EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L0825

Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/64/2023/REV/1

IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/825

6.3.2024

TREOIR (AE) 2024/825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2024

lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol, agus chun dul chun cinn a dhéanamh san aistriú glas, tá sé ríthábhachtach gur féidir le tomhaltóirí cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil sé de fhreagracht ar thrádálaithe faisnéis shoiléir, ábhartha agus iontaofa a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach i ndlí tomhaltóirí an Aontais chun dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha lena gcuirtear tomhaltóirí ar míthreoir agus lena gcuirtear cosc orthu roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, amhail cleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath earraí, maímh chomhshaoil mhíthreoracha (‘glas-snasú’), faisnéis mhíthreorach faoi shaintréithe sóisialta táirgí nó gnóthaí trádálaithe, nó lipéid inbhuanaitheachta neamh-thrédhearcacha agus neamh-inchreidte. Leis na rialacha sin, cuirfear ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chleachtais den sórt sin. Trína áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil cothrom, intuigthe agus iontaofa, beidh trádálaithe in ann oibriú ar bhonn cothrom iomaíochta agus cuirfear ar chumas na dtomhaltóirí táirgí a roghnú atá níos fearr don chomhshaol i ndáiríre ná na táirgí sin atá in iomaíocht leo. Leis sin, spreagfar iomaíocht as a dtiocfaidh táirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a laghdóidh an tionchar diúltach ar an gcomhshaol.

(2)

Ba cheart na rialacha nua sin a thabhairt isteach trí leasú a dhéanamh ar Airteagail 6 agus 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a mhéid a bhaineann le cleachtais tráchtála a mheastar a bheith míthreorach, agus atá, dá bhrí sin, toirmiscthe, ar bhonn measúnú cás ar chás, agus trí leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE, chun cleachtais mhíthreoracha shonracha a chur léi, cleachtais a mheastar a bheith éagórach i ngach cás, agus atá, dá bhrí sin, toirmiscthe. Mar a leagtar síos cheana i dTreoir 2005/29/CE, ba cheart a bheith in ann a mheas fós go bhfuil cleachtas tráchtála éagórach ar bhonn Airteagail 5 go 9 den Treoir sin, cé nach liostaítear an cleachtas áirithe sin mar chleachtas tráchtála éagórach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE.

(3)

Chun go dtabharfar de chumhacht do thomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, an t-éileamh ar earraí níos inbhuanaithe agus soláthar na n-earraí sin a spreagadh, níor cheart iad a chur ar míthreoir faoi shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó gnéithe ciorclaíochta táirge, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, trí chur i láthair foriomlán táirge. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 6(1) de Threoir 2005/29/CE a leasú trí shaintréithe comhshaoil agus sóisialta agus gnéithe ciorclaíochta a chur leis an liosta de phríomhthréithe táirge ar féidir a mheas go bhfuil cleachtais trádálaí míthreorach ina leith, tar éis measúnú cás ar chás. An fhaisnéis a sholáthraíonn trádálaithe faoi shaintréithe sóisialta táirge feadh a shlabhra luacha, is féidir baint a bheith aici, mar shampla, le cáilíocht agus cothroime dálaí oibre an lucht saothair lena mbaineann, amhail pá leormhaith, cosaint shóisialta, sábháilteacht na timpeallachta oibre agus idirphlé sóisialta. Is féidir baint a bheith ag faisnéis den sórt sin freisin le hurraim do chearta an duine, le cóir chomhionann agus deiseanna do chách, lena n-áirítear comhionannas inscne, cuimsiú agus éagsúlacht, le ranníocaíochtaí le tionscnaimh shóisialta nó le gealltanais eiticiúla, amhail leas ainmhithe. Is féidir ciall leathan a bhaint as saintréithe comhshaoil agus sóisialta táirge, lena gcuimsítear gnéithe comhshaoil agus sóisialta, tionchar agus feidhmíocht táirge.

(4)

Baineann maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, níos mó agus níos mó le feidhmíocht amach anseo i bhfoirm aistriú chuig neodracht carbóin nó aeráide, nó cuspóir comhchosúil, faoi dháta áirithe. Trí bhíthin maímh den sórt sin, tugann trádálaithe le tuiscint go rannchuidíonn tomhaltóirí le geilleagar ísealcharbóin trína dtáirgí a cheannach. Chun cothroime agus inchreidteacht maíomh den sórt sin a áirithiú, ba cheart Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE a leasú chun toirmeasc a chur ar mhaímh den sórt sin, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, i gcás nach bhfuil siad tacaithe le gealltanais agus spriocanna a thugann an trádálaí atá soiléir, oibiachtúil, ar fáil go poiblí agus infhíoraithe agus atá leagtha amach i bplean cur chun feidhme mionsonraithe agus réalaíoch lena dtaispeántar conas a bhainfear na gealltanais agus na spriocanna sin amach agus lena leithdháiltear acmhainní chuige sin. Ba cheart a áireamh sa phlean cur chun feidhme sin na heilimintí ábhartha uile is gá chun na gealltanais a chomhlíonadh, amhail acmhainní buiséadacha agus forbairtí teicneolaíochta, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart do shaineolaí tríú páirtí maímh den sórt sin a fhíorú freisin, saineolaí ba cheart a bheith neamhspleách ar an trádálaí agus saor ó aon choinbhleachtaí leasa, ba cheart taithí agus inniúlacht a bheith ag an saineolaí i saincheisteanna comhshaoil agus ba cheart é a bheith ar chumas an tsaineolaí faireachán rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn an trádálaí maidir leis na gealltanais agus na spriocanna, lena n-áirítear na garspriocanna chun iad a bhaint amach. Ba cheart do thrádálaithe a áirithiú go bhfuil na torthaí rialta sin ón saineolaí tríú páirtí ar fáil do thomhaltóirí.

(5)

Cleachtas tráchtála eile a d’fhéadfadh bheith míthreorach atá le cur leis na cleachtais shonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE is ea fógraíocht a dhéanamh faoi thairbhí do thomhaltóirí, ar tairbhí iad nach mbaineann le hábhar agus nach mbaineann go díreach le gné ar bith den táirge sonrach sin nó den ghnó sonrach sin agus a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur ar míthreoir sa chaoi go gcreidfidís go bhfuil siad níos tairbhiúla do thomhaltóirí, don chomhshaol nó don tsochaí ná táirgí eile den chineál céanna nó gnóthaí trádálaithe eile den chineál céanna, mar shampla, maíomh a dhéanamh go bhfuil branda áirithe uisce buidéil saor ó ghlútan nó maíomh a dhéanamh nach bhfuil plaisteach i mbileoga páipéir.

(6)

Is teicníc mhargaíochta atá ag éirí níos coitianta é comparáid a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a saintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar ghnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht lena bhféadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir, nach bhfuil in ann i gcónaí measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise sin. Chun a áirithiú nach gcuirfidh comparáidí den sórt sin tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE a leasú chun a cheangal ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi mhodh na comparáide, faoi na táirgí atá faoi réir comparáide agus faoi sholáthróirí na dtáirgí sin, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Leis sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh tomhaltóirí cinntí idirbhirt níos eolaí agus iad ag brath ar chomparáidí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go mbeadh comparáidí den sórt sin oibiachtúil go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu, trí mhodh coiteann agus toimhdí coiteanna a úsáid, agus trí chomparáid a dhéanamh idir gnéithe ábhartha agus infhíoraithe na dtáirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile.

