Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2418

    Cinneadh (AE) 2024/2418 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023 maidir leis an mbeart Státchabhair SA.53625 (2021/C) arna chur chun feidhme ag an nGearmáin chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8551)

    C/2023/8551

    IO L, 2024/2418, 17.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2418/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2418/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2418

    17.9.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2418 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Nollaig 2023

    maidir leis an mbeart Státchabhair SA.53625 (2021/C) arna chur chun feidhme ag an nGearmáin chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8551)

    (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

    Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála/na bhforálacha (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    (1)

    Tar éis teagmhálacha réamhfhógra, thug an Ghearmáin fógra leictreonach don Choimisiún an 2 Nollaig 2020, de bhun Airteagal 108(3) CFAE, faoi thacaíocht do Lausitz Energie Kraftwerke AG (‘LEAG’) (‘beart LEAG’) agus do RWE Power AG (‘RWE’) (‘beart RWE’) chun deireadh a chur le giniúint leictreachais lignítadhainte de réir a chéile (dá dtagraítear i dteannta a chéile mar an ‘beart’). Chuir an Ghearmáin faisnéis bhreise isteach an 13 agus an 14 Eanáir 2021.

    (2)

    Fuair an Coimisiún aighneachtaí ó thríú páirtithe ar bhonn spontáineach freisin. Cuireadh aighneachtaí ó Green Planet Energy (‘GPE’) agus ó pháirtí anaithnid ar aghaidh chuig an nGearmáin an 7 Deireadh Fómhair 2020 chun barúlacha a fháil, ar ar fhreagair an Ghearmáin an 17 Samhain 2020. Ina theannta sin, chuir LEAG barúlacha isteach an 10 Nollaig 2020.

    (3)

    An 2 Márta 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh (dá ngairtear ‘an Cinneadh Tosaigh’ anseo feasta) (2) an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh i ndáil leis an tacaíocht do LEAG agus RWE.

    (4)

    Chuir an Ghearmáin barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh isteach an 1 Aibreán 2021. I dteannta na mbarúlacha ón nGearmáin, fuair an Coimisiún barúlacha ó 27 dtríú páirtí. Chuir LEAG agus RWE a mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh isteach an 7 Meitheamh 2021. Chuir an Ghearmáin a barúlacha maidir le barúlacha na dtríú páirtithe isteach an 6 Meán Fómhair 2021, agus rinne sí iarraidh ón gCoimisiún ar fhaisnéis dar dáta an 11 Lúnasa 2021 a fhreagairt an 3 Meán Fómhair 2021.

    (5)

    An 17 Bealtaine 2022, foilsíodh fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inar iarradh ar thríú páirtithe barúlacha a chur isteach, de bhun Airteagal 108(2) CFAE, maidir le hinfheidhmeacht agus cur i bhfeidhm Threoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (‘CEEAG’) (3) agus, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an bhforas comhoiriúnachta a leagtar amach sna treoirlínte sin, lena n-áirítear i Roinn 3 agus i Roinn 4.12 díobh, i ndáil le beart LEAG agus beart RWE ar thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú foirmiúil ina leith (an ‘Comhairliúchán Poiblí’) (4).’

    (6)

    I litreacha dar dáta an 18 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún an Ghearmáin agus na tríú páirtithe a chuir barúlacha isteach tar éis fhoilsiú an Chinnidh Tosaigh ar an eolas maidir leis an gcuireadh a foilsíodh an 17 Bealtaine 2022 agus d’iarr sé orthu barúlacha a chur isteach.

    (7)

    Níor chuir an Ghearmáin barúlacha isteach. Fuair an Coimisiún barúlacha ó 19 dtríú páirtí. Chuir LEAG agus RWE a mbarúlacha isteach an 17 Meitheamh 2022. Sa litir uaithi an 7 Meán Fómhair 2022, d’áitigh an Ghearmáin nach bhfuil sé beartaithe aici barúlacha a chur isteach maidir leis na barúlacha nua ó na tríú páirtithe.

    (8)

    An 23 Nollaig 2022, chuir an Ghearmáin leasuithe faoi bhráid an Choimisiúin ar fhógra an 2 Nollaig 2020 maidir le beart RWE i bhfianaise an chomhaontaithe le RWE an 4 Deireadh Fómhair 2022 chun an deireadh brostaithe atá á chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe a thabhairt i gcrích faoi 2030 i limistéar mianadóireachta ligníte na Réine (‘beart leasaithe RWE’ nó an ‘beart faoina dtugtar fógra’).

    (9)

    An 16 Samhain 2022, fuair an Coimisiúin barúlacha ar bhonn spontáineach ó ocht bpáirtí maidir le beart leasaithe RWE, a tarchuireadh chuig an nGearmáin an 2 Nollaig 2022. Chuir an Ghearmáin a barúlacha maidir leis na barúlacha sin i láthair an 11 Eanáir 2023.

    (10)

    An 2 Márta 2023, ghlac an Coimisiún cinneadh lena gcuirtear síneadh leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir le beart RWE (‘an Cinneadh maidir le Síneadh’) (5).

    (11)

    Chuir an Ghearmáin barúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh isteach an 31 Márta 2023. Fuair an Coimisiún barúlacha ó 12 thríú páirtí. Chuir RWE agus LEAG a mbarúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh isteach an 12 agus an 15 Bealtaine 2023, faoi seach. Chuir an Ghearmáin a barúlacha maidir le barúlacha na dtríú páirtithe isteach an 6 Iúil 2023.

    (12)

    Comhaontaíonn an Ghearmáin go heisceachtúil a cearta a dhíorthaíonn ó Airteagal 342 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán Uimh. 1/1958 (6), a tharscaoileadh agus go nglacfar an Cinneadh seo agus go dtabharfar fógra faoi i mBéarla.

    2.   RAON FEIDHME AN CHINNIDH

    (13)

    Breithníonn an Coimisiún gur athraíodh roinnt de na fíorais agus na himthosca a dtugtar tuairisc orthu sa Chinneadh Tosaigh tar éis ghlacadh an chinnidh sin, gur modhnaíodh beart RWE go háirithe, mar a shainaithnítear sa Chinneadh Tosaigh, ó glacadh an cinneadh sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le dátaí dúnta agus ríomh an bhrabúis a tharscaoileann RWE. Dá thoradh sin, leathnaigh an Coimisiún raon feidhme a imscrúdaithe sa Chinneadh maidir le Síneadh.

    (14)

    Tá raon feidhme an chinnidh seo teoranta don mheasúnú ar bheart leasaithe RWE. Tá imscrúdú foirmiúil an Choimisiúin ar bheart LEAG ar siúl go leanúnach agus ní thagann beart LEAG faoi raon feidhme an chinnidh seo ach déanfar measúnú ar leithligh air.

    (15)

    Tugann an Coimisiún dá aire nach ndámhtar beart RWE, mar a bhí ar dtús agus arna leasú, ar bhonn scéim cabhrach agus nach dámhachtain infhógartha cabhrach ar bhonn scéim cabhrach atá ann. Breithníonn an Coimisiún dá réir sin gur beart cabhrach aonair atá ann, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(e) den Rialachán Nós Imeachta maidir le Státchabhair (7). Is dhá bheart aonair ar leithligh iad an cúiteamh i bhfabhar RWE agus LEAG agus ní cuid de scéim cabhrach iad. Is amhlaidh sin i bhfianaise an mhéid a leanas: i) leis an mbunús dlí (féach aithris (30) thíos) ní dhéantar tairbhithe an bhirt a shainiú ar bhealach ginearálta teibí ach luaitear go soiléir sainráite go bhfuil dhá thairbhí ann (RWE agus LEAG); ii) tá an cúiteamh nasctha le cás sonrach (deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile); agus iii) leagtar síos leis an mbunús dlí na méideanna sonracha ar leith atá le híoc leis an dá thairbhí agus an tréimhse. Le mír 44(1) den bhunús dlí, leagtar amach teidlíocht RWE agus LEAG i leith EUR 2,6 billiún agus EUR 1,75 billiún de chúiteamh faoi seach. Ina theannta sin, shínigh an Ghearmáin agus na hoibreoirí sin ‘Conradh dlí phoiblí chun giniúint leictreachais lignítadhainte a laghdú agus a scor sa Ghearmáin’ (‘conradh 2021’).

    3.   CUR SÍOS MIONSONRAITHE AR AN mBEART FAOINA dTUGTAR FÓGRA

    3.1.   Cuspóirí aeráide na Gearmáine agus cuspóir an bhirt faoina dtugtar fógra

    (16)

    Is é is aidhm don Ghearmáin neodracht gás ceaptha teasa (‘GCT’) a bhaint amach faoi 2045. Sa chomhthéacs sin, shocraigh an Ghearmáin sprioc eatramhach le haghaidh 2030 go laghdófar astaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair ar an leibhéal náisiúnta faoi 65 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990. Cumhdaítear spriocanna aeráide náisiúnta na Gearmáine san Acht Cónaidhme um an Athrú Aeráide (Bundes-Klimaschutzgesetz), a formheasadh in 2019 agus a leasaíodh in 2021. Le haghaidh 2020 go 2030, sainíonn an tAcht Cónaidhme um an Athrú Aeráide teorainneacha astaíochtaí GCT bliantúla cainníochtaithe do shé earnáil aonair: fuinneamh, tionscal, foirgnimh, iompar, talmhaíocht agus dramhaíl agus eile. Socraítear na teorainneacha i gcomhréir le pleananna Eorpacha um laghdú GCT, de réir conair líneach (8). Thairis sin, tá teorainneacha astaíochta faoi Rialachán an Aontais maidir le Comhroinnt Díchill (9) (lena gcumhdaítear an earnáil neamh-ETS) ceangailteach ó thaobh dlí de. Chun go bhfanfaidh sí laistigh de na teorainneacha sin, áitíonn an Ghearmáin gur gá an sprioc shonrach le haghaidh earnáil an fhuinnimh a bhaint amach in am. Is gá astaíochtaí CO2 ó earnáil an fhuinnimh a laghdú ó thart ar 257 milliún tona de choibhéis CO2 in 2022 (10) go 108 milliún tona de choibhéis CO2 faoi 2030.

    (17)

    Chun a spriocanna aeráide a bhaint amach, measann an Ghearmáin go bhfuil sé ríthábhachtach giniúint cumhachta gualbhreoslaithe a laghdú. Tá sé i gceist ag an nGearmáin deireadh a chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile faoi 2038 ar a dhéanaí. Áirítear antraicít agus lignít araon leis sin. Ba ghiniúint cumhachta gualbhreoslaithe a bhí in 31 % de mheascán leictreachais na Gearmáine in 2022, ar bhain 20 pointe céatadáin de sin leis an lignít (11). Astaíodh 110 milliún tona CO2 ó ghléasraí cumhachta lignítadhainte in 2021 de réir réamhshonraí (12). Is é atá ann sin thart ar 51 % d’astaíochtaí CO2 earnáil an leictreachais an bhliain sin (13).

    (18)

    Suiteálacha ligníte RWE a ndearna an deireadh atá á chur lena n-úsáid de réir a chéile difear dóibh, mheas an Ghearmáin gur tháinig 67 milliún tona d’astaíochtaí CO2 uathu in 2018 agus thart ar 52 mhilliún tona d’astaíochtaí CO2 uathu in 2019 (14). D’áitigh an Ghearmáin gur casta an rud é cainníochtú beacht a dhéanamh ar shochair chomhshaoil an bhirt faoin dtugtar fógra agus go mbraitheann sé go mór ar na toimhdí atá le déanamh. Bunaithe ar na toimhdí a úsáideadh sa ríomh leasaithe (féach Roinn 3.6), ríomh an Ghearmáin go laghdófaí ollmhéid 51 mhilliún tona d’astaíochtaí CO2 de bharr an bhirt faoina dtugtar fógra. Mar sin féin, ós rud é nach mbaineann an ríomh leasaithe ach le roinnt de na gléasraí cumhachta lignítadhainte atá ag RWE agus ní leo uile, is gannmheastachán nach beag é an meastachán sin ar an éifeacht iomlán, agus ní féidir léiriú a thabhairt ar an méid cabhrach in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéise CO2 a sheachnaítear. Bheadh figiúir den sórt sin an-mhíchruinn freisin toisc nach gcuirfeadh sé san áireamh an éifeacht athfhillteach (15) a d’fhéadfadh a bheith ann.

    (19)

    Thairis sin, áitíonn an Ghearmáin go ndéantar foráil le bunús dlí an bhirt faoina dtugtar fógra (ar a dtugtar tuairisc in aithris (30)) maidir le cealú lamháltas astaíochtaí CO2 arb é atá iontu na laghduithe breise ar astaíochtaí i ngeall ar ghléasraí cumhachta lignítadhainte a bheith á ndúnadh, agus idirghabháil Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh á cur san áireamh (16). I gcás ina mbeifear a chinneadh cén líon lamháltas CO2 a scriosfar, chuirfeadh an Ghearmáin teicneolaíochtaí athsholáthair san áireamh.

    (20)

    Áitíonn an Ghearmáin go bhféachann an beart faoina dtugtar fógra le díchoimisiúnú na ngléasraí cumhachta roimh dheireadh a saolré teicniúla agus eacnamaíche, ar bhonn cosán éigeantach díchoimisiúnúcháin intuartha. Fágann sé sin go laghdaítear an toilleadh giniúna leictreachais sa mhargadh, cé go bhfanann an t-éileamh ar leictreachas mar atá nó go méadóidh sé amach anseo. Tairbheoidh rannpháirtithe eile sa mhargadh den intuarthacht a sholáthraíonn an cosán éigeantach díchoimisiúnúcháin freisin, toisc gur léir dóibh cén uair a bheidh toillte giniúna áirithe ag fágáil an mhargaidh. Dá réir sin, de bharr an laghdaithe ar thoilleadh giniúna i ngeall ar dheireadh a bheith á chur de réir a chéile le gléasraí cumhachta lignítadhainte, cruthaítear spás chun go leathfaidh cineálacha eile toillte giniúna a thuilleadh, lena n-áirítear iad siúd ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

    (21)

    Áitíonn an Ghearmáin thairis sin gurb é is cuspóir don bheart faoina dtugtar fógra deireadh a chur le gléasraí cumhachta lignítadhainte de réir a chéile chun astaíochtaí GCT in earnáil an leictreachais a laghdú go mór, rud a fhágfaidh go mbainfidh an Ghearmáin a sprioc aeráidneodrachta amach faoi 2045 agus go gcomhlíonfaidh sí sprioc eatramhach 2030. Luann an Ghearmáin freisin, cé go bhfuil líon mór foinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán leictreachais na Gearmáine cheana féin (in 2022, mar shampla, mhéadaigh an ghiniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh go 47 % (17) agus le linn na chéad ráithe de 2023 d’ardaigh giniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh go 50,3 % d’ídiú cumhachta na Gearmáine (18)), nach bhfuil sé leordhóthanach chun go mbainfidh an Ghearmáin a spriocanna aeráidneodrachta amach in am.

    (22)

    Gan beann ar an méadú ar dhul i bhfód foinsí in-athnuaite fuinnimh, is é tuairim na Gearmáine go bhfuil an laghdú ar astaíochtaí atá bainteach le deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile ag teastáil chun spriocanna aeráide na Gearmáine a bhaint amach. An méadú atá ag teacht ar dhul i bhfód foinsí in-athnuaite fuinnimh, mhéadódh sé sin ann féin an soláthar leictreachais saor ó charbón sa mhargadh gan astaíochtaí nua a chruthú, ach ní fhágfadh sé go dtiocfadh laghdú sách tapa ar an toilleadh giniúna atá ann cheana a tháirgeann astaíochtaí. Is fíor sin go háirithe i gcás gléasraí cumhachta ligníte a bhfuil a gcostais oibriúcháin réasúnta íseal agus ar lú seans go mbrúfar amach as an margadh iad ná gléasraí breoslaí iontaise malartacha atá níos costasaí ach nach bhfuil a lorg astaíochtaí chomh mór céanna (amhail gléasraí gáis). Dá bhrí sin, chun na spriocanna a bhaint amach, tá gá leis an dá rud, is é sin méadú ar dhul i bhfód foinsí in-athnuaite fuinnimh agus laghdú ar an toilleadh giniúna atá ann cheana atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise. Dá réir sin, de réir na Gearmáine, tá gá le hidirghabháil Stáit.

    3.2.   Mionsaothrú ar bhearta beartais

    (23)

    Chun a áirithiú go mbeidh comhdhearcadh sóisialta ann i leith beartas leasaithe fuinnimh agus aeráide, cheap rialtas na Gearmáine an Coimisiún um Fhás, Athrú Struchtúrach agus Fostaíocht (an ‘Coimisiún Guail’) an 6 Meitheamh 2018, a raibh a chomhaltaí ina n-ionadaithe ar raon leathan gníomhaithe sochaíocha, polaitiúla agus eacnamaíocha.

    (24)

    Cuireadh tograí an Choimisiúin Guail i láthair i mí Eanáir 2019 lenar díríodh ar na spriocanna aeráide náisiúnta a bhaint amach agus, an tráth céanna, na cuspóirí maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus leictreachas inacmhainne a chomhlíonadh agus ionchais fostaithe i réigiúin ghuail a choimirciú. Maidir le giniúint leictreachais antraicíte agus lignítadhainte, mhol sé go gcuirfí deireadh léi de réir a chéile faoi 2038. Chun an sprioc sin a bhaint amach, mhol sé teaglaim de shocruithe dúnta arna gcomhaontú go frithpháirteach idir an rialtas agus oibreoirí ligníte, chomh maith le tairiscintí chun luathdhúnadh gléasraí antraicíte agus ligníte a spreagadh.

    (25)

    I dteannta thograí an Choimisiúin Guail, rinne an Ghearmáin measúnú ar na roghanna beartais malartacha seo a leanas chun na laghduithe ar astaíochtaí CO2 atáthar ag brath a dhéanamh a bhaint amach: (i) a bheith ag brath ar Chóras Trádála Astaíochtaí (‘CTA’) an Aontais, ar córas é atá ann cheana, agus ar na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite; (ii) íosphraghas náisiúnta CO2 d’earnálacha a chumhdaítear cheana féin le CTA AE; agus (iii) dúnadh rialála gan chúiteamh. Mhínigh an Ghearmáin nár coinníodh na roghanna sin i bhfianaise an mhéid seo a leanas:

    (26)

    Rogha (i): Bheadh laghduithe ar astaíochtaí ar an leibhéal Eorpach ann de bharr a bheith ag brath ar CTA AE, ach ní bheifí in ann spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta a bhaint amach ar bhealach spriocdhírithe comhchosúil. Níorbh fhéidir conair i dtreo dúnadh de réir a chéile a phleanáil roimh ré, agus bheadh tionchar ní ba mhó aige sin ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar fhostaithe san earnáil.

    (27)

    Rogha (ii): Bheadh costais ní b’airde ann d’earnáil an fhuinnimh, agus don tionscal chomh maith, dá mbeadh íosphraghas CO2 ann. Ba mhíbhuntáiste do ghnóthais na Gearmáine é sin agus shaobhfadh sé an margadh inmheánach. Mar atá i gcás Rogha (i), ba dheacair a thuar cén tionchar a bheadh ar ghiniúint cumhachta gualbhreoslaithe agus níorbh fhéidir conair i dtreo laghdú de réir a chéile a phleanáil roimh ré. Ina theannta sin, tá sé dúshlánach an praghas a shocrú ar an leibhéal ceart. Dá socrófaí praghas ró-íseal, thógfadh sé ní b’fhaide na torthaí comhshaoil inmhianaithe a bhaint amach. Dá socrófaí praghas ró-ard, d’fhéadfadh sé go ndúnfaí méid mór giniúna cumhachta gualbhreoslaithe go tobann, agus d’fhéadfadh sé sin tionchair shóisialta dhiúltacha a imirt agus bagairt a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Tá na hargóintí céanna fíor i gcás beartais eile a bhfuil éifeachtaí inchomparáide acu, amhail dleachtanna máil níos airde ar antraicít agus lignít, cáin ar charbón nó caighdeáin feidhmíochta comhshaoil níos déine.

    (28)

    Rogha (iii): Dúnadh rialála ó 2020 gan aon chúiteamh, ba mhó a chuirfeadh sé isteach ar chearta maoine na n-oibreoirí aonair.

    (29)

    Rinne an Ghearmáin measúnuithe breise chun cuidiú le múnlú dhearadh na mbeart maidir le deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile. Go sonrach, rinne an Ghearmáin scrúdú ar an mbrabúsacht a mheastar a bheidh ag gléasraí cumhachta lignítadhainte amach anseo agus ar na costais bhreise athshlánaithe mianaigh a bheidh ar na hoibreoirí i ngeall ar a suiteálacha ligníte a bheith ag dúnadh níos luaithe ná atá beartaithe.

    3.3.   Bunús dlí

    3.3.1.   Bunús dlí tosaigh

    (30)

    Is é bunús dlí tosaigh an bhirt ‘an tAcht maidir le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe a laghdú agus a scor agus maidir le leasú dlíthe eile’ (an ‘dlí um dhúnadh’) a glacadh an 8 Lúnasa 2020. Leis an dlí um dhúnadh, socraítear na spriocanna seo a leanas maidir le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe a laghdú agus a scor sa Ghearmáin.

    Tábla 1

    Spriocanna maidir le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe sa Ghearmáin

    Spriocdháta

    Spriocleibhéal foriomlán (GW)

    Spriocleibhéal antraicíte (GW)

    Spriocleibhéal ligníte (GW)

    31.12.2022

    30

    15

    15

    1.4.2030

    17

    8

    9

    31.12.2038

    0

    0

    0

    Foinse:

    an dlí um dhúnadh, Airteagal 1, Cuid 2, mír 4.

    (31)

    Chun na spriocanna laghdaithe sin a bhaint amach, déantar foráil leis an dlí um dhúnadh maidir le deireadh a chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile agus ar bhonn seasta. Ba iad tograí an Choimisiúin Guail go príomha a bhí mar inspioráid agus na hionstraimí á ndearadh chun deireadh a chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile. I gcás na ligníte, is trí nós imeachta idirbheartaithe idir rialtas na Gearmáine agus na hoibreoirí a mhionsaothraítear an deireadh a bheidh á chur lena húsáid de réir a chéile agus an cúiteamh. I gcás na hantraicíte, is trí cheantanna bliantúla ó 2020 go 2026 a spreagfaí an deireadh lena húsáid de réir a chéile, lena ngabhfadh conair i dtreo dúnadh rialála gan chúiteamh le haghaidh na tréimhse 2027-2038 (19).

    (32)

    Mhínigh an Ghearmáin nach trí cheantanna a roghnaigh sí deireadh a chur le húsáid suiteálacha cumhachta lignítadhainte de réir a chéile toisc go bhfuil suiteálacha ligníte nasctha go dlúth leis na saoráidí mianadóireachta, a bhfuil gá le cur chuige níos sistéamaí ina leith. I ngeall ar an luach calrach réasúnta íseal atá ag an lignít, rud a fhágann nach barainneach a hiompar fad-achair, is gnách go n-ídítear í ag suíomhanna i ngaireacht do na háiteanna a n-eastósctar í. Dá réir sin, baineann gléasraí cumhachta i réigiún na Réine úsáid as lignít a eastósctar sa réigiún céanna ó mhianaigh ar le RWE go heisiach iad. Dá thoradh sin, cinntí a imríonn tionchar ar shaolré agus ar mhéideanna eastósctha mianach, bíonn impleachtaí díreacha acu do ghléasraí cumhachta atá cóngarach dóibh toisc nach féidir leis na gléasraí cumhachta oibriú in éagmais na mianach. Tá léirithe ag an nGearmáin thairis sin go bhfuil tréimhsí fada pleanála spásúla agus aga fada faoi choinne athruithe a phleanáil ag teastáil chun mianadóireacht ligníte a dhéanamh, i ngeall ar a fhairsinge atá na limistéir i gceist. Dá bhrí sin, bíonn an sceideal dúnta gléasraí bunaithe freisin ar bhreithnithe teicniúla agus pleanála, a d’fhágfadh gur dheacair ceant a bhfuil torthaí neamhchinnte air a chur chun feidhme. Níl breithnithe pleanála spásúla den sórt sin ann i gcás gléasraí cumhachta antraicít-adhainte sa Ghearmáin ar féidir leo a gcuid breosla a allmhairiú ó áiteanna chomh fada i gcéin agus an Astráil. Ina theannta sin, níl ach dhá mhórghníomhaí ann a bhfuil toilleadh mór giniúna acu (RWE agus LEAG a rialaigh i dteannta a chéile 90 % den toilleadh ligníte sa Ghearmáin ag tús an phróisis chun deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile), rud a fhágann gur deacair ceant a reáchtáil a bheadh iomaíoch i ndáiríre.

    (33)

    Leis an dlí um dhúnadh, údaraítear do rialtas na Gearmáine conradh dlí phoiblí a dhéanamh leis na hoibreoirí ligníte chun rialáil a dhéanamh ar na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an nginiúint leictreachais lignítadhainte a laghdú agus a scor (20). Ar an mbonn sin, rinne an Ghearmáin agus na hoibreoirí ligníte mionsaothrú ar théarmaí agus coinníollacha a áiríodh i gconradh 2021. D’fhormheas Parlaimint na Gearmáine conradh 2021 an 13 Eanáir 2021.

    (34)

    I gcomhréir leis an dlí um dhúnadh, déanfaidh an Ghearmáin meastóireacht thráthrialta ar thionchar na n-ionstraimí sin lena gcuirfear deireadh le húsáid guail de réir a chéile, go háirithe a mhéad a rannchuidíonn siad le laghduithe astaíochtaí CO2, agus ar a dtionchar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar phraghsanna leictreachais. Tá na meastóireachtaí beartaithe do 2022 (21), 2026, 2029 agus 2032 (22).

    (35)

    I dteannta an chúitimh as luathdhúnadh faoin mbeart, tá sé beartaithe ag an nGearmáin trí aonad a chúiteamh ar theacht isteach sa sásra um dhúnadh iarchurtha dóibh (Zeitlich gestreckte Stilllegung) ar feadh idir 1 bhliain amháin agus 4 bliana sula ndúnfar go buan iad (23). Baineann sé sin le dhá aonad LEAG agus aonad RWE amháin (Niederaußem G nó H). Sa chúiteamh as luathdhúnadh, mar a thugtar tuairisc air sa dlí um dhúnadh agus i gconradh 2021, ní áireofaí aon chúiteamh a gheofaí as an sásra um dhúnadh iarchurtha. Is cúiteamh ar leithligh é an cúiteamh deireanach sin agus bheadh sé bunaithe go príomha ar na brabúis a tharscaoilfeadh na gléasraí cumhachta sna blianta a d’fhanfaidís sa sásra dá gceadófaí dóibh leanúint de bheith ag oibriú ar an margadh sna blianta sin. Bheadh an cúiteamh sin bunaithe ar chur chuige bunaithe ar fhoirmle sheasta, a ghabhfadh leis an mbunús dlí is infheidhme (24). Níor thug an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoin sásra um dhúnadh iarchurtha lena mheasúnú faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair.

    3.3.2.   Leasú ar an mbunús dlí tosaigh

    (36)

    An 19 Nollaig 2022, ghlac an Ghearmáin an ‘Dlí chun deireadh brostaithe a chur le húsáid ligníte i limistéar mianadóireachta na Réine’ (25) (an ‘dlí leasaitheach’), lena leasaítear an dlí um dhúnadh. Thairis sin, an 16 Nollaig 2022, shínigh an Ghearmáin agus RWE conradh leasaitheach (an ‘conradh leasaitheach’) lena leasaítear conradh 2021. Chuir an Ghearmáin na leasuithe sin faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Nollaig 2022.

    (37)

    Sa dlí um dhúnadh (féach Airteagal 10 (26)), i gconradh 2021 (féach mír 25 (27)) agus sa dlí leasaitheach (féach Airteagal 3 (28)) tá clásal fionraíochta a fhágann go bhfuil cúiteamh do RWE faoi réir fhormheas státchabhrach an Choimisiúin. Maidir leis an gconradh leasaitheach, ós rud é gur conradh leasaitheach é lena leasaítear conradh 2021 agus nach bhfuil aon mhodhnú ann i dtéarmaí an chlásail fiontraíochta, tá clásal fiontraíochta bunaidh chonradh 2021 fós bailí. Níor deonaíodh an chabhair go fóill ná ní dhearnadh aon íocaíocht go fóill le RWE.

    (38)

    Déantar foráil le conradh 2021 maidir leis an bhféidearthacht go leasófaí an conradh trí chomhaontú frithpháirteach (míreanna 20-21). Bhain an Ghearmáin agus RWE úsáid as an bhféidearthacht sin le haghaidh an chonartha leasaithigh, a rinne athruithe ar dhátaí dúnta aonad áirithe de chuid RWE, mar a thuairiscítear i roinn 3.5 den chinneadh seo.

    3.4.   An foras chun an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh

    (39)

    Bhí amhras ar an gCoimisiún faoi chomhréireacht bheart RWE. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil agus na n-eilimintí ar a dtugtar tuairisc sa Chinneadh Tosaigh, lorg an Coimisiún soiléiriú agus d’iarr sé barúlacha maidir leis na hábhair seo a leanas (féach Roinn 3.3.1. den Chinneadh Tosaigh): (i) brabús a tharscaoiltear a bheidh ann i bhfad amach anseo; (ii) sásra um dhúnadh iarchurtha; (iii) cásanna malartacha arna gcur isteach ag an nGearmáin; agus (iv) costais bhreise athshlánaithe mianaigh.

    3.4.1.   Brabús a tharscaoiltear a bheidh ann i bhfad amach anseo

    (40)

    Chuir an Coimisiún amhras in iúl sa Chinneadh Tosaigh (féach aithrisí (123) go (132)) maidir leis na toimhdí a mbaineann an Ghearmáin leas astu ina ríomh ar bhrabús a tharscaoiltear le haghaidh RWE agus LEAG i gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha araon. Go sonrach:

    (a)

    An fad ama a oibreoidh na suiteálacha ligníte in éagmais an dlí um dhúnadh: chuir an Coimisiún amhras in iúl go mbeadh na suiteálacha ligníte ag oibriú ar feadh 48 mbliana go 70 bliain sa bhreis in éagmais an dlí um dhúnadh, nó nach mbeadh gá le haon infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh ina n-uasghrádú sa chaoi go bhféadfaidís saolréanna chomh fada sin a bhaint amach.

    (b)

    Neamhchinnteachtaí maidir le réamh-mheastacháin amach anseo: cheistigh an Coimisiún an gcuirtear san áireamh go leordhóthanach leis an ráta lascaine 7,5 % na hardleibhéil rioscaí agus neamhchinnteachtaí atá nasctha leis na réamhaisnéisí nó arbh éigean foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceartúcháin breise.

    (c)

    Praghsanna breosla agus CO2: chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le ríomh bhrabús na ngléasraí a tharscaoiltear, ós rud é gur bhain samhail na Gearmáine úsáid as réamh-mheastacháin a rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh in 2018 agus gur chosúil nár cuireadh forbairtí margaidh níos déanaí san áireamh inti, go háirithe méaduithe ar an bpraghas ar CO2 a tharla in 2019 agus ina dhiaidh sin (i.e. go dtí gur síníodh an conradh idir rialtas na Gearmáine agus an dá thairbhí) agus beartais aeráide níos uaillmhianaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    (d)

    Níor soláthraíodh sonraí ar leibhéal suiteálacha aonair ach i gcás dhá aonad, rud a d’fhág gur dheacair don Choimisiún ríomh na Gearmáine maidir leis na suiteálacha uile atá le dúnadh a fhíorú.

    (e)

    Níor chuir an Ghearmáin anailís íogaireachta faoi bhráid an Choimisiúin, a thabharfadh caoi don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na bparaiméadar ionchuir ar aschur na samhla.

    3.4.2.   Sásra um dhúnadh iarchurtha

    (41)

    Sa Chinneadh Tosaigh (féach aithris (133)), thug an Coimisiún dá aire go bhfaighidh RWE agus LEAG cúiteamh freisin as trí shuiteáil nuair a rachaidh siad isteach sa sásra um dhúnadh iarchurtha agus chuir sé amhras in iúl an bhfuil gá leis na híocaíochtaí breise sin chun go ndúnfar na suiteálacha.

    3.4.3.   Cásanna malartacha arna gcur isteach ag an nGearmáin

    (42)

    Sa Chinneadh Tosaigh (féach aithris (134)), chuir an Coimisiún amhras in iúl an bhfuil na cásanna díchoimisiúnúcháin tús-ualaithe, a chuir an Ghearmáin isteach mar chásanna malartacha chun údar a thabhairt leis na méideanna cúitimh, ábhartha don mheasúnú comhréireachta. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil sé cinnte go dtiocfaidh ann don rogha tús-ualaithe i ndáiríre agus, má thagann, nach bhfuil sé cinnte go gcuirfí an tús-ualú i bhfeidhm ar feadh 3 bliana agus cibé acu a chuirfí i bhfeidhm é maidir leis na haonaid uile a dhúnfar tar éis 2030, mar a thoimhdítear i gcás na Gearmáine, nó nach gcuirfí.

    (43)

    Thug an Coimisiún dá aire freisin sa Chinneadh Tosaigh (féach aithris (135)), a mhéid a bhaineann le beart LEAG amháin, gurb amhlaidh, de réir ríomhanna na Gearmáine, nach mbeadh glanluach láithreach bhrabús LEAG a tharscaoiltear lena bhfuil coinne níos mó ná glanluach láithreach an mhéid cúitimh i gcás nach leathnódh LEAG a ghníomhaíochtaí mianadóireachta chuig Mühlrose agus Welzow-Süd TA 2. Chuir an Coimisiún amhras in iúl dá réir sin an bhfuil an cúiteamh do LEAG comhréireach.

    3.4.4.   Costais bhreise athshlánaithe mianaigh

    (44)

    Sa Chinneadh Tosaigh (féach aithrisí (137) go (139)), chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le méid na gcostas breise ó tharla go bhfuil staidéar BET/EY a chuir an Ghearmáin isteach bunaithe ar dhátaí dúnta atá éagsúil leis na dátaí dúnta sa dlí um dhúnadh agus go bhfuil an staidéar bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus go n-admhaítear ann go bhféadfadh na costais athrú.

    (45)

    A mhéid a bhaineann le beart LEAG, b’ábhar amhrais freisin don Choimisiún ar cheart an leathnú chuig foranna mianadóireachta Mühlrose agus Welzow-Süd TA 2 a áireamh sa chás frithfhíorasach chun na costais bhreise a shuí, toisc go mbreithnítear leis an staidéar sin nach bhfuil gá leis an leathnú sin chun go bhfreastalóidh LEAG ar a éileamh i gcás nach mbeadh an dlí um dhúnadh ann.

    3.5.   Beart leasaithe RWE/forbairtí tar éis an Chinnidh Tosaigh

    (46)

    Tháinig rialtas na Gearmáine agus RWE ar chomhaontú an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le deireadh brostaithe a chur le húsáid ligníte de réir a chéile i limistéar mianadóireachta ligníte na Réine faoi 2030, in áit 2038 mar a beartaíodh roimhe sin (29). D’fhógair an Ghearmáin go mbeidh an comhaontú sin ina chuidiú le spriocanna cosanta aeráide a chomhlíonadh, agus go neartóidh sé slándáil an tsoláthair fuinnimh an tráth céanna sa ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair (30). Leasaigh údaráis na Gearmáine an dlí um dhúnadh dá réir sin tríd an dlí leasaitheach a ghlacadh agus tríd an gconradh leasaitheach le RWE a shíniú.

    (47)

    I dteannta an dlí leasaithigh agus an chonartha leasaithigh, tugann an Coimisiún dá aire thairis sin gur athraíodh cuid de na fíorais agus na himthosca a bhaineann leis an margadh leictreachais ar a dtugtar tuairisc sa Chinneadh Tosaigh tar éis ghlacadh an chinnidh sin. Go sonrach, tá praghsanna leictreachais ag athrú le déanaí. Tháinig ardú ar an meánphraghas lá roimh ré i margadh na Gearmáine ó 30,5 EUR/MWh in 2020 go 96,8 EUR/MWh in 2021. Leanadh den treocht sin in 2022 tráth a shroich an meánphraghas lá roimh ré 235,4 EUR/MWh agus a tháinig luaineacht mhór i dtimpeallacht an mhargaidh, agus meánphraghsanna míosúla ann idir 129 EUR/MWh agus 465 EUR/MWh (31). An t-ardú as cuimse a tháinig ar phraghsanna leictreachais agus an luaineacht as cuimse a bhí iontu, bhí siad faoi thionchar an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin ar cuireadh tús leis an 24 Feabhra 2022 agus faoi thionchar na húsáide a bhain an Rúis d’aon ghnó as sreabha gáis mar uirlis troda, i measc tosca eile. Thairis sin, bhí treocht ardaithe ar phraghsanna lamháltas astaíochtaí freisin, a mhéadaigh ó 25 EUR/tCO2 in 2020 ar an meán, go 53 EUR/tCO2 in 2021 agus go 81 EUR/tCO2 in 2022 (32).

    (48)

    Chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas freisin gur dhún RWE sé aonad lignítadhainte ó bhí 2020 ann, i gcomhréir leis an sceideal a leagtar amach sa dlí um dhúnadh.

    Tábla 2

    Aonaid RWE a dúnadh ó bhí 2020 ann

    Oibreoir

    Ainm na suiteála

    MW (glan)

    Dáta an aistrithe chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha

    Dáta dúnta

    RWE

    Niederaußem D

    297

    -

    31.12.2020

    RWE

    Niederaußem C

    295

    -

    31.12.2021

    RWE

    Neurath B

    294

    -

    31.12.2021

    RWE

    Weisweiler E

    321

    -

    31.12.2021

    RWE

    Neurath A

    294

    -

    1.4.2022

    RWE

    Frechen / Wachtberg

    120

    -

    31.12.2022

     

    (Brikettierung)

    (as 176 )

     

     

    (49)

    Déantar achoimre ar phríomhghnéithe bheart leasaithe RWE in aithrisí (50) go (62) thíos. Míníonn an Ghearmáin go bhfuil na forálacha (e.g. maidir le cóireáil cánach, cistí a fháil le haghaidh athshaothrú, clásal neamhdhlíthíochta) gan athrú.

    3.5.1.   Díchoimisiúnú críochnaitheach dhá aonad a chur siar ó dheireadh 2022 go dtí mí an Mhárta 2024

    (50)

    Beidh dhá aonad (Neurath D agus Neurath E, a bhfuil toilleadh de thart ar 600 MW an ceann acu), a bhí le dúnadh faoin 31 Nollaig 2022 de réir an dlí um dhúnadh agus chonradh 2021, fós ar fáil ar an margadh go dtí an 31 Márta 2024. Áitíonn an Ghearmáin gurb amhlaidh sin chun tionchar na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú a thuilleadh, chun gás a choigilt in earnáil an leictreachais agus chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a neartú dá réir.

    (51)

    Is féidir le rialtas na Gearmáine cinneadh a dhéanamh, faoin 30 Meán Fómhair 2023, an gcoinneoidh sé na haonaid sin ar an margadh go dtí an 31 Márta 2025 nó an aistreoidh sé chuig cúltaisce nua iad (Cúltaisce). Níor sainíodh an chúltaisce sin go fóill agus ní cuid den chinneadh seo í. A mhéid a bheadh baint ag Státchabhair le cúltaisce nua den sórt sin, thabharfadh an Ghearmáin fógra fúithi i gcomhréir lena hoibleagáid a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE.

    (52)

    Bunaithe ar mhír 3 den chonradh leasaitheach, má dhéanann an Ghearmáin an cinneadh go leanfar d’oibriú an dá aonad sin ar feadh bliain amháin eile (an 1 Aibreán 2024 go dtí an 31 Márta 2025) mar a thuairiscítear in aithris (51) thuas, íocann RWE na costais as na haonaid a uasghrádú, na costais as pleanáil foirne a oiriúnú, costais oibriúcháin agus costais lamháltas astaíochtaí CO2. An tráth céanna, is le RWE a fhanann na hioncaim as margú an leictreachais, faoi réir uasteorainn ioncaim margaidh a thugtar isteach do ghineadóirí leictreachais le Dlí na Gearmáine um Maolú ar Phraghsanna Leictreachais (Gesetz zur Einführung einer Strompreisbremse und zur Änderung weiterer energierechtlicher Bestimmungen vom 20. Dezember 2022 ) agus atá ceaptha rannchuidiú le bearta maoinithe chun praghsanna arda leictreachais a mhaolú do thomhaltóirí deiridh (33).

    (53)

    Is mar a leanas an tábla leasaithe leis na dátaí dúnta, a áirítear in Airteagal 1, mír 9 den dlí leasaitheach agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gconradh leasaitheach:

    Tábla 3

    Suiteálacha ligníte: dul isteach sa sásra um dhúnadh iarchurtha agus dátaí dúnta (taispeántar dátaí athbhreithnithe faoi chló trom)  (34)

    Oibreoir

    Ainm na suiteála

    MW (glan)

    Dáta an aistrithe chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha

    Dáta dúnta

    RWE

    Niederaußem D

    297

    -

    31.12.2020

    RWE

    Niederaußem C

    295

    -

    31.12.2021

    RWE

    Neurath B

    294

    -

    31.12.2021

    RWE

    Weisweiler E nó F (35)

    321

    -

    31.12.2021

    RWE

    Neurath A

    294

    -

    1.4.2022

    RWE

    Frechen/Wachtberg

    120

    -

    31.12.2022

     

    (Brikettierung)

    (as 176 )

     

     

    RWE

    Neurath D

    607

    -

    31.3.2024

    RWE

    Neurath E

    604

    -

    31.3.2024

    RWE

    Weisweiler E nó F (36)

    321

    -

    1.1.2025

    LEAG

    Jänschwalde A

    465

    31.12.2025

    31.12.2028

    LEAG

    Jänschwalde B

    465

    31.12.2027

    31.12.2028

    RWE

    Weisweiler G nó H

    663

    -

    1.4.2028

     

     

     

     

     

     

    656

     

     

    LEAG

    Jänschwalde C

    465

    -

    31.12.2028

    LEAG

    Jänschwalde D

    465

    -

    31.12.2028

    RWE

    Weisweiler G nó H

    663

    -

    1.4.2029

     

     

     

     

     

     

    656

     

     

    LEAG

    Boxberg N

    465

    -

    31.12.2029

    LEAG

    Boxberg P

    465

    -

    31.12.2029

    RWE

    Niederaußem G nó H

    628

    -

    31.12.2029

     

     

     

     

     

     

    648

     

     

    RWE

    Niederaußem K

    944

    -

    31.3.2030

    RWE

    Neurath F (BoA 2)

    1 060

    -

    31.3.2030

    RWE

    Neurath G (BoA 3)

    1 060

    -

    31.3.2030

    RWE

    Niederaußem G nó H

    628

    31.12.2029

    31.12.2033

     

     

     

     

     

     

    648

     

     

    Saale Energie (37)

    Schkopau A

    450

    -

    31.12.2034

    Saale Energie

    Schkopau B

    450

    -

    31.12.2034

    LEAG

    Lippendorf R

    875

    -

    31.12.2035

    EnBW

    Lippendorf S

    875

    -

    31.12.2035

    LEAG

    Schwarze Pumpe A

    750

    -

    31.12.2038

    LEAG

    Schwarze Pumpe B

    750

    -

    31.12.2038

    LEAG

    Boxberg R

    640

    -

    31.12.2038

    LEAG

    Boxberg Q

    857

    -

    31.12.2038

    (54)

    Chuir an Ghearmáin tuilleadh sonraí i láthair maidir le hoscailt tosaigh ghléasraí cumhachta RWE mar aon leis na dátaí dúnta mar a chuirtear i láthair i dTábla 4. Osclaíodh an chuid is mó (13 as 16) de shuiteálacha RWE idir lár na 1960idí agus lár na 1970idí, rud a fhágann go bhfuil na suiteálacha sin á n-oibriú le thart ar 50 go 60 bliain go nuige seo. As na 16 shuiteáil, tá trí cinn níos nuaí agus tar éis oscailt:Niederaußem K (dáta oscailte 2003); Neurath F (BoA 2) (dáta oscailte 2012); Neurath G (BoA 3) (dáta oscailte 2012).

