Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H0603

    Moladh (AE) 2024/603 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Seicia lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Seicia le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú

    C/2023/9616

    IO L, 2024/603, 7.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/603/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/603/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/603

    7.3.2024

    MOLADH (AE) 2024/603 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Nollaig 2023

    maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Seicia lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Seicia le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(6), agus Airteagal 9(2) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (2), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    Moltaí maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) nuashonraithe na Seicia lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030

    (1)

    Thíolaic an tSeicia a dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe an 23 Deireadh Fómhair 2023.

    (2)

    De bharr thíolacadh mall dhréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Seicia, bhí teorainn leis an am a bhí ag an gCoimisiún Eorpach chun a mheasúnú a dhréachtú chun an moladh seo a ghlacadh 6 mhí sula mbeadh na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha dlite, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

    (3)

    Leagtar síos le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’) na heilimintí atá le cur san áireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún an Treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an bpróiseas agus an raon feidhme a bhaineann leis an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe agus an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach a ullmhú (3). Sainaithníodh dea-chleachtais leis an Treoraíocht agus leagadh amach impleachtaí na bhforbairtí beartais, dlíthiúla agus geopholaitiúla a rinneadh le déanaí i mbeartais fuinnimh agus aeráide.

    (4)

    I ndáil le plean REPowerEU (4), agus mar chuid de thimthriallta 2022 agus 2023 an tSeimeastair Eorpaigh, dhírigh an Coimisiún go láidir ar riachtanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid chun slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus cóir. Léirítear é sin i dTuarascálacha Tíre 2022 agus 2023 le haghaidh na Seicia (5) agus sna Moltaí ón gComhairle don tSeicia (6). Ba cheart do na Ballstáit na moltaí tírshonracha is déanaí a chur san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha.

    (5)

    Tá moltaí an Choimisiúin maidir le spriocanna náisiúnta a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (7) (ESR) bunaithe ar an dóchúlacht go n-urramóidh na Ballstáit spriocanna 2030, agus na rialacha maidir le húsáid solúbthachtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á gcur san áireamh.

    (6)

    Is é is aidhm do mholtaí an Choimisiúin maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) forbhreathnú a fháil ar chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na méideanna bliantúla CO2 a bhfuil sé beartaithe a ghabháil faoi 2030, agus iad roinnte de réir foinse CO2 a gabhadh agus a thagann ó shuiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ó fhoinsí eile, amhail foinsí bithghineacha nó gabháil ón aer; maidir le bonneagar iompair CO2 pleanáilte; agus maidir leis an toilleadh stórála intíre féideartha de CO2 agus maidir le toirteanna insteallta de CO2 atá beartaithe a bheith ar fáil in 2030.

    (7)

    Leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bhfeidhmíocht faoin Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht ‘Rialachán LULUCF’) tugtar aghaidh ar sheachadadh an Bhallstáit maidir leis an ngealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach ag an mBallstát don tréimhse 2021-2025 (Tréimhse 1) agus a sprioc náisiúnta don tréimhse 2026-2030 (Tréimhse 2), agus na rialacha lena rialaítear úsáid solúbthachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún freisin go ndéanfar aon fhuílleach astaíochtaí faoi Rialachán LULUCF a aistriú go huathoibríoch chuig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i dTréimhse 1.

    (8)

    Chun go mbeifear in ann, leis an oiriúnú don athrú aeráide, tacú go cuí leis na cuspóirí maidir le fuinneamh agus maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach na guaiseacha féideartha maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir, pobail agus earnálacha ábhartha. Sna moltaí ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú, breithnítear a mhéid a chomhtháthaigh an tSeicia ina PNFA nuashonraithe spriocanna oiriúnúcháin lena gcuirtear rioscaí aeráide san áireamh, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cosc a chur ar an tSeicia cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Gan beartais agus bearta oiriúnúcháin sonracha, iad pleanáilte agus curtha chun feidhme, tá baol ann nach mbainfear amach cuspóirí i ngnéithe an Aontais Fuinnimh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh.

