Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H1590

    Moladh (AE) 2024/1590 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2024 maidir le trasuí Airteagail 8, 9 agus 10 i ndáil le forálacha na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh i dTreoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlemaidir le héifeachtúlacht fuinnimh

    C/2024/3223

    IO L, 2024/1590, 4.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1590/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1590/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1590

    4.6.2024

    MOLADH (AE) 2024/1590 ÓN gCOIMISIÚN

    an 28 Bealtaine 2024

    maidir le trasuí Airteagail 8, 9 agus 10 i ndáil le forálacha na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh i dTreoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlemaidir le héifeachtúlacht fuinnimh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) tugadh isteach ceanglas chun an phríomhsprioc coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

    (2)

    I Moladh (AE) 2019/1658 ón gCoimisiún (2), thug an Coimisiún treoir do na Ballstáit i ndáil leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a thrasuí agus a chur i bhfeidhm de bhun Threoir 2012/27/AE, ag tacú leo bearta, uirlisí agus modheolaíochtaí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun bheith in ann leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht coigiltis fuinnimh agus an phríomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

    (3)

    Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus cuid dá forálacha a choinneáil gan athrú agus, an tráth céanna, ceanglais nua a thabhairt isteach. Go háirithe, ardaíodh go mór léi an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh.

    (4)

    Le Treoir (AE) 2023/1791 méadaíodh an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. Trí chobhsaíocht a áirithiú le haghaidh infheisteoirí agus trí infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh, tá ról tábhachtach ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le fás áitiúil, poist agus iomaíochas a chruthú, agus rannchuidiú freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú. D’áiritheofaí léi go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus tríd an nasc idir tomhaltas fuinnimh agus fás a bhriseadh.

    (5)

    Tá tionchar ag Treoir (AE) 2023/1791 ar an tréimhse oibleagáide atá ann faoi láthair (2021-2030) agus ar an tréimhse oibleagáide a bheidh ann amach anseo (2031-2040 agus ina dhiaidh sin) le haghaidh na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh, mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) di. Ba cheart tacú leis na Ballstáit chun ceanglais nua a leagtar síos i dTreoir (AE) 2023/1791 a chur chun feidhme, ar ceanglais iad atá ábhartha le haghaidh tréimhsí oibleagáide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun a shainaithint cé na ceanglais a soiléiríodh i dTreoir (AE) 2023/1791 ach nár athraíodh i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE.

    (6)

    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025.

    (7)

    Tá lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an mbealach is fearr a oireann dá gcúinsí náisiúnta chun na ceanglais i ndáil leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a thrasuí agus a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, mholfaí forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach a rannchuideodh le tuiscint chomhleanúnach ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Bhallstát go chéile agus iad ag ullmhú a mbeart trasuite.

    (8)

    Thairis sin, ba cheart treoir a thabhairt sa Mholadh seo maidir le léirmhíniú na bhforálacha sin de Threoir (AE) 2023/1791 a leasaíodh i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE. Dá bhrí sin, ba cheart é a léamh in éineacht le Moladh (AE) 2019/1658 agus ba cheart é a chomhlánú,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a leanúint agus Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi á dtrasuí ina ndlí náisiúnta.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Kadri SIMSON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).

    (2)  Moladh (AE) 2019/1658 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 maidir leis na hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a thrasuí (IO L 275, 28.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2019/1658/oj).

    (3)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).


    IARSCRÍBHINN

    1.   Réamhrá

    Leis na treoirlínte sin, tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus í á trasuí ina reachtaíocht náisiúnta. Dírítear leo ar eilimintí nua Threoir (AE) 2023/1791 agus, ar an gcaoi sin, comhlánaíonn siad an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658, atá infheidhme i gcónaí.

    Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    2.   Comhthéacs Dlíthiúil agus Beartais

    Tá dlúthnasc idir Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791, ós rud é go bhfuil baint amach an mhéid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear, méid a leagtar amach in Airteagal 8, le háirithiú ag na Ballstáit, trí scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú de bhun Airteagal 9 nó trí bhearta beartais malartacha a chur chun feidhme de bhun Airteagal 10, nó iad araon.

    Sa bhreis air sin, tá Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791 idirnasctha a thuilleadh leis na hAirteagail seo a leanas de Threoir (AE) 2023/1791:

    Airteagal 2: Sainmhíniú ar théarmaí tábhachtacha, amhail an ‘bhochtaineacht fuinnimh’;

    Airteagal 4: Tríd an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chur chun feidhme, rannchuideofar leis na Ballstáit a rannchuidiú náisiúnta leis na spriocanna foriomlána éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach;

    Airteagal 24: Oibleagáid ar na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú;

    Airteagal 30(14): Tá an rogha ag na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus (4) a chomhlíonadh trí rannchuidiú a dhéanamh gach bliain leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

    Iarscríbhinn V: Modhanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna chun tionchar scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh nó beart beartais eile faoi Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) a thomhas.

    3.   Na Sainmhínithe i dTreoir (AE) 2023/1791

    Is iad na sainmhínithe ar na téarmaí seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2023/1791 na sainmhínithe is ábhartha i léirmhíniú Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin:

    (a)

    ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ (Airteagal 2, pointe (6));

    (b)

    ‘coigilteas fuinnimh’ (Airteagal 2, pointe (9));

    (c)

    ‘páirtí faoi oibleagáid’ (Airteagal 2, pointe (19));

    (d)

    ‘páirtí rannpháirteach’ (Airteagal 2, pointe (21));

    (e)

    ‘beart beartais’ (Airteagal 2, pointe (23));

    (f)

    ‘gníomhaíocht aonair’ (Airteagal 2, pointe (24));

    I gcomhthéacs Threoir (AE) 2023/1791, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir go ndearnadh athbhreithniú ar an sainmhíniú ar ‘thomhaltas fuinnimh deiridh’, a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige ar chur chun feidhme fhorálacha Airteagal 8, 9, 10 agus Iarscríbhinn V. Tá níos mó faisnéise ar fáil faoi Roinn 4.2. den Iarscríbhinn seo.

    4.   Oibleagáidí leasaithe a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791

    4.1.   Athruithe ar leibhéal an mhéid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear agus ríomh an mhéid sin (Airteagal 8(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2023/1791)

    Comhlánaíonn an Roinn seo Roinn 2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Méadaítear leibhéal an choigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide, ach fanann an próiseas ríomha mar an gcéanna:

    Is é an chéad chéim an tomhaltas fuinnimh bonnlíne a ríomh mar an meántomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh le linn na 3 bliana 2016, 2017 agus 2018 (féach Roinn 4.2. den Iarscríbhinn seo maidir le himpleachtaí na n-athruithe ar an sainmhíniú ar thomhaltas fuinnimh deiridh i dTreoir (AE) 2023/1791).

    Leis an dara céim, cuirtear rátaí an choigiltis bhliantúil nua i bhfeidhm maidir leis an tomhaltas fuinnimh bonnlíne, agus an coigilteas sin á charnadh thar an tréimhse oibleagáide. Le Treoir (AE) 2023/1791 déantar athbhreithniú ar na rátaí sin ó 2024, mar a mhínítear i Ranna 4.1.1., 4.1.2. agus 4.1.3. den Iarscríbhinn seo.

    Ón tréimhse 2031 go 2040 ar aghaidh, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an tríú céim i gcás thearcghnóthachtáil nó róghnóthachtáil an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear sa tréimhse roimhe sin (féach Roinn 4.1.4.).

    4.1.1.   Rátaí íosta an choigiltis fuinnimh bhliantúil nua

    Le Treoir (AE) 2023/1791 ardaítear rátaí an choigiltis fuinnimh bhliantúil nua a cheanglaítear ó 2024 ar aghaidh agus méid an choigiltis charnaigh a leagtar amach le haghaidh 2021 go 2030 in Airteagal 8(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2023/1791 á ríomh. Léirítear na rátaí sin i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo.

    Féadfaidh na Ballstáit cur chuige ríomha eile a úsáid de réir Airteagal 8(1), an ceathrú fomhír, ar choinníoll go bhfuil méid ríofa an choigiltis charnaigh don tréimhse oibleagáide iomlán ó 2021 go 2030 coibhéiseach ar a laghad leis an méid a ríomhtar leis an bhfoirmle thíos. Má chinneann Ballstáit cur chuige ríomha eile a úsáid, ní mór é sin a chur in iúl don Choimisiún sna nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thiocfaidh ina dhiaidh sin nó trí bhíthin cumarsáid dhéthaobhach.

    Tábla 1

    Rátaí íosta an choigiltis fuinnimh bhliantúil nua a cheanglaítear leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,5  %

    1,5  %

    1,9  %

    1,9  %

    1,9  %

    Nótaí:

    Tá na rátaí nua is infheidhme ó 2024 ar aghaidh i gcló trom.

    Baineann rátaí sonracha leis an gCipir agus le Málta (féach Roinn 4.1.2.).


    Tábla 2

    Rátaí chun an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear idir 2021 agus 2030 a ríomh

    Ráta an choigiltis bhliantúil a baineadh amach sna blianta seo a leanas:

    Ráta an choigiltis bhliantúil nua ó ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme sna blianta seo a leanas:

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    2021

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    2022

     

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    2023

     

     

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    0,8  %

    2024

     

     

     

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    2025

     

     

     

     

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    1,3  %

    2026

     

     

     

     

     

    1,5  %

    1,5  %

    1,5  %

    1,5  %

    1,5  %

    2027

     

     

     

     

     

     

    1,5  %

    1,5  %

    1,5  %

    1,5  %

    2028

     

     

     

     

     

     

     

    1,9  %

    1,9  %

    1,9  %

    2029

     

     

     

     

     

     

     

     

    1,9  %

    1,9  %

    2030

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    1,9  %

    Rátaí coibhéiseacha an choigiltis bhliantúil iomláin i ngach bliain

    0,8  %

    1,6  %

    2,4  %

    3,7  %

    5,0  %

    6,5  %

    8,0  %

    9,9  %

    11,8  %

    13,7  %

    Nótaí:

    Tá na rátaí athbhreithnithe i gcló trom (agus tá feidhm ag na rátaí athbhreithnithe sin maidir le bonnlíne nuashonraithe, féach Roinn 4.2. maidir le himpleachtaí an athraithe ar an sainmhíniú ar thomhaltas fuinnimh deiridh).

    Baineann rátaí sonracha leis an gCipir agus le Málta (féach Roinn 4.1.2.).

    Comhfhreagraíonn gach ró do ráta íosta an choigiltis fuinnimh bhliantúil nua ó ghníomhaíochtaí a dhéantar i mbliain ar leith, ag glacadh leis go bhfuil saolré ag an gcoigilteas fuinnimh sin a théann go dtí deireadh na tréimhse ar a laghad.

    Comhfhreagraíonn gach colún do ráta íosta an choigiltis fuinnimh bhliantúil atá le baint amach in aon bhliain ar leith.

    Leis an líne dheireanach tugtar rátaí coibhéiseacha an choigiltis bhliantúil iomláin gach bliain, nuair a shuimítear na rátaí a úsáidtear chun an méid coigiltis charnaigh a cheanglaítear a ríomh le linn 2021-2030. Is simpliú é sin nach gcuirtear san áireamh leis an t-athrú ar an mbonnlíne ó 2024 ar aghaidh (féach Roinn 4.2.).

    4.1.2.   Maolú i gcás na Cipire agus Mhálta

    De mhaolú air sin, tá ar a laghad ráta íosta coigiltis bhliantúil 0,45 % le baint amach ag Málta agus ag an gCipir ó 2024 go 2030. Bhí maolú ag an dá Bhallstát sin cheana féin i dTreoir 2012/27/AE agus ráta íosta coigiltis bhliantúil nua 0,24 % ann. Coinnítear an ráta 0,24 % ar bun le haghaidh fhothréimhse 2021 go 2023, agus le haghaidh na tréimhse sin amháin. Molann an Coimisiún do Mhálta agus don Chipir an fhoirmle seo a leanas a úsáid chun a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh a nuashonrú.

    Coigilteas carnach fuinnimh (2021-2030)

    (Málta agus an Chipir)

    =

    0,24 % x bonnlíne ‘shean’ x 27

    +

    0,45 % x bonnlíne ‘nua’ x 28

    Nóta:

    féach Roinn 4.2 den Iarscríbhinn seo ina mínítear an t-athrú ar an mbonnlíne ó 2024 ar aghaidh.

    D’fhéadfadh an Chipir agus Málta cur chuige ríomha eile a úsáid, ar choinníoll go bhfuil méid ríofa an choigiltis charnaigh don tréimhse oibleagáide iomlán ó 2021 go 2030 coibhéiseach ar a laghad leis an méid a ríomhtar leis an bhfoirmle thuas.

