EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1500

Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE

PE/92/2023/REV/1

IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1500

29.5.2024

TREOIR (AE) 2024/1500 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Aithnítear comhionannas agus neamh-idirdhealú mar luachanna bunúsacha an Aontais in Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Foráiltear le hAirteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), faoi seach, go bhfuil an tAontas le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas ina chuid gníomhaíochtaí uile. Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cosnaítear an ceart chun neamh-idirdhealú agus an ceart chun comhionannais idir mná agus fir in Airteagail 21 agus 23. Tá roinnt Treoracha glactha ag an Aontas cheana féin chun idirdhealú a chomhrac.

(2)

Is é is cuspóir don Treoir seo íoscheanglais a leagan síos maidir le feidhmiú comhlachtaí chun cóir chomhionann a chur chun cinn (‘comhlachtaí comhionannais’) lena n-éifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú chun cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne mar a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE (3) agus 2010/41/AE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é a neartú.

(3)

Le Treoir 2006/54/CE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar inscne, maidir le rochtain ar fhostaíocht agus ar shlí beatha, lena n-áirítear ardú céime, agus ar ghairmoiliúint, maidir le dálaí oibre, lena n-áirítear pá, agus maidir le scéimeanna slándála sóisialta gairme.

(4)

Le Treoir 2010/41/AE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú idir fir agus mná atá i mbun gníomhaíochta ar bhonn féinfhostaithe.

(5)

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach féidir raon feidhme phrionsabal na córa comhionainne d’fhir agus do mhná a theorannú don toirmeasc ar idirdhealú ar an mbonn gur de ghnéas amháin nó de ghnéas eile atá duine. I bhfianaise chuspóir an phrionsabail agus chineál na gceart a bhféachtar lena gcosaint, beidh feidhm aige freisin maidir le hidirdhealú a eascraíonn as athshannadh inscne (5).

(6)

Le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE ceanglaítear ar na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú chun cóir chomhionann a chur chun cinn, lena n-áirítear anailís, faireachán agus tacaíocht maidir le cóir chomhionann do gach duine gan idirdhealú ar na forais a chumhdaítear faoin Treoir faoi seach. Leis na Treoracha sin ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear ar inniúlachtaí comhlachtaí den sórt sin cúnamh neamhspleách a sholáthar d’íospartaigh, suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú, tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le haon cheist a bhaineann le hidirdhealú den sórt sin. Ceanglaítear leo ar na Ballstáit a áirithiú freisin go n-áireofar ar chúraimí na gcomhlachtaí sin faisnéis a mhalartú le comhlachtaí Eorpacha comhfhreagracha, amhail an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.

(7)

Le Treoracha 2000/43/CE (6) agus 2004/113/CE (7) ón gComhairle, déantar foráil freisin maidir le comhlachtaí comhionannais a ainmniú chun cóir chomhionann do gach duine a chur chun cinn, anailís a dhéanamh uirthi, faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi gan idirdhealú ar na forais a chumhdaítear leis an Treoir faoi seach.

(8)

Tá comhlachtaí comhionannais ainmnithe ag na Ballstáit uile de bhun Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Tá córas ilghnéitheach de chomhlachtaí comhionannais curtha i bhfeidhm, agus tá dea-chleachtais tagtha chun cinn. Mar sin féin, tá dúshláin os comhair a lán comhlachtaí comhionannais, go háirithe maidir leis na hacmhainní, leis an neamhspleáchas agus leis na cumhachtaí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

(9)

Le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE tugtar lánrogha leathan do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le struchtúr agus feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais. Mar thoradh air sin, tá difríochtaí suntasacha idir na comhlachtaí comhionannais sna Ballstáit, i gcomhthéacs a sainorduithe, a n-inniúlachtaí, a struchtúr, a n-acmhainní agus a bhfeidhmithe oibríochtúil. Dá réir sin, ciallaíonn sé go bhfuil difríocht idir cosaint ar idirdhealú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

(10)

Chun a áirithiú gur féidir le comhlachtaí comhionannais cur go héifeachtach le forfheidhmiú Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE trí chóir chomhionann a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cúnamh a thabhairt do gach duine aonair agus do gach grúpa a ndéantar idirdhealú orthu ar fud an Aontais rochtain a fháil ar cheartas, is gá íoschaighdeáin a bhunú maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin. Cuirtear Moladh (AE) 2018/951 (8) ón gCoimisiún san áireamh sna híoschaighdeáin a leagtar síos sa Treoir seo, agus leas á bhaint as cuid dá fhorálacha agus as an gcur chuige a mholtar ann. Baineann siad leas as ionstraimí ábhartha eile freisin, amhail Moladh Ginearálta Beartais athbhreithnithe Uimh. 2 maidir le comhlachtaí comhionannais arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe agus Prionsabail Pháras a bhaineann le Stádas na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe is infheidhme maidir le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine.

(11)

Déantar foráil maidir leis na híoschaighdeáin chéanna maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais a mhéid a bhaineann leis na hábhair a chumhdaítear le Treoir 79/7/CEE (9) ón gComhairle, Treoir 2000/43/CE, Treoir 2000/78/CE (10) ón gComhairle agus Treoir 2004/113/CE i dTreoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle (11).

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gníomhaíocht comhlachtaí comhionannais a mhéid a bhaineann leis na hábhair a chumhdaítear le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Níor cheart baint a bheith ag na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo ach le feidhmiú comhlachtaí comhionannais agus níor cheart raon feidhme ábhartha nó pearsanta na dTreoracha sin a leathnú leis na híoscheanglais sin.

(13)

Tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le comhlachtaí comhionannais agus iad ag dul i ngleic le hidirdhealú a chumhdaítear le Treoir (AE) 2019/1158 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhua na tagartha in Airteagal 15 den Treoir sin d’Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE a bhfuil an Treoir seo á cur ina ionad.

(14)

Níor cheart Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a mheas mar lex specialis i ndáil le Treoir 2006/54/CE ach amháin maidir le hábhair a chumhdaítear inti. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’fhorálacha níos sonraí maidir le comhlachtaí comhionannais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/970.