(7)

Is féidir baint a bheith ag lipéid inbhuanaitheachta le go leor saintréithe de tháirge, próiseas nó gnó, agus tá sé ríthábhachtach a dtrédhearcacht agus a gcreidiúnacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin, nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí trí chleachtais den sórt sin a áireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Sula dtaispeánfar lipéad inbhuanaitheachta, ba cheart don trádálaí a áirithiú, de réir théarmaí na scéime deimhniúcháin, ar téarmaí iad atá ar fáil go poiblí, go gcomhlíonann sé íoschoinníollacha trédhearcachta agus creidiúnachta, lena n-áirítear go ndéantar faireachán oibiachtúil ar chomhlíonadh cheanglais na scéime. Ba cheart do thríú páirtí an faireachán sin a dhéanamh, tríú páirtí a n-áirithítear a inniúlacht agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar chaighdeáin agus nósanna imeachta de chuid an Aontais nó ar chaighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta, mar shampla trína léiriú go bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh, amhail ISO 17065 ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’ nó trí na sásraí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Is féidir fós lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint gan scéim deimhniúcháin i gcás ina mbunaíonn údarás poiblí lipéid den sórt sin, nó i gcás ina n-úsáidtear bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh i gcás bia i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

Samplaí de lipéid inbhuanaitheachta a bhunaigh údaráis phoiblí is ea lógónna a bhronntar nuair a chomhlíontar ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 (6) nó (CE) Uimh. 66/2010 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is féidir le roinnt marcanna deimhniúcháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), feidhmiú mar lipéid inbhuanaitheachta freisin má chuireann siad táirge, próiseas nó gnó chun cinn ag tagairt, mar shampla, dá shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó don dá rud. Níor cheart don trádálaí a bheith in ann marcanna deimhniúcháin den sórt sin a thaispeáint ach amháin má tá siad bunaithe ag údaráis phoiblí nó má tá siad bunaithe ar scéim deimhniúcháin. Leis an riail sin, comhlánaítear Iarscríbhinn I, pointe (4), a ghabhann le Treoir 2005/29/CE, lena gcuirtear toirmeasc ar mhaíomh a dhéanamh go bhfuil trádálaí, cleachtais tráchtála trádálaí nó táirge formheasta, formhuinithe nó údaraithe ag comhlacht poiblí nó príobháideach i gcás nach amhlaidh an cás, nó maíomh den sórt sin a dhéanamh gan téarmaí an fhormheasa, an fhormhuinithe ná an údaraithe a chomhlíonadh. Caighdeáin dheonacha mhargadhbhunaithe agus caighdeáin dheonacha phoiblí le haghaidh bannaí glasa agus inbhuanaithe, níl siad dírithe go príomha ar infheisteoirí miondíola agus tá siad faoi réir dlíthe sonracha. Ar na cúiseanna sin, níor cheart a mheas gur lipéid inbhuanaitheachta iad na caighdeáin sin faoin Treoir seo. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh údaráis phoiblí, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le dlí an Aontais, bearta chun cinn chun rochtain ar lipéid inbhuanaitheachta a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

(8)

I gcásanna ina mbíonn cumarsáid tráchtála ag gabháil le taispeáint lipéid inbhuanaitheachta lena dtugtar le fios nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach ag táirge ar an gcomhshaol nó go bhfuil tionchar nialasach aige ar an gcomhshaol, nó gur lú dochair a dhéanann sé don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí atá in iomaíocht leis, ba cheart an lipéad inbhuanaitheachta sin a mheas freisin mar mhaíomh comhshaoil.

(9)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar mhaíomh cineálach comhshaoil a dhéanamh gan feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth atá ábhartha don mhaíomh. I measc samplaí de mhaímh chineálacha chomhshaoil tá ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘éicea-chairdiúil’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘éiceolaíoch’, ‘ceart don chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘séimh ar an gcomhshaol’, ‘comhshaol ísealcharbóin’, ‘tíosach ar fhuinneamh’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla lena dtugtar le fios nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuiltear ag tabhairt feidhmíocht chomhshaoil den scoth. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh chineálacha chomhshaoil den sórt sin nuair nach féidir feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú. Aon uair ina gcuirtear sonraíocht an mhaímh comhshaoil ar fáil i dtéarmaí soiléire agus feiceálacha ar an meán céanna, amhail an mhír fógraíochta chéanna, pacáistíocht an táirge nó comhéadan díolacháin ar líne, ní mheastar gur maíomh cineálach comhshaoil é an maíomh comhshaoil. Mar shampla, maidir leis an maíomh ‘pacáistíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid’, maíomh cineálach a bheadh sa mhaíomh sin, ach, ag an am céanna, maíomh sonrach a bheadh ann dá ndéanfaí a mhaíomh ‘tagann 100 % den fhuinneamh a úsáidtear chun an phacáistíocht sin a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite’, rud nach dtiocfadh faoin toirmeasc sin, gan dochar d’fhorálacha eile Threoir 2005/29/CE a bheadh fós infheidhme maidir leis na maímh shonracha sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh maíomh a dhéantar i bhfoirm scríofa nó ó bhéal i dteannta maímh intuigthe amhail dathanna nó íomhánna a bheith ina mhaíomh cineálach comhshaoil.

(10)

Is féidir feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú trí Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 a chomhlíonadh, trí scéimeanna éicilipéadaithe EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit a chomhlíonadh, nó trí chomhfhreagairt don fheidhmíocht chomhshaoil is fearr i gcás saintréith chomhshaoil shonrach i gcomhréir le dlíthe infheidhme eile de chuid an Aontais, amhail aicme A i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Maidir leis an bhfeidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth atá i gceist, ba cheart í a bheith ábhartha maidir leis an maíomh ina iomláine. Mar shampla, d’fhéadfaí maíomh cineálach comhshaoil amhail ‘tíosach ar fhuinneamh’ a dhéanamh bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369. Os a choinne sin, ní fhéadfaí maíomh cineálach comhshaoil amhail ‘in-bhithdhíghrádaithe’ a dhéanamh bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, a mhéid nach bhfuil aon cheanglas maidir le bith-dhíghrádaitheacht i gcritéir shonracha an Éicilipéid AE a bhaineann leis an táirge i gceist. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart do thrádálaí maíomh cineálach a dhéanamh amhail ‘comhfhiosach’, ‘inbhuanaithe’ nó ‘freagrach’ bunaithe go heisiach ar fheidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth, toisc go mbaineann maímh den sórt sin le saintréithe eile sa bhreis ar na saintréithe comhshaoil, amhail saintréithe sóisialta.