    (55)

    Áitíonn an Ghearmáin gurb amhlaidh, de réir na sonraí a chuir RWE faoi bhráid údaráis na Gearmáine, go bhfuil (nó go mbeadh) costais na 14 ghléasra cumhachta is sine as na 16 cinn atá ag RWE dímheasta faoi thráth a ndúnta de réir an dlí um dhúnadh i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta RWE.

    (56)

    Thairis sin, áitíonn an Ghearmáin, de réir na sonraí a sholáthair RWE, go mbeadh luach iomlán de réir na leabhar de thart ar EUR 570 milliún ag aonaid gléasra cumhachta Neurath F agus G ón 31 Márta 2030 ar aghaidh. Is é atá sa luach sin de réir na leabhar na costais amúchta agus ní áirítear maoin (talamh) ann. Luaigh an Ghearmáin freisin gur coigeartaíodh an sceideal dímheasa chun an oibleagáid i leith dhíchoimisiúnú na ngléasraí cumhachta i gcomhréir leis an dlí um dhúnadh a léiriú. Tá na luachanna a dtugtar tuairisc orthu thuas ina léiriú ar na luachanna de réir na leabhar ar dócha go mbeidís ann dá leanfaí den sceideal dímheasa bunaidh. Thairis sin, ní bhreithnítear caiteachas caipitiúil amach anseo i ndáil le costais chigireachta. De ghnáth, déantar cigireachtaí tráthrialta agus cuirtear feabhsuithe ar an dá ghléasra cumhachta gach 4 bliana lena ngabhann costais EUR 60 milliún go EUR 70 milliún an ceann. Ba in 2023 a rinneadh an chigireacht is déanaí ar Neurath F agus in 2021 ar Neurath G.

    Tábla 4

    Suiteálacha ligníte RWE: dáta oscailte in aghaidh dáta dúnta

    Oibreoir

    Ainm na suiteála

    Dáta oscailte/oibriúcháin

    Dáta dúnta

    RWE

    Niederaußem D

    1968

    31.12.2020

    RWE

    Niederaußem C

    1965

    31.12.2021

    RWE

    Neurath B

    1972

    31.12.2021

    RWE

    Weisweiler E nó F (38)

    1965, 1967

    31.12.2021

    RWE

    Neurath A

    1972

    1.4.2022

    RWE

    Frechen/Wachtberg

    1962

    31.12.2022

     

    (Brikettierung)

     

     

     

     

     

     

    RWE

    Neurath D

    1975

    31.3.2024

    RWE

    Neurath E

    1976

    31.3.2024

    RWE

    Weisweiler E nó F (39)

    1965, 1967

    1.1.2025

    RWE

    Weisweiler G nó H

    1974, 1975

    1.4.2028

     

     

     

     

     

     

     

     

    RWE

    Weisweiler G nó H

    1974, 1975

    1.4.2029

     

     

     

     

     

     

     

     

    RWE

    Niederaußem G nó H

    1974, 1974

    31.12.2029

     

     

     

     

     

     

     

     

    RWE

    Niederaußem K

    2003

    31.03.2030

    RWE

    Neurath F (BoA 2)

    2012

    31.03.2030

    RWE

    Neurath G (BoA 3)

    2012

    31.03.2030

    RWE

    Niederaußem G nó H

    1974, 1974

    31.12.2033

     

     

     

     

     

     

     

     

    3.5.2.   Díchoimisiúnú críochnaitheach trí aonad a thabhairt chun tosaigh ó 2038 go 2030

    (57)

    Tabharfar dúnadh trí aonad (Niederaußem K, Neurath F agus Neurath G, ag a bhfuil toilleadh de thart ar 1 000 MW an ceann) chun tosaigh ón 31 Nollaig 2038 go dtí an 31 Márta 2030. Áitíonn an Ghearmáin go bhfágann sé sin gur gá a bhfuil fágtha de thréimhse oibriúcháin 3 GW de na gléasraí cumhachta is nuaí agus is éifeachtúla a oibríonn RWE a chiorrú beagnach 50 %.

    (58)

    Tugann an Ghearmáin dá haire go bhfuil tionchar mór freisin ag na dátaí dúnta níos luaithe ar na láithreáin mhianadóireachta a sholáthraíonn na trí aonad sin atá le dúnadh níos luaithe ná a bhí beartaithe ar dtús. Go sonrach, mar chuid de bheart leasaithe RWE, comhaontaíodh go dtáirgfidh an mianach ‘Garzweiler’ i bhfad níos lú ligníte i gcaitheamh na mblianta le teacht.

    (59)

    Is féidir le rialtas na Gearmáine cinneadh a dhéanamh, faoin 15 Lúnasa 2026, an aistreoidh sé na trí aonad sin chuig cúltaisce (Cúltaisce) go dtí an 31 Nollaig 2033. Níor sainíodh an chúltaisce nua sin go fóill agus ní cuid den chinneadh seo í. A mhéid a bheadh baint ag Státchabhair le cúltaisce nua den sórt sin, thabharfadh an Ghearmáin fógra fúithi i gcomhréir lena hoibleagáid a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE. Má bhíonn gá leis na haonaid sin le haghaidh cúltaisce den sórt sin, ní bheidh gá le níos mó athruithe ar an bpróiseas pleanála mianach dromchla ná dá mbeadh na haonaid sin dúnta go cinntitheach faoi 2030. Ina theannta sin, an t-athshlánú a thosóidh in 2030, leanfaidh sé ar aghaidh gan athrú freisin.

    3.5.3.   Gan cúiteamh breise do RWE

    (60)

    Le beart leasaithe RWE, ní dhéantar foráil maidir le cúiteamh breise do RWE taobh thuas den mhéid i gconradh 2021, ach ina ionad sin deimhnítear an tsuim EUR 2,6 billiún.

    (61)

    Is é tuairim na Gearmáine go ndéantar caillteanais ioncaim sna blianta 2030 go 2038 de dheasca thart ar 3 GW de thoilleadh a oibriú chomh maith leis na costais bhreise athsceidealaithe a fhritháireamh le hioncaim níos airde ná a raibh coinne leo, i measc nithe eile, a eascraíonn as Neurath D agus E a oibriú ar feadh 15 mhí bhreise idir 2023 agus an chéad ráithe de 2024.

    (62)

    Beartaítear leis an dlí leasaitheach (Airteagal 1, mír 4) agus leis an gconradh leasaitheach (mír 4) go ndéanfar an líon tráthchodanna le haghaidh íocaíocht an chúitimh le RWE a laghdú ó 15 go 10, agus nach mbeidh na tráthchodanna ar cóimhéid mar a bhí beartaithe roimhe seo. EUR 173 mhilliún a bheidh sna tráthchodanna bliantúla le haghaidh 2020 go 2023, agus EUR 318 milliún a bheidh sna tráthchodanna bliantúla le haghaidh 2024 go 2029. I gcomhréir leis an dlí leasaitheach agus leis an gconradh leasaitheach, tá an chéad tráthchuid íocaíochta le RWE dlite an 31 Nollaig 2020, faoi réir na bhforálacha neamhghníomhaíochta, arb é sin an tráth a dhún RWE a chéad ghléasra.

    3.6.   Ríomh athbhreithnithe

    (63)

    Mar chuid den aighneacht an 23 Nollaig 2022, chuir an Ghearmáin ríomhanna athbhreithnithe ar bhrabús a tharscaoiltear faoi bhráid an Choimisiúin i gcás 9 gcinn d’aonaid RWE atá dúnta cheana féin nó atá le dúnadh faoin 31 Márta 2025 (40) i gcomhréir leis an dlí leasaitheach (Airteagal 1, mír 9) (an ‘ríomh athbhreithnithe’). Rinne r2b energy consulting an ríomh sin, dar dáta an 16 Nollaig 2022.

    (64)

    Bunaithe ar an ríomh sin, tá glanluach láithreach na mbrabús a tharscaoileann ocht ngléasra de chuid RWE (atá le dúnadh idir an 31 Nollaig 2021 agus an 31 Márta 2025) thart ar EUR 2,2 billiún (EUR 2,3 billiún i dtéarmaí ainmniúla) agus níos airde dá bhrí sin ná glanluach láithreach an chúitimh chomhaontaithe do RWE, is é sin EUR 1,7 billiún (EUR 2,6 billiún i dtéarmaí ainmniúla) (41). Dá bhrí sin, i bhfianaise an ríomha sin, áitíonn an Ghearmáin go bhfuil údar le méid an chúitimh.

    (65)

    Léiríonn an ríomh athbhreithnithe go meastar go mbeidh brabús a tharscaoiltear sa tréimhse idir 2021 agus 2026 ag 8 gcinn de 9 n-aonad de chuid RWE a áiríodh sa ríomh athbhreithnithe. As measc na hocht n-aonad a bhfuil brabús a tharscaoiltear acu, bhí 5 cinn díobh dúnta cheana féin idir 2021 agus 2022 (Neurath A agus B, Niederaußem C, Weisweiler E agus Frechen/Wachtberg) agus tá na 3 cinn atá fágtha (Weisweiler F agus Neurath D agus E) le dúnadh in 2025 ar a dhéanaí. I gcás na 9 n-aonad uile sa ríomh athbhreithnithe, níor ríomhadh brabús a tharscaoiltear ach le haghaidh na tréimhse idir a ndúnadh agus deireadh 2026. Ní bhíonn an brabús a tharscaoiltear riamh níos faide ná 3 bliana tar éis an dáta atá gach gléasra faoi seach le dúnadh. I gcás an naoú gléasra a áirítear sa ríomh athbhreithnithe (Niederaußem D), arbh é an chéad aonad a dúnadh an 31 Nollaig 2020, ní éilítear brabús a tharscaoiltear ar bith.

    (66)

    I gcás na 7 n-aonad atá le dúnadh tar éis 2026 (Weissweiler G agus H, Niederaußem H, K agus G agus Neurath F agus G), ní áirítear brabús a tharscaoiltear ar bith sa ríomh athbhreithnithe toisc go mbeidh siad díchoimisiúnaithe tar éis 2026.

    (67)

    Cuirtear na príomhpharaiméadair seo a leanas i bhfeidhm sa ríomh athbhreithnithe chun meastachán a dhéanamh ar bhrabús na naoi n-aonad a tharscaoiltear ar cuireadh sonraí isteach ina leith:

    (1)

    Glactar leis sa ríomh go ndíolann na gléasraí cumhachta, mar an t-aon fhoinse ioncaim amháin acu, leictreachas bonnualaigh ar rátaí margaidh a chomhfhreagraíonn do luachaintí ó EEX, arb é malartán tráchtearraí na Gearmáine é. Go sonrach,

    (a)

    I gcás na n-aonad atá dúnta cheana féin tráth a chuirtear an ríomh athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin (Neurath A agus B, Niederaußem C agus D, Weisweiler E), úsáideann an ríomh na toimhdí maidir le praghsanna leictreachais agus CO2, boilsciú agus timpeallacht rialála (42) de réir ionchais mhargaidh go díreach roimh na dátaí dúnta faoi seach. I gcás praghsanna leictreachais agus CO2, úsáideann an ríomh meánphraghas todhchaíochtaí an tseachadta sa mhí, sa ráithe nó sa bhliain ábhartha (ag brath ar an táirge a bheith ar fáil) idir 2021 agus 2026 mar a thaifeadtar ar mhalartán EEX sa 2 sheachtain roimh na dátaí dúnta faoi seach.

    (b)

    I gcás na gceithre aonad a dhúnfar idir an 31 Nollaig 2022 agus an 31 Márta 2025 (Frechen/Wachtberg, Weisweiler F agus Neurath D agus E), bhí na toimhdí maidir le praghsanna leictreachais agus CO2, boilsciú agus timpeallacht rialála (43) bunaithe ar ionchais mhargaidh le déanaí a bhí ar fáil tráth a cuireadh an ríomh athbhreithnithe isteach. I gcás praghsanna leictreachais agus CO2, úsáideann an ríomh meánphraghas todhchaíochtaí an tseachadta sa mhí, sa ráithe nó sa bhliain ábhartha (ag brath ar an táirge a bheith ar fáil) idir 2021 agus 2026 mar a thaifeadtar ar mhalartán EEX idir an 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 4 Samhain 2022.

    (2)

    I gcás chostais breosla an tsoláthair ligníte, is é EUR 1,5/MWh(th) na costais athraitheacha mianadóireachta ligníte a toimhdíodh, agus is é EUR 4,7/MWh(th) na costais sheasta mianadóireachta ligníte a toimhdíodh. Bhí na toimhdí sin bunaithe ar staidéar neamhspleách a rinne Öko-Institut agus foilsíodh iad i mí Eanáir 2022 (44). Nuair a roinntear in aghaidh an aonaid táirgeachta iad, toimhdítear go mbíonn costais mhianadóireachta cobhsaí i ngeall ar ghearrthréimhse ama an cháis fhrithfhíorasaigh. De ghnáth, is faide an t-am a thógann sé na costais sheasta, arb iad an chuid is mó de na costais mhianadóireachta iomlána iad, a choigeartú i leith méideanna athraitheacha aschuir.

    (68)

    Úsáideann an ríomh príomh-shaintréithe teicniúla gach gléasra cumhachta amhail éifeachtúlacht, aschur leictreachais, costais sheasta, gnáth-infhaighteacht agus rátaí úsáide. Bhí costais sheasta bunaithe ar luachanna ionadaíocha le haghaidh na n-aicmí gléasra cumhachta faoi seach agus comhfhreagraíonn siad do thorthaí staidéar Öko-Institut.

    (69)

    Níor áiríodh ioncaim as giniúint teasa ná ioncaim as an margadh cothromúcháin sa ríomh athbhreithnithe.

    (70)

    I gcás na n-aonad a dhúnfar idir an 31 Nollaig 2022 agus an 31 Márta 2025, cuirtear uasteorainn ioncaim margaidh i bhfeidhm sa ríomh ón 1 Nollaig 2022 go dtí an 30 Aibreán 2024. Leagtar amach bunús dlí chur chun feidhme na huasteorann ioncaim margaidh i nDlí na Gearmáine um Maolú ar Phraghsanna Leictreachais. I gcás ina mbeidh na praghsanna leictreachais a bhfuil coinne leo níos airde ná an uasteorainn, baileoidh stát na Gearmáine 90 % den bharrachas ioncaim margaidh os cionn na huasteorann. Imríonn costas lamháltas CO2 tionchar ar leibhéal na huasteorann, mar a shonraítear le Dlí na Gearmáine um Maolú ar Phraghsanna Leictreachais. Fágann praghas EUR 81/t ar CO2 (arbh é an meánphraghas spotmhargaidh é in 2022) go bhfuil an uasteorainn thart ar EUR 160/MWh. Le Dlí na Gearmáine um Maolú ar Phraghsanna Leictreachais, déantar foráil maidir le cur i bhfeidhm na huasteorann ón 1 Nollaig 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 agus foráiltear leis go bhféadfaí í a fhadú go dtí an 30 Aibreán 2024, faoi réir cinneadh ó rialtas na Gearmáine. Ar deireadh, chinn rialtas na Gearmáine gan síneadh a chur le cur i bhfeidhm na huasteorann tar éis an 30 Meitheamh 2023. Luann údaráis na Gearmáine nach ndéanann an uasteorainn ar ioncam margaidh difear ach do bhrabús gléasra amháin a tharscaoiltear (Frechen/Wachtberg) ós rud é go ndúnfar aonaid lignítadhainte eile RWE tar éis dheireadh thréimhse cur chun feidhme na huasteorann nó gur dúnadh iad sular ghlac rialtas na Gearmáine pleananna coincréiteacha um an uasteorainn.

    (71)

    I gcás Neurath D agus E, ar cuireadh a ndúnadh siar go dtí an 31 Márta 2024 agus a bhfuil an fhéidearthacht ann go gcuirfí síneadh leis an dáta dúnta go dtí an 31 Márta 2025, ní chuirtear san áireamh sa ríomh ach brabús a tharscaoiltear arna ghnóthú ón dáta deireanach sin.

    (72)

    Ba ag 7,5M a socraíodh meánchostas ualaithe an chaipitil (45) a úsáideadh chun an brabús a tharscaoiltear agus na híocaíochtaí cúitimh a lascainiú.

    (73)

    I bhfianaise mhéid mór an toillte giniúna a tógadh amach as an margadh i ngeall ar dheireadh luath a bheith curtha le húsáid ligníte, cuirtear a éifeacht shistéamach ar phraghsanna leictreachais na Gearmáine san áireamh. Go sonrach, sa chás frithfhíorasach, tá praghsanna leictreachais níos ísle i gcomparáid leis an gcás iarbhír toisc go bhfuil níos mó aonad i mbun oibriúcháin sa chéad chás agus gur féidir freastal ar an éileamh le toilleadh giniúna atá réasúnta níos saoire. Chun an éifeacht sin a chainníochtú, úsáideann an ríomh athbhreithnithe torthaí dhá anailís lena ndéantar measúnú ar éifeacht an deiridh a cuireadh de réir a chéile le húsáid dhá ghléasra cumhachta núicléiche (Isar 2 agus Neckarwestheim 2) ar mhargadh leictreachais na Gearmáine (46). Áitíonn údaráis na Gearmáine go bhféadfaí an tionchar measta ar phraghsanna i margadh na Gearmáine a bheith ionadaíoch freisin ar ghiniúint ligníte toisc go bhfuil suíomhanna comhchosúla ag an dá theicneolaíocht san ord fiúntais agus gur gnách rátaí arda úsáide a bheith acu. Tá éifeacht réasúnta lag ag an luathdhúnadh ar dtús (ó tharla gur réasúnta beag iad na chéad aonaid a dhúntar de réir an sceidil), ach tagann sí chun bheith níos láidre i gcaitheamh na mblianta agus de réir mar a dhúntar níos mó toillte. Dá réir sin, tá praghsanna leictreachais sa chás frithfhíorasach 1,7 % níos ísle in 2023 agus 3,2 % níos ísle in 2026 ná sa chás fíorasach.

    (74)

    D’áitigh an Ghearmáin nach gá nuashonrú ar an ríomh athbhreithnithe a chur isteach bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil (ón dara ráithe de 2023) le haghaidh na trí aonad a dhúnfar i mí Eanáir agus i mí an Mhárta 2025 (Weisweiler F agus Neurath D agus E) (47) i bhfianaise na modheolaíochta a chuirtear i bhfeidhm. Mar an dá phríomhpharaiméadar, a bhfuil tionchar nach beag acu ar ioncaim agus costais agus atá faoi réir neamhchinnteachta agus luaineachtaí minice, úsáideann an ríomh praghsanna todhchaíochtaí táirgí leictreachais agus lamháltas CO2, a cheannaíonn oibreoirí gléasraí cumhachta ligníte de ghnáth chun a gcorrlach oibriúcháin a dhaingniú (nó a fhálú) le haghaidh na míonna nó na mblianta amach romhainn. Cuireann margadh leictreachais na Gearmáine, atá ar cheann de na margaí is forbartha agus is leachtaí san Eoraip, ar a gcumas do rannpháirtithe sa mhargadh méideanna leordhóthanacha den fhálú sin a dhéanamh ar feadh suas le 3 bliana roimh an soláthar iarbhír (48). Dá réir sin, mhínigh an Ghearmáin gurbh fhéidir, i gcás frithfhíorasach, go rachadh na trí aonad isteach sa mhargadh idir an 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 4 Samhain 2022 (tráth a rinneadh sonraí a asbhaint ón margadh chun críoch an ríomha athbhreithnithe) agus a gcorrlach a fhálú ar feadh roinnt míonna nó blianta oibriúcháin tar éis an dáta dúnta a bhí beartaithe sa chás fíorasach. Dhéanfaí sin trí mhéideanna leictreachais a beartaíodh a tháirgeadh a dhíol agus méid comhfhreagrach nó lamháltais astaíochtaí a cheannach chun lorg carbóin an leictreachais tháirgthe a chumhdach. D’áitigh an Ghearmáin dá réir sin nach gá an ríomh athbhreithnithe a thabhairt cothrom le dáta toisc go bhféadfadh na trí aonad de chuid RWE ionstraimí margaidh caighdeánacha a úsáid chun an brabús a tharscaoiltear ríofa a dhaingniú tráth a asbhaineadh na sonraí le haghaidh an ríomha athbhreithnithe.

    (75)

    Thairis sin, áitíonn an Ghearmáin nach bhfuil údar le sásra a thabhairt isteach chun ríomh an chúitimh a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar na toimhdí is déanaí le haghaidh bheart leasaithe RWE, toisc go raibh na toimhdí a úsáideadh chun an brabús a tharscaoiltear a ríomh sa ríomh athbhreithnithe gar do dhúnadh iarbhír na n-aonad sin (féach aithris (67)(1)). Luann an Ghearmáin nach mbeadh gá, i bprionsabal, le sásra nuashonraithe i gcomhréir le pointe 433 CEEAG dá ndúnfaí gléasraí cumhachta níos mó ná 3 bliana tar éis dheonú an chúitimh as na dúntaí sin. De réir na Gearmáine, áirithítear leis sin go mbeidh na toimhdí ar a bhfuil an ríomh bunaithe cothrom le dáta an tráth a dhúntar na gléasraí cumhachta iarbhír. I gcás na n-aonad cumhachta atá dúnta cheana féin an tráth a chuirtear an ríomh athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin, luann an Ghearmáin gur ríomh sí an brabús a tharscaoiltear bunaithe ar thoimhdí agus ionchais mhargaidh a bhí ann go díreach roimh na dátaí dúnta ábhartha. Na haonaid eile ar ríomhadh a mbrabús a tharscaoiltear, dúnfar iad sa tréimhse idir an 31 Nollaig 2022 agus an 31 Márta 2025. Áitíonn an Ghearmáin nach mbeidh sé sin níos faide ná 3 bliana tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt faoina chinneadh, arb é a bheidh ann tráth deonaithe na cabhrach (féach aithris (78)). Dá bhrí sin, de réir na Gearmáine, níl gá le sásra nuashonraithe.

    3.7.   Buiséad

    (76)

    Is é EUR 2,6 billiún buiséad bheart leasaithe RWE agus maoineofar ó bhuiséad Chónaidhm na Gearmáine é. Íocfar an cúiteamh in 10 dtráthchuid bhliantúla: is é EUR 173 mhilliún an tráthchuid le haghaidh 2020 go 2023 agus is é EUR 318 milliún an tráthchuid le haghaidh 2024 go 2029.

    3.8.   Tráth agus fad an deonaithe

    (77)

    An tráth a thugann an Coimisiún fógra faoina chinneadh, sin é an tráth deonaithe do bheart leasaithe RWE. Is é an 31 Nollaig 2029 an dáta deiridh a eisíocfar cistí.

    3.9.   Tairbhí

    (78)

    Tá an beart faoin dtugtar fógra ina dheontas do RWE Power AG. Fostaíonn RWE Power AG 8 800 duine, a mbaineann 7 500 de na poist sin leis an tionscal ligníte. Is fochuideachta ar lánúinéireacht RWE AG é RWE Power AG. De réir faisnéis atá ar fáil go poiblí, ón 15 Márta 2023, meastar go raibh 87 % de sciartha RWE AG i seilbh infheisteoirí institiúideacha agus bhí 13 % díobh faoi úinéireacht daoine aonair (lena n-áirítear fostaithe). Ó bhí an 15 Márta 2023 ann, is é Qatar Holding LLC an scairshealbhóir aonair is mó ag RWE AG, a bhfuil sciar 9,1 % aige.

    (79)

    Is cuideachta fuinnimh de chuid na Gearmáine é RWE AG atá gníomhach i dtáirgeadh agus i dtrádáil leictreachais. De réir an staidéir margaidh a rinne Údarás Iomaíochta na Gearmáine, tháirg RWE AG, in 2020, thart ar 25 % den leictreachas i limistéar margaidh na Gearmáine-Lucsamburg, rud a d’fhág gurbh é an táirgeoir a raibh an toilleadh giniúna ba mhó aige, is é sin 67,8 TWh (49). Bhí ioncam iomlán RWE AG thart ar EUR 24,5 billiún in 2021.

    (80)

    Deimhníonn údaráis na Gearmáine nach gnóthais i gcruachás iad RWE AG ná RWE Power AG, mar a shainmhínítear le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (50).

    (81)

    Deimhníonn údaráis na Gearmáine freisin nach bhfuil RWE AG ná RWE Power AG faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach (51).

    3.10.   Carnadh agus trédhearcacht

    (82)

    Deimhníonn an Ghearmáin go gcomhlíonfaidh sí pointí 56 agus 57 CEEAG. Ní fhéadfar cabhair faoin mbeart faoina dtugtar fógra a charnadh le cabhair ad hoc ná le cabhair de minimisná le cistiú ón Aontas i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.

    (83)

    Áiritheoidh an Ghearmáin go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le trédhearcacht a leagtar síos i bpointí 58 go 61 CEEAG. Déanfar na sonraí ábhartha maidir leis an mbeart faoina dtugtar fógra a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin náisiúnta a nascfaidh le clár trédhearcachta an Choimisiúin: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency.

    4.   BARÚLACHA Ó THRÍÚ PÁIRTITHE

    (84)

    Chuir líon mór tríú páirtithe a mbarúlacha isteach tar éis fhoilsiú an Chinnidh Tosaigh, an Chomhairliúcháin Phoiblí agus an Chinnidh maidir le Síneadh.

    (85)

    Tar éis fhoilsiú an Chinnidh Tosaigh, chuir líon mór tríú páirtithe (27) a mbarúlacha isteach. Rinne an dá thairbhí (LEAG agus RWE), scairshealbhóirí LEAG (EPH agus PPF Investments - PPFI) agus comhairle grúpoibreacha LEAG (Konzernbetriebsrat) aighneachtaí. Ar na haighneachtaí a rinne cuideachtaí bhí ceann amháin ó GPE, aighneachtaí comhionanna ó ocht gcuideachta fuinnimh áitiúla (na ‘hocht gcuideachta áitiúla’), agus aighneachtaí comhionanna ó dhá chuideachta fuinnimh áitiúla breise (an ‘dá chuideachta áitiúla’). Rinne seacht n-eagraíocht neamhrialtasacha (ENR), chomh maith leis na trí stát sa Ghearmáin ina bhfuil limistéir mhianadóireachta LEAG agus RWE lonnaithe, i.e. an Réin Thuaidh-Viostfáil, an tSacsain agus Brandenburg, aighneachtaí. Chuir comhlachas bardas (Lausitzrunde), ina bhfuil limistéir mhianadóireachta LEAG lonnaithe, agus an comhlachas a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal ligníte sa Ghearmáin (‘DEBRIV’) barúlacha isteach freisin.

    (86)

    Tar éis fhoilsiú an Chomhairliúcháin Phoiblí, chuir líon mór tríú páirtithe (19) barúlacha isteach. Bhí aighneachtaí ann ón dá thairbhí (LEAG agus RWE), ó scairshealbhóirí LEAG (EPH agus PPFI) agus ó chomhairle grúpoibreacha LEAG. Ar na haighneachtaí a rinne cuideachtaí bhí ceann amháin ó GPE, aighneachtaí comhionanna ó na hocht gcuideachta áitiúla agus aighneachtaí comhionanna ón dá chuideachta áitiúla. Chuir DEBRIV, an Biúró Eorpach Comhshaoil (‘EEB’), Greenpeace agus ClientEarth barúlacha isteach freisin.

    (87)

    An 16 Samhain 2022, fuair an Coimisiúin aighneachtaí comhionanna ar bhonn spontáineach ó na hocht gcuideachta áitiúla maidir le beart leasaithe RWE.

    (88)

    Tar éis fhoilsiú an Chinnidh maidir le Síneadh, chuir roinnt tríú páirtithe (12) a mbarúlacha isteach. Orthu sin bhí aighneachtaí ón dá thairbhí (LEAG agus RWE), aighneachtaí comhionanna ó na hocht gcuideachta áitiúla, aighneacht ó GPE agus aighneacht ó ClientEarth.

    (89)

    Déantar achoimre thíos sna catagóirí seo a leanas ar na barúlacha a chuir na tríú páirtithe isteach: (i) barúlacha maidir le cabhair a bheith ann (féach roinn 4.1), (ii) barúlacha maidir leis an mbunús dlí le haghaidh comhoiriúnachta (féach roinn 4.2) agus (iii) barúlacha maidir le comhoiriúnacht cabhrach (féach roinn 4.3).

    (90)

    Leis an gcinneadh seo, díreofar ar na barúlacha a rinne na tríú páirtithe maidir le raon feidhme an chinnidh seo.

    4.1.   Cabhair a bheith ann

    4.1.1.   RWE

    (91)

    D’áitigh RWE ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh nach Státchabhair atá sa bheart. Mhaígh RWE gur cúiteamh as damáistí atá ann toisc go sáraíonn an dlí um dhúnadh ceart RWE chun maoine, agus dá réir sin nach dtugtar aon bhuntáiste eacnamaíoch do RWE.

    (92)

    De réir RWE, níl cur isteach den sórt sin ar an gceart chun maoine comhoiriúnach le hAirteagal 14 de Dhlí Bunreachtúil na Gearmáine (Grundgesetz, ‘GG’) ach amháin má sholáthraíonn an Stát cúiteamh leordhóthanach as. Braitheann an méid cúitimh ar thábhacht eacnamaíoch na leasanna dlíthiúla dá ndéantar difear, i.e. luach na suíomhanna maoine agus luach na gceart chun maoine arna n-urghabháil, chomh maith leis na hualaí breise atá bainteach leis an gcur isteach. Leis an gcosaint dá bhforáiltear in Airteagal 14 GG, cumhdaítear (i) úinéireacht an ghléasra agus na talún agus inúsáidteacht na ngléasraí cumhachta agus na mianach faoi seach chun leictreachas a ghiniúint agus brabús a dhéanamh dá réir; (ii) an ceart chun an gnó iomlán ‘giniúna leictreachais lignítadhainte’ a bhunú agus a oibriú (d’áitigh RWE go bhféadfaí leas a bhaint, mar analach, as deireadh a bheith á chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile sa Ghearmáin); (iii) an mhaoin mhianaigh neamh-inchúlghairthe, arna díluacháil ina hiomláine ag na hoibleagáidí um dhíchoimisiúnú; agus (iv) na ceadúnais oibriúcháin neamhtheoranta faoi dhlí na Gearmáine um rialú astaíochtaí i gcás na ngléasraí cumhachta agus na mianach dá ndéanann an dlí um dhúnadh difear.

    (93)

    D’áitigh RWE go dtugtar cosaint bhunreachtúil fheabhsaithe agus shuntasach dá ionchais dhlisteanacha i bhfianaise na ngealltanas caipitil fadtéarmach agus na bpleananna foirne agus infheistíochta a cheanglaítear le haghaidh tionscadail den chineál agus den mhéid sin. Is cuid dhílis den ghnó giniúna leictreachais lignítadhainte é an dearcadh fadtéarmach. An chosaint thar a bheith láidir sin d’ionchais dhlisteanacha, cuireann sí lena mhéad a chuirtear isteach ar shuíomhanna maoine RWE.

    (94)

    D’áitigh RWE gur chomhlíon sé a oibleagáidí i ndáil le CTA AE, lena ndéantar rialáil uileghabhálach, dar leis, ar laghdú astaíochtaí CO2 ó na gléasraí dá ndéantar difear. Mar sin féin, leis an oibleagáid um dhíchoimisiúnú faoin dlí um dhúnadh, ceanglaítear ar ghléasraí RWE rannchuidiú breise a dhéanamh le cosaint na haeráide, as a leanann ualach eisceachtúil (Sonderopfer) nach mór a chur san áireamh le haghaidh an chúitimh.

    (95)

    D’áitigh RWE thairis sin gur ghníomhaigh an Ghearmáin mar oibreoir sa gheilleagar margaidh nuair a shínigh sí conradh 2021 leis na hoibreoirí. Bhí ar an nGearmáin measúnú a dhéanamh ó dhearcadh ex ante an raibh an réiteach lena gcuirfí deireadh le húsáid guail de réir a chéile, ar réiteach é a daingníodh go conarthach, níos fearr ná réiteach de chineál rialála amháin, nó coibhéiseach leis ar a laghad, a raibh measúnú ex ante le déanamh ar a fhoirm bhunreachtúil nó ar a in-fhorfheidhmitheacht freisin. Áitíonn RWE gur ghníomhaigh an Ghearmáin sa chomhthéacs sin mar ghníomhaire réasúnach trí chonradh a dhéanamh lena ndeonaítear di na cearta a leagtar amach ann agus lena ndéantar í a scaoileadh le deimhneacht dhlíthiúil, an tráth céanna, ó oibleagáid cúiteamh a íoc arbh éigean di a íoc ina mhalairt de chás faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is é tuairim RWE nach bhfuil aon chomhchuid Státchabhrach ann.

    (96)

    D’áitigh RWE arís ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh maidir le Síneadh nach Státchabhair atá sa bheart. Is é a thuairim gur lú an cúiteamh iomlán ná an damáiste iomlán a thabhaigh RWE agus nach dtugtar aon bhuntáiste do RWE dá bhrí sin.

    4.1.2.   LEAG

    (97)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, chuir LEAG amhras in iúl i dtaobh an beart a cháiliú mar Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Go sonrach, measann LEAG nach ndeonaíonn an beart buntáiste eacnamaíoch dó, toisc gur lú an cúiteamh ná an damáiste airgeadais a rinne an dlí um dhúnadh. Mura mbeadh cúiteamh leordhóthanach deonaithe ag údaráis na Gearmáine, bheadh an ceart ag oibreoirí cúiteamh damáiste a fháil, óir measann sé go sáraíonn an dlí um dhúnadh a cheart chun maoine faoi Airteagal 14, mír 1, abairt 2 GG agus Airteagal 1 den Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (‘ECHR’) agus Airteagal 13 den Chonradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’). Is é tuairim LEAG go gcuirtear inúsáidteacht a mhaoine ar neamhní go hiomlán, ar cúngach thar a bheith tromchúiseach ar a chearta é, agus dá réir sin go bhfuil na forálacha maidir le hinneachar agus teorainn faoi réir ceanglais comhréireachta méadaithe.

    (98)

    Ina bharúlacha maidir leis na gCinneadh Tosaigh, d’áitigh LEAG go bhfuil ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí ligníte, ar tugadh léiriú orthu freisin sna pleananna ligníte a formheasadh le haghaidh na mianach dromchla, á gcur ó mhaith ag an deireadh luath a chuirfear de réir a chéile le húsáid guail de réir sainordú dlí, tar éis do na hoibreoirí a gcinntí cinntitheacha infheistíochta a dhéanamh chun na gléasraí cumhachta a thógáil agus na mianaigh dhromchla a fhorbairt. Dá réir sin, d’áitigh LEAG go bhfuil ionchas dlisteanach ann leanúint de ghníomhaíochtaí mianadóireachta agus d’oibriú gléasraí cumhachta lignítadhainte.

    (99)

    Thairis sin, mhaígh LEAG ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go bhfuil an idirthréimhse a deonaíodh le haghaidh an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte de réir a chéile sa chás seo neamh-leordhóthanach. Is é a thuairim nach bhfuil luathdhúnadh agaithe gléasraí cumhachta lignítadhainte a shonraítear sa dlí um dhúnadh iomchuí ann féin chun na hábhair imní bhunreachtúla a dhíbirt. Dá bhrí sin, tá ar an nGearmáin cúiteamh airgeadais a sholáthar chun comhréireacht an chúngaigh ar na suíomhanna maoine dá ndéantar difear a bhunú. Áitíonn LEAG nach mór oibreoirí na ngléasraí cumhachta lignítadhainte agus na mianach dromchla a bheith sa staid chéanna ar a laghad, de bharr an chúitimh airgeadais, leis an staid ina mbeidís dá ndeonófaí idirthréimhse dóibh a bheadh tomhaiste de réir na gcaighdeán ábhartha. De réir LEAG, ní mór a chur san áireamh sa chaighdeán ábhartha cúitimh as mianach dromchla an méid táirgeachta is gá chun go mbeifear in ann na hinfheistíochtaí a rinneadh agus atá fós le déanamh sa mhianach dromchla (lena n-áirítear na costais athshaothraithe) a amúchadh agus brabús iomchuí a ghiniúint, agus an tráth céanna an mianach dromchla a thabhairt isteach i suíomh deiridh iomchuí arna fhormheas ag cinneadh críochnaitheach Cúirte (an méid táirgeachta iarmharach is gá). Dá bhrí sin, tá an méid ama is gá lena aghaidh sin bunaithe ar an ráta eastósctha is féidir go teicniúil agus ar cheanglais bhreosla na ngléasraí cumhachta lignítadhainte. I gcás gléasra cumhachta lignítadhainte, is é nach mór a bheith ann an t-ioncam is gá chun go mbeifear in ann na costais tógála agus aisfheistithe a amúchadh, chomh maith le brabús iomchuí a ghiniúint. Ní féidir le gléasra cumhachta lignítadhainte ioncam a ghiniúint ach amháin má sholáthraítear le breosla ó mhianach dromchla nasctha é. Dá bhrí sin, le hídiú na hidirthréimhse is gá, glactar leis go bhfuiltear fós in ann mianach dromchla a áirithíonn an soláthar a oibriú go heacnamaíoch ar feadh tréimhse chomhfhreagrach, lena n-áirítear cumhdach na gcostas athshlánaithe mianaigh. Dá bhrí sin, ní mór an méid cúitimh a bheith chomh mór leis an ioncam a d’fhéadfaí a ghiniúint san idirthréimhse ar a laghad.

    (100)

    D’áitigh LEAG thairis sin go bhfuil na costais bhreise sin ina ndamáistí iarmhartacha a eascraíonn as an deireadh luath a shainordaítear a bheith á chur le húsáid guail de réir a chéile, toisc gurb é an díshealbhú (nó an idirghabháil atá coibhéiseach le díshealbhú) is cúis leis na costais go díreach. Is é a thuairim gur damáistí do mhaoin iad damáistí iarmhartacha nach n-eascraíonn caillteanas ceart ná substainte astu, ach atá ina n-ualach eisceachtúil (Sonderopfer), e.g. trí laghdú ar luach.

    (101)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí agus leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh LEAG a thuairim nach gcáilíonn an beart mar Státchabhair.

    (102)

    Chuir máthairghnóthais LEAG, is iad sin EPH agus PPFI, barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh isteach freisin ina dtagann siad leis nach féidir go gcáileodh an beart mar Státchabhair toisc nach ndéanann sé ach cúiteamh a sholáthar as an gcaillteanas ceart, maoine agus deiseanna gnó. Go sonrach, measann EPH agus PPFI go gcúiteofaí na hoibreoirí as an dúnadh faoi ECT in aon chás, in éagmais cúiteamh ón nGearmáin.

    4.1.3.   Gnóthais

    (103)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mheas GPE gur Státchabhair atá sa chúiteamh agus ba chúis aiféala dó go ndearnadh measúnú ar choinníollacha an bhuntáiste agus na roghnaíochta i dteannta a chéile mar choinníoll aonair.

    (104)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh na hocht gcuideachta áitiúla gur Státchabhair atá sa chúiteamh. Áitíonn na cuideachtaí go dtéann an cúiteamh níos faide ná cúiteamh as damáistí amháin agus go dtugann sé buntáiste roghnaíoch do RWE dá bhrí sin. Admhaíonn siad gur féidir, i bprionsabal, cúiteamh as damáistí a bheith ann faoi GG, ach deir siad nach dtarlaíonn sin ach in imthosca eisceachtúla ina bhfuil ualach eisceachtúil (Sonderopfer). Áitíonn siad nach ann d’aon cheart chun bheith cosanta ar athruithe rialála go dtí go mbeidh na hinfheistíochtaí uile amúchta (52). Tarraingíonn siad aird ar pháipéar dlíthiúil a d’fhoilsigh Seirbhís Eolaíochta (Wissenschaftlicher Dienst) Pharlaimint na Gearmáine in 2018 ina dtagtar ar an gconclúid, bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Bunreachtúla maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a dhúnadh, gur cheart é a bheith indéanta faoi dhlí na Gearmáine, i bprionsabal, seansuiteálacha atá amúchta gan chúiteamh cheana féin a dhúnadh (53). Dar leo, as 16 aonad de chuid RWE, chuaigh 13 cinn díobh i mbun oibriúcháin roimh 1976 agus dá réir sin ba cheart iad a bheith amúchta faoin am seo.