(15)

Agus cóir chomhionann á cur chun cinn, idirdhealú á chosc, sonraí á mbailiú faoi idirdhealú agus cúnamh á thabhairt d’íospartaigh i gcomhréir leis an Treoir seo, tá sé tábhachtach go dtugann comhlachtaí comhionannais aird ar leith ar idirdhealú trasnach, a thuigtear mar idirdhealú atá bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d’aon fhoras eile nó d’fhorais idirdhealaithe a chosnaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE, agus 2004/113/CE.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú chun na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú. Is féidir leis na Ballstáit na hinniúlachtaí a roinnt idir roinnt comhlachtaí comhionannais, mar shampla trí chosc ar idirdhealú, cóir chomhionann agus cúnamh a chur chun cinn d’íospartaigh an idirdhealaithe a chur de chúram ar chomhlacht amháin, agus feidhmeanna cinnteoireachta a thabhairt do chomhlacht eile. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’inniúlachtaí cigireachtaí saothair nó comhlachtaí forfheidhmiúcháin eile, chomh maith le huathriail agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta.

(17)

Ní féidir le comhlachtaí comhionannais a ról a chomhlíonadh go héifeachtach ach amháin má bhíonn siad in ann gníomhú le neamhspleáchas iomlán gan bheith faoi réir aon tionchar seachtrach. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit roinnt beart a dhéanamh a chuirfidh le neamhspleáchas comhlachtaí comhionannais. Is féidir le comhlachtaí comhionannais a fheidhmíonn inniúlachtaí a leagtar síos sa Treoir seo a bheith ina gcuid d’aireacht nó d’eintiteas eagraíochtúil eile, ar choinníoll go n-áiritheofar go mbeidh na coimircí is gá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfidh siad a gcúraimí i bhfeidhm go neamhspleách ar thionchar polaitiúil, airgeadais, reiligiúnach nó ar aon tionchar eile. Go háirithe, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a n-inniúlachtaí á bhfeidhmiú acu, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a neamhspleáchas a choinneáil i ndáil le haon tionchar seachtrach, bíodh sé sin díreach nó indíreach, trí staonadh ó threoracha a lorg nó a ghlacadh ó aon duine. I gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo agus laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann a n-acmhainní airgeadais agus a n-acmhainní eile féin a bhainistiú, lena n-áirítear trína bhfoireann féin a roghnú agus a bhainistiú, agus a bheith in ann a dtosaíochtaí féin a shocrú. Ba cheart do na baill foirne a bhfuil post cinnteoireachta nó bainistíochta acu, bídís buan nó sealadach, amhail ceann nó leascheann an chomhlachta comhionannais agus, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí an bhoird rialaithe, a bheith neamhspleách, cáilithe dá bpost, agus ba cheart iad a roghnú trí phróiseas trédhearcach. Is féidir trédhearcacht sa phróiseas sin a áirithiú, mar shampla, trí fhógraí folúntais a fhoilsiú go poiblí.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gceadaítear, le struchtúr inmheánach na gcomhlachtaí comhionannais, amhail a n-eagrúchán inmheánach agus a bpróisis inmheánacha, a n-inniúlachtaí éagsúla a fheidhmiú go neamhspleách agus, i gcás inarb iomchuí, a bheith neamhchlaonta, trí choimircí iomchuí a bhunú i gcás ina bhfuil cúraimí a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile ag comhlachtaí comhionannais, go háirithe nuair a dhíríonn cuid de na cúraimí sin ar thacaíocht d’íospartaigh. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais, go háirithe, gníomhú go neamhchlaonta agus fiosrúchán nó measúnú á dhéanamh acu ar chás, go háirithe nuair atá cumhachtaí cinnteoireachta ceangailteacha ag an gcomhlacht comhionannais.

(19)

I gcás inar cuid de chomhlacht il-sainorduithe é an comhlacht comhionannais, amhail ombudsman a bhfuil sainordú níos leithne aige nó aici nó institiúid náisiúnta um chearta an duine, ba cheart feidhmiú éifeachtach an tsainordaithe shonraigh comhionannais a ráthú le struchtúr inmheánach an chomhlachta il-sainorduithe sin.

(20)

Trína bpróisis bhuiséadacha náisiúnta faoi seach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann comhlachtaí comhionannais acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear foireann cháilithe, áitreabh agus bonneagar iomchuí chun gach ceann dá gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach, laistigh de thréimhse réasúnach ama nó laistigh de na sprioc-amanna arna mbunú leis an dlí náisiúnta. Tá sé bunriachtanach acmhainní leordhóthanacha den sórt sin a fháil chun go bhfeidhmíonn comhlachtaí comhionannais go héifeachtach agus chun go gcomhlíonann siad a gcúraimí. Tá sé tábhachtach, i gcás ina ndéantar inniúlachtaí nua a shannadh do chomhlachtaí comhionannais, go n-áiritheoidh na Ballstáit a n-acmhainní airgeadais agus a n-acmhainní eile acu ionas go mbeidh ar a gcumas leanúint dá gcúraimí a chomhlíonadh agus a n-inniúlachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.

(21)

Tá sé tábhachtach go bhfanann leithdháileadh acmhainní airgeadais cobhsaí, go bpleanálfar é ar bhonn ilbhliantúil agus go mbeidh comhlachtaí comhionannais in ann costais a d’fhéadfadh a bheith deacair a thuar a chumhdach, amhail i gcás méaduithe a bheith tagtha ar ghearáin, ar chostais dlíthíochta agus ar úsáid córas uathoibrithe. Tá sé ríthábhachtach aird a dhíriú ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann le húsáid córas uathoibrithe, lena n-áirítear an intleacht shaorga. Ba cheart, go háirithe, na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí a bheith ag comhlachtaí comhionannais. Leis na hacmhainní sin, go háirithe, ba cheart é a bheith ar chumas comhlachtaí comhionannais córais uathoibrithe a úsáid dá gcuid oibre ar thaobh amháin agus measúnú a dhéanamh ar chórais den sórt sin a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na rialacha maidir le neamh-idirdhealú ar an taobh eile. I gcás gur cuid de chomhlacht il-sainorduithe an comhlacht comhionannais, ba cheart na hacmhainní is gá chun a shainordú comhionannais a chur i gcrích a áirithiú.

(22)

Tá ról bunriachtanach ag comhlachtaí comhionannais, in éineacht le gníomhaithe eile, amhail na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le hidirdhealú a chosc agus comhionannas a chur chun cinn. Chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe struchtúracha an idirdhealaithe agus chun rannchuidiú leis an athrú sóisialta, ba cheart a thabhairt de chumhacht do chomhlachtaí comhionannais gníomhaíochtaí a dhéanamh chun idirdhealú a chosc ar na forais agus sna réimsí a chumhdaítear le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE agus chun cóir chomhionann a chur chun cinn. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin dea-chleachtais a roinnt, gníomhaíocht dhearfach agus príomhshruthú comhionannais in eintitis phoiblí agus phríobháideacha, agus oiliúint, faisnéis, comhairle, treoir agus tacaíocht ábhartha a chur ar fáil dóibh. Tá sé ríthábhachtach freisin go ndéanfadh comhlachtaí comhionannais cumarsáid leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus go nglacfaidís páirt i ndíospóireacht phoiblí.