    (9)

    Na moltaí ón gCoimisiún i dtaca leis an uaillmhian maidir le fuinneamh in-athnuaite, tá siad bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá in easnamh ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Seicia chun é a chur ar a cumas don tSeicia a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 % de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn. Tá moltaí an Choimisiúin bunaithe freisin ar rannchuidiú na Seicia le spriocanna sonracha Airteagail 15a, 22a, 23, 24 agus 25 den Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a thrasuí go tapa agus chun í a chur chun feidhme. Léirítear leis na moltaí a thábhachtaí atá sé pleanáil chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun fuinneamh in-athnuaite, agus go háirithe an ghaoth, a chur in úsáid, chun infheictheacht a mhéadú don tionscal monaraíochta Eorpach agus d’oibreoirí eangaí i gcomhréir leis an bPacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (11).

    (10)

    Na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an rannchuidiú náisiúnta le héifeachtúlacht fuinnimh, tá siad bunaithe ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; agus ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a chur chun feidhme.

    (11)

    Sna moltaí ón gCoimisiún, tugtar aird ar leith ar na spriocanna, na cuspóirí agus na rannchuidithe agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun plean REPowerEU a bhaint amach chun deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise.Cuirtear san áireamh iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phacáiste ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (13). Is léiriú iad na moltaí sin ar an ngá atá le hathléimneacht an chórais fuinnimh a neartú i bhfianaise na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus as Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le slándáil an tsoláthair gáis, agus i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le stóráil fuinnimh (16).

    (12)

    Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún an gá atá le dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun ról na solúbthachta a neartú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint. Leis an moladh ón gCoimisiún, breithnítear freisin a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus le Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (17).

    (13)

    Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain chun borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí forbartha agus monaraíochta, lena n-áirítear beartais agus bearta iomchuí do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus do ghnólachtaí eile; agus an gá atá le lucht saothair a uas-sciliú le haghaidh tionscal glan-nialasach chun geilleagar láidir, iomaíoch agus glan a chomhdhlúthú laistigh den Aontas.

    (14)

    Cuireann na moltaí ón gCoimisiún leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile, agus leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise.

    (15)

    Na moltaí ón gCoimisiún maidir le riachtanais infheistíochta, tagann siad i ndiaidh a mheasúnú i dtaobh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear leis an dréachtphlean nuashonraithe forbhreathnú ginearálta ar na riachtanais infheistíochta chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a bhaint amach le haghaidh gach gné den Aontas Fuinnimh; cé acu a léirítear nó nach léirítear ann na foinsí maoiniúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir foinsí príobháideacha agus poiblí; agus leagtar amach ann infheistíochtaí atá comhsheasmhach le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Seicia, Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir na Seicia agus moltaí tírshonracha 2022-2023 arna n-eisiúint faoin Seimeastar Eorpach, agus áirítear leis measúnú maicreacnamaíoch láidir ar bheartais agus ar bhearta atá beartaithe. Leis an PNFA ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun tacú le deimhneacht infheistíochta.

    (16)

    Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún an ríthábhacht a bhaineann le comhairliúchán réigiúnach leathan, agus le comhairliúchán luath agus cuimsitheach maidir leis an bplean a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail le faisnéis agus tráthchlár leordhóthanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus (18).

    (17)

    Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an aistriú cóir an measúnú ar cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear go domhain i bplean na Seicia tionchair ábhartha shóisialta, fostaíochta agus scileanna an aistrithe aeráide agus fuinnimh agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann beartais agus bearta leordhóthanacha a ghabhann leis chun aistriú cóir a chur chun cinn, agus rannchuidítear an tráth céanna le cearta an duine agus comhionannas inscne araon a chur chun cinn.

    (18)

    Tá an measúnú ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Seicia ina bhonn taca le moltaí ón gCoimisiún di (19), a fhoilsítear in éineacht leis an Moladh seo.

    (19)

    Ba cheart don tSeicia aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus a PNFA comhtháite nuashonraithe críochnaitheach á fhorbairt aici lena thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2024.

    Moltaí maidir le comhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus maidir le dul chun cinn i dtaca leis an oiriúnú a áirithiú

    (20)

    De bhun Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht bhearta na Seicia leis na cuspóirí sin (20). Tá na moltaí thíos bunaithe ar an measúnú sin. Ba cheart don tSeicia aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach.