    (105)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’aontaigh an dá chuideachta áitiúla gur Státchabhair atá sa chúiteamh, a théann níos faide ná cúiteamh as damáistí amháin agus a thugann buntáiste roghnaíoch do RWE dá bhrí sin. Luann siad nach dtugann an ceart chun úinéireachta, a chumhdaítear in Airteagal 14 GG, cosaint d’ionchais ioncaim nó brabúis todhchaí. Cé go n-admhaíonn siad go gcosnaítear an teorannú ar úsáid maoine faoi GG freisin agus go mbeadh feidhm aige sin maidir le saoráidí giniúna, deir siad nach amhlaidh sin i gcás na ngníomhaíochtaí mianadóireachta. Míníonn siad nach ndeonaítear na ceadanna (Hauptbetriebspläne) de ghnáth ach le haghaidh 2 bhliain go 3 bliana agus dá réir sin nach dtéann an úsáid maoine i gcás na mianach níos faide ná na tréimhsí formheasa sin. Maíonn siad freisin go bhfuil an plé maidir le deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile á dhéanamh ar feadh tamaill agus dá bhrí sin nach bhféadfadh coinne a bheith ag na gnóthais leis go mbeadh an staid rialála thairbheach fós ann. Míníonn siad freisin gur ualach eisceachtúil (Sonderopfer) nó cás cruatain (Härtefall) amháin a thugann teidlíocht i leith cúitimh do ghnóthas atá teoranta ó thaobh úsáid a mhaoine de. Na hidirthréimhsí fada, an fhéidearthacht go dtiontófaí chuig breosla giniúna eile agus roinnt mhaith suiteálacha a bheith amúchta, fágann siad sin nach bhfuil aon chás cruatain den sórt sin ann.

    4.1.4.   Comhlachais/ENRanna

    (106)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mheas ClientEarth gur Státchabhair atá sa chúiteamh. Is é a thuairim go dtugtar buntáiste roghnaíoch do RWE toisc nach dócha go ndámhfadh cúirt náisiúnta damáistí a chomhfhreagródh do na méideanna a gheall údaráis na Gearmáine do RWE. Ní bheadh cúiteamh as damáiste faoi GG na Gearmáine inghlactha ach amháin má bhí ualach eisceachtúil ann de dheasca na hidirghabhála Stáit. Ní chumhdaítear le hAirteagal 14 GG (i) modhnuithe, cealú ná dul in éag ceadanna faoin Dlí um Rialú Astaíochtaí (Bundesimmissionsschutzgesetz) ná faoin Dlí Mianadóireachta (Bundesberggesetz(54); (ii) infheistíochtaí atá amúchta go hiomlán (55); (iii) deiseanna gnó a chailltear agus brabús a tharscaoiltear nó pleananna eile atá bunaithe ar an ionchas go mbeidh staid dhlíthiúil thairbheach ann gan athrú (56). Ina theannta sin, áitíonn ClientEarth nach féidir an tionchar diúltach a imríonn rialacháin nua ar luach sócmhainní a chúiteamh tar éis do na hinfheistíochtaí a bheith amúchta (57), á rá freisin go mbeadh ar oibreoirí ligníte a áitiú go raibh ionchas dlisteanach acu go leanfaidís dá n-oibríocht agus go bhfuil siad i gcruatan eacnamaíoch míchuí agus thar a bheith dian de dheasca deireadh a bheith á chur le húsáid guail de réir a chéile. Díríonn ClientEarth aird ar an bpáipéar ó Sheirbhís Eolaíochta Pharlaimint na Gearmáine agus ar staidéar arna choimisiúnú ag an Aireacht Chomhshaoil (58), lena soláthraítear tuilleadh mionsonraí maidir leis an gcreat dlíthiúil i ndáil le cúitimh i gcomhthéacs an deireadh atá á chur le húsáid guail de réir a chéile.

    (107)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh DEBRIV nach dtugann an beart buntáiste do na cuideachtaí ligníte lena mbaineann. Os a choinne sin, bheadh na cuideachtaí ligníte in ann cúiteamh a éileamh faoi dhlí bhunreachtúil na Gearmáine, ECHR agus ECT mura ndeonófaí cúiteamh leordhóthanach dóibh faoin dlí um dhúnadh maidir le gual nó faoi chonradh 2021. Méid na n-éileamh ar chúiteamh as brabúis chaillte agus costais, damáistí, speansais bhreise agus míbhuntáistí eacnamaíocha de dheasca deireadh a bheith á chur le húsáid ligníte de réir a chéile, tá sé cothrom, ar a laghad, leis an gcúiteamh a deonaíodh, nó i bhfad níos airde ná an cúiteamh sin fiú.

    4.1.5.   Stáit na Gearmáine

    (108)

    Chuir trí cinn de Stáit na Gearmáine (Brandenburg, an tSacsain agus an Réin Thuaidh-Viostfáil) barúlacha isteach tar éis an Chinnidh Tosaigh. Na barúlacha a bhaineann go heisiach le beart LEAG, ní chuirfear i láthair go mionsonraithe sa chinneadh seo iad toisc nach dtagann beart LEAG faoi raon feidhme an chinnidh seo (féach aithrisí (13) agus (14)).

    (109)

    D’áitigh an Réin Thuaidh-Viostfáil go bhfuil an dáta faoina mbeidh deireadh curtha le húsáid guail do RWE i bhfad níos luaithe ná a bhí beartaithe don chuideachta ar bhonn na gceadúnas oibriúcháin deiridh dá ghléasraí cumhachta. An toirmeasc reachtúil sin ar oibriú ó 2038 ar a dhéanaí (nó ó 2035 dá bhfeidhmeofaí an rogha um dhíchoimisiúnú tús-ualaithe), cuireann sé isteach ar bhainistíocht dhílis RWE. Dar leis an Réin Thuaidh-Viostfáil, is cinnte go mbeadh RWE in ann agóid a dhéanamh i gcúirt bhunreachtúil in aghaidh an cur isteach sin ar a ghníomhaíochtaí gnó agus díluacháil a shócmhainní gnó faoi threoir na cosanta do mhaoin a ráthaítear le GG.

    4.2.   An bunús dlí le haghaidh comhoiriúnachta

    4.2.1.   RWE

    (110)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, measann RWE nach bhfuil CEEAG infheidhme ar dhá fhoras. Ar an gcéad dul síos, tagraíonn RWE dá bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, inar mhaígh RWE nach Státchabhair atá sa bheart (féach aithris (92) et seq.). Ós rud é go dtugann CEEAG tuairisc ar na critéir a úsáideann an Coimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht beart a mheastar a bheith ina Státchabhair, níl teacht i bhfeidhm CEEAG ábhartha don mheasúnú ar an gcúiteamh.

    (111)

    Ar an dara dul síos, áitíonn RWE nach bhfuil CEEAG infheidhme i ngeall ar raon feidhme ama na dtreoirlínte. De bhun phointe 466 CEEAG, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na treoirlínte a chur i bhfeidhm maidir le gach cabhair is infhógartha a dheonaítear nó atá le deonú ón 27 Eanáir 2022, ach níl aon fhoráil shainráite ann maidir lenar cheart, agus cén uair ba cheart, feidhm a bheith ag CEEAG maidir le cabhair ar tugadh fógra fúithi cheana féin roimh an dáta sin. Tugann RWE dá aire gur tugadh fógra faoin mbeart roimh an 27 Eanáir 2022, rud a fhágann nach bhfuil CEEAG infheidhme. Measann RWE go raibh an beart curtha chun feidhme cheana féin in 2020 tráth a cuireadh RWE ar an gconair i dtreo dúnadh ar dtús nuair a tháinig an dlí um dhúnadh i bhfeidhm. Bhí na chéad íocaíochtaí bliantúla dlite i mí na Nollag 2020 agus mí na Nollag 2021, ach cuireadh na híocaíochtaí sin ar fionraí i gcomhréir leis an oibleagáid neamhghníomhaíochta faoi Airteagal 108(3) CFAE. Dá bhrí sin, measann RWE gur deonaíodh an chabhair líomhnaithe roimh an 27 Eanáir 2022 agus gur comhlíonadh an oibleagáid neamhghníomhaíochta.

    (112)

    Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh RWE, fiú dá mbeadh an beart aicmithe mar Státchabhair, bheadh sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach mar sin féin faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil CEEAG infheidhme. D’áitigh RWE nach bhfuil feidhm ag CEEAG maidir leis an mbeart agus luaigh sé nár glacadh CEEAG go dtí tar éis an Cinneadh Tosaigh a bheith glactha.

    4.2.2.   LEAG

    (113)

    Ina bharúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí, d’admhaigh LEAG, cé go bhféadfadh infheidhmeacht chúlghabhálach a bheith ag CEEAG maidir leis an gcás, nach bhfuil údar lena gcur i bhfeidhm. Tá míbhuntáistí tromchúiseacha i gceist le measúnú faoi CEEAG agus caitheann sé amhras ar thabhairt i gcrích thapa an nós imeachta.

    (114)

    Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh LEAG nach bhfuil feidhm ag CEEAG ós rud é, de réir phointe 466 CEEAG, go bhfuil feidhm acu maidir le cabhair a deonaíodh ón 27 Eanáir 2022 agus léi sin amháin. Fiú dá mheasfaí gur cabhair é an beart, bheadh sí dáfa roimh an 27 Eanáir 2022 in aon chás ós rud é gur tháinig an dlí um dhúnadh agus conradh 2021 i bhfeidhm sular glacadh CEEAG. D’áitigh LEAG thairis sin, fiú dá mheasfaí gur Státchabhair é an beart agus dá ndéanfaí measúnú air faoi CEEAG, nach mbeadh sé comhoiriúnach le roinn 4.12 CEEAG.

    (115)

    Tagraíonn LEAG freisin do chásdlí lena ndéantar idirdhealú idir an tráth a dheonaítear cabhair agus an tráth a íoctar í (59). Áitíonn LEAG nach bhfuil aon sárú ach oiread ar an toirmeasc ar chur chun feidhme de bhun Airteagal 3 den Rialachán Nós Imeachta maidir le Státchabhair in éagmais íocaíocht iarbhír an chúitimh, atá faoi réir fhormheas an Choimisiúin freisin sa chás seo de bhun Airteagal 10 den dlí um dhúnadh. Le foclaíocht an toirmisc ar chur chun feidhme, aithnítear idirdhealú den sórt sin idir cruthú an éilimh ar chúiteamh agus an íocaíocht iarbhír, ós rud é, de réir Airteagal 3 den rialachán sin, nach mór gan cabhair a chur i bhfeidhm sula mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún lena n-údaraítear an chabhair, nó sula measfar an cinneadh sin a bheith déanta.

    (116)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, chuir scairshealbhóirí LEAG (EPH agus PPFI) an tuairim in iúl nach bhfuil CEEAG infheidhme toisc nach gcáilíonn an cúiteamh mar Státchabhair. Fiú dá mba Státchabhair é, dámhadh é sular tháinig CEEAG i bhfeidhm, ós iad na teagmhais ábhartha iad teacht i bhfeidhm an dlí um dhúnadh (mí Lúnasa 2020) nó síniú chonradh 2021 (mí Feabhra 2021). Fiú dá mbeadh CEEAG infheidhme, bheadh an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach in aon chás, toisc go gcomhlíontar na coinníollacha uile i roinn 3 agus roinn 4.12 CEEAG.

    (117)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh an chomhairle grúpoibreacha (Konzernbetriebsrat) nach bhfuil feidhm ag CEEAG maidir leis an gcás.

    4.2.3.   Gnóthais

    (118)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh GPE gur rud inargóinte é Airteagal 107(3)(c) CFAE a úsáid mar bhunús dlí an mheasúnaithe toisc go spriocdhírítear leis an bhforáil sin ar chabhair chun forbairt roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó roinnt limistéir eacnamaíocha a éascú. Níl forbairt gníomhaíochta eacnamaíche/limistéir eacnamaíoch ann sa chás seo, áfach, ach clabhsúr le gníomhaíocht eacnamaíoch. Chun míchuibheas líomhnaithe Airteagal 107(3)(c) CFAE a léiriú a thuilleadh, thagair GPE do Chinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le mianaigh ghuail neamhiomaíocha a dhúnadh (60), inarbh é Airteagal 107(3)(e) CFAE an bunús dlí a úsáideadh. Ó tharla nach n-áirítear sna Treoirlínte roimhe seo maidir le cabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (61) aon fhoráil maidir le cabhair le haghaidh dúnadh, luaigh GPE go bhfágann an méid sin féin nach gá gurb é Airteagal 107(3)(c) CFAE go huathoibríoch an bunús dlí ceart le beart den sórt sin.

    (119)

    Ina bharúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí, tharraing GPE aird ar phointe 466 CEEAG agus luaigh go ndearnadh an chabhair i bhfoirm chúitimh a dhámhachtain do RWE agus LEAG an tráth céanna a glacadh an dlí um dhúnadh in 2020 agus, ar a dhéanaí, an tráth a síníodh conradh 2021 idir an Ghearmáin agus RWE (mí Feabhra 2021), agus nach bhfuil CEEAG infheidhme dá réir sin. Chuige sin, tagraíonn GPE do chásdlí Magdeburg (62), lenar suíodh go ndeonaítear cabhair nuair a dhámhtar an ceart dlíthiúil í a fháil. Ós rud é gur glacadh CEEAG tar éis dheonú líomhnaithe na cabhrach, mheas GPE dá bhrí sin gur cheart an measúnú a dhéanamh go díreach faoin gConradh.

    (120)

    Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh GPE na tuairimí a ndéantar achoimre orthu in aithris (120), á rá freisin nach é an éifeacht atá ag roinnt athruithe a bheith déanta ag an gconradh leasaitheach go n-athraítear príomheilimintí an bhirt, ar cheart measúnú a dhéanamh orthu go díreach faoin gConradh.

    (121)

    Ina mbarúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí, d’áitigh na hocht gcuideachta áitiúla go ndéantar neamhdhleathacht na cabhrach a dheimhniú le CEEAG as a n-eascraíonn na hábhair cháinte a chuir na cuideachtaí sin isteach tar éis an Chinnidh Tosaigh.

    (122)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh an dá chuideachta go bhfuil CEEAG infheidhme. Tagraíonn siad do phointe 466 CEEAG agus do na forálacha neamhghníomhaíochta i gconradh 2021 agus tugann dá n-aire, ó tharla nár deonaíodh íocaíocht an chúitimh go fóill sa chás seo toisc go mbraitheann sé go dlíthiúil ar fhormheas an Choimisiúin, go bhfuil raon feidhme CEEAG de réir bhrí phointe 466 CEEAG infheidhme.

    4.2.4.   Comhlachais/ENRanna

    (123)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh DEBRIV, fiú más Státchabhair atá sa bheart (quod non, féach aithris (108)), nach bhfuil CEEAG infheidhme toisc go bhfuil feidhm acu maidir le cabhair a dheonaítear ón 27 Eanáir 2022 agus léi sin amháin. Sa chás seo, dá nglacfaí leis gur cabhair é an beart, bheadh sí dáfa roimh an 27 Eanáir 2022 in aon chás ós rud é gur tháinig an dlí um dhúnadh i bhfeidhm cheana féin an 14 Lúnasa 2020 agus gur síníodh conradh 2021 an 10 Feabhra 2021. De réir an chásdlí (63), an pointe ama amháin atá ábhartha nuair a dheonaítear cabhair is ea an tráth a fhaigheann faighteoir na cabhrach ceart dlíthiúil chun na cabhrach faoin dlí náisiúnta is infheidhme, sa chaoi go raibh an chabhair deonaithe cheana féin faoin tráth a tháinig ann don cheart sin. Thairis sin, fiú dá suífeadh an Coimisiún go bhfuil CEEAG infheidhme, bheadh an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach in aon chás agus ba cheart measúnú a dhéanamh air faoi roinn 4.12.1, toisc go mbaineann an beart le dúnadh gníomhaíochtaí brabúsacha guail agus nach gnóthais i gcruachás iad RWE ná LEAG de réir bhrí Threoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (64). Le pointe 425 CEEAG, cumhdaítear go hiomlán na brabúis chaillte agus na damáistí breise agus míbhuntáistí eacnamaíoch araon, agus dá réir sin tagann eilimintí an chúitimh sa chás seo faoi raon feidhme CEEAG.

    (124)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh ClientEarth go raibh an chabhair a ndearnadh foráil maidir léi faoin dlí um dhúnadh deonaithe cheana féin le síniú chonradh 2021. Cé go bhfuil clásal sa chonradh a thagraíonn d’fhormheas an Choimisiúin, níl bailíocht dhlíthiúil an chonartha sin faoi réir imréiteach Státchabhrach, go teicniúil, agus dá réir sin deonaíonn sé an ceart do RWE an cúiteamh a fháil, i gcomhréir leis an gcásdlí (65). Ní athraíonn an conradh leasaitheach an ceart sin. Ós rud é nach bhfuil CEEAG infheidhme ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (124) thuas, is é Airteagal 107(3)(c) CFAE an t-aon bhunús dlí le haghaidh comhoiriúnachta a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní cheadaítear leis an bhforáil sin, áfach, ach bearta cabhrach atá spriocdhírithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt, agus ní chomhlíonann an beart an critéar sin toisc go bhfuil sé spriocdhírithe ar ghníomhaíochtaí a dhúnadh. An ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin a dtacaíonn an beart léi, más ann d’aon cheann, is ea an t-aistriú ó tháirgeadh leictreachais ghualbhreoslaithe chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh ach i gcás bearta den sórt sin, tá rialacha sonracha ann maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht tacaíochta poiblí nach gcomhlíontar sa chás seo. Luaigh ClientEarth thairis sin gur féidearthacht eile a bheadh ann úsáid a bhaint as Airteagal 107(3)(e) CFAE, lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht go nglacfadh an Chomhairle rialacha maidir le comhoiriúnacht catagóirí eile cabhrach de réir mar a shonrófaí iad le cinneadh ón gComhairle i ndáil le togra ón gCoimisiún.

    (125)

    Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh ClientEarth nach mbeadh CEEAG infheidhme. An tagairt do bhreithiúnas Freistaat Sachsen (66) chun údar a thabhairt le hinfheidhmeacht CEEAG, is é a thuairim go dtugann sí le tuiscint go ndearnadh míléamh ar an mbreithiúnas sin. De réir mhír 44 den bhreithiúnas sin, ní mór rialacha substainteacha dhlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil feidhm acu maidir le cásanna a bhí ann sular tháinig siad i bhfeidhm ach a mhéid a leanann sé go soiléir óna dtéarmaí, óna gcuspóirí nó óna scéim ghinearálta nach mór an éifeacht sin a thabhairt dóibh. Sa chás seo, chinn údaráis na Gearmáine RWE a chúiteamh as gléasraí cumhachta ligníte a dhúnadh agus iad lánfheasach nárbh ann do threoirlínte an Choimisiúin maidir le comhoiriúnacht an chineáil sin cabhrach. Dá réir sin, an tráth a deonaíodh an cúiteamh do RWE, b’eol don Ghearmáin go ndéanfaí measúnú ar an idirghabháil sin go díreach faoin gConradh. Chomh maith leis sin, trí thagairt a dhéanamh do mhír 46 den bhreithiúnas sin, áitíonn ClientEarth nach mór idirdhealú a dhéanamh idir na coincheapa ‘a chur i bhfeidhm’ agus ‘cabhair a dheonú’. Bhreithnigh an Chúirt i mír 49 den bhreithiúnas sin, i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán Nós Imeachta maidir le Státchabhair, lena bhforáiltear nach mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar fhógra a luaithe a fhaightear é, nach bhforchuirtear ar an gCoimisiún ach oibleagáid i leith dícheall ar leith, agus dá bhrí sin nach riail í maidir leis na critéir i dtaca le measúnú ar chomhoiriúnacht cabhrach faoina dtugtar fógra a chur i bhfeidhm ar bhonn ratione temporis.

    (126)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh Greenpeace nach bhfuil feidhm ag CEEAG maidir leis an mbeart i ngeall ar phointe 466 CEEAG, toisc gur tháinig an dlí um dhúnadh i bhfeidhm an 21 Nollaig 2020 cheana féin, agus dá réir sin nach mór an measúnú a dhéanamh go díreach faoi Airteagal 107(3) CFAE. Is é a thuairim go bhféadfadh an chabhair teacht faoi raon feidhme roinn 4.12.1 CEEAG ach nach bhfuil sí riachtanach, iomchuí ná comhréireach. Ní bheadh feidhm ag roinn 4.12.2 CEEAG toisc go seasann próiseas iomlán an Choimisiúin Guail agus an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an dlí um dhúnadh in aghaidh na hinfheidhmeachta sin.

    4.3.   Comhoiriúnacht cabhrach

    4.3.1.   Gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt

    4.3.1.1.   RWE

    (127)

    D’áitigh RWE go rannchuidíonn an beart ar bhealach tábhachtach le cur chun cinn forbartha gníomhaíochta eacnamaíche de réir bhrí Airteagal 107(3)(c) CFAE.

    (128)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, thagair RWE don chinneadh ón gCoimisiún maidir leis an deireadh atá á chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin (67) agus luaigh sé go bhfuil feidhm ag an argóint chéanna maidir leis an deireadh atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile, agus gur mó is amhlaidh sin i gcás na ligníte, fiú, i ngeall ar an rannchuidiú leis an gcomhshaol a bheith níos mó de bharr deireadh a bheith á chur lena húsáid ar bhonn brostaithe. Ar thaobh amháin, tá na hastaíochtaí sonracha CO2 ó ghiniúint leictreachais lignítbhunaithe níos airde ná na hastaíochtaí sin ó ghiniúint leictreachais antraicítbhunaithe. Ar an taobh eile, tá costais táirgthe leictreachais na giniúna leictreachais lignítbhunaithe níos ísle, agus dá réir sin is é an rud deiridh a thabharfadh ar ghléasraí cumhachta lignítbhunaithe an margadh a fhágáil é gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a bheith á leathadh a thuilleadh gan bearta breise rialtais. Ina theannta sin, fágann an gealltanas a rinne an Ghearmáin go gcealódh sí na lamháltais astaíochtaí CO2 choigilte (féach aithris (19)) nach féidir astaíochtaí a aistriú chuig earnálacha eile ná chuig Ballstáit eile, rud a neartaíonn a thuilleadh éifeachtacht an deiridh atá á chur le húsáid guail de réir a chéile sa Ghearmáin.

    (129)

    Thairis sin, d’áitigh RWE go soláthraíonn an beart intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil, agus go gcuireann sé forbairt na giniúna leictreachais lignítadhainte mar ghníomhaíocht eacnamaíoch chun cinn chomh maith le forbairt earnáil an fhuinnimh ina hiomláine, toisc go bhfuil iontaofacht maidir leis an gcosán díchoimisiúnúcháin don lignít ag teastáil ó gach rannpháirtí sa mhargadh le haghaidh a gcinntí infheistíochta amach anseo. Tá feidhm aige sin maidir leis na cuideachtaí a ghineann leictreachas ón lignít, ar gá dóibh a bpleanáil i dtaobh mianadóireacht dromchla san fhadtéarma a athrú, agus maidir leis na gníomhaithe sin sa mhargadh ar mian leo an bhearna toillte a bheidh mar thoradh air sin a úsáid mar dheis chun infheistíochtaí nua a dhéanamh ós rud é go mbeadh rioscaí infheistíochta neamhriachtanacha orthusan freisin agus go staonfaidís, b’fhéidir, ó infheistíochtaí a dhéanamh dá mbeadh amhras fós ann ar feadh blianta, i ngeall ar dhíospóidí dlíthiúla, faoi in-fhorfheidhmitheacht conaire i dtreo dúnadh arna forordú go dlíthiúil. Bheadh rioscaí ag baint leis an neamhchinnteacht sin freisin do chéimeanna eile den slabhra luacha in earnáil an fhuinnimh, amhail an dochar a dhéanfaí freisin don phleanáil eangaí iontaofa dá mbeadh an cosán díchoimisiúnúcháin neamhchinnte i gcónaí, cuir i gcás.

    (130)

    Ina theannta sin, luaigh RWE gur chuimhnigh an Ghearmáin ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh nuair a dearadh módúlachtaí an chosáin díchoimisiúnúcháin, toisc gur chomhordaigh sí leis na cuideachtaí oibriúcháin i ndáil leis an gcóras soláthair foriomlán agus gur dhaingnigh sí go conarthach é, rud a sholáthraíonn dreasachtaí infheistíochta le haghaidh tuilleadh toillte giniúna. Dá réir sin, cuirtear dlús leis an aistriú fuinnimh agus áirithítear slándáil an tsoláthair fuinnimh de bharr an bhirt.

    (131)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, thagair RWE dá aighneacht tar éis an Chinnidh Tosaigh, ar a dtugtar achoimre in aithris (129) go (131) thuas, agus d’áitigh sé go gcomhlíonann beart RWE pointe 426 CEEAG. Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh RWE go rannchuidíonn beart leasaithe RWE go mór le dícharbónú brostaithe agus le claochlú earnáil an fhuinnimh agus go n-éascaíonn sé forbairt gníomhaíochta eacnamaíche dá réir sin, i gcomhréir le pointe 426 CEEAG.

    4.3.1.2.   LEAG

    (132)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG, de bharr an deiridh atá á chur leis an nginiúint leictreachais lignítbhunaithe de réir a chéile, go n-éascófar an fhorbairt ar thoilleadh breise giniúna leictreachais a bheidh bunaithe ar theicneolaíochtaí eile, go háirithe fuinneamh in-athnuaite. Thairis sin, is é tuairim LEAG go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart ar an gcomhshaol agus go soláthrófar intuarthacht leis maidir le luathdhúnadh gléasraí cumhachta lignítadhainte.

    4.3.1.3.   Gnóthais

    (133)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh GPE nach féidir an chabhair a bhreithniú a bheith ina tacaíocht le gníomhaíocht eacnamaíoch toisc nach bhfuil aon fhorbairt á déanamh ar ghníomhaíocht/limistéar eacnamaíoch ach, ina ionad sin, go bhfuil clabhsúr á chur le gníomhaíocht eacnamaíoch. Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, dúirt GPE nach bhfuil sé soiléir cén ghníomhaíocht eacnamaíoch atá á héascú leis an gcúiteamh. Má thugann an cúiteamh aghaidh ar na costais a bhaineann le gléasra cumhachta gualbhreoslaithe a dhúnadh níos luaithe ná a bhí beartaithe, tá amhras ann maidir lena mhéad is féidir a bhreithniú go n-éascaítear gníomhaíocht eacnamaíoch trí ghníomhaíocht a dhúnadh. Ina theannta sin, thug GPE dá aire, mura bhfuil an cúiteamh nasctha de facto leis na costais a bhaineann le gléasra cumhachta a dhúnadh agus go n-úsáidfear é chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, gur cheart measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na tacaíochta stáit ar bhonn na bhforálacha is infheidhme maidir le táirgeadh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh GPE a thuairim nach féidir an chabhair a bhreithniú a bheith ina tacaíocht le gníomhaíocht eacnamaíoch.

    4.3.1.4.   Comhlachais/ENRanna

    (134)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, leis an gComhairliúchán Poiblí agus leis an gCinneadh maidir le Síneadh, chuir ClientEarth amhras in iúl go gcomhlíonann cabhair um luathdhúnadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha an coinníoll faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE nach mór don chabhair féachaint le gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt, ó tharla gurb é is cuspóir díreach don chabhair um dhúnadh go ndúnfar gníomhaíocht fiú dá bhféadfadh sé go bhforbrófaí gníomhaíochtaí nua mar thoradh indíreach ar an dúnadh sin.

    (135)

    D’áitigh EEB ina bharúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí nár shainaithin rialtas na Gearmáine na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar de thoradh na cabhrach.

    4.3.2.   Éifeacht dreasachta

    4.3.2.1.   RWE

    (136)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh RWE go bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart. In éagmais na hidirghabhála Stáit nó comhaontú conarthach le rialtas na Gearmáine, leanfadh RWE de bheidh ag giniúint leictreachais ó lignít ar bhealach i bhfad níos déine ná a cheadaítear anois, chun tuilleadh corrlach cion tairbhe a ghnóthú agus chun bheith in ann an plean mianadóireachta dromchla bunaidh a choinneáil ar bun. Gan an cúiteamh a leagtar síos sa dlí um dhúnadh agus a chomhaontaítear i gconradh 2021, ní chomhaontódh RWE leis an luathscor dá ghiniúint cumhachta lignítadhainte. Dhéanfadh RWE agóid in aghaidh dúnadh rialála comhfhreagrach i gcúirt.

    (137)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’athdhearbhaigh RWE na hargóintí sin agus mhaígh sé go gcomhlíonann an beart pointe 427 CEEAG. Is é tuairim RWE go bhfuil an cúiteamh i bhfad níos lú ná an damáiste iomlán a rinne an luathdhúnadh dó de dheasca na mbrabús caillte agus na gcostas breise i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach. I gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach gan deireadh a bheith curtha le húsáid ligníte de réir a chéile, ní scaoiltear RWE ó ualach aon ghníomhaíochta a bheadh ar RWE a dhéanamh ar aon nós, ná ní chúitítear é as gnáthriosca gnó RWE. Os a choinne sin, ní sholáthraítear ach cúiteamh páirteach as an damáiste a rinne idirghabháil Stáit.

    (138)

    Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh RWE nach mbeadh aon ghléasra cumhachta lignítadhainte dúnta roimh am aige ó bhí 2020 ann agus nach ndúnfadh sé aon ghléasra eile roimh am mura mbeadh comhaontú conarthach agus socrú dlíthiúil ann i leith luathscor dá ghiniúint cumhachta lignítadhainte in aghaidh cúitimh. Is é tuairim RWE go léiríonn an fhorbairt ar an margadh go bhfuil giniúint leictreachais lignítadhainte brabúsach do RWE. Agus costais athraitheacha ísle ann chomh maith le praghsanna gáis arda san fhadtéarma agus an deireadh atá an Ghearmáin a chur leis an bhfuinneamh núicléach de réir a chéile, is í giniúint leictreachais lignítadhainte an teicneolaíocht is iomaíche. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le hoibriú leanúnach suiteálacha atá ann cheana ó tharla, i bhfianaise na gcostas infheistíochta a tabhaíodh cheana féin as mianaigh dhromchla agus gléasraí cumhachta, nach bhfuil na costais sin ábhartha don chinneadh oibríochtúil.

    4.3.2.2.   LEAG

    (139)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG go soláthraíonn an plean éifeacht dreasachta toisc go spreagann sé dó a iompraíocht eacnamaíoch a athrú sa chaoi go ndúnfaidh sé gléasraí níos luaithe ná a bhí beartaithe ar dtús, ar bhealach níos ordúla agus níos intuartha.

    4.3.2.3.   Gnóthais

    (140)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, mheas GPE go raibh sé beartaithe gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe áirithe a dhúnadh sular tugadh isteach an beart, rud a fhágann go bhfuil suntasacht ar leith le saincheist na héifeachta dreasachta. Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, measann GPE go ndúnfadh RWE na gléasraí níos luaithe ná a bhí beartaithe, roimh 2030 b’fhéidir, mar thoradh ar na dídhreasuithe airgeadais a ghabhann le gléasraí ligníte a oibriú (i.e. an méadú ar phraghsanna ETS iontu féin). Dá réir sin, mheas GPE nach soláthraíonn an cúiteamh éifeacht dreasachta.

    (141)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus leis an gComhairliúchán Poiblí, mheas an dá chuideachta áitiúla nach soláthraíonn an beart dreasacht do RWE a iompraíocht a athrú i riocht agus go gcuirfí feabhas ar chosaint an chomhshaoil. Os a choinne sin, áitíonn na cuideachtaí go mbeidh a mhalairt den éifeacht bheartaithe ag an íocaíocht sa mhéid go leanfaidh gléasraí cumhachta lignítadhainte de bheith ag oibriú de thoradh íoc an chúitimh. Áitíonn na cuideachtaí go mbeadh na gléasraí bainte den eangach i bhfad ó shin murach na híocaíochtaí cúitimh (68).

    4.3.2.4.   Comhlachais/ENRanna

    (142)

    D’áitigh DEBRIV ina aighneacht maidir leis an gComhairliúchán Poiblí go bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart i gcomhréir le pointe 427 CEEAG. Téann saolré na sócmhainní, a úsáideadh freisin le haghaidh shamhail ríomha an bhrabúis a tharscaoiltear, i bhfad níos faide ná an dáta dúnta 2038, arb é an dáta deiridh don dúnadh sa dlí um dhúnadh agus i gconradh 2021. Bhí éifeacht dreasachta ag an mbeart dá réir sin ó thaobh CEEAG de toisc go spreagann sé do na gnóthais lena mbaineann a ngléasraí a dhúnadh níos luaithe ná a bhí beartaithe agus a n-iompraíocht a athrú, rud nach ndéanfaidís ina mhalairt de chás gan an beart.

    (143)

    D’áitigh Greenpeace ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh nach bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart toisc nach dtagann athrú iompraíochta as.

    (144)

    D’áitigh ClientEarth ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh nach bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart agus tharraing sé aird ar aithris (70) den Chinneadh maidir le Síneadh, ar dá réir is mó cheana féin an brabús a tharscaoiltear a bhí ag RWE san am a chuaigh thart agus a bheidh aige go luath amach anseo agus a thugtar údar dá bhrí sin le deonú an chúitimh do RWE. Is é a thuairim, más amhlaidh sin, gurb é an breithniú loighciúil go gcúitítear RWE as costais a tabhaíodh cheana féin i bhfoirm brabúis a tharscaoiltear agus nach bhfuil sé d’éifeacht ag an gcúiteamh dá bhrí sin dúnadh gléasraí cumhachta a chur chun cinn agus gurb é an t-aon rud is cuspóir dó laghdú a dhéanamh ar chostais RWE as gléasraí áirithe a dhúnadh.

    (145)

    Ina bharúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí, bhí sé ina ábhar díospóide ag EEB nach n-athródh na tairbhí a n-iompraíocht gan an cúiteamh, toisc go bhfuil an dá chuideachta i mbun an phróisis cheana féin chun aistriú i dtreo teicneolaíochtaí níos glaine táirgthe leictreachais, agus go léiríonn a gcumarsáid phoiblí é sin. I bhfianaise cásanna margaidh éagsúla, is féidir glacadh leis go ndéanfaí suiteálacha agus mianaigh ligníte a dhúnadh am éigin in aon chás. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a bheith déanta le pleananna gnó na dtairbhithe maidir leis na costais agus brabúis a bhaineann le hoscailt agus saothrú mianaigh agus maidir lena dhúnadh agus a athshlánú freisin.

    4.3.3.   Sárú ar dhlí an Aontais

    4.3.3.1.   RWE

    (146)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh RWE nár áiríodh i ríomh an damáiste iomláin na costais a tharlódh freisin sa chás frithfhíorasach. Dá bhrí sin, an argóint a dhéanann tríú páirtithe go bhféadfadh cúiteamh as costais mhianadóireachta a bheith contrártha don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as (Cinneadh Tosaigh, aithris (83)), tá sí gan bhunús toisc go bhfuil cúiteamh le tabhairt as na costais mhianadóireachta bhreise sin nach dtabhófaí in éagmais idirghabháil Stáit agus astu sin amháin.

    4.3.3.2.   Gnóthais

    (147)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mhaígh EEB go sáraíonn an cúiteamh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as faoi Airteagal 191 CFAE. Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, mhionsaothraigh GPE nach féidir na costais agus na hioncaim a chuirtear san áireamh chun an cúiteamh a chinneadh a shainaithint ar bhonn na faisnéise atá ar fáil sa Ghearmáin ná ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa chinneadh ón gCoimisiún. Ní féidir a chur as an áireamh go gcumhdaítear leis an gcúiteamh na costais sin a bheidh ar RWE a mhaoiniú agus atá i ngeall ar chomhlíonadh an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Tá sé sin contrártha don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus cuireann sé an fhéidearthacht go mbreithneofaí beart tacaíochta den sórt sin a bheith comhoiriúnach le rialacha CFAE i gcontúirt. Mheas GPE freisin go ngníomhaíonn an cúiteamh in aghaidh bhearta an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil trína fhágáil nach mbeidh an tacsanomaíocht chomh héifeachtach céanna.

    4.3.3.3.   Comhlachais/ENRanna

    (148)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh Greenpeace go sáraíonn an beart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as má chumhdaítear na costais mhianadóireachta leis an gcúiteamh freisin.

    (149)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh ClientEarth nach mór do na hoibreoirí mianaigh na costais athshlánaithe mianaigh a íoc i gcomhréir leis an bPrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as bheith á chomhlíonadh ag cúitimh as dúnadh, is saincheist ann féin é nach mór déileáil leis ar leithligh ón gcuid de na cúitimh atá ceaptha na hoibreoirí a shlánú le haghaidh a mbrabús a tharscaoiltear agus a gcaillteanas eile. Aon íocaíocht a dhéanann an Stát as costais atá nasctha le bainistiú truaillithe, scaoileann sí an tairbhí ó chostais ar cheart dó a íoc de ghnáth (69). D’áitigh ClientEarth thairis sin go bhfuil oibreoirí na mianach sainaitheanta agus faoi dhliteanas as costais athshlánaithe na mianach dromchla, ar fud a n-oibríochtaí agus tar éis a ndúnta.

    (150)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mheas EEB go sáraíonn an cúiteamh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ar prionsabal é a leagtar síos in Airteagal 191(2) CFAE agus i ndlí an chomhshaoil a dhíorthaítear as. Ní chuirtear an t-ardú ar phraghsanna astaíochtaí carbóin san áireamh sa chúiteamh, a leanfaidh de bheith ag dul in airde i ngeall ar spriocanna nua an Aontais le haghaidh 2030 (faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’) agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras. Faoi 2039, beidh na costais lamháltas carbóin thart ar EUR 19,5 billiún do RWE agus EUR 39 mbilliún do LEAG, agus dá réir sin níorbh fhéidir aon bhrabús a dhéanamh. Dá réir sin, níl aon bhunús fónta leis an cúiteamh agus tagann sé salach ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Mheas EEB freisin go ndéantar an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a shárú toisc go dtugtar cúiteamh do thruaillitheoirí gan soiléireacht maidir leis na ríomhanna, agus nach mbreithnítear seachtrachtaí diúltacha a ngníomhaíochtaí. Níl na costais as an damáiste a dhéanann an truailliú aeir á n-inmheánú, rud a rialáiltear leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (‘IED’) (70). Maidir le comhlíontacht leis na teicnící AE is fearr atá ar fáil (‘TIFAF’) i gcás mórghléasraí dócháin (‘LCPanna’), tá na leibhéil aerthruaillithe mearcair a fhorordaítear le TIFAF á sárú faoi láthair agus dá gceanglófaí ar na gléasraí ligníte is mó na leibhéil feidhmíochta níos déine a ghnóthaítear trí úsáid a bhaint as TIFAF a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an t-ualach damáiste don tsláinte a bhaineann le hoibriú leanúnach ligníte a bheith laghdaithe faoi na billiúin in aghaidh na bliana i dtéarmaí costas sláinte agus costas eile a bhaineann le truailliú aeir. Ina theannta sin, líomhain EEB nár chomhlíon údaráis na Gearmáine rialacha cur chun feidhme 2018/1135 ón gCoimisiún maidir le tuairisciú IED; sonraí le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2017 agus 2018. Ar deireadh, ní dhearnadh táillí uisce ná costais as damáiste uisce a inmheánú, agus tá ualach gnó ligníte RWE agus LEAG á iompar ag cáiníocóirí trí chostais sláinte. Níl na costais uisce socraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir Réime maidir le hUisce (71) ag na stáit atá i gceist sa Ghearmáin, ná ní dhéantar an costas comhshaoil a inmheánú in aon cheann de stáit na Gearmáine.

    (151)

    Luaigh an Chomhghuaillíocht um Shláinte agus um Chomhshaol (‘HEAL’) ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh nach ndearna rialtas na Gearmáine gach beart chun a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí ligníte laghdú ar thruailliú a mhéid is féidir go dtí go mbeidh deireadh curtha lena húsáid. Luaigh sé go dtreisítear é sin le pointe C de rialú Hinkley (72), agus nach mór cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais i dtaca le haeráidneodracht, truailliú agus aistriú cóir a bhreithniú.

    4.3.4.   Riachtanas

    4.3.4.1.   RWE

    (152)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mhaígh RWE go bhfuil gá leis an idirghabháil Stáit, tríd an dlí um dhúnadh agus conradh 2021, chun go mbeifear in ann deireadh luath a chur le húsáid ligníte de réir a chéile agus chun go ndéanfaidh earnáil na ligníte rannchuidiú breise substaintiúil le laghdú astaíochtaí CO2 óir, gan an idirghabháil sin, leanfadh RWE de bheith ag dó ligníte go dtí lár an chéid toisc gur ceadaíodh dó déanamh amhlaidh.

    (153)

    Ina theannta sin, thagair RWE don deireadh atá á chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin agus mhaígh sé, i ndáil leis an measúnú ón gCoimisiún sa chinneadh sin (73), i.e. nach dócha go bhfágfadh an méid sin den toilleadh giniúna gualbhreoslaithe an margadh gan idirghabháil Stáit, go bhfuil feidhm aige freisin maidir leis an deireadh atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile. Is amhlaidh sin toisc go bhfuil giniúint leictreachais lignítbhunaithe níos iomaíche ná giniúint leictreachais antraicítbhunaithe agus gurb iad na gléasraí cumhachta lignítadhainte, dá réir sin, na gléasraí deiridh a d’fhágfadh an margadh. Rinne na hoibreoirí infheistíochtaí suntasacha (mianaigh dhromchla agus gléasraí cumhachta), a thabhaítear mar chostais sheasta ar aon nós, gan beann ar úsáid gléasra cumhachta. I gcás gléasraí cumhachta atá ann cheana, áirithíonn an meascán de chostais sheasta arda agus costais athraitheacha ísle go mbeidh giniúint leictreachais ó ghléasraí atá ann cheana fós tíosach fiú i gcás nach mbeidh infheistíochtaí nua fiúntach a thuilleadh.

    (154)

    Mhaígh RWE freisin nach bhfágfadh gléasraí cumhachta lignítadhainte an margadh gan an idirghabháil Stáit, i bhfianaise an tionchair ar na mianaigh freisin. Má laghdaítear go mór na cainníochtaí guail a thiontaítear go leictreachas, ní mór an phleanáil mianaigh a athrú, agus tá coigeartú den sórt sin ar an bpleanáil mianaigh ina chúis le costais bhreise ollmhóra. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith ní ba thíosaí glacadh le corrlaigh cion tairbhe neamh-leordhóthanacha, nuair a bhreithnítear ann féin é, ná giniúint leictreachais a laghdú.

    (155)

    Is é tuairim RWE go bhfuil gá leis an mbeart freisin mar idirghabháil chúitithe sa mhargadh, toisc go mbeadh imeacht gan chúiteamh míbhunreachtúil. Gan conradh 2021, ní bheadh sé indéanta go dlíthiúil an deireadh atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile a chur chun feidhme agus na héifeachtaí ar réigiúin ghuail, ar fhostaithe agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, chomh maith lena thionchar ar rath an aistrithe fuinnimh, á gcur san áireamh.

    (156)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí agus leis an gCinneadh maidir le Síneadh, luaigh RWE arís gurb é a thuairim go bhfuil gá leis an mbeart agus d’áitigh sé go gcomhlíonann sé pointe 428 CEEAG.