(23)

Anuas ar chosc, is cúram lárnach de chuid na gcomhlachtaí comhionannais é cúnamh a thabhairt d’íospartaigh idirdhealaithe. Ba cheart a thuiscint go gcuimsíonn íospartaigh gach duine a mheasann gur fhulaing siad idirdhealú dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE nó in Airteagal 4 de Threoir 2010/41/AE, gan beann, mar shampla, ar a stádas socheacnamaíoch, tuairim pholaitiúil, aois, sláinte, náisiúntacht, stádas cónaithe, teanga, dath craicinn, leibhéal litearthachta, inscne, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó saintréithe gnéis. Is féidir le haon duine a bheith ina íospartach idirdhealaithe ar bhonn gnéis agus ba cheart go mbainfeadh sé tairbhe as cúnamh ó chomhlachtaí comhionannais go luath, gan beann ar cé acu a suíodh idirdhealú nó nár suíodh. Le cúnamh den sórt sin, ba cheart i gcónaí, ar a laghad, soláthar na faisnéise bunriachtanaí do ghearánaigh a áireamh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé acu a dhúnfar nó nach ndúnfar an gearán nó an ann nó nach ann do na forais chun leanúint leis, ach amháin i gcás ina ndearna duine anaithnid an gearán. Tá na Ballstáit freagrach as na módúlachtaí a shainiú faoina gcuirfeadh an comhlacht comhionannais na gearánaigh ar an eolas, amhail creat ama an phróisis nó na coimircí nós imeachta lena gcoisctear gearáin atriallacha nó iomarcacha.

(24)

Chun a áirithiú go mbeidh gach íospartach in ann gearán a dhéanamh, ba cheart a bheith in ann gearáin a chur isteach ar bhealaí éagsúla. De réir Mholadh (AE) 2018/951, ba cheart a bheith in ann an gearán a chur isteach i dteanga arna roghnú ag an ngearánach ar teanga í atá coitianta sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht comhionannais lonnaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na cúiseanna le tearcthuairisciú, eadhon an eagla roimh bhearta díoltais, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais íospartaigh a chur ar an eolas faoi na rialacha rúndachta is infheidhme.

(25)

Chun deis a thabhairt díospóidí a réiteach go tapa, ar phraghas réasúnta, lasmuigh den chúirt, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag páirtithe réiteach eile ar dhíospóidí a lorg, bíodh sé sin mar atá á thairiscint ag an gcomhlacht comhionannais féin nó ag eintiteas inniúil eile arb ann dó. Agus eintiteas inniúil eile á roghnú, tá sé tábhachtach eintitis arna mbunú ar bhonn marthanach a chur san áireamh agus a áirithiú go bhfuil an duine nó na daoine atá i gceannas ar an bpróiseas réitigh neamhspleách, neamhchlaonta agus go bhfuil an saineolas is gá acu. Is mó an seans go dtiocfaidh torthaí rathúla as díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt i gcás ina ndéantar sin le comhaontú na bpáirtithe. D’fhéadfadh an fhéidearthacht comhairle neamhspleách a lorg nó ionadaíocht nó cúnamh a fháil ó thríú páirtí, amhail na comhpháirtithe sóisialta, a bheith ina cabhair do na páirtithe, ag aon chéim de réiteach malartach a ndíospóide. In éagmais réitigh, mar shampla toisc gur dhiúltaigh ceann de na páirtithe do thoradh an phróisis, níor cheart cosc a chur ar na páirtithe gníomhú in imeachtaí cúirte. Ba cheart do na Ballstáit módúlachtaí an phróisis eile réitigh díospóidí a shainiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(26)

I gcás ina gceapann na comhlachtaí comhionannais go bhféadfadh sé gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoir 2006/54/CE agus i dTreoir 2010/41/AE, ba cheart dóibh a bheith in ann fiosrúcháin a dhéanamh, go háirithe ag eascairt as gearán nó ar a dtionscnamh féin.

(27)

Tá fianaise bunriachtanach chun a chinneadh ar tharla idirdhealú agus is minic nach mbíonn an fhianaise i seilbh an íospartaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun a dhéanamh amach an ndearnadh idirdhealú agus chun dul i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla eile, ar féidir na seirbhísí poiblí ábhartha a áireamh orthu, amhail cigireachtaí saothair nó cigireachtaí oideachais, agus na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit creat iomchuí a bhunú chun an inniúlacht sin a fheidhmiú, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit fiosrúcháin a dhéanamh a chur de chúram ar chomhlacht inniúil eile, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Chun dúbláil próiseas a sheachaint, ba cheart do chomhlacht inniúil den sórt sin faisnéis a sholáthar don chomhlacht comhionannais, arna iarraidh sin dó, maidir le torthaí an fhiosrúcháin nuair a bheidh an próiseas críochnaithe.

(28)

Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann a measúnú faoin ngearán a dhoiciméadú ar bhonn na fianaise a bhailítear. Ba cheart do na Ballstáit cineál dlíthiúil an mheasúnaithe sin a chinneadh, is é sin, tuairim neamhcheangailteach nó cinneadh ceangailteach. Ba cheart na cúiseanna leis an measúnú a lua agus ba cheart a áireamh orthu, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon sárú ar phrionsabal na córa comhionainne a aimsíodh a leigheas agus chun tuilleadh tarluithe a chosc, agus cineál éagsúil na dtuairimí agus na gcinntí á gcur san áireamh. Chun éifeachtacht obair na gcomhlachtaí comhionannais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit sásraí iomchuí a ghlacadh chun tuairimí a fhiosrú a thuilleadh agus chun cinntí a fhorfheidhmiú.

(29)

Le feasacht a mhúscailt faoina gcuid oibre agus faoin dlí um chomhionannas agus faoin dlí um neamh-idirdhealú, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann ar a laghad na hachoimrí ar na tuairimí agus cinntí sin a fhoilsiú a measann siad ábharthacht ar leith a bheith ag gabháil leo.