    4.1.3.   Ráta an choigiltis fuinnimh bhliantúil nua tar éis 2030

    Sonraítear in Airteagal 8(1), an cúigiú fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791 go bhfuil na Ballstáit le leanúint de choigilteas bliantúil nua a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear in Airteagal 8(1), pointe (b)(iv), i.e., 1,9 %, le haghaidh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030. Tugann an Coimisiún dá aire go mbeidh an coigilteas carnach fuinnimh a cheanglaítear le haghaidh na tréimhse 2031 go 2040 mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile:

    Coigilteas carnach fuinnimh (2031-2040) = 1,9 % x bonnlíne x 55 = bonnlíne x 1,045

    4.1.4.   Tearcghnóthachtáil nó róghnóthachtáil fhéideartha a thabhairt anonn ón tréimhse roimhe sin

    Chun an coigilteas fuinnimh faoi thréimhse oibleagáide a chur san áireamh, tá gníomhaíocht aonair le tionscnamh le linn na tréimhse sin agus ní féidir léi coigilteas fuinnimh a thabhairt ach go dtí deireadh na tréimhse oibleagáide céanna.

    Foráiltear le hAirteagal 8(13), an chéad fhomhír, áfach, i gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh tréimhse oibleagáide, déanfaidh sé an coigilteas fuinnimh nár baineadh amach a bhaint amach faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin.

    Gan beann ar aon iarmhairt dhlíthiúil a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na hoibleagáide, ní mór an coigilteas fuinnimh nár baineadh amach a chur leis an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear sa chéad tréimhse oibleagáide eile. I gcás tearcghnóthachtáil ar feadh tréimhse [n-1], ba cheart an méid coigiltis charnaigh fuinnimh a cheanglaítear le haghaidh na tréimhse seo a leanas [n] a ríomh mar a leanas:

    Coigilteas carnach fuinnimh coigeartaithe (tréimhse [n])

    = an coigilteas carnach fuinnimh (tréimhse [n]) + an coigilteas fuinnimh nár baineadh amach (tréimhse [n-1])

    Le hAirteagal 8(13), an dara fomhír, foráiltear, i gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide os cionn an leibhéal a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh tréimhse oibleagáide, tá sé i dteideal an méid incháilithe nach mó ná 10 % den bharrachas sin a thabhairt anonn go dtí an tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin gan méadú a dhéanamh ar an spriocghealltanas. Dar leis an gCoimisiún, is féidir é sin a dhéanamh sa chleachtas tríd an méid incháilithe atá le tabhairt anonn a asbhaint ón méid coigiltis charnaigh fuinnimh a cheanglaítear sa chéad tréimhse eile. Is féidir an méid coigiltis charnaigh fuinnimh a cheanglaítear le haghaidh na tréimhse seo a leanas [n] a ríomh mar a leanas:

    Coigilteas carnach fuinnimh coigeartaithe (tréimhse [n])

    = an coigilteas carnach fuinnimh (tréimhse [n]) - an barrachas coigiltis fuinnimh is incháilithe (tréimhse [n-1])

    4.2.   Impleachtaí na n-athruithe ar an sainmhíniú ar thomhaltas fuinnimh deiridh

    Leasaítear an sainmhíniú ar thomhaltas fuinnimh deiridh in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir (AE) 2023/1791 (féach freisin Moladh (AE) 2023/xxx ón gCoimisiún an xxx 2023 maidir le hAirteagal 4 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a thrasuí). Leis na hathruithe sin soiléirítear an méid seo a leanas:

    áirítear an tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta san fhuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair;

    áirítear go sainráite i raon feidhme an tomhaltais fuinnimh deiridh an fuinneamh a sholáthraítear d’earnáil na foraoiseachta agus d’earnáil na hiascaireachta (fuinnimh a áiríodh go hintuigthe roimhe seo le hearnálacha críochúsáide eile);

    eisiatar ón raon feidhme sin tomhaltas fuinnimh i mbuncair mhuirí idirnáisiúnta agus san fhuinneamh comhthimpeallach (mar aon le heisiamh na seachadtaí d’earnáil an chlaochlaithe fuinnimh agus d’earnáil an fhuinnimh a luaitear cheana sa sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2012/27/AE).

    Tá tionchar ag an athrú sainmhínithe sin ar an tomhaltas fuinnimh bonnlíne, i.e., an meántomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh le linn 2016, 2017 agus 2018. Cuirfidh na Ballstáit an sainmhíniú nua sin i bhfeidhm agus an coigilteas carnach fuinnimh a cheanglaítear le haghaidh fhothréimhse 2024 go 2030 á ríomh acu.

    Ciallaíonn sé sin gur cheart bonnlínte éagsúla a úsáid chun an coigilteas carnach fuinnimh a ríomh ó 2021 go 2023 agus ó 2024 go 2030, mar a léirítear san fhoirmle thíos:

    Coigilteas carnach fuinnimh (2021-2030)

    =

    0,8 % x bonnlíne bunaithe ar an sean-sainmhíniú ar TFD x 27

    +

    1,3 % x bonnlíne bunaithe ar an sainmhíniú nua ar TFD x 13

    +

    1,5 % x bonnlíne bunaithe ar an sainmhíniú nua ar TFD x 9

    +

    1,9 % x bonnlíne bunaithe ar an sainmhíniú nua ar TFD x 6

    4.3.   Ceanglas maidir le ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn (Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791)

    Is féidir leis na Ballstáit acmhainní úsáideacha a aimsiú maidir le pobail fuinnimh i dTaisclann na bPobal Fuinnimh de chuid an Choimisiúin (1), agus i dtionscnamh nua an Choimisiúin ‘Athchóiriú faoi stiúir na Saoránach’  (2).

    4.4.   Imfhálú na bochtaineachta fuinnimh (Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791)

    Le hAirteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 cuirtear de cheangal ar na Ballstáit sciar den mhéid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhunú agus a bhaint amach i measc spriocghrúpaí sonracha, i.e., daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. I bhFoscríbhinn V a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658 tugtar samplaí de bhearta beartais a chuir na Ballstáit chun feidhme san am a chuaigh thart agus é de chuspóir acu an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Tá tuilleadh samplaí le fáil freisin ar shuíomh gréasáin Ghníomhaíocht Chomhbheartaithe na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (3), ar an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht (4) agus sna hacmhainní a forbraíodh leis na tionscadail Eorpacha éagsúla (5) atá dírithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú.

    4.4.1.   Sciar an choigiltis fuinnimh críochúsáide a bhunú i measc na spriocghrúpaí

    Beidh an sciar cothrom ar a laghad leis an sciar a bhunaítear trí úsáid a bhaint as an rogha réamhshocraithe a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 4.4.1.1 den Iarscríbhinn seo. I gcás nár chomhlíon Ballstát na ceanglais maidir leis an rogha réamhshocraithe a úsáid, beidh an sciar cothrom ar a laghad leis an sciar a bhunaítear trí úsáid a bhaint as an rogha chúltaca, a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 4.4.1.2 den Iarscríbhinn seo. Cuirtear an sciar sin i bhfeidhm ar an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear, méid a leagtar amach in Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 (féach Roinn 4.1. den Iarscríbhinn seo).

    4.4.1.1.   Rogha réamhshocraithe – úsáid a bhaint as cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFA)

    Tá sciar an choigiltis fuinnimh críochúsáide i measc na spriocghrúpaí le bheith cothrom, ar a laghad, le cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh mar a mheastar in PNFAnna na mBallstát, nó PNFAnna nuashonraithe na mBallstát, tar éis breithniú a dhéanamh ar na ceithre tháscaire a leagtar amach sa rogha chúltaca, thíos.

    4.4.1.2.   Rogha chúltaca – úsáid a bhaint as meán uimhríochtúil ceithre tháscaire staidrimh

    Beidh sciar an choigiltis fuinnimh críochúsáide i measc na spriocghrúpaí cothrom ar a laghad le meán uimhríochtúil na gceithre tháscaire mar a thuairiscítear in 3 le haghaidh na bliana 2019 (féach na sonraí in 4).

    Tábla 3

    Na táscairí a luaitear in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 chun cion na bochtaineachta fuinnimh a shocrú

    Ainm

    Tagairt Eurostat

    Sainmhíniú Eurostat

    Táscaire a: Gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor

    SILC [ilc_mdes01] (6)

    % de na daoine sa daonra iomlán nach bhfuil sé ar a gcumas dóibh a n-áit chónaithe a choinneáil te go leor (7)

    Táscaire b: Riaráistí ar bhillí fóntais

    SILC, [ilc_mdes07] (8)

    % de na daoine sa daonra iomlán atá i riocht riaráistí ar bhillí fóntais, ag léiriú na neamhábaltachta éigeantaí a mbillí fóntais a íoc in am mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais (9).

    Táscaire c: An daonra iomlán a bhfuil cónaí air i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár

    SILC [ilc_mdho01] (9)

    % de na daoine sa daonra iomlán a bhfuil cónaí orthu i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár (10)

    Táscaire d: Ráta riosca na bochtaineachta

    Suirbhéanna SILC agus ECHP [ilc_li02] (11)

    sciar de na daoine ag a bhfuil ioncam indiúscartha coibhéisithe (tar éis aistriú sóisialta) faoi bhun na tairsí riosca na bochtaineachta atá socraithe ag 60 % den ioncam indiúscartha coibhéisithe airmheánach náisiúnta tar éis aistrithe sóisialta (12)

    Tá sonraí maidir le gach táscaire ar fáil i gcás na mBallstát ar fad in 2019. I dTábla 4, leagtar amach na sonraí agus an meán uimhríochtúil de réir an Bhallstáit.

    Tábla 4

    An sciar íosta den mhéid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear atá le baint amach i measc grúpaí tosaíochta, bunaithe ar na táscairí a liostaítear in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791

    Tír

    Táscaire a

    Táscaire b

    Táscaire c

    Táscaire d

    Meán

    an Ostair

    1,80  %

    2,40  %

    9,40  %

    13,30  %

    6,73  %

    an Bheilg

    3,90  %

    4,10  %

    16,70  %

    14,80  %

    9,88  %

    an Bhulgáir

    30,10  %

    27,60  %

    11,60  %

    22,60  %

    22,98  %

    an Chróit

    6,60  %

    14,80  %

    10,20  %

    18,30  %

    12,48  %

    an Chipir

    21,00  %

    10,40  %

    31,10  %

    14,70  %

    19,30  %

    an tSeicia

    2,80  %

    1,80  %

    7,30  %

    10,10  %

    5,50  %

    an Danmhairg

    2,80  %

    3,60  %

    14,90  %

    12,50  %

    8,45  %

    an Eastóin

    2,50  %

    7,20  %

    13,80  %

    21,70  %

    11,30  %

    an Fhionlainn

    1,80  %

    7,80  %

    4,10  %

    11,60  %

    6,33  %

    an Fhrainc

    6,20  %

    5,60  %

    11,50  %

    13,60  %

    9,23  %

    an Ghearmáin

    2,50  %

    2,20  %

    12,00  %

    14,80  %

    7,88  %

    an Ghréig

    17,90  %

    32,50  %

    12,50  %

    17,90  %

    20,20  %

    an Ungáir

    5,40  %

    10,20  %

    22,30  %

    12,30  %

    12,55  %

    Éire

    4,90  %

    8,90  %

    12,50  %

    13,10  %

    9,85  %

    an Iodáil

    11,10  %

    4,50  %

    14,00  %

    20,10  %

    12,43  %

    an Laitvia

    8,00  %

    8,70  %

    19,30  %

    22,90  %

    14,73  %

    an Liotuáin

    26,70  %

    7,50  %

    14,00  %

    20,60  %

    17,20  %

    Lucsamburg

    2,40  %

    2,40  %

    15,40  %

    17,50  %

    9,43  %

    Málta

    7,80  %

    6,50  %

    7,60  %

    17,10  %

    9,75  %

    an Ísiltír

    3,00  %

    1,50  %

    14,70  %

    13,20  %

    8,10  %

    an Pholainn

    4,20  %

    5,80  %

    10,80  %

    15,40  %

    9,05  %

    an Phortaingéil

    18,90  %

    4,30  %

    24,40  %

    17,20  %

    16,20  %

    an Rómáin

    9,30  %

    13,70  %

    9,40  %

    23,80  %

    14,05  %

    an tSlóvaic

    7,80  %

    8,40  %

    5,70  %

    11,90  %

    8,45  %

    an tSlóivéin

    2,30  %

    11,20  %

    20,60  %

    12,00  %

    11,53  %

    an Spáinn

    7,50  %

    6,50  %

    14,70  %

    20,70  %

    12,35  %

    an tSualainn

    1,90  %

    2,30  %

    7,00  %

    17,10  %

    7,08  %

    Foinse:

    Sonraí Eurostat (féach na naisc le haghaidh gach táscaire i dTábla 3).