    4.3.4.2.   LEAG

    (157)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG nach mbainfeadh earnáil an leictreachais coigilteas inchomparáide amach aisti féin gan an beart, agus go bhfuil gá leis an mbeart mar sin chun na cuspóirí ábhartha a ghnóthú. I ngeall ar an deireadh atá á chur leis an bhfuinneamh núicléach de réir a chéile sa Ghearmáin agus ar scor méadaitheach soláthairtí fuinnimh ón Rúis, beidh giniúint leictreachais lignítbhunaithe fós iomaíoch má bhíonn méadú géar ar ghiniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus dá réir sin ní bheadh aon dreasacht ag oibreoirí gléasraí cumhachta lignítadhainte iad a dhúnadh roimh 2038. Mar a luaitear sa Chinneadh Tosaigh (aithris (4)), d’astaigh gléasraí cumhachta lignítadhainte 130,74 milliún tona CO2 in 2018. Comhfhreagraíonn sé sin do thart ar 40 % d’astaíochtaí CO2 ó earnáil an fhuinnimh an bhliain sin. Cruthaíonn an dlí um dhúnadh agus conradh 2021 deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht go mbainfear na laghduithe sin ar astaíochtaí CO2 amach sa Ghearmáin.

    4.3.4.3.   Gnóthais

    (158)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh GPE gur shainigh údaráis na Gearmáine na gléasraí atá incháilithe do chúiteamh gan aois iarbhír an ghléasra, a leibhéal amúchta ná an dáta a bhfuil coinne lena dhúnadh a chur san áireamh. Níl gá leis an mbeart, mar dhúnfaí gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe in aon chás mar thoradh ar mhargadh a fheidhmíonn mar is gnách, i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (i) tá an togra le haghaidh deireadh a chur le gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile san fhearann poiblí le fada agus ba cheart beartas den sórt sin a bheith curtha san áireamh ag gnóthais nuair a shainigh siad a bpleananna gnó/infheistíochta; agus (ii) bhí roinnt de na haonaid ag dul in aois agus bhí a ndúnadh pleanáilte cheana. Ina bharúlacha i ndáil leis an gCinneadh maidir le Síneadh, luaigh GPE freisin go bhfágfadh éifeachtaí beartas aeráide, an chaidhp phraghais ar ioncaim is infheidhme maidir le gach táirgeoir leictreachais, an praghas méadaitheach ar cheadúnais CTA agus iad a bheith gann go luath amach anseo, agus an fhorbairt ghasta éifeachtúil atá á déanamh ar fhoinsí fuinnimh níos glaine go mbrúfaí na gléasraí cumhachta lignítadhainte amach as an margadh sa ghearrthéarma agus, dá réir sin, nach mbeadh aon ghá le hidirghabháil Stáit.

    (159)

    Mheas na hocht gcuideachta áitiúla ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go dtarlódh luathdhúnadh gléasraí ligníte mar thoradh ar shásraí margaidh (i.e. costais mhéadaitheacha ceadanna astaíochta carbóin) (74).

    (160)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh an dá chuideachta áitiúla nach bhfuil gá leis an mbeart agus thug siad samplaí den chaoi ar chuir Ballstáit eile deireadh le húsáid guail de réir a chéile gan chúiteamh (75).

    4.3.4.4.   Comhlachais/ENRanna

    (161)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh DEBRIV go bhfuil gá leis an mbeart agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann sé an ceanglas faoi CEEAG, óir ní ghinfeadh an margadh leictreachais as féin laghduithe inchomparáide ar astaíochtaí gan an beart. I ngeall ar an deireadh atá á chur leis an bhfuinneamh núicléach de réir a chéile sa Ghearmáin agus ar sholáthairtí fuinnimh ón Rúis a bheith imithe i léig, beidh giniúint leictreachais lignítadhainte fós iomaíoch má bhíonn méadú géar ar tháirgeadh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus dá réir sin níl aon dreasacht ag oibreoirí gléasraí cumhachta iad a dhúnadh roimh 2038. Dá bhrí sin, tá an beart spriocdhírithe ar chás inar féidir feabhsuithe substaintiúla a fhíorú nárbh fhéidir leis an margadh a chur ar fáil ina aonar.

    (162)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh Greenpeace nach bhfuil gá leis an mbeart, i bhfianaise na nithe seo a leanas: (i) gur leormhaith gan aon chúiteamh a bheith ann, nó cúiteamh teoranta amháin, chun go mbeadh an dlí um dhúnadh i gcomhréir le cearta bunúsacha; agus (ii) ní féidir aon fheabhsú substaintiúil a fhíorú leis an gcabhair nach féidir leis an margadh féin a fhíorú. Cé go gcuirfear deireadh leis an ngual chun críoch fuinnimh ar bhealach intuartha agus soiléir leis an dlí um dhúnadh, níl aon ról ag an gcabhair sa phróiseas sin i ndáiríre.

    (163)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh CliantEarth nach bhfuil aon ghá leis an mbeart. Dhúnfaí na gléasraí ligníte agus na mianaigh bhainteacha iad féin agus níos luaithe ná 2038 faoi dhálaí an mhargaidh (go háirithe mar gheall ar an ardú atá ag teacht ar chostas comhlíontachta comhshaoil agus ar phraghsanna CTA) agus dá bhrí sin, ní dhéanfaí leis an mbeart ach moill a chur ar an deireadh iomlán atá á chur leis an lignít de réir a chéile sa Ghearmáin. Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, chuir CliantEarth leo á rá gur gearr go mbeadh na gléasraí ligníte brúite amach as an margadh de thoradh éifeachtaí na mbeartas aeráide agus na n-athruithe sa mhargadh leictreachais. Thagair CliantEarth freisin do Chinneadh SA.54537 Prohibition of coal for the production of electricity in the Netherlands [Toirmeasc ar ghual chun leictreachas a tháirgeadh san Ísiltír], cás inar dheonaigh údaráis na hÍsiltíre cúiteamh don aon ghléasra amháin – Hemweg – nár thairbhigh d’idirthréimhse mar a thairbhigh na gléasraí a chumhdaítear leis an dlí um dhúnadh. (76).

    (164)

    Thug an Biúró Eorpach Comhshaoil (EEB) dá aire, ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, gurb amhlaidh go stairiúil, gur scoir gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe dá n-oibríochtaí tar éis saolré mheánach 46 bliana ar leibhéal domhanda, agus ríomh EEB go ndéantar foráil leis an gcúiteamh maidir le dáta dúnta a bheidh níos luaithe ná an dáta lena bhfuil coinne i gcás 3 ghléasra as 15 aonad de chuid RWE agus i gcás 7 ngléasra i gcás 11 aonad de chuid LEAG. Dá bhrí sin, níor cheart na haonaid atá fágtha a bheith i dteideal aon chúitimh toisc gur cheart iad a bheith dúnta cheana féin nó gur cheart dóibh dúnadh go luath chun caillteanais a theorannú, ar caillteanais iad atá ann de thoradh méadú a bheith ag teacht ar a dhonacht atá tosca eacnamaíochta an ghuail. Ina theannta sin, agus mar a phléitear in aithris (151), d’áitigh EEB freisin nach bhfuil an t-ardú atá ag teacht ar phraghas na n-astaíochtaí carbóin curtha san áireamh leis an gcúiteamh.

    (165)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, mheas CAN go bhféadfadh dinimic an mhargaidh a bheith leordhóthanach chun na gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a dhúnadh go críochnaitheach. Thagair CAN do na harduithe atá ag teacht ar phraghsanna Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CAT AE) agus luaigh gur tionchar díreach a bhaineann leis na praghsanna atá ann faoi láthair faoi CAT AE go laghdaítear brabúsacht na ngléasraí cumhachta lignítadhainte nua-aimseartha sa Ghearmáin faoina leath tar éis 2024 (77), rud a fhágann go bhfuil airgead tirim á chailleadh ag beagnach leath fhlít ligníte na tíre bunaithe ar na hionchais atá ann faoi láthair.

    4.3.5.   Oiriúnacht

    4.3.5.1.   RWE

    (166)

    D’áitigh RWE ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go bhfuil an beart iomchuí agus mheáigh an Coimisiún Guail agus, dá éis sin, rialtas na Gearmáine an cinneadh go cúramach i bhfabhar ionstraim arbh é a bheadh i gceist léi cosán a dhaingneofaí trí chaibidlíocht, go dlíthiúil agus ar bhonn conarthach, le himeacht ón nginiúint leictreachais lignítbhunaithe, in aghaidh bearta eile. Sa chinneadh maidir le deireadh a chur leis antraicít de réir a chéile (78), thug Coimisiún dá aire na buntáistí a bheadh i gceist le deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile ar bhealach a dhaingneofaí ar bhonn conarthach agus cúitithe, in aghaidh ionstraimí eile, amhail CAT AE, íosphraghas CO2 nó idirghabhálacha nach mbeadh i gceist leo ach rialáil. An príomh-bhuntáiste a bhaineann le réiteach conarthach, sin é an fhéidearthacht chun an cosán, lena gcuirfí deireadh leis na gléasraí de réir a chéile, a stiúradh ar bhealach spriocdhírithe, agus slándáil an tsoláthair fuinnimh agus na poist dá ndéanfaí difear á gcur san áireamh, agus chun an próiseas sin a dhaingniú ó thaobh an dlí de. Bhí gá le réiteach lena sonrófaí cosán díchoimisiúnúcháin aonarach a bheadh comhleanúnach ar an iomlán, a d’fhéadfaí a chur chun feidhme sna córais ghiniúna lena mbaineann ó thaobh nithe teicniúla agus dlíthe rialála de agus a bheadh bainteach leis na costais ab ísle arbh fhéidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla, eacnamaíocha agus sóisialta de.

    (167)

    Ina bharúlacha don Chomhairliúchán Poiblí agus i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh RWE go bhfuil an beart iomchuí mar an cur chuige a roghnaíodh chun cosán díchoimisiúnúcháin iomlánaíoch a shainiú ó thús go deireadh i gcomhairle leis na cuideachtaí oibriúcháin agus é a bhunú ar bhealach a bheadh slán ó thaobh an dlí de, chun go gcoiscfear neamhleanúnachais ó thaobh na gcóras de agus ró-ualach a chur ar na réigiúin ghuail dá ndéantar difear, rud atá i gcomhréir le pointe 429 CEEAG go hiomlán.

    4.3.5.2.   LEAG

    (168)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG go bhfuil an beart iomchuí. Le linn obair an Choimisiúin Guail, bhí anailís déanta ag an nGearmáin ar na cásanna agus ar na roghanna malartacha éagsúla chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus roghnaigh sí an réiteach sin i bhfianaise an éiginnteacht dhlíthiúil a chruthófaí d’oibreoirí gléasraí de thoradh éilimh ionchasacha ar dhamáistí.

    4.3.5.3.   Gnóthais

    (169)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh Tosaigh, an Comhairliúchán Poiblí agus an Cinneadh maidir le Síneadh, mhaígh GPE nach ndearna Coimisiún anailís leormhaith ar oiriúnacht an bhirt agus d’áitigh nach féidir beart a bheith iomchuí má sholáthraítear cúiteamh leis as brabús a tharscaoiltear gan idirdhealú a dhéanamh idir na suiteálacha difriúla. Thagair GPE freisin do chás de chuid na Polainne maidir le Státchabhair a bhain le tacaíocht chun mianaigh ghuail a dhúnadh, inar chinn Coimisiún go raibh an chabhair ar mhaithe le costais chomhshaoil agus shóisialta eisceachtúla comhoiriúnach (79), agus thug dá aire nach léir cé acu an gcomhfhreagraíonn na costais a chuirtear san áireamh i dtaca le beart RWE do chostais chomhshaoil agus shóisialta eisceachtúla, mar ab amhlaidh sa chás maidir leis an bPolainn, nó an gcomhfhreagraíonn siad do chineálacha costas eile.

    (170)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh na hocht gcuideachta áitiúla nach iomchuí gurb íocaíochtaí comhréidhe a bheidh i gceist nach mbeidh dinimiciúlaithe ar bhealach ar bith, agus go mbeadh samhail praghsála dinimiciúla ní b’iomchuí chun a áirithiú go gcuirfí deireadh le gual de réir a chéile agus an cúiteamh á theorannú don leibhéal is gá an tráth céanna.

    (171)

    Ina mbarúlacha don Chomhairliúchán Poiblí, d’áitigh an dá chuideachta áitiúla go bhfuil roghanna malartacha níos oiriúnaí ann atá chomh héifeachtach céanna chun cuspóir na cosanta aeráide a bhaint amach, agus gur cheart a scrúdú ar dtús cé acu an bhféadfaí beartais agus bearta eile a úsáid, amhail tobhaigh CO2 nó sásraí praghais amhail CTA. Thug na cuideachtaí samplaí freisin faoin mbealach a chuir Ballstáit eile deireadh leis an ngual de réir a chéile gan chúiteamh (80).

    4.3.5.4.   Comhlachais/ENRanna

    (172)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh DEBRIV go bhfuil an beart iomchuí i gcomhréir le pointe 429 CEEAG. Thug DEBRIV le fios gur scrúdaíodh roghanna malartacha sa Ghearmáin chun na laghdaithe pleanáilte ar CO2 a bhaint amach (féach aithris (25)) agus gurb é an beart is iomchuí é chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach (i.e. laghdú iontaofa ar astaíochtaí CO2 a bheadh sábháilte ó thaobh an dlí de).

    (173)

    D’áitigh CliantEarth ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, maidir leis an gComhairliúchán Poiblí agus i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, nach bhfuil an beart iomchuí. Cé go bhféadfadh cásanna a bheith ann ina gcinneann an Coimisiún gur foirm cabhrach iomchuí é cúiteamh a chaibidliú trí chonradh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus nósanna imeachta breithiúnacha costasacha a sheachaint (81), ní hamhlaidh atá sa chás seo mar gheall ar na nithe seo a leanas: (i) tharlódh an dúnadh in aon chás, gan chúiteamh freisin, ós rud é go ndúnfaí formhór na n-aonad de thoradh fhórsaí an mhargaidh amháin; (ii) ní cheanglaítear an cúiteamh sin i ndlí na Gearmáine as cearta maoine an oibreora a athshainiú sa chás seo, mar sin d’fhéadfaí dlíthiúlacht na hoibleagáide chun dúnadh a áirithiú gan cúiteamh airgeadais (féach maidir le státchabhair a bheith ann nó as, aithris (107)); (iii) bheadh tairiscintí dea-dheartha ina bhfoirm cabhrach ní b’iomchuí ná cúitimh chnapshuime; (iv) mura mbeadh tairiscintí ina bhfoirm cabhrach iomchuí sa chás seo, bheadh cúiteamh a bheadh bunaithe ar pharaiméadair coigeartúcháin ní b’iomchuí (baineann sé sin le comhréireacht na cabhrach freisin). Thagair CliantEarth freisin don chás de chuid na Polainne maidir le Státchabhair a bhain le tacaíocht chun mianaigh ghuail a dhúnadh, inar chinn Coimisiún go raibh an chabhair ar mhaithe le costais chomhshaoil agus shóisialta eisceachtúla comhoiriúnach (82), agus thug dá aire nach réasúnú per se é mianaigh ligníte a bheith dlúthnasctha leis na gléasraí cumhachta chun iad a áireamh i ríomh an chúitimh, agus nach léir cé acu an gcomhfhreagraíonn na costais a chuirtear san áireamh i dtaca le beart RWE do chostais chomhshaoil agus shóisialta eisceachtúla, mar ab amhlaidh sa chás de chuid na Polainne, nó an gcomhfhreagraíonn siad do chineálacha costas eile.

    (174)

    Chuir EEB dhá rogha mhalartacha isteach ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, ar roghanna iad a bhféadfadh rialtas na Gearmáine tabhairt fúthu. Ar an gcéad dul síos, níor bhreithnigh rialtas na Gearmáine bonnphraghas carbóin i ndáiríre mar chur chuige a bheadh ní ba chostéifeachtaí chun an toradh céanna a bhaint amach agus an Prionsabal gurb é Údar an Truaillithe a Íocfaidh as á chur chun feidhme, gan dul i muinín Státchabhrach. Ar an dara dul síos, ba cheart coinníollacha a chur i gceangal leis an gcúiteamh, is é sin, go gcuirfí caighdeáin an Aontais chun feidhme go hiomlán, amhail TIFAF i gcás Mórghléasraí Dócháin Móra, agus go n-áireofaí feidhmíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Maidir leis sin, déanann EEB comparáid le cur chuige na hÍsiltíre sa chás cúitimh thuasluaite maidir le gual san Ísiltír (83), inar leagadh síos leibhéil éifeachtúlachta leictreachais cheangailteacha leis an dlí um dhúnadh. Measann EEB i gcás na Gearmáine, go mbeadh sé indéanta réamhchoinníollacha a chur i gceangal le haon chúiteamh, go mbeadh comhréireacht le leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh bhainteacha TIFAF i gceist, agus gur beart ní ba stuama a bheadh ann ó thaobh GCT a laghdú de dá n-úsáidfí cur chuige feidhmíochtbhunaithe agus dá ndúnfaí tuilleadh aonaid atá dian ó thaobh na n-astaíochtaí de ar dtús.

    4.3.6.   Comhréireacht

    4.3.6.1.   RWE

    (175)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh RWE nach mbeidh róchúiteamh ann de thoradh an bhirt agus go bhfuil sé comhréireach dá bhrí sin. Ar an gcéad dul síos, ní mó an cúiteamh ná na damáistí iomlána toisc gur mó caillteanais uile RWE (ríomh RWE gur EUR 8,7 billiún méid na ndamáistí iomlána i ngeall ar an dúnadh luath) ná an méid cúitimh do RWE. D’áitigh RWE thairis sin nach bhfuil nós imeachta tairisceana iomaíoch oiriúnach ar chor ar bith i gcás na ligníte, toisc nach gcruthófaí aon éifeachtúlacht iomaíoch leis i bhfianaise a laghad rannpháirtithe atá sa mhargadh agus a laghad córas giniúna atá i mbun feidhme sa Ghearmáin, ar gléasraí cumhachta agus mianaigh dhromchla atá i gceist leo.

    (176)

    Ina bharúlacha don Chomhairliúchán Poiblí, d’áitigh RWE go bhfuil an beart fós comhréireach faoi CEEAG freisin ar na cúiseanna seo a leanas:

    a)

    I gcomhréir le pointe 430 CEEAG, níorbh iomchuí nós imeachta tairisceana, i bhfianaise nach bhfuil ach beirt oibreoirí ann agus líon beag na gcóras giniúna agus an riosca go mbeadh cásanna cliste córais ann.

    b)

    I gcomhréir le pointe 432 CEEAG, is é is aidhm don mhéid sin brabúis chaillte a chúiteamh mar aon le costais bhreise a thabhaigh RWE i ngeall ar an dúnadh luath. In 2019, ríomh RWE gur EUR 8,7 billiún an damáiste iomlán dó arbh é an dúnadh luath ba chúis leis: EUR 5,5 billiún de bhrabúis chaillte agus EUR 3,2 billiún de chostais bhreise.

    c)

    Níl gá le sásra uasdátaithe, de réir phointe 433 CEEAG, ná níl sé comhréireach chun róchúiteamh a chosc, toisc go gcoisctear róchúiteamh cheana féin i bhfianaise gur lú i bhfad an méid cúitimh ná na míbhuntáistí eacnamaíocha iarbhír a thabhaíonn RWE. Níl sásra uasdátaithe iomchuí ach oiread i gcás na samhla atá roghnaithe ag an nGearmáin, arb é sin, deireadh iomlán a chur leis an lignít de réir a chéile, ar bhealach a dhéantar a phleanáil agus a aontaítear go dlíthiúil agus de réir conartha san fhadtéarma, toisc gurbh amhlaidh leis an sásra go gcuirfí deireadh leis an deimhneacht dhlíthiúil a iarrtar leis an tsamhail sin. Thairis sin, ní féidir sásra den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir leis na costais bhreise, toisc nach n-eascraíonn na costais sin as dúnadh gléasraí cumhachta aonaracha, ach ar bhonn leanúnach de thoradh athphleanáil na mianach, agus dá réir sin, ní pointe ama iomchuí iad na tréimhsí díchoimisiúnúcháin aonaracha chun na ‘toimhdí is déanaí’ a chur ar fáil de réir bhrí phointe 433 CEEAG. Thug RWE le fios freisin dá dtabharfaí sásra den sórt sin isteach ex post, go gcuirfí deireadh le bonn gnó an phróisis chomhthoiliúil chun deireadh a chur leis an lignít de réir a chéile, nuair atá na chéad aonaid de chuid RWE múchta cheana féin aige agus tús curtha aige cheana féin le hathphleanáil na ngníomhaíochtaí mianadóireachta. Thairis sin, caibidlíodh agus aontaíodh an dlí um dhúnadh agus conradh 2021 i bhfad roimh chur i bhfeidhm CEEAG agus a cheanglais ghaolmhair maidir le sásra uasdátaithe, agus dá réir sin, dá dtabharfaí isteach anois é, shárófaí ionchais dhlisteanacha RWE. Ar deireadh, ní bhaineann sásra den sórt sin le beart cúitimh arna rialú faoin dlí poiblí; dá mbeadh cúiteamh faighte ag RWE trí imeachtaí cúirte náisiúnta, ní fhágfadh an chúirt náisiúnta go mbeadh an méid cúitimh de réir idirghabháil ón Stát a bheith forbartha dá éis.

    (177)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh RWE gurbh amhlaidh (i) go mbeadh nós imeachta tairisceana míchuí, mar a mhínítear thuas; (ii) go léiríonn ríomh na Gearmáine ar chuid den damáiste iomlán agus ar na brabúis fhabhraithe sa tréimhse go dtí 2026 amháin, gur lú i bhfad é an cúiteamh a íoctar le RWE ná an damáiste iomlán a tabhaíodh; (iii) go ndéanann RWE rannchuidiú suntasach breise leis an dícharbónú tríd an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile a thabhairt chun cinn go dtí 2030; agus (iv) nach bhfuil gá le sásra uasdátaithe toisc go bhfuil bonn cirt tugtha leis na híocaíochtaí cúitimh cheana féin mar gheall ar na míbhuntáistí eacnamaíocha a tharlaíonn laistigh den tréimhse 3 bliana réamhluaite. Ní bheadh gá leis fiú dá ndéanfaí measúnú ar na brabúis a cailleadh in 2025 agus 2026 agus iad a chur san áireamh freisin i gcás na n-aonad a múchadh in 2021 agus 2022, i bhfianaise nach dtagraítear le CEEAG ach don tréimhse ama idir deonú na cabhrach agus tráth an dúnta, agus di sin amháin, ach nach dtagraítear don tréimhse idir deonú na cabhrach agus tarlú an damáiste a dtugtar cúiteamh as, agus i bhfianaise chomh maith leis sin go bhfuil ríomhanna na Gearmáine chomh fada le 2026 bunaithe ar shonraí iarbhír an mhargaidh, ar sonraí iontaofa iad dá bhrí sin, mar sin níl aon ghá ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an méid cúitimh ina leith sin ach oiread.

    (178)

    Go sonrach ó thaobh amhrais an Choimisiúin a tarraingíodh anuas sa Chinneadh Tosaigh, d’áitigh RWE ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, gurb amhlaidh:

    a)

    Ó thaobh ríomh athbhreithnithe an bhrabúis a tharscaoileann RWE, ar ríomh é a bhaineann le tréimhse níos giorra agus atá níos coimeádaí, gur chuir sé sin deireadh leis na hamhrais sa Chinneadh Tosaigh faoi neamhchinnteachtaí a bhaineann le réamh-mheastacháin níos fadtéarmaí agus faoi fhad oibriúchán na suiteálacha ligníte. B’éasca do na haonaid uile a measadh sa ríomh athbhreithnithe leanúint den oibriú ar feadh 3 bliana eile (agus níos faide). Chomh maith leis sin, tá deireadh curtha leis an amhras a bhí ar an gCoimisiún faoi shaolré Niederaußem D (féach aithris (127) den Chinneadh Tosaigh), toisc nár cuireadh an gléasra sin san áireamh i ríomh athbhreithnithe an bhrabúis a tharscaoileann RWE.

    b)

    Níl aon éiginnteacht ann faoi phraghsanna leictreachais ná praghsanna CO2, toisc mar ab amhlaidh sa ríomh athbhreithnithe, go raibh an Ghearmáin in ann sonraí margaidh iarbhír a úsáid, lena soláthraítear faisnéis iontaofa faoin bpraghas agus faoi chostais CO2 ag a bhféadfadh oibreoir gléasra a acmhainneachtaí a mhargú an tráth ábhartha. Ag tagairt d’aithris (115) den Chinneadh maidir le Síneadh dó, aontaíonn RWE go raibh an ceart ag an gCoimisiún a thabhairt le fios gur sa réaltacht a tharlaíonn díol na n-acmhainneachtaí cumhachta ar an réamh-mhargadh, agus go bhfaightear ríomhanna láidre nuair a théitear i muinín na sonraí margaidh iarbhír sin.

    c)

    Is iomarcach iad anailísí íogaireachta toisc nár díorthaíodh na praghsanna leictreachais ná na costais CO2 de shamhaltú margaidh bunaithe ar thoimhdí a d’fhéadfadh a bheith neamhchinnte.

    d)

    I gcás ina n-úsáidtear sonraí margaidh iarbhír, bíonn tionchar mór ag dhá thoisc ar thoradh na ríomhanna: an pointe ama agus an tréimhse atá á meas. Tá an dá thoisc roghnaithe ag an nGearmáin ar bhealach go ndéantar gannmheastachán suntasach ar na brabúis chaillte a ríomhtar, agus dá réir sin, is coimeádach é cur chuige na Gearmáine. Tá sé an-sriantach an tréimhse a theorannú do 3 bliana oibríochta, agus níos ísle ná mar is amhlaidh i gcás Sicherheitsbereitschaft (84), cás inar fhormheas Coimisiún go gcúiteofaí na brabúis a cailleadh le linn 4 bliana d’oibríocht ghléasra. Fiú dá ndéanfaí ríomh coimeádach ar dhamáiste íosta, rud nár cheart a bhunú ach ar shonraí margaidh iarbhír amháin maidir le sonraí an mhargaidh leictreachais, bheadh sé ní b’iomchuí toimhdiú ó thaobh na n-aonad a múchadh in 2021 agus 2022, go leanfaidís de bheith ag oibriú sna blianta 2025 agus 2026 ar a laghad.

    e)

    Ó thaobh roghnú na tréimhse 2 sheachtain ón 21 Deireadh Fómhair go 4 Samhain 2022 de, ba cheart a thabhairt faoi deara ar an gcéad dul síos gur tréimhse san am atá caite í sin nár tharla ach le déanaí, a bheag nó a mhór, rud nach bhféadfadh a bheith ní ba chothroime le dáta i gcás an ríomha a rinne comhairliúchán fuinnimh r2b an 16 Nollaig 2022. Is cosúil freisin gur sochreidte meánluachanna i gcaitheamh tréimhse 2 sheachtain a úsáid chun an aidhm, go mbeadh an oiread cáilíochta ag baint leis na sonraí agus ab fhéidir, a chothromú leis an iarracht luach bríoch a úsáid nach ndéanann méaduithe tobanna nó laghduithe gearrthéarmacha randamacha difear dó.

    f)

    An cúiteamh as dúnadh luath faoin mbeart agus an sásra um dhúnadh iarchurtha, ceapadh iad ón tús mar dhá ionstraim dhifriúla, rud a d’fhág go rabhthas in ann míbhuntáistí eacnamaíocha difriúla a chúiteamh, gan na cúitimh sin a bheith ag forluí ar a chéile. An brabús a tharscaoiltear a shainaithin an Ghearmáin i gcás na mblianta 2021 go 2026, ní bhaineann siad le haon srian ar oibriú Niederaußem G ná H sna blianta tar éis 2029.

    g)

    Fiú i gcás sceideal leasaithe an dúnta, beidh costais bhreise ann don phróiseas luath chun deireadh a chur leo de réir a chéile, amhail caiteachas suntasach don phleanáil mhodhnaithe mianaigh, mar aon le hathstruchtúrú foirne suntasach. Mar sin féin, thug RWE dá aire nach gá dar leis an gCoimisiún tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar na costais bhreise ag an gcéim seo chun comhoiriúnacht bheart leasaithe RWE a shuíomh, toisc go bhfuil an damáiste páirteach a shainaithin an Ghearmáin i bhfoirm na mbrabús a gineadh sna blianta 2021 go 2026 leordhóthanach chun a áirithiú nach mbeidh aon róchúiteamh ann.

    h)

    Ní hamháin go bhfuil an ríomh athbhreithnithe coimeádach ar na cúiseanna a achoimríodh thuas san aithris seo, ach níl ach ríomh páirteach an damáiste i gceist leis freisin, toisc nár measadh roinnt costas eile, i.e. an brabús a tharscaoiltear i dtaca leis na haonaid a dhúnfar ó 2026 ar aghaidh, na hioncaim ó sheachadtaí teasa agus an margadh cothromúcháin, chomh maith leis na costais bhreise nach beag de chuid RWE.

    4.3.6.2.   LEAG

    (179)

    D’áitigh LEAG go gcuirtear analaí leormhaith ar fáil le cleachtas an Choimisiúin maidir le cinntí a dhéanamh, i dtéarmaí na comhréireachta agus na hoiriúnachta araon, mar atá, na gléasraí cumhachta lignítadhainte a dhúnadh sa Ghearmáin in 2016 (85), gléasra cumhachta núicléiche Fessenheim a dhúnadh go luath (86) agus an deireadh atá á chur le cumhacht núicléach sa Ghearmáin. Cé gurb ábhar é an beart atá difriúil ar leibhéal bunúsach, is féidir tásca áirithe i dtaca le comhréireacht an mhéid cúitimh atá i gceist anseo a bhaint as an gcinneadh ón gCoimisiún in 2016 mar sin féin, cás inar thoimhdigh an Ghearmáin go mbeadh thart ar EUR 1,6 billiún i gceist le haghaidh na n-aonad sin (87). Ina theannta sin, sa chás atá i gceist faoi láthair, ní hamháin go spreagann an deireadh iomlán atá á chur leis an nginiúint cumhachta lignítbhunaithe de réir a chéile, dúnadh réamhaibí na n-aonad gléasraí cumhachta atá níos mó agus níos nua ná na gléasraí lenar bhain an Cinneadh ón gCoimisiún in 2016, ach thar aon ní eile, spreagann sé deireadh réamhaibí oibriú na mianach dromchla. Dá bhrí sin, ar na méideanna cúitimh, ní mór na hinfheistíochtaí nach beag sna mianaigh dhromchla a áireamh freisin mar aon leis na costais bhreise arbh é ba chúis leo na hiarmhairtí breise a bhain le foirceannadh réamhaibí na mianach dromchla (88).

    (180)

    I gcodarsnacht leis an dúnadh formheasta in 2016, cás inar múchadh aonaid aonaracha ghléasraí cumhachta go sealadach ar feadh 4 bliana roimh an díchoimisiúnú deiridh, ní mór tréimhse cúitimh níos faide go dtí an díchoimisiúnú deiridh in 2038 a chur san áireamh sa chás seo. Tá bonn cirt leis an bhfís fhadtéarmach sin sa chás seo, toisc go bhfuil an cás frithfhíorasach cinntitheach chun an brabús a tharscaoiltear a ríomh, i.e. na brabúis a bhainfeadh na gléasraí cumhachta amach ar an margadh leictreachais gan deireadh arna shainordú go dlíthiúil a bheith á chur leis an lignít de réir a chéile. Tá an cur chuige sin i gcomhréir freisin leis an gCinneadh ón gCoimisiún in 2021 lenar formheasadh Státchabhair na Fraince le haghaidh EDF maidir le gléasra cumhachta núicléiche Fessenheim a dhúnadh go luath (89), cás inar chinn an Coimisiún go raibh an méid comhréireach, a mhéid a cúitíodh leis na costais agus na míbhuntáistí a thabhaigh agus a chruthaigh EDF.

    (181)

    Thairis sin, dar le LEAG, tá gnéithe comhchosúla idir an cás seo agus an cúiteamh d’oibreoirí gléasraí núicléacha chun deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile. An 5 Márta 2021, d’aontaigh rialtas na Gearmáine le E.ON, RWE, EnBW agus Vattenfall go bhfaigheann na hoibreoirí cúiteamh airgeadais thart ar EUR 2,4 billiún le haghaidh méideanna leictreachais nach féidir a úsáid agus infheistíochtaí a díluacháladh. Ina chomaoin sin, ghlac na cuideachtaí orthu féin na díospóidí dlíthiúla uile a fhoirceannadh, ar cinntí iad a bhí ar feitheamh i dtaca leis an gcinneadh a rinneadh chun deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile, mar aon le himeachtaí riaracháin a bhí ar siúl fós. D’aontaigh siad le leigheasanna dlí a tharscaoileadh go cuimsitheach freisin. Chuige sin, ghlac rialtas na Gearmáine leis an dréacht den 18ú leasú ar AtG, lenar formheasadh conradh arna rialú faoin dlí poiblí a shíniú. Leis sin, déantar an rialú ó Chúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme an 6 Nollaig 2016 maidir leis an 13ú leasú ar AtG a chur chun feidhme, agus cinneadh an 29 Meán Fómhair 2020 maidir leis an 16ú leasú ar AtG á chur san áireamh. Sa rialú sin, dhearbhaigh an Chúirt go raibh sé incheadaithe deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile, ach an tráth céanna, dhámh an Chúirt cúiteamh iomchuí ar oibreoirí na ngléasraí cumhachta, rud a choinnigh rialtas na Gearmáine siar orthu roimhe nó níor dheonaigh an rialtas dóibh an leibhéal a ceanglaíodh.

    (182)

    Mhaígh LEAG go bhfuil cúiteamh oibreoirí na ngléasraí cumhachta núicléiche cuid mhaith níos airde ná an cúiteamh a dheonaítear leis an dlí um dhúnadh agus le conradh 2021 d’oibreoirí na ngléasraí cumhachta lignítadhainte i gcás ina meastar EUR/MWh, cé go bhfuil fairsinge infhíoraithe agus dhoiciméadaithe an damáiste arbh é foirceannadh réamhaibí na giniúna cumhachta lignítadhainte ba chúis leis, cuid mhaith níos airde ná an damáiste a bhí i gceist i gcás na cumhachta núicléiche. Cé gurb amhlaidh sa dréacht den 18ú AtG-ÄndG go bhfuil an cúiteamh sonrach idir EUR 28,7/MWh agus EUR 33,2/MWh, […]. Dá bhrí sin, fiú i gcomparáid dhíreach leis an gcúiteamh faoi AtG d’oibreoirí na ngléasraí cumhachta núicléiche, ní neamhréasúnach an cúiteamh atá beartaithe i gcás oibreoirí ligníte ná níl sé gan bonn cirt. Os a choinne sin, tá sé ar an leibhéal is ísle den chúiteamh a cheanglaítear le dlí.

    (183)

    Thairis sin, mhaígh LEAG go mbaineann an luach saothair faoin sásra um dhúnadh iarchurtha le seirbhís bhreise, go bhfuil sé neamhspleách agus dá réir sin nach mór gan é a mheascadh leis an gcúiteamh as dúnadh luath.

    (184)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG freisin nach mór tosca agus gnéithe eile a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht an chúitimh, lena n-áirítear, tarscaoileadh cuimsitheach na leigheasanna dlí a leagtar síos i gconradh 2021, tarscaoileadh lena seachnaítear dlíthíocht fhada chasta.

    (185)

    D’áitigh LEAG gurb é tráth a thugtar fógra faoin mbeart an tréimhse ábhartha le haghaidh na comparáide leis an gcás frithfhíorasach. I dtaca le pointe 432 CEEAG a chur i bhfeidhm maidir leis an deireadh atá á chur leis an ngual sa Ghearmáin de réir a chéile, i ngeall ar fhad foriomlán próisis den sórt sin agus luaineacht na margaí lena mbaineann, is cosúil gurb iomchuí go nglacann Coimisiún leis na toimhdí cuí-réasúnaithe a pléadh agus go n-aontódh sé leis na tairbhithe agus gur ghéill sé dóibh tráth an fhógra ón nGearmáin. Ina mhalairt de chás, is éard a dhéanfadh an Coimisiún sa deireadh thiar thall, i ngeall ar fhad na n-imeachtaí Státchabhrach freisin, idirghabháil sa dáileadh riosca a aontaíodh de réir conartha: d’fhéadfadh sé tarlú i gcónaí amach anseo go dtiocfadh athrú ar ionchais an mhargaidh agus go bhfágfaí ansin go mbeadh an cúiteamh ró-ard nó ró-íseal dá thoradh. Is é is cuspóir do chonradh go beacht, áfach, go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na rioscaí sin a leithdháileadh ar bhealach a bheith chomh cinntitheach agus is féidir. Tá léirmhíniú den sórt sin i gcomhréir le prionsabal ginearálta an dlí Státchabhrach, ar dá réir nach mór comhréireacht birt a chinneadh ex ante sula gcuirfear an beart chun feidhme (90).

    (186)

    Dar le LEAG, tógann sé roinnt blianta an phleanáil is gá a dhéanamh le haghaidh próiseas a bheidh inghlactha ar bhonn sóisialta le deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile. Chun suaitheadh sochpholaitiúil agus eacnamaíoch a sheachaint, arbh é ba chúis leis an próiseas réamhaibí, a chinntear go polaitiúil, chun deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile do na cuideachtaí agus do na réigiúin dá ndéantar difear, tá próiseas a dhéanfar de réir a chéile cinntithe ag an nGearmáin chun deireadh a chur leis an nginiúint cumhachta atá bunaithe ar antraicít agus ar lignít na Gearmáine sa dlí um dhúnadh agus i gconradh 2021 faoi 2038 ar a dhéanaí tar éis dianphléití fada sa Choimisiún Guail in éineacht leis na páirtithe leasmhara uile dá ndéantar difear. Ionas nach gcuirfear an próiseas casta fada sin i mbaol, is gá nach mbeadh ceist ann arís faoi thoimhdí agus faoi chinntí réamhaisnéise an phróisis, a bhfuil údar maith leo, i bhfianaise forbairtí éiginnte tráth níos déanaí. Murab amhlaidh sin, bheadh an measúnú de réir imeachtaí neamh-intuartha amach anseo, rud a chuirfeadh an chinnteacht dhlíthiúil agus ó thaobh na pleanála de i mbaol arís, ar cinnteacht í sin nach mór a bhaint amach i bpróisis atá chomh casta sin. Tá an riosca a bhaineann le randamacht sin an uainithe le feiceáil faoi láthair, mar shampla, sna praghsanna leictreachais ar na spotmhargaí agus ar na réamh-mhargaí, praghsanna atá cuid mhaith níos airde ná na praghsanna leictreachais lena raibh coinne tráth an fhógra. Ina theannta sin, d’aontaigh na páirtithe lena mbaineann le hachomharc a tharscaoileadh go cuimsitheach. Dá mba rud é go dtiocfadh athrú ar dháta measúnaithe ábhartha an cháis fhrithfhíorasaigh i gcomparáid leis an gcomhaontú, dhéanfaí an pacáiste iomlán, agus an chinnteacht dhlíthiúil agus ó thaobh na pleanála de atá ann dá thoradh, a chur i mbaol i ngeall ar phraghsanna leictreachais luaineacha.

    (187)

    Ina theannta sin, d’áitigh LEAG nach bhfuil aon ghá le sásra uasdátaithe, de réir phointe 433 CEEAG, toisc go bhfuil feidhm ag eisceacht na n-imthosca eisceachtúla. Toisc nach soláthraíonn CEEAG sainmhíniú ar na himthosca sin, tagraíonn LEAG don chásdlí, ar dá réir atá imthosca eisceachtúil más neamhghnách agus más neamh-intuartha iad saintréithe agus fairsinge na himthoisce (91). Áitíonn LEAG gurb imthoisc eisceachtúil é an cás seo ar na cúiseanna seo a leanas:

    a)

    Leis an dlí um dhúnadh agus conradh 2021 rialáiltear an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile le haghaidh na ngléasraí ligníte agus na mianach dromchla uile sa Ghearmáin, rud lena mbaineann iarmhairtí fadréimseacha, atá neamh-intuartha go páirteach, le haghaidh réigiúin iomlána. […].

    b)

    An cúiteamh d’oibreoirí gléasraí cumhachta, a spréitear ar feadh 15 thráthchuid bhliantúla, tá sé beartaithe ar thaobh amháin chun an t-ualach buiséadach ar an rialtas cónaidhme a dháileadh agus ar an taobh eile […]. Ní cinnte é sin ach amháin i gcás […], rud lena bhfágfar go mbeidh sé ar chumas an réigiúin agus na ngnólachtaí […].

    c)

    Le linn an phróisis leanúnaigh chun deireadh a chur leis an lignít de réir a chéile, […]. Tá tairbhithe an bhirt le rannchuidiú suntasach a thabhairt dó sin, […].

    d)

    Tá comhaontú cúitimh idir na Ballstáit agus cuideachtaí dá ndéantar difear úsáideach freisin chun imeachtaí cúirte fadálacha a sheachaint trí réiteach cairdiúil, rud dár tagraíodh i bpointe 424 CEEAG freisin. […].

    e)

    An leas dlisteanach i dtaca le saobhadh iomaíochta trí róchúiteamh a sheachaint, ní mór é a chothromú in aghaidh leas dlisteanach na gcuideachtaí dá ndéantar difear […]. Ní mór a chur san áireamh nach é mian na cuideachta le cabhair infheistíochta chlasaiceach a fháil lena gcuirtear gníomhaíocht fiontraíochta chun cinn agus lena leathnaítear an ghníomhaíocht sin an rud a spreagann cúiteamh Stáit go hiondúil. […].

    (188)

    D’áitigh scairshealbhóirí LEAG (EPH agus PPFI) ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go dtugann siad a dtacaíocht iomlán do sheasamh LEAG gur cabhair chomhoiriúnach atá sa bheart faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE toisc go bhfuil sí comhréireach agus nach dtugtar aon róchúiteamh do LEAG dá toradh. Ina mbarúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, chuir siad an dearcadh in iúl go bhfuil an beart comhréireach toisc gur mó go mór méid an bhrabúis a tharscaoiltear agus na ndamáistí breise ná an méid cúitimh. An tréimhse ábhartha chun an cás fíorasach a chur i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach, ba cheart é a dhéanamh tráth an fhógra ón nGearmáin toisc go bhféadfadh baol a bheith i gceist le haon chur chuige eile go ndéanfaí an bonn a ationscnamh chun deireadh a chur leis an ngual agus leis an lignít de réir a chéile. Ar deireadh, níl aon ghá le sásra uasdátaithe (pointe 433 CEEAG), toisc go bhfuil feidhm ag eisceacht na n-imthosca eisceachtúla ansin ós rud é nach bhfuil amhras ar bith ann gur teagmhas neamhghnách agus neamh-intuartha an deireadh atá á chur ag an nGearmáin leis an lignít de réir a chéile.

