint, ba cheart a mheas, maidir le húdarás AML/CFT a chuireann faisnéis isteach maidir le beart, go bhfuil an fógra dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an mbeart sin á chur isteach aige freisin. Ina theannta sin, is gá a cheangal go sonróidh údarás AML/CFT nó údarás stuamachta a chuirfidh faisnéis isteach sa bhunachar sonraí lárnach, mar chuid dá aighneacht, ar chuir nó nár chuir an t-údarás sin fógra isteach cheana féin faoi Airteagal 97(6) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (13)

    Chun a áirithiú go mbeidh an bunachar sonraí AML/CFT lárnach ina uirlis éifeachtach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, is gá a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis tuairiscithe an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí lárnach ar bhealach tráthúil, agus is gá cáilíocht na faisnéise sin a áirithiú. Chuige sin, ba cheart faisnéis maidir le laigí ábhartha agus bearta arna nglacadh a chur isteach gan moill mhíchuí agus ba cheart do na húdaráis tuairiscithe freagairt gan moill mhíchuí d’aon iarraidh a dhéanfaidh ÚBE tar éis aon anailís seiceála cáilíochta a dhéanamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na húdaráis tuairiscithe cruinneas, iomláine, leordhóthanacht agus nuashonrú leanúnach na faisnéise sin a áirithiú, agus ba cheart faisnéis maidir le laige ábhartha a chur isteach go neamhspleách ar aon bheart a dhéantar mar fhreagairt uirthi.

    (14)

    Chun éifeachtúlacht ama a áirithiú, agus ar an gcaoi sin faireachán agus measúnú comhsheasmhach, córasach agus éifeachtach a chur chun cinn ar rioscaí i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gcórais airgeadais an Aontais, ba cheart aighneachtaí agus iarrataí a dhéanamh i mBéarla. An tráth céanna, chun urraim do phrionsabal na comhréireachta a áirithiú agus chun costais iomarcacha do na húdaráis tuairiscithe a sheachaint, i gcás nach bhfuil na doiciméid tacaíochta ar fáil i mBéarla, ba cheart iad a chur isteach ina mbunteanga agus achoimre i mBéarla a bheith ag gabháil leo.

    (15)

    I gcás ina riarann eintiteas príobháideach oibriú scéime ráthaithe taiscí, ba cheart don údarás ainmnithe a dhéanann maoirseacht ar an scéim sin a áirithiú go dtuairiscíonn an scéim sin laigí ábhartha a shainaithnítear le linn a gníomhaíochtaí don údarás ainmnithe.

    (16)

    I bhfianaise líon mór na n-údarás tuairiscithe lena mbaineann agus chun na difríochtaí suntasacha sa mhinicíocht tuairiscithe a réamh-mheas toisc gur dócha, mar gheall ar a bhfreagrachtaí maoirseachta, nach dtuairisceoidh roinnt de na húdaráis tuairiscithe laigí ábhartha agus bearta AML/CFT chomh minic céanna le húdaráis tuairiscithe eile, agus chun éifeachtúlacht oibríochtúil agus costais a bhaint amach do na húdaráis tuairiscithe agus do ÚBE araon, ba cheart cur chuige seicheamhach a bheith mar chuid d’ailtireacht an bhunachair sonraí. Ar bhonn an chur chuige sheicheamhaigh sin, ba cheart rochtain dhíreach a bheith ag roinnt údarás tuairiscithe ar an mbunachar sonraí, agus rochtain indíreach a bheith ag roinnt údarás tuairiscithe eile.

    (17)

    Ba cheart na páirtithe uile a bhfuil baint acu le malartú faisnéise a bheith faoi cheangal ag ceanglais sicréideachta gairmiúla agus rúndachta. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir an fhaisnéis a nochtadh a thuilleadh, agus ar an gcaoi sin caomhnófar an rúndacht.

    (18)

    An fhaisnéis a chuirtear isteach, a iarrtar, a roinntear nó a chuirtear ar fáil, nuair a bhaineann sí le daoine nádúrtha, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú agus faisnéis faoi na daoine nádúrtha sin á próiseáil. Chuige sin, is gá an fhaisnéis arna próiseáil maidir le daoine nádúrtha a shonrú.

    (19)

    Chun éifeachtúlacht an bhunachair sonraí agus anailís ar an bhfaisnéis atá ann a áirithiú, ionas go mbeidh sé ina uirlis éifeachtach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart do ÚBE, mar chuid dá anailís, a bheith in ann an fhaisnéis a chuirtear faoina bhráid i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhcheangal le faisnéis eile atá ar fáil maidir le laigí ábhartha in oibreoirí aonair san earnáil airgeadais a fhágann go bhfuil siad leochaileach ó thaobh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar faisnéis í a fhaigheann ÚBE agus a chúraimí á gcur i gcrích aige laistigh de raon feidhme a shainordaithe. Chun ábharthacht na faisnéise comhcheangailte a áirithiú, nuair a bheidh sonraí pearsanta inti, ba cheart do na sonraí sin teacht faoi na catagóirí sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. Ba cheart gur rud eisceachtúil a bheadh i gceist le sonraí pearsanta a chomhcheangal agus ní fhéadfar próiseáil den sórt sin a dhéanamh ach amháin chun críocha an Rialacháin seo a bhaint amach. D’fhéadfadh sé gur ghá na sonraí a chomhcheangal (i) chun cruinneas agus iomláine na sonraí a fhaightear ó údaráis inniúla a áirithiú nó (ii) chun a chur ar chumas ÚBE faisnéis ábhartha a chomhtháthú ina bhunachar sonraí, ar faisnéis í atá den chineál céanna leis an bhfaisnéis a tharchuireann na húdaráis inniúla ach a fhaightear trí bhealach eile amhail trína imscrúduithe ar sháruithe féideartha ar dhlí an Aontais de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Faisnéis a bhaineann le hamhras faoi chionta coiriúla nó ciontuithe coiriúla arna ndéanamh ag custaiméir, ag úinéir tairbhiúil, ag comhalta den chomhlacht bainistíochta nó ag sealbhóir príomhfheidhme, d’fhéadfadh sí a bheith ina táscaire ar easpa macántachta nó sláine nó ar rioscaí ML/TF. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis shuntasach le laigí ábhartha i socruithe rialachais, oiriúnacht agus cuibheas oibreora san earnáil airgeadais, i sealbhóirí sealúchas cáilitheach, i samhail ghnó nó i ngníomhaíochtaí gnó, nó ina rannchuidiú le laigí ábhartha den sórt sin. Dá bhrí sin, féadfar faisnéis a bhaineann le drochamhras faoi chionta coiriúla nó le ciontú i gcionta coiriúla a áireamh sna sonraí pearsanta a shonraítear in Iarscríbhinn II.

    Ní féidir ach na sonraí a bhaineann le laigí ábhartha a áireamh sa bhunachar sonraí. Ós rud é nach mbaineann na laigí ábhartha faoin Rialachán seo ach le teipeanna suntasacha i gcomhlíonadh aon cheann de na ceanglais a bhaineann le AML/CFT, áirithítear leis sin go mbeidh próiseáil na sonraí faoin Rialachán teoranta i gcónaí do sháruithe tromchúiseacha ar na ceanglais a bhaineann le AML/CFT, agus, dá bhrí sin, go mbeidh sí teoranta i gcónaí don mhéid atá riachtanach agus comhréireach.

    Ba cheart na sonraí pearsanta uile a phróiseáiltear chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a láimhseáil i gcomhréir le creat cosanta sonraí an Aontais, lena n-áirítear na prionsabail a bhaineann leis an bpróiseáil, amhail dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht, agus cuntasacht.

    (20)

    Tá feidhm ag dlíthe cosanta sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

    (21)

    Ba cheart do ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis tuairiscithe a bhfreagrachtaí faoi seach a chinneadh mar chomhrialaitheoirí sonraí pearsanta trí bhíthin socrú eatarthu i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 86 de Rialachán (AE) 2018/1725, a mhéid nach gcinntear na freagrachtaí sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta a bhfuil siad faoina réir.

    (22)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla uaidh an 24 Eanáir 2023.

    (23)

    I bhfianaise chineál comhlántach an tsainordaithe a leagtar amach in Airteagal 9a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a bhaineann leis an sainmhíniú ar laige agus ar a ábharthacht, le sonrú na gcásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh laige tarlú agus le cineál agus cur chun feidhme praiticiúil an bhailiúcháin faisnéise, agus an tsainordaithe a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin maidir leis an gcaoi ar cheart anailís a dhéanamh ar fhaisnéis arna bailiú agus í a chur ar fáil ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda, ba cheart na sonraíochtaí ábhartha a leagan amach in aon Rialachán amháin.

    (24)

    Le hAirteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirtear de chúram ar ÚBE faisnéis a bhailiú faoi na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis tuairiscithe mar fhreagairt ar laigí ábhartha arna sainaithint. Ba cheart bearta den sórt sin a thuiscint mar aon bheart maoirseachta agus riaracháin, aon smachtbhanna agus aon phionós, lena n-áirítear bearta réamhchúraim nó sealadacha, arna ndéanamh ag údaráis tuairiscithe i gcomhthéacs gníomhaíochta maoirseachta mar a leagtar amach in Airteagal 2(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 1093/2010, in Airteagal 2(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 1094/2010 agus in Airteagal 2(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 1095/2010.

    (25)

    Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo.

    (26)

    Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘údaráis tuairiscithe’ aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (2) go (7) den Airteagal seo agus an Bord Réitigh Aonair;

    (2)

    ciallaíonn ‘údarás AML/CFT’ an t-údarás a gcuirtear de chúram air a áirithiú go gcomhlíonann oibreoir san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849;

    (3)

    ciallaíonn ‘údarás stuamachta’ an t-údarás a gcuirtear de chúram air a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir san earnáil airgeadais an creat stuamachta a leagtar amach in aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus in aon dlí náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha dá dtagraítear sna forálacha sin, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (8);

    (4)

    ciallaíonn ‘údarás institiúidí íocaíochta’ an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

    (5)

    ciallaíonn ‘údarás um iompar gnó’ an t-údarás a gcuirtear de chúram air a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir san earnáil airgeadais an creat um iompar gnó nó an creat cosanta tomhaltóirí a leagtar amach in aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus in aon dlí náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha dá dtagraítear sna forálacha sin;

    (6)

    ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

    (7)

    ciallaíonn ‘údarás ainmnithe’ údarás ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

    (8)

    ciallaíonn ‘ceanglas a bhaineann le AML/CFT’ aon cheanglas maidir le húsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú a chosc agus a chomhrac, ar ceanglas é a fhorchuirtear ar oibreoir san earnáil airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus le haon dlí náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha dá dtagraítear sna hAirteagail sin;

    (9)

    ciallaíonn ‘beart’ aon bheart maoirseachta agus riaracháin, smachtbhanna agus pionós, lena n-áirítear beart réamhchúraim nó sealadach, arna dhéanamh ag údarás tuairiscithe mar fhreagairt ar laige a mheastar a bheith ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3.

    (10)

    ciallaíonn ‘brainse’ áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d’oibreoir san earnáil airgeadais agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta go léir nó cuid díobh ar gné dhílis iad de ghnó an oibreora san earnáil airgeadais, cibé acu atá a oifig chláraithe nó a cheannoifig lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír;

    (11)

    ciallaíonn ‘máthairoibreoir san earnáil airgeadais’ oibreoir san earnáil airgeadais i mBallstát a bhfuil oibreoir eile san earnáil airgeadais aige ar fhochuideachta é nó a bhfuil rannpháirtíocht aige in oibreoir san earnáil airgeadais den sórt sin agus nach fochuideachta é féin d’oibreoir eile san earnáil airgeadais atá údaraithe sa Bhallstát céanna;

    (12)

    ciallaíonn ‘máthairoibreoir san earnáil airgeadais de chuid an Aontais’ máthairoibreoir san earnáil airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fhochuideachta d’oibreoir eile san earnáil airgeadais atá bunaithe in aon Bhallstát;

    (13)

    ciallaíonn ‘coláiste’ coláiste maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE, coláiste réitigh nó coláiste réitigh Eorpach mar a leagtar amach in Airteagail 88 agus 89 de Threoir 2014/59/AE, nó coláiste AML/CFT.

    Airteagal 2

    Laigí agus cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh laigí tarlú

    1.   Chun críocha Airteagal 9a(1), pointe (a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ciallóidh laige aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    sárú ag oibreoir san earnáil airgeadais ar cheanglas a bhaineann le AML/CFT, ar ceanglas arna shainaithint ag údarás tuairiscithe é;

    (b)

    aon chás ina bhfuil forais réasúnacha ag an údarás tuairiscithe a bheith in amhras go bhfuil ceanglas a bhaineann le AML/CFT sáraithe ag an oibreoir san earnáil airgeadais, nó gur fhéach an t-oibreoir san earnáil airgeadais le ceanglas den sórt sin a shárú (‘sárú féideartha’);

    (c)

    cur i bhfeidhm ceanglais a bhaineann le AML/CFT ar bhealach neamhéifeachtach nó míchuí ag oibreoir san earnáil airgeadais, nó cur i bhfeidhm beartas inmheánach agus nósanna imeachta inmheánacha a chuir oibreoirí san earnáil airgeadais ar bun chun ceanglais a bhaineann le AML/CFT a chomhlíonadh ar bhealach a mheasann an t-údarás tuairiscithe a bheith neamhdhóthanach nó neamhleor chun éifeachtaí beartaithe na gceanglas sin nó na mbeartas agus na nósanna imeachta sin a bhaint amach agus ar dócha, de bharr a chineáil, go mbeadh sárú ann dá dtagraítear i bpointe (a), nó sárú féideartha dá dtagraítear i bpointe (b), mura ndéantar an cás a cheartú (‘cur i bhfeidhm neamhéifeachtach nó míchuí’).

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn I na cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh laigí tarlú.

    Airteagal 3

    Ábharthacht laige

    1.   Measfaidh na húdaráis tuairiscithe go bhfuil laige ábhartha i gcás ina nochtar leis an laige sin, nó ina bhféadfadh sé a bheith mar thoradh uirthi, teipeanna suntasacha i gcomhlíonadh aon cheann de na ceanglais a bhaineann le AML/CFT ag an oibreoir san earnáil airgeadais, nó ag an ngrúpa lena mbaineann an t-oibreoir san earnáil airgeadais.

    2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na húdaráis tuairiscithe measúnú ar gach ceann de na critéir seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    an bhfuil an laige ag tarlú nó tar éis tarlú arís agus arís eile;

    (b)

    ar mhair an laige thar thréimhse shuntasach ama (fad);

    (c)

    an bhfuil an laige tromchúiseach nó imeallach (tromchúis);

    (d)

    an dealraíonn sé go bhfuil comhlacht bainistíochta, nó lucht bainistíochta sinsearaí, an oibreora san earnáil airgeadais ar an eolas faoin laige agus ar chinn siad gan é a leigheas (faillí), nó ar ghlac siad cinntí nó an ndearna siad plé a bhí dírithe ar an laige a ghiniúint (mí-iompar toiliúil);

    (e)

    an méadaíonn an laige neamhchosaint an oibreora san earnáil airgeadais, nó neamhchosaint an ghrúpa lena mbaineann sé, ar rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta;

    (f)

    an bhfuil tionchar suntasach ag an laige, nó an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici, ar shláine, trédhearcacht agus slándáil chóras airgeadais Ballstáit nó an Aontais ina iomláine, nó ar chobhsaíocht airgeadais Ballstáit nó an Aontais ina iomláine;

    (g)

    an bhfuil tionchar suntasach ag an laige, nó an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici, ar inmharthanacht an oibreora san earnáil airgeadais nó an ghrúpa lena mbaineann an t-oibreoir san earnáil airgeadais;

    (h)

    an bhfuil tionchar suntasach ag an laige, nó an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici, ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais.

    Airteagal 4

    Faisnéis atá le soláthar ag údaráis tuairiscithe

    Chun críocha Airteagal 9a(1), pointe (a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus chun na gcríoch sin amháin, soláthróidh údaráis tuairiscithe na cineálacha faisnéis uile seo a leanas do ÚBE:

    (a)

    an fhaisnéis ghinearálta a shonraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo;

    (b)

    an fhaisnéis faoi laigí ábhartha a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo;

    (c)

    an fhaisnéis faoi aon bheart arna ghlacadh a shonraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Faisnéis ghinearálta

    1.   Soláthróidh na húdaráis tuairiscithe an fhaisnéis ghinearálta uile seo a leanas do ÚBE:

    (a)

    sainaithint an údaráis tuairiscithe, lena n-áirítear an sonraíocht maidir le cé acu an t-údarás AML/CFT baile nó an t-údarás AML/CFT óstach atá san údarás tuairiscithe sin agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 12(4), sainaithint an údaráis a bhfuil an fhaisnéis sin á cur isteach go hindíreach aige;

    (b)

    sainaithint an oibreora san earnáil airgeadais agus a bhrainsí, na ngníomhairí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (38), de Threoir (AE) 2015/2366, agus dáileoirí, lena n-áirítear cineál an oibreora san earnáil airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, cineál na bunaíochta, i gcás ina mbaineann an t-oibreoir sin, nó a bhrainsí, a ghníomhairí, nó a dháileoirí leis an laige ábhartha nó leis an mbeart arna dhéanamh;

    (c)

    i gcás inar cuid de ghrúpa é an t-oibreoir san earnáil airgeadais, sainaithint an mháthairoibreoir san earnáil airgeadais de chuid an Aontais agus an mháthairoibreoir san earnáil airgeadais;

    (d)

    i gcás ina gcuirfear an fhaisnéis isteach ag an mBanc Ceannais Eorpach, an Bord Réitigh Aonair, nó údarás tuairiscithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe an oibreora san earnáil airgeadais, nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe ag an oibreoir san earnáil airgeadais, údarás tuairiscithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an oibreora san earnáil airgeadais, sainaithint na dtíortha ina n-oibríonn an t-oibreoir san earnáil airgeadais brainsí agus fochuideachtaí nó ina n-oibríonn sé trí líonra gníomhairí agus dáileoirí;

    (e)

    i gcás inar cuid de ghrúpa é an t-oibreoir earnála airgeadais, faisnéis faoi aon choláiste ina bhfuil an t-údarás tuairiscithe rannpháirteach, lena n-áirítear faisnéis faoi chomhaltaí, breathnóirí, agus faoi phríomhmhaoirseoir, maoirseoir grúpa, maoirseoir comhdhlúthaithe nó údarás réitigh ar leibhéal grúpa an choláiste sin;

    (f)

    an bhfuil pointe teagmhála lárnach ann dá dtagraítear in Airteagal 45(9) de Threoir (AE) 2015/849, agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an phointe sin;

    (g)

    aon fhaisnéis ábhartha eile faoin oibreoir, faoin mbrainse, faoin ngníomhaire nó faoin dáileoir san earnáil airgeadais, lena n-áirítear faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

    (i)

    an bhfuil an t-oibreoir san earnáil airgeadais ag cur isteach ar údarú faoi láthair, nó an bhfuil sé i mbun iarratas a dhéanamh chun a cheart bunaíochta nó a shaoirse bhunaíochta a fheidhmiú, nó chun aon fhormheas maoirseachta eile a fheidhmiú;

    (ii)

    an bhfuil an t-oibreoir san earnáil airgeadais faoi réir aon cheann de na himeachtaí a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE, nó aon imeacht dócmhainneachta eile;

    (h)

    faisnéis faoi mhéid ghníomhaíochtaí an oibreora san earnáil airgeadais agus a bhrainsí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

    (i)

    faisnéis maidir le ráitis airgeadais;

    (ii)

    an líon cliant;

    (iii)

    méid na sócmhainní atá faoi bhainistíocht;

    (iv)

    i gcás gnóthas árachais, a ollphréimh bhliantúil i scríbhinn agus méid a fhorálacha teicniúla;

    (v)

    i gcás idirghabhálaí árachais, méid na bpréimheanna idirghafa;

    (vi)

    i gcás institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid, méid an líonra dáileacháin, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na ngníomhairí agus na ndáileoirí.

    2.   Déanfaidh na húdaráis stuamachta, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an fhaisnéis uile seo a leanas a chur faoi bhráid an bhunachair sonraí:

    (a)

    toradh an mheasúnaithe riosca arna chinneadh ar bhonn aon phróiseas athbhreithnithe maoirseachta ábhartha, lena n-áirítear na hathbhreithnithe maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 36 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus ar aon phróiseas comhchosúil eile a ndéanann neamhchosaint an oibreora san earnáil airgeadais, nó neamhchosaint a bhrainsí, difear dóibh, maidir leis an riosca go ndéanfar airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena n-áirítear i réimsí an rialachais inmheánaigh, na samhla gnó, an riosca oibriúcháin, na leachtachta agus an riosca creidmheasa;

    (b)

    aon mheasúnú deiridh diúltach ar iarratas ar údarú mar oibreoir san earnáil airgeadais, nó aon chinneadh maidir le hiarratas den sórt céanna, lena n-áirítear i gcás nach gcomhlíonann comhalta den chomhlacht bainistíochta na ceanglais maidir le hoiriúnacht agus cuibheas, agus lena n-áirítear i gcás ina bhfuil measúnú nó cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhorais sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

    Aon tuairisciú ar dhaoine nádúrtha chun críocha phointe (b), déanfar é i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

    3.   Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údaráis AML/CFT próifíl riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta an oibreora san earnáil airgeadais agus a bhrainsí a sholáthar do ÚBE, mar aon le faisnéis atá ar fáil faoi phróifíl riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta na ngníomhairí agus na ndáileoirí a úsáideann na catagóirí a shonraítear in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 6

    Faisnéis faoi laigí ábhartha

    Soláthróidh údaráis tuairiscithe an fhaisnéis uile seo a leanas maidir le laigí ábhartha do ÚBE:

    (a)

    cineál na laige ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 2(1);

    (b)

    an chúis a measann an t-údarás tuairiscithe go bhfuil an laige ábhartha;

    (c)

    tuairisc ar an laige ábhartha;

    (d)

    an staid chomhfhreagrach inar tharla an laige ábhartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

    (e)

    amlíne na laige ábhartha;

    (f)

    tionscnamh na faisnéise maidir leis an laige ábhartha;

    (g)

    an ceanglas a bhaineann le AML/CFT lena mbaineann an laige ábhartha;

    (h)

    an cineál táirgí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil an t-oibreoir san earnáil airgeadais údaraithe ina leith agus a ndéanann an laige ábhartha difear dó;

    (i)

    an mbaineann an laige ábhartha leis an oibreoir san earnáil airgeadais ina aonar, lena bhrainse, lena ghníomhaire nó lena dháileoir amháin, chomh maith le haon tionchar trasteorann a bheadh ag an laige ábhartha;

    (j)

    ar cuireadh faisnéis maidir leis an laige ábhartha in iúl do choláiste a bunaíodh don ghrúpa lena mbaineann an t-oibreoir san earnáil airgeadais; agus, mura bhfuil sí curtha in iúl go fóill, an chúis leis sin;

    (k)

    i gcás na n-údarás AML/CFT óstach, cibé ar cuireadh an fhaisnéis maidir leis an laige ábhartha in iúl don údarás AML/CFT baile nó don lárphointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 45(9) de Threoir (AE) 2015/849, i gcás inarb infheidhme, agus, mura bhfuil sí curtha in iúl go fóill, an chúis leis sin;

    (l)

    an dealraitheach go bhfuil an laige ábhartha ina gné dhílis de dhearadh an táirge, na seirbhíse nó na gníomhaíochta lena mbaineann;

    (m)

    an dealraitheach go bhfuil an laige ábhartha nasctha le daoine nádúrtha sonracha, cibé acu custaiméir, úinéir tairbhiúil, comhalta den chomhlacht bainistíochta nó sealbhóir príomhfheidhme é, lena n-áirítear na cúiseanna a measann an t-údarás tuairiscithe gur dealraitheach go bhfuil an duine nádúrtha sin nasctha leis an laige ábhartha;

    (n)

    aon fhaisnéis chomhthéacsúil nó chúlra maidir leis an laige ábhartha, i gcás inarb eol sin ag an údarás tuairiscithe, lena n-áirítear:

    (i)

    an bhfuil nasc idir an laige ábhartha agus réimse sonrach atá ábhartha do sciúradh airgid nó do mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus atá sainaitheanta cheana féin ag ÚBE;

    (ii)

    i gcás údaráis AML/CFT, cibé acu a léirítear nó nach léirítear leis an laige ábhartha riosca atá ag teacht chun cinn maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta;

    (iii)

    an bhfuil nasc idir an laige ábhartha agus úsáid na teicneolaíochta nua, agus, má tá, tuairisc ghairid ar an teicneolaíocht nua sin.

    Chun críocha phointe (m), cuirfear aon fhaisnéis maidir le daoine nádúrtha ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

    Airteagal 7

    Faisnéis maidir le haon bheart arna dhéanamh

    Soláthróidh údaráis tuairiscithe an fhaisnéis uile seo a leanas maidir le haon bheart arna dhéanamh do ÚBE:

    (a)

    tagairt don laige ábhartha a ndearnadh an beart ina leith, agus, i gcás inarb ábhartha, aon nuashonrú ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 6;

    (b)

    an dáta a forchuireadh an beart;

    (c)

    cineál an bhirt, a uimhir thagartha inmheánach agus nasc chuige, má fhoilsítear é;

    (d)

    faisnéis iomlán maidir leis na daoine dlítheanacha agus nádúrtha ar forchuireadh an beart orthu;

    (e)

    tuairisc ar an mbeart, lena n-áirítear a bhunús dlí;

    (f)

    stádas an bhirt, lena n-áirítear ar tionscnaíodh aon achomharc i gcoinne an bhirt;

    (g)

    ar foilsíodh an beart agus conas a foilsíodh é, lena n-áirítear na cúiseanna le haon fhoilsiú gan ainm, moill ar fhoilsiú nó neamhfhoilsiú;

    (h)

    an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le feabhsúchán na laige ábhartha lena mbaineann an beart, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht atá beartaithe nó a rinneadh le haghaidh feabhsúchán den sórt sin, agus aon mhíniúchán breise is gá maidir leis an bpróiseas feabhsúcháin agus an amlíne ábhartha faoina bhfuil coinne le feabhsúchán;

    (i)

    ar cuireadh an fhaisnéis maidir leis an mbeart in iúl do choláiste a bunaíodh don ghrúpa lena mbaineann an t-oibreoir san earnáil airgeadais; agus, mura bhfuil sí curtha in iúl go fóill, an chúis leis sin;

    (j)

    i gcás na n-údarás AML/CFT óstach, ar cuireadh faisnéis maidir leis an mbeart in iúl don údarás inniúil AML/CFT baile; agus, mura bhfuil sí curtha in iúl go fóill, an chúis leis sin.

    Chun críocha phointe (d), cuirfear aon fhaisnéis maidir le daoine nádúrtha ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

    Airteagal 8

    Amlínte agus oibleagáid chun nuashonruithe a chur ar fáil

    1.   Cuirfidh na húdaráis tuairiscithe an fhaisnéis uile maidir le laigí agus bearta ábhartha ar fáil do ÚBE gan moill mhíchuí.

    2.   Cuirfidh na húdaráis tuairiscithe faisnéis maidir le laige ábhartha ar fáil do ÚBE gan beann ar aon bheart a bheith déanta mar fhreagairt ar laige ábhartha den sórt sin. Ina theannta sin, déanfaidh údaráis AML/CFT óstacha an fhaisnéis sin a chur isteach gan beann ar aon fhógra a thabharfar don údarás AML/CFT baile.

    3.   Áiritheoidh na húdaráis tuairiscithe go leanfaidh an fhaisnéis a chuireann siad ar fáil do ÚBE de bheith cruinn, iomlán, iomchuí agus cothrom le dáta.

    4.   I gcás ina gcinnfidh ÚBE nach bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil cruinn, iomlán, leordhóthanach nó cothrom le dáta, cuirfidh na húdaráis tuairiscithe aon fhaisnéis bhreise nó aon fhaisnéis ina dhiaidh sin ar fáil do ÚBE arna iarraidh sin dó gan moill mhíchuí.

    5.   Cuirfidh na húdaráis tuairiscithe an fhaisnéis uile is gá ar fáil do ÚBE, in am trátha, chun ÚBE a choinneáil ar an eolas maidir le haon fhorbairt ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an laige ábhartha a sainaithníodh nó leis an mbeart a rinneadh agus lena fheabhsúchán.

    Airteagal 9

    Anailís ar an bhfaisnéis arna fáil ag ÚBE

    1.   Déanfaidh ÚBE anailís ar an bhfaisnéis arna fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le cur chuige rioscabhunaithe.

    2.   Féadfaidh ÚBE, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna cur isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhcheangal le haon fhaisnéis eile atá ar fáil do ÚBE, lena n-áirítear faisnéis a nochtann aon duine nádúrtha nó dlítheanach do ÚBE, lena n-áirítear cineál na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    3.   Soláthróidh ESMA agus ÚEÁPC do ÚBE, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina mbeidh sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis bhreise, soláthrófar na sonraí sin trí úsáid a bhaint as na catagóirí in Iarscríbhinn II.

    4.   Féachfaidh ÚBE le húsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo chun a chúraimí a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    anailísí a dhéanamh ar bhonn comhiomlán:

    (i)

    chun bonn eolais a chur faoina thuairim dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2015/849;

    (ii)

    chun na measúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 9a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a dhéanamh;

    (b)

    freagairtí a sholáthar ar iarrataí arna bhfáil ó údaráis tuairiscithe ar fhaisnéis maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais atá ábhartha i ndáil le gníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás sin maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, mar a shonraítear in Airteagal 9a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

    (c)

    bonn eolais a chur faoi iarrataí ar imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9b de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

    (d)

    faisnéis a nochtadh, ar a thionscnamh féin, do na húdaráis tuairiscithe ar faisnéis í atá ábhartha dá ngníomhaíochtaí maoirseachta mar a shonraítear in Airteagal 10(1), pointe (b);

    (e)

    faisnéis a sholáthar do ÚEÁPC agus do ESMA a ndéantar anailís uirthi i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le hoibreoirí aonair san earnáil airgeadais, agus maidir le daoine nádúrtha i gcomhréir le hIarscríbhinn II, ar a thionscnamh féin, nó tar éis iarraidh a bheith faighte ó ÚEÁPC nó ó ESMA ina dtugtar cúiseanna maidir leis an bhfáth a bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach chun a gcúraimí a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.

    Airteagal 10

    Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis tuairiscithe

    1.   Cuirfidh ÚBE an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a ndearnadh anailís uirthi i gcomhréir le hAirteagal 9 ar fáil do na húdaráis tuairiscithe i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    tar éis iarraidh a fháil ón údarás tuairiscithe ar fhaisnéis maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais atá ábhartha i ndáil le gníomhaíochtaí maoirseachta an údaráis sin maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, mar a shonraítear in Airteagal 9a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

    (b)

    ar thionscnamh ÚBE féin, lena n-áirítear i gcás na gcásanna seo a leanas maidir le cur chuige rioscabhunaithe:

    (i)

    chuig an bpríomhmhaoirseoir, an maoirseoir grúpa, an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás réitigh ar leibhéal grúpa, i gcás inar bunaíodh coláiste ach nár scaipeadh an fhaisnéis ann i gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (j), agus Airteagal 7, pointe (i), den Rialachán seo agus ina measann ÚBE go bhfuil an fhaisnéis ábhartha don choláiste sin;

    (ii)

    i gcás nár bunaíodh aon choláiste, ach gur cuid de ghrúpa trasteorann é an t-oibreoir san earnáil airgeadais nó go bhfuil brainsí aige nó go n-oibríonn sé trí ghníomhairí nó dáileoirí i dtíortha eile agus go measann ÚBE go bhfuil an fhaisnéis ábhartha do na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar ghrúpeintitis, brainsí, gníomhairí nó dáileoirí den sórt sin.

    2.   Sonrófar an méid seo a leanas san iarraidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):

    (a)

    sainaithint an údaráis tuairiscithe iarrthaigh agus an údaráis lena gcumasaítear an cur isteach indíreach dá dtagraítear in Airteagal 12(4), de réir mar is infheidhme;

    (b)

    céannacht an oibreora san earnáil airgeadais lena mbaineann an iarraidh;

    (c)

    an mbaineann an iarraidh leis an oibreoir san earnáil airgeadais nó le duine nádúrtha;

    (d)

    an fáth a bhfuil an fhaisnéis ábhartha don údarás tuairiscithe iarrthach agus dá ghníomhaíochtaí maoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú;

    (e)

    an úsáid atá beartaithe don fhaisnéis a iarradh;

    (f)

    an dáta faoinar cheart an fhaisnéis a fháil, más ann di, agus bonn cirt leis an dáta sin;

    (g)

    an bhfuil méid práinne ann, agus bonn cirt leis an bpráinn sin;

    (h)

    aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh cabhrú le ÚBE le linn dó an iarraidh a phróiseáil, nó aon fhaisnéis bhreise a iarrann ÚBE.

    3.   Chomh fada agus a bhaineann le daoine nádúrtha, is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a dhéanfar iarrataí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus soláthar faisnéise i gcomhréir le mír 1, pointe (b).

    Airteagal 11

    Nasc le fógraí eile

    1.   Maidir le faisnéis faoi bheart a bheith curtha faoi bhráid ÚBE ag údarás AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, measfar gur cur isteach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir (AE) 2015/849 é maidir leis an mbeart sin.

    2.   Sonróidh údarás AML/CFT nó údarás stuamachta a chuirfidh faisnéis isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus é á chur isteach aige, an bhfuil fógra curtha isteach aige cheana féin faoi Airteagal 97(6) de Threoir 2013/36/AE.

    Airteagal 12

    Cur chun feidhme praiticiúil an bhailithe faisnéise

    1.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (b), agus in Airteagal 10(1), pointe (a), a chur isteach trí mheán leictreonach agus i mBéarla.

    2.   Déanfar doiciméid tacaíochta nach bhfuil ar fáil i mBéarla a chur isteach sa bhunteanga inar scríobhadh iad agus beidh achoimre i mBéarla ag gabháil leo.

    3.   I gcás ina riarann eintiteas príobháideach oibriú scéime ráthaithe taiscí, áiritheoidh an t-údarás ainmnithe a dhéanann maoirseacht ar an scéim sin go dtuairiscíonn eintiteas príobháideach den sórt sin a riarann an scéim laigí ábhartha arna sainaithint le linn a ghníomhaíochtaí don údaráis ainmnithe sin.

    4.   I gcás ina gcuirfidh údarás tuairiscithe, seachas údarás AML/CFT (‘an t-údarás a chuireann isteach go hindíreach’), faisnéis agus iarrataí faoi bhráid ÚBE agus ina bhfaighidh sé faisnéis ó ÚBE tríd an údarás AML/CFT atá i gceannas ar mhaoirseacht an oibreora san earnáil airgeadais lena mbaineann laige ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás a chuireann isteach go hindíreach (‘an t-údarás a chumasaíonn cur isteach indíreach’), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

    (a)

    ní chuirfidh an t-údarás a chuireann isteach go hindíreach faisnéis ná iarrataí chuig ÚBE agus ní gheobhaidh sé faisnéis ó ÚBE ach amháin tríd an údarás a chumasaíonn cur isteach indíreach;

    (b)

    beidh dliteanas an údaráis a chumasaíonn cur isteach indíreach teoranta do chur na faisnéise agus na n-iarrataí uile a fhaightear ón údarás a chuireann isteach go hindíreach faoi bhráid ÚBE agus d’aistriú na faisnéise uile arna fáil ó ÚBE don údarás sin, agus don mhéid sin amháin;

    (c)

    beidh an t-údarás a chuireann isteach go hindíreach faoi dhliteanas eisiach i gcónaí a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le laigí agus bearta ábhartha a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (d)

    is é ÚBE a dhéanfaidh na fógraí faoi Airteagal 9a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 le haghaidh an údaráis a chuireann isteach go hindíreach tríd an údarás a chumasaíonn cur isteach indíreach.

    5.   Ceapfaidh na húdaráis tuairiscithe duine ag a mbeidh sinsearacht iomchuí chun ionadaíocht a dhéanamh ar an údarás i leith ÚBE chun faisnéis a chur isteach, a iarraidh agus a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus cuirfidh siad ÚBE ar an eolas faoin gceapachán sin agus faoi aon athrú ar an gceapachán sin. Áiritheoidh na húdaráis tuairiscithe go mbeidh acmhainní leordhóthanacha tiomnaithe dá n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Rialachán seo. Ceapfaidh na húdaráis tuairiscithe duine nó daoine mar phointí teagmhála chun faisnéis a chur isteach, a iarraidh agus a fháil faoin Rialachán seo agus cuirfidh siad ÚBE ar an eolas faoi sin. Aon fhógra a thabharfar i gcomhréir leis an mír seo, déanfar é i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Cuirfidh údaráis a chuireann isteach go hindíreach na fógraí sin faoi bhráid na n-údarás lena gcumasaítear iad a chur isteach go hindíreach.

    6.   I gcás údarás AML/CFT, áireofar san fhaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), pointe (a), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 próifíl riosca reatha an ghrúpa maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, más ann di, agus na measúnuithe riosca maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar an oibreoir san earnáil airgeadais, ar an mbrainse, ar an ngníomhaire nó ar an dáileoir nó ar an ngrúpa. Déanfaidh na húdaráis tuairiscithe aon fhaisnéis nó aon doiciméad nach dtagraítear dó sa Rialachán seo agus atá ábhartha maidir le haon laige nó beart ábhartha a sholáthar do ÚBE, maille le míniú ar ábharthacht den sórt sin.

    7.   Leagfaidh ÚBE amach agus cuirfidh sé in iúl do na húdaráis tuairiscithe sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear formáidí malartaithe sonraí, uiríll, pointí sonraí agus treoracha ábhartha agus cearta maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí, a mbeidh na húdaráis tuairiscithe i gcomhréir leo, agus faisnéis á cur isteach nó á fáil acu i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh ÚBE, ag féachaint do ghníomhaíochtaí maoirseachta éagsúla na n-údarás tuairiscithe, do mhinicíocht ionchais na n-aighneachtaí agus don ghá atá le héifeachtúlacht oibríochtúil agus cost-éifeachtúlacht a bhaint amach, na húdaráis tuairiscithe a bheidh ina n-údaráis a chuireann isteach go hindíreach i gcomhréir le mír 4 a shainaithint.

    Airteagal 13

    Rúndacht

    1.   Gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis an gcaoi a ndéantar anailís ar fhaisnéis agus a gcuirtear ar fáil d’údaráis í, beidh faisnéis a chuirfear faoi bhráid ÚBE i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Airteagail 70, 71 agus 72 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Beidh faisnéis a gheobhaidh ÚEÁPC agus ESMA i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Airteagail 70, 71 agus 72 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagail 70, 71 agus 72 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.

    2.   Beidh comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta na n-údarás tuairiscithe, agus daoine atá ag obair do na húdaráis sin nó a d’oibrigh do na húdaráis sin, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla agus ní nochtfaidh siad faisnéis arna fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán sa chaoi nach féidir oibreoirí san earnáil airgeadais, brainsí, gníomhairí, dáileoirí nó daoine nádúrtha aonair eile a shainaithint, gan dochar do chásanna ina bhfuil imeachtaí dlí choiriúil ar feitheamh.

    3.   Déileálfaidh údaráis tuairiscithe a fhaigheann faisnéis i gcomhréir leis an Rialachán seo leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda agus ní úsáidfidh siad í ach amháin le linn a ngníomhaíochtaí maoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, lena n-áirítear in achomhairc i gcoinne bearta arna ndéanamh ag na húdaráis sin agus in aon imeacht cúirte a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta.

    4.   Ní chuirfidh mír 2 bac ar údarás tuairiscithe faisnéis arna fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo a nochtadh d’údarás tuairiscithe eile nó d’údarás nó do chomhlacht de bhun na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 14

    Cosaint sonraí

    Féadfaidh ÚBE sonraí pearsanta a choinneáil i bhfoirm in-sainaitheanta ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana ón uair a bhailíonn sé iad agus, i gcás ina ndéanann sé amhlaidh, scriosfaidh sé sonraí pearsanta ar dhul in éag don tréimhse sin. Bunaithe ar mheasúnú bliantúil ar an ngá atá leo, féadfar sonraí pearsanta a scriosadh roimh dheireadh na huastréimhse sin ar bhonn cás ar chás.

    Airteagal 15

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IOL 331, 15.12.2010, lch.12.

    (2)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannas Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

    (9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

    (10)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    (11)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

    (12)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus é sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    CÁSANNA COMHFHREAGRACHA

    D’fhéadfadh na húdaráis tuairiscithe teacht ar laigí ábhartha sna cásanna seo a leanas:

    CUID 1:   Údaráis AML/CFT

    Maidir leis an méid seo a leanas, agus a ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair á ndéanamh acu:

    (a)

    bearta díchill chuí custaiméara, lena n-áirítear measúnuithe riosca ML/TF do chustaiméirí, spleáchas ar thríú páirtithe agus faireachán idirbheart;

    (b)

    tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha;

    (c)

    taifid a choinneáil;

    (d)

    córais agus rialuithe inmheánacha AML/CFT;

    (e)

    córas bainistíochta riosca, lena n-áirítear measúnuithe riosca ML/TF uile-ghnó;

    (f)

    beartais agus nósanna imeachta uile-ghrúpa lena n-áirítear beartais chun faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa.

    CUID 2:   Údaráis stuamachta

    1.

    Maidir leis an méid seo a leanas, le linn an phróisis údaraithe agus an phróisis chun measúnú a dhéanamh ar éadáil sealúchas cáilitheach:

    (a)

    anailís ar straitéis ghnó agus ar shamhail ghnó agus machnamh ar réimsí eile riosca, lena n-áirítear leachtacht i gcás inarb infheidhme;

    (b)

    measúnú oiriúnachta agus cuibhis ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme, i gcás ina ndéantar iad;

    (c)

    fógra maidir le brainse a bhunú nó le seirbhísí a sholáthar faoin tsaoirse bhunaíochta nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar;

    (d)

    scairshealbhóirí nó comhaltaí a shealbhaíonn sealúchais cháilitheacha nó, go heisiach faoi údarú, i gcás inarb infheidhme, céannacht an 20 scairshealbhóir nó comhalta is mó mura bhfuil aon sealúchas cáilitheach ann;

    (e)

    socruithe inmheánacha rialachais lena n-áirítear beartais agus cleachtais luacha saothair;

    (f)

    creat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear bainistiú riosca, comhlíonadh agus iniúchadh inmheánach;

    (g)

    riosca agus bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise cumarsáide;

    (h)

    measúnú ar na foinsí cistí chun caipiteal a íoc ar údarú nó ar an bhfoinse cistí chun an sealúchas cáilitheach a cheannach;

    2.

    Maidir leis an méid seo a leanas, le linn maoirseachta leanúnaí, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair agus gníomhaíochtaí maoirseachta lasmuigh den láthair:

    (a)

    socruithe inmheánacha rialachais, lena n-áirítear beartais agus cleachtais luacha saothair;

    (b)

    creat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear bainistiú riosca, comhlíonadh agus iniúchadh inmheánach;

    (c)

    measúnú oiriúnachta agus cuibhis ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme, i gcás ina ndéantar iad;

    (d)

    an measúnú ar na fógraí i dtaobh éadálacha beartaithe sealúchas cáilitheach;

    (e)

    rioscaí oibriúcháin lena n-áirítear rioscaí dlíthiúla agus clú;

    (f)

    riosca agus bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise cumarsáide;

    (g)

    samhlacha gnó;

    (h)

    bainistiú leachtachta;

    (i)

    socruithe seachfhoinsithe agus bainistiú riosca tríú páirtí;

    (j)

    cur i gcrích na nósanna imeachta a bhaineann le rochtain ar an margadh, ceadúnú baincéireachta agus údaruithe;

    (k)

    cur i gcrích an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP); an próiseas athbhreithnithe maoirseachta (SRP), nó próisis athbhreithnithe maoirseachta chomhchosúla;

    (l)

    an measúnú ar iarrataí, fógraí agus iarratais ad hoc;

    (m)

    an measúnú ar incháilitheacht scéimeanna cosanta institiúideacha agus faireachán a dhéanamh orthu;

    (n)

    faisnéis a fhaightear le linn na hoibre leanúnaí chun comhlíonadh rialacha stuamachta an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear tuairisciú maoirseachta a bhailiú;

    CUID 3:   Údaráis ainmnithe

    Agus iad ag ullmhú d’idirghabhálacha SRT, lena n-áirítear tástáil struis agus iniúchtaí ar an láthair nó lasmuigh den láthair, nó nuair atá idirghabháil SRT á cur i gcrích, lena n-áirítear íocaíochtaí amach.

    CUID 4:   Údaráis réitigh agus an Bord Réitigh Aonair

    Agus iad i mbun a bhfeidhmeanna, ó phleanáil réitigh go cur i gcrích.

    CUID 5:   Iompar údarás gnó

    Agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, agus go háirithe i gcásanna ina bhfuil siad ar an eolas faoin méid seo a leanas:

    (a)

    rochtain ar tháirgí airgeadais nó ar sheirbhísí airgeadais a dhiúltú ar chúiseanna a bhaineann le frithsciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac;

    (b)

    foirceannadh conartha nó deireadh seirbhíse ar chúiseanna a bhaineann le frithsciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac;

    (c)

    catagóirí custaiméirí a eisiamh, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) ar chúiseanna a bhaineann le frithsciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

    CUID 6:   Údaráis institiúidí íocaíochta

    Go háirithe:

    1.

    le linn an phróisis údaraithe agus nós imeachta an phas;

    2.

    agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, agus go háirithe:

    (a)

    maidir le hinstitiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear nuair a sholáthraíonn siad a ngníomhaíochtaí trí ghníomhairí agus dáileoirí;

    (b)

    maidir le hoibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2366, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí cistí a chur ar fáil don íocaí díreach tar éis an méid a chur chun sochair do chuntas an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta.

    CUID 7:   Aon chás eile ina bhfuil an laige ábhartha.


    IARSCRÍBHINN II

    FAISNÉIS MAIDIR LE DAOINE NÁDÚRTHA

    1.   

    An fhaisnéis atá le soláthar i gcur i bhfeidhm Airteagal 5(2), pointe (b)

    (a)

    ainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht, feidhm san oibreoir san earnáil airgeadais nó sa bhrainse;

    (b)

    na forais a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

    2.   

    An fhaisnéis atá le soláthar i gcur i bhfeidhm Airteagal 6, pointe (m):

    (a)

    custaiméirí nó úinéirí tairbhiúla:

    (i)

    ainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht;

    (ii)

    an bhfuil nó an raibh an custaiméir nó an t-úinéir tairbhiúil ina chomhalta den chomhlacht bainistíochta nó ina shealbhóir príomhfheidhme san oibreoir san earnáil airgeadais nó sa bhrainse;

    (iii)

    cibé acu atá nó nach bhfuil scaireanna ag an gcustaiméir nó ag an úinéir tairbhiúil, go díreach nó go hindíreach, san oibreoir san earnáil airgeadais nó sa bhrainse;

    (iv)

    cibé an measann an t-oibreoir san earnáil airgeadais, an brainse, an gníomhaire nó an dáileoir gur custaiméir ‘ardriosca’ é an custaiméir;

    (b)

    comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó sealbhóirí príomhfheidhme:

    (i)

    ainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht;

    (ii)

    feidhm san oibreoir san earnáil airgeadais nó sa bhrainse;

    (c)

    aon duine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí 2(a) nó (b) den Iarscríbhinn seo: an fáth a measann an t-údarás tuairiscithe go bhfuil an duine nádúrtha nasctha leis an laige ábhartha.

    3.   

    An fhaisnéis atá le soláthar i gcur i bhfeidhm Airteagal 7, pointe (d):

    (a)

    ainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht;

    (b)

    an fheidhm san oibreoir san earnáil airgeadais, sa bhrainse, sa ghníomhaire nó sa dáileoir nó, maidir leis an gcustaiméir nó leis an úinéir tairbhiúil, an ról;

    4.   

    An fhaisnéis atá le soláthar ag údarás tuairiscithe i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(3) agus iarraidh á dhéanamh aige faoi dhaoine nádúrtha:

    (a)

    ainm, sloinne, dáta breithe, náisiúntacht, tír chónaithe;

    (b)

    i gcás inarb eol é, an fheidhm, nó, maidir leis an gcustaiméir nó leis an úinéir tairbhiúil, an ról;

    (c)

    an fáth a bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine ar leith sin riachtanach don údarás tuairiscithe iarrthach dá ghníomhaíocht mhaoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú agus na húsáidí atá beartaithe don fhaisnéis arna hiarraidh.

    5.   

    Scaipeadh sonraí pearsanta ag ÚBE:

    Arna iarraidh sin d’údarás tuairiscithe, roinnfidh ÚBE sonraí pearsanta faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe 4(c) den Iarscríbhinn seo, agus ar a thionscnamh féin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointe (b), má tá an fhaisnéis faoin duine lena mbaineann riachtanach don údarás tuairiscithe dá ghníomhaíocht mhaoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Sa dá chás araon, roinnfear an fhaisnéis idir úsáideoirí fíordheimhnithe agus úsáidfear bealaí cumarsáide slána.

    6.   

    Beidh an t-ainm, an sloinne, an fheidhm agus an teagmháil ghnó san fhaisnéis atá le soláthar i gcur i bhfeidhm Airteagal 12(5).


    IARSCRÍBHINN III

    PRÓIFÍL RIOSCA SCIÚRTHA AIRGID AGUS MAOINITHE SCEIMHLITHEOIREACHTA

    1.   Próifíl riosca nach bhfuil chomh suntasach céanna:

    Tá próifíl riosca nach bhfuil chomh suntasach céanna ag an oibreoir san earnáil airgeadais, ag an mbrainse, ag an ngníomhaire nó ag an dáileoir i gcás nach bhfuil a riosca bunúsach chomh suntasach céanna agus nach ndéanann maolú difear dá phróifíl riosca, nó i gcás ina bhfuil a riosca bunúsach measartha suntasach nó suntasach ach go maolaítear go héifeachtach é trí chórais agus rialuithe chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT).

    2.   Próifíl riosca atá measartha suntasach:

    Tá próifíl riosca atá measartha suntasach ag an oibreoir san earnáil airgeadais, ag an mbrainse, ag an ngníomhaire nó ag an dáileoir i gcás ina bhfuil a riosca bunúsach measartha suntasach agus nach ndéanann maolú difear dá phróifíl riosca, nó i gcás ina bhfuil a riosca bunúsach suntasach nó an-suntasach ach go maolaítear go héifeachtach é trí chórais agus rialuithe AML/CFT.

    3.   Próifíl riosca shuntasach:

    Tá próifíl riosca shuntasach ag an oibreoir san earnáil airgeadais, ag an mbrainse, ag an ngníomhaire nó ag an dáileoir i gcás ina bhfuil a neamhchosaint ar riosca bunúsach suntasach agus nach ndéanann maolú difear don phróifíl riosca, nó i gcás ina bhfuil a riosca bunúsach an-suntasach ach go maolaítear go héifeachtach é trí chórais agus rialuithe AML/CFT.

    4.   Próifíl riosca an-suntasach:

    Tá próifíl riosca an-suntasach ag an oibreoir san earnáil airgeadais, ag an mbrainse, ag an ngníomhaire nó ag an dáileoir i gcás ina bhfuil a riosca bunúsach an-suntasach agus, gan beann ar an maolú, nach ndéanann maolú difear don phróifíl riosca, nó i gcás ina bhfuil an riosca bunúsach an-suntasach ach nach maolaítear go héifeachtach é mar gheall ar laigí ábhartha córais agus rialuithe AML/CFT san oibreoir san earnáil airgeadais.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/595/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top