(11)

Cleachtas tráchtála míthreorach eile ba cheart a thoirmeasc i ngach cás agus, ar an gcaoi sin, a chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea maíomh comhshaoil a dhéanamh i leith an táirge ina iomláine nó i leith ghnó an trádálaí ina iomláine nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge nó le gníomhaíocht shonrach, neamhionadaíoch ghnó an trádálaí. Bheadh feidhm ag an toirmeasc sin, mar shampla, nuair a dhéantar táirge a mhargú mar tháirge ‘déanta le hábhar athchúrsáilte’, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil an táirge iomlán déanta d’ábhar athchúrsáilte, nuair nach bhfuil ann ach an phacáistíocht atá déanta d’ábhar athchúrsáilte, nó nuair a thugann trádálaí le tuiscint nach n-úsáideann sé ach foinsí fuinnimh in-athnuaite nuair is é fírinne an scéil go n-úsáideann roinnt saoráidí gnó de chuid an trádálaí breoslaí iontaise go fóill. Dá réir sin, leis an toirmeasc, níor cheart cosc a chur ar thrádálaí maímh chomhshaoil a dhéanamh faoina ghnó ina iomláine, ar choinníoll go bhfuil na maímh sin cruinn agus infhíoraithe agus nach ndéanann siad áibhéil faoin tairbhe chomhshaoil, amhail mar a bheadh sa chás sa dara ceann de na samplaí sin dá dtuairisceodh an trádálaí sin laghdú ar úsáid breoslaí iontaise dá ghnó ina iomláine.

(12)

Tá sé tábhachtach go háirithe toirmeasc a chur ar mhaímh a dhéanamh, bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge, bíodh sé ina earra nó ina sheirbhís, ar an gcomhshaol ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh den sórt sin i ngach cúinse agus ba cheart iad a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE toisc go gcuireann siad tomhaltóirí ar míthreoir sa chaoi go gcreidfidís go mbaineann maímh den sórt sin leis an táirge féin nó le soláthar agus táirgeadh an táirge sin, nó toisc go dtugann siad le tuiscint, go bréagach, do thomhaltóirí nach bhfuil aon tionchar ag tomhaltas an táirge sin ar an gcomhshaol. I measc samplaí de mhaímh den sórt sin tá ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’, ‘deimhnithe neodrach ó thaobh CO2’, ‘carbóndearfach’, ‘glan-nialas aeráide’, ‘cúiteamh don aeráid’, ‘tionchar laghdaithe aeráide’ agus ‘lorg teoranta CO2’. Níor cheart maímh den sórt sin a cheadú ach amháin nuair atá siad bunaithe ar thionchar saolré iarbhír an táirge atá i gceist, agus nach bhfuil bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa lasmuigh de shlabhra luacha an táirge, ós rud é nach bhfuil an chéad cheann díobh sin coibhéiseach leis an dara ceann díobh sin. Le toirmeasc den sórt sin, níor cheart cosc a chur ar chuideachtaí fógraíocht a dhéanamh faoina n-infheistíochtaí i dtionscnaimh chomhshaoil, lena n-áirítear tionscadail creidmheasa carbóin, fad a sholáthraíonn siad faisnéis den sórt sin ar bhealach nach bhfuil míthreorach agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(13)

Caithfear ceanglais bhreise maidir le maímh chomhshaoil a leagan síos i ngníomhartha dlí sonracha de chuid an Aontais. Leis na ceanglais nua sin, cuirfear leis an gcuspóir atá i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], eadhon cur ar chumas ceannaitheoirí cinntí níos inbhuanaithe a dhéanamh agus an baol a laghdú go ndéanfaí glas-snasú trí fhaisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe.

(14)

I gcás ina margaítear earraí ar fud na mBallstát mar earraí atá comhionann le hearraí eile cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na n-earraí sin i ndáiríre, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus tabhairt orthu cinneadh idirbhirt a dhéanamh nach ndéanfaidís murach sin. Tugtar aghaidh go sainráite ar chleachtais mhargaíochta den sórt sin in Airteagal 6(2), pointe (c), de Threoir 2005/29/CE, a tugadh isteach le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a bhí ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm amhail ón 28 Bealtaine 2022. Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus tuairisciú in 2024 ar chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/2161, lena n-áirítear Airteagal 6(2), pointe (c), de Threoir 2005/29/CE agus i dtaobh ar cheart na cleachtais sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n-áirítear toirmeasc in Iarscríbhinn I. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha nua sa Treoir seo i gcoinne an ghlas-snasaithe maidir le cleachtais den sórt sin ina margaítear leaganacha den táirge céanna mar tháirgí atá comhionann i mBallstáit éagsúla in ainneoin difríochtaí suntasacha a bheith eatarthu dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (c), de Threoir 2005/29/CE.

(15)

Cur i láthair ceanglas a fhorchuirtear leis an dlí ar na táirgí go léir sa chatagóir táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear táirgí allmhairithe, mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí, ba cheart an cur i láthair sin a thoirmeasc i ngach cás agus dá bhrí sin é a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin, mar shampla, i gcás ina ndéanann trádálaí fógraíocht faoi tháirge ar leith mar tháirge nach bhfuil substaint cheimiceach shonrach ann nuair atá an tsubstaint sin toirmiscthe cheana de réir an dlí le haghaidh gach táirge atá sa chatagóir táirge sin san Aontas. Os a choinne sin, níor cheart a chumhdach leis an toirmeasc cleachtais tráchtála lena gcuirtear chun cinn comhlíonadh ceanglas dlí ag trádálaithe nó ag táirgí, ar ceanglais iad nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le táirgí áirithe ach nach bhfuil feidhm acu maidir le táirgí iomaíocha eile den chatagóir chéanna ar mhargadh an Aontais, amhail táirgí nach de thionscnamh an Aontais iad. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go gceanglaítear ar tháirgí áirithe ar an margadh ceanglais dlí áirithe a chomhlíonadh agus nach gceanglaítear ar tháirgí eile sa chatagóir chéanna táirgí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Mar shampla, a mhéid a bhaineann le táirgí éisc a tháirgtear go hinbhuanaithe i gcomhréir le dlí an Aontais, cheadófaí saintréithe inbhuanaitheachta na dtáirgí sin a chomhlíonann ceanglais dlí an Aontais a chur chun cinn, mura gceanglaítear ar tháirgí éisc de thionscnamh tríú tír a thairgtear ar mhargadh an Aontais na ceanglais dlí sin de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

(16)

Chun feabhas a chur ar leas na dtomhaltóirí, leis na leasuithe ar Threoir 2005/29/CE, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena n-áirítear cleachtais dífheidhmeachta luaithe pleanáilte, a thuigtear mar bheartas tráchtála lena mbaineann táirge a phleanáil nó a dhearadh d’aon ghnó sa chaoi is go mbeadh saolré theoranta aige ionas go mbeidh sé dífheidhmithe roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe nó tar éis déine úsáide réamhshocraithe. Is cúis díobhála do thomhaltóirí táirgí a cheannach a bhfuiltear ag súil leis go mairfidís níos faide ná mar a mhaireann siad i ndáiríre. Thairis sin, bíonn tionchar diúltach foriomlán ar an gcomhshaol ag cleachtais dífheidhmeachta luaithe, i bhfoirm níos mó dramhaíola agus úsáid mhéadaithe fuinnimh agus ábhar. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar fhaisnéis a bhaineann le cleachtais dífheidhmeachta luaithe, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach.

(17)

Ba cheart é a bheith toirmiscthe freisin faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE an fhaisnéis a choinneáil siar ó thomhaltóirí go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar fheidhmiú earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha. Go ginearálta, táthar ag súil leis go mbeadh faisnéis den sórt sin ag trádálaithe atá freagrach as nuashonruithe bogearraí a fhorbairt, agus i gcásanna eile is féidir le trádálaithe brath ar fhaisnéis iontaofa a sholáthraíonn, mar shampla, forbróirí bogearraí, soláthróirí nó údaráis náisiúnta inniúla. Mar shampla, agus cuireadh á thabhairt do thomhaltóirí an córas oibriúcháin ar a bhfón cliste a nuashonrú, níor cheart don trádálaí faisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú den sórt sin ar fheidhmiú aon cheann de ghnéithe an fhóin chliste, amhail an ceallra, feidhmíocht feidhmchlár áirithe nó go dtiocfaidh moilliú iomlán ar an bhfón cliste dá bharr sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin maidir le haon nuashonrú, lena n-áirítear nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta. Maidir le nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, is gá chun an t-earra, an t-ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht, ba cheart feidhm freisin a bheith ag Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus ag Airteagal 7 de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ní dochar an méid sin d’Airteagal 19 de Threoir (AE) 2019/770.

(18)

Tá gá le nuashonruithe bogearraí ar nuashonruithe slándála iad chun úsáid shlán a bhaint as an táirge cé nach ionann an cás maidir le nuashonruithe a bhaineann le gnéithe feidhmiúlachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, le Treoir 2005/29/CE, ba cheart cur i láthair nuashonraithe bogearraí a thoirmeasc de réir mar is gá chun an táirge a choinneáil i gcomhréireacht i gcás nach bhfeabhsaíonn an nuashonrú sin ach gnéithe feidhmiúlachta.

(19)

Is cleachtas tráchtála atá díobhálach do thomhaltóirí agus don chomhshaol é cumarsáid tráchtála le haghaidh earraí ina bhfuil gné a tugadh isteach chun a marthanacht a theorannú toisc go spreagann sí díol earraí den sórt sin as a dtagann costais níos airde do thomhaltóirí agus úsáid neamhriachtanach acmhainní, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Dá bhrí sin, ba cheart cumarsáid tráchtála den sórt sin a thoirmeasc i gcás ina bhfuil faisnéis faoin ngné agus faoina héifeachtaí ar mharthanacht an earra ar fáil don trádálaí. D’fhéadfaí a áireamh i measc samplaí de ghnéithe den sórt sin bogearraí lena stoptar nó lena n-íosghrádaítear feidhmiúlacht an earra tar éis tréimhse áirithe, nó píosa crua-earraí atá deartha sa chaoi go dteipfidh sé tar éis tréimhse áirithe. Sampla eile a d’fhéadfadh a bheith ann freisin ná locht dearaidh nó monaraíochta, cé nár tugadh isteach é mar ghné chun na críche sin, rud a fhágann go dteipfidh an t-earra roimh am, mura gceartaítear é a luaithe a bheidh an fhaisnéis faoin ngné sin a bheith ann agus faoi éifeacht na gné sin ar fáil don trádálaí. I gcomhthéacs an toirmisc sin, áirítear le cumarsáid tráchtála cumarsáid atá ceaptha chun na hearraí a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach. Ní hionann monarú earraí agus iad a chur ar fáil ar an margadh agus cumarsáid tráchtála. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an toirmeasc sin na trádálaithe arb iad táirgeoirí na n-earraí iad a chumhdach den chuid is mó, toisc gurb iadsan a chinneann marthanacht na n-earraí.

Dá bhrí sin, go ginearálta, nuair a shainaithnítear earra mar earra ina bhfuil gné chun an mharthanacht a theorannú, ba cheart a bheith ag súil leis go mbeadh táirgeoir an earra sin ar an eolas faoin ngné sin agus faoina héifeacht ar mharthanacht an earra sin. Mar sin féin, leis an toirmeasc sin, ba cheart díriú ar thrádálaithe nach táirgeoirí na n-earraí iad, amhail na díoltóirí, i gcás ina mbíonn faisnéis iontaofa ar fáil dóibh faoin ngné agus faoina héifeachtaí ar mharthanacht, amhail ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh faisnéis den sórt sin ar fáil don trádálaí, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc is cuma cibé acu atá an trádálaí ar an eolas i ndáiríre faoin bhfaisnéis sin nó nach bhfuil, mar shampla trí neamhaird a thabhairt uirthi. Chun go measfaí cleachtas tráchtála den sórt sin a bheith éagórach, níor cheart gur gá a léiriú gurb é cuspóir na gné athsholáthar an earra atá i gceist a spreagadh, ach bheadh sé leordhóthanach a chruthú gur tugadh an ghné isteach chun marthanacht an earra a theorannú. Leis an toirmeasc sin, comhlánaítear na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta faoi Threoir (AE) 2019/771 agus ní dhéanann an toirmeasc sin difear do na leigheasanna sin. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir úsáid gnéithe lena gcuirtear teorainn le marthanacht na n-earraí agus cleachtais mhonaraíochta ina n-úsáidtear ábhair nó próisis ar cháilíocht atá íseal go ginearálta agus a mbíonn marthanacht theoranta na n-earraí mar thoradh orthu. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh ábhair nó próisis ar cháilíocht íseal a úsáid, ba cheart di leanúint de bheith faoi rialú na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(20)

Cleachtas eile is ceart a thoirmeasc faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea an cleachtas lena n-éilítear go bréagach go bhfuil marthanacht áirithe ag an earra i dtéarmaí ama úsáide nó déine faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá gcuirfeadh trádálaí tomhaltóirí ar an eolas go bhfuiltear ag súil leis go mairfeadh meaisín níocháin líon áirithe timthriallta níocháin, i gcomhréir leis an ngnáthúsáid ionchasach a léirítear sna treoracha, ach go léiríonn úsáid iarbhír an mheaisín níocháin faoi na coinníollacha forordaithe nach amhlaidh atá. Is iad na táirgeoirí a dhéanann maímh den sórt sin den chuid is mó, toisc gurb iadsan a chinneann marthanacht na n-earraí. Dá bhrí sin, go ginearálta, táthar ag súil leis go mbeadh trádálaithe ar táirgeoirí na n-earraí iad freisin ar an eolas faoi mhaímh bhréagacha maidir le marthanacht na n-earraí, ach ba cheart do thrádálaithe eile amhail díoltóirí brath ar fhaisnéis iontaofa atá ar fáil dóibh, mar shampla bunaithe ar ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó ar fhaisnéis arna soláthar ag an táirgeoir. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh fabhtanna ó am go chéile i monaraíocht earra, ba cheart di leanúint de bheith faoi rialú na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(21)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar tháirgí a chur i láthair mar tháirgí is féidir a dheisiú nuair nach féidir deisiú den sórt sin a dhéanamh.

(22)

Leis an toirmeasc ar na cleachtais sin i ndáil le marthanacht agus indeisitheacht i dTreoir 2005/29/CE, sholáthrófaí uirlis forfheidhmiúcháin bhreise d’údaráis cosanta tomhaltóirí na mBallstát chun cosaint níos fearr a thabhairt do leasanna tomhaltóirí i gcásanna nach gcomhlíonann trádálaithe na ceanglais maidir le marthanacht agus indeisitheacht earraí faoi dhlí táirgeshonrach an Aontais.