    4.3.6.3.   Gnóthais

    (189)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh na hocht gcuideachta áitiúla nach bhfuil an beart comhréireach toisc go ndeonaítear cúiteamh i bhfad níos mó leis ná díreach brabús a tharscaoiltear agus costais bhreise atá ina ngnéithe dílse de dhúnadh na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe, mar a cheadaítear le pointe 425 CEEAG. D’áitigh na cuideachtaí freisin nach bhfuil bonn cirt le tairiscint iomaíoch a bheith in easnamh, toisc nach bhfuil aon imthoisc ann a bheadh ina bhonn cirt le heisceacht ar riail phróiseas na tairisceana iomaíche. Go sonrach, ní raibh aon chás ar leith ann do RWE a d’fhágfadh go mbeadh sé dodhéanta an dámhachtain a thabhairt do na gléasraí cumhachta lignítadhainte níos mó dá cuid mar aon leis na gléasraí cumhachta lignítadhainte níos lú sna tairiscintí ábhartha. Mhaígh siad thairis sin nach gcomhlíonann an chabhair do RWE ceanglais CEEAG toisc go raibh sí bunaithe ar réamhaisnéis brabúsachta neamhréalaíoch (ex ante) agus nár cuireadh i gcomparáid le cás frithfhíorasach í. Léiríonn pointe 55 CEEAG go soiléir an gá atá le beart dinimiciúil, agus ní dhéantar foráil maidir leis sin sa dlí um dhúnadh ná i gconradh 2021. Ní cúnamh breise maidir leis sin iad na forálacha maidir le hathruithe rialála suntasacha i míreanna 20 agus 21 de chonradh 2021, toisc nár dearadh iad le haghaidh athruithe ar an margadh.

    (190)

    Ina n-aighneacht an 16 Samhain 2022, mhaígh na hocht gcuideachta áitiúla go léirítear arís le beart leasaithe RWE gur cinneadh an cúiteamh do RWE ar bhealach seasta neamh-thrédhearcach, i.e. ar bhealach nach gcuirtear athruithe ionchasacha amach anseo san áireamh leis. Cheistigh na cuideachtaí conas atá an méid cúitimh atá le deonú do RWE mar an gcéanna fós, d’ainneoin na n-athruithe ar bheart leasaithe RWE agus na n-athruithe ollmhóra i gcás an mhargaidh fuinnimh. Dar leo, is ar réamhaisnéisí brabúsachta neamhchinnte a bhunaigh an Ghearmáin a meastachán ar bhrabúis chaillte RWE i ngeall ar an dúnadh luath agus rinne an Ghearmáin neamhaird de threocht dhinimiciúil na bpraghsanna leictreachais agus CO2. Dar leo, tá sé intuartha cheana féin i leith na todhchaí gurb amhlaidh, ar thaobh amháin, go dtiocfaidh laghdú ar an éileamh leictreachais a tháirgtear de bhreoslaí iontaise tar éis 2030 agus, ar an taobh eile, go dtiocfaidh méadú suntasach ar chostais CO2.

    (191)

    Ina mbarúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, mhaígh na hocht gcuideachta áitiúla go bhfuil an ríomh athbhreithnithe agus an bonn cirt atá ina bhunús leis an méid cúitimh, fós neamh-leordhóthanach. Ní léiríonn an ríomh athbhreithnithe go bhfuil méid an bhuntáiste do RWE teoranta le fírinne don mhéid is incheadaithe faoin dlí um Státchabhair. Ina áit sin, déanann an ríomh na cinntí a rinne RWE a bhí mícheart ó thaobh straitéise de a fhritháireamh agus cumhacht mhargaidh RWE a láidriú a thuilleadh trí bhíthin mhaoiniú an Stáit don athrú breosla. Úsáidtear na hardphraghsanna leictreachais de thoradh chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine mar bonn cirt leis an gcabhair, rud a gealladh faoi dhálaí a bhí go hiomlán difriúil agus nach bhfuil baint ar bith aige le hionchais dhlisteanacha RWE le brabúis faoi chosaint na húinéireachta. Tá an ríomh athbhreithnithe, atá ag titim chun deiridh ar fhorbairtí na géarchéime fuinnimh anois, neamh-leordhóthanach ó thaobh na modheolaíochta de agus áirítear ionchais brabúsachta neamhréalaíocha leis.

    (192)

    Thairis sin, ríomh na n-ionchas roghnaitheach le brabús i gcás gléasraí cumhachta aonaracha i dtréimhse thagartha thráthúil agus sa tréimhse sin amháin, níl sé sin in ionad an dearcadh foriomlán is gá a thabhairt ar chás fhlít na ngléasraí cumhachta. Ina theannta sin, ní dhéantar éifeacht iomlán an bhuntáiste a dhlisteanú leis an ríomh, toisc nach gcuirtear san áireamh tacaíocht an stáit chun na gléasraí cumhachta gásadhainte, atá réidh don hidrigin, a leathnú ar láithreáin na n-aonad ligníte dúnta, rud atá fíorábhartha ar fad d’infheisteoirí ar na margaí caipitil agus do choinníollacha maoiniúcháin RWE. Dá thoradh sin, deonú íocaíocht EUR 2,6 billiún do RWE, in éineacht leis an ionchas go dtacófar leis an athrú chuig gléasraí cumhachta gásadhainte, atá réidh don hidrigin, ní mór é a thoirmeasc freisin tar éis chonradh an leasaithe.

    (193)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh GPE nach soiléir iad na cúiseanna gan brabús a tharscaoiltear tar éis 2026 a éileamh ón bhfaisnéis a cuireadh i láthair sa chinneadh sin; níor nochtadh aon mhíniú ar an gcúis leis an dáta sin a úsáid ná ar an tionchar ar mhéid an chúitimh. Ina theannta sin, fágann Gníomh na Gearmáine maidir leis an gCáin Amhantair (92) go bhfuil caidhp phraghais infheidhme maidir le hoibreoirí gléasraí cumhachta ligníte áirithe, ar caidhp í atá EUR 20/MWh níos airde ná mar atá do ghléasraí cumhachta ligníte eile. D’fhéadfadh íocaíochtaí iomarcacha agus róchúiteamh a bheith ann de thoradh na caidhpe praghais níos airde sin in éineacht leis an gcúiteamh dá ndéantar foráil maidir leis cheana féin. Ina theannta sin, chuir GPE staidéar isteach ón institiúid de chuid na Gearmáine Forum Ökologische Soziale Marktwirtschaft, lena maítear, seachas an cúiteamh as dúnadh go luath, go bhfóirdheonaítear mianadóireacht na ligníte agus giniúint an leictreachais lignítbhunaithe sa Ghearmáin trí roinnt beart, e.g. cistiú taighde, díolúine ón tobhach ar eastóscadh, díolúine ó mhuirir astarraingthe uisce, lamháltais i dtaca le cáin fuinnimh.

    (194)

    D’áitigh GPE thairis sin go bhfuil gá le sásra uasdátaithe, de réir phointe 433 CEEAG. Ar an gcéad dul síos, tá athbhreithniú déanta ar na ríomhanna laistigh de thréimhse is lú ná 2 bhliain, rud a léiríonn a leochailí agus a íogaire atá na cineálacha meastachán sin, agus dá réir sin, ní beag an riosca atá ann nach mbeidh an chabhair comhréireach agus go n-eascróidh róchúiteamh as. Ar an dara dul síos, toisc gur ghlac an Coimisiún leis nach dtarlódh aon phróiseas tairisceana, ba cheart anailís chuimsitheach agus mhionsonraithe a dhéanamh, agus ba cheart nach mbeifí ag brath san anailís sin ach amháin ar an méid, de réir aithris (102) den Chinneadh maidir le Síneadh, ‘is cosúil a bheith réasúnach’. Cumhdaítear tréimhse fhada leis an gcúiteamh, agus baineann deonú méideanna substaintiúla cabhrach leis ar thráthchodanna réamhchinntithe agus tráthrialta. Fágann na heilimintí sin ina n-aonar go bhfuil údar le sásra uasdátaithe a ionchorprú.

    (195)

    Mhaígh GPE freisin gur cosúil nach bhfuil scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar éifeachtaí aistrithe fhéideartha aonad áirithe isteach faoin sásra um dhúnadh iarchurtha. D’áitigh GPE thairis sin, fiú mura luaitear go sainráite nach cuid den chás seo é aistriú den sórt sin, go bhféadfadh tionchar substaintiúil a bheith aige dá ainneoin sin ar an méid cúitimh is féidir a dhámhachtain ar RWE. Mar sin féin, níor mhínigh GPE cén tionchar a bheadh i gceist leis sin ná cén chaoi a bhfíorófaí é. Ar deireadh, in aithris (34) den Chinneadh maidir le Síneadh, míníonn Coimisiún gur féidir le rialtas na Gearmáine cinneadh a dhéanamh trí aonad (Niederaußem K, Neurath F agus Neurath G) a aistriú chuig cúltaisce nua go dtí deireadh 2033.. Dá ndéanfadh an Rialtas an cinneadh sin, ní fhíorófaí an díchoimisiúnú deiridh ach in 2033 seachas in 2030, rud a fhágfaidh tionchar ar an hioncaim a tharscaoiltear.

    (196)

    Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh an dá chuideachta áitiúil nach bhfuil an cúiteamh comhréireach, i bhfianaise na nithe seo a leanas:

    a)

    Ní costais de thoradh an deireadh luath atá á chur leis an ngual de réir a chéile atá sa bhrabús a tharscaoiltear. Ar an gcéad dul síos, tá amhras ann maidir le cé acu an mbeadh sé brabúsach amach anseo fiú na suiteálacha ligníte a oibriú, go háirithe i gcomhthéacs na n-arduithe atá ag teacht ar phraghsanna carbóin. Ar an dara dul síos, tá amhras ann maidir le cé acu an mbeidh costais bhreise ann ar chor ar bith i leith na mianadóireachta dromchla de thoradh an deireadh luath atá á chur leis an ngual de réir a chéile. Is amhlaidh é sin toisc go mbíonn riosca ann i gcónaí nach n-oibreofar na mianaigh dhromchla a thuilleadh, toisc nach ndeonaítear údaruithe chun mianaigh dhromchla a oibriú ach ar feadh tréimhse idir 2 bhliain agus 3 bliana go ginearálta. An tríú pointe, ní léir, agus an íocaíocht chúitimh á ríomh, cé acu ar cuireadh na hinfheistíochtaí agus na costais cothabhála neamhriachtanacha san áireamh freisin, arbh infheistíochtaí agus costais iad a sheachain na hoibreoirí de thoradh an deireadh atá á chur leis an ngual de réir a chéile.

    b)

    Níor cinneadh an méid cúitimh i gceart, toisc gur úsáideadh tréimhsí cúitimh míchearta i ríomh an chúitimh, agus gur úsáideadh luachanna righne a bhí as dáta le haghaidh lamháltais CO2 agus costais sheasta. Ba cheart don Stát breathnú níos déine ar imthosca sonracha an mhargaidh.

    c)

    Cuireadh uasdéine cabhrach mhícheart i bhfeidhm. Cabhair chun tacú le gnóthais a chuireann feabhas ar chosaint an chomhshaoil thar an méid a cheanglaítear de réir chaighdeáin an Aontais, d’fhéadfaí idir 40 % agus 50 % de na costais incháilithe a chumhdach léi de réir Iarscríbhinn 1 de Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (93). Ciallaíonn sé sin, fiú dá measfaí gurbh incheadaithe é cúiteamh as brabúis chaillte agus as costais bhreise, nárbh fhéidir ach beagnach leath na gcostas a tabhaíodh a fhóirdheonú.

    (197)

    D’áitigh an dá chuideachta áitiúil thairis sin gurb amhlaidh go bhfuil sé in aghaidh phrionsabail na Státchabhrach gur cinneadh an cúiteamh gan nós imeachta trédhearcach maidir le ríomhanna brabúsachta agus le hionchais mhargaidh. Aontaíodh an cúiteamh go haonarach idir an Stát agus an tairbhí, i gcodarsnacht le sásra tairisceana trédhearcach. I gcás na ligníte, ní féidir próiseas tairisceana iomaíoch a bheith ann le haghaidh díreach dhá oibreoir gléasraí cumhachta lignítadhainte ag a bhfuil mianaigh dhromchla bhainteacha, go háirithe maidir le cúiteamh na n-ionchas brabúis ó oibríochtaí mianadóireachta dromchla. Mar sin féin, d’fhéadfaí na ríomhanna brabúsachta a dhéanamh ar a laghad i gcás ghléasraí cumhachta an tairbhí – mar shampla, ar bhonn dháta sonrach a gcoimisiúnaithe, a n-uaireanta úsáide, a n-éifeachtúlachta, amúchadh a rinneadh cheana féin, etc. – a d’fhéadfaí a thomhas in aghaidh na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe eile agus a d’fhéadfaí a thagarmharcáil ina n-aghaidh. Ina theannta sin, d’ainneoin na ndifríochtaí bunúsacha i saintréithe agus i struchtúir costas na ngléasraí cumhachta, bhí sé indéanta gléasraí ligníte beaga a áireamh sna tairiscintí le haghaidh dhíchoimisiúnú na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe i gcomhréir le roinn 43 den dlí um dhúnadh.

    4.3.6.4.   Comhlachais/ENRanna

    (198)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh DEBRIV nach mór, ní hamháin na brabúis chaillte a áireamh le cúiteamh leormhaith, ach freisin na costais bhreise shuntasacha ar feadh shlabhra luacha iomlán na mianadóireachta dromchla, an t-iompar chuig an ngléasra cumhachta, costais an ghléasra cumhachta agus na costais tiontúcháin bhainteacha, a mhéid ba chúis é dúnadh reachtúil luath na ngléasraí leis na costais sin. Ina theannta sin, ní mór na costais slándála sóisialta bhreise arbh é an beart ba chúis leo a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht an chúitimh. Tugann DEBRIV dá aire freisin nach gcumhdófar go hiomlán leis na híocaíochtaí cúitimh na míbhuntáistí agus na damáistí iarbhír a shainaithin na hoibreoirí.

    (199)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh DEBRIV go bhfuil an beart comhréireach faoi roinn 4.12.1.5 CEEAG. Tá bonn cirt leis an bhfíoras nach bhfuil aon nós imeachta tairisceana iomaíoch ann toisc nach bhfuil ann ach dhá phríomhghníomhaí (RWE agus LEAG) ar an margadh agus go bhfuil an t-eastóscadh agus giniúint an fhuinnimh nasctha le chéile go dlúth. Maidir leis na costais bhreise agus na míbhuntáistí eacnamaíocha arbh é an beart ba chúis leo, i dteannta chostais iarmhartacha na mianach dromchla ligníte (lena n-áirítear costais bhreise le haghaidh oibríochtaí athchóiriúcháin agus ús agus caillteanais mhaoiniúcháin ghaolmhara), an damáiste (luath) iomlán arb é is cúis leis an deireadh luath arna fhorchur ag an Stát leis an lignít de réir a chéile, ní mór é sin, mar aon le costais bhreise le haghaidh na hathphleanála agus an tiontúcháin agus míbhuntáistí (sócmhainne) eacnamaíocha a chur san áireamh freisin. Thairis sin, ba cheart tarscaoileadh na leigheasanna dlí a dhearbhaítear sa dlí um dhúnadh a chur san áireamh freisin.

    (200)

    Is é tuairim DEBRIV nach bhfuil bonn cirt le sásra uasdátaithe faoi phointe 433 CEEAG sa chás seo, toisc go mbaineann scála neamh-intuartha agus eisceachtúil leis an deireadh atá á chur ag an nGearmáin leis an lignít de réir a chéile, i.e. tá imthosca eisceachtúla ann. Ar an gcéad dul síos, leis an dlí um dhúnadh agus le conradh 2021, ní rialáiltear leo díreach aonaid aonaracha áirithe, ach rialáiltear leo an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile i gcás na ngléasraí ligníte agus na mianach dromchla uile sa Ghearmáin, rud lena mbaineann iarmhairtí fadréimseacha atá neamh-intuartha uaireanta le haghaidh réigiúin iomlána. Ní mór comhdhearcadh sa tsochaí le haghaidh idirghabháil chomh fadréimseach den sórt sin, rud atá bainte amach le bunú an Choimisiúin Guail agus na tograí uaidh a bheith measta. Gan comhdhearcadh den sórt sin – lena n-áirítear íocaíochtaí cúitimh – ní bheadh an deireadh atá á chur leis an ngual de réir a chéile, lena gcumhdófaí giniúint cumhachta lignítadhainte uile na Gearmáine, insamhlaithe. Dá dtabharfaí sásra uasdátaithe isteach, chuirfí an comhdhearcadh foriomlán a baineadh amach sa tsochaí i mbaol. Ar an dara dul síos, níl aon riosca ann go dtabharfaí róchúiteamh, rud a bhfuil sásra uasdátaithe beartaithe lena sheachaint, ós rud é go bhfuil na costais nó an damáiste arbh é an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile ba chúis leis, níos airde ná méid aontaithe an chúitimh.

    (201)

    Ar deireadh, d’áitigh DEBRIV maidir leis an leas dlisteanach i dtaca le saobhadh iomaíochta trí róchúiteamh a sheachaint, nach mór é a chothromú in aghaidh leas dlisteanach na ngnóthas lena mbaineann dá ndéantar difear sa chinnteacht ó thaobh na pleanála agus na hinfheistíochta de. Ba cheart é a choinneáil ar aigne gurb amhlaidh sa chás seo nach é mian na ngnóthas ligníte le cabhair infheistíochta a fháil an spreagadh le cúiteamh Stáit. Ina áit sin, is é an príomhfhócas an cur isteach a dhéanann an Stát ar sheasaimh dhlíthiúla chosanta na ngnóthas a chúiteamh agus deireadh a chur leis an ngníomhaíocht ghnó a bhaineann le lignít agus a bhí dleathach roimhe. Ar an gcúis sin, bheadh sé míréasúnta sásra uasdátaithe a fhorchur go haontaobhach ar na gnóthais ligníte lena mbaineann. Dá réir sin is léir go bhfágann imthosca eisceachtúla a bheith ann gur gá staonadh ó shásra uasdátaithe a thabhairt isteach sa nós imeachta leanúnach le haghaidh phróiseas na Gearmáine chun deireadh a chur leis an lignít de réir a chéile.

    (202)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh Greenpeace nach bhfuil an beart comhréireach, toisc gur neamhréalaíoch agus neamhchonclúideach iad na paraiméadair a d’úsáid údaráis na Gearmáine chun an cúiteamh a ríomh. Go sonrach, baineann fadhbanna le trí phríomhthoimhde a fhágann go ndéantar rómheastachán go córasach ar chúiteamh. Ar an gcéad dul síos, is treallach iad na toimhdí maidir le praghsanna leictreachais agus CO2, toisc go bhfuil laghdú tagtha ar bhrabúsacht na ngléasraí cumhachta lignítadhainte go seasta le himeacht ama. Ar an dara dul síos, is féidir laghdú a dhéanamh ar chostais sheasta trí ghléasraí cumhachta a dhúnadh nó tríd an mianadóireacht dromchla a dhúnadh, ach ní chuirtear é sin san áireamh. Leis an díchoimisiúnú, sábhálfar beagnach costais sheasta uile na ngléasraí agus thart ar 20 % de na costais sheasta a bhaineann leis na mianaigh. D’fhágfadh sé sin as féin go ndéanfaí laghdú breis agus 50 % ar an gcúiteamh. An tríú pointe, déantar foráil leis an tréimhse cúitimh maidir le múchadh luath na ngléasraí, ach de réir ríomh na Gearmáine, caitear tréimhse iomarcach air, toisc go bhfuil coinne aici le cúiteamh ar feadh 4 bliana nó 5 bliana, de réir an dáta a dhúntar an gléasra, ach ní thugtar aon bhonn cirt leis an toimhde sin. Bunaithe ar an staidéar a rinne an Öko-Institut, ba cheart an cúiteamh a theorannú do 3 bliana (94). Má thógtar gach ceann de na 3 thoimhde sin ar leithligh, dhéanfaí laghdú ollmhór ar an méid cúitimh, ach nuair a thógtar in éineacht le chéile iad, déanann siad laghdú ar an gcúiteamh ó EUR 4,4 billiún go dtí EUR 154 mhilliún i gcás RWE agus EUR 189 milliún i gcás LEAG.

    (203)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, chuir Greenpeace leo á rá nach bhfuil aon deighilt shoiléir ann idir cúiteamh i gcás oibríochtaí gléasra agus gníomhaíochtaí mianadóireachta, rud atá bunoscionn leis na rialacha maidir leis an Státchabhair. Le trédhearcacht Státchabhair an Aontais, áirítear ní hamháin an tásc ar mhéid iomlán an chúitimh a íoctar, ach freisin foilsiú agus míniú ar na toimhdí ar bhunús iad leis an méid cúitimh a chinneadh. Leis an gcabhair a dheonaítear, ní mór, in aon chás, gan iompraíocht a chúiteamh a bheidh neamheacnamaíoch sa todhchaí de thoradh méadú breise lena bhfuil coinne ar phraghsanna CO2. Ina theannta sin, ní mór gan dochar a dhéanamh do chuspóirí maidir leis an trádáil astaíochtaí. Thairis sin, ní raibh tairiscint iomaíoch ann, rud a sháraíonn na prionsabail faoi CEEAG. I gcomhthéacs an scrúdú cás ar chás a cheanglaítear faoi phointe 432 CEEAG, léiríonn an measúnú comhréireachta ar an mbeart (féach aithrisí (199) agus (204)), go bhfuil an beart iomarcach in aon chás.

    (204)

    Ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh Greenpeace nach bhfuil an beart comhréireach. Ní léir cé acu an de thoradh caibidlíochta nó foirmle a tháinig na cúitimh. Ar an gcaoi chéanna le Greenpeace (féach aithris (203)), áitíonn CliantEarth go bhfuil fadhbanna le paraiméadair áirithe: is go treallach a roghnaíodh na praghsanna leictreachais agus CO2; toimhdíodh nach sábhálfaí aon chostas seasta leis na gléasraí a dhúnadh go luath agus go dtugtar cúiteamh do na hoibreoirí ligníte ar feadh tréimhse idir 4 agus 5 bliana tar éis dhúnadh na n-aonad, tréimhse atá rófhada, mar shampla, molann an Öko-Institut uastréimhse 3 bliana (95). Thug CliantEarth le fios freisin gur cheart a chur san áireamh sa ríomh freisin (i) an sásra um dhúnadh iarchurtha; agus (ii) an fíoras i dtaca leis na gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe uile a ainmnítear in Iarscríbhinn 2 den dlí um dhúnadh a dhúnfar roimh 2025, go sábhálfar orthu costais infheistíochta ionchasacha as na bearta is gá a dhéanamh chun teorainnluachanna astaíochta níos ísle a chomhlíonadh, i.e. sábhálfar infheistíochtaí éigeantacha orthu chun a dhearbhú go mbeidh astaíochtaí teoranta don leibhéal a shainordaítear le dlí. Dar leis, ba cheart paraiméadair inathraithe a áireamh leis an gcúiteamh chun deireadh a chur leis an riosca go mbeidh róchúiteamh ann. Ós rud é go bhfuil dátaí an dúnta chomh fada sin amach anseo (go dtí 2038) agus ós rud é go bhfuil sé beartaithe na cúitimh a íoc in 15 thráthchuid bhliantúla i gcás gach oibreora, is féidir agus ba cheart na tráthchodanna agus méid iomlán na cabhrach a choigeartú de réir an bhrabúis iarbhír a tharscaoiltear lena bhfuil coinne a bheith i gceist le haghaidh na ngléasraí, arna dtabhairt cothrom le dáta de réir mar a fhorbraíonn dálaí margaidh, maille le méid caidhpeáilte. Dá réir sin, cháin CliantEarth sásra uasdátaithe a bheith in easnamh.

    (205)

    Mhaígh CliantEarth nach bhfuil aon fhadhb ann le slándáil an tsoláthair fuinnimh sa Ghearmáin, mar a mhaíonn an Ghearmáin, chun bheith ina bhonn cirt le hamlíne fhada sceideal an dúnta chomh maith leis an sásra um dhúnadh iarchurtha a bheith ann. Tá róthoilleadh i margadh fuinnimh na Gearmáine agus tá bearta iomadúla sa Ghearmáin ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de chun aon riosca a chosc. Fiú dá mbeadh fianaise ann faoi fhadhb maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus faoin ngá le bearta iomchuí a ghlacadh, ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir leis Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (96) maidir leis an Margadh Inmheánach don Leictreachas. Is cosúil gurb imchéimniú ar na rialacha ábhartha a bheadh ann dá gcuirfí moill shaorga ar aonaid áirithe de chuid LEAG agus RWE a dhúnadh nó dá gcuirfí a ndúnadh siar tar éis dháta nádúrtha a ndúnta (faoi chás gnó mar is gnách, agus fórsaí an mhargaidh á spreagadh) chun a áirithiú go rannchuideoidh siad le slándáil an tsoláthair fuinnimh.

    (206)

    Ar deireadh, d’áitigh CliantEarth go bhféadfadh fadhbanna áirithe a bheith ag baint leis an mbeart maidir le carnadh. Ar an gcéad dul síos, in 2016 i gcás Sicherheitsbereitschaft, ní raibh aon íocaíocht oiriúnúcháin ann (Anpassungsgeld (‘APG’)) (97). Is le hoibreoirí os cionn aois 58 mbliana a íoctar an íocaíocht coigeartúcháin anois, nuair a chailleann siad a bpost i ngeall ar an deireadh atá á chur leis an ngual de réir a chéile. I gcás Sicherheitsbereitschaft, níor asbhaineadh na costais foirne sheasta ó ioncaim an mhargaidh leictreachais toisc nár measadh gur costais imeallacha ghearrthéarmacha iad. Go héifeachtach, deonaíodh íocaíochtaí do na cuideachtaí freisin le haghaidh chostas na gcoigeartuithe foirne trí na híocaíochtaí sa Sicherheitsbereitschaft. Mar sin féin, ós rud é go n-íoctar na costais le haghaidh coigeartuithe pearsanra trí APG anois, níor cheart iad a áireamh sna cúitimh maidir le dúnadh i gcás na n-oibreoirí. Thart ar 29 % de chostais na n-oibreoirí atá i gceist leo sin (98). Ar an dara dul síos, sonraítear i roinn 50 den dlí um dhúnadh gur cheart sásra um dhúnadh iarchurtha a bheith ann (Zeitlich gestreckte Stilllegung), rud atá bunaithe ar shamhail an Sicherheitsbereitschaft de bhun Roinn 13g den Ghníomh um Thionscal an Fhuinnimh (EnWG) (99). I gcás an tsásra um dhúnadh iarchurtha, is amhlaidh arís go n-aisíoctar ioncaim an mhargaidh leictreachais ar feadh fhad an tsásra sin. Tá an cúiteamh sin le híoc i dteannta na gcúiteamh as an deireadh luath atá á chur leis na gléasraí de réir a chéile, agus is cúiteamh dúbailte atá ann, toisc gur aisíocadh na corrlaigh ranníocaíochta chéanna mar chuid den chainníochtú EUR 4,35 billiún. Dá réir sin, níor cheart na hoibreoirí a chúiteamh as an sásra um dhúnadh iarchurtha i dteannta an tsásra um dhúnadh. Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh CliantEarth thairis sin nár scrúdaigh an Coimisiún aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le carnadh in éineacht le bearta cabhrach eile amhail sásraí acmhainneachta etc.

    (207)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh CliantEarth go mbeadh gá le sásra uasdátaithe, go háirithe i bhfianaise athbhreithniú a bheith déanta ar na ríomhanna uair amháin cheana féin agus i bhfianaise na n-athruithe domhanda ar an margadh leictreachais. Dá mbeadh sásra ann lena mbeifí in ann cúitimh a choigeartú ar bhonn brabús iarbhír a tharscaoiltear agus costais iarbhír maidir le dúnadh, bheifí in ann riosca an róchúitimh a sheachaint. Tharraing CliantEarth fadhbanna anuas a bhí comhchosúil leis na fadhbanna a tharraing GPE anuas i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh (féach aithrisí (194) go (196)), agus thug le fios thairis sin gur cheart na bearta fuinnimh uile eile a chur san áireamh chun róchúiteamh a sheachaint, lena n-áirítear an chaidhp ar phraghsanna fuinnimh agus go bhfuil leas á bhaint cheana féin ag gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe áirithe de chuid RWE as an nGníomh um Chothabháil Gléasraí Cumhachta Ionadacha (Ersatzkraftwerkebereithaltungsgesetz). Mhaígh CliantEarth go bhfuil sé dodhéanta a chinneadh cé acu an mbeidh meicníocht aisghlámtha ann chun róchúiteamh a sheachaint. Thagair sé freisin do Chinneadh SA.54537 (100) agus don chur chuige ginearálta a lean an Coimisiún maidir leis an gcomhréireacht sa chinneadh sin. Ar deireadh, cheistigh CliantEarth an fáth ar cuireadh díchoimisiúnú dhá aonad siar (Neurath D agus E) 2 bhliain agus luaigh nár leormhaith anailís an Choimisiúin ina leith sin, agus nár cuireadh san áireamh cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an iarchur sin ar ríomh an chúitimh.

    (208)

    Ina bharúlacha tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí, d’áitigh EEB gur cheart úsáid a bhaint as toimhdí malartacha a bhí ní ba réalaíche sa chás frithfhíorasach, agus go háirithe as praghas carbóin a bhí ní ba inchreidte. Ina theannta sin, athdhearbhaíonn EEB na hábhair imní a bhí ag Greenpeace gur tháinig rómheastachán córasach ar na híocaíochtaí cúitimh de thoradh trí phríomhthoimhde (féach aithris (204) thuas).

    (209)

    Mheas HEAL, ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, nach ndearnadh ríomh an chúitimh ar bhealach cuntasach agus trédhearcach, agus nach raibh an tsochaí shibhialta rannpháirteach ann. Mheas HEAL freisin nár cuireadh costais sláinte sheachtraithe na cumhachta guail san áireamh i ríomh an bhrabúis a tharscaoiltear ná sa chostas i leith athshlánú mianaigh. Ba cheart na costais sláinte réamh-mheasta ón truailliú a bheith asbhainte den bhrabús a tharscaoiltear ar feadh an tráthchlár a roghnaíodh, mar sin, ba cheart an costas seachtraithe a bheith inmheánaithe chun praghsáil réalaíoch a bhaint amach.

    (210)

    I mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, thug CAN dá aire go bhfuil fadhb ann ó thaobh na trédhearcachta de sna suimeanna cúitimh. Tá na suimeanna cúitimh comhdhéanta de bhrabúis chaillte, costais athshaothrúcháin, agus tarscaoileadh díospóidí dlíthiúla, ach tá sé fós míshoiléir cén méid lena íoctar as cén mhír agus cé acu an bhfuil an toradh bunaithe ar fhoirmle. Measann CAN nach bhfuil na suimeanna comhréireach leis na costais athshaothrúcháin, go háirithe maidir le LEAG (101).

    4.3.6.5.   Stáit na Gearmáine

    (211)

    D’áitigh Sachsen, chun comhréireacht an chúitimh a mheas, gur cheart na míbhuntáistí eacnamaíocha uile do ghnóthais a chur san áireamh, ar míbhuntáistí iad atá nasctha le laghdú na n-astaíochtaí CO2 ón nginiúint leictreachais ón lignít, dá ndéanann an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile difear, go háirithe na costais a bhaineann leis an gcoigeartú pearsanra a bheidh inghlactha don tsochaí.

    (212)

    D’áitigh an Réin Thuaidh-Viostfáil gurb amhlaidh, ina phríomhchinneadh an 23 Márta 2021 i dtaca le coinníollacha an dlí um dhúnadh maidir le pleanáil spásúil an stáit, gur cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá forálacha an dlí um dhúnadh maidir leis an bpleanáil úsáide talún sa Stát. Ní mór do na mianaigh dhromchla uile na ceanglais maidir le hathchóiriú ceart a chomhlíonadh de réir bhrí Ghníomh na Cónaidhme um Mianadóireacht. Níl aon amhras ann maidir le dlíthiúlacht an chúitimh a aontaíodh de réir conartha idir an Rialtas Cónaidhme agus RWE agus a d’fhormheas Bundestag na Gearmáine mar reachtóir, mar chúiteamh as na costais bhreise ar ghá don ghnóthas a thabhú de thoradh an deireadh a bheith atá á chur leis an lignít de réir a chéile agus go reachtúil faoi 2038 nó faoi 2035. Tá cúiteamh leordhóthanach do RWE fíor-riachtanach do leas phobal Stát na Réine Thuaidh-Viostfáil, toisc gur réamhchoinníoll atá ann don fhorbairt mhaith réamhbhreathnaitheach i nGualcheantar na Réine. Tá sé tábhachtach go mbeidh an chuideachta in ann a hoibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh chun na damáistí a rinneadh sa limistéar a athchóiriú.

    4.3.7.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

    4.3.7.1.   RWE

    (213)

    D’áitigh RWE ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh gur mó na míbhuntáistí eacnamaíocha do RWE ná an íocaíocht chúitimh a deonaíodh agus dá bhrí sin, nach bhfuil an cúiteamh ina chúis le haon saobhadh iomaíochta, ach os a choinne sin, is éard a eascraíonn aisti go bhfritháirítear méid áirithe de shaobhadh iomaíochta chun aimhleasa RWE, arbh é an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile ba chúis leis an aimhleas.

    (214)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’athdhearbhaigh RWE gur mó go mór éifeachtaí dearfacha bheart leasaithe RWE ná na héifeachtaí diúltacha ionchasacha. Is éard a thiocfaidh as beart leasaithe RWE go ndéanfar laghdú ar CO2 go sábháilte agus go gcuirfear claochlú earnáil an fhuinnimh chun cinn trí dhálaí daingne infheistíochta a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí nua atá neamhdhíobhálach don aeráid. Is é ráthaíocht chonarthach chosán na himeachta sin go díreach a chruthaíonn an chinnteacht ó thaobh na hinfheistíochta de le haghaidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh, ós rud é nach bhfuil laghdú stoptha ar acmhainneacht na ngléasraí cumhachta lignítadhainte faoi réir fhorchoimeádas na mblianta d’imeachtaí cúirte lena mbeadh coinne dá mbeadh toirmeasc ar dhúnadh forchurtha ag an nGearmáin gan ach modhanna rialála á n-úsáid. Fágann tús-ualú an phróisis le deireadh a chur leis na gléasraí de réir a chéile go dtí 2030 go ndéantar tuilleadh méadaithe ar na héifeachtaí sin a bhaineann le beart leasaithe RWE. Ní fhrithchothromaítear na héifeachtaí dearfacha sin le héifeachtaí iomaíocha diúltacha a d’fhéadfadh eascairt as íoc an chúitimh. Ríomhtar an cúiteamh ar bhealach nach dtabharfar cúiteamh ach as cuid den damáiste do RWE arbh é an deireadh luath atá á chur leis an lignít de réir a chéile is cúis leis agus dá réir sin, i gcás RWE, fágtar gur gnólacht neamhbhrabúsach atá ann ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de mar gheall ar an deireadh luath atá á chur leis an lignít de réir a chéile. Ina theannta sin, tá sé ag láidriú na n-iomaitheoirí uile cheana féin, toisc go bhfuil easnamh an tsoláthair arbh é dúnadh na ngléasraí is cúis leis ag dul i bhfeidhm ar phraghsanna.

    4.3.7.2.   LEAG

    (215)

    Ina bharúlacha maidir leis an gComhairliúchán Poiblí, d’áitigh LEAG fiú dá mba rud é go dtoimhdeodh an Coimisiún go raibh an iomaíocht á saobhadh de thoradh an bhirt ar bhonn raon feidhme leathan an chritéir sin, ós rud é go mbeadh na hoibreoirí san iomaíocht sa mhargadh le hoibreoirí eile, mar a léirítear, mar shampla, in aithrisí (110) go (113) den Chinneadh Tosaigh, nach mbeadh aon tionchar diúltach suntasach ag an mbeart. De thoradh dhúnadh na ngléasraí cumhachta lignítadhainte, bheadh staid mhargaidh an oibreora laghdaithe fiú.

    (216)

    Thairis sin, i gcás hipitéiseach, is léir gur tánaisteach aon bhuntáiste a bheadh ann i gcás LEAG i bhfianaise éifeachtaí an bhirt a bheith dearfach ar an iomlán, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an laghdú ar astaíochtaí CO2. Leis an deireadh atá á chur leis an nginiúint leictreachais lignítbhunaithe de réir a chéile, éascófar forbairt acmhainneachta breise ó thaobh na giniúna leictreachais de a bheidh bunaithe ar theicneolaíochtaí eile, go háirithe fuinneamh in-athnuaite. Thairis sin, beidh tionchar dearfach ag an mbeart ar an gcomhshaol agus soláthrófar an intuarthacht leis maidir le gléasraí cumhachta lignítadhainte a bheith á ndúnadh níos luaithe. Dá bhrí sin, ní dhéantar athrú chomh mór sin ar dhálaí trádála leis an mbeart go mbeadh sé bunoscionn leis an leas coiteann agus dá réir sin, ba mhó éifeachtaí dearfacha an bhirt in aon chás ná aon éifeacht dhiúltach ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

    4.3.7.3.   Gnóthais

    (217)

    Luann GPE, ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, anailís a rinne tríú páirtí ar iarmhairtí saobhacha líomhnaithe an bhirt. Is é an chéad riosca d’iarmhairt shaobhach líomhnaithe atá ann go mbeidh RWE agus LEAG in ann dul isteach i margaí comharsanacha nó a staideanna sna margaí sin a láidriú chun aimhleasa a n-iomaitheoirí, go háirithe má infheistíonn siad i ngléasraí giniúna cumhachta atá dian ar chaipiteal ar mhaithe le fuinneamh in-athnuaite a úsáid. Is é an dara hábhar imní atá ann go mbeidh an cúiteamh ina údar moille ar an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile, rud a bheadh á spreagadh ag an margadh agus a tharlódh i bhfad ní ba luaithe. Sna barúlacha don Chomhairliúchán Poiblí, chuir GPE leo á rá gur cheart measúnú a bheith déanta ag an gCoimisiún ar cé acu ar thionscain nó nár thionscain an beart aon éifeacht a d’fhéadfadh a bheith diúltach ó thaobh na hiomaíochta de, agus gur cheart anailís ar éifeacht na híocaíochta cúitimh a bheith déanta ní hamháin ar an margadh táirgthe leictreachais ó ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe ach ar mhargaí comharsanacha freisin amhail margadh an leictreachais a tháirgtear d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.

    (218)

    Ar deireadh, ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh GPE go mbeidh tráthchodanna réamhchinntithe tráthrialta an chúitimh ina n-atreisiú díreach ar chumhacht RWE sa mhargadh agus go n-úsáidfear iad ar bhealach saobhach ar mhargaí an leictreachais ghlais. Tugann GPE dá aire go mbíonn ar imreoirí margaidh dhá chonstaic mhóra a shárú go hiondúil agus infheistiú á dhéanamh i bhfuinneamh in-athnuaite acu: (i) limistéir oiriúnacha a aimsiú le haghaidh na dtionscadal, agus (ii) na suiteálacha a mhaoiniú. Tá sé de bhuntáiste ag RWE (agus ag LEAG) cheana féin go bhfuil rochtain níos éasca acu ar limistéir le haghaidh feirmeacha nua grianfhuinnimh agus gaoithe, i.e. trí úsáid a bhaint as talamh a bhí ainmnithe le haghaidh na mianadóireachta ligníte roimhe. Thairis sin, soláthraíonn na tráthchodanna bliantúla an leachtacht airgeadais do RWE (agus do LEAG) chun infheistiú a dhéanamh.

    (219)

    D’áitigh na hocht gcuideachta áitiúla ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go bhfuil deonú na cabhrach d’oibreoirí ligníte in aghaidh bhunphrionsabail dhlí iomaíochta an Aontais, toisc go bhfuil na cuideachtaí sin san iomaíocht le RWE go díreach i dtéarmaí mhargadh mórdhíola gearrthéarmach an leictreachais. Íoc ráta comhréidh a chinntear ar bhealach neamhiomaíoch agus préimhe díchoimisiúnúcháin eisiaiche atá ina rómheastachán, sáraíonn sé Airteagal 106 i gcomhar le hAirteagal 102 CFAE ar na cúiseanna seo a leanas: (i) comhdhlúthaítear ceannasacht an táirgeora cumhachta leis, is é sin, RWE, le cabhair acmhainní airgeadais, i gcás ina bhfuil an margadh á chúngú i bhfabhar RWE ar aon chaoi; (ii) cruthaítear neamhionannas struchtúrach sna dálaí iomaíocha sa mhargadh leis; méadaítear an fhéidearthacht leis gur féidir le RWE leas a bhaint as acmhainneacht straitéiseach na ngléasraí cumhachta dá chuid i margadh na ndíolachán tosaigh i gcomparáid le hiomaitheoirí eile agus gur féidir leis a cheannaireacht sa mhargadh a leathnú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus dá bhrí sin (iii) tá riosca méadaithe ann go mbrúfar iomaitheoirí amach. Mhaígh na cuideachtaí sin gurb amhlaidh i gcás ina gcruthaíonn Ballstát neamhionannas sna dálaí iomaíocha a d’fhéadfadh aistrithe agus mí-úsáidí cumhachta margaidh a spreagadh, go meastar gur sárú ar fhorálacha iomaíochta an dlí phríomha é sin de réir an fhasaigh ón gCoimisiún agus ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (102).

    (220)

    Ina n-aighneacht an 16 Samhain 2022, mhaígh na hocht gcuideachta áitiúla go dtacaíonn beart leasaithe RWE le ceannasacht agus le haistriú glas RWE ar bhealach saobhach. Áitíonn siad gurb é is aidhm do bheart leasaithe RWE cumhacht mhargaidh RWE a choinneáil ar bun i margadh nua an leictreachais ghlais agus go bhfuil aistriú breosla RWE á fhóirdheonú ag stát na Gearmáine, ach go mbíonn ar tháirgeoirí eile dul san iomaíocht le haghaidh an aistrithe sin. Tagraíonn siad go háirithe do phleananna RWE gléasraí cumhachta gásadhainte, a bheidh réidh don hidrigin, a thógáil ag a mbeidh acmhainneacht thart ar 3 GW i láithreán na ngléasraí lignítadhainte a dhúnfar in 2030 agus do ghealltanas líomhnaithe ó Stát na Gearmáine chun tacú le gléasraí den sórt sin a thógáil, fiú i gcás tairiscintí.