(30)

Ba cheart a bheith ag comhlachtaí comhionannais an ceart gníomhú in imeachtaí cúirte chun cur le hurraim phrionsabal na córa comhionainne a áirithiú, ar prionsabal é a leagtar síos i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Is féidir imeachtaí cúirte den sórt sin a reáchtáil i gcúirteanna nó i gcomhlachtaí coibhéiseacha a láimhseálann ábhair a bhaineann le cóir chomhionann agus le hidirdhealú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ní féidir dlí náisiúnta agus cleachtas náisiúnta maidir le hinghlacthacht gníomhaíochtaí, agus go háirithe aon choinníoll leasa dhlisteanaigh, a chur i bhfeidhm ar bhealach a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht cheart na gcomhlachtaí comhionannais gníomhú. Leis na cumhachtaí chun fiosrúcháin agus cinntí a dhéanamh agus leis an gceart chun gníomhú in imeachtaí cúirte a thugtar do chomhlachtaí comhionannais faoin Treoir seo, táthar ag súil go n-éascófar cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha atá ann faoi láthair i dTreoir 2006/54/CE maidir leis an dualgas cruthúnais agus i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE maidir le cosaint ceart. Faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, beidh comhlachtaí comhionannais in ann fíorais a shuí ónar féidir a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach, agus ar an gcaoi sin, comhlíonfar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Threoir 2006/54/CE. Dá bhrí sin, leis an tacaíocht arna soláthar ag comhlachtaí comhionannais faoin Treoir seo, éascófar rochtain na n-íospartach ar cheartas. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann na cásanna a roghnú a chinneann siad a thabhairt in imeachtaí cúirte chun cur le léiriú agus cur i bhfeidhm cuí na reachtaíochta um chóir chomhionann.

(31)

I gcás ina bhfuil sé de chumhacht ag comhlachtaí comhionannais cinntí ceangailteacha a dhéanamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht dóibh gníomhú mar pháirtí in imeachtaí maidir le forfheidhmiú nó athbhreithniú breithiúnach na gcinntí sin. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann barúlacha a chur faoi bhráid na gcúirteanna, mar shampla trína dtuairim shaineolach a chur ar fáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(32)

Is féidir leis an gceart atá ag comhlachtaí comhionannais gníomhú in imeachtaí cúirte a bheith i bhfoirmeacha éagsúla i gcreataí dlíthiúla náisiúnta éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a roghnú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, ceann amháin nó níos mó de na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas do chomhlachtaí comhionannais: gníomhú thar ceann íospartach amháin nó roinnt íospartach, nó tacú le híospartach amháin nó le roinnt íospartach, nó imeachtaí cúirte a thionscnamh ina ainm féin.

(33)

Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann gníomhú thar ceann íospartach nó chun tacú le híospartaigh, i gcás inarb infheidhme lena bhformheas, lena mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar cheartas i gcás inar minic a dhéantar íospartaigh a dhíspreagadh le bacainní nós imeachta agus airgeadais nó le heagla roimh íospairt. I gcás ina ngníomhaíonn comhlachtaí comhionannais thar ceann íospartach amháin nó níos mó, déanann siad ionadaíocht ar na híospartaigh os comhair na cúirte. I gcás ina ngníomhaíonn comhlachtaí comhionannais chun tacú le híospartach amháin nó le roinnt íospartach, glacann siad páirt in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh ag na híospartaigh, chun tacú leis an éileamh.

(34)

Tá sé deacair roinnt cásanna maidir le hidirdhealú a chomhrac toisc nach bhfuil aon ghearánach ag tabhairt faoin gcás iad féin. Ina breithiúnas i gcás C-54/07 (14), a thionscain comhlacht comhionannais ina ainm féin, dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir a shuí go ndearnadh idirdhealú fiú mura bhfuil íospartach aitheanta ann. Dá bhrí sin, chun idirdhealú ar mhaithe le leas an phobail a chomhrac, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh gur cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann gníomhú ina n-ainm féin i gcásanna áirithe idirdhealaithe, mar shampla mar gheall ar fhlúirse nó ar thromchúis na gcásanna, nó de bharr an ghá atá le soiléiriú dlíthiúil, a bhféadfadh gach ceann acu a thabhairt le tuiscint gur de chineál struchtúrach nó córasach é an t-idirdhealú. Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, foráil a dhéanamh go gceanglófar, i gcásanna idirdhealaithe den sórt sin, go mbeidh duine nó eintiteas sainaitheanta mar fhreagróir.

(35)

Chun a áirithiú go n-urramófar cearta an duine aonair, ba cheart do na Ballstáit coimircí nós imeachta iomchuí a chur leis na cumhachtaí a bheidh ag na comhlachtaí comhionannais, lena n-áiritheofar go ndéanfar an ceart chun rúndachta agus prionsabail ghinearálta an dlí amhail an ceart chun triail chóir a fháil, an ceart chun cosanta agus an ceart chun athbhreithniú breithiúnach ar chinntí ceangailteacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear i gcás ina ngníomhaíonn an comhlacht comhionannais mar pháirtí nó thar ceann páirtí in imeachtaí cúirte. Is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, rúndacht a thabhairt d’fhinnéithe agus do sceithirí mar bhealach tábhachtach chun tuairisciú cásanna idirdhealaithe a spreagadh.

(36)

Le forálacha na Treorach seo maidir le ceart na gcomhlachtaí comhionannais chun gníomhú in imeachtaí cúirte, ní athraítear cearta íospartach ná comhlachas, eagraíochtaí nó eintiteas dlíthiúil eile a fhorghníomhaíonn cearta íospartach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, a bhfuil leas dlisteanach acu chun a áirithiú go gcomhlíontar Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE, mar a leagtar síos sna Treoracha sin, lena n-áirítear nuair a bhí na híospartaigh, na comhlachais, na heagraíochtaí nó na heintitis dhlíthiúla eile ag gabháil d’aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin nó an dá cheann.

(37)

Braitheann éifeachtacht obair na gcomhlachtaí comhionannais freisin ar rochtain iomlán ar a gcuid seirbhísí a thabhairt do ghrúpaí atá i mbaol idirdhealaithe. Sa Dara Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú, suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, thuairiscigh 71 % de bhaill grúpaí mionlaigh eitneacha nó inimirceacha nach raibh eolas acu faoi aon eagraíocht a thairgeann tacaíocht nó comhairle d’íospartaigh an idirdhealaithe. Céim bhunriachtanach chun tacú le rochtain den sórt sin is ea na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a gcearta ar eolas ag daoine agus go bhfuil siad ar an eolas faoi agus na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí comhionannais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus le haghaidh grúpaí a bhféadfaí bac a chur ar a rochtain ar an bhfaisnéis sin, mar shampla mar gheall ar a stádas eacnamaíoch neamhchinnte, aois, míchumas, leibhéal litearthachta, náisiúntacht nó stádas cónaithe, nó easpa rochtana ar uirlisí ar líne.

(38)

Ba cheart rochtain ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin comhlachtaí comhionannais ar bhonn comhionann a ráthú do chách. Chun na críche sin, ba cheart bacainní féideartha ar rochtain ar sheirbhísí comhlachtaí comhionannais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart do sheirbhísí a bheith saor in aisce do ghearánaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, gan dochar d’uathriail na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go mbeidh seirbhísí na gcomhlachtaí comhionannais ar fáil do gach íospartach féideartha ar fud a gcríche, mar shampla trí oifigí áitiúla, lena n-áirítear oifigí móibíleacha, a bhunú, úsáid a bhaint as uirlisí cumarsáide, feachtais áitiúla a eagrú, comhar le toscairí áitiúla nó le heagraíochtaí na sochaí sibhialta nó trí sholáthraithe seirbhíse ar conradh.

(39)

Chun rochtain ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí uile na gcomhlachtaí comhionannais a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas, is gá inrochtaineacht a áirithiú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus cóiríocht réasúnach a áirithiú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a glacadh an 13 Nollaig 2006. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais inrochtaineacht fhisiciúil agus dhigiteach a áirithiú trí na bacainní a chosc agus a bhaint, bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis na gcomhlachtaí comhionannais, agus trí chóiríocht réasúnach a sholáthar, agus an mionathrú agus na coigeartuithe is gá agus is iomchuí á ndéanamh nuair is gá i gcás ar leith.

(40)

Tá sé bunriachtanach don fhoghlaim fhrithpháirteach, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht go gcuirfí ar a gcumas do chomhlachtaí comhionannais comhordú a dhéanamh agus dul i gcomhar le chéile go tráthrialta ar leibhéil éagsúla ar bhonn fadtéarmach, agus is féidir leis sin for-rochtain agus tionchar a gcuid oibre a leathnú. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais dul i gcomhar, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, le comhlachtaí comhionannais eile laistigh den Bhallstát céanna agus le heintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus idirnáisiúnta, amhail líonraí de chomhlachtaí comhionannais ar leibhéal an Aontais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis cosanta sonraí, na comhpháirtithe sóisialta, cigireachtaí saothair agus oideachais, comhlachtaí forfheidhmithe dlí, gníomhaireachtaí atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as cearta an duine a chosaint, oifigí náisiúnta staidreamh, údaráis a bhainistíonn cistí an Aontais, Pointí Teagmhála Náisiúnta do na Romaigh, comhlachtaí tomhaltóirí, agus sásraí náisiúnta neamhspleácha chun Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus faireachán a dhéanamh air.

(41)

Ní féidir le comhlachtaí comhionannais a ról a chomhlíonadh mar shaineolaithe ar chóir chomhionann ná rannchuidiú le príomhshruthú inscne mura dtéitear i gcomhairle leo sách luath le linn an phróisis ceaptha beartais maidir le cúrsaí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú chun comhairliúchán den sórt sin a áirithiú go tráthúil agus ba cheart dóibh, i gcás ina measann na comhlachtaí comhionannais gur gá sin, cead a thabhairt dóibh moltaí a dhéanamh agus iad a fhoilsiú in am chun go gcuirfear san áireamh iad.

(42)

Tá sonraí comhionannais ríthábhachtach chun feasacht a mhúscailt, daoine a íogrú, idirdhealú a chainníochtú, treochtaí le himeacht ama a léiriú, a chruthú go bhfuil idirdhealú ann, meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta um chomhionannas, an gá atá le gníomhaíocht dhearfach a léiriú, agus cur le ceapadh beartas fianaise-bhunaithe. Is féidir le comhlachtaí comhionannais rannchuidiú leis na sonraí comhionannais a fhorbairt chun na gcríoch sin, mar shampla trí chruinnithe comhchéime a eagrú agus na heintitis ábhartha go léir a chruinniú le chéile. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais freisin sonraí maidir lena ngníomhaíochtaí féin a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, a bheith in ann suirbhéanna a dhéanamh agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith in ann staidreamh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE a rochtain agus a úsáid. Ba cheart sonraí pearsanta a bhailíonn an comhlacht comhionannais a anaithnidiú nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ainm bréige a chur orthu.

(43)

Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais clár oibre a ghlacadh ina leagfar amach a dtosaíochtaí agus a ngníomhaíochtaí ionchasacha, rud a chuirfidh ar a gcumas comhleanúnachas a gcuid sraitheanna éagsúla oibre le himeacht ama a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sistéamacha maidir le hidirdhealú a thagann faoina sainordú mar chuid de phlean gníomhaíochta fadtéarmach.

(44)

Anuas ar thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a fhoilsiú, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais tuarascáil a fhoilsiú go tráthrialta ina mbeadh measúnú foriomlán ar an staid maidir le hidirdhealú a thagann faoina sainordú sna Ballstáit, chomh maith le tuarascálacha eile a bhaineann le hidirdhealú.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le feidhmiú comhlachtaí comhionannais arna n-ainmniú faoin Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta táscairí ábhartha a bhunú ar cheart sonraí a bhailiú ar a mbonn. Níor cheart táscairí den sórt sin a bheith ann chun críche rangú a dhéanamh ná chun críche moltaí sonracha a eisiúint atá dírithe ar Bhallstáit aonair. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(46)

Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais, lena dtugtar an rogha, dá bhrí sin, do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Níor cheart le cur chun feidhme na Treorach seo údar a thabhairt le haon chúlchéimniú i ndáil leis an staid atá ann cheana i ngach Ballstát.

(47)

Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann comhlachtaí comhionannais ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo a bheith i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cúraimí comhlachtaí comhionannais a leagan síos go soiléir sa dlí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Níor cheart do chomhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin a mhéid is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil a chur ar an eolas faoina gcearta mar ábhair sonraí, lena n-áirítear na leigheasanna atá ar fáil dóibh ar an leibhéal náisiúnta.

(48)

I gcás inar gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil chun na cúraimí comhlachtaí comhionannais a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go n-urramaítear leis an dlí náisiúnta inneachar an chirt chun cosaint sonraí agus go ndéantar foráil ann maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 9(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin, mar shampla, beartais inmheánacha agus bearta inmheánacha chun íoslaghdú sonraí a áirithiú, lena n-áirítear trí shonraí pearsanta a anaithnidiú, i gcás inar féidir; chun ainm bréige agus criptiú a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta; chun rochtain agus tarchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc; agus chun a áirithiú nach bpróiseálfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad.