(23)

Cleachtas eile a bhaineann le dífheidhmeacht luath ba cheart a thoirmeasc agus a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea an tomhaltóir a spreagadh chun tomhaltáin táirge a athsholáthar nó a athshlánú níos luaithe ná mar ba ghá murach sin ar chúiseanna teicniúla. Le cleachtais den sórt sin, cuirtear an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann an tomhaltóir nach bhfeidhmeoidh na hearraí níos mó mura ndéantar a dtomhaltáin a athsholáthar, rud a fhágann go gceannaíonn an tomhaltóir níos mó tomhaltán ná mar is gá. Mar shampla, ba cheart toirmeasc a chur ar an gcleachtas faoina spreagtar don tomhaltóir, trí shocruithe an phrintéara, cartúis dúigh an phrintéara a athrú sula mbíonn siad folamh i ndáiríre chun ceannach cartús breise dúigh a spreagadh.

(24)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar fhaisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir faoi lagú feidhmiúlachta earra agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh. Mar shampla, má tá printéir deartha sa chaoi go dteorannófaí a fheidhmiúlacht agus cartúis dúigh á n-úsáid nach soláthraíonn táirgeoir bunaidh an phrintéara, níor cheart an fhaisnéis sin a chur i bhfolach ón tomhaltóir toisc go bhféadfadh cleachtas den sórt sin an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le cartús dúigh malartach a cheannach nach féidir a úsáid le haghaidh an phrintéara sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh sruthanna dramhaíola neamhriachtanacha nó costais bhreise ann don tomhaltóir. Ar an gcaoi chéanna, má tá gléas cliste deartha sa chaoi go dteorannófaí a fheidhmiúlacht agus úsáid á baint as luchtairí nó páirteanna spártha nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, níor cheart an fhaisnéis sin a chur i bhfolach ón tomhaltóir tráth an cheannaigh. Ba cheart toirmeasc a chur freisin ar an tomhaltóir a chur ar míthreoir sa chaoi go gcreidfeadh an tomhaltóir go gcuirfidh úsáid tomhaltán, páirteanna spártha nó gabhálas nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh isteach ar fheidhmiúlacht earra nuair nach amhlaidh an cás. Go ginearálta, táthar ag súil leis go mbeadh an fhaisnéis sin ag trádálaithe ar táirgeoirí na n-earraí sin iad freisin, ach ba cheart do thrádálaithe eile amhail díoltóirí brath ar fhaisnéis iontaofa atá ar fáil dóibh, mar shampla bunaithe ar ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó ar fhaisnéis arna soláthar ag an táirgeoir.

(25)

Chun gur féidir le tomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus chun an t-éileamh ar earraí níos marthanaí, agus soláthar na n-earraí sin, a spreagadh, ba cheart faisnéis shonrach faoi mharthanacht agus indeisitheacht táirge a sholáthar le haghaidh gach cineáil earra sula dtabharfar an conradh i gcrích. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin tréimhse a bhfuil nuashonruithe bogearraí saor in aisce ar fáil lena linn. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a leasú chun faisnéis réamhchonarthach a sholáthar do thomhaltóirí faoi mharthanacht, indeisitheacht agus infhaighteacht nuashonruithe. Ba cheart faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Leis an oibleagáid an fhaisnéis sin a sholáthar do thomhaltóirí, comhlánaítear cearta tomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771 agus ní dhéantar difear dóibh.

(26)

Dea-tháscaire ar mharthanacht earra is ea ráthaíocht tráchtála an táirgeora um marthanacht de réir bhrí Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771. Is ionann ráthaíocht tráchtála an táirgeora um marthanacht agus gealltanas ó tháirgeoir don tomhaltóir maidir le marthanacht earra. Go sonrach, is gealltanas é go gcoinneoidh earra a fheidhmeanna riachtanacha agus a fheidhmíocht riachtanach trí ghnáthúsáid. Chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go dtairgtear ráthaíocht um marthanacht le haghaidh earra ar leith, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar don tomhaltóir trí úsáid a bhaint as lipéad comhchuibhithe. Ba cheart ceangal a chur ar thrádálaithe a dhíolann earraí, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis ar fáil don trádálaí, tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aon ráthaíocht tráchtála um marthanacht a bheith ann, a thairgeann an táirgeoir gan costas breise, lena gcumhdaítear an t-earra iomlán, agus a bhfuil fad níos mó ná 2 bhliain léi, agus faoi fhad ráthaíochtaí den sórt sin. Níor cheart a chur de cheangal ar an trádálaí faisnéis den sórt sin a lorg go gníomhach ón táirgeoir, mar shampla, trí chuardach a dhéanamh ar shuíomhanna gréasáin táirgeshonracha. Chun mearbhall tomhaltóirí idir an ráthaíocht tráchtála um marthanacht agus an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht a sheachaint, ba cheart a mheabhrú do thomhaltóirí ar an lipéad comhchuibhithe go mbaineann siad tairbhe freisin as an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht.

(27)

Léiríodh le tuarascálacha a rinneadh le déanaí gur minic nach mbíonn tomhaltóirí ar an eolas faoina gcearta dlíthiúla faoi Threoir (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, le fógra comhchuibhithe, ba cheart a mheabhrú do thomhaltóirí gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht agus ba cheart príomhghnéithe na ráthaíochta sin a mheabhrú dóibh, lena n-áirítear fad íosta 2 bhliain na ráthaíochta sin agus tagairt ghinearálta go bhféadfadh fad na ráthaíochta dlíthiúla um chomhréireacht a bheith níos faide faoin dlí náisiúnta. Leis sin, cuirfear cosc ar mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an bhfaisnéis faoin ráthaíocht tráchtála um marthanacht.

(28)

Ba cheart an lipéad comhchuibhithe a thaispeáint ar bhealach feiceálach agus ba cheart é a úsáid ar bhealach a chuireann ar chumas na dtomhaltóirí a shainaithint go héasca cé na hearraí ar leith a bhaineann tairbhe as ráthaíocht tráchtála um marthanacht a thairgeann an táirgeoir gan costas breise, lena gcumhdaítear an t-earra iomlán, agus a bhfuil fad níos mó ná 2 bhliain léi, mar shampla tríd an lipéad a chur go díreach ar phacáistíocht earra ar leith, tríd an lipéad a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an tseilf ar a gcuirtear na hearraí a chumhdaítear le ráthaíocht den sórt sin nó trína chur go díreach in aice leis an bpictiúr den earra i gcás díolacháin ar líne. Is féidir le táirgeoirí a thairgeann ráthaíochtaí tráchtála um marthanacht den sórt sin an lipéad comhchuibhithe a chur go díreach ar an earra ar leith nó ar a phacáistíocht, agus é mar aidhm leis sin tairbhe a bhaint as buntáiste tráchtála. Ba cheart do thrádálaithe a áirithiú go bhfuil an lipéad comhchuibhithe le feiceáil go soiléir. Idir an dá linn, leis an bhfógra comhchuibhithe, ba cheart meabhrúchán ginearálta a sholáthar do na tomhaltóirí maidir leis an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht is infheidhme maidir le gach earra i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771. Ba cheart an fógra comhchuibhithe a thaispeáint ar bhealach feiceálach, mar shampla, ar phóstaer ar bhealach tarraingteach ar bhalla sa siopa, in aice leis an gcuntar íocaíochta nó, i gcásanna díolacháin ar líne, a chur mar mheabhrúchán ginearálta ar shuíomh gréasáin an trádálaí atá ag díol earraí.

(29)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le dearadh agus ábhar an lipéid comhchuibhithe agus an fhógra comhchuibhithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(30)

I bhfianaise íostréimhse 2 bhliain na ráthaíochta dlíthiúla um chomhréireacht dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/771 agus i bhfianaise go dteipeann ar go leor táirgí tar éis an ama sin, maidir leis an oibleagáid atá ar an trádálaí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora um marthanacht a bheith ann agus faoi fhad na ráthaíochta sin trí úsáid a bhaint as lipéad comhchuibhithe, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin ach amháin maidir le ráthaíochtaí tráchtála um marthanacht a thairgtear ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain. Ina theannta sin, leis an lipéad comhchuibhithe, ba cheart a mheabhrú do thomhaltóirí gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht.

(31)

Chun gur fusa do thomhaltóirí cinntí idirbhirt níos eolaí a dhéanamh agus earraí á gcur i gcomparáid acu sula dtugtar conradh i gcrích, ba cheart do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas gurb ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora um marthanacht, agus faoi fhad na ráthaíochta sin, le haghaidh an earra iomláin agus ní le haghaidh comhpháirteanna sonracha den earra.

(32)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an táirgeoir agus ag an díoltóir i gcónaí cineálacha eile ráthaíochtaí tráchtála agus seirbhísí iardhíola a thairiscint. Níor cheart, áfach, don fhaisnéis a sholáthraítear don tomhaltóir faoi ráthaíochtaí tráchtála eile nó seirbhísí eile mearbhall a chur ar an tomhaltóir a mhéid a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála um marthanacht a thairgeann an táirgeoir gan costas breise a bheith ann agus le fad na ráthaíochta sin, lena gcumhdaítear an t-earra iomlán agus a bhfuil fad níos mó 2 dhá bhliain léi, agus a n-úsáidtear lipéad comhchuibhithe ina leith.

(33)

Chun go bhféadfaidh tomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus chun iomaíocht a chur chun cinn idir táirgeoirí a mhéid a bhaineann le marthanacht earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na trádálaithe a dhíolann na hearraí sin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin íostréimhse ar lena linn a gheallann an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar d’earraí den sórt sin, cibé acu a shloinntear í mar thréimhse ama nó faoi threoir dáta. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do thrádálaithe a thairgeann ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin íostréimhse ar lena linn a gheallann soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití nuashonruithe bogearraí a sholáthar, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, is gá chun an t-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréireacht. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an oibleagáid sin go bhfaighidh tomhaltóirí an fhaisnéis sin ar bhealach simplí agus soiléir ionas gur féidir leo comparáid a dhéanamh idir íostréimhsí éagsúla. Tá an méid sin gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i ndlí an Aontais, go háirithe i dTreoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771 agus, i gcás inarb infheidhme, i ndlí táirgeshonrach an Aontais. Ba cheart an fhaisnéis maidir le nuashonruithe bogearraí a sholáthar ar bhealach nach bhfuil míthreorach faoi Threoir 2005/29/CE. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an trádálaí an fhaisnéis sin a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin curtha ar fáil ag an táirgeoir nó ag an soláthraí.

(34)

De bhun Airteagal 5(1), pointe (e), agus Airteagal 6(1), pointe (m), de Threoir 2011/83/AE, sula mbeidh tomhaltóirí faoi cheangal ag conradh, tá oibleagáid ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi na seirbhísí iardhíola agus faoi na coinníollacha a bhaineann leo, lena n-áirítear seirbhísí deisithe, i gcás ina gcuirtear seirbhísí den sórt sin ar fáil. Ina theannta sin, ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí idirbhirt níos eolaí a dhéanamh agus earraí a roghnú ar fusa iad a dheisiú, ba cheart do thrádálaithe, i gcás inarb infheidhme, sula mbeidh tomhaltóirí faoi cheangal ag an gconradh, an scór indeisitheachta don earra arna sholáthar ag an táirgeoir agus arna bhunú ar leibhéal an Aontais a sholáthar.

(35)

Chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas maidir le hindeisitheacht na n-earraí a cheannaíonn siad, i gcás nach mbunaítear scór indeisitheachta ar leibhéal an Aontais, ba cheart do thrádálaithe faisnéis ábhartha eile a chur ar fáil faoi dheisiúchán a chuireann an táirgeoir ar fáil, amhail faisnéis maidir le hinfhaighteacht, costas measta agus nós imeachta ordaithe na bpáirteanna spártha is gá chun na hearraí a choinneáil i gcomhréireacht, infhaighteacht na dtreoracha deisiúcháin agus cothabhála agus srianta deisiúcháin.

(36)

Ba cheart do thrádálaithe an lipéad comhchuibhithe, faisnéis faoin íostréimhse le haghaidh nuashonruithe agus faisnéis faoi dheisiú seachas an scór indeisitheachta, i gcás ina gcuireann táirgeoir nó soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, más rud é nach ionann é agus an trádálaí, an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Go háirithe, a mhéid a bhaineann le hearraí, ba cheart don trádálaí an fhaisnéis a sholáthair an táirgeoir don trádálaí nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile í a chur ar fáil go héasca don tomhaltóir roimh thabhairt i gcrích an chonartha a chur in iúl do thomhaltóirí trína léiriú ar an táirge féin, a phacáistíocht nó a chlibeanna agus lipéid a rachadh an tomhaltóir i gcomhairle leo de ghnáth sula dtabharfaí an conradh i gcrích. Níor cheart a chur de cheangal ar an trádálaí faisnéis den sórt sin a lorg go gníomhach ón táirgeoir, mar shampla, trí chuardach a dhéanamh ar na suíomhanna gréasáin táirgeshonracha. Ag an am céanna, bheadh sé chun leasa na dtáirgeoirí faisnéis den sórt sin a sholáthar go réamhghníomhach chun tairbhe a bhaint as buntáiste tráchtála.

(37)

Ba cheart do thrádálaithe, i gcás inarb infheidhme, tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi infhaighteacht roghanna seachadta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail seachadadh earraí ar rothar lasta nó ar fheithicil seachadta leictreach nó go bhféadfadh roghanna loingseoireachta cuachta a bheith ann.

(38)

Má chuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh le cianchonradh atá le tabhairt i gcrích trí mhodhanna leictreonacha, ba cheart don trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin lipéad comhchuibhithe, aon uair a sholáthraítear é, ar bhealach soiléir feiceálach, agus go díreach sula gcuirfidh an tomhaltóir ordú isteach chun a áirithiú go gcuirfidh an tomhaltóir an fhaisnéis sin san áireamh.