    (221)

    Na hargóintí ar a ndéantar achoimre in aithris (220), thug an dá chuideachta áitiúla ar aghaidh iad freisin ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh. Ina mbarúlacha don Chomhairliúchán Poiblí, chuir siad leo á rá go ndéanfaidh an beart díobháil do tháirgeoirí leictreachais foinsí in-athnuaite fuinnimh níos lú agus go mboilsceofar praghsanna leictreachais go saorga dá thoradh. Ar deireadh, mheas na cuideachtaí nach féidir éifeachtaí dearfacha an chúitimh a chothromú leis na héifeachtaí diúltacha, i ngeall ar na héifeachtaí ar an iomaíocht agus an róchúiteamh líomhnaithe (féach barúlacha i Roinn 4.3.6 thuas).

    4.3.7.4.   Comhlachais/ENRanna

    (222)

    D’áitigh DEBRIV ina bharúlacha don Chomhairliúchán Poiblí nach bhfuil aon fhianaise ar shaobhadh iomaíochta agus trádála ann de thoradh an chúitimh. Ar an gcéad dúl síos, eascraíonn buntáistí inchainníochtaithe don chomhshaol as an mbeart, toisc go ndéanfar laghdú ar astaíochtaí CO2 leis an dúnadh de réir a chéile a dhéanfar ar na gléasraí sin i gcaitheamh na tréimhse ábhartha. Ar an dara dul síos, níl sa chúiteamh a íoctar leis na cuideachtaí ligníte ach cúiteamh as brabúis chaillte agus as damáistí agus míbhuntáistí eacnamaíocha breise, agus dá réir sin, ní thugtar buntáiste iomaíoch do na gnóthais leis an gcúiteamh.

    (223)

    D’áitigh Greenpeace ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go n-eascróidh saofaí margaidh forleathana as méid neamhréireach na cabhrach mar a thuairiscítear in aithris (199).

    (224)

    D’áitigh CliantEarth ina bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh go saobhtar an iomaíocht leis an mbeart agus nach bhfuil aon bhuntáiste suntasach don chomhshaol ann chun saofaí iomaíochta a chothromú. Dar leis, is féidir leis na hoibreoirí a ngníomhaíochtaí eile a thras-fhóirdheonú, go háirithe táirgeadh an fhuinnimh ó fhoinsí fuinnimh níos glaine. Ina theannta sin, i dtaca leis an moill atá á cur ar dhúnadh na ngléasraí de thoradh sceideal an dlí um dhúnadh, rud atá ina ghné dhílis de sin freisin is ea go gcruthaítear míbhuntáiste iomaíoch le haghaidh foinsí fuinnimh atá níos glaine, foinsí a rachaidh isteach sa mhargadh agus níos mó deacrachtaí i gceist dóibh, nó ar luas níos moille ná a rachaidís, dá mba rud é gur dúnadh na gléasraí ligníte de réir gnáthdhálaí gnó agus na costais uile maidir lena ndúnadh rompu.

    (225)

    Thairis sin, thagair ClientEarth don ‘rialú aeráide’, mar a thugtar air, ó chúirt bhunreachtúil na Gearmáine an 24 Márta 2021 (103), lena bhfágtar amhras faoi cé acu an saothraítear go leormhaith leis an mbeart cuspóir na Gearmáine astaíochtaí GCT a laghdú. Luaitear i Roinn 2(1) den dlí um dhúnadh gurb é is príomhchuspóir don deireadh atá á chur leis an ngual de réir a chéile astaíochtaí GCT a laghdú sa Ghearmáin. Rialaigh an chúirt bhunreachtúil áfach, i dtaca leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair sa Ghearmáin, ar ina measc atá an dlí um dhúnadh, nach bhfuil an Ghearmáin ag comhlíonadh a hoibleagáide chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a chosc. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a rá gur mó na héifeachtaí diúltacha ná na héifeachtaí dearfacha, ós rud e nach gcuidíonn an beart le spriocanna aeráide riachtanacha na Gearmáine a bhaint amach. Mar fhreagairt ar an rialú sin, mhol rialtas na Gearmáine sprioc náisiúnta 65 % faoi 2030 don laghdú, faoina mbeadh sé riachtanach deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile faoi 2030, seachas faoi 2038.

    (226)

    Mhaígh ClientEarth gur cheart bearta breise a chur i bhfeidhm chun saofaí iomaíochta a sheachaint agus thagair sé do chás athstruchtúrúcháin British Energy plc mar shampla (104). Ba cheart toirmeasc ar thras-fhóirdheonú a ngníomhaíochtaí gnó difriúla a áireamh ar na bearta is gá (giniúint ligníte, giniúint nach bhfuil bunaithe ar an lignít, díolacháin leis an margadh mórdhíola, soláthar díreach do ghnólachtaí etc.), chun a sheachaint nach mbainfí mí-úsáid as an gcabhair um dhúnadh chun gníomhaíochtaí nua a fhorbairt.

    (227)

    Thug ClientEarth le fios thairis sin ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh go ndeimhníonn an cinneadh an t-ábhar imní maidir leis na saofaí ar an iomaíocht toisc gur léirigh RWE féin go ndéanfadh sé infheistiú ollmhór san aistriú fuinnimh, breis agus EUR 50 billiún ar bhonn domhanda i leathnú a phríomhghnó glas, a bhfuil EUR 15 billiún á chur i leataobh le haghaidh na Gearmáine (féach aithris (22) den Chinneadh maidir le Síneadh). Más amhlaidh go n-úsáidtear an cúiteamh i ndáiríre chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a imscaradh, tá rialacha sonracha eisithe ag an gCoimisiún chun deonú na cabhrach le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a mheas agus níor mhór measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha sin. Níl measúnú den sórt sin ina chuid den Chinneadh maidir le Síneadh.

    (228)

    Rinne EEB nóta tráchta tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí go mbeadh sé ina shaobhadh mór ar an margadh inmheánach cistí poiblí chomh hard sin a dheonú ar bheirt imreoirí agus orthu sin amháin, agus go ndéanfadh sé sin difear don iomaíocht agus don trádáil ar leibhéal náisiúnta agus, i bhfianaise thoisc RWE agus LEAG, ar leibhéal an Aontais. Mheas EEB go gcuideofar le RWE agus le LEAG a gcumhacht a choinneáil ar bun agus go mbrúfar iomaitheoirí a rinne cinntí straitéiseacha i dtreo fuinneamh níos glaine a tháirgeadh amach as an margadh.

    5.   BARÚLACHA ÓN nGEARMÁIN

    (229)

    Tar éis an Chinnidh Tosaigh agus an Chinnidh maidir le Síneadh, chuir údaráis na Gearmáine barúlacha isteach a ndéantar achoimre sa roinn seo orthu.

    5.1.   Cabhair a bheith ann

    (230)

    Tar éis an Chinnidh Tosaigh, d’áitigh údaráis na Gearmáine sna barúlacha an 1 Aibreán 2021 gur féidir an cheist i dtaobh an bhfuil cabhair ann a fhágáil ar oscailt toisc go bhfuil an beart comhréireach in aon chás. Dá bhrí sin, níor thug an Ghearmáin measúnú ar cé acu an dtugtar buntáiste do RWE agus do LEAG.

    (231)

    An 6 Meán Fómhair 2021, agus tuairim á tabhairt maidir leis na barúlacha tríú páirtí, dhiúltaigh údaráis na Gearmáine don dearcadh a tharraing tríú páirtithe áirithe anuas mar thuairim mhícheart, is é sin, go dtugtar buntáiste leis an gcúiteamh aontaithe do RWE agus do LEAG atá níos mó ná an méid a gheobhaidís i gcás dúnadh reachtúil maille le díospóid bhreithiúnach dá éis sin. Cuireadh i dtábhacht gurb amhlaidh leis an dearcadh sin nach dtugtar dóthain airde ar bhuntáistí iomadúla an réitigh chaibidlithe a roghnaíodh chun deireadh a chur leis an lignít de réir a chéile. Thagair an Ghearmáin don Choimisiún Guail, a mhol, tar éis dianphléití fada, inter alia, gur cheart an deireadh a chuirfí leis an nginiúint leictreachais lignítadhainte de réir a chéile a shocrú de chomhthoil. Lean rialtas na Gearmáine an moladh sin ar roinnt cúiseanna:

    (232)

    An suaimhniú sóisialta: Bhain tábhacht mhór leis an réiteach caibidlithe chun go mbeadh glacadh iomlán leis go gcuirfí deireadh leis an ngual de réir a chéile sa Ghearmáin. Ina mhalairt de chás, gan chomhthoil, d’fhéadfadh gníomhaithe difriúla cur as don phróiseas pleanáilte sin chun deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile, rud a d’fhágfadh go mbeadh an cur chun feidhme agus an forfheidhmiú polaitiúil agus sóisialta i bhfad ní ba dheacra.

    (233)

    Soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht: Soláthraíonn an réiteach caibidlithe deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht thráthúil do na páirtithe uile lena mbaineann. Tá sé ina dhúshlán struchtúrach mór laghdú a dhéanamh ar an nginiúint leictreachais lignítadhainte sa Ghearmáin, go háirithe, sna réigiúin i lár agus in oirthear na Gearmáine, mar a bhfuil ról suntasach ag oibreoirí gléasraí cumhachta agus mianach ligníte mar fhostóirí agus mar thosca eacnamaíocha. Chun go mbeadh laghdú na giniúna leictreachais lignítadhainte lámh ar láimh le beartais shóisialta agus struchtúracha, tá cosán díchoimisiúnúcháin iontaofa tábhachtach.

    (234)

    Lignít mar chóras foriomlán gléasraí cumhachta agus mianach dromchla: Tá nasc oibriúcháin díreach idir gléasraí cumhachta agus mianaigh dhromchla i gcás na ligníte. Dá bhrí sin, is gá an phleanáil agus an lóistíocht i leith dhúnadh na ngléasraí cumhachta agus na mianach dromchla a chomhordú go dlúth. Mar shampla, baineann dúshláin ar leith le bainistiú na bpoll iarmharach, aisghabháil na limistéar mianadóireachta dromchla nó bainistiú na ró-ualaí. Leis an réiteach caibidlithe chun gléasraí cumhachta lignítadhainte a dhíchoimisiúnú, tugtar aird chuí ar na dúshláin sin agus áirithítear go mbeidh laghdú na giniúna leictreachais lignítadhainte chomh héifeachtúil agus is féidir don chóras ina iomláine.

    (235)

    Ní fhéadfaidh rialacha aonaracha a bheith indéanta ach de réir conartha: Is conradh arna rialú faoin dlí poiblí é an comhaontú idir an Ghearmáin agus na hoibreoirí (i.e. conradh 2021) lena rialáiltear, i dteannta dhúnadh na ngléasraí cumhachta, cearta agus oibleagáidí eile na bpáirtithe conarthacha. Tá i gconradh 2021, i measc nithe eile, (i) leigheas dlí cuimsitheach, (ii) rialacha chun cúiteamh a áirithiú as na mianaigh dhromchla a athchóiriú agus (iii) an fhéidearthacht an deireadh atá á chur leis na gléasraí a thabhairt 3 bliana chun cinn gan cúiteamh breise. Baineann luach airgeadúil leis na rialacháin sin, agus ní bheidís indéanta, nó ní bheidís indéanta ar an mbealach céanna, le réiteach dlí.

    (236)

    Leigheas dlí cuimsitheach: I gconradh 2021, dearbhaíonn na hoibreoirí leigheasanna dlí a tharscaoileadh go cuimsitheach, os comhair cúirteanna náisiúnta agus os comhair cúirteanna eadrána idirnáisiúnta. Fiú má bhíonn sé deacair an luach eacnamaíoch atá ar tharscaoileadh den sórt sin a chainníochtú, tá an tarscaoileadh fíorshuntasach ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus polaitiúla de, toisc go dtairbhíonn an Ghearmáin den deimhneacht dhlíthiúil agus nach bhfuil eagla uirthi roimh aon riosca buiséadach ó imeachtaí a d’fhéadfaí a thionscnamh. Ina theannta sin, tá rialacháin i gconradh 2021 maidir le coibhéis chonarthach i dtaca le hathruithe dá éis ar imthosca ó thaobh na rialála de agus le hathbhreithnithe ar an mbeart.

    (237)

    Cúiteamh a dhaingniú chun mianaigh dhromchla a athchóiriú: Tá forálacha cuimsitheacha i gconradh 2021 chun na méideanna cúitimh a dhaingniú chun na mianaigh dhromchla a athshlánú. Tá na forálacha sin difriúil i gcás RWE agus LEAG, toisc go bhfuil cás an dá chuideachta difriúil, i bhfianaise an struchtúir ghrúpa agus na n-ionstraimí coimirce a chuireann na húdaráis mhianadóireachta chun feidhme. Dá bhrí sin, i gcás RWE, tá an fócas ar an struchtúr grúpa agus ar na coimircí atá i bhfeidhm i gcás athruithe suntasacha sa ghrúpa. I gcás LEAG, íoctar an méid cúitimh leis an meán sainchuspóireach, atá ann cheana féin agus atá geallta i bhfabhar Länder Brandenburg agus na Sacsaine, agus aistrítear an méid cúitimh chuig ciste ar leith dá bhrí sin.

    (238)

    Rogha maidir le tús-ualú i leith an díchoimisiúnaithe: Le conradh 2021, rialáiltear rogha luath: Sna 2030idí, d’fhéadfaí go ndúnfaí na gléasraí cumhachta uile 3 bliana ní ba luaithe ná mar is amhlaidh de réir chosán an dúnta, gan chúiteamh, ar choinníoll go n-éilíonn an Ghearmáin é sin 5 bliana ar a dhéanaí roimh dháta an dúnta luaith. Glacann na hoibreoirí leis sin gan aon chúiteamh breise a fháil. Dá bhrí sin áirítear an rogha maidir le díchoimisiúnú luath sna méideanna cúitimh aontaithe. Do rialtas na Gearmáine, baineann tairbhe breise leis an rogha sin toisc go dtugann sí tuilleadh spáis di chun gníomhú amach anseo ar mhaithe le tuilleadh laghduithe a dhéanamh ar CO2 agus an tráth céanna, ní chuirtear bac ar chuspóirí ná ar réimsí eile beartais, amhail slándáil an tsoláthair fuinnimh, cás socheacnamaíoch na limistéar dá ndéantar difear etc.. Is beag a d’fhéadfaí rogha den sórt sin gan chúiteamh a rialáil le deimhneacht dhlíthiúil le dlí.

    (239)

    Laghdú iontaofa ar CO2: Fágann an réiteach caibidlithe go mbainfear amach cuspóir an bhirt, is é sin, laghdú a dhéanamh ar CO2, go hiontaofa. Níl aon chúis eagla ann go ndéanfadh RWE ná LEAG agóid in aghaidh dhúnadh na ngléasraí cumhachta sa chúirt náisiúnta. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh aon chás a bheith ann nach mbainfí dúnadh aontaithe na ngléasraí amach nó ina gcuirfí moill orthu agus, dá thoradh sin, ina n-astófaí barrachas CO2.

    (240)

    Ina bharúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, chloígh an Ghearmáin leis an dearcadh a bhí aici i dtosach báire, is é sin, gur féidir aicmiú bheart leasaithe RWE mar chabhair a fhágáil oscailte, toisc go bhfuil luach láithreach an chúitimh níos ísle ná caillteanas measta an bhrabúis.

    5.2.   Bonn comhoiriúnachta

    (241)

    Níor chuir an Ghearmáin barúlacha isteach tar éis an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le hinfheidhmitheacht ná le cur i bhfeidhm CEEAG sa chás seo, ná níor thug tuairim maidir leis na barúlacha tríú páirtí a cuireadh isteach le linn an chomhairliúcháin sin.

    5.3.   Comhoiriúnacht cabhrach

    5.3.1.   Éifeacht dreasachta

    (242)

    Áitíonn an Ghearmáin nach bhfágann beart leasaithe RWE go bhfuil ceist ann faoin éifeacht dreasachta a bhí ag beart RWE ar RWE agus na sé haonad á dhúnadh ó bhí 2020 ann.

    (243)

    Tá sé haonad dúnta ag RWE cheana féin i gcomhréir leis an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile a leagtar síos sa dlí um dhúnadh agus i gconradh 2021. Mar sin féin, níl aon chúiteamh deonaithe go dtí seo do RWE i ngeall ar an gclásal fionraíochta in Airteagal 10 den dlí um dhúnadh. Níor mhúch RWE na haonaid sin ach amháin toisc gur aontaigh sé leis an nGearmáin go gcúiteofaí na próisis luatha sin chun iad a mhúchadh. I bhfocail eile, agus na haonaid á ndúnadh ag RWE, bhí coinne ag RWE leis go n-íocfadh an Ghearmáin cúiteamh de réir mar a fhoráiltear sa dlí. Atreisíodh an t-ionchas a bhí ag RWE go bhfaighfí cúiteamh go háirithe leis an gconradh arna rialú faoin dlí poiblí agus a bhí ceangailteach ó thaobh dlí de a tugadh i gcrích leis an nGearmáin, i.e. conradh 2021. I dteannta an dlí um dhúnadh, a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2020, sonraítear leis an gconradh sin go bhfuil RWE i dteideal cúitimh as múchtaí luatha na ngléasraí cumhachta. Spreagfar RWE chun na gléasraí a dhúnadh amach anseo freisin i ngeall ar an gcúiteamh a aontaíodh de réir conartha. Dá bhrí sin, tá éifeacht dreasachta ag beart RWE, mar a beartaíodh i dtosach báire agus mar a leasaíodh.

    (244)

    Maidir le pointe 427 CEEAG, d’áitigh údaráis na Gearmáine nach beart cabhrach chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a mhéadú faoi phointí 325 go 370 CEEAG ná imchéimniú ar na rialacha sin dlús a chur leis an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile i limistéar mianadóireachta ligníte na Réine. Dlús a chur le próiseas RWE chun deireadh a chur leis an lignít de réir a chéile, ní beart é chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí gearrthéarmacha ná fadtéarmacha maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh in earnáil an leictreachais. Sa tuarascáil ó Ghníomhaireacht Líonra Chónaidhm na Gearmáine maidir le stádas agus forbairt reatha na slándála fuinnimh, a foilsíodh ag tús 2023 (‘Versorgungssicherheitsbericht Strom’), luaitear go bhfuil sé indéanta deireadh a chur leis an ngual de réir a chéile sa Ghearmáin faoi 2030 gan tionchar a bheith aige sin ar thaobh mhargadh shlándáil an tsoláthair fuinnimh ná ar thaobh na heangaí de.

    (245)

    Chuir an Ghearmáin leis sin á rá go bhfuil fócas soiléir bheart leasaithe RWE ar dhíchoimisiúnú luath cinnteach na ngléasraí cumhachta lignítadhainte de chuid RWE. Is é dúnadh cinntitheach sin na ngléasraí cumhachta atá á chúiteamh, agus ní dheonaítear aon íocaíocht acmhainneachta. Na dátaí díchoimisiúnúcháin a aontaíodh i dtosach báire maidir le Neurath D agus Neurath E a chur siar 2 bhliain, ní thagann sé sin salach ar an measúnú sin, toisc nach n-íocfar an cúiteamh do RWE as an síneadh sin, ach as díchoimisiúnú luath na ngléasraí cumhachta. A mhéid atá sé ina chuidiú le slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú in earnálacha eile go mbeidh gás nádúrtha á shábháil i ngeall ar dhá aonad a bheith ag oibriú ar feadh tréimhse níos faide, de facto, ní chúitítear é sin. Chomh maith leis sin, an ceart atá ag rialtas na Gearmáine chun cinneadh a dhéanamh tráth níos déanaí maidir le cé acu an aistreofar aonaid áirithe de chuid RWE i gcúltaisce (féach aithris (278)), ní athraíonn sé sin an measúnú atá déanta ar bheart leasaithe RWE mar bheart díchoimisiúnúcháin.

    5.3.2.   Sárú ar dhlí an Aontais

    (246)

    Ina barúlacha a cuireadh isteach an 6 Meán Fómhair 2021, d’áitigh an Ghearmáin nach sáraíonn an beart an Prionsabal gurb é Údar an Truaillithe a Íocfaidh as i bhfianaise na nithe seo a leanas:

    (247)

    Ní sháraítear oibleagáidí na n-oibreoirí faoi dhlíthe mianadóireachta agus ní shábháiltear aon speansas (féach freisin mír 7 de chonradh 2021). An tráth céanna, ní hiad na cuideachtaí ‘a bhí ina gcúis’ leis na costais bhreise arbh é an deireadh luath atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile ba chúis leo. Dá bhrí sin, cuireadh na costais bhreise sin san áireamh nuair a bhí méideanna an chúitimh á gcinneadh.

    (248)

    Baineann na costais bhreise i leith na mianadóireachta le costais bhreise sna mianaigh dhromchla de thoradh an dúnadh a bheith á dhéanamh go luath, amhail leagan síos na bhforálacha á iarchur (éifeachtaí a bhaineann le ráta úis) agus caiteachas breise atá i ngeall ar an ngá le hathsceidealú, mar shampla. Ar an láimh eile, ní hiad na costais bhreise i leith na mianadóireachta dromchla na costais a bhaineann le gnáth-athchóiriú na mianach dromchla, a bheadh ar na cuideachtaí a iompar in aon chaoi i gcás nach mbeadh próiseas aontaithe ann chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile.

    (249)

    Tá coimircí breise i gconradh 2021 maidir le húsáid a bhaint as na mianaigh dhromchla. I dteannta na n-oibleagáidí dlíthiúla atá ar na hoibreoirí cheana, áirítear leis an gconradh coimircí a forbraíodh ar bhonn aonarach le haghaidh an dá oibreoir, rud lena ndéanfar laghdú ar an riosca nach n-iompróidh na cuideachtaí costais na hoibríochta mianadóireachta dromchla go hiomlán agus go bhfágfar ualaí substaintiúla ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ina ndiaidh.

    5.3.3.   Oiriúnacht

    (250)

    Ina barúlacha a cuireadh isteach an 6 Meán Fómhair 2021, luaigh an Ghearmáin go bhfuil an beart oiriúnach chun próiseas a chur chun feidhme chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile ar bhealach a bheidh slán ó thaobh an dlí de, inghlactha don tsochaí, intuartha agus costéifeachtach. Ní cosúil go bhfuil bearta malartacha ann atá chomh hiomchuí céanna. Thug an Ghearmáin le fios:

    (251)

    Níl an deireadh atá á chur le hantraicít de réir a chéile i mBallstáit eile an Aontais (e.g. an Ísiltír nó an Spáinn) inchomparáide leis an deireadh atá á chur ag an nGearmáin le húsáid ligníte de réir a chéile. Sna tíortha sin, úsáidtear an antraicít sna gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe uile, rud is féidir a fhoinsiú go heacnamaíoch ón margadh domhanda, agus níl aon mhianaigh dhromchla ann. Mar sin féin, dar leis an nGearmáin, is é nascadh na ngléasraí cumhachta le mianaigh dhromchla in aonad córasach go díreach an rud a fhágann go bhfuil an deireadh atá á chur leis an lignít de réir a chéile ina ualach chomh mór agus chomh casta, i ngeall freisin ar thábhacht na ngeilleagar réigiúnach agus ar an dúshlán chun an próiseas a dhéanfar de réir a chéile agus go hordúil a nascadh le beartais struchtúracha. Ina theannta sin, tá ról níos lú ag an ngual mar fhoinse fuinnimh sa Spáinn agus san Ísiltír ná mar atá i meascán fuinnimh na Gearmáine.

    (252)

    Is iomaí buntáiste atá ag an réiteach atá aontaithe i gcás na ligníte, amhail an suaimhniú sóisialta agus an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht (féach aithris (232) os cionn).

    5.3.4.   Comhréireacht

    (253)

    Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh an Ghearmáin cheana féin go bhfuil an brabús a tharscaoiltear níos airde cheana féin, gan ach iad sin a áireamh, ná na méideanna cúitimh agus dá bhrí sín, níl aon róchúiteamh ann.

    (254)

    Ina barúlacha i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, thug an Ghearmáin conclúid tosaigh an Choimisiúin dá haire maidir le comhréireacht bheart leasaithe RWE.

    (255)

    Maíonn an Ghearmáin go n-íoctar an cúiteamh le RWE as gnéithe éagsúla lena n-áirítear go háirithe an brabús a tharscaoiltear agus na costais bhreise nár mhór agus nach mór do RWE a iompar, toisc gur aontaigh sé a ghléasraí cumhachta a dhúnadh ar chúiseanna cosanta aeráide sula dtagann deireadh lena saolré theicniúil/eacnamaíoch. Murach sin, bheadh sé in ann ioncaim a fhíorú trí leictreachas na ngléasraí cumhachta a dhíol ar an margadh agus ní thabhódh sé na costais bhreise.

    (256)

    Áitíonn an Ghearmáin gur mó cheana féin an brabús a tharscaoileann RWE ná an cúiteamh do RWE agus dá bhrí sin, go dtugann sé bonn cirt leis an gcúiteamh do RWE. Chun é sin a léiriú, d’ullmhaigh GmbH comhairliúcháin fuinnimh r2b d’Aireacht na Gearmáine an ríomh athbhreithnithe le haghaidh ghléasraí cumhachta RWE, inar cuireadh an brabús a tharscaoiltear i gcomparáid leis an gcúiteamh a íoctar le RWE, chun a léiriú nach bhfuil aon róchúiteamh ann (féach aithrisí (63) go (75) chun tuairisc ar an ríomh sin a fháil).

    (257)

    Léiríonn an ríomh sin maidir le glanluach láithreach (NPV) an bhrabúis tharscaoilte i gcás na mblianta ó 2022 go 2025 (thart ar EUR 2,03 billiún), arna ríomh trí phraghsanna CO2 agus leictreachais a úsáid lena bhfuil coinne ag an margadh sna blianta tar éis dhúnadh na ngléasraí, go bhfuil an NPV sin níos airde cheana féin ná NPV an chúitimh atá le híoc le RWE (thart ar EUR 1,72 billiún). Má áirítear an bhliain 2026, cuirtear EUR 131 milliún breise (in NPV 2022) leis an mbrabús a tharscaoiltear.

    (258)

    Tugann an Ghearmáin le fios freisin go ndearnadh an ríomh ar bhealach coimeádach, rud a d’fhág go raibh an brabús a d’fhéadfadh na haonaid dhúnta a dhéanamh sa chás frithfhíorasach luaite faoina bhun. Go sonrach:

    (1)

    Leis an ríomh, toimhdítear maidir leis an gcaidhp ar ioncam ón margadh le haghaidh gineadóirí leictreachais, a reachtaíodh chun maireachtáil go dtí 30 Meitheamh 2023 ar a laghad tráth an ríomha athbhreithnithe, go gcuirfear síneadh leis an gcaidhp sin go dtí 30 Aibreán 2024, rud lena ndéantar laghdú ar bhrabús tarscaoilte ghléasra Frechen/Wachtberg. Ar deireadh, chinn rialtas na Gearmáine gan síneadh a chur le cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam ón margadh tar éis 30 Meitheamh 2023. Dá mba rud é gur cuireadh é sin san áireamh sa ríomh athbhreithnithe, bheadh an brabús a tharscaoilfeadh gléasra Frechen/Wachtberg EUR 181 milliún níos airde i dtéarmaí NPV.

    (2)

    Toimhdítear leis an ríomh go ndúnfar aonaid Neurath D agus E an 31 Márta 2025 agus nach mbeadh brabús tarscaoilte acu ach ón dáta sin ar aghaidh, ach is amhlaidh go bhféadfaidís dúnadh bliain ní ba luaithe agus brabús tarscaoilte níos airde a bheith acu, mura gcinnfeadh rialtas na Gearmáine ar leithligh na haonaid a choimeád go dtí 31 Márta 2025 (féach aithris (51)).

    (3)

    Ní chuirtear san áireamh leis an ríomh ioncaim ó sheachadtaí teasa agus ón margadh cothromúcháin, rud a fhágann go luaitear an brabús a tharscaoiltear faoina bhun a thuilleadh.

    (259)

    Tugann an Ghearmáin dá haire freisin go ndéantar an ríomh ar bhealach lena léirítear eacnamaíocht na giniúna leictreachais lignítadhainte go hiomlánaíoch, cás inarb amhlaidh go bhfuil na mianaigh doscartha ó na gléasraí cumhachta. Dá réir sin, ní hamháin go gcuirtear san áireamh leis an ríomh athbhreithnithe costais inathraithe i leith na mianadóireachta, ach freisin costais sheasta na mianach ligníte, atá i bhfad níos airde ná na costais inathraithe i leith na mianadóireachta nuair a dhéantar measúnú orthu in aghaidh an aonaid táirgthe leictreachais. Is éard a spreagtar dá thoradh sin tuilleadh arduithe suntasacha ar chostais iomlána an bhreosla in aghaidh an aonaid táirgthe agus go laghdaítear an brabús a tharscaoiltear a thuilleadh.

    (260)

    Maidir leis an amhras a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh, áitíonn an Ghearmáin nach bhfuil an t-amhras sin ábhartha a thuilleadh i gcás RWE i bhfianaise an ríomha athbhreithnithe (féach aithris (63) go (75)), go háirithe ós rud é go bhfaightear réidh leis an ngá le cur chuige cuimsitheach fadtéarmach i leith samhaltú de bharr an ríomha sin.

    (261)

    Go sonrach, maíonn an Ghearmáin maidir leis an amhras a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh a mhéid a bhaineann le brabús i dtréimhsí i bhfad amach anseo (féach aithrisí (123) go (132) den Chinneadh Tosaigh), nach bhfuil an t-amhras sin ábhartha a thuilleadh maidir le beart leasaithe RWE, toisc nach gcuirtear san áireamh leis an ríomh athbhreithnithe ach brabús tarscaoilte a thomhaistear i líon teoranta blianta nach bhfuil i bhfad ó dhátaí dhúnadh na ngléasraí agus toisc gur mó an brabús sin a tharscaoiltear cheana féin ná an cúiteamh.

    (262)

    Áitíonn an Ghearmáin freisin maidir leis an amhras atá ar an gCoimisiún i dtaca leis na costais infheistíochta (féach aithrisí (126) agus (127) den Chinneadh Tosaigh) a bhainfidh leis na gléasraí cumhachta a uasghrádú chun saolré fhada a bhaint amach, gur neamhábhartha é an t-amhras sin maidir le beart leasaithe RWE i ngeall ar an tréimhse ama i bhfad níos giorra dá gcuirtear brabús tarscaoilte réamh-mheasta san áireamh. A mhéid a bhaineann le Niederaußem D, cás ar chuir an Coimisiún amhras in iúl ina leith maidir le cé acu an mbeadh an gléasra in ann oibriú tar éis 2020 i ngeall ar chomhlíontacht leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2010/75/AE) agus le caighdeáin ghaolmhara níos déine maidir le Mórghléasraí Dócháin a bhaineann le croí-phróisis gléasraí cumhachta, áitíonn an Ghearmáin nach ábhartha é an t-amhras sin a thuilleadh maidir le beart leasaithe RWE ós rud é nach bhfuil aon bhrabús tarscaoilte á éileamh le haghaidh an aonaid áirithe sin sa ríomh athbhreithnithe (féach aithris (65)).

    (263)

    Thairis sin, i ndáil leis an amhras a cuireadh in iúl in aithris (129) den Chinneadh Tosaigh maidir le cé acu an amhlaidh leis an ráta lascaine 7,5 % go gcuirtear san áireamh go leordhóthanach na hardleibhéil rioscaí agus neamhchinnteachtaí atá nasctha leis an tréimhse réamhaisnéise fhada nó cé acu arbh éigean foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceartúcháin breise nó nárbh éigean, is é a áitíonn an Ghearmáin go bhfuil an ráta lascaine 7,5 % leordhóthanach. De réir an staidéir de chuid KPMG (105), is é 5,2 % meánchéatadán mheánchostas ualaithe caipitil an tionscail agus is é 3,5 % an meánchéatadán a úsáideann RWE ina ríomhanna féin. Áitíonn an Ghearmáin nach ábhartha é an t-amhras sin a thuilleadh maidir le beart leasaithe RWE toisc gur gearr í tréimhse ama na luachála agus nach amhlaidh de thoradh luach an mheánchostais ualaithe chaipitil, fiú má shocraítear níos airde nó níos ísle é, go n-athraítear toradh na comparáide idir an brabús a tharscaoiltear agus an cúiteamh. Is amhlaidh sin go príomha i ngeall ar thráthchlár gearr an bhrabúis tharscaoilte a éilítear, nach bhfuil glanluach láithreach an bhrabúis sin faoi aon tionchar mór ó athruithe ar mheánchostas ualaithe an chaipitil, agus é sin in éineacht leis an bhfíoras maidir le glanluach láithreach na n-íocaíochtaí cúitimh bliantúla, a leanann ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide, go laghdaítear an glanluach láithreach sin de thoradh éifeachtaí an bhoilscithe freisin (ar boilsciú 2 % an ráta lena bhfuil coinne tar éis 2025 de réir sprioc an Bhainc Ceannais Eorpaigh (106)).

    (264)

    A mhéid a bhaineann leis an amhras faoi phraghsanna breosla agus CO2 amach anseo, praghsanna a bhí as dáta dar leis an gCoimisiún (féach aithris (130) den Chinneadh Tosaigh), áitíonn an Ghearmáin nach ábhartha an fhadhb sin a thuilleadh ach oiread maidir le beart leasaithe RWE toisc go bhfuil an brabús a tharscaoiltear sa ríomh athbhreithnithe i dtaca le beart leasaithe RWE bunaithe ar ionchais an mhargaidh a suíodh go neamhspleách tráth dhúnadh na n-aonad (i gcás na n-aonad a múchadh cheana féin) nó ar ionchais an mhargaidh a suíodh go neamhspleách le déanaí maidir le praghsanna breosla agus CO2 (i gcás na n-aonad a bhí le dúnadh tar éis thráth curtha isteach an ríomha athbhreithnithe).

    (265)

    Ina theannta sin, an t-amhras a cuireadh in iúl in aithris (131) den Chinneadh Tosaigh, ina dtugann Coimisiún le fios nach bhfuair sé sonraí le haghaidh gach ceann de na haonaid a bhí sceidealaithe le dúnadh, cuirtear deireadh leis an amhras sin dar leis an nGearmáin maidir le beart leasaithe RWE chomh maith, ós rud é go bhfuil sonraí sa ríomh athbhreithnithe le haghaidh gach aonad RWE atá sceidealaithe le dúnadh agus a dúnadh cheana féin nó a bhfuil sé réamh-mheasta go mbeidh brabús tarscaoilte i gceist dó go luath amach anseo go dtí 2026 (107).

    (266)

    Áitíonn an Ghearmáin maidir leis an amhras atá ar an gCoimisiún faoi easpa na hanailíse íogaireachta a chuirtear in iúl go beacht in aithris (132) den Chinneadh Tosaigh, go gcuirtear deireadh leis sin freisin maidir le beart leasaithe RWE i bhfianaise gurb amhlaidh, in áit shamhail den mhargadh leictreachais maille le paraiméadair thoimhdithe amhail praghsanna leictreachais, bhreosla agus CO2 a cuireadh isteach roimhe, go n-úsáidtear le ríomh athbhreithnithe an bhrabúis tharscaoilte i gcás bheart leasaithe RWE ionchais iarbhír mhargaidh atá suite ag foinsí neamhspleácha agus lena gcuirtear cleachtas i bhfeidhm atá forleathan le fada ar fud an tionscail ina ndéanann gléasraí cumhachta a gcorrlach oibriúcháin a fhálú le húsáid táirgí airgeadais a cheannaítear ar mhalartáin tráchtearraí (féach aithris (75)).

    (267)

    Dar leis an nGearmáin, cuirtear deireadh leis an amhras atá ar an gCoimisiún faoi na cásanna malartacha a chuir an Ghearmáin isteach in aithris (134) den Chinneadh Tosaigh freisin maidir le beart leasaithe RWE. Is amhlaidh sin toisc gur tugadh dúnadh deiridh ghléasraí RWE chun cinn go dtí 2030 ó 2038, bunaithe ar bheart leasaithe RWE. Dá réir sin, níl an rogha chun tús-ualú a dhéanamh ar an díchoimisiúnú (i.e. an rogha chun an dúnadh a thabhairt chun cinn ó 2038 go 2035), ábhartha a thuilleadh agus níor measadh é le haghaidh ríomh athbhreithnithe bhrabús tarscaoilte RWE (féach aithrisí (63) go (75)).

    (268)

    Maidir leis na costais bhreise atá ar RWE i leith athshlánú mianaigh (féach aithrisí (136) go (138) den Chinneadh Tosaigh), tugann an Ghearmáin le fios nár cuireadh san áireamh sa ríomh athbhreithnithe ach brabús tarscaoilte ghléasraí cumhachta RWE agus iad sin amháin (féach aithrisí (63) go (75)), gan aon chostais bhreise i leith athshlánú mianaigh á meas le haghaidh an ríomha. Maidir le costais bhreise den sórt sin i leith athshlánú mianaigh, níor áiríodh iad sa ríomh athbhreithnithe ós rud é gur mó cheana féin é an brabús a tharscaoileann RWE ná an méid cúitimh a íoctar le RWE agus, dá bhrí sin, gur leor iad sin chun bonn cirt a thabhairt leis an gcúiteamh. Dá ainneoin sin, chuir an Ghearmáin i dtábhacht go dtabharfadh na costais bhreise i leith athshlánú mianaigh i gcoitinne bonn cirt leis na híocaíochtaí cúitimh do RWE freisin.

    (269)

    Tugann an Ghearmáin le fios gurb amhlaidh i gcás an ríomha athbhreithnithe agus na n-argóintí a tugadh chun cinn nach dtugann siad aghaidh ach amháin ar bheart leasaithe RWE agus go mbaineann siad go sonrach le cás bheart leasaithe RWE.

    (270)

    Ar deireadh, tugann an Ghearmáin le fios go bhfuil cás na ngléasraí cumhachta ligníte níos lú difriúil i ngeall ar an úinéireacht níos éagsúlaithe atá acu (tá thart ar 45 shuiteáil bheaga dhifriúla ligníte á n-oibriú sa Ghearmáin), agus is úsáidí tionsclaíocha a ídíonn a leictreachas féin a bhíonn iontu go hiondúil (agus a tháirgeann a dteas féin go minic freisin). Le fírinne, i gcás suiteálacha beaga áirithe a tháirgeann teas freisin i gcumraíocht comhghiniúna cumhachta agus teasa, leagadh a ndáta scoir síos in ionstraim dícharbónúcháin eile (Kraft-Wärme Kopplungsgesetz, an dlí maidir leis an gcomhghiniúint cumhachta agus teasa).

    (271)

    Ina barúlacha maidir le barúlacha na dtríú páirtithe i dtaca leis an gCinneadh maidir le Síneadh, d’áitigh an Ghearmáin nach bhfuil dealramh leis an gcáineadh ar mhodheolaíocht ríofa an bhrabúis tharscaoilte sa ríomh athbhreithnithe. Léirigh an Ghearmáin ina haighneachtaí gur féidir a thomhas go bhfuil NPV bhrabús tarscaoilte RWE níos airde ná NPV an chúitimh. Léiríonn an ríomh athbhreithnithe go bhfuil an méid cúitimh teoranta don íosmhéid is gá agus nach bhfuil aon róchúiteamh ann.

    (272)

    Thairis sin, thug an Ghearmáin le fios nár thug rialtas na Gearmáine ráthaíocht do RWE i leith aon tacaíocht Stáit chun gléasraí cumhachta gásadhainte, a bheidh réidh don hidrigin, a leathnú ar láithreáin na n-aonad ligníte dúnta. Aontaíonn údaráis na Gearmáine i gcomhthéacs an phróisis chun deireadh a chur leis an ngual sa Ghearmáin de réir a chéile, go bhfuil bearta nua éagsúla á dtarraingt suas ag rialtas na Gearmáine chun an t-aistriú chuig giniúint leictreachais aeráidneodrach a áirithiú. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin gur ráthaíodh aon tacaíocht do RWE. Toisc bhfuil an Ghearmáin ag beartú bónais a dhámhachtain as tacaíocht den sórt sin trí thairiscintí trédhearcacha agus ginearálta a bheidh oscailte do rannpháirtithe uile an mhargaidh, níl aon ráthaíocht ag RWE go bhfaighidh sé tacaíocht faoi na bearta nua. Thairis sin, tugann an Ghearmáin le fios nach bhfuil na bearta sin nasctha le beart RWE ná le beart leasaithe RWE ná leis an nós imeachta seo.

    5.3.5.   Seachaint éifeachtaí míchuí ar iomaíocht agus trádáil

    (273)

    Ina barúlacha a cuireadh isteach an 6 Meán Fómhair 2021, déanann an Ghearmáin an aighneacht ó na tríú páirtithe a chonspóid, is é sin go bhfuil an cúiteamh chun tairbhe RWE agus LEAG vis-à-vis iomaitheoirí i margadh na Gearmáine agus vis-à-vis iomaitheoirí sa mhargadh Eorpach araon agus áitíonn nach saobhann an beart an iomaíocht ná nach bhfuil sé ina bhagairt an iomaíocht a shaobhadh ná nach ndéanann an beart difear don trádáil idir na Ballstáit.

    (274)

    Ina theannta sin, measann an Ghearmáin gur gan bhunús atá an líomhain a rinne tríú páirtí i dtaca le sárú líomhnaithe ar Airteagal 106(1) i gcomhar le hAirteagal 102 CFAE ar a dtugtar tuairisc in aithris (220). Le sárú den sórt sin, glactar leis go bhfuil ceannasacht ag gnóthas ar an margadh agus go ndeonaíonn Ballstát cearta eisiacha nó cearta ar leith dó. Mar sin féin, sa chás seo, shuigh na húdaráis cheana féin i roinnt cinntí maidir le cumasc nach bhfuil ceannasacht ag RWE ar mhargadh an táirge ábhartha ná sa mhargadh geografach ábhartha (108).