    4.4.2.   Sainiú na spriocghrúpaí

    Baineann an téarma ‘daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh’ leis an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791, a thagraíonn don chomhthéacs náisiúnta ábhartha. Dar leis an gCoimisiún, ceadaítear do gach Ballstát a shainmhíniú dlíthiúil féin ar theaghlaigh atá fuinneamhbhocht a ghlacadh.

    Leagtar amach an coincheap ‘custaiméirí leochaileacha’ in Airteagal 28(1) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13):

    Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threallamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile.

    Leis an Airteagal céanna, ceanglaítear ar na Ballstáit coincheap na gcustaiméirí leochaileacha a shainmhíniú. Ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú sin maidir le forálacha Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791.

    Níl aon sainmhíniú i ndlí an Aontais ar an téarma ‘daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal’. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go dtagraíonn táscaire an ráta riosca bochtaineachta a luaitear in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 don tairseach 60 % den ioncam indiúscartha coibhéisithe airmheánach náisiúnta tar éis aistrithe sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, an tairseach sin a úsáid chun an grúpa ‘daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal’ a shainmhíniú i gcomhthéacs Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ach amháin más féidir údar a thabhairt le húsáid sainmhíniú náisiúnta eile (e.g., sainmhíniú a bhaineann leis na critéir incháilitheachta maidir le sochair shóisialta áirithe).

    Níl aon sainmhíniú ar an téarma ‘tithíocht shóisialta’ i ndlí an Aontais ach sainmhínítear é in Achoimre Bheartais 2020 ó ECFE mar chóiríocht chónaithe ar cíos a sholáthraítear ar phraghsanna fo-mhargaidh atá spriocdhírithe agus leithdháilte de réir rialacha sonracha, amhail riachtanas sainaitheanta nó liostaí feithimh. Mar sin féin, is féidir difríochtaí a thabhairt faoi deara ar fud na mBallstát sa sainmhíniú, sa mhéid, sa raon feidhme, sa chistiú, sa spriocdhaonra, agus sa chineál soláthraí (e.g., eintitis phoiblí, phríobháideacha, neamhbhrabúsacha nó brabúis theoranta, comharchumainn, nó meascán díobh sin). Tá athrú tagtha ar an sainmhíniú ar thithíocht shóisialta sna Ballstáit le himeacht ama, agus tá athrú tagtha freisin ar na cineálacha cur chuige beartais maidir le dálaí an mhargaidh a bhíonn ag athrú. Baineann roinnt Ballstát úsáid as téarmaíocht éagsúil chun tagairt a dhéanamh do thithíocht shóisialta amhail ‘Tithíocht ar Chíos Measartha’ sa Fhrainc, ‘Tithíocht Choiteann’ nó ‘Tithíocht Neamhbhrabúsach’ sa Danmhairg, ‘Cur Chun Cinn Tithíochta’ sa Ghearmáin, ‘Tithíocht Brabúis Theoranta’ nó ‘Tithíocht Daoine’ san Ostair, ‘Tithíocht Chosanta’ sa Spáinn, tithíocht ‘Fóntais Phoiblí’ sa tSualainn, etc. Ag brath ar an mBallstát, d’fhéadfadh an téarmaíocht tagairt a dhéanamh do stádas dlíthiúil an tiarna talún, an réim chíosa, an modh cistiúcháin nó an spriocdhaonra. (14) Na Ballstáit atá toilteanach daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a áireamh faoi raon feidhme Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart dóibh sainmhíniú náisiúnta a thabhairt ar thithíocht shóisialta.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach ar a laghad an coigilteas carnach fuinnimh a bhunaítear i gcomhréir le pointe 4.4.1.1. nó 4.4.1.2. den Iarscríbhinn seo i measc na spriocghrúpaí a luaitear in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791. Tá an coigilteas le baint amach i measc na spriocghrúpaí i dteannta a chéile, agus ní i ngach grúpa ina aonar.

    Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí gach grúpa nó foghrúpa a mheas agus na bearta beartais a oiriúnú dá réir sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na deacrachtaí céanna ag teaghlaigh atá i raon uachtarach an ghrúpa ar ioncam íseal agus a bheadh ag na teaghlaigh is leochailí.

    Nuair a eascraíonn an coigilteas fuinnimh a thuairiscítear chun críocha Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 as bearta beartais, ar bearta iad nach bhfuil dírithe go heisiach ar an spriocghrúpa nó ar na spriocghrúpaí a roghnaíodh as na cinn a liostaítear in Airteagal 8(3), ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a dhéantar sciar an choigiltis fuinnimh a baineadh amach i measc na spriocghrúpaí sin a ríomh agus faireachán a dhéanamh air as measc an choigiltis fuinnimh iomláin a thuairiscítear ó na bearta beartais sin. Tá na mínithe sin le cur san áireamh san fhógra faoin mbeart beartais, i gcomhréir le pointe (5)(g) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Dar leis an gCoimisiún, is féidir critéir incháilitheachta shonracha (e.g., tairseach ioncaim, incháilitheacht le haghaidh sochair shóisialta, aicme fuinnimh na teaghaise roimh idirghabháil) a úsáid le haghaidh na bhforálacha atá dírithe ar mhaolú na bochtaineachta fuinnimh (e.g., ráta deontais níos airde, iasacht chomhlántach atá saor ó ús). Leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme na bhforálacha sin, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na hidirghabhálacha agus an coigilteas fuinnimh a eascraíonn astu, ar féidir iad a áireamh faoi chomhair imfhálú na bochtaineachta fuinnimh. Cur chuige eile a d’fhéadfadh a bheith ann is ea sainordú a thabhairt d’eagraíochtaí a bhíonn i dteagmháil dhíreach leis na grúpaí tosaíochta (e.g., comhlachtaí sóisialta, údaráis áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí carthanachta) cuidiú le teaghlaigh iarratas a dhéanamh ar dhreasachtaí airgeadais nó ar thacaíocht eile. D’fhéadfadh na heagraíochtaí sin faireachán a dhéanamh ansin ar na hidirghabhálacha is féidir a áireamh faoi chomhair imfhálú na bochtaineachta fuinnimh.

    4.5.   Éifeachtaí díobhálacha a sheachaint agus a mhaolú (Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791)

    Dar leis an gCoimisiún, ba cheart trí chineál éifeachtaí díobhálacha ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 a idirdhealú.

    Is éard atá sa chéad chineál éifeachta díobhálaí nuair a bhíonn méadú ar phraghsanna fuinnimh (e.g., scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh nó cánacha fuinnimh mar thoradh ar bheart beartais, féach freisin Roinn 7.9.2. maidir le héifeachtaí dáileacháin), rud nach gcúitítear le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh lena laghdaítear costais fuinnimh. D’fhéadfadh sé sin cur leis an mbaol atá ann do theaghlaigh go mbainfidh an bhochtaineacht fuinnimh dóibh. Is féidir éifeacht dhíobhálach den sórt sin a sheachaint nó a mhaolú trína áirithiú maidir leis na grúpaí a bhféadfadh na praghsanna fuinnimh níos airde a bheith ina riosca mór dóibh, go mbainfidh siad tairbhe as an mbeart beartais (nó as bearta maolúcháin comhlántacha) a chúiteoidh tionchar praghsanna fuinnimh níos airde ar a laghad. Agus an méid sin á dhéanamh, ceanglaítear le hAirteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistiú poiblí, lena n-áirítear saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus as ioncaim ó lamháltais an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA).

    Is éard atá sa dara cineál éifeachta díobhálaí fo-éifeachtaí neamheacnamaíocha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhálaí maireachtála agus ar shláinte teaghlach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach dtabharfar aghaidh i gceart ar an aeráil le cláir athchóirithe, rud a d’fhéadfadh galair riospráide a bheith ina dtoradh air. Is féidir é sin a sheachaint trí aird a thabhairt ar cháilíocht an aeir laistigh nó ar thionchair chomhshaoil agus an beart beartais á cheapadh.

    Baineann an tríú cineál éifeachta díobhálaí le fo-éifeachtaí eacnamaíocha eile, mar shampla méadú ar phraghas na réiteach atá tíosach ar fhuinneamh. De dheasca na bhfo-éifeachtaí eacnamaíocha sin, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra ar na custaiméirí deiridh ag a bhfuil acmhainn airgeadais níos lú íoc as na réitigh sin. Is féidir éifeacht dhíobhálach den sórt sin a sheachaint nó a mhaolú trí fhorálacha sonracha nó bearta comhlántacha a thabhairt isteach (e.g., comhaontú deonach le miondíoltóirí nó le suiteálaithe; coinníollacha níos fabhraí le haghaidh na spriocghrúpaí tosaíochta).

    An anailís chomhfhreagrach agus na mínithe comhfhreagracha maidir leis an gcaoi a ndearnadh measúnú ar éifeachtaí díobhálacha agus maidir leis an gcaoi a seachnaítear nó a maolaítear iad, tá siad le cur san áireamh san fhógra faoi na bearta beartais, mar a cheanglaítear le pointe (5)(i) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

    4.6.   Rannchuidiú Airteagal 8 le hAirteagal 4 (Airteagal 8(14), pointe (b), de Threoir (AE) 2023/1791)

    Tá Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 ceaptha chun coigilteas fuinnimh a ghiniúint de bhreis ar reachtaíocht éigeantach eile de chuid an Aontais, mar a shonraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn V. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé i gceist leis na bearta beartais a thuairiscítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 coigilteas fuinnimh a bhaint amach a bheadh fós gan saothrú murach sin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le baint amach a rannchuidithe náisiúnta de bhun Airteagal 4 den Treoir sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid sin, ba cheart na pointí seo a leanas a chur san áireamh:

    D’fhéadfadh sé gur tosca éagsúla is cúis le hathruithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh, lena n-áirítear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Is féidir modhanna amhail anailís ar dhianscaoileadh a úsáid chun feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dheighilt ó éagsúlachtaí i ngeall ar thosca eile (e.g., dálaí aimsire, gníomhaíocht eacnamaíoch).

    Is féidir le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith bainteach le coigilteas fuinnimh Airteagal 8(1), ach is féidir leo eascairt freisin as beartais eile (e.g., ó ghníomhartha eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí) agus as éifeachtaí neamhbheartais.

    D’fhéadfadh éifeachtaí fillteacha indíreacha (méaduithe ar thomhaltas seirbhísí fuinnimh mar thoradh ar fhás eacnamaíoch arna spreagadh trí úsáid níos éifeachtúla acmhainní nó mar thoradh ar theagmhais gan choinne amhail géarchéim COVID-19 nó suaitheadh praghsanna) eascairt as feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, ar éifeachtaí iad nach gcuirfear san áireamh i ríomhanna coigiltis fuinnimh Airteagal 8(1).

    Maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 i measc na spriocghrúpaí a liostaítear in Airteagal 8(3) den Treoir sin (féach Roinn 4.4. den Iarscríbhinn seo), is dócha go n-eascróidh éifeachtaí fillteacha díreacha astu (i.e., úsáidtear cuid den fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh chun feabhas a chur ar an gcompord teirmeach suas go leibhéil chuibhiúla, in ionad tomhaltas fuinnimh a laghdú). Dá bhrí sin, leis an gcoigilteas fuinnimh a thuairiscítear chun críocha Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ní bhainfear amach laghduithe coibhéiseacha tomhaltais fuinnimh (go hiomlán) i gcomhthéacs Airteagal 4 den Treoir sin (féach Roinn 7.1. den Iarscríbhinn seo).

    Cuirtear ionchur ar fáil sa mheasúnú sin chun cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh chun féachaint an bhfuil na Ballstáit ar an mbóthar ceart chun a rannchuidiú náisiúnta a bhaint amach de bhun Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791, agus mura bhfuil, a mhéid a d’fhéadfadh an bhearna a bheith bainteach le tearcghnóthachtáil nó róghnóthachtáil ar choigilteas fuinnimh a thuairiscítear le hAirteagal 8(1) den Treoir sin.