(39)

Ba cheart do Threoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE leanúint de bheith ag feidhmiú mar ‘líontán sábhála’, lena n-áirithítear gur féidir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a choinneáil ar bun i ngach earnáil trí dhlí earnáilsonrach agus táirgeshonrach an Aontais a bhfuil forlámhas aige i gcás coinbhleachta a chomhlánú.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cinntí idirbhirt níos eolaí ag tomhaltóirí a chumasú chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, cleachtais a dhéanann dochar don gheilleagar inbhuanaithe a sheachaint agus a sheachaint go gcuirfí cosc ar thomhaltóirí roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, agus a áirithiú go gcuirtear creat dlí tomhaltóirí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus ar bhealach comhsheasmhach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(41)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(42)

Chun cur i bhfeidhm cuí na Treorach seo a éascú, tá sé tábhachtach go gcoinneodh an Coimisiún na doiciméid treorach maidir le Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE cothrom le dáta chun ábhar na Treorach seo a chur san áireamh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ca)

ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).’;"

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(o)

ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear léiriú téacs, pictiúrtha, grafach nó siombalach, amhail lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáid tráchtála, agus ina luaitear nó ina dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó tionchar nialasach ag táirge, catagóir táirge, branda nó trádálaí ar an gcomhshaol nó gur lú dochair a dhéanann sé nó sí don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí, catagóirí táirgí, brandaí nó trádálaithe eile, nó gur chuir sé nó sí feabhas ar an tionchar atá aige nó aici le himeacht ama;

(p)

ciallaíonn ‘maíomh cineálach comhshaoil’ aon mhaíomh comhshaoil a dhéantar i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm ó bhéal, lena n-áirítear trí mheáin chlosamhairc, nach n-áirítear ar lipéad inbhuanaitheachta agus i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna;

(q)

ciallaíonn ‘lipéad inbhuanaitheachta’ aon mharc iontaoibhe deonach, aon mharc cáilíochta nó a choibhéis, bíodh sé poiblí nó príobháideach, a bhfuil sé d’aidhm aige idirdhealú a dhéanamh idir táirge, próiseas nó gnó agus cinn eile agus táirge, próiseas nó gnó a chur chun cinn faoi threoir a shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó faoi threoir an dá rud, agus lena n-eisiatar aon lipéad éigeantach a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(r)

ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíoraithe tríú páirtí lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge, próiseas nó gnó ceanglais áirithe agus lena gceadaítear lipéad inbhuanaitheachta comhfhreagrach a úsáid, a bhfuil a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, ar fáil go poiblí agus a gcomhlíonann a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, na critéir seo a leanas:

(i)

tá an scéim oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma, agus neamh-idirdhealaitheacha do gach trádálaí atá toilteanach agus ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh;

(ii)

is é úinéir na scéime a fhorbraíonn ceanglais na scéime i gcomhairle le saineolaithe ábhartha agus geallsealbhóirí ábhartha;

(iii)

leagtar amach sa scéim nósanna imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime agus déantar foráil léi maidir leis an úsáid a bhaineann an trádálaí as an lipéad inbhuanaitheachta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime; agus

(iv)

tá an faireachán a dhéantar ar chomhlíonadh cheanglais na scéime ag an trádálaí faoi réir nós imeachta oibiachtúil agus déanann tríú páirtí é a bhfuil a inniúlacht agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar chaighdeáin agus nósanna imeachta de chuid an Aontais nó ar chaighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta;

(s)

ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth’ feidhmíocht chomhshaoil a chomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) nó a chomhlíonann scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024 arna n-aithint go hoifigiúil sna Ballstáit, nó a chomhlíonann an fheidhmíocht chomhshaoil is fearr i gcomhréir le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;

(t)

ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/771;

(u)

ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréireacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus Treoir (AE) 2019/771, lena n-áirítear nuashonrú slándála, nó nuashonrú feidhmiúlachta;

(v)

ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar nó a athshlánú ionas go bhfeidhmeoidh an t-earra mar a bhí beartaithe;

(w)

ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2019/771.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1)."

(*3)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

príomhthréithe an táirge, amhail a infhaighteacht, a thairbhí, na rioscaí a ghabhann leis, an chaoi ina ndéantar é, a chomhdhéanamh, a shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, a ghabhálais, a ghnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, cúnamh iardhíola do chustaiméirí agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, an seachadadh, a oiriúnaí atá sé don fheidhm, a úsáid, a chainníocht, a shonraíocht, a thionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeifear ag súil leo óna úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge.’;

(b)

i mír 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(d)

maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais shoiléire, oibiachtúla, infhíoraithe atá ar fáil go poiblí agus a leagtar amach i bplean cur chun feidhme mionsonraithe réalaíoch lena n-áirítear spriocanna intomhaiste agus faoi cheangal ama agus eilimintí ábhartha eile is gá chun tacú lena chur chun feidhme, amhail leithdháileadh acmhainní, agus a fhíoraítear go rialta ag saineolaí tríú páirtí neamhspleách, a gcuirtear a thorthaí ar fáil do thomhaltóirí;

(e)

fógraíocht a dhéanamh do thomhaltóirí faoi thairbhí nach mbaineann le hábhar agus nach dtagann as aon ghné den táirge ná den ghnó.’;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.

I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís lena ndéantar comparáid idir táirgí agus lena soláthraítear faisnéis don tomhaltóir faoi shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó faoi ghnéithe ciorclaíochta na dtáirgí sin nó sholáthraithe na dtáirgí sin, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, measfar gur faisnéis ábhartha í faisnéis faoin modh comparáide, faoi na táirgí arb ábhar comparáide iad agus faoi sholáthraithe na dtáirgí sin, agus faoi na bearta atá i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a choimeád cothrom le dáta.’;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(14a)

ciallaíonn ‘ráthaíocht tráchtála um marthanacht’ ráthaíocht tráchtála de chuid táirgeora um marthanacht dá dtagraítear in Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771, faoina bhfuil an táirgeoir faoi dhliteanas díreach don tomhaltóir le linn thréimhse iomlán na ráthaíochta tráchtála um marthanacht chun na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2019/771, nuair nach gcoinníonn na hearraí a marthanacht;

(14b)

ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/771;

(14c)

ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2019/771;

(14d)

ciallaíonn ‘scór indeisitheachta’ scór lena léirítear an cumas atá ag earra chun bheith deisithe, bunaithe ar cheanglais chomhchuibhithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais;

(14e)

ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n-áirítear nuashonrú slándála, is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréireacht i gcomhréir le Treoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771;’

(2)

in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí agus meabhrúchán faoina príomheilimintí, lena n-áirítear fad íosta 2 bhliain na ráthaíochta dlíthiúla sin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/771, ar bhealach feiceálach, agus úsáid á baint as an bhfógra comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 22a den Treoir seo;’;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(ea)

i gcás ina dtairgeann an táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir gan costas breise, lena gcumhdaítear an t-earra iomlán agus a bhfuil níos mó ná 2 bhliain léi agus ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil don trádálaí, an fhaisnéis go mbaineann an t-earra sin tairbhe as ráthaíocht den sórt sin, fad na ráthaíochta sin agus meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht, ar bhealach feiceálach, agus úsáid á baint as an lipéad comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 22a;

(eb)

meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;

(ec)

i gcás inarb infheidhme, ráiteas gurb ann do sheirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála agus na coinníollacha a bhaineann leo sin;

(ed)

maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, maidir le hábhar digiteach agus maidir le seirbhísí digiteacha, i gcás ina gcuireann an táirgeoir nó an soláthraí an fhaisnéis ar fáil don trádálaí, an íostréimhse, cibé acu a shloinntear í mar thréimhse ama nó faoi threoir dáta, ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nó an soláthraí nuashonruithe bogearraí.’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(i)

i gcás inarb infheidhme, an scór indeisitheachta do na hearraí;