    5.3.6.   Sásraí um dhúnadh iarchurtha

    (275)

    Áitíonn an Ghearmáin gur cheart an sásra um dhúnadh iarchurtha a dheighilt ó bheart leasaithe RWE toisc gurb ionstraimí difriúla iad, lena dtugtar aghaidh ar thréimhsí ama difriúla agus lena leantar loighic dhifriúil. Tá an cúiteamh do RWE as dúnadh go luath seasta sa dlí um dhúnadh agus i gconradh 2021. Ríomhadh é bunaithe ar bhrabús a tharscaoiltear agus a tabhaíodh tar éis dhúnadh críochnaitheach an aonaid shonraigh. An tréimhse a d’fhéadfaí aonad ar leith a chumhdach leis an sásra um dhúnadh iarchurtha (i.e. idir dáta sealadach dhúnadh an ghléasra agus an dáta deiridh), ní mheastar an tréimhse sin i ríomh an bhrabúis tharscaoilte.

    (276)

    Ar an taobh eile, ríomhtar an luach saothair i leith dúnadh iarchurtha bunaithe ar fhoirmle cúitimh le haghaidh an aonaid ábhartha agus ní dhéantar amhlaidh ach ar feadh na tréimhse ina gcumhdófar an t-aonad faoin sásra um dhúnadh iarchurtha. Dá réir sin, is neamhábhartha an luach saothair sin ó thaobh ríomh an bhrabúis tharscaoilte le haghaidh an chúitimh faoi bheart leasaithe RWE agus níor cheart é a chur san áireamh sa mheasúnú comhréireachta a dhéanfar ar bheart leasaithe RWE.

    5.3.7.   Cúlchistí ionchasacha nua

    (277)

    Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis na cúlchistí ionchasacha eile (Cúlchiste) a luaitear i mbeart leasaithe RWE (féach aithrisí (51) agus (59)), áitíonn an Ghearmáin nach ndéantar foráil maidir leis na roghanna cúlchiste sin sa dlí um leasú ná sa chonradh um leasú. Dá mba mhian leis an nGearmáin iad a chur chun feidhme, bheadh ar an nGearmáin agus ar RWE na roghanna sin a shainiú ar dtús. Ag an gcéim seo, níl na roghanna cúlchiste sin sainmhínithe go mion de réir dlí. Ós rud é nach ann do na cúlchistí sin fós agus nach bhfuil sé cinnte fós cé acu an ngníomhachtófar na roghanna amach anseo, áitíonn an Ghearmáin nach ábhartha iad na roghanna sin chun measúnú a dhéanamh ar bheart leasaithe RWE. Dá mba rud é go ndéanfadh rialtas na Gearmáine cinneadh i bhfabhar cúlchiste, is beart nua a bheadh ann. Ag brath ar a ndearadh, thabharfadh an Ghearmáin fógra faoi na bearta sin ar leithligh faoi dhlí Státchabhrach an Aontais.

    6.   MEASÚNÚ AR AN mBEART FAOINA dTUGTAR FÓGRA

    6.1.   Cabhair a bheith ann

    (278)

    De réir Airteagal 107(1) CFAE ‘aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an gcómhargadh sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’.

    (279)

    Dá bhrí sin, is gá na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh chun go mbeadh beart cáilithe mar chabhair de réir bhrí na forála seo: (i) ní mór an beart a bheith inchurtha i leith an Stáit agus a bheith maoinithe trí acmhainní Stáit; (ii) ní mór buntáiste a thabhairt dá fhaighteoirí leis; (iii) nach mór an buntáiste sin a bheith roghnach; agus (iv) leis an mbeart ní mór iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt agus difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit.

    (280)

    Sa Chinneadh Tosaigh cheana féin, tar éis don Choimisiún anailís a dhéanamh ar bheart RWE (féach aithrisí (94) go (112) den Chinneadh Tosaigh), tháinig sé ar an réamhchonclúid gur cabhair atá i mbeart RWE. Sa Chinneadh maidir le Síneadh, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid gur cabhair atá i mbeart leasaithe RWE freisin (féach aithrisí (80) go (88) den Chinneadh maidir le Síneadh).

    6.1.1.   Leitháireamh agus rannpháirtíocht acmhainní Stáit

    (281)

    Chun go gcinnfear i dtaca le beart go bhfuil sé á dheonú ag Ballstát nó trí acmhainní Stáit in aon fhoirm ar bith, ní mór (i) an beart a bheith á thabhairt go díreach nó go hindíreach trí acmhainní Stáit agus (ii) é a bheith inchurtha i leith an Stáit.

    (282)

    Sa chás seo, is as an mbuiséad Stáit a íocfar an cúiteamh le RWE i gcomhréir le forálacha an dlí um leasú agus an chonartha um leasú (féach aithris (77)).

    (283)

    Dá bhrí sin is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil beart leasaithe RWE inchurtha i leith an Stáit agus go dtugann sé le tuiscint go bhfuil acmhainní Stáit á n-úsáid de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

    6.1.2.   Buntáiste a bheith ann

    (284)

    Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, aon tairbhe eacnamaíoch nach bhféadfadh gnóthas a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, is é sin in éagmais idirghabháil ón Stát (109). Ceanglaítear le hAirteagal 107(1) CFAE freisin go mbeidh beart, chun a bheith sainmhínithe mar státchabhair, roghnaitheach sa chiall go dtugann sé buntáiste do ‘gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe’ .

    (285)

    Measann an Coimisiún go dtugann an beart buntáiste do RWE, nach mbeadh faighte faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh aige, toisc go bhfaighidh sé cúiteamh airgeadais EUR 2,6 billiún, nach mbeadh faighte aige murach an beart a bheith ann.

    (286)

    D’áitigh roinnt tríú páirtithe go ndeonaíonn an beart buntáiste (aithrisí (104) go (107)). Thug RWE le fios, mar an tairbhí, gur lú é an cúiteamh ná an damáiste iomlán a thabhaigh RWE agus dá bhrí sin, nach ndeonaítear aon bhuntáiste do RWE (aithrisí (92) go (97)). Ríomh RWE gur EUR 8,7 billiún an damáiste iomlán dó arbh é an dúnadh luath ba chúis leis, méid a bhí comhdhéanta de EUR 5,5 billiún de bhrabúis chaillte agus EUR 3,2 billiún de chostais bhreise (aithris (177)). Thairis sin, thug RWE le fios gur cúiteamh as damáistí é an beart a dtugtar fógra ina leith toisc go sáraíonn an dlí um dhúnadh ceart RWE chun maoine, agus dá réir sin, nach dtugtar aon bhuntáiste eacnamaíoch do RWE. Thacaigh tríú páirtithe áirithe leis an dearcadh sin freisin (aithris (108)).

    (287)

    D’áitigh údaráis na Gearmáine nach dtugtar buntáiste leis an gcúiteamh aontaithe do RWE atá níos mó ná an méid a gheobhadh RWE i gcás dúnadh reachtúil maille le díospóid bhreithiúnach dá éis sin (féach aithris (231) go (241)).

    6.1.2.1.   Cúiteamh faoin dlí náisiúnta is infheidhme

    (288)

    D’áitigh tríú páirtithe gur cur isteach ar chearta maoine RWE faoi Airteagal 14(1) GG atá sa deireadh luath atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile agus nach díshealbhú faoi Airteagal 14(3) GG atá ann. Mar sin féin, ní raibh tríú páirtithe ar aon tuairim maidir le cé acu ar cheart cúiteamh a dheonú i leith cur isteach den sórt sin nó nár cheart (féach aithrisí (93), (100), (103), (105), (106)). D’áitigh tríú páirtithe áirithe go mbeadh RWE in ann a chearta maoine a chosaint in imeachtaí cúirte bunreachtúla (féach aithrisí (108) agus (110)).

    (289)

    Chun a chinneadh cé acu an dtugann an beart a dtugtar fógra ina leith buntáiste do RWE, is gá don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar céard é íosleibhéal an chúitimh a mbeadh sé de cheangal ar an nGearmáin a dheonú do RWE faoin dlí náisiúnta i gcás nach ndearna an Ghearmáin ach an dúnadh a shainordú gan conradh a dhéanamh leis na hoibreoirí dá ndéanfaí difear. Má bhíonn níos mó ná an t-íoschúiteamh sin a cheanglaítear i gceist leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, deonaíonn an beart a dtugtar fógra ina leith buntáiste do na hoibreoirí dá ndéantar difear agus dá réir sin, is Státchabhair atá ann, má chomhlíontar critéir eile go carnach.

    6.1.2.1.1.   Raon feidhme na cosanta maoine faoi Airteagal 14 GG

    6.1.2.1.1.1.   Tagann an beart faoin dlí poiblí

    (290)

    Tá difríocht thábhachtach ann idir an cúiteamh bunreachtúil (Entschädigung) faoi Airteagal 14 GG agus cúiteamh as damáistí (Schadensersatz) i gcóras dlíthiúil an dlí shibhialta mar shampla.

    (291)

    Is dhá ionstraim dlí dhifriúla atá i gceist le prionsabail an chúitimh as damáiste sa dlí sibhialta, prionsabail nach infheidhme sa chás seo iad, agus an cúiteamh as na cearta maoine aonaracha a shárú faoi GG agus faoin dlí poiblí, agus leanann an dá ionstraim dlí sin loighic dhifriúil. Ciallaíonn an cúiteamh as damáistí i gcomhthéacs an dlí shibhialta (mar shampla i gciall §§ 249 (1) ff. BGB (110)) nach mór an duine díobhálaithe a bheith curtha i riocht amhail nach mbeadh teagmhas na díobhála tarlaithe (111). Ciallaíonn sé sin gurb é an damáiste féin an difríocht idir riocht na sócmhainne gan teagmhas lena ndéantar damáiste (cás hipitéiseach) agus an cás iarbhír i.e. riocht iarbhír na sócmhainne (fíorbhail) (112).

    (292)

    Ní cheanglaítear an leibhéal cúitimh sin áfach i gcás ina soláthraíonn an Stát forálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha i gcomhthéacs dlí phoiblí. Is éard a chiallaíonn an cúiteamh bunreachtúil cúiteamh iomchuí as na damáistí díreacha arbh é an idirghabháil sa mhaoin ba chúis leis agus arbh é caillteanas airgeadais an toradh uirthi. Tá sé bunaithe ar an gceart atá sáraithe agus tá sé beartaithe an sárú sin a chúiteamh go hiomchuí (113), ach ní dhírítear ar aisíoc iomlán leis.

    6.1.2.1.1.2.   Raon feidhme chur i bhfeidhm Airt. 14 GG

    (293)

    De réir litríocht an dlí, tá dhá chineál cur isteach ar an gceart chun maoine ann a chosnaítear faoi Airteagal 14 GG. Is é an díshealbhú faoi Airteagal 14(3) GG an chéad chineál, agus is é an fhoráil maidir le hinneachar agus teorainneacha i dtaca le maoin faoi Airteagal 14(1), an dara habairt GG, an dara cineál (114). Ní féidir an dá chineál a bheith i gceist le cás an tráth céanna, is díshealbhú atá ann nó foráil maidir le hábhar agus teorainneacha (115). Tá an Coimisiún ar aon tuairim leis na tríú páirtithe nach díshealbhú faoi Airteagal 14(3) GG atá sa deireadh luath atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile (féach aithris (289)). Is amhlaidh sin toisc nach gcaillfidh na hoibreoirí úinéireacht ar na suiteálacha ná ar an mbonneagar máguaird, rud atá ina réamhchoinníoll don díshealbhú. Tá an díshealbhú comhdhéanta de dhá chomhpháirt: ar thaobh amháin, riocht maoine a dhíothú agus, ar an taobh eile, earraí a leithreasú (116). Tá sé rialaithe ag Cúirt Bhunreachtúil na Gearmáine (‘Cúirt na Gearmáine) nach féidir leis na srianta ar úsáid agus ar dhiúscairt na gceart úinéireachta, iontu féin, a bheith ina ndíshealbhú (117). Dá bhrí sin, sa chás seo, inarb amhlaidh nach n-aistrítear aon cheart leis an mbeart, ach díreach teorainn a chur leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an maoin, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé a bheith ina chur isteach ar chearta maoine na n-oibreoirí mar fhoráil maidir le hinneachar agus teorainneacha faoi Airteagal 14(1), an dara habairt GG, deireadh luath a chur le húsáid ligníte de réir a chéile i gcás frithfhíorasach inarb amhlaidh nach ndearna an Ghearmáin ach an dúnadh a shainordú gan conradh a dhéanamh leis na hoibreoirí dá ndéantar difear, ach nach dtagann sé sin faoi Airteagal 14(3) GG dar leis an gCoimisiún.

    (294)

    Tuigeann an Coimisiún go bhfuil an t-úinéir maoine le glacadh leis na forálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha i bprionsabal gan chúiteamh de thoradh naisc shóisialta na maoine (118). Ní mór prionsabail na comhréireachta agus an chomhionannais a chomhlíonadh leis na forálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha. Mar sin féin, i gcásanna ar leith d’fhorálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha, nach bhfuil prionsabail na comhréireachta agus an chomhionannais á leanúint ina leith, d’fhéadfadh sé gur gá cúiteamh a dheonú sa chás. Go sonrach, d’fhéadfadh foráil maidir le hinneachar agus teorainneacha a bheith ina hoibleagáid le cúiteamh, mar eisceacht, i gcásanna cruatain ar leith (besonderer Härtefall). Is éard atá i gcásanna cruatain ar leith cásanna cruatain ‘speisialta’ inarb amhlaidh i gcás aonarach, go bhfágann cur i bhfeidhm an dlí cás atá róchrua, ró-mhíréasúnach nó fíor-éagórach, i.e. cásanna aonaracha as a n-eascraíonn ualach míréasúnach (unzumutbare Belastung), fiú i gcás ina gcuirfear cuspóir an dlí san áireamh (119). I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phrionsabal na comhréireachta agus an t-ualach eisceachtúil (Sonderopfer) atá ar an úinéir maoine a chúiteamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le socruithe cúitimh eisceachtúla. Is indéanta go mbeidh ualach eisceachtúil ann i gcásanna neamhghnácha, rud a eascraíonn as foráil, atá comhréireach inti féin, ach go measann an reachtas freisin go bhfuil gá leis an mbeart lena gcuirtear srian le maoin- ar mhaithe le leas an phobail sna cásanna sin. Ina leith sin, d’fhéadfadh gá a bheith le cúiteamh ansin chun díréireacht nó neamh-chomhionannas an bhirt don úinéir maoine a chúiteamh (120).

    (295)

    A mhéid a dhéantar seasaimh dhlíthiúla atá ann cheana a ghiorrú le forálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha, tagann an cheist chun cinn maidir lena mhéid nach mór an ghné ó thaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint de a chur san áireamh i gcomhthéacs thástáil na comhréireachta, agus a mhéid is gá socruithe idirthréimhseacha agus clásail cruatain (Härteklauseln(121) ar bhonn eisceachtúil. Chinn Cúirt na Gearmáine nach bhfuil an reachtas i bprionsabal coiscthe ó bhearta a fhorfheidhmiú lena gcuirtear srian leis an úinéireacht fiú i gcásanna cruatain ar leith (Härtefälle), má sheachnaíonn an reachtas ualaí díréireacha nó neamhchothroma a bheith ar an úinéir trí bhíthin réamhchúraimí cúiteacha agus má thugtar aird chuí ar ionchais dhlisteanacha. Dá bhrí sin, ar chúiseanna chosaint na n-ionchas dlisteanach, d’fhéadfadh gá a bheith le socruithe idirthréimhseacha agus clásail chruatain. Cé acu an bhfuil gá le socruithe idirthréimhseacha agus clásail chruatain agus a mhéid atá gá leo, braitheann sé sin ar chothromú a dhéanamh ar dhéine an chur isteach, a dhéantar leis an bhforáil maidir le hinneachar agus teorainneacha a thugtar isteach leis an mbeart, ar na cearta a chosnaítear le hAirteagal 14(1) GG, agus an tábhacht a bhaineann leis an leas ginearálta a shaothraítear leis an bhforáil maidir le hinneachar agus teorainneacha (122). Is fiú a thabhairt faoi deara maidir leis sin gur chinn Cúirt na Gearmáine gur féidir le cuspóir an bheartais phoiblí chun an comhshaol a chosaint a bheith níos mó ná leas an úinéara phríobháidigh gan srian a bheith á chur ar úsáid na maoine aige (123).

    (296)

    Is i gcásanna ina ndéantar dianchur isteach ar riocht maoine agus sna cásanna sin amháin a bhíonn foráil maidir le hinneachar agus teorainneacha ann lena bhfágtar go bhfuil gá le cúiteamh. An toisc chinntitheach maidir leis an gceanglas chun cúiteamh a thabhairt, is é sin cé acu an bhfuil an fhoráil maidir le hinneachar agus teorainneacha míréasúnach d’úinéir na maoine i dtéarmaí ghéire, dhéine agus fhad na forála de agus an bhforchuirtear ualach eisceachtúil (Sonderopfer) ar an úinéir (124) leis. Cé acu an bhforchuirtear ualach eisceachtúil den sórt sin, ní mór measúnú a dhéanamh air i bhfianaise cé acu a d’fhéadfaí ualach a d’fhéadfadh a bheith díréireach (unverhältnismäßige Belastung) a sheachaint ar mhodhanna eile, nó a mhéid a d’fhéadfaí é a sheachaint, le modhanna amhail socruithe idirthréimhseacha agus clásail chruatain (Übergangsregelungen und Härteklauseln).

    (297)

    Ní fhéadfadh ceart chun cúitimh bunaithe ar shárú na gceart bunreachtúil teacht chun cinn ach a mhéid a fhorchuirtear ualach eisceachtúil le foráil maidir le hinneachar agus teorainneacha. I gcás den sórt sin, ní mór cúiteamh iomchuí a bheith comhréireach leis na damáistí díreacha arbh é an idirghabháil sa mhaoin ba chúis leis agus arbh é caillteanas airgeadais an toradh uirthi, a mhéid a sháraítear leibhéal réasúnach is féidir bonn cirt a thabhairt leis i bhfianaise leasanna dlisteanacha nach bhfuil ag teacht le chéile. Níor cheart é a bheith d’aidhm ag aon chúiteamh ionchasach den sórt sin cúiteamh iomlán a thabhairt áfach (féach aithris (293)).

    6.1.2.1.1.3.   Breithnithe an Choimisiúin

    (298)

    D’áitigh RWE go n-eascraíonn ualach eisceachtúil as an deireadh luath atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile do RWE nuair a chuirtear é lena chuid oibleagáidí i ndáil le CTA AE (aithris (95)), agus mhaígh LEAG gur damáiste do mhaoin atá i gceist leis na costais bhreise nach n-eascraíonn caillteanas ceart ná substainte astu, ach go bhfuil siad ina n-ualach eisceachtúil, e.g. trí laghdú ar luach (aithris (101)). D’áitigh tríú páirtithe eile maidir leis na hidirthréimhsí fada, an fhéidearthacht chun tiontú chun breosla giniúna eile agus an fíoras go bhfuil mórán de na haonaid lignítadhainte a bhfuil a ndúnadh sceidealaithe amúchta, gurb é an chonclúid a eascraíonn as sin nach bhfuil aon chás d’ualach eisceachtúil ann (aithrisí (105) agus (106)). Níor thug an Ghearmáin barúil maidir leis an ábhar ó thaobh ualach eisceachtúil de. Ní thugtar aon tásc leis an dlí um dhúnadh maidir le cé acu an measann an Ghearmáin an deireadh atá á chur le húsáid ligníte de réir a chéile a bheith ina ualach eisceachtúil ar na hoibreoirí dá ndéantar difear agus a fhágann go bhfuil gá le cúiteamh.

    (299)

    Mar a luaitear in aithris (295), idirghabhálacha nach ndéantar díshealbhú leo ach díreach teorainn a chur le feidhmiú na gceart maoine, is féidir iad a bheith comhréireach i bprionsabal freisin gan aon chúiteamh á ndámhachtain ar an úinéir maoine dá ndéanann an idirghabháil ón Stát difear. Mar sin féin, tuigeann an Coimisiún, faoi dhlí na Gearmáine, nach gcuireann sé sin bac ar imthosca eisceachtúla sonracha ina bhféadfadh údar a bheith le cúiteamh tar éis teorainneacha a bheith curtha le feidhmiú na gceart maoine. Is amhlaidh é sin i gcás ina mbíonn teorannú fheidhmiú na gceart maoine fíorchunórach agus go n-eascraíonn ualach eisceachtúil (Sonderopfer) ar an úinéir as. Cé go bhfuil na bearta a dhéantar ar mhaithe leis an leas ginearálta, d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha suntasacha a bheith ar úinéirí maoine áirithe agus orthu sin amháin, rud a d’fhéadfadh a bheith díréireach. Sna cásanna sin, cuireann prionsabail dhlíthiúla ghinearálta dhlí na Gearmáine de cheangal ar an Stát sásra cúitimh a áireamh sa bheart ón tús chun comhréireacht an bhirt a áirithiú (125). Mar sin féin, i gcás bearta cúitimh, tuigeann an Coimisiún ón dlí de chuid na Gearmáine gurb amhlaidh, sula féidir cúiteamh airgeadais a mheas, gur cheart modhanna eile cúitimh a mheas ar dtús, amhail socruithe idirthréimhseacha.

    (300)

    I gcás ina ndéanfar anailís ar chomhoiriúnacht an phróisis chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile le hAirteagal 14 GG, ba cheart an struchtúr seo a leanas a leanúint: ar an gcéad dul síos, ní mór measúnú a dhéanamh ar cé acu an comhréireach an fhoráil maidir le hinneachar agus teorainneacha. Ar an dara dul síos, murab amhlaidh é sin, d’fhéadfadh cruatan áirithe leanúint as (besonderer Härtefall) agus ualach eisceachtúil (Sonderopfer) ar an úinéir maoine. An tríú pointe, i gcás ualach eisceachtúil, níl i gcúiteamh airgeadaíochta ach beart na rogha deiridh tar éis maolaitheoirí eile, amhail bearta idirthréimhseacha, a bheith curtha i bhfeidhm.

    (301)

    Mar a thuairiscítear in aithris (296), rialaigh Cúirt na Gearmáine gur mó cuspóir an bheartais phoiblí chun an comhshaol a chosaint ná leas an úinéara phoiblí gan srian a bheith ar úsáid na maoine aige. Baineann cuspóir comhshaoil le dúnadh shuiteálacha ligníte RWE freisin, toisc go n-eascróidh laghdú ar astaíochta CO2 as (aithris (18)), rud a chiallaíonn gur féidir bonn cirt a thabhairt le dúnadh sainordaithe na ngléasraí ligníte mar gheall ar an leas ó thaobh beartas poiblí de.

    (302)

    Faoi mheasúnú na comhréireachta, ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu an bhfuil ionchais dhlisteanacha ag an oibreoir is gá a chothromú in aghaidh leas an phobail ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil. Maidir leis sin, faigheann an Coimisiún gur léir ó chásdlí ábhartha na Gearmáine, nach bhfuil cosaint ag aon duine ó athruithe dlíthiúla a dhéanann difear d’infheistíocht atá ann cheana.

    (303)

    Meabhraíonn an Coimisiún, mar a thuairiscítear in aithris (104) den Chinneadh Tosaigh, gur phléigh Cúirt na Gearmáine ina breithiúnas in 2009 (126) cé acu a bheadh nó nach mbeadh cosaint ag duine ó athruithe dlíthiúla i gcás infheistíochta atá ann cheana agus phléigh siad raon feidhme chosaint an ionchais dhlisteanaigh i gcás athruithe ar an gcreat dlíthiúil. Bhí díospóid idir na páirtithe sa chás sin maidir le cé acu a bhí nó nach raibh na ceanglais ní ba dhéine ab infheidhme níos déanaí maidir le leas béaróg infheidhme go díreach freisin maidir le gléasra an iarratasóra, a raibh a chead oibríochta faighte aige sular tháinig na ceanglais ní ba dhéine i bhfeidhm agus go raibh coinne aige leis go mbeadh toradh aige ar a chuid infheistíochtaí tar éis 15 nó 20 bliain i mbun oibríochta. Dhíbh Cúirt na Gearmáine an t-achomharc agus tháinig sí ar an gconclúid nach ann d’aon cheart faoi dhlí na Gearmáine go bhfaighidh duine cosaint ó athruithe dlíthiúla go dtí go mbeidh na costais infheistíochta amúchta agus go dtí go mbeidh na suiteálacha díscríofa. Thairis sin, dúirt Cúirt na Gearmáine go gcuidíonn idirthréimhse leordhóthanach chun an prionsabal sin a dhaingniú. Pléadh na himthosca maidir le leas béaróg cheana féin le linn don iarratasóir a chead a fháil ar dtús. De réir Chúirt na Gearmáine, ní fhéadfadh an t-iarratasóir leanúint de bheith ag brath ar chaighdeán na gceanglas leasa ainmhithe a bhí i bhfeidhm tráth ar deonaíodh an cead a bheith fós ann. Dá réir sin, ba cheart don tionscal a bheith in ann athrú ar an dlí a thuar agus coinne a bheith aige leis.

    (304)

    Sa chás seo, tá na himthosca maidir leis na hoibreoirí ligníte cosúil leis sin. Rinne na hoibreoirí a gcuid infheistíochtaí sna suiteálacha ligníte atá le dúnadh síos sular daingníodh an creat dlíthiúil chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile. Mar sin féin, mar is léir ó bhreithiúnas 2009 Chúirt na Gearmáine ar a dtugtar tuairisc in aithris (304), ní féidir leis na hoibreoirí a bheith ag brath ar an status quo a bheith ann i gcónaí, i.e. ní féidir coinne a bheith leis go mbeidh cosaint acu ó athruithe dlíthiúla go dtí go mbeadh a n-infheistíocht amúchta go hiomlán. Ina theannta sin, is léir ón réimse poiblí gur cheart roimh thús an Choimisiúin Guail na hoibreoirí ligníte a bheith curtha ar an eolas maidir le beartas fuinnimh na Gearmáine inar cuimsíodh go gcuirfí breoslaí nach mbeadh chomh truaillitheach céanna nó fuinneamh in-athnuaite in ionad guail agus ligníte. Cé gur chuir an Coimisiún Guail tús lena chuid gníomhaíochtaí in 2018, ghlac an Ghearmáin gealltanais idirnáisiúnta maidir le cosaint na haeráide cheana féin roimhe sin. Ghlac an Ghearmáin, mar shampla, lena chéad sprioc beartais náisiúnta maidir leis an aeráid chomh luath le 1995 agus chinn sí ar bhealach coincréiteach in 2007 laghdú 40 % ar a laghad a chur ar astaíochtaí GCT faoin mbliain 2020 (i gcomparáid le 1990) (féach aithrisí (17) go (18)). In 2016, glacadh leis an gcoincheap maidir le neodracht GCT faoi 2050 i bPlean Gníomhaíochta na Gearmáine ar son na hAeráide (127). Mar achoimre, ag glacadh leis nach bhfuil aon cheart ann faoi dhlí na Gearmáine cosaint a fháil ó athruithe dlíthiúla – fiú amháin go dtí go ndéantar amúchadh ar chostais infheistíochta – tá sé sochreidte nach mbeadh ionchas dlisteanach ag oibreoir gléasra cumhachta ligníte maidir le cosaint a chuid infheistíochta, rud a ghabhfadh treis ar leas an phobail.

    (305)

    Maidir leis an argóint a rinne RWE go leanann ualach eisceachtúil as deireadh a chur go luath le húsáid ligníte de réir a chéile do RWE nuair a cheanglaítear é lena chuid oibleagáidí i ndáil le CTA AE (aithris (95)), tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil CTA AE ag déanamh difear do roinnt mhaith earnálacha agus truaillitheoirí agus ní hamháin do RWE nó oibreoirí ligníte. Tuigeann an Coimisiún cásdlí na Gearmáine ar bhealach a fhágann go ndéantar an cheist maidir le cé acu is ualach eisceachtúil é beart lena sriantar maoin a scrúdú laistigh de chomhthéacs an bhirt áirithe sin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach féidir CTA AE a chur san áireamh don cheist maidir le cé acu a chruthaíonn nó nach gcruthaíonn beart beartais a bhaineann go sonrach le lignít, ualach eisceachtúil.

    (306)

    Ina theannta sin, tuigeann an Coimisiún cásdlí na Gearmáine ar bhealach gur gá a chur san áireamh, sula n-éileofaí cúiteamh airgeadais faoin dlí náisiúnta, cibé acu nach féidir ualach eisceachtúil díréireach a sheachaint ar mhodhanna eile, amhail socruithe idirthréimhseacha. Is é RWE mar shampla úinéir na talún i gcónaí agus úinéir an bhonneagair atá ann cheana agus is féidir le RWE dá réir sin na sócmhainní sin a úsáid le haghaidh táirgeadh leictreachais bunaithe ar bhreoslaí eile nó chun críocha eile. Ina theannta sin, mar a thuairiscítear in aithris (302), sa chás seo, tugtar idirthréimhse d’fhormhór d’aonaid lignítadhainte RWE sula ndúntar iad, agus ní raibh sainordú ach ag Niederaußem D amháin chun dúnadh láithreach, faoi dheireadh na bliana 2020.

    6.1.2.1.2.   Torthaí staidéir ábhartha na Gearmáine

    (307)

    Tugann an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil staidéir ann atá ar fáil go poiblí, a bhfuil achoimre díobh in aithrisí (309) go (312), nach n-eisiatar leo go bhféadfaí deireadh a chur go luath le húsáid ligníte de réir a chéile gan chúiteamh airgeadais. Rinne an Coimisiún anailís shonrach ar dhá staidéar, atá i gcomhréir le tuairimí Chúirt na Gearmáine agus leis an litríocht dhlíthiúil ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (291) go (299). Chuir an Coimisiún na staidéir sin san áireamh ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, tá an dá cheann sách nua, ó 2018. Ar an dara dul síos, is páirtithe eolaíocha a scríobh an dá cheann. Déanann saoráid taighde Bundestag na Gearmáine, a d’ullmhaigh an chéad staidéar a chuirtear i láthair in aithris (309), taighde eolaíochta chun tacaíocht a thabhairt do chomhaltaí Pharlaimint na Gearmáine cé nach bhfuil sé beartaithe lena chuid tuarascálacha tuairimí Bundestag na Gearmáine, a chuid comhlachtaí nó a riarachán, a léiriú. A mhéid a bhaineann leis an dara staidéar a cuireadh i láthair in aithrisí (310) go (312), is í an Aireacht Cónaidhme um Chomhshaol, Caomhnú Dúlra, Sábháilteacht Núicléach agus Cosaint Tomhaltóirí (‘BMUV’) a choimisiúnaigh é leis an Ollamh Dr Thomas Schomerus, scoláire dlí agus saineolaí sa dlí poiblí, agus an t-aturnae faoi dhlí Gregor Franßen.

    6.1.2.1.2.1.   Tuairisc ar na torthaí

    (308)

    In 2018, rinne saoráid taighde Bundestag na Gearmáine staidéar chun scrúdú a dhéanamh ar cheanglais bhunreachtúla le haghaidh dhíchoimisiúnú reachtúil na ngléasraí-cumhachta gualbhreoslaithe (‘staidéar Bundestag na Gearmáine’) (128). Fuair an staidéar a rinne Bundestag na Gearmáine nach gcuimsítear díshealbhú le dúnadh na ngléasraí-cumhachta gualbhreoslaithe faoi Airteagal 14(3) GG agus gur fhoráil inneachair agus teorainneacha a bheadh sa dúnadh faoi Airteagal 14(1) GG. I staidéar Bundestag na Gearmáine, tháinig an tsaoráid taighde ar an gconclúid nach gcaithfí cúiteamh a sholáthar ach amháin maidir leis na suiteálacha aonair sin, lena mbaineann ualach eisceachtúil, d’ainneoin na socruithe idirthréimhseacha agus eisceachtúla (Sonderopfer). Breithníodh i staidéar Bundestag na Gearmáine freisin i gcás aonaid níos sine atá amúchta cheana féin, gur féidir díchoimisiúnú a dhéanamh gan chúiteamh.

    (309)

    Anuas air sin, sa staidéar ‘Climate protection and the legal possibilities of decommissioning lignite and hard-coal fired power plants’ (129) (an ‘staidéar um dhíchoimisiúnú’), arna choimisiúnú ag BMUV, fuarthas mar an gcéanna nach gcuimsítear díshealbhú le rialacháin maidir le díchoimisiúnú aonad-cumhachta antraicít-bhreoslaithe de bhun Airteagal 14(3) GG. Freisin, de réir an staidéir um dhíchoimisiúnú, is ann d’fhorálacha maidir leis an inneachar agus na teorainneacha de bhun Airteagal 14(1) GG, agus i gcomhréir le hAirteagal 14(2) GG, áirítear le saoirse gníomhaíochta an reachtais freisin an chumhacht chun seasaimh dhlíthiúla a bhí ann roimhe seo ag a raibh cosaint ó na cearta maoine a dhíothú ina n-iomláine, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis sin trí bhreithnithe ualaithe comhfhreagracha a bhaineann le leas an phobail.

    (310)

    Fuarthas sa staidéar um dhíchoimisiúnú gur nithe bunreachtúla iad na forálacha maidir le hinneachar agus teorainneacha agus nach gcruthaítear ualach eacnamaíoch míréasúnach leo. Is é sin, rialacháin maidir le díchoimisiúnú gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe nó lignítadhainte- ar chúiseanna a bhaineann le cosaint na haeráide, is rialacháin bhunreachtúla iad toisc go bhfuil siad iomchuí, riachtanach, agus comhréireach. Tugadh ar aird go háirithe gur mó na cúiseanna tromchúiseacha maidir le leas ginearálta an phobail, is é sin an gá atá le cosaint a thabhairt don aeráid agus chun neodracht charbóin a bhaint amach, ná an t-ualach eacnamaíoch sonrach a chuirtear ar na hoibreoirí dá ndéantar difear. Dá réir sin, caithfidh na hoibreoirí dá ndéantar difear caillteanas na dtuilleamh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an gcaipiteal arna infheistiú a iompar trí leanúint d’oibriú na suiteálacha. Ina theannta sin, cuireadh béim sa staidéar um dhíchoimisiúnú air nach n-éilítear sa GG go ndéanfaí amúchadh iomlán ar an gcaipiteal infheistithe chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile a bhfuil bonn cirt dlíthiúil leis. Mar sin féin, ba cheart le dearadh an dlí um dhúnadh go gcuirfí san áireamh go réasúnach leasanna eacnamaíocha na bpáirtithe dá ndéantar difear. Díríodh freisin sa staidéar um dhíchoimisiúnú air nach amháin gur beart cúitimh ann féin é an cúiteamh airgeadaíochta, agus go deimhin na bearta idirthréimhseacha, amhail idirthréimhse agus gur féidir leo réiteach a fháil ar an idirghabháil maidir le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí dá ndéantar difear. Maidir leis an amlíne i dtaca le hamúchadh, tugadh roinnt samplaí sa staidéar um dhíchoimisiúnú. Léiríodh i roinnt den litríocht mar shampla gur féidir amúchadh a bhaint amach taobh istigh de 20 bliain (130). Thairis sin, agus tagairt á déanamh do na ríomhanna a thug Gníomhaireacht Comhshaoil na Gearmáine (Umweltbundesamt), tá coinne leis go ndéanfar amúchadh ar na chéad infheistíochtaí i ngléasraí cumhachta- gualbhreoslaithe nó lignítadhainte tar éis thart ar 15 nó 20 bliain; tar éis 25 bliain ar a dhéanaí, d’fhéadfadh sé ní hamháin go mbeadh infheistíocht na sócmhainní amúchta, ach féadfaidh siad toradh a thabhairt a bheidh coibhéiseach leis an toradh ar bhandaí rialtais (131). Maidir le haonaid a bhí go maith os cionn 25 bliain d’aois cheana féin in 2017 féadfaidh coinne a bheith leis go bhfuil siad amúchta cheana féin (132). De réir an staidéir um dhíchoimisiúnú agus na bhfoinsí arna lua, bheadh an meántréimhse amúchta le haghaidh aonad ligníte thart ar 25 bliain dá réir sin (133). Thángthas ar an gconclúid sa staidéar um dhíchoimisiúnú a mhéid atá na hinfheistíochtaí a rinneadh i ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe nó lignítadhainte amúchta go hiomlán, nach n-éileofaí cúiteamh le dlí um dhúnadh maidir le gual. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid chun a bheith sábháilte, fiú i gcás na ngléasraí amúchta, gur cheart idirthréimhse 1 nó 2 bhliain a dheonú chun deis a thabhairt do na hoibreoirí oiriúnú dó.

    (311)

    Ina theannta sin, breithníodh freisin sa staidéar um dhíchoimisiúnú an cheist maidir le cé acu a chuireann nó nach gcuireann dúnadh guail arna shainordú isteach ar ionchais dhlisteanacha, i gcás nach raibh gléasraí amúchta ina n-iomláine. Breithnítear sa staidéar nach dtugtar cosaint speisialta ar bith do chearta maoine i dtéarmaí infheistíochtaí a rinneadh tar éis 2010. In 2010, bhreithnigh an Rialtas Feidearálach teorainn a chur de réir a chéile ar ghiniúint leictreachais iontaise chuig ról ina soláthrófaí acmhainneacht chothromúcháin agus chúltaca i bpáirc ghléasra cumhachta sholúbtha. Dá bhrí sin, ón bpointe sin amach, níl ach gá teoranta le cosaint d’ionchais dhlisteanacha agus iontaoibh maidir leis sin (134). In aon chás, ní fhéadfaí a bhreithniú go réasúnta tar éis an dáta sin go leanfadh suiteálacha den sórt sin go simplí ag feidhmiú ar bhealach neamhtheoranta sa todhchaí.

    6.1.2.1.3.   Breithnithe an Choimisiúin agus an chonclúid maidir le cúiteamh faoin dlí náisiúnta is infheidhme

    (312)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, breithníonn an Coimisiún na nithe a leanas:

    (313)

    Is féidir faoi dhlí na Gearmáine srian a chur le húsáid maoine ar chúiseanna beartais phoiblí agus an dáta dúnta a shainordú. Leanann sé sin ó cheangail shóisialta nó dualgais shóisialta maoine. Is cúis bhailí an t-ábhar imní maidir leis an gcomhshaol, atá ann i gcás ligníte, ar breosla an-truaillitheach é i nginiúint leictreachais. Dá bhrí sin, i bprionsabal, ní gá go n-éileofaí cúiteamh sa chás seo faoi dhlí na Gearmáine.

    (314)

    Cé go bhfuil sé fíor a rá go bhféadfadh ionchais dhlisteanacha úinéir na maoine nach gcuirtear bac ar infheistíochtaí a bheith meáite in aghaidh leas an phobail, measann an Coimisiún fiú roimh thús an Choimisiúin Guail in 2018, go raibh an treo beartais níos coincréití maidir le spriocanna aeráide a leagan síos agus go rabhthas go mór in aghaidh breoslaí iontaise truaillitheacha, agus go rabhthas i bhfabhar giniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Cé go bhféadfadh sé gur phróiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist leis sin, tá an Coimisiún ar aon intinn leis an litríocht a luaitear go raibh cosaint na n-ionchas dlisteanach éirithe teoranta i bhfad níos túisce ná 2018. Tugann an Coimisiún dá aire go mbreithnítear sa staidéar um dhíchoimisiúnú gur dáta atá go háirithe ábhartha é 2010 maidir leis sin.

    (315)

    Dealraíonn sé freisin nach mó leas na n-úinéirí a d’fhéadfaí a chosaint in aon chás ná tréimhse ábhartha amúchta na hinfheistíochta. I gcás na n-aonad amúchta, faoi mar a dheimhnigh an Ghearmáin, bheadh 14 amach as 16 aonad ligníte RWE dímheasta ina n-iomláine faoin am a ndúnfaí iad (féach aithris (55)), toisc go bhfuil suiteálacha den sórt sin ag feidhmiú le thart ar 50 nó 60 bliain, agus 28 bliain i gcás Niederaußem K. Tá na blianta oibríochta sin go maith os cionn an mheáin 25 bliain le haghaidh amúchadh ar a dtugtar tuairisc sa staidéar um dhíchoimisiúnú in aithris (310) (féach Tábla 4 agus aithris (54)).

    (316)

    Ina theannta sin, tuigeann an Coimisiún, faoi dhlí na Gearmáine, i gcás ina mbeadh cúiteamh sainordaitheach, gur cheart tosaíocht a thabhairt do shocruithe idirthréimhseacha chun tosaigh ar chúiteamh airgeadais. Ní raibh idirthréimhsí ach ag ceann amháin de na gléasraí sin atá amúchta ina n-iomláine ag tosú ó theacht i bhfeidhm an dlí um dhúnadh (féach Tábla 3). Dá bhrí sin, le haghaidh na ngléasraí seo, tuigeann an Coimisiún nach mbeadh cúiteamh airgeadais ag teastáil faoi dhlí na Gearmáine.

    (317)

    An tráth céanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dhá cheann as na 16 aonad ligníte amúchta ina n-iomláine faoin am a ndúnfaí iad, toisc iad a bheith ag feidhmiú ar feadh níos lú ná 25 bliain. Baineann sé sin go háirithe le Neurath F (BoA 2) agus Neurath G (BoA 3) (ar oscail an dá cheann acu in 2012). Mar sin féin, i bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart do RWE fios a bheith aige faoin am ar oscail na suiteálacha sin go bhféadfadh tréimhse shaoil na suiteálacha sin a bheith teoranta agus nach mbeadh an t-oibreoir in ann na haonaid sin a amúchadh ina n-iomláine (féach aithris (312)). Ag comhaireamh ó mhí Dheireadh Fómhair 2022, leagadh síos idirthréimhse 7 mbliana go leith don dá aonad seo. Dá bhrí sin, le haghaidh an dá aonad sin, a bhféadfadh sé nach bhfuil siad amúchta go fóill, measann an Coimisiún é sochreidte gur foirm leordhóthanach cúitimh í an idirthréimhse per se agus nach dteastaíonn aon chúiteamh airgeadais breise. Agus fiú mura raibh an cás sin amhlaidh, de réir na Gearmáine, b’fhiú EUR 570 milliún luach anonn iomlán an dá shuiteáil sin ón 31 Márta 2030 ar aghaidh (féach aithris (57)).

    (318)

    Mar achoimre, measann an Coimisiún gur féidir a eisiamh go mbeadh gá faoi dhlí na Gearmáine le cúiteamh airgeadais le haghaidh dúnadh sainordaithe laistigh de na tréimhsí ama arna sonrú ag an nGearmáin. Cé nach bhfuair aonad Niederaußem D idirthréimhse de 1 bhliain amháin roimh dhúnadh, tugann an Coimisiún dá aire nach gcuireann an Ghearmáin san áireamh san fhógra é sna ríomhanna chun an brabús a tharscaoiltear a thaispeáint agus go raibh sé ag feidhmiú thar an meántréimhse ama is gá chun amúchadh a bhaint amach.