    Is é an chéad leibhéal measúnúcháin faireachán a dhéanamh ar na treochtaí sa tomhaltas fuinnimh deiridh (Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791) agus ar an gcoigilteas fuinnimh tuairiscithe (Airteagal 8 den Treoir sin) chun a fháil amach an bhfuil siad comhsheasmhach agus ar an mbóthar ceart chun na cuspóirí atá ann faoi láthair a bhaint amach. Sa dara leibhéal measúnúcháin, is féidir féachaint ar mhínithe ar na hathruithe nó na bearnaí a tugadh faoi deara, mar shampla trí na cineálacha cur chuige seo a leanas:

    An measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú éifeachtúlachta fuinnimh a chomhlíonadh, mar a thuairiscítear in Airteagal 4(6) de Threoir (AE) 2023/1791, is féidir é a úsáid mar fhoinse anailíse chun measúnú a dhéanamh ar na beartais agus na bearta a thagann faoi shainchúram Airteagal 8 den Treoir sin.

    Is féidir anailís ar dhianscaoileadh, anailís eacnaiméadrach nó modhanna eile ón mbarr anuas a úsáid chun na hathruithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh nó ar dhéine fuinnimh a mhíniú, agus na difríochtaí leis an treocht a bhfuil coinne léi (Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le faireachán).

    Is féidir comparáid a dhéanamh idir na torthaí a baineadh amach agus na torthaí a bhfuil coinne leo chun a fháil amach an bhfuil bearta beartais ag tearcfheidhmiú nó ag rófheidhmiú (e.g., rannpháirtíocht, an líon gníomhaíochtaí) agus, ar an gcaoi sin, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar na bearta beartais a thuairiscítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    Is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an fhaireacháin agus an fhíoraithe chun foinsí féideartha rómheastacháin nó tearcmheastacháin ar choigilteas fuinnimh a shainaithint.

    Sa mheasúnú sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar chruinneas na meastachán ar choigilteas faoi Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 trí staidéir mheastóireachta.

    Dá mhéad neamhréireachtaí a aimsíodh idir na treochtaí a ndéantar faireachán orthu le haghaidh Airteagail 4 agus 8 de Threoir (AE) 2023/1791 agus/nó dá mhéad na bearnaí a aimsítear idir na treochtaí a ndéantar faireachán orthu agus na conairí chun cuspóirí na tréimhse oibleagáide atá ann faoi láthair a chomhlíonadh, is ea is mó is ceart na measúnuithe thuasluaite a bheith níos doimhne.

    4.7.   Incháilitheacht beart beartais (Airteagal 8(14)(c))

    I bpointe (5) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), liostaítear na mionsonraí atá le soláthar ag na Ballstáit agus fógra á thabhairt acu faoi bhearta beartais faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791. D’fhéadfaí tagairt a dhéanamh sa ghearrthuairisc a bhfuil gá léi ar an mbeart beartais don téacs dlíthiúil nó d’fhaisnéis oifigiúil eile atá ar fáil go poiblí ina gcuirtear cuspóirí an bhirt beartais i láthair. Nuair nach luaitear go sainráite i gcuspóirí oifigiúla an bhirt beartais baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide, ba cheart tuilleadh réasúnaithe a thabhairt, e.g., trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann an beart beartais gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh atá incháilithe faoi Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 chun cinn, nó ar an gcaoi a léirítear an coigilteas fuinnimh críochúsáide. D’fhéadfadh tuairisc ar loighic idirghabhála an bhirt beartais a bheith sa réasúnú freisin, rud a chuideodh lena ábharthacht a léiriú (féach freisin Foscríbhinn IX a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658).

    5.   Oibleagáidí a bhaineann leis na hathbhreithnithe ar Airteagal 9 maidir leis na Scéimeanna um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh

    Tá treoir maidir le dearadh, cur chun feidhme agus doiciméadú scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh le fáil i Roinn 4.1. agus i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658, ós rud é nár athraíodh na forálacha sin i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE.

    Liostaítear anseo na rudaí is ábhartha a chuirtear le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2023/1791 nó na hathruithe is ábhartha san Airteagal sin (i gcomparáid le hAirteagal 7a de Threoir 2012/27/AE):

    Airteagal 9(2) nua: Tá na Ballstáit i dteideal údarás poiblí cur chun feidhme a cheapadh chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a riar;

    Méid a chuirtear le hAirteagal 9(3): Ceadaítear do pháirtithe faoi oibleagáid oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin a chur san áireamh (nóta: bhí dáileoirí fuinnimh san áireamh cheana féin mar pháirtithe faoi oibleagáid a d’fhéadfadh a bheith ann);

    Airteagal 9(5), (6) agus (7) nua: Tá na Ballstáit i dteideal ceangal a chur ar scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc spriocghrúpaí tosaíochta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(3);

    Nuashonrú in Airteagal 9(8): is é Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (16) ón gCoimisiún an tagairt le haghaidh glanluachanna calracha anois agus is é Airteagal 31 de Threoir (AE) 2023/1791 an tagairt le haghaidh fachtóirí fuinnimh phríomhúil. Má úsáidtear fachtóirí coinbhéartachta eile, ní mór údar a thabhairt leis sin;

    Airteagal 9(10) nua: ceanglas faisnéis a sholáthar sna tuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu. I gcás ina dtuairiscítear na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid de phacáiste beartais, féach Roinn 6.1 den Iarscríbhinn seo i ndáil le treoir maidir le coigilteas fuinnimh ón bpacáiste beartais a thuairisciú.

    Pléitear in Airteagal 9(9) leis an idirghníomhaíocht idir scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, a dtugtar aghaidh air i Roinn 7.6.1. den Iarscríbhinn seo.

    6.   Oibleagáidí a bhaineann leis na hathbhreithnithe ar Airteagal 10 maidir le bearta malartacha

    Tá treoir maidir le ceapadh, cur chun feidhme agus doiciméadú beart malartach le fáil i Roinn 4.2. agus i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Cuirtear dhá rud sa bhreis le Treoir (AE) 2023/1791 i gcomparáid le hAirteagal 7b de Threoir 2012/27/AE.

    Is é Airteagal 10(3) an chéad cheann, atá cosúil le hAirteagal 9(10) le haghaidh scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, lena gceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar sna tuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear faisnéis faoi na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Comhlánaíonn sé sin an fhoráil atá ann cheana i bpointe (3)(e) in Iarscríbhinn V maidir le trédhearcacht, lena gceanglaítear ar na Ballstáit sonraí maidir le coigilteas fuinnimh a chur ar fáil go poiblí i dtuarascálacha bliantúla.

    Is é Airteagal 10(4) an dara ceann a bhaineann leis an ngá atá le héifeachtacht na mbeart cánachais a léiriú agus pléitear é sa roinn thíos.

    6.1.   Tomhas, rialú agus fíorú agus pacáiste beartais á thuairisciú

    Baineann tuairisciú le haghaidh Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 go príomha le tuairisciú na dtorthaí a baineadh amach in aghaidh an bhirt beartais. Fágann sin gur fusa a bheidh sé an ábharthacht a dhoiciméadú (maidir le hábharthacht, féach freisin Foscríbhinn IX a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658). D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as pacáiste beart beartais atá dírithe ar an earnáil chéanna agus ar na cineálacha céanna gníomhaíochtaí aonair (e.g., clár le haghaidh comhairle fuinnimh agus scéim maoiniúcháin).

    Is é an chéad rogha chun coigilteas fuinnimh ó phacáiste beartais a thuairisciú an pacáiste a thuairisciú amhail is dá mba bheart beartais aonair é:

    Tríd an bpríomhbheart beartais a roghnú ón bpacáiste beartais, agus tríd an gcoigilteas ón mbeart beartais sin, agus uaidh sin amháin a thuairisciú: leis sin, seachnaítear an riosca go ndéanfaí áireamh dúbailte idir bearta beartais forluiteacha, agus níor cheart ach an beart beartais tuairiscithe a fhógairt agus a dhoiciméadú i gcomhréir leis na ceanglais in Iarscríbhinn V.

    Nó tríd an bpacáiste beartais a thuairisciú mar bheart beartais: sa chás sin, ba cheart a shoiléiriú leis an bhfógra agus leis an doiciméadacht faoin bpacáiste beartais sin, go háirithe, conas a áirithítear ábharthacht, conas a dhéantar faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí aonair a eascraíonn as an bpacáiste beartais, agus conas a dhéantar áireamh dúbailte na gníomhaíochta aonair céanna a sheachaint nó a cheartú.

    Is é an dara rogha tuairisc a thabhairt ar leithligh ar na bearta beartais a áirítear sa phacáiste. Tugtar fógra agus doiciméadú maidir le gach beart beartais ansin, agus ba cheart míniú a thabhairt ar an bpróiseas chun áireamh dúbailte a sheachaint nó a cheartú. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an bpróiseas sin, mar shampla:

    Bunachar sonraí láraithe a úsáid lena mbítear ag faire ar aitheantóirí le haghaidh na ngníomhaíochtaí aonair (e.g., seoltaí nó uimhreacha aitheantais na méadar leictreachais) chun rialú a dhéanamh maidir le háireamh dúbailte: sa chás sin, ba cheart an coigilteas fuinnimh a thuairiscítear le haghaidh gach birt beartais faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 a cheartú chun coigilteas fuinnimh a áireofaí roinnt uaireanta a bhaint.

    Rialacha a shainiú maidir le coigilteas fuinnimh a leithdháileadh i measc na mbeart beartais tuairiscithe (e.g., de réir na scaireanna cistiúcháin a sholáthraítear).

    Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 maidir le pacáistí beartais mar aon le bearta beartais aonair.

    6.2.   Bearta cánachais (lena léirítear éifeachtacht) (Airteagal 10(4) de Threoir (AE) 2023/1791)

    Comhlánaíonn an roinn seo Roinn 4.2.8 maidir le cánacha fuinnimh nó CO2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Tá na ceanglais nua a tugadh isteach le hAirteagal 10(4) de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtacht beart cánachais a léiriú coibhéiseach leis an gceanglas ábharthachta a áirítear i bpointe (3)(h) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin maidir le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta malartacha, ionas go gcaithfear go cothrom le gach beart beartais.

    Agus fógra á thabhairt ag na Ballstáit faoi bheart cánachais chun críoch Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791, ní mór dóibh a mhíniú conas a áirithítear sásra tionchair cuí le dearadh agus cur chun feidhme an bhirt cánachais sin.

    D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi ar socraíodh an ráta cánach agus ar an bhfáth ar cinneadh athruithe le himeacht ama (nuair is ábhartha), agus é á rá an é an chúis atá leis an athrú athrú iompraíochta a spreagadh i ndáiríre, ualach na dtomhaltóirí de dheasca arduithe ar phraghsanna a laghdú nó dálaí seachtracha comhchosúla, d’fhonn coigilteas fuinnimh a bhaint amach. Ba cheart a mhíniú leis sin freisin an chaoi a n-áirithítear go mbeidh an deis ag gach tomhaltóir a n-iompraíochtaí a athrú, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal nó tomhaltóirí i gcás dreasachtaí scoilte. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlánaíonn na bearta tionlacain an beart cánachais atá i bhfeidhm.

    Chun tuilleadh mínithe a fháil, féach freisin Roinn 7.9. den Iarscríbhinn seo maidir le coigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a chinneadh.

    7.   Oibleagáidí a bhaineann leis na hathbhreithnithe ar Iarscríbhinn V

    7.1.   Coigilteas fuinnimh a ríomh chun críocha Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 (sciar na bochtaineachta fuinnimh)

    Sonraítear i bpointe (1)(d) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 go bhféadfadh na Ballstáit, agus an coigilteas fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Treoir sin á ríomh acu, meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh sin bunaithe ar mheastacháin innealtóireachta ‘ trí dhálaí áitíochta caighdeánaithe agus compord teirmeach a úsáid, nó paraiméadair, amhail paraiméadair a shainítear i rialacháin náisiúnta tógála ’.

    D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na laghduithe céanna ar thomhaltas fuinnimh deiridh as feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghaisí ina bhfuil na spriocghrúpaí in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 agus a bheadh ag na gníomhaíochtaí céanna a dhéantar i measc teaghlaigh nach bhfuil fuinneamhbhocht. Is dócha gurb amhlaidh atá i gcásanna díthe ábharthaí (e.g., gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor) sula ndéanfar na gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh: is féidir leis an tomhaltas fuinnimh roimh na gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bheith níos ísle ná an méid a mheastar trí thoimhdí caighdeánacha, mar a úsáidtear i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh, cuir i gcás. Mar shampla, d’fhéadfadh an teocht faoi dhíon a bheith níos ísle ná an teocht a thoimhdítear i rialacháin tógála; d’fhéadfadh sé nach ndéantar roinnt seomraí a théamh, nó d’fhéadfadh sé nach ndéantar iad a théamh ach cúpla uair an chloig in aghaidh an lae, etc. Tugtar an éifeacht réamhfhillteach ar an tomhaltas fuinnimh níos ísle sin i gcomparáid le toimhdí caighdeánacha. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid chun compord teirmeach cuibhiúil a bhaint amach (e.g., an teirmeastat a shocrú ag teocht níos airde ná mar a bhí roimhe seo; roinnt seomraí a théamh ar feadh níos mó uair an chloig in aghaidh an lae, etc.).

    Tugtar an éifeacht fhillteach dhíreach ar an bhfeiniméan sin, is é sin seirbhís fuinnimh níos airde (compord sa chás seo) a bheith ann in ionad laghdú ar thomhaltas fuinnimh. Go ginearálta ba cheart an dá éifeacht (an éifeacht réamhfhillteach agus an éifeacht fhillteach) a chur san áireamh agus an coigilteas fuinnimh a thuairiscítear in Airteagal 8(1) á ríomh. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh an coigilteas fuinnimh arna ríomh ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh i measc na ngrúpaí tosaíochta faoi Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2023/1791 a bheith beag, rud a chruthódh paradacsa i leith chuspóir na forála sin.

    Aithnítear i bpointe (1)(d) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 gur féidir leis an éifeacht fhillteach a bheith ina tionchar dearfach a thagann as na bearta beartais, i gcás ina rannchuidíonn sí leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, trína chur ar a gcumas do theaghlaigh compord teirmeach cuibhiúil a bhaint amach, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar an mbochtaineacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (52), den Treoir sin lena dtagraítear do ‘ leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála agus sláinte ’.

    Is é sin an fáth a gceanglaítear leis an bhforáil sin ar na Ballstáit ‘ an chaoi a meastar compord le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfoirgnimh ’ a mhíniú sna mionsonraí maidir le fógra a thabhairt faoi na modheolaíochtaí ríofa a úsáidtear le haghaidh na mbeart beartais a thuairiscítear in Airteagal 8. I gcás ina n-úsáidtear cuid de na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh nó iad ar fad chun an leibhéal compoird a shainítear mar ‘cuibhiúil’ a bhaint amach, d’fhéadfaí iad sin a áireamh mar choigilteas fuinnimh faoi Airteagal 8. An chuid sin de na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a d’úsáidfí chun compord a bhaint amach atá os cionn na gcaighdeán cuibhiúil, measfar gur éifeacht fhillteach í agus ceartófar í sna ríomhanna coigiltis fuinnimh.

    Is féidir caighdeáin chuibhiúla compoird theirmigh a shainiú, mar shampla, de réir na dtoimhdí maidir le hiompraíocht áititheoirí a úsáidtear i rialacháin tógála, nó modheolaíochtaí ríofa atá leagtha síos do na Deimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh a bhunaítear de réir Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

    7.2.   An cuspóir maidir le baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide a léiriú agus fianaise dhoiciméadach go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh a sholáthar (pointe (2)(a) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

    Le pointe (2)(a) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (1)

    a léiriú gurb é ceann de chuspóirí na mbeart beartais a thuairiscítear faoi Airteagal 8(1) baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide, agus

    (2)

    fianaise a sholáthar go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh tuairiscithe.

    Comhlánaíonn sé sin na forálacha maidir le hábharthacht agus breisíocht a áirítear i dTreoir 2012/27/AE, agus in Airteagal 8(14), pointe (c), de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le hincháilitheacht na mbeart beartais (féach Roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo). Tá treoir maidir le hábharthacht agus breisíocht le fáil i bhFoscríbhinní IX agus XI a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Leis an gceanglas maidir le fianaise a dhoiciméadú d’fhéadfaí na réasúnuithe breise is gá a sholáthar freisin mura n-áirítear go sainráite sna cuspóirí beartais baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide. Áirítear ar shamplaí de fhianaise dhoiciméadach mínithe ar an méid seo a leanas:

    An chaoi ar ceapadh dreasacht chun éifeacht spreagthach na dreasachta a áirithiú, agus conas a dhéantar faireachán ar úsáid na dreasachta (e.g., measúnú a dhéanamh ar an toilteanas íoc as rátaí deontais iomchuí a shocrú; ardán ar líne a úsáid chun taifead a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a bhaineann tairbhe as dreasacht);

    An chaoi ar ceapadh comhaontú deonach chun a áirithiú go dtiocfaidh gníomhú as an ngealltanas (e.g., dreasachtaí agus pionóis atá láidir go leor a bheith ann; ceanglais feidhmíochta chun dul níos faide ná ‘gnó mar is gnách’) agus conas a dhéantar faireachán ar éifeachtaí an chomhaontaithe dheonaigh (e.g., trí thuarascálacha bliantúla ó na páirtithe rannpháirteacha agus trí fhíoruithe arna ndéanamh ag an údarás poiblí cur chun feidhme nó ag tríú páirtí);

    Conas a ceapadh beart iompraíochta chun a áirithiú go dtiocfaidh athrú iompraíochta as faisnéis (e.g., trí fhaisnéis shaincheaptha agus aiseolas tráthrialta; trí thástálacha píolótacha a úsáid chun na cineálacha cur chuige is éifeachtaí a shainaithint), agus conas a léirítear éifeachtaí an bhirt iompraíochta (e.g., trí Thrialacha Rialaithe Randamaithe);

    Conas a ceapadh beart cánachais chun a éifeacht choigiltis fuinnimh a áirithiú (féach freisin Roinn 6.2. maidir le héifeachtacht na mbeart cánachais a léiriú).

    7.3.   Maoluithe (pointe (2)(c) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

    7.3.1.   Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE

    Foráiltear le pointe (2)(c) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 go n-áirítear leis an maolú ar choigilteas a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana (18) an coigilteas sin a eascraíonn as íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur chun feidhme i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, fad a áirithítear an critéar ábharthachta faoi phointe (3)(h) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Is maolú é sin ar phrionsabal na breisíochta, is é sin nach ndéanfar coigilteas a eascraíonn as cur chun feidhme dhlí sainordaitheach an Aontais a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críoch Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791.

    Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar áireamh dúbailte coigiltis fuinnimh ó chur chun feidhme íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh agus bearta beartais eile a thacaíonn le hathchóiriú foirgneamh a sheachaint, amhail cláir fhóirdheontais agus scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh. Le hathchóiriú foirgnimh a dhéantar chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh náisiúnta a chomhlíonadh, d’fhéadfaí coigilteas fuinnimh a ghiniúint a d’fhéadfaí a áireamh mar chuid d’oibleagáid Ballstáit maidir le coigilteas fuinnimh. Le hathchóiriú foirgneamh arna dhéanamh chun íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh náisiúnta a chomhlíonadh agus le tacaíocht ó chlár fóirdheontais, d’fhéadfaí coigilteas fuinnimh a ghiniúint freisin ar féidir é a áireamh ach níor cheart é a thuairisciú ach uair amháin chun áireamh dúbailte a sheachaint.

    7.3.2.   Airteagail 5 agus 6 de Threoir (AE) 2023/1791 (forálacha maidir leis an earnáil phoiblí)

    Le pointe (2)(c) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 ceadaítear do na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn as bearta éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil phoiblí a áireamh chun críocha Airteagal 8 den Treoir sin de bhun Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Mar shampla, le hathchóiriú foirgnimh de chuid na hearnála poiblí, d’fhéadfaí coigilteas fuinnimh a ghiniúint a áirítear faoi chomhair oibleagáid Ballstáit maidir le coigilteas fuinnimh, agus rannchuidiú freisin le hoibleagáidí Ballstáit san earnáil phoiblí a bhaint amach.

    7.4.   Rialacháin éigeandála (pointe (2)(d) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

    Le foráil phointe (2)(d) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 soiléirítear maidir le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arb é is aidhm dóibh an t-éileamh ar ghás a laghdú 15 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2023 (19), ar cuireadh síneadh leo ina dhiaidh sin go dtí mí an Mhárta 2024 (20) agus laghdú a bhaint amach ar olltomhaltas leictreachais le linn buaicuaireanta idir mí na Nollag 2022 agus mí an Mhárta 2023, laghdú ar an meán 5 % ar a laghad in aghaidh na huaire (21) gur féidir na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh céanna a áireamh mar chuid d’oibleagáid na mBallstát maidir le coigilteas fuinnimh.

    Leis an bhforáil sin cuirtear teorainn le hincháilitheacht beart beartais do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-eisiatar go sainráite coigilteas fuinnimh a eascraíonn as ciondáil nó bearta ciorrúcháin nach gcuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh leo. Ní shainmhínítear na téarmaí ‘ciondáil’ agus ‘bearta ciorrúcháin’ i dTreoir (AE) 2023/1791 ná i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart iad a mheas mar bhearta lena gcuirtear teorainn shealadach leis an méid fuinnimh a sholáthraítear do thomhaltóirí, mar shampla trína cheangal ar thomhaltóir tionsclaíoch a thomhaltas fuinnimh a laghdú trí phróiseas táirgthe a dhúnadh, nó trí dhreasachtaí a sholáthar dó sin a dhéanamh, nó trína iarraidh ar thomhaltóirí miondíola gan fuinneamh a thomhailt le linn tréimhsí ama áirithe. D’fhéadfadh ciondáil nó bearta ciorrúcháin a bheith ina mbearta a imríonn tionchar indíreach ar an tomhaltas fuinnimh, mar shampla nuair a bhíonn uaireanta oscailte nó laethanta siopaí nó seirbhísí poiblí á dteorannú.

    7.5.   Comhroinnt díchill (pointe (2)(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

    Le foráil phointe (2)(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, soiléirítear gur féidir le bearta beartais éifeachtúlachta fuinnimh lena ndéantar fuinneamh a choigilt agus lena laghdaítear astaíochtaí laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) coigilteas fuinnimh a ghiniúint ar féidir é a áireamh mar chuid den oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na forálacha eile in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Ní athraíonn an soiléiriú sin incháilitheacht na mbeart beartais, ná ríomh an choigiltis fuinnimh i gcomparáid leis an Treoir a tháinig roimhe seo.

    7.6.   Idirghníomhaíochtaí le CTA AE (pointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

    7.6.1.   Soiléiriú ar bhreisíocht le CTA AE agus ar a chur i bhfeidhm maidir le hearnálacha nua

    Le foráil phointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, soiléirítear gur féidir coigilteas fuinnimh a eascraíonn as bearta beartais éifeachtúlachta fuinnimh in earnálacha a chumhdaítear le córais trádála astaíochtaí an Aontais a áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad rialacha Iarscríbhinn V lena rialaítear ríomh an choigiltis fuinnimh (lena n-áirítear eisiamh breoslaí iontaise, féach Roinn 7.7 den Iarscríbhinn seo). Ciallaíonn sé sin gur féidir déileáil le coigilteas fuinnimh breoslaí a chumhdaítear le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) (i.e., an CTA AE nua in earnálacha na bhfoirgneamh, an iompair agus an tionscail), ar an mbealach céanna le coigilteas fuinnimh an leictreachais sna hearnálacha sin, chomh maith le breoslaí i suiteálacha móra tionscail, a chumhdaítear le CTA AE atá ann cheana, mar atá Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

    Le córais trádála astaíochtaí is féidir praghas an fhuinnimh a mhéadú, rud a mbíonn tionchar aige ar iompraíocht infheistíochta agus tomhaltais, rud atá le cur san áireamh chun breisíocht agus ábharthacht an choigiltis fuinnimh ó bhearta beartais éifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú. Sna cásanna seo a leanas mar shampla:

    agus cláir san earnáil thionsclaíoch á ndearadh, d’fhéadfadh na Ballstáit íoscheanglais aisíoca a leagan síos, e.g., níos mó ná 3 bliana. Dá n-ardódh praghsanna fuinnimh san earnáil thionsclaíoch d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, laghdódh sé sin go huathoibríoch tréimhsí aisíoca na ngníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, rud a d’fhéadfadh roinnt díobh a eisiamh ó thacaíocht bheartais;

    agus meastóireacht á déanamh ar thionchar birt beartais iompraíochta, d’fhéadfadh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe sna praghsanna fuinnimh, lena n-áirítear CTA, ar an tomhaltas fuinnimh, trí úsáid a bhaint as meastacháin ar phraghasleaisteachas. D’fhéadfaí an éifeacht sin a ghlanluacháil ansin ó na hathruithe a breathnaíodh ar thomhaltas fuinnimh. Dá n-úsáidfí trialacha rialaithe randamaithe, chuirfí athruithe ar phraghsanna fuinnimh san áireamh go huathoibríoch, ag glacadh leis go mbeadh feidhm ag na praghsanna céanna maidir le daoine a ndéanann an beart beartais difear dóibh agus daoine nach ndéanann an beart beartais difear dóibh. Tá tuilleadh faisnéise maidir le coigilteas fuinnimh ó bhearta iompraíochta a ríomh ar fáil i bhFoscríbhinn VI a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Le hAirteagal 30e nua de Threoir 2003/87/CE, ceadaítear do na Ballstáit eintitis rialáilte a dhíolmhú, go dtí 2030, ón oibleagáid lamháltais a thabhairt suas sna hearnálacha a chumhdaítear leis an CTA AE nua, ar choinníoll go mbeidh siad faoi réir cáin náisiúnta ar charbón idir 2027 agus 2030 agus ráta cánach atá ar a laghad chomh hard leis an meánphraghas imréitigh ceantála. I gcás inar roghnaigh Ballstát an maolú sin, ní fhéadfaí an coigilteas fuinnimh ó bhearta náisiúnta cánachais a chumhdaítear le CTA AE a áireamh ach amháin má bhí an ráta cánach níos airde ná an meánphraghas imréitigh ceantála, agus ní féidir ach an coigilteas fuinnimh ón difríocht idir an ráta cánach agus an praghas ceantála a áireamh.

    Go sonrach:

    Níl an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i suiteálacha CTA AE le háireamh i gcás nach bhfuil aon bheart beartais náisiúnta ann, atá incháilithe faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    Ar an gcaoi chéanna, níl an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le háireamh, más gníomhaíochtaí iad arb é is cúis leo an méadú ar phraghas an leictreachais mar thoradh ar CTA AE (agus le síneadh ar thrádáil astaíochtaí, méaduithe ar phraghsanna táirgí fuinnimh deiridh eile) i gcás nach bhfuil aon bheart beartais náisiúnta ann.

    D’fhéadfaí coigilteas fuinnimh a áireamh i gcás ina bhfuil beart beartais náisiúnta ann. Mar shampla, d’fhéadfadh scéimeanna deimhnithe bána, comhaontuithe deonacha agus cláir fóirdheontais tacú le gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i suiteálacha CTA AE, ach amháin i gcás ina bhfaigheann na suiteálacha leithdháileadh saor in aisce lamháltais CTA AE agus ina bhfuil siad faoi oibleagáid faoi Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 (féach Roinn 7.6.2. den Iarscríbhinn seo).

    Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí coigilteas leictreachais, mar shampla ó bhearta beartais náisiúnta lena dtacaítear le glacadh fearas leictreach atá tíosach ar fhuinneamh a áireamh, chomh maith le coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais náisiúnta maidir le breoslaí a chumhdaítear le leathnú na trádála astaíochtaí, faoi réir a gcomhlíontacht leis na forálacha lena n-eisiatar coigilteas fuinnimh ó bhreoslaí iontaise (féach Roinn 7.7 den Iarscríbhinn seo).

    D’fhéadfaí an coigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais náisiúnta a áireamh mura nglacfaí leis an maolú ó shíneadh CTA AE (Airteagal 30e de Threoir 2003/87/CE). Má glacadh leis an maolú, ní fhéadfaí ach an difríocht idir an ráta cánach agus an meánphraghas ceantála a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh incháilithe.

    Agus bearta beartais náisiúnta á gceapadh acu agus meastachán á dhéanamh acu ar a gcoigilteas fuinnimh, ní mór do na Ballstáit tionchar CTA AE ar phraghsanna na n-iompróirí fuinnimh a chur san áireamh chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na breisíochta agus prionsabal na hábharthachta.

    Foráiltear le pointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 agus le hAirteagal 9(9) di freisin, i gcás inar páirtí faoi oibleagáid é eintiteas faoi scéim náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 den Treoir sin agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar, go n-áiritheofar leis an gcóras faireacháin agus fíoraithe go gcuirfear an praghas carbóin a chuirtear ar aghaidh agus breosla á scaoileadh lena thomhailt san áireamh agus coigilteas fuinnimh bheart coigiltis fuinnimh an eintitis á ríomh agus á thuairisciú.

    Cuirtear i dtábhacht sna forálacha sin ceanglas a bhaineann le CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar atá le cur i bhfeidhm freisin maidir le dlí eile de chuid an Aontais, mar a leagtar amach i bpointe (2)(b) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, is é sin an ceanglas a léiriú go bhfuil an coigilteas fuinnimh sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann in aon chás gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe iontaoibhe nó na n-údarás cur chun feidhme.

    Ós rud é go gcuireann páirtithe faoi oibleagáid na costais a bhaineann le lamháltais CTA AE a cheannach ar aghaidh, beidh praghsanna fuinnimh níos airde ná mar a bheidís gan CTA AE, rud a dhéanann difear d’úsáid agus éileamh fuinnimh. Le cur ar aghaidh an phraghais carbóin faoi CTA AE i gcás foirgneamh agus breoslaí iompair de bhóthar, méadófar praghsanna fuinnimh ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a méadófar praghsanna fuinnimh mar gheall ar chur ar aghaidh an phraghais carbóin faoi CTA AE in earnáil na cumhachta, rud a dhéanann difear do phraghas an leictreachais. Baineann an méid sin le cur i bhfeidhm rátaí íosta cánachais faoi Threoir 2003/96/CE (25) ón gComhairle ar fud breoslaí iolracha. Sna cásanna sin ar fad, ní mór na praghsanna fuinnimh níos airde a eascraíonn as dlí an Aontais a chur san áireamh agus breisíocht na mbeart beartais náisiúnta lena ndéantar coigilteas fuinnimh á meas. Sa chleachtas, ba cheart do na Ballstáit a mheas an gciallaíonn an méadú ar phraghas an fhuinnimh go ndéanfaí roinnt gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh gan an beart náisiúnta. Más amhlaidh an cás, ní fhéadfaí coigilteas fuinnimh ábhartha a áireamh chun críoch Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    7.6.2.   Neamhbhreisíocht coigiltis fuinnimh a bhaineann le rochtain ar leithdháileadh saor in aisce lamháltais CTA AE

    Foráiltear le pointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 nach féidir leis na Ballstáit ach coigilteas fuinnimh a théann níos faide ná cur chun feidhme gníomhaíochtaí atá nasctha le leithdháileadh lamháltas saor in aisce faon Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí a chomhaireamh.

    In Airteagal 10a de Threoir an Aontais maidir le Córas Trádála Astaíochtaí luaitear an méid seo a leanas: ‘Má chumhdaítear suiteáil leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh nó córas bainistithe fuinnimh deimhnithe a chur chun feidhme faoi [Airteagal 11 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh] agus mura gcuirtear moltaí na tuarascála iniúchóireachta nó an chórais bainistithe fuinnimh deimhnithe chun feidhme, mura rud é gur faide ná 3 bliana an t-am aisíocaíochta do na hinfheistíochtaí ábhartha nó mura rud é go bhfuil costais na n-infheistíochtaí sin díréireach, ansin déanfar méid an leithdháilte saor in aisce a laghdú 20 %. Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóireachta don tsuiteáil lena mbaineann nó sa chóras bainistithe fuinnimh deimhnithe don tsuiteáil lena mbaineann.’

    Leis an bhforáil i bpointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, eisiatar go sainráite coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíochtaí a bheadh le tógáil ag oibreoirí suiteálacha tionsclaíocha chun a leithdháileadh iomlán lamháltais CTA AE saor in aisce a fháil. (26) Tá na suiteálacha lena mbaineann teoranta dóibh siúd atá faoi réir Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791. Is é an coigilteas fuinnimh a ndéantar difear dó an coigilteas fuinnimh a mholtar sa tuarascáil iniúchóireachta nó sa chóras bainistithe fuinnimh deimhnithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (1)

    is faide ná 3 bliana an t-aisíocaíocht;

    (2)

    go bhfuil na costais infheistíochta díréireach; nó

    (3)

    cuireadh beart chun feidhme as a n-eascraíonn laghdú coibhéiseach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, mar shampla gáis charbóin níos ísle a úsáid i bpróiseas tionsclaíoch.

    Ar deireadh, is faoi rogha na n-údarás rialála atá freagrach as lamháltais CTA AE saor in aisce a leithdháileadh a bheidh an cinneadh i gcás bearta sonracha an bhfuil aisíocaíochtaí níos faide ná 3 bliana, nó an bhfuil na costais infheistíochta díréireach, nó an bhfuil laghduithe coibhéiseacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa bainte amach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtuairisceoidh rialtóirí ach an coigilteas fuinnimh a théann níos faide ná cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun go bhfaighidh suiteálacha a gcuóta iomlán den leithdháileadh saor in aisce.

    7.7.   Eisiamh breoslaí iontaise

    Le pointí (2)(h), (i), (j) agus (m) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, tugtar isteach srianta ar choigilteas fuinnimh agus bearta beartais a bhaineann le teicneolaíochtaí a úsáideann dóchán díreach breoslaí iontaise chun go mbeidh siad incháilithe don oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. (27)

    Soláthraítear i bhFíor 1 treoir chun a mheas an féidir coigilteas fuinnimh a bhaineann le húsáid dócháin dhírigh breoslaí iontaise a chomhaireamh chun críoch Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 28(11) de Threoir (AE) 2023/1791, agus dhá thástáil i ndiaidh a chéile i gceist: an bhfuil an beart beartais incháilithe nó nach bhfuil, agus ansin an bhfuil an coigilteas fuinnimh a eascraíonn as an mbeart beartais sin incháilithe.

    Image 1

    Fíor 1

    Incháilitheacht coigiltis fuinnimh ó bhearta beartais maidir le húsáid teicneolaíochtaí breosla iontaise  (28)

    Soiléirítear le hAithris (65) de Threoir (AE) 2023/1791 go bhfuil feidhm ag na forálacha sin maidir le cásanna ina dtacaíonn na Ballstáit le glacadh teicneolaíochtaí éifeachtúla breoslaí iontaise (amhail coirí breosla iontaise, nó feithiclí a ritheann ar ghásailín) nó le táirgí comhchosúla a chur in ionad na dteicneolaíochtaí sin go luath. Dar leis an gCoimisiún, ciallaíonn sé sin an méid seo a leanas:

    Níl feidhm ag an srian maidir le húsáid indíreach breoslaí iontaise, mar shampla i gcás ina bhfuil foirgneamh inslithe, rud a laghdaíonn an úsáid breoslaí iontaise, nó i gcás ina ngintear an leictreachas a úsáidtear chun trealamh nua a rith trí bhreoslaí iontaise a úsáid.

    Bearta beartais lena ndírítear ar athruithe iompraíochta nó eagraíochtúla chun tomhaltas breoslaí iontaise ó shuiteálacha nó ó threalamh atá ann cheana a laghdú, amhail scéimeanna tiomána éiceolaíche nó roinnte gluaisteáin a chur chun cinn, tá siad incháilithe i gcónaí.

    Tá bearta beartais a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtúlacht an trealaimh atá ann cheana a fheabhsú incháilithe mura bhfuil infheistíocht chaipitil bhreise i dtrealamh i gceist leo. Mar shampla, tá beartais lena gcuirtear chun cinn úsáid teochtaí sreafa níos ísle sa fhlít coirí breoslaí iontaise atá ann cheana incháilithe, ach níl beartais lena maoinítear uasghrádú mótar a úsáideann breoslaí iontaise incháilithe.

    Má cuireadh tús le beart beartais sula mbeidh feidhm ag na srianta, is féidir leis coigilteas a dhéanamh go dtí deireadh na tréimhse. Mar shampla, le scéim fóirdheontais tacaíodh le coire breoslaí iontaise a shuiteáil i mí Eanáir 2023. Is féidir leis an mBallstát coigilteas fuinnimh ón tsuiteáil sin a chomhaireamh ar feadh suas le 8 mbliana (2023-2030), ar choinníoll go n-urramaítear coinníollacha eile in Iarscríbhinn V.

    An méid a áirítear sa Roinn seo agus i dTreoir (AE) 2023/1791, tá sé gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh, go háirithe Airteagal 7(2) de, nó don fhoráil maidir le deireadh a chur de réir a chéile le dreasachtaí chun coirí a shuiteáil a chumhachtaítear le breoslaí iontaise i bhfoirgnimh in Airteagal 15 den togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (30). Má ghlactar í, ní mór an fhoráil sin sa togra athmhúnlaithe le haghaidh Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a mheas i gcomhthéacs na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    7.7.1.   Incháilitheacht beart beartais

    Foráiltear le pointe (2)(h)(i) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 nach incháilithe bearta beartais ‘maidir le húsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise, a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh’. Bheadh sé sin amhlaidh fiú dá nginfí le beart beartais den sórt sin coigilteas fuinnimh ó theicneolaíochtaí breoslaí neamhiontaise freisin. Dar leis an gCoimisiún, ciallaíonn ‘a chuirtear chun feidhme go nua’ go bhfuil feidhm ag an srian maidir le bearta beartais nua chomh maith le bearta beartais atá ann cheana atá ag dul isteach i dtimthriall cur chun feidhme nua. Mar shampla, má bhraitheann scéim fóirdheontais ar chinneadh buiséid bliantúil, ní bheadh feidhm ag an srian ach ón dáta a leithdháiltear buiséad nua, fiú más tar éis an 1 Eanáir 2026 é sin.