(j)

i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (i) agus ar choinníoll go gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis ar fáil don trádálaí, faisnéis faoi infhaighteacht agus costas measta na bpáirteanna spártha is gá chun na hearraí a choinneáil i gcomhréireacht, agus faoin nós imeachta chun páirteanna spártha den sórt sin a ordú, faoi infhaighteacht treoracha deisiúcháin agus cothabhála agus faoi shrianta deisiúcháin.’;

(3)

in Airteagal 6, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

na socruithe maidir le híocaíocht, seachadadh, lena n-áirítear roghanna seachadta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, feidhmíocht, an t-am faoina ngabhfaidh an trádálaí air féin na hearraí a sheachadadh nó na seirbhísí a fheidhmiú agus, i gcás inarb infheidhme, beartas láimhseála gearán an trádálaí;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

‘(l)

meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí agus meabhrúchán faoina príomheilimintí, lena n-áirítear fad íosta 2 bhliain na ráthaíochta sin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/771, ar bhealach feiceálach, agus úsáid á baint as an bhfógra comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 22a den Treoir seo;’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(la)

i gcás ina dtairgeann an táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir gan costas breise, lena gcumhdaítear an t-earra iomlán agus a bhfuil fad níos mó ná 2 bhliain léi, agus ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil don trádálaí, an fhaisnéis go mbaineann an t-earra sin tairbhe as ráthaíocht den sórt sin, fad na ráthaíochta sin agus meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht, ar bhealach feiceálach, agus úsáid á baint as an lipéad comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 22a;

(lb)

meabhrúchán gurb ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;

(lc)

maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, maidir le hábhar digiteach agus maidir le seirbhísí digiteacha, i gcás ina gcuireann an táirgeoir nó an soláthraí an fhaisnéis ar fáil don trádálaí, an íostréimhse, cibé acu a shloinntear í mar thréimhse ama nó faoi threoir dáta, ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nó an soláthraí nuashonruithe bogearraí.’;

(d)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(u)

i gcás inarb infheidhme, an scór indeisitheachta do na hearraí;

(v)

i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (u) agus ar choinníoll go gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis ar fáil don trádálaí, faisnéis faoi infhaighteacht agus costas measta na bpáirteanna spártha is gá chun na hearraí a choinneáil i gcomhréireacht, agus faoin nós imeachta chun páirteanna spártha den sórt sin a ordú, faoi infhaighteacht treoracha deisiúcháin agus cothabhála agus faoi shrianta deisiúcháin.’;

(4)

in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2.

Má chuirtear an tomhaltóir faoi oibleagáid íocaíocht a dhéanamh mar gheall ar chianchonradh atá le tabhairt i gcrích trí mhodh leictreonach, cuirfidh an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas ar bhealach soiléir feiceálach, agus díreach sula gcuirfidh an tomhaltóir a ordú isteach, faoin bhfaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), pointí (a), (e), (la), (o) agus (p).’.

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil V:

‘Airteagal 22a

Fógra comhchuibhithe agus lipéad comhchuibhithe

1.   Chun a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas go maith agus gur féidir leo a gcearta a thuiscint go héasca ar fud an Aontais, úsáidfear fógra comhchuibhithe chun faisnéis a sholáthar de bhun Airteagal 5(1), pointe (e), agus Airteagal 6(1), pointe (l), agus úsáidfear lipéad comhchuibhithe chun faisnéis a sholáthar de bhun Airteagal 5(1), pointe (ea), agus Airteagal 6(1), pointe (la).

2.   Faoin 27 Meán Fómhair 2025, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh agus ábhar an fhógra comhchuibhithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Beidh san fhógra comhchuibhithe príomheilimintí na ráthaíochta dlíthiúla um chomhréireacht, lena n-áirítear fad íosta 2 bhliain na ráthaíochta sin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/771 agus tagairt ghinearálta go bhféadfadh fad na ráthaíochta dlíthiúla um chomhréireacht a bheith níos faide faoin dlí náisiúnta.

4.   Faoin 27 Meán Fómhair 2025, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh agus ábhar an lipéid comhchuibhithe dá dtagraítear i mír 1.

5.   Beidh an fógra comhchuibhithe agus an lipéad comhchuibhithe so-aitheanta agus sothuigthe do thomhaltóirí agus beidh siad éasca le húsáid agus le hatáirgeadh do thrádálaithe.

6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27a.’

;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’."

Airteagal 3

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

Faoin 27 Meán Fómhair 2031, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar rannchuidiú na Treorach seo le cearta tomhaltóirí a fheabhsú, go háirithe éifeachtacht an lipéid comhchuibhithe agus an fhógra comhchuibhithe maidir le feabhas a chur ar infhaighteacht ráthaíochtaí tráchtála um marthanacht agus ar an tuiscint atá ag tomhaltóirí orthu, chomh maith le feasacht na dtomhaltóirí ar a gcearta faoin ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht a fháil. Ina theannta sin, déanfar measúnú sa tuarascáil ar rannchuidiú foriomlán na Treorach seo le rannpháirtíocht tomhaltóirí san aistriú glas agus ar a tionchar ar thrádálaithe.

Beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Trasuí

1.   Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 27 Márta 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 27 Meán Fómhair 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 28 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 75.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2024.

(3)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Comhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).

(11)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(13)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(14)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.

Lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí.’;

(2)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘4a.

‘Maíomh cineálach comhshaoil a dhéanamh nach bhfuil an trádálaí in ann feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

4b.

Maíomh comhshaoil a dhéanamh maidir leis an táirge ar fad nó gnó ar fad an trádálaí nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge nó le gníomhaíocht shonrach de ghnó an trádálaí.

4c.

Maíomh a dhéanamh, bunaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhritháireamh, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge ar an gcomhshaol ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de.’;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘10a.

Ceanglais a fhorchuirtear le dlí ar na táirgí uile laistigh den chatagóir táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.’;

(4)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘23d.

Faisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar fheidhmiú earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha.

23e.

Nuashonrú bogearraí a chur i láthair mar rud riachtanach nuair nach ndéanann sé ach cur le gnéithe feidhmiúlachta.

23f.

Aon chumarsáid tráchtála i ndáil le hearra ina bhfuil gné a tugadh isteach chun a mharthanacht a theorannú d’ainneoin na faisnéise faoin ngné agus a héifeachtaí ar mharthanacht an earra a bheith ar fáil don trádálaí.

23g.

Maíomh bréagach a dhéanamh go bhfuil marthanacht áirithe ag earra ó thaobh achar nó dhéine na húsáide de faoi ghnáthchoinníollacha úsáide.

23h.

Earra a chur i láthair mar earra indeisithe nuair nach earra den sórt sin é.

23i.

An tomhaltóir a spreagadh tomhaltáin earra a athsholáthar nó a athshlánú níos luaithe ná mar is gá ar chúiseanna teicniúla.

23j.

Faisnéis a choinneáil siar maidir le lagú feidhmiúlachta earra nuair a úsáidtear tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, nó maíomh bréagach a dhéanamh go dtarlóidh lagú den sórt sin.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top