(49)

Leis an Treoir seo cuirtear leis na rialacha a leagtar síos i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE trí chaighdeáin neartaithe a thabhairt isteach maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha maidir le comhlachtaí comhionannais i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE a scriosadh.

(50)

Is é is aidhm don Treoir seo feidhmiú comhlachtaí comhionannais a áirithiú de réir na n-íoschaighdeán, d’fhonn a n-éifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú, ionas go ndéantar cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne a neartú. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo, treoir nach socraítear léi ach íoschaighdeáin, thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(51)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus thug sé a thuairim uaidh an 2 Feabhra 2023 (19),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo íoscheanglais maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais lena n-éifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú chun cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne mar a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE a neartú.

2.   Leis na hoibleagáidí a chuirtear ar na Ballstáit agus le cúraimí comhlachtaí comhionannais faoin Treoir seo, cumhdaítear na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha níos sonraí atá i dTreoir (AE) 2023/970.

Airteagal 2

Ainmniú comhlachtaí comhionannais

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó (‘comhlachtaí comhionannais’) chun na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

2.   Tá an Treoir seo gan dochar d’inniúlachtaí cigireachtaí saothair nó comhlachtaí forfheidhmiúcháin eile agus do chearta agus sainchumais na gcomhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, lena n-áirítear maidir le comhaontuithe comhchoiteanna agus ionadaíocht agus cosaint in imeachtaí cúirte.

Airteagal 3

Neamhspleáchas

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go mbeidh na comhlachtaí comhionannais neamhspleách agus saor ó thionchar seachtrach, agus nach bhféachfaidh siad le treoracha a fháil nó a ghlacadh ón rialtas ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a n-inniúlachtaí á bhfeidhmiú acu. I gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo agus laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme, beidh comhlachtaí comhionannais in ann a n-acmhainní airgeadais féin agus a n-acmhainní féin eile a bhainistiú agus a gcinntí féin a ghlacadh maidir lena struchtúr inmheánach, cuntasacht, soláthar foirne agus cúrsaí eagraíochtúla.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta trédhearcacha a bhaineann le roghnú, ceapadh, cúlghairm agus coinbhleachtaí leasa fhéideartha fhoireann na gcomhlachtaí comhionannais a bhfuil poist chinnteoireachta nó bhainistíochta acu, agus i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den bhord rialaithe, d’fhonn a n-inniúlacht agus a neamhspleáchas a ráthú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí comhionannais struchtúr inmheánach a bhunú lena ráthaítear feidhmiú neamhspleách, agus i gcás inarb iomchuí, feidhmiú neamhchlaonta, a n-inniúlachtaí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ráthóidh struchtúr inmheánach na gcomhlachtaí il-sainorduithe feidhmiú éifeachtach an tsainordaithe comhionannais.

Airteagal 4

Acmhainní

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena bpróisis bhuiséadacha náisiúnta, go soláthrófar do gach comhlacht comhionannais na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais is gá chun a chúraimí uile a chomhlíonadh agus a inniúlachtaí uile a fheidhmiú go héifeachtach, ar na forais a leagtar amach i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE agus sna réimsí a chumhdaítear faoi na Treoracha sin, lena n-áirítear i gcás gur cuid de chomhlachtaí il-sainorduithe iad na comhlachtaí comhionannais.

Airteagal 5

Múscailt feasachta, cosc agus cur chun cinn

1.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, amhail straitéisí, chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne, ar fud a gcríche, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí atá i mbaol idirdhealaithe, maidir leis na cearta faoi Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE agus maidir le comhlachtaí comhionannais agus a gcuid seirbhísí a bheith ann.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do chomhlachtaí comhionannais gníomhaíochtaí a dhéanamh chun idirdhealú a chosc agus cóir chomhionann a chur chun cinn, mar a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE iad. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin, inter alia, gníomhaíocht dhearfach agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn i measc eintitis phoiblí agus phríobháideacha agus an oiliúint, an chomhairle agus an tacaíocht ábhartha a chur ar fáil dóibh, dul i mbun díospóireacht phoiblí, cumarsáid a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á ndéanamh acu, is féidir le comhlachtaí comhionannais aird a thabhairt ar chásanna sonracha míbhuntáiste a eascraíonn as idirdhealú trasnach, a thuigtear mar idirdhealú atá bunaithe ar mheascán d’inscne agus ceann amháin nó níos mó de na forais a chosnaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE nó 2004/113/CE.

3.   Cuirfidh na Ballstáit agus comhlachtaí comhionannais san áireamh na huirlisí agus formáidí cumarsáide iomchuí le haghaidh gach spriocghrúpa. Díreoidh siad go háirithe ar ghrúpaí a bhféadfaí bac a chur ar a rochtain ar fhaisnéis, mar shampla, mar gheall ar a stádas eacnamaíoch neamhchinnte, aois, míchumas, leibhéal litearthachta, náisiúntacht nó stádas cónaithe, nó mar gheall ar a n-easpa rochtana ar uirlisí ar líne.

Airteagal 6

Cúnamh d’íospartaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí comhionannais in ann cúnamh a sholáthar d’íospartaigh mar a leagtar amach i míreanna 2 go 4.

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘íospartaigh’ na daoine uile – gan beann, mar shampla, ar a stádas socheacnamaíoch, tuairim pholaitiúil, aois, sláinte, náisiúntacht, stádas cónaithe, teanga, dath, leibhéal litearthachta, inscne, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó saintréithe gnés – a mheasann gur fhulaing siad idirdhealú de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE nó Airteagal 4 de Threoir 2010/41/AE.

2.   Beidh comhlachtaí comhionannais in ann gearáin maidir le hidirdhealú a fháil.

3.   Soláthróidh comhlachtaí comhionannais cúnamh d’íospartaigh, ar dtús trí iad a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

an creat dlíthiúil, lena n-áirítear comhairle atá dírithe ar a gcás sonrach;

(b)

na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht comhionannais agus gnéithe nós imeachta gaolmhara;

(c)

na leigheasanna atá ar fáil, lena n-áirítear an fhéidearthacht cás a leanúint os comhair na gcúirteanna;

(d)

na rialacha rúndachta is infheidhme, agus cosaint sonraí pearsanta; agus

(e)

an fhéidearthacht tacaíocht shíceolaíoch nó cineálacha eile tacaíochta ábhartha a fháil ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí eile.

4.   Cuirfidh comhlachtaí comhionannais na gearánaigh ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnta, an bhfuiltear chun an gearán a dhúnadh nó an mbeidh forais ann le leanúint leis a thuilleadh.

Airteagal 7

Réiteach malartach díospóide

Beidh comhlachtaí comhionannais in ann an fhéidearthacht a thabhairt do na páirtithe réiteach malartach a lorg ar a ndíospóid. Féadfaidh an comhlacht comhionannais féin nó eintiteas inniúil eile a bheith i gceannas ar an bpróiseas sin i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta, agus sa chás sin féadfaidh an comhlacht comhionannais barúlacha a thabhairt don eintiteas sin. Is féidir foirmeacha éagsúla a bheith ag réiteach malartach díospóide den sórt sin, mar shampla idirghabháil nó idir-réiteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. In éagmais réitigh, ní chuirfear bac ar na páirtithe a gceart chun gníomhú in imeachtaí cúirte a fheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tréimhse teorann leordhóthanach ann chun a ráthú go mbeidh rochtain ag na páirtithe sa díospóid ar chúirt, mar shampla tríd an tréimhse teorann a chur ar fionraí agus na páirtithe i mbun próiseas malartach réitigh díospóide.

Airteagal 8

Fiosrúcháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do chomhlachtaí comhionannais fiosrúchán a dhéanamh, i dtaobh ar tharla sárú ar phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

2.   Soláthróidh na Ballstáit creat chun fiosrúcháin a dhéanamh lena gcuirtear ar chumas comhlachtaí comhionannais cuardach faisnéise a dhéanamh. Go sonrach, leis an gcreat sin soláthrófar cearta éifeachtacha do chomhlachtaí comhionannais chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid is gá chun a dhearbhú ar tharla idirdhealú. Déanfar foráil ann freisin maidir le sásraí iomchuí chun go rachaidh comhlachtaí comhionannais i gcomhar le comhlachtaí poiblí ábhartha chun na críche sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur de chúram ar chomhlacht inniúil eile freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Nuair a bheidh a fhiosrúchán curtha i gcrích ag comhlacht inniúil den sórt sin, soláthróidh sé faisnéis don chomhlacht comhionannais, arna iarraidh sin dó, maidir le torthaí an fhiosrúcháin sin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach ndéanfar aon fhiosrúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 9 a thionscnamh ná leanúint díobh le linn d’imeachtaí cúirte sa chás céanna a bheith ar feitheamh.

Airteagal 9

Tuairimí agus cinntí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do chomhlachtaí comhionannais a measúnú ar an gcás a sholáthar agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear teacht ar na fíricí agus conclúid réasúnaithe a thabhairt maidir le hidirdhealú a bheith ann. Cinnfidh na Ballstáit cé acu a dhéanfar é sin trí bhíthin tuairimí neamhcheangailteacha nó cinntí ceangailteacha.

2.   I gcás inarb iomchuí, áireofar ar thuairimí neamhcheangailteacha agus ar chinntí ceangailteacha araon bearta sonracha chun aon sárú ar phrionsabal na córa comhionainne a aimsíodh a leigheas agus chun tuilleadh tarluithe a chosc. Cuirfidh na Ballstáit sásraí iomchuí ar bun chun tuairimí neamhcheangailteacha a fhiosrú, amhail oibleagáidí aiseolais, agus chun cinntí ceangailteacha a fhorfheidhmiú.

3.   Foilseoidh na comhlachtaí comhionannais, ar a laghad, achoimre ar na tuairimí agus ar na cinntí sin a measann siad ábharthacht ar leith a bheith ag gabháil leo.

Airteagal 10

Dlíthíocht

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag comhlachtaí comhionannais gníomhú in imeachtaí cúirte in ábhair dlí riaracháin agus dlí shibhialta a bhaineann le cur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE mar a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta maidir le hinghlacthacht gníomhaíochtaí, lena n-áirítear aon rialacha maidir le formheas an íospartaigh líomhnaithe a cheangal.

2.   Áireofar i gceart an chomhlachta comhionannais gníomhú in imeachtaí cúirte an ceart barúlacha a chur faoi bhráid na cúirte, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

3.   Le ceart an chomhlachta comhionannais chun gníomhú in imeachtaí cúirte, áireofar ceann amháin ar a laghad den mhéid seo a leanas:

(a)

an ceart chun imeachtaí cúirte a thionscnamh thar ceann íospartach amháin nó roinnt íospartach;

(b)

an ceart chun páirt a ghlacadh in imeachtaí cúirte chun tacú le híospartach amháin nó roinnt íospartach; nó,

(c)

an ceart chun imeachtaí cúirte a thionscnamh ina ainm féin, chun leas an phobail a chosaint.

4.   Áireofar i gceart an chomhlachta comhionannais gníomhú in imeachtaí cúirte an ceart chun gníomhú mar pháirtí in imeachtaí maidir le forfheidhmiú nó athbhreithniú breithiúnach ar chinntí ceangailteacha, i gcás ina mbeidh sé de chumhacht ag comhlachtaí comhionannais cinntí den sórt sin a dhéanamh de bhun Airteagal 9(1).

Airteagal 11

Coimircí nós imeachta

Áiritheoidh na Ballstáit, sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6 go 10, go gcosnófar cearta cosanta na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann. Beidh na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi réir athbhreithniú breithiúnach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 12

Rochtain chomhionann

1.   Ráthóidh na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin comhlachtaí comhionannais do chách.

2.   Ráthóidh comhlachtaí comhionannais nach mbeidh aon bhac ar ghearáin a chur isteach, mar shampla trí bheith in ann gearáin a fháil ó bhéal, i scríbhinn agus ar líne.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na comhlachtaí comhionannais a gcuid seirbhísí saor in aisce do ghearánaigh, ar fud a gcríche, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta.

Airteagal 13

Inrochtaineacht agus cóiríocht réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas

Áiritheoidh na Ballstáit inrochtaineacht agus soláthróidh siad cóiríocht réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí uile comhlachtaí comhionannais a ráthú, lena n-áirítear cúnamh le haghaidh íospartach, láimhseáil gearán, sásraí le haghaidh réitigh mhalartacha díospóidí, faisnéis agus foilseacháin, chomh maith le gníomhaíochtaí um chosc, um chur chun cinn agus um múscailt feasachta.

Airteagal 14

Comhar

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí iomchuí i bhfeidhm ag comhlachtaí comhionannais chun dul i gcomhar, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, le comhlachtaí comhionannais eile laistigh den Bhallstát céanna, agus le heintitis ábhartha phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear cigireachtaí saothair, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus i mBallstáit eile freisin agus ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Airteagal 15

Comhairliúchán

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go rachaidh an rialtas agus údaráis phoiblí ábhartha i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais maidir le reachtaíocht, beartas, nós imeachta agus cláir a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag comhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir leis na cúrsaí sin, na moltaí a fhoilsiú agus obair leantach maidir le moltaí den sórt sin a iarraidh.

Airteagal 16

Bailiú sonraí agus rochtain ar shonraí comhionannais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh comhlachtaí comhionannais sonraí maidir lena ngníomhaíochtaí, d’fhonn na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 17, pointí (b) agus (c), a sholáthar.

Déanfar na sonraí arna mbailiú ag na comhlachtaí comhionannais a dhí-chomhiomlánú de réir na bhforas agus na réimsí a chumhdaítear le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE, agus i gcomhréir leis na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Treoir seo. Déanfar aon sonraí pearsanta a bhailítear a anaithnidiú nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear faoi ainm bréige iad.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachtaí comhionannais suirbhéanna neamhspleácha a bhaineann le hidirdhealú a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhlachtaí comhionannais in ann rochtain a fháil ar staidreamh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina measann comhlachtaí comhionannais gur gá staidreamh den sórt sin chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar an staid maidir le hidirdhealú sa Bhallstát, agus chun na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c), den Treoir seo a tharraingt suas.

4.   Ceadóidh na Ballstáit do chomhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir leis na sonraí atá le bailiú i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE, ar moltaí iad a dhéanfar le heintitis phoiblí agus phríobháideacha lena n-áirítear údaráis phoiblí, na comhpháirtithe sóisialta, cuideachtaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú freisin do chomhlachtaí comhionannais ról comhordúcháin a bheith acu i mbailiú sonraí comhionannais.

Airteagal 17

Tuarascálacha agus pleanáil straitéiseach

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na comhlachtaí comhionannais an méid seo a leanas:

(a)

clár oibre a ghlacadh ina leagfar amach a dtosaíochtaí agus a ngníomhaíochtaí ionchasacha;

(b)

tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a sholáthar agus a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear a mbuiséad bliantúil, a bhfoireann agus a dtuairisciú airgeadais; agus

(c)

tuarascáil amháin nó níos mó a fhoilsiú, ina mbeidh moltaí, ar a laghad gach 4 bliana, maidir le staid na córa comhionainne agus an idirdhealaithe, lena n-áirítear saincheisteanna struchtúracha féideartha, ina mBallstát.

Airteagal 18

Faireachán agus tuairisciú

1.   Faoin 19 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta comhtháscairí maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais arna n-ainmniú faoin Treoir seo a bhunú. Agus na táscairí á n-ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún comhairle a lorg ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus ó líonraí comhlachtaí comhionannais ar leibhéal an Aontais. Cumhdófar sna táscairí acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, feidhmiú neamhspleách, inrochtaineacht agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais, chomh maith le forbairtí ar a sainordú, ar a gcumhachtaí nó ar a struchtúr, lena n-áiritheofar inchomparáideacht, oibiachtúlacht agus iontaofacht na sonraí a bhaileofar ar an leibhéal náisiúnta. Ní úsáidfear na táscairí chun rangú a dhéanamh ná chun moltaí sonracha a eisiúint do Bhallstáit aonair.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Faoin 19 Meitheamh 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin ar a laghad sonraí maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais agus cuirfear san áireamh inti na tuarascálacha arna dtarraingt suas ag na comhlachtaí comhionannais faoi Airteagal 17, pointí (b) agus (c).

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtaí praiticiúla na Treorach seo a tharraingt suas, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus ar shonraí breise ábhartha arna mbailiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe ó chomhlachtaí comhionannais, líonraí comhlachtaí comhionannais ar leibhéal an Aontais amhail Equinet, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó geallsealbhóirí eile, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar fheidhmiú neamhspleách agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais sna Ballstáit bunaithe ar na táscairí a bunaíodh de bhun mhír 1.

Airteagal 19

Idirphlé maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais

1.   I gcomhthéacs an chleachtaidh faireacháin agus tuairiscithe faoi Airteagal 18, agus chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú agus chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún gach bliain na hábhair dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais arna n-ainmniú faoin Treoir seo a phlé.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl i rúin a mhéid a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 18.

3.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, de réir mar is iomchuí, aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl trí idirphlé a dhéantar de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear aon rún ó Pharlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 18, agus nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar fheidhmiú na Treorach seo freisin.

Airteagal 20

Íoscheanglais

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha atá níos fabhraí ná na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun.

2.   Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta ar idirdhealú a thugann na Ballstáit cheana féin sna cúrsaí a chumhdaítear le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

Airteagal 21

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh na comhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta a bhailiú ná a phróiseáil ach amháin i gcás inar gá chun cúram a chur i gcrích faoin Treoir seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann comhlachtaí comhionannais próiseáil ar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, go soláthrófar bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a chosaint.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Leasuithe ar Threoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE

Scriostar Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE agus Airteagal 11 de Threoir 2010/41/AE.

Déanfar tagairtí do na comhlachtaí chun cóir chomhionann a chur chun cinn dá dtagraítear sna hAirteagail sin a fhorléiriú mar thagairtí do na comhlachtaí comhionannais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir seo.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 19 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 23 ón 19 Meitheamh 2026.

Airteagal 26

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 184, 25.5.2023, lch. 71.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024.

(3)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

(4)  Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 30 Aibreán 1996, P v S and Cornwall County Council, C-13/94, ECLI:EU:C:1996:170; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Eanáir 2004, K.B. v National Health Service Pensions Agency and Secretary of State for Health, C-117/01, ECLI:EU:C:2004:7; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Aibreán 2006, Sarah Margaret Richards v Secretary of State for Work and Pensions, C-423/04, ECLI:EU:C:2006:256; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Meitheamh 2018, M.B. v Secretary of State for Work and Pensions, C-451/16, ECLI:EU:C:2018:492.

(6)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(7)  Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).

(8)  Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018, maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28).

(9)  Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).

(10)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(11)  Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).

(12)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(13)  Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).

(14)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 2008, Centrum voor gelijkheid van kansen en voor racismebestrijding v Firma Feryn NV, C-54/07, ECLI:EU:C:2008:397.

(15)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(19)   IO C 64, 21.2.2023, lch. 46.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top