    (21)

    Cé go léiríonn glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais (lena n-áirítear astaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) agus gan iompar idirnáisiúnta a áireamh) treocht sheasta anuas ar an iomlán, i gcomhréir tríd is tríd leis an gconair líneach lena mbainfear amach sprioc aeráide -55 % an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais, ní mór dlús a chur le luas an laghdaithe astaíochtaí agus tá gníomhú ar thaobh na mBallstát fíor-riachtanach. Rinneadh an dul chun cinn ar fud na mBallstát a mheascadh le roinnt dúshlán earnála agus laigí is gá a réiteach gan a thuilleadh moille. Léirítear sa mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, gur cosúil nach leormhaith an dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais i gcás na Seicia. Tá straitéisí fadtéarmacha iontaofa ina mbunchloch chun an claochlú eacnamaíoch is gá a bhaint amach chun bogadh i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais.

    (22)

    Chun oiriúnú éifeachtach a dhéanamh ar an scála is gá agus ar fud na n-earnálacha neamhchosanta uile, tá gá le struchtúr rialachais agus comhordúcháin atá sainordaithe go soiléir agus a mbeidh tacaíocht pholaitiúil ardleibhéil ag gabháil leis. D’fhéadfadh tascfhórsa nó coiste idir-rannach a bheith san áireamh sa struchtúr sin. Ba cheart a dhíriú le beartais oiriúnúcháin ar réimsí nó ar earnálacha atá an-leochaileach don athrú aeráide, nó a bhfuil a ngníomhaíochtaí ríthábhachtach d’athléimneacht earnálacha eile, nó a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo don gheilleagar náisiúnta nó don tsláinte phoiblí. Tá gá le freagairt tosaíochta ar thionchair agus ar rioscaí a meastar go ndéanfaidh siad difear do bhonneagar criticiúil nó do chórais chriticiúla a bhfuil saolré fhada acu, nó a meastar go ndéanfaidh siad difear do chórais ar bhealach do-aisiompaithe, agus idirghníomhaíocht le forbairt shocheacnamaíoch nó le gníomhaithe neamhaeráide eile á gcur san áireamh. Is féidir ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais a shlógadh chun oiriúnú a chistiú. Ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do bhreithnithe a bhaineann le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus a bpleananna náisiúnta faoi chistí ábhartha an Aontais á ndearadh acu. Níor cheart díobháil a dhéanamh don oiriúnú le haon chuid den chaiteachas: is é sin, leochaileachtaí a mhéadú do na tairbhithe nó do dhaoine eile. Tá riachtanais infheistíochta a bhaineann le hoiriúnú don aeráid ag méadú agus cuirfear dlús leis an méadú sin sna blianta fada amach romhainn. Ba cheart acmhainneacht agus saineolas leordhóthanach, a bhfuil gá leo le haghaidh riaracháin, a bheith ag gabháil le cistiú feabhsaithe chomh maith le cur chun feidhme chun cáilíocht an chaiteachais agus na hacmhainneachta ionsúcháin a áirithiú agus chun mí-oiriúnú a sheachaint. Chomh maith le cistiú poiblí agus príobháideach, d’fhéadfaí ionstraimí nuálacha cistiúcháin a iniúchadh freisin trí chomhar leis an earnáil phríobháideach agus le hinstitiúidí airgeadais.

    (23)

    Is iad na pobail is leochailí na pobail sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Le hathléimneacht chóir, ba cheart ualach éagothrom an riosca aeráide a laghdú agus cothromas a áirithiú le linn tairbhí an oiriúnaithe a dháileadh. Is príomhghné é an cumas córasach dul in oiriúint don athrú aeráide chun damáiste féideartha a sheachaint nó a mhaolú, chun leas a bhaint as deiseanna, agus chun déileáil leis na hiarmhairtí. Tá athrú ag teacht ar thionchair fhisiceacha an athraithe aeráide ar luas níos tapúla ná mar a bhí coinne leis. Tá gá le dul chun cinn maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach ar gach leibhéal den rialtas, agus san earnáil phoiblí agus phríobháideach, agus éilítear leis feasacht mhéadaithe ar leochaileachtaí agus ar rioscaí. Is gníomhaithe don athrú iad páirtithe leasmhara príobháideacha trí fhaisnéis, acmhainní, acmhainneachtaí agus cistiú a sholáthar. Tá inniúlachtaí ag an leibhéal áitiúil ar féidir leo tionchar níos leithne a imirt ar an athléimneacht aeráide. Tá tábhacht nach beag ag baint le beartais fhonáisiúnta um oiriúnú a ullmhú agus a chur chun feidhme.

    (24)

    Cuireann réitigh dhúlrabhunaithe roghanna oiriúnúcháin agus maolúcháin atá éifeachtúil agus costéifeachtach ar fáil, má dhéantar a n-úsáid a dhreasú trí chreataí straitéiseacha, beartais agus cistiú. Is féidir iad a chur chun feidhme go neamhspleách nó iad a chomhtháthú i mbearta oiriúnúcháin agus maolúcháin eile, in éineacht le réitigh atá bunaithe níos mó ar an teicneolaíocht nó ar bhonneagar. Le cur chun feidhme ní mór castacht na n-éiceachóras agus éifeachtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide, an comhthéacs áitiúil, leasanna agus luachanna nasctha, agus dálaí socheacnamaíocha a chur san áireamh.

    AG MOLADH LEIS SEO GO nDÉANFAIDH AN tSEICIA GNÍOMHAÍOCHT CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

    MAIDIR LEIS AN DRÉACHTPHLEAN NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE NUASHONRAITHE FAOI RIALACHÁN (AE) 2018/1999

    1.

    Beartais agus bearta breise costéifeachtúla a leagan amach, go háirithe san earnáil iompair agus in earnáil na bhfoirgneamh agus le haghaidh astaíochtaí neamh-CO2, lena n-áirítear meatán, N2O agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ó próisis thionsclaíocha agus ó úsáid táirgí, ón talmhaíocht agus ó bhainistiú dramhaíola, chun an bhearna réamh-mheasta de 7,3 pointe céatadáin a líonadh d’fhonn an sprioc náisiúnta de -26 % maidir le gás ceaptha teasa a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Réamh-mheastacháin a sholáthar chun a thaispeáint conas a bhainfear amach an sprioc leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe agus, más gá, a shonrú conas a úsáidfear na solúbthachtaí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun comhlíontacht a áirithiú. An fhaisnéis faoi na beartais agus na bearta a chomhlánú. míniú soiléir a thabhairt ar a raon feidhme, a n-amlíne agus, i gcás inar féidir, an tionchar laghdaithe gás ceaptha teasa a mheastar a bheidh acu, lena n-áirítear an méid sin i gcás bearta i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta.

    2.

    Méid na n-astaíochtaí CO2 a shainaithint a d’fhéadfaí a ghabháil gach bliain faoi 2030, lena n-áirítear an fhoinse.

    3.

    Conair nithiúil a leagan amach i dtreo sprioc náisiúnta LULUCF a bhaint amach mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Bearta breise in earnáil LULUCF a chur san áireamh lena sonraítear a n-uainiú agus a raon feidhme agus lena ndéantar cainníochtú ar na tionchair a mheastar a bheidh acu chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa ailínithe go héifeachtach le sprioc ghlanaistrithe 2030 an Aontais -310 MtCO2eq agus leis an sprioc thírshonrach maidir le baint -827KtCO2eq mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Faisnéis shoiléir a sholáthar ar an gcaoi a n-úsáidtear cistí poiblí (idir chistí an Aontais, lena n-áirítear an comhbheartas talmhaíochta, agus Státchabhair) agus maoiniú príobháideach trí scéimeanna feirmeoireachta carbóin go comhsheasmhach agus go héifeachtach chun an sprioc ghlanaistrithe náisiúnta a bhaint amach. Faisnéis a sholáthar maidir leis an stádas agus an dul chun cinn atá le déanamh chun feabhsuithe ar leibhéil níos airde/tacair sonraí atá follasach ó thaobh na geografaíochta de a áirithiú le haghaidh faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

    4.

    Anailís bhreise a sholáthar ar na leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha aeráide maidir leis na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe náisiúnta a bhaint amach agus maidir leis na beartais agus na bearta i ngnéithe éagsúla an Aontais Fuinnimh. An nasc le cuspóirí agus beartais shonracha an Aontais Fuinnimh a leagan amach agus a chainníochtú ar bhealach níos fearr, ar cuspóirí agus beartais iad ar cheart tacú leo le beartais agus bearta oiriúnúcháin. Beartais agus bearta oiriúnúcháin breise a leagan amach ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun tacú leis an tSeicia a cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta faoin Aontas Fuinnimh a bhaint amach.

    5.

    An uaillmhian a bhaineann le sciar 33 % ar a laghad d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a ardú mar rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú i gcomhréir leis an bhfoirmle in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Conair tháscach a áireamh a shroichfidh na pointí tagartha le haghaidh 2025 agus 2027 de bhun Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

    6.

    Conairí measta agus plean fadtéarmach a sholáthar chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid sna 10 mbliana amach romhainn, agus tuar ann go 2040. Sprioc tháscach le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 a áireamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Spriocanna sonracha a chur san áireamh chun rannchuidiú le fospriocanna táscacha i bhfoirgnimh agus san earnáil tionsclaíochta le haghaidh 2030. Na spriocanna ceangailteacha maidir le téamh agus fuarú a chur san áireamh le haghaidh na dtréimhsí 2021-2025 agus 2026-2030 araon agus sprioc tháscach a chur san áireamh chun breisithe Iarscríbhinn IA a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú, a bhaint amach. Sprioc tháscach a áireamh i dtéamh agus fuarú ceantair le haghaidh na tréimhse 2021 go dtí 2030. An fhosprioc cheangailteach a áireamh le haghaidh bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil an iompair faoi 2030.

    7.

    Beartais agus bearta mionsonraithe agus cainníochtaithe a áireamh ar bhealach a chuirfidh ar a cumas di a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun í a mhéadú go 45 %. Tuairisc a thabhairt go háirithe ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe leis dlús a chur leis an gceadú agus mionsonraí a thabhairt ar na teicneolaíochtaí in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe aige ‘dlúslimistéir in-athnuaiteán’ a ainmniú ina leith le nósanna imeachta níos tapúla agus níos simplí. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe leis dlús a chur le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite a ghlacadh, ráthaíochtaí tionscnaimh agus creat cumasúcháin chun uath-ídiú leictreachais agus pobail fuinnimh a chur chun cinn. Tuilleadh faisnéise a sholáthar faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige dlús a chur le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, agus i dtéamh agus fuarú ceantair i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú. Bearta mionsonraithe breise a áireamh maidir le creat cumasúcháin lena gcuirfear leis an gcomhtháthú idir líonraí leictreachais, téimh agus fuaraithe.

    8.

    Bearta breise a áireamh chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a chur chun cinn, i bhfianaise acmhainneacht agus táirgeadh inbhuanaithe bithgháis/bithmheatáin na Seicia, a próifíle maidir le hídiú gáis nádúrtha agus an bhonneagair atá ann cheana, agus i bhfianaise a húsáide díleáiteáin agus feidhmeanna bithghineacha CO2.

    9.

    Amlíne ionchais a sholáthar a mhéid is féidir maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh glacadh beartas agus beart reachtach agus neamhreachtach arb é is aidhm dóibh forálacha Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na bearta a luaitear sna pointí roimhe seo.

    10.

    Méid an laghdaithe ar an ídiú fuinnimh a chuir san áireamh, atá le baint amach ag na comhlachtaí poiblí uile arna ndí-chomhiomlánú de réir earnála agus achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí atá le hathchóiriú ar bhonn bliantúil nó coigilteas fuinnimh bliantúla comhfhreagracha atá le baint amach.

    11.

    Beartais agus bearta iomlána a leagan amach chun na rannchuidithe náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, agus an chaoi a gcuirfear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme. Cláir mhaoiniúcháin láidre um éifeachtúlacht fuinnimh agus scéimeanna tacaíochta a shonrú lena mbeifear in ann infheistíochtaí phríobháideacha agus cómhaoiniú breise a shlógadh. Bearta a sholáthar maidir le coigilteas fuinnimh chun a áirithiú go mbainfear amach na méideanna coigiltis fuinnimh carnacha críochúsáide a cheanglaítear faoi 2030, lena n-áirítear bearta a chainníochtú lena ndíreofar ar bhochtaineacht fuinnimh.

    12.

    Tacú leis an uaillmhian nuashonraithe maidir le dícharbónú foirgneamh trí fhaisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le beartais agus bearta lena dtugtar aghaidh go sonrach ar mheastachán cainníochtúil na mbeartas agus na mbeart sin i dtéarmaí cistiú, costas, agus tionchair ó thaobh coigiltis fuinnimh de.

    13.

    Míniú breise a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an tSeicia leanúint de laghdú ar an éileamh ar ghás a spreagadh i dtreo 2030.. Athléimneacht an chórais fuinnimh a neartú, go háirithe trí chuspóir a leagan síos maidir le stóráil fuinnimh a chur in úsáid agus trí bheartais agus bearta a chur chun cinn chun riachtanas an oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. Bearta iomchuí a shonrú maidir le héagsúlú agus soláthar fadtéarmach ábhar núicléach, breosla, páirteanna spártha, agus seirbhísí le haghaidh a n-aonad VVER-440 agus na n-aonad nua cumhachta núicléiche atá beartaithe, agus maidir le bainistiú fadtéarmach dramhaíola núicléiche. Tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le pleananna fógartha chun tionscadail um Imoibreoir Modúlach Beag (SMR) a fhorbairt. Measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá an bonneagar ola (scaglann, stoic ola) i bhfianaise an laghdaithe lena bhfuil coinne ar an éileamh ar ola agus an aistrithe chuig roghanna malartacha ísealcharbóin.

    14.

    Cuspóirí agus spriocanna soiléire a chur chun cinn maidir leis an bhfreagairt ar éileamh chun solúbthacht an chórais a fheabhsú ar bhonn measúnú ar na riachtanais solúbthachta agus tuairisc a thabhairt ar an gcaoi le comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú i dtaca le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413. Leibhéal an chumhachtaithe tomhaltóirí sa mhargadh miondíola a mhéadú trí níos mó gnéithe a áireamh maidir le pobail fuinnimh, féin-ídiú, comhroinnt fuinnimh nó comhcheannach.

    15.

    Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh trí mheasúnú ar staid na dteaghlach atá thíos leis faoi láthair a áireamh agus trí sprioc shonrach intomhaiste a léiriú maidir le laghdú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999, agus Moladh (AE) 2023/2407 á chur san áireamh, mar aon le beartais agus bearta ghaolmhara. I gcás inar féidir, mínigh an chaoi a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh á maolú cheana mar thoradh ar úsáid beart atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus faisnéis maidir leis na hacmhainní airgeadais agus na scéimeanna atá tiomnaithe do na bearta sin á gcur san áireamh.

    16.

    Cuspóirí náisiúnta maidir le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas a shoiléiriú a thuilleadh chun teicneolaíochtaí glana a chur in úsáid, bealach a bhunú do 2030 agus 2050 d’fhonn tacú le dícharbónú na tionsclaíochta agus aistriú gnólachtaí i dtreo geilleagar glan-nialasach ciorclach a chur chun cinn. Beartais agus bearta a chur chun cinn chun forbairt tionscadal glan-nialasach a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do na tionscail atá dian ar fhuinneamh. Tuairisc a thabhairt ar chreat rialála intuartha agus simplithe le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe agus ar an gcaoi a ndéanfar rochtain ar chistiú náisiúnta a shimpliú i gcás inar gá. Beartais agus bearta mionsonraithe a sholáthar maidir le forbairt scileanna a bhaineann le fuinneamh glan, agus trádáil oscailte a éascú le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe de phríomh-chomhpháirteanna agus de threalamh glan-nialasacha.

    17.

    Na hathchóirithe agus na bearta a shonrú chun na hinfheistíochtaí príobháideacha is gá ar mhaithe le baint amach na spriocanna fuinnimh agus aeráide a shlógadh. An anailís ar na riachtanais infheistíochta a fheabhsú agus a shíneadh chun forbhreathnú cuimsitheach agus comhsheasmhach a sholáthar ar na riachtanais infheistíochta poiblí agus príobháidí go comhiomlán agus de réir earnála. Cur chuige uile-gheilleagair ón mbarr anuas a chomhlánú le measúnú ón mbun aníos a bhaineann go sonrach leis an tionscadal. Miondealú ar na riachtanais infheistíochta iomlána a áireamh maille le faisnéis bhreise maidir leis na foinsí cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais chomh maith leis na foinsí airgeadais príobháideacha atá le slógadh. Tuairisc ghearr a thíolacadh ar an gcineál scéime tacaíochta airgeadais a roghnaíodh chun na beartais agus na bearta a chur chun feidhme, a mhaoinítear tríd an mbuiséad poiblí agus trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais cumaiscthe a bhaineann úsáid as deontais, iasachtaí, cúnamh teicniúil agus ráthaíochtaí poiblí, lena n-áirítear ról na mbanc náisiúnta sna scéimeanna ábhartha agus/nó an chaoi a slógtar maoiniú príobháideach. Giniúint chostéifeachtach aistrithe chuig Ballstáit eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a mheas mar fhoinse chistiúcháin. Measúnú láidir a sholáthar ar thionchar maicreacnamaíoch na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe.

    18.

    A mhíniú cén chaoi a bhfuil na beartais agus na bearta a áirítear sa phlean nuashonraithe comhsheasmhach le Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na Seicia, lena n-áirítear an chaibidil faoi REPowerEU.

    19.

    Míniú mionsonraithe a thabhairt ar conas agus cathain atá sé beartaithe ag an tSeicia deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise.

    20.

    Faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta agus scileanna, nó aon tionchar dáileacháin eile, a bhaineann leis an aistriú aeráide agus fuinnimh, agus maidir leis na cuspóirí, na beartais agus na bearta atá beartaithe chun tacú le haistriú cóir. An cineál tacaíochta, tionchar na dtionscnamh, na spriocghrúpaí agus na hacmhainní a tiomnaíodh a shonrú, agus an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú á chur san áireamh. (21) Níos mó eilimintí a áireamh, a mhéid is féidir, chun bonn anailíseach leordhóthanach a sholáthar chun Plean Aeráide Sóisialta a bheidh ann amach anseo a ullmhú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), lena n-áirítear táscairí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na tionchair ar na daoine is leochailí sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh dóchán breosla in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, agus chun tairbhithe féideartha agus creat beartais ábhartha a shainaithint. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh an creat beartais a shainaithnítear sa PNFA le Plean Aeráide Sóisialta na Seicia a ullmhú agus ar an gcaoi a n-áiritheofar comhsheasmhacht idir an dá phlean.

    21.

    Rannpháirtíocht chuimsitheach phoiblí a áirithiú laistigh de thráthchlár réasúnta mar aon le rannpháirtíocht leathan na n-údarás áitiúil agus na sochaí sibhialta in ullmhú an phlean. Forléargas soiléir a thabhairt ar an gcaoi a gcumasóidh an próiseas comhairliúcháin rannpháirtíocht leathan an phobail ó na húdaráis ábhartha uile, ó na saoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus an dréachtphlean agus an plean nuashonraithe críochnaitheach araon á n-ullmhú. Achoimre a thabhairt ar na tuairimí a léirigh gníomhaithe éagsúla, agus achoimre ar an gcaoi a gcomhtháthaíonn an plean na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán.

    22.

    Comhar réigiúnach a threisiú leis na Ballstáit chomharsanachta agus laistigh de chreataí comhair réigiúnacha seanbhunaithe amhail Grúpa Visegrad. Ós rud é nach ball í an tSeicia d’aon Ghrúpa Ardleibhéil Réigiúnach arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach, machnamh a dhéanamh ar dhul isteach sa Ghrúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC), i bhfianaise a sainordaithe chun pléití agus tionscnaimh réigiúnacha a stiúradh atá tiomnaithe d’fhorbairt bonneagair hidrigine, do chur in úsáid fuinnimh in-athnuaite agus don fheabhsú gréasáin gaolmhar, chomh maith le heangacha a dhéanamh níos cliste i réigiún na hEorpa Láir agus Thoir agus i réigiún Oirdheisceart na hEorpa. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aici creat comhair a bhunú le Ballstáit eile faoi 2025, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2023/2413. Leanúint dá hiarrachtaí chun na ceithre shocrú dlúthpháirtíochta dhéthaobhacha is gá a shíniú ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis lena comharsana (an Pholainn, an tSlóvaic, an Ghearmáin agus an Ostair).

    MAIDIR LE COMHSHEASMHACHT NA mBEART NÁISIÚNTA LE CUSPÓIR NA hAERÁIDNEODRACHTA AGUS LE DUL CHUN CINN MAIDIR LEIS AN OIRIÚNÚ A ÁIRITHIÚ FAOI RIALACHÁN (AE) 2021/1119

    1.

    Dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide, trí dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe, agus trí bhearta práinneacha breise a bhreithniú chun na laghduithe agus na réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leo a ailíniú leis an gcuspóir aeráidneodrachta. Ba cheart iarracht a dhéanamh go háirithe astaíochtaí iompair a laghdú agus aistrithe san earnáil LULUCF a fheabhsú.

    2.

    An uaillmhian agus an cháilíocht maidir leis an straitéis náisiúnta fhadtéarmach a thabhairt cothrom le dáta agus a mhéadú, trí sprioc fhadtéarmach na Seicia maidir le haeráidneodracht a shoiléiriú, agus trí bhunús a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí na Seicia agus d’fheabhsú na spriocanna aistrithe in earnálacha aonair trí bheartais agus bearta inchreidte.

    3.

    Struchtúr rialachais a threisiú agus a shainordú go soiléir, ar struchtúr é a bheidh in ann tacú le cur in úsáid láidir pleanála maidir le réitigh le haghaidh oiriúnú ar fud na n-earnálacha, na ngrúpaí daonra agus na leibhéal riaracháin ar fad. A áirithiú go mbeidh na tosaíochtaí, na straitéisí, na beartais, na pleananna agus na hiarrachtaí maidir le hoiriúnú ar cóimhéid leis na leochaileachtaí agus na rioscaí aeráide atá tuartha don todhchaí, bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus ar na huirlisí tuartha aeráide agus réamhrabhaidh is fearr atá ar fáil. Breithnithe maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chur chun tosaigh maidir le húsáid na tacaíochta ó chláir chistiúcháin de chuid an Aontais, amhail an comhbheartas talmhaíochta, cistiú an bheartais chomhtháthaithe agus cistí AE ábhartha eile. Ba cheart na cistí a chaitheamh sa chaoi go méadóidh siad athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus nach méadóidh siad leochaileachtaí (i.e., gan dochar mór a dhéanamh don oiriúnú). A áirithiú go mbeidh sásraí maoiniúcháin poiblí agus príobháideacha le haghaidh gníomhaíochtaí oiriúnúcháin i bhfeidhm agus go mbeidh na buiséid ar cóimhéid leis na riachtanais infheistíochta, go háirithe sna hearnálacha leochaileacha tosaíochta.

    4.

    Rannpháirt a thabhairt do ghrúpaí páirtithe leasmhara atá an-leochaileach do thionchar an athraithe aeráide i ndearadh agus i gcur chun feidhme bheartas oiriúnúcháin na Seicia. Próisis agus torthaí na gcomhairliúchán ábhartha a dhoiciméadú. Feabhas a chur ar an gcomhordú idir leibhéil éagsúla rialachais (náisiúnta/réigiúnach/áitiúil) chun uirlisí pleanála a ailíniú agus chun cuidiú le hidirghabhálacha comhordaithe atá dírithe ar chlaochlú córasach. Ról a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara na hearnála príobháidí i ndearadh, i gcur chun feidhme agus in infheistíochtaí beartais. Próisis agus torthaí na gcomhairliúchán ábhartha a dhoiciméadú. Sásraí a bhunú chun a áirithiú go n-ullmhófar beartais fhonáisiúnta, agus go ndéanfar iad a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

    5.

    Réitigh dhúlrabhunaithe agus oiriúnú atá bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn i straitéisí, i mbeartais agus i bpleananna náisiúnta agus infheistíochtaí a sholáthar lena gcur in úsáid.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Kadri SIMSON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 1

    (2)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1

    (3)  Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24).

    (4)  COM(2022) 230 final.

    (5)  SWD (2022) 605 final, SWD(2023) 603 final.

    (6)  COM (2022) 605 Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle; COM(2023) 603 final, Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle.

    (7)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1).

    (8)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (9)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, leis na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta a shimpliú, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (IO L 107, 21.4.2023, lch. 1).

    (10)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).

    (11)  Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe COM (2023) 669 final, 24.10.2023 agus Teachtaireacht maidir le huaillmhian an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, COM (2023) 668 final.

    (12)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).

    (13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’, COM/2022/360 final.

    (14)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

    (16)  Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh – Bonn a chur faoi chóras Fuinnimh an Aontais atá dícharbónaithe agus slán (IO C 103, 20.3.2023, lch. 1).

    (17)  Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).

    (18)  Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘coinbhinsiún Aarhus’)

    (19)  SWD(2023) 926.

    (20)  Tuarascáil AE 2023 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, COM(2023) 653 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Measúnú ar dhul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide sna Ballstáit aonair i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, SWD(2023) 932.

    (21)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, IO C 243 (27.6.2022 lch. 35).

    (22)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/603/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top