    Foráiltear le pointe (2)(h)(ii) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791) nach incháilithe bearta beartais ‘lena dtugtar fóirdheontas d’úsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise i bhfoirgnimh chónaithe ón 1 Eanáir 2026 ’. Dar leis an gCoimisiún, ciallaíonn sé sin, san earnáil chónaithe, go bhfuil feidhm ag an srian incháilitheachta ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an beart beartais curtha ‘chun feidhme go nua’. Mar shampla, bheadh scéim fóirdheontais neamh-incháilithe ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh dá gcuirfeadh ceann amháin ar a laghad dá gníomhaíochtaí suiteáil córas téimh breoslaí iontaise chun cinn san earnáil chónaithe, fiú mura bhfuil tús curtha le timthriall nua cur chun feidhme go fóill.

    7.7.2.   An coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais incháilithe a áireamh

    Foráiltear le pointe (2)(i) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 nach incháilithe coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais a bhaineann le húsáid dócháin dhírigh breoslaí iontaise má dhéantar na bearta beartais a chur ‘chun feidhme go nua’ ón 1 Eanáir 2024. Léirítear an dáta sin freisin i bpointe (2)(m) d’Iarscríbhinn V. Dar leis an gCoimisiún, tá feidhm aige sin maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn as bearta beartais ‘a chuirtear chun feidhme go nua’, fiú más rud é go raibh na modheolaíochtaí ríofa i bhfeidhm roimh thús na tréimhse cur chun feidhme nua.

    I gcás bearta beartais lena gcuirtear teaglamaí teicneolaíochtaí chun cinn, ní bheidh an sciar den choigilteas fuinnimh a bhaineann leis an teicneolaíocht dócháin breoslaí iontaise incháilithe ón 1 Eanáir 2024. Ó 2026 ar aghaidh, mar gheall ar chineál ‘measctha’ an bhirt (lena n-áirítear tacaíocht do theicneolaíocht a úsáideann breoslaí iontaise go díreach) bheadh an beart beartais iomlán neamh-incháilithe, agus ar an gcúis sin, ní thiocfadh an dúshlán cuntasaíochta sin chun cinn a thuilleadh.

    Cumhdaítear coigilteas fuinnimh ó theicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair atá dian ar fhuinneamh in earnáil an tionscail le maolú tiomnaithe i bpointe (2)(j) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Níl an coigilteas fuinnimh sin incháilithe ach amháin má chomhlíontar leis roinnt coinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin. Tá an maolú coinníollach ar an iniúchadh fuinnimh lena soláthraítear cruthúnas nach bhfuil aon rogha mhalartach ann atá indéanta go teicniúil seachas úsáid dhíreach breoslaí iontaise i bhfeidhm ar leith de chuid na hearnála dianfhuinnimh (e.g. mar gheall ar theocht an-ard is gá le haghaidh na bpróiseas tionsclaíoch). Le torthaí an iniúchta ba cheart a dheimhniú freisin nach méadaíonn an teicneolaíocht a bhaineann le dóchán díreach breoslaí iontaise faoin maolú an méid fuinnimh is gá ná an toilleadh suiteáilte, go gcomhlíonann sí an reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí de chuid an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus go gcuireann sí cosc ar éifeachtaí glasála teicneolaíochta trí chomhoiriúnacht amach anseo a áirithiú le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha neamh-iontaise atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Thairis sin, bunaithe ar thoradh an iniúchta, ba cheart Plean Cur Chun Feidhme a fhorbairt lena n-áirítear na gníomhartha molta ar fad a bhfuil tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú ag gabháil leo.

    7.8.   Forálacha a thacaíonn le teicneolaíochtaí teirmeacha gréine

    Soiléirítear i bPointe (2)(l) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 gur ‘féidir an teas a thairgeann teicneolaíochtaí teirmeacha gréine ó radaíocht na gréine a eisiamh óna dtomhaltas fuinnimh críochúsáide’ . Tá an fhoráil sin i gcomhréir leis an gcaoi a meastar teas comhthimpeallach le haghaidh teaschaidéal, rud a áirithíonn go gcaitear go cothrom leis an dá theicneolaíocht, teicneolaíochtaí teirmeacha gréine agus teaschaidéil.

    Leis an uisce te a ghintear leis an tsuiteáil theirmeach gréine ní féidir rannchuidiú le soláthar fuinnimh an chórais fuinnimh uileghabhálaigh. Dá bhrí sin, laghdaítear an t-éileamh ar fhuinneamh ar leibhéal an chórais fuinnimh leis an tsuiteáil theirmeach ghréine. Sin é an fáth gur féidir an teas a tháirgtear le teicneolaíochtaí teirmeacha gréine a áireamh agus coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaineann le húsáid deiridh ar leith (e.g., uisce te tí) á ríomh.

    Áirítear leis an gcoigilteas fuinnimh incháilithe a sholáthraíonn na suiteálacha teirmeacha gréine an méid fuinnimh le haghaidh úsáid deiridh ar leith, agus le haghaidh na húsáide sin amháin; agus ní le haghaidh táirgeadh teasa iomlán na suiteála teirmí gréine,

    Ní féidir leictreachas a ghintear ó phainéil fhótavoltacha gréine ar an láthair a áireamh mar choigilteas fuinnimh críochúsáide i gcomhthéacs Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791. An soiléiriú a cuireadh isteach i bpointe (2)(l) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, baineann sé go sonrach le comhchuibhiú na rialacha maidir le feistí a ghineann teas (teaschaidéil agus teicneolaíochtaí teasa gréine). Ní áirítear leis cásanna leictreachais a ghintear ar an láthair, ar an gcúis chéanna, is é sin go bhfuil Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 dírithe ar choigilteas fuinnimh críochúsáide, agus nach laghdaítear tomhaltas fuinnimh críochúsáide le fótavoltachas gréine. Athraíonn fótavoltachas gréine foinse an leictreachais, ach ní laghdaíonn sé tomhaltas leictreachais fearas, soilsiú, feithiclí leictreacha, nó úsáidí deiridh eile.

    7.9.   Coigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a chinneadh

    7.9.1.   Úsáid leaisteachas agus forluí le bearta beartais eile agus le reachtaíocht an Aontais.

    I bhFoscríbhinn IV a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658, tugtar treoir cheana maidir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí (4)(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ar ceanglais iad a bhaineann le coigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a ríomh. Comhlánaíodh na ceanglais sin le ceanglais nua nó athbhreithnithe i bpointí (4)(b), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ceanglais a pléadh sa Roinn seo, chomh maith le pointe nua (4)(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, a pléitear sa chéad Roinn eile.

    Rinneadh athbhreithniú ar fhorálacha phointe (4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 maidir le modheolaíocht agus úsáid leaisteachas chun coigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a ríomh chun an méid seo a leanas a shoiléiriú agus a chur i dtábhacht:

    Níor cheart ach leaisteachais ghearrthréimhseacha a úsáid agus measúnú á dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais is féidir a bheith incháilithe d’Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 (pointe nua (4)(d) in Iarscríbhinn V): níor cheart leaisteachais fhadtréimhseacha a úsáid chun na críche sin, ach amháin más féidir údar a thabhairt maidir leis an gcaoi ar seachnaíodh nó ar ceartaíodh áireamh dúbailte coigiltis fuinnimh ó reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus ó bhearta beartais eile a thuairiscítear in Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2023/1791 (pointe (4)(b) athbhreithnithe in Iarscríbhinn V).

    In aon chás, áirítear leis an reachtaíocht eile de chuid an Aontais atá le cur san áireamh nuair a táthar ag déileáil le rioscaí forluí agus áirimh dúbailte, an reachtaíocht a luaitear i bpointe (2)(f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 (i.e., Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), agus Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32)) agus i bpointí (4)(a) agus (f) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 (Treoir 2003/96/CE agus Treoir 2006/112/CE (33) ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2023/959 faoi seach).

    Beidh na leaisteachais ghearrthréimhseacha a úsáidtear sna ríomhanna infheidhme maidir leis an mBallstát a thuairiscíonn an coigilteas fuinnimh agus a thugann réasúnú leis sin le staidéir tionlacain ó institiúid neamhspleách (pointe (4)(b) athbhreithnithe in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791).

    Is é is cuspóir do na forálacha sin a áirithiú nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte ann agus leaisteachais á n-úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh. Sampla de bheart beartais cánachais a bhféadfaí leaisteachais ghearrthréimhseacha agus fhadtréimhseacha araon a úsáid ina leith chun an coigilteas fuinnimh a mheas is ea beart inar tugadh cuntas ar gach beart nó ceanglas forluiteach beartais, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Chiallódh sé sin cuntas a thabhairt ar an íosleibhéal cánachais a cheanglaítear le Treoir 2003/96/CE agus cuntas a thabhairt ar bhearta beartais eile a mbíonn tionchar acu ar chinntí infheistíochta agus ar an gcoigilteas fuinnimh a thagann ina dhiaidh sin. I measc na bpríomhbheart beartais ar leibhéal an Aontais tá Éicidhearthóireacht, rialacháin maidir le CO2 feithiclí nua agus ceanglais maidir le hiniúchadh fuinnimh na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Ar leibhéal na mBallstát, d’fhéadfaí scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, cláir fóirdheontais agus comhaontuithe deonacha, i measc nithe eile, a áireamh ar bhearta forluiteacha beartais. I gcás ina bhfuil forluí idir bearta beartais cánachais agus bearta beartais tuairiscithe eile a dhéanann difear do chinntí infheistíochta, níor cheart do na Ballstáit ach meastacháin ar leaisteachas gearrthréimhseach a úsáid chun tionchar an bhirt cánachais a ríomh. Níor cheart meastacháin leaisteachais fhadtréimhsigh a úsáid ach amháin mura dtuairiscítear an coigilteas le haghaidh na mbeart beartais náisiúnta forluiteach. Ar an mbealach sin, sheachnófaí áireamh dúbailte.

    Tá tuilleadh treorach maidir leis na pointí sin a bhaineann leis an measúnú ar choigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais agus le ríomh leaisteachas gearrthréimhseach i gcomhthéacs Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 le fáil i bhFoscríbhinn IV a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi chuid 3.3(f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, nach mór do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir lena modheolaíocht ríofa, lena n-áirítear na praghasleaisteachais a d’úsáid siad agus conas a bunaíodh iad, i gcomhréir le pointe (4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Dá bhrí sin, tá aghaidh le tabhairt freisin ar na ceanglais nua a chuirtear i dtábhacht sa Roinn seo den Iarscríbhinn san fhaisnéis agus sna réasúnuithe sna fógraí a thugann na Ballstáit agus sa tuairisciú a dhéanann siad.

    7.9.2.   Éifeachtaí dáileacháin agus a maolú

    Déantar pointe (4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 a chomhlánú le pointe nua (e) lena gceanglaítear ar na Ballstáit éifeachtaí dáileacháin cánachais agus beart coibhéiseach ar spriocghrúpaí Airteagal 8(3) den Treoir sin a chinneadh. Ceanglaítear leis freisin ar na Ballstáit éifeachtaí na mbeart maolúcháin arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Threoir (AE) 2023/1791 a léiriú.

    Measann an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí dáileacháin a bheith ann ar fud grúpaí ioncaim (tionchar ingearach ar chothromas) nó laistigh de na grúpaí ioncaim chéanna (tionchar cothrománach ar chothromas). Is éard atá i gceist le tionchar cothrománach ar chothromas, mar shampla, nuair atá ualach fuinnimh éagsúil ar theaghlaigh a bhfuil ioncam comhchosúil acu, cuir i gcás, mar gheall ar a suíomh (e.g., limistéir ina bhfuil stoc foirgnimh níos sine nó níos déanaí nó difríochtaí aeráide).

    Tá pointe (4)(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 dírithe ar an riosca go rachaidh an bhochtaineacht fuinnimh in olcas mar gheall ar bhearta cánachais. Dá bhrí sin, ba cheart a dhíriú sa mheasúnú ar éifeachtaí dáileacháin díreacha. Déantar measúnú den sórt sin (anailís ar an teagmhas díreach) de ghnáth le samhaltú micreacnamaíoch, ag féachaint ar an éifeacht chánach ar an sciar den chaiteachas fuinnimh vs. ioncam nó caiteachas iomlán, de réir grúpaí ioncaim nó caiteachais. Is iad Suirbhéanna Buiséid Teaghlaigh na príomhfhoinsí sonraí le haghaidh measúnú den sórt sin de ghnáth. Tá éifeacht dhíobhálach chainníochtaithe (nó éifeacht dheimhneach) na cánach bunaithe ar thoisí an ioncaim, ós rud é go n-úsáidtear an éagsúlacht chúitimh mar innéacs, agus léiríonn sí an méid a bheadh ar mheánchaiteachas iomlán teaghlach ar ioncam íseal a mhéadú/laghdú sa spriocbhliain (2030) chun cóimheas bonnlíne na bliana de dhearbhchaiteachas a choinneáil ar bun i ndáil leis an meánchaiteachas foriomlán fuinnimh. Mar sin féin, ní chuireann tabhairt isteach beart beartais áirithe leis an gcaiteachas iomlán ar fhuinneamh ach tugtar isteach leis costais nua infheistíochta ar theaghlaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an méadú nach mór teacht ar an ioncam i gcás teaghlach ar leith chun an leibhéal leasa céanna a choinneáil a ríomh tríd an éagsúlacht chúitimh (caillteanas leasa) i gcás inar féidir leis na Ballstáit a léiriú na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis an gcánachas a thabhairt isteach gan aon tacaíocht airgeadais chun an t-ualach méadaithe ar an ioncam a chumhdach.

    Paraiméadar roghnach eile chun na héifeachtaí dáileacháin a léiriú ar bhealach níos fearr is ea iad a ríomh bunaithe ar an tomhaltas fuinnimh le haghaidh na chéad chúigíle ioncaim nó an dara ceann (le haghaidh na chéad deicíle nó an dara ceann), nó dóibh araon, mar go léirítear na cúigilí nó na deicílí i staidreamh an Aontais. Chuige sin, ní mór micreashamhaltú a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh a shannadh i ngach grúpa ioncaim, ach bheadh sé níos cruinne ó thaobh na héifeachtaí cánachais a aonrú.

    Áirítear ar na bearta maolúcháin le haghaidh éifeachtaí dáileacháin na mbeart cánachais tacaíocht airgeadais (e.g., rátaí cánach laghdaithe, taraifí sóisialta nó aistriú nó cúiteamh) agus bearta beartais spriocdhírithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Le rátaí cánach agus taraifí sóisialta laghdaithe laghdaítear éifeacht choigilteas fuinnimh na mbeart cánachais. Dá bhrí sin, bheadh bearta aistrithe nó cúitimh i gcomhréir níos mó leis an gcuspóir coigiltis fuinnimh. Mar sin féin, má sholáthraítear iad tar éis don fhuinneamh a bheith íoctha, nó má éilíonn siad próiseas iarratais, d’fhéadfadh sé nach mbeidh siad chomh rathúil céanna grúpaí lena mbaineann a shroicheadh agus éifeachtaí dáileacháin a mhaolú. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí teaghlaigh leochaileacha a bhfuil riachtanais arda tomhaltais fuinnimh acu a chúiteamh go leordhóthanach as caiteachas breise dosheachanta. Le bearta beartais éifeachtúlachta fuinnimh lena ndírítear ar theaghlaigh ar ioncam íseal, laghdaítear costas na seirbhísí fuinnimh chun tairbhe teaghlach agus laghdaítear an gá atá le bearta maolúcháin ar gá tacaíocht airgeadais ina leith ach nach dtagann feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh dá mbarr. I gcás ina bhfuil líon na dteaghlach i ngrúpaí tosaíochta a ndéanann na bearta cánachais difear dóibh níos mó ná líon na dteaghlach ar féidir leo gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh atá domhain go leor a fháil roimh thús an bhirt cánachais, is dócha go mbeidh gá le meascán de bhearta beartais feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus de thacaíocht airgeadais sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. In aon chás, tá na Ballstáit le cuspóir coigiltis fuinnimh na mbeart maolúcháin a léiriú chun go mbeidh siad incháilithe chun críocha Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    I gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart a léiriú sa mheasúnú, dá bhrí sin, an chaoi a rannchuidíonn na bearta maolúcháin le tacaíocht do na spriocghrúpaí, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    na héifeachtaí dáileacháin a thuar agus an baol atá ann go mbeidh siad faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú;

    a áirithiú gur féidir leo rochtain a fháil ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus tairbhe a bhaint astu.

    8.   Ceanglais tuairiscithe

    8.1.   Pleananna comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú

    I gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoin 30 Meitheamh 2024, agus faoin 1 Eanáir 2034 agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin, nuashonrú ar a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi. Le hAirteagal 14(1) ceanglaítear ar na Ballstáit dréacht-nuashonrú ar a PNFA a sholáthar i gcónaí bliain roimh an sprioc-am in Airteagal 14(2).

    Sa bhreis ar Rialachán (AE) 2018/1999, le hAirteagal 8(10) agus (11) de Threoir (AE) 2023/1791 ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi mhéid an choigiltis fuinnimh athbhreithnithe is gá de bhun na huaillmhéine nua in Airteagal 8(1) agus (3) de Threoir (AE) 2023/1791 ina PNFAnna nuashonraithe agus sna leaganacha PNFA a thagann ina dhiaidh sin. Ba cheart a áirithiú san fhaisnéis ríomh mhéid an choigiltis fuinnimh atá le baint amach thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 agus ba cheart a mhíniú inti, más ábhartha, conas a bunaíodh an ráta coigiltis bliantúil agus an bhonnlíne ríomha, agus conas agus a mhéid a cuireadh i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear in Airteagal 8(8) de Threoir (AE) 2023/1791. Tá tuilleadh faisnéise faoi na roghanna faoi Airteagal 8(8) de Threoir (AE) 2023/1791 (Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE roimhe seo) le fáil i Roinn 3.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    Le hAirteagal 8(4) de Threoir (AE) 2023/1791 ceanglaítear ar na Ballstáit freisin faisnéis a áireamh faoi na táscairí a chuirtear i bhfeidhm, faoin meánsciar uimhríochtúil agus faoi thoradh na mbeart beartais a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Treoir sin. Tá tuilleadh faisnéise faoin bpointe seo le fáil i Roinn 4.4 den Iarscríbhinn seo.

    Sa bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit Airteagal 8(14) de Threoir (AE) 2023/1791 a chur san áireamh freisin ina PNFAnna nuashonraithe freisin nó ina dtuarascáil náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn (féach freisin Roinn 8.2. den Iarscríbhinn seo). I gcomhréir le hAirteagal 8(14) de Threoir (AE) 2023/1791, ní mór do na Ballstáit a léiriú trí fhianaise agus ríomhanna, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach bhfuil aon áireamh dúbailte coigiltis fuinnimh;

    (b)

    conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a baineadh amach lena rannchuidiú náisiúnta le spriocanna foriomlána éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 a bhaint amach faoi Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791;

    (c)

    gur bunaíodh bearta beartais chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar bearta iad a ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 agus go bhfuil na bearta beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

    Cuireadh pointí (a) agus (b) d’Airteagal 8(14) de Threoir (AE) 2023/1791 san áireamh cheana in Airteagal 7(12) de Threoir 2012/27/AE. Dá bhrí sin, is féidir tuilleadh faisnéise faoi na ceanglais tuairiscithe sin a fháil i Roinn 7.9. agus i bhFoscríbhinn XI a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cheanglais tuairiscithe Airteagal 8(14), pointe (c), de Threoir (AE) 2023/1791, féach roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo.

    8.2.   Tuairisciú ar dhul chun cinn

    Le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit a dtuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn lena gcumhdaítear gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a chur isteach, agus an éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na gnéithe sin.

    Le hAirteagal 21, pointe (b)(3), de Rialachán (AE) 2018/1999 agus Cuid 2, pointí (b), (c) agus (d), d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis, sonraítear an fhaisnéis atá le háireamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lena gcumhdaítear an tuairisciú a bhaineann leis na hoibleagáidí in Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791.

    Sa bhreis ar Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 8(4), (10) agus (14) de Threoir (AE) 2023/1791 a chur san áireamh mar a mhínítear i Roinn 8.1. den Iarscríbhinn seo. Baineann na ceanglais tuairiscithe le haghaidh na bhforálacha sin i ndáiríre leis na PNFAnna agus lena leaganacha ina dhiaidh sin agus leis na tuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn agus lena leaganacha ina dhiaidh sin.

    Thairis sin, áirítear in Airteagal 9(10) agus Airteagal 10(3) de Threoir (AE) 2023/1791 ceanglais tuairiscithe bhreise, mar atá na ceanglais atá ar na Ballstáit faisnéis a áireamh ina dtuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin. Tá tuilleadh faisnéise faoi na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe le fáil i Roinn 6.1 den Iarscríbhinn seo.

    Bhí na chéad tuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn dlite faoin 15 Márta 2023 agus ina dhiaidh sin ní mór do na Ballstáit a ndul chun cinn a thuairisciú gach ré bliain.


    (1)  Taisclann na bPobal Fuinnimh, https://energy-communities-repository.ec.europa.eu/index_en/.

    (2)  Pobail fuinnimh, https://energy.ec.europa.eu/topics/markets-and-consumers/energy-communities_en/.

    (3)   https://www.ca-eed.eu/?s=energy+poverty/.

    (4)  an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht, https://energy-poverty.ec.europa.eu/index_en/.

    (5)  Liosta de thionscadail ábhartha an Chláir Fís 2020: https://cordis.europa.eu/search?q=contenttype%3D%27project%27%20AND%20programme%2Fcode%3D%27LC-SC3-EC-2-2018-2019-2020%27&p=1&num=10&srt=/project/contentUpdateDate:decreasing/.

    https://cordis.europa.eu/search?q=contenttype%3D%27project%27%20AND%20programme%2Fcode%3D%27EE-06-2016-2017%27&p=1&num=10&srt=/project/contentUpdateDate:decreasing/.

    Bunachar sonraí thionscadail LIFE: https://webgate.ec.europa.eu/life/publicWebsite/search/get?basicSearchText=energy+poverty

    (6)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdes01/default/table?lang=en

    (7)   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=EU_statistics_on_income_and_living_conditions_(EU- SILC)_methodology_-_economic_strain#Description

    (8)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdes07/default/table?lang=en

    (9)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdho01/default/table?lang=en

    (10)   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=EU_statistics_on_income_and_living_conditions_(EU-SILC)_methodology_-_housing_deprivation#Description

    (11)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_li02/default/table?lang=en/.

    (12)   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:At-risk-of-poverty_rate

    (13)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).

    (14)  Parlaimint na hEorpa, 2013: Tithíocht shóisialta san Aontas, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/note/join/2013/492469/IPOL-EMPL_NT(2013)492469_EN.pdf/.

    (15)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).

    (16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).

    (17)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/31/oj).

    (18)  Féach roinn 7.3 maidir leis an ‘Breisíocht’ san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2019/1658.

    (19)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1369/oj).

    (20)  Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle an 30 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe éilimh le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú (IO L 93, 31.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/706/oj).

    (21)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1854/oj).

    (22)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).

    (23)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).

    (24)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

    (25)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj).

    (26)  Níor cheart ach na moltaí sin a bhaineann leis an bpróiseas tionsclaíoch a chur san áireamh i gcomhthéacs na coinníollachta maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce. Cuirtear tuilleadh faisnéise ar fáil i nDoiciméad Treorach Uimh. 12 maidir leis an modheolaíocht chomhchuibhithe maidir le leithdháileadh saor in aisce le haghaidh CTA AE – athbhreithniú 2024: https://climate.ec.europa.eu/document/download/6bdefaa1-2aa8-4306-a4a2-4eb7d751f5ae_en?filename=12_gd12_eneff_conditionality_en.pdf

    (27)  Leis an Togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, tugadh isteach srian ginearálta ar thacaíocht phoiblí do theicneolaíochtaí dócháin breoslaí iontaise in earnáil na bhfoirgneamh. Ní mór an comhaontú deiridh maidir leis na forálacha sin sa togra athmhúnlaithe le haghaidh Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a mheas freisin i gcomhthéacs na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791.

    (28)  Sa tsreabhchairt seo glacaimid leis nach ndéanann aon saincheist eile difear d’incháilitheacht an choigiltis fuinnimh.

    (29)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj).

    (30)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, COM(2021) 802 final.

    (31)  Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).

    (32)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).

    (33)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1590/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top