    (319)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh gá le cúiteamh ar bith faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta is infheidhme sa chás hipitéiseach nach dtiocfaí ar chomhaontú maidir le conradh idir an Stát agus an t-oibreoir. Dá bhrí sin, soláthraíonn na méideanna arna gcomhaontú buntáiste do RWE nach bhfaigheadh sé faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, rud a chiallódh dúnadh sainordaithe gan chúiteamh.

    (320)

    Fiú i gcás ina nglacfadh duine leis in éagmais an bhirt ar tugadh fógra ina leith, go raibh cúirteanna náisiúnta na Gearmáine chun roinnt cúitimh a dhámhadh do RWE, gur dóigh go mbeadh cúiteamh den sórt sin teoranta don dá ghléasra nach mbeadh amúchta ina n-iomláine faoi 2030 (i.e. i gcás Neurath F (BoA 2 agus Neurath G (BoA 3)). In aon chás, aon chúiteamh hipitéiseach den sórt sin a d’fhéadfaí a dhámhadh tar éis nósanna imeachta dlíthiúla fada agus éiginnte ní shroichfidís EUR 2,6 billiún (féach aithrisí (55) agus (56)). Dá bhrí sin, fiú dá mba ann do cheart chun cúitimh (quod non), breithníonn an Coimisiún in aon chás, go dtéann an cúiteamh faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith thar a bhféadfaí a shainordú faoin dlí náisiúnta. Thairis sin, ní cheanglaíonn an beart a dtugtar fógra ina leith ar RWE tabhairt faoi nósanna imeachta dlíthiúla fada a bhféadfadh toradh éiginnte a bheith orthu a bheadh air a shaothrú ina mhalairt de chás.

    (321)

    Chuige sin, cuireann an Coimisiún in iúl go dtugtar an beart a dtugtar fógra ina leith, EUR 2,6 billiún i dtéarmaí ainmniúla, mar mhéid aonair amháin sa dlí um dhúnadh agus sa chonradh leasúcháin agus nach miondealaítear é ná nach leithdháiltear é do dhúnadh aonad aonair. Dá bhrí sin tá gléasraí aonair doscartha chun críocha cáilíocht cabhrach, go raibh a ndúnadh beartaithe an tráth céanna agus go raibh sé intuartha, agus an aidhm chéanna leis maidir le RWE a chúiteamh as deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile agus imthosca RWE mar ghnóthas gan athrú. Dá bhrí sin, faigheann an Coimisiún fiú mura raibh ach cuid de mhéid an chúitimh sainordaitheach mar chúiteamh airgeadais faoi dhlí na Gearmáine, nach féidir an beart a dheighilt go saorga in ilchéimeanna, agus go gcaithfidh an méid iomlán a dtugtar fógra ina leith cáiliú dá réir sin mar chabhair.

    (322)

    Measann an Coimisiún dá réir sin fiú má bhí oibleagáid ann faoin dlí náisiúnta maidir le cúiteamh airgeadais, go mbeadh aon chúiteamh den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann níos ísle ná an EUR 2,6 billiún ar tugadh fógra ina leith. Ríomhadh an méid ar tugadh fógra ina leith agus brabúis na n-aonad aonair a tarscaoileadh á n-úsáid mar bhonn agus na dátaí dúnta sa phlean um dhúnadh le haghaidh RWE, i.e. ó 2021 go dtí 2025. Ríomhtar an brabús a tharscaoiltear a úsáideadh sna ríomhanna ón dáta dúnta faoi seach go dtí 2026. Ní chuirtear san áireamh sa ríomh sin aon chúiteamh a d’fhéadfaí a thabhairt i bhfoirm idirthréimhsí ó bhí 2020 ann nuair a socraíodh an dúnadh go luath sa dlí. Ní chuirtear san áireamh ann gur dóigh go mbeidh na haonaid faoi seach amúchta faoin dáta dúnta, ach an oiread.

    (323)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh RWE i dteideal cúiteamh airgeadais faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó, in aon chás, nach mbeadh méid an chúitimh airgeadais a bhféadfadh sé a bheith ina theideal faoin dlí náisiúnta is infheidhme comhionann nó níos airde ná an beart a dtugtar fógra ina leith de luach EUR 2,6 billiún. Dá bhrí sin, tá coinne leis go bhfaighidh RWE faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith cúiteamh a théann thar mar a shainordaítear faoi GG. Dá réir sin, gheobhaidh RWE buntáiste nach bhfaigheadh sé faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh.

    6.1.2.2.   Ní féidir deireadh a chur le cumhacht núicléach na Gearmáine de réir a chéile mar analach

    (324)

    Chuir tríú páirtithe in iúl gur féidir úsáid a bhaint as deireadh a chur le cumhacht núicléach na Gearmáine de réir a chéile sa chás reatha, agus dá réir sin gur cheart cosaint bhreise a thabhairt do na hoibreoirí ligníte faoi GG (féach aithrisí (93), (182) go (183)).

    (325)

    Ní aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim seo atá ag na tríú páirtithe agus tá sé den tuairim nach féidir deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile mar analach dhíreach maidir le deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún dá aire maidir le deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile, go raibh gealltanas dlíthiúil ann a thug an Stát, arna leithdháileadh de réir dlí do na táirgeoirí go mbeidh tréimhse ama sainithe acu chun leanúint ag táirgeadh méideanna áirithe fuinnimh (‘Reststrommengen’ ). De réir Chúirt na Gearmáine ina breithiúnas in 2016 (135), de thoradh shárú na ráthaíochta sin cruthaíodh teidlíocht ar chúiteamh i ngeall ar na hionchais a cruthaíodh nuair a rinneadh foráil maidir leis an ráthaíocht táirgeachta breise sa dlí. Ní ann do ráthaíocht den sórt sin áfach, sa chás seo; níl ionchais dhlisteanacha den sórt sin ag gléasraí cumhachta ligníte toisc nárbh ann do dhlí lenar ghabh an ráthaíocht leanúint de tháirgeadh méid sonraithe fuinnimh ó lignít. Dá bhrí sin, tá difríocht idir imthosca an dá chás agus ní féidir deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile mar analach sa chás seo.

    (326)

    Ar an dara dul síos, maidir le deireadh a chur leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile, luaigh Cúirt na Gearmáine (136) go raibh easpa scéim cúitimh ann le haghaidh infheistíochtaí a rinneadh a dhíluacháil nuair a cuireadh na cainníochtaí leictreachais iarmharaigh breise ar ceal, i.e. de chuid Reststrommengen. Thairis sin, ní raibh aon mhéid sonrach cúitimh sonraithe sa dlí sin. Rud éagsúil, sa chás seo, go n-áirítear leis an mbunús dlí ábhartha (i.e. an dlí um dhúnadh) méid sonrach cúitimh agus go bhfuil beart cúitimh mionsonraithe i bhfeidhm chun na táirgeoirí a chúiteamh as deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile, ar thug na hoibreoirí comhaontú ina leith i gconradh 2021 agus sa chonradh leasaitheach (féach aithrisí (33) agus (60)). Dá réir sin, níl imthosca inchomparáide ag baint leis an dá chás.

    (327)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil an deireadh a chuirfidh an Ghearmáin leis an gcumhacht núicléach de réir a chéile agus le húsáid ligníte de réir a chéile inchomparáide, toisc go bhfuil cúlraí fíorasacha an dá chás difriúil.

    6.1.3.   Roghnaíocht

    (328)

    Deonaítear an beart a dtugtar fógra ina leith do RWE agus ní bhaineann ach RWE leas as agus dá réir sin tá an buntáiste do RWE roghnaitheach de réir a chineáil.

    6.1.4.   Tionchar ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit

    (329)

    I gcomhréir le cásdlí socraithe (137), ionas go mbeidh tionchar ag beart ar an iomaíocht agus ar an trádáil is leordhóthanach go dtéann faighteoir na cabhrach in iomaíocht le gnóthais eile ar mhargaí atá oscailte don iomaíocht.

    (330)

    Toisc gur cuid de mhargadh léirscaoilte é margadh leictreachais na Gearmáine atá nasctha agus cúpláilte le limistéir thairisceana tíortha comharsanacha, tá oibreoirí na ngléasraí cumhachta lignítadhainte in iomaíocht dhíreach le gineadóirí cumhachta eile.

    (331)

    Ina theannta sin, ciallaíonn an deireadh a chuirfear le giniúint leictreachais lignítadhainte de réir a chéile go gcaithfidh gineadóirí eile an leictreachas a tháirgfí leis na suiteálacha sin a tháirgeadh anois, rud is dóigh a dhéanfaidh difear don ord fiúntais agus do phraghas mórdhíola an leictreachais dá bharr sin.

    (332)

    Dá bhrí sin, beidh tionchar ag an mbeart a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit.

    6.1.5.   An chonclúid maidir le Státchabhair a bheith ann

    (333)

    I bhfianaise a bhfuil thuas sa roinn seo 6.1, tugann beart leasaithe RWE buntáiste roghnaíoch do RWE, a dhíorthaíonn ó bhuiséad an Stáit agus atá inchurtha i leith an Stáit, agus bíonn tionchar aige ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, cuimsítear Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith.

    6.2.   Dleathacht na cabhrach

    (334)

    Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil clásal fionraíochta sa dlí um dhúnadh (Airteagal 10), i gconradh 2021 (mír 25(1)) agus sa dlí leasaitheach (Airteagal 3), agus ní fhéadfar beart leasaithe RWE a chur i bhfeidhm ach amháin dá réir má dhámhann an Coimisiún ceadú faoin dlí Státchabhrach agus a mhéid a dhámhfaidh an Coimisiún an ceadú (féach aithris (37)). Ina theannta sin, dheimhnigh an Ghearmáin nach ndearnadh aon íocaíocht le RWE (féach aithris (37)).

    (335)

    Measann an Coimisiún dá bhrí sin trí fhógra a thabhairt i leith bheart leasaithe RWE sula gcuirtear chun feidhme é, gur thug údaráis na Gearmáine urraim don fhógra agus don oibleagáid neamhghníomhaíochta a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE.

    6.3.   Comhoiriúnacht na cabhrach

    6.3.1.   An bunús dlí leis an measúnú

    (336)

    Le hAirteagal 107(3)(c) CFAE foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann. Dá bhrí sin, le cabhair chomhoiriúnach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe (138). Thairis sin, leis an gcabhair níor cheart iomaíocht a shaobhadh ar bhealach atá contrártha don leas coiteann.

    (337)

    An 27 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún le CEEAG. De réir phointe 466 CEEAG, cuirfidh an Coimisiún CEEAG i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach uile infhógartha le haghaidh na haeráide, le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus an fuinneamh a dámhadh nó atá beartaithe a dhámhadh ón 27 Eanáir 2022.

    (338)

    De réir chásdlí na Cúirte, ní mór cabhair a bhreithniú mar chabhair a deonaíodh tráth a dhéantar an ceart maidir lena fáil a thabhairt don tairbhí faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme. Chun a chinneadh cathain nach mór cabhair a bhreithniú mar chabhair atá le deonú, na coinníollacha uile a leagtar síos leis an dlí náisiúnta chun an chabhair i gceist a fháil, ní mór iad a chur san áireamh (139).

    (339)

    Measann an Coimisiún nár deonaíodh an chabhair do RWE go fóill i bhfianaise an chlásail fionraíochta atá áirithe i mbunús dlí náisiúnta an bhirt a dtugtar fógra ina leith (aithris (37)). Go sonrach, sa dlí um dhúnadh (Airteagal 10), i gconradh 2021 (mír 25(1)) agus sa dlí leasaitheach (Airteagal 3) tá clásail fionraíochta, agus ní fhéadfar an beart a dtugtar fógra ina leith a chur i bhfeidhm dá réir ach amháin má dheonaíonn an Coimisiún ceadú faoin dlí Státchabhrach agus a mhéid a dheonaíonn sé an ceadú sin agus i gcás an chonartha leasaithigh beidh clásal fionraíochta bunaidh chonradh 2021 fós bailí. Dá bhrí sin, tá an ceart dlíthiúil atá ag RWE an cúiteamh a fháil, i gcomhréir leis an dlí um dhúnadh agus leis an gconradh (tosaigh agus arna leasú araon) faoi réir cheadú Státchabhrach an Choimisiúin. Ina theannta sin, dheimhnigh an Ghearmáin nach ndearnadh aon íocaíocht le RWE (aithris (37)).

    (340)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún ar aird nach bhfuil an fógra a thugann Ballstát maidir le beart Státchabhrach atá beartaithe ina chúis le cás dlíthiúil atá bunaithe go cinnte, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún rialú maidir lena chomhoiriúnacht trí na rialacha atá i bhfeidhm ar an dáta ar ar tharla an fógra sin a chur i bhfeidhm. I gcodarsnacht leis sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a chinnidh a chur i bhfeidhm, fiú má rinneadh an fógra maidir leis an mbeart faoi chreat dlíthiúil difriúil (140).

    (341)

    Rialaigh an Chúirt, i gcás ina n-athraítear na rialacha dlíthiúla faoinar thug Ballstát fógra maidir le hathrú ar chabhair atá beartaithe sula nglacann an Coimisiún a chinneadh, ní mór don Choimisiún, d’fhonn a chinneadh a thabhairt, mar atá d’oibleagáid air a dhéanamh, ar bhonn na rialacha nua, iarraidh ar na tríú páirtithe a gcuid tuairimí a léiriú maidir le comhoiriúnacht na cabhrach sin leis na rialacha sin (141). I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, rinne an Coimisiún an Comhairliúchán Poiblí inar iarr sé ar thríú páirtithe barúlacha a chur isteach maidir le hinfheidhmeacht agus cur i bhfeidhm CEEAG sa chás seo (féach aithris (5)).

    (342)

    I bhfianaise aithrisí (338) go (342), measann an Coimisiún go bhfuil an CEEAG infheidhme sa chás seo, agus rinne an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht bheart leasaithe RWE bunaithe ar fhorálacha comhoiriúnachta ginearálta CEEAG (roinn 3 CEEAG), i gcás inarb infheidhme, agus ar na critéir shonracha maidir le comhoiriúnacht le haghaidh cabhrach maidir le dúnadh luath gníomhaíochtaí brabúsacha guail (roinn 4.12.1 CEEAG), lena gcumhdaítear lignít freisin. Leagtar amach i roinn 4.12.1 CEEAG na rialacha a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm le linn dó measúnú a dhéanamh ar na critéir chomhoiriúnachta d’éifeacht dreasachta, riachtanas, oiriúnacht, comhréireacht agus seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil; maidir leis na critéir chomhoiriúnachta eile, tá feidhm ag Caibidil 3 CEEAG (pointe 421 CEEAG).

    (343)

    Measann RWE nach bhfuil CEEAG infheidhme sa chás seo toisc nach gcuimsítear Státchabhair leis an gcúiteamh agus toisc go raibh an beart RWE curtha chun feidhme cheana féin in 2020 nuair a cuireadh tús leis an gconair dúnta le haghaidh RWE (féach aithrisí (111) go (113)). Chuir roinnt tríú páirtithe in iúl gurb iad na teagmhais ábhartha le haghaidh infheidhmeacht CEEAG teacht i bhfeidhm an dlí um dhúnadh agus síniú chonradh 2021 agus ó tharla sé go dtagann na teagmhais roimh dháta chur i bhfeidhm CEEAG, bheadh infheidhmeacht CEEAG maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith eisiata (féach aithrisí (120) agus (121) agus (124) go (127)).

    (344)

    Chuir tríú páirtí in iúl áfach go n-oireann na heilimintí den chúiteamh faoi CEEAG, toisc go mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le dúnadh gníomhaíochtaí brabúsacha guail agus ní gnóthais atá i gcruachás iad na hoibreoirí de réir bhrí Threoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (142). Measann an tríú páirtí, dá bhrí sin, gur infheidhme roinn 4.12.1 CEEAG (féach aithris (124)).

    (345)

    Chuige sin, tugann an Coimisiún dá aire gur ghlac an Ghearmáin le beart leasaithe RWE chun dlús a chur le dúnadh gníomhaíochtaí brabúsacha ligníte RWE agus chun an gnóthas dá ndearnadh difear a chúiteamh. Dá bhrí sin, i gcomhréir le pointe 425 CEEAG, tagann beart leasaithe RWE faoi Roinn 4.12.1 CEEAG. Ina theannta sin, contrártha do na líomhaintí a rinne roinnt tríú páirtithe (féach aithris (197)), tugann an Coimisiún dá aire go gceadaítear le roinn 4.12.1 CEEAG cúiteamh a thabhairt maidir le brabúis ligthe thar ceal i gcás ina sainordaítear gníomhaíochtaí brabúsacha guail a dhúnadh go luath agus ní chuirtear teorainn le dlús na cabhrach.

    (346)

    Ar deireadh, rinne tríú páirtí tagairt don Chinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le mianaigh ghuail neamhiomaíocha a dhúnadh (143), i gcás inarbh é Airteagal 107(3)(e) CFAE an bunús dlí a úsáideadh (féach aithris (119)). Tugann an Coimisiún dá aire go mbaineann an Cinneadh ón gComhairle le mianaigh ghuail neamhiomaíocha agus go bhfuil feidhm leis maidir le catagóirí áirithe guail (féach Airteagal 1(a) den Chinneadh ón gComhairle), i gcás ina mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith sa chás seo le gléasraí cumhachta ligníte atá brabúsach. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 107(3)(e) ar an gCoimisiún togra a dhéanamh leis an gComhairle, nach ann dó áfach sa chás seo. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bunús dlí iomchuí é an Cinneadh ón gComhairle.

    6.3.2.   Coinníoll dearfach: ní mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú

    6.3.2.1.   An ghníomhaíocht eacnamaíoch atá á héascú leis an mbeart a shainaithint, a héifeachtaí dearfacha don tsochaí trí chéile agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais.

    (347)

    I gcomhréir le pointí 23 go 25 CEEAG, ní mór do na Ballstáit na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar de thoradh na cabhrach a shainaithint agus tuairisc a thabhairt má rannchuidíonn an chabhair chun beartais agus spriocanna an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfaidh sí é sin.

    (348)

    D’aithin an Coimisiún i bpointe 426 CEEAG gur féidir le bearta maidir le dúnadh luath gníomhaíochtaí brabúsacha guail forbairt gníomhaíochtaí nó réimsí eacnamaíocha áirithe a éascú freisin trí spás a chruthú le haghaidh forbairt gníomhaíochtaí giniúna cumhachta eile i gcomhréir leis an gComhaontú Glas chun an laghdú ar acmhainneacht na giniúna cumhachta arna chruthú leis an dúnadh luath a sheach-chur.

    (349)

    Tugann an Coimisiún dá aire gurb é is aidhm don bheart a dtugtar fógra ina leith RWE a spreagadh chun a iompraíocht eacnamaíoch a athrú trína ghléasraí cumhachta lignítadhainte a dhúnadh síos níos túisce ná mar a thabharfaí le fios lena mbrabúsacht, rud as a leanann laghdú ar acmhainneacht na giniúna leictreachais. Ag glacadh leis go mbeidh an t-éileamh ar leictreachas mar an gcéanna nó go méadóidh sé, cruthóidh sé sin bearna giniúna (144). Measann an Coimisiún dá réir sin ó tharla go mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le deireadh a chur le gníomhaíochtaí ligníte de réir a chéile a d’oibreofaí ar bhonn brabúsach sa mhargadh ina mhalairt de chás, gurb é giniúint leictreachais ó fhoinsí malartacha an ghníomhaíocht eacnamaíoch atá á héascú.

    (350)

    Neartóidh dáta deiridh daingean ionchais gníomhaithe eile gur inláimhsithe agus gur féideartha aistriú a dhéanamh chuig an aeráidneodracht, agus gur féidir leo dá réir sin tosú ag infheistiú i dteicneolaíochtaí aeráidneodrachta, rud as a leanfaidh toradh ina mbogfaidh an eangach ón tseanghiniúint ghuail agus lignítadhainte. I gcás frithfhíorasach, i gcás nach nglacfaí an beart ar tugadh fógra ina leith, ní tharlódh an fhorbairt eacnamaíoch sin chomh mór céanna. Éascaítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith dá bhrí sin forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch an leictreachais arna ghiniúint ó fhoinsí malartacha amhail foinsí in-athnuaite fuinnimh (145). Tá an Coimisiún ar aon intinn leis an argóint atá ag RWE nach amháin go gcuirtear forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch ghiniúint foinsí inathnuaite fuinnimh chun cinn leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, ach cuirtear an earnáil eacnamaíoch fuinnimh chun cinn ina hiomláine, toisc go dteastaíonn iontaofacht ó rannpháirtithe uile an mhargaidh maidir leis an gconair chun deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile le haghaidh a gcuid cinntí infheistíochta sa todhchaí (aithrisí (128) go (131))).

    (351)

    Thairis sin, i gcás ina gceanglófaí ar aonaid lignítadhainte RWE dúnadh gan chúiteamh, leanfadh éiginnteachtaí dlíthiúla maidir le cúiteamh féideartha as sin. Cuidíonn an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a tugadh isteach leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith, dá bhrí sin, chun gníomhaíocht eacnamaíoch na -giniúna leictreachais lignítadhainte a éascú.

    (352)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go rannchuidíonn beart leasaithe RWE le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche, mar a cheanglaítear le hAirteagal 107(3)(c) CFAE agus i gcomhréir le pointí 24 agus 426 CEEAG.

    (353)

    Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire go spreagfaidh forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch an leictreachais a ghintear as foinsí malartacha amhail foinsí in-athnuaite fuinnimh éifeachtaí dearfacha i dtéarmaí an méid a bhainfear amach sa chomhshaol. Sa Teachtaireacht maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, ar cuid é den Chomhaontú Glas don Eoraip, d’aithin an Coimisiún gur réimse é dúnadh na suiteálacha cumhachta gualbhreoslaithe atá ríthábhachtach chun an claochlú chuig geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach (146). Le dúnadh gléasraí cumhachta lignítadhainte RWE de réir a chéile, laghdófar de réir a chéile leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag giniúint leictreachais ar an aeráid nó ar an gcomhshaol agus éascófar leis forbairt giniúna leictreachais bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, rud lena méadófar dá réir sin inbhuanaitheacht na hearnála giniúna leictreachais.

    (354)

    Go deimhin, tugann an Coimisiún dá aire, ach forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch na giniúna leictreachais a éascú ó fhoinsí malartacha, go rannchuideoidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun astaíochtaí CO2 a laghdú sa Ghearmáin. I bhfianaise chuspóir an Aontais a astaíochtaí GCT a laghdú go forchéimnitheach le himeacht ama chun an claochlú i dtreo geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach (147) agus i bhfianaise Chomhaontú Pháras (148), tá sé i gceist ag an nGearmáin a bheith aeráidneodrach faoi 2045. Mar a thuairiscítear in aithris (16), leag an Ghearmáin spriocanna idirmheánacha síos freisin, go háirithe d’earnáil an fhuinnimh, earnáil a chaithfidh laghdú a dhéanamh ó thart ar 257 milliún tona CO2 in 2022 (149) go dtí 108 milliún tona CO2 eq. faoi 2030.

    (355)

    Go sonrach, is beart beartais criticiúil é don Ghearmáin deireadh a chur le giniúint cumhachta lignítadhainte de réir a chéile chun neodracht CO2 a bhaint amach. Suiteálacha ligníte RWE a ndearna an deireadh atá á chur lena n-úsáid de réir a chéile difear dóibh, mheas an Ghearmáin gur tháinig 67 milliún tona d’astaíochtaí CO2 uathu in 2018 agus thart ar 52 mhilliún tona d’astaíochtaí CO2 uathu in 2019 (aithris (18)). Is é is aidhm don bheart a dtugtar fógra ina leith laghduithe a bhaint amach ar astaíochtaí CO2 trí fhoinsí malartacha giniúna leictreachais a chur in ionad na giniúna leictreachais lignítadhainte. Rannchuidíonn sé dá réir sin le beartas aeráide an Aontais agus tá coinne leis go rannchuideoidh sé leis an maolú ar an athrú aeráide. Chuige sin, déantar foráil sa dlí um dhúnadh maidir le hathbhreithnithe tráthrialta (sceidealaithe le haghaidh 2026, 2029, 2032) chun measúnú a dhéanamh ar ranníocaíocht an bhirt a dtugtar fógra ina leith i dtreo spriocanna aeráide na Gearmáine (agus an Aontais).

    (356)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur thug an Ballstát tuairisc ar an gcaoi a rannchuidíonn an beart a dtugtar fógra ina leith le baint amach cuspóirí bheartas aeráide, bheartas comhshaoil agus bheartas fuinnimh an Aontais, i gcomhréir le pointe 25 CEEAG.

    (357)

    Ar deireadh, d’áitigh roinnt tríú páirtithe toisc go bhfuil an cúiteamh dírithe ar dhúnadh na ngléasraí cumhachta agus ceaptha chun dúnadh na ngléasraí cumhachta a chúiteamh, nach féidir é a mheas mar thacaíocht chun forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú. In ionad sin, is í an ghníomhaíocht eacnamaíoch lena n-éascaítear a forbairt leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith an t-athrú ó tháirgeadh leictreachais le gual go dtí foinsí in-athnuaite fuinnimh (féach aithris (134) agus (135)). D’áitigh tríú páirtí freisin gur theip ar rialtas na Gearmáine na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar de thoradh na cabhrach a shainaithint agus an chaoi a dtacaíonn an beart a dtugtar fógra ina leith le gníomhaíochtaí den sórt sin (féach aithris (136)). Ní aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim a thug na tríú páirtithe sin. Mar a mhínítear in aithrisí (349) go (357) thuas, éascófar leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch na giniúna leictreachais lignítadhainte a bhuí don intuarthacht agus don deimhneacht dhlíthiúil a chruthaítear leis, ach éascófar leis chomh maith leis sin giniúint leictreachais ó fhoinsí malartacha toisc go gcruthófar le dúnadh aonad RWE go luath bearna sa ghiniúint cumhachta a thairbhíonn táirgeadh den sórt sin.

    6.3.2.2.   Éifeacht dreasachta

    (358)

    De réir phointe 427 CEEAG, is gá don bheart athrú in iompraíocht eacnamaíoch na n-oibreoirí a dhúnann síos a gcuid gníomhaíochtaí guail níos túisce ná deireadh a saolré eacnamaíoch a thruicearú. Chun a chinneadh cé acu arb é sin an cás nó nach ea, déanfaidh an Coimisiún comparáid idir an cás fíorasach (i.e. éifeachtaí an bhirt a dtugtar fógra ina leith) agus an cás frithfhíorasach (i.e. in éagmais an bhirt a dtugtar fógra ina leith).

    (359)

    Measann an Coimisiún go bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart a dtugtar fógra ina leith, toisc go spreagann sé RWE a chuid gléasraí a dhúnadh níos túisce ná mar a bheadh coinne leis ina mhalairt de chás faoi dhálaí an mhargaidh agus athraíonn sé iompraíocht RWE dá réir sin, rud nach n-athródh sé murach an beart a dtugtar fógra ina leith. Rinne an Ghearmáin measúnú ar an mbrabúsacht a raibh coinne léi ó ghléasraí cumhachta lignítadhainte RWE. De réir an ríomha athbhreithnithe, tá na gléasraí brabúsach agus is mó na brabúis ligthe thar ceal dá gcuid ná méid an chúitimh (féach aithrisí (64) go (65)). Fiú má admhaíonn an Ghearmáin go bhfuil leibhéal áirithe éiginnteachta sna réamh-mheastacháin agus fiú má chuireann tríú páirtithe cásanna brabúsachta eile i láthair, i gcás frithfhíorasach, i.e. in éagmais an bhirt a dtugtar fógra ina leith, is dóigh go leanfadh RWE ag feidhmiú na ngléasraí. De réir na ríomhanna a chuir an Ghearmáin isteach, i gcás frithfhíorasach, leanfadh gléasraí RWE ag déanamh brabúis agus in éagmais an bhirt a dtugtar fógra ina leith, ní bheadh an dreasacht ag RWE deireadh a chur lena ghléasraí ligníte de réir a chéile. Ag glacadh leis sa chás fíorasach, go sonraítear sa bheart a dtugtar fógra ina leith go gcuirfear deireadh le suiteálacha brabúsacha RWE de réir a chéile mar mhalairt ar chomaoin airgeadais, in éineacht leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht agus na buntáistí eile a chruthaítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith (féach aithris (232)), tá éifeacht dreasachta shoiléir aige ar RWE.

    (360)

    Measann an Coimisiún freisin ó tharla go raibh sé aonad dúnta cheana féin ag RWE (150) sular chuir an Ghearmáin beart leasaithe RWE faoi bhráid an Choimisiúin i mí na Nollag 2022 nach gcaitear amhras dá bharr sin ar éifeacht dreasachta RWE na haonaid sin a dhúnadh. Tá sé sin fíor toisc gur ghníomhaigh RWE, le linn dó na sé aonad sin a dhúnadh, agus coinne aige leis go n-íocfadh an Ghearmáin an cúiteamh a fhoráiltear sa dlí um dhúnadh (ar glacadh leis an 8 Lúnasa 2020, sular dúnadh aon cheann de na gléasraí, féach aithris (30)), agus i gconradh 2021, tar éis cuid mhaith ráthaíochtaí a bheith faighte aige ón nGearmáin maidir le deonú na cabhrach agus a d’fhéadfaí a fháil uaidh go dlisteanach. D’áitigh an Ghearmáin freisin go bhfuil éifeacht dreasachta ag beart RWE, mar a bhí beartaithe ag an tús agus arna leasú (féach aithris (244)) ar RWE.

    (361)

    Ina theannta sin, de réir phointe 427 CEEAG, níor cheart d’imchéimniú na rialacha is infheidhme maidir le bearta le haghaidh shlándáil an tsoláthair fuinnimh leanúint as an mbeart. Chuige sin, tugann an Coimisiún dá aire nach é is aidhm don bheart a dtugtar fógra ina leith aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna fadtéarmacha nó gearrthéarmacha maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh mar thoradh ar theip margaidh nó rialála, rud a dheimhnigh údaráis na Gearmáine freisin (féach aithrisí (245) go (246)), ach is é is aidhm dó deireadh a chur le gléasraí cumhachta lignítadhainte de réir a chéile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór san earnáil leictreachais, rud as a n-éireoidh leis an nGearmáin a spriocanna aeráide a bhaint amach le haghaidh 2030 agus 2045 (féach aithris (21)). Chomh maith leis sin, ní chuimsítear leis an gcúiteamh a bheidh le deonú do RWE faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith luach saothair as acmhainneacht atá ar fáil, ach is cúiteamh é as an mbrabús a tharscaoileann RWE i ngeall ar an sainordú a fuair sé a aonaid lignítadhainte a dhúnadh go luath. Dá bhrí sin, ní leanann imchéimniú ar na rialacha is infheidhme maidir le bearta le haghaidh shlándáil an tsoláthair fuinnimh as an mbeart a dtugtar fógra ina leith, i gcomhréir le pointe 427 CEEAG.

    (362)

    Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil éifeacht dreasachta ag beart leasaithe RWE, mar a cheanglaítear le pointe 427 CEEAG, toisc go spreagann sé an tairbhí a iompraíocht a athrú trína ghléasraí cumhachta lignítadhainte a dhúnadh síos níos túisce ná mar a foráladh ina mhalairt de chás agus ar bhealach níos ordúla agus níos intuartha, nach ndéanfadh an tairbhí murach an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó difriúil.

    6.3.2.3.   Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais

    (363)

    De réir phointe 33 CEEAG, má chuimsítear leis an ngníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht, nó leis an mbeart cabhrach nó leis na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear a mhodh maoinithe nuair is cuid thábhachtach den bheart é, más ionann é agus sárú neamh-inscartha ar dhlí ábhartha an Aontais, ní féidir an chabhair a dhearbhú mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

    (364)

    Sa chás seo, rinne an Coimisiún measúnú go háirithe ar cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an beart a dtugtar fógra ina leith an Prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as faoi Airteagal 191(2) CFAE, a mbeidh dá réir, ‘sé mar aidhm ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a bhaint amach agus éagsúlacht na gcásanna sna réigiúin éagsúla den Aontas á gcur san áireamh. Beidh sé bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cheart gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh, gur cheart an damáiste don chomhshaol a chur ina cheart, mar thosaíocht, ag an bhfoinse agus gur cheart don truaillitheoir íoc as’. I bpointe 19(58) CEEAG, sainíodh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as mar a leanas: ‘ba cheart don truaillitheoir is cúis leis an truailliú costais na mbeart chun déileáil leis an truailliú, a iompar’.

    (365)

    Tá an Coimisiún ar aon intinn leis an nGearmáin, a d’áitigh (féach aithris (247)) go n-urramaítear an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as toisc gurb é an dúnadh go luath is cúis leis na costais atá le cúiteamh agus nach iad na hoibreoirí is cúis leis. I bhfocail eile, ní chumhdófaí leis an gcúiteamh costais a bheadh le hiompar ag na hoibreoirí ar aon nós i gcás nach gcuirfí deireadh go luath le húsáid ligníte de réir a chéile.

    (366)

    Dá réir sin, ní sháraíonn an beart a dtugtar fógra ina leith Airteagal 191(2) CFAE, ná an prionsabal ar a dtugtar tuairisc i bpointe 19(58) CEEAG.

    (367)

    D’áitigh tríú páirtí go sáraíonn gníomhaíochtaí na n-oibreoirí reachtaíocht thánaisteach de dhlí an Aontais, maidir le rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin 2018/1135 maidir le tuairisciú IED, nó rialacha maidir le táillí uisce agus costais damáiste, mar shampla (féach aithris (151)). Measann an Coimisiún nach mbaineann na líomhaintí sin leis an gcás idir lámha ar na cúiseanna céanna agus a shonraítear in aithrisí (360).

    (368)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach sáraíonn beart leasaithe RWE aon fhoráil ábhartha nó prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais agus go bhfuil sé i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.

    6.3.3.   Coinníoll diúltach: ní mór nach ndéanfaidh an beart cabhrach dochar míchuí do choinníollacha trádála chomh mór sin le bheith bunoscionn leis an leas coiteann

    6.3.3.1.   Saofaí iomaíochta agus trádála a íoslaghdú

    (369)

    Déanann an beart a dtugtar fógra ina leith difear go príomha don mhargadh leictreachais sa Ghearmáin, áit ina bhfuil roinnt soláthróirí in iomaíocht lena chéile. D’fhéadfadh sé difear a dhéanamh freisin do na margaí leictreachais i dtíortha comharsanacha, i bhfianaise na n-idirnasc trasteorann.

    6.3.3.1.1.   Riachtanas na cabhrach

    (370)

    Bunaithe ar phointe 428 CEEAG, measann an Coimisiún go bhfuil gá le beart más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil an beart dírithe i dtreo cáis inar féidir leis feabhas ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh a sheachadadh as féin. Mar shampla, trí dheireadh a chur leis an acmhainneacht giniúna cumhachta de réir a chéile bunaithe ar ghual agus ag rannchuidiú dá réir sin le forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch na giniúna cumhachta ó fhoinsí malartacha, rud nach dtarlódh an méid céanna murach an beart. Sa chomhthéacs seo, féadfaidh an Coimisiún a bhreithniú freisin cé acu a bhainfeadh nó nach mbainfeadh an margadh féin laghdú den chineál céanna amach ar astaíochtaí CO2 in éagmais an bhirt nó cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn an beart go mór chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú nach mbeadh ann murach an beart, rud lena n-éascaítear dá bhrí sin an t-aistriú glas.

    (371)

    Measann an Coimisiún toisc go bhfuil aonaid ábhartha RWE brabúsach (féach aithrisí (64) agus (65)), nach bhfuil an dreasacht acu an margadh a scor, ar a laghad ní a mhéid agus laistigh den amlíne a fhoráiltear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, agus dá réir sin nach féidir leis an margadh ann féin cuspóirí beartaithe an bhirt a dtugtar fógra ina leith a sheachadadh. Mar a thuairiscítear in aithris (21), is é is príomhchuspóir don bheart a dtugtar fógra ina leith aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2045 agus spriocanna eatramhacha 2030 a chomhlíonadh, trí níos mó forbartha a dhéanamh ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh sa mhargadh giniúna leictreachais. Ach deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile cruthófar gá le haghaidh acmhainneachta breise agus le haghaidh aonaid giniúna cumhachta breise, toisc go laghdófar leis an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte de réir a chéile acmhainneacht giniúna cumhachta na Gearmáine atá ann faoi láthair, i.e., laghdófar an soláthar agus fanfaidh an t-éileamh mar an gcéanna. As sin beidh sé ar chumas foinsí inathnuaite fuinnimh dul ar an bhfód sa mhargadh agus tabharfaidh sé deis don Ghearmáin astaíochtaí CO2 a laghdú agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2045. Áitíonn an Ghearmáin, gan beann ar an méadú ar dhul i bhfód foinsí inathnuaite fuinnimh, go bhfuil na laghduithe ar astaíochtaí atá bainteach le deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile ag teastáil chun spriocanna aeráide na Gearmáine a bhaint amach (féach aithrisí (21)). Ina theannta sin, soláthraíonn an beart a dtugtar fógra ina leith deimhneacht dhlíthiúil agus conair díchoimisiúnúcháin iontaofa, rud nach mbeadh ann in aon chor in éagmais an bhirt a dtugtar fógra ina leith agus atá fíor-riachtanach sna réigiúin a ndéanann an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte de réir a chéile difear dóibh.

    (372)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil an beart a dtugtar fógra ina leith spriocdhírithe ar chás inar féidir leis feabhas ábhartha a dhéanamh nárbh fhéidir leis an margadh a chur ar fáil ina aonar in am trátha. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go rannchuidíonn an deireadh a chuirfear leis an acmhainneacht giniúna cumhachta bunaithe ar lignít de réir a chéile le forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch na giniúna cumhachta ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, rud nach dtarlódh a mhéid céanna murach an beart a dtugtar fógra ina leith (féach aithrisí (350) go (351)).

    (373)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith chun a chuspóir a bhaint amach agus éascaítear an t-aistriú glas leis, i gcomhréir le pointe 428 CEEAG.

    6.3.3.1.2.   Oiriúnacht

    (374)

    Ceanglaítear le pointe 429 CEEAG ar an mBallstát a léiriú gur ionstraim bheartais iomchuí é an beart chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, i.e. níor cheart beartas atá chomh saobhach céanna a bheith ann agus ionstraim chabhrach atá in ann na torthaí céanna a bhaint amach. Mar shampla, má tá an beart spriocdhírithe go maith chun rannchuidiú le forbairt na giniúna leictreachais ó fhoinsí malartacha, agus an tionchar ar fheidhmiú agus ar fhostaíocht an mhargaidh leictreachais á mhaolú an tráth céanna, agus intuarthacht maidir leis an dúnadh a áirithiú, ag rannchuidiú leis na spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 an tráth céanna.

    (375)

    Roghnaigh údaráis na Gearmáine deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile trí réiteach caibidlithe, ag leanúint ón moladh a rinne an Coimisiún Guail (féach aithrisí (24) agus (232)). Rinne comhaltaí an Choimisiúin Guail ionadaíocht ar réimse leathan de ghníomhairí sa tsochaí, sa saol polaitiúil agus sa saol eacnamaíoch agus mhol siad na ceantanna mar an bealach is iomchuí chun cinn.

    (376)

    Mar a thuairiscítear in aithrisí (25) go dtí (28), sula ndearnadh cinneadh maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, rinne an Ghearmáin measúnú ar roghanna malartacha beartais éagsúla. Mheas údaráis na Gearmáine trí chás beartais mhalartacha: (i) an iontaofacht ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais atá ann cheana agus na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite, (ii) íosphraghas náisiúnta CO2 d’earnálacha a chumhdaítear cheana féin le CTA AE, (iii) dúnadh rialála gan chúiteamh. Is é barúil na Gearmáine, go bhfuil an beart a dtugtar fógra ina leith iomchuí i dtéarmaí ionstraim bheartais chun an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte sa Ghearmáin de réir a chéile a chur chun feidhme, ar bhealach costéifeachtach, intuartha, a bheidh inghlactha ar bhonn sóisialta agus a bheidh slán ó thaobh an dlí de.

    (377)

    Tá aird ag an gCoimisiún ar an míniú a thug an Ghearmáin nár coinníodh na roghanna beartais eile sin toisc nach gceadófaí leo forbairt ghníomhaíocht eacnamaíoch na giniúna leictreachais a bhaint amach ó spriocanna foinsí malartacha ar bhealach spriocdhírithe den chineál céanna agus nach mbeifí in ann conair i dtreo dúnadh de réir a chéile a chinneadh roimh ré, rud ag a mbeadh tionchar diúltach ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar na fostaithe san earnáil. Measann an Coimisiún toisc gurb é príomhsprioc údaráis na Gearmáine astaíochtaí CO2 a laghdú chun aeráidneodracht a bhaint amach agus toisc go ngineann gléasraí cumhachta lignítadhainte astaíochtaí móra (mar shampla, in 2021, astaíodh 110 milliún tona CO2 le gléasraí cumhachta lignítadhainte, féach aithris (17)), tá conclúid na Gearmáine, nach bhféadfaí aeráidneodracht a bhaint amach ach amháin má spriocdhírítear go sonrach ar an earnáil fuinnimh lignítadhainte, réasúnach.

    (378)

    Ina theannta sin, tugann an Coimisiún ar aird gurbh idirghabháil ní ba láidre a bheadh ann maidir le ceart maoine RWE i gcás ina n-ordófaí dúnadh rialála ó 2020 (féach Roinn 6.1.2.1 maidir leis na prionsabail maidir le hidirghabhálacha ceart maoine faoin GG), a bhainfeadh, is dóigh, bonn gnó an deiridh chomhthoiliúil a aontaíodh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile idir rialtas na Gearmáine agus na hoibreoirí le conradh 2021, ina gcuimsítear tarscaoileadh cuimsitheach ó leigheasanna dlí (féach aithris (232)), agus a d’fhéadfadh dá réir sin baint amach na spriocanna aeráide le haghaidh 2030 agus 2045 a chur i mbaol. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil dúnadh de réir a chéile thar thréimhse ama níos faide réasúnach.

    (379)

    Measann an Coimisiún in éineacht leis sin gur deontas neamh-in-aisíoctha an ionstraim chabhrach is iomchuí chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach i gcomparáid, mar shampla, le hiasacht nó le ráthaíocht. Is é an deontas amháin atá in ann RWE a chúiteamh as na brabúis a gheobhadh sé murach an dúnadh go luath.

    (380)

    Mhaígh tríú páirtithe nach iomchuí é an cúiteamh ná ríomh an chúitimh toisc go ