EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0492

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/492 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

C/2023/8069

IO L, 2024/492, 13.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/492/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/492/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/492

13.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/492 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Samhain 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/1241 forálacha sonracha maidir le bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(2)

Leasaíodh Rialachán (AE) 2019/1241 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 (2) ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le bearta feabhais chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus bearta roghnaíochta breise arb é is aidhm dóibh foghabhálacha gadóideach a laghdú i Muir Éireann. Maidir leis na bearta lena mbaineann, arb é is aidhm dóibh cuidiú le cuspóirí na mbeart caomhnaithe, na bpleananna ilbhliantúla agus an phlean um ábhar muirí aischurtha in Uiscí an Iarthuaiscirt a bhaint amach, tugadh cothrom le dáta iad agus cuireadh síneadh bliana leo le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún (3), a rachaidh in éag ag deireadh 2023.

(3)

Maidir leis na bearta feabhais le haghaidh stoic a bhfuil bithmhais acu ar leibhéil faoi bhun an Blim dá bhforáiltear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (plean ilbhliantúil le haghaidh Uiscí an Iarthair), tá siad fós riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal sin atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh bliana a chur leis na bearta feabhais atá i bhfeidhm faoi láthair faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588, chun patrúin saothraithe a bharrfheabhsú ar bhonn leanúnach, cur le roghnaíocht trealaimh agus gabhálacha de thaisme a laghdú.

(4)

Tar éis do Ghrúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt iarratas i bhfoirm litir oifigiúil a chur isteach an 13 Meán Fómhair 2023, ba cheart síneadh a chur leis na bearta teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban go dtí deireadh 2024.

(5)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ós rud é go rachaidh dáta chur i bhfeidhm na mbeart arna nglacadh faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 in éag an 31 Nollaig 2023, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2024 chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú.

(6)

Leis na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann den pháirt eile (5) agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L 465, 29.12.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L 338, 30.12.2022, lch. 44).

(4)  Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (IO L 83, 25.3.2019, lch. 1).

(5)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 1.6 de Chuid B:

‘1.6.

Beidh feidhm ag na bearta i bpointí 1.3 go 1.5 go dtí an 31 Nollaig 2024.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 10.2 de Chuid C:

‘10.2.

Beidh feidhm ag na bearta i bpointe 10.1 go dtí an 31 Nollaig 2024.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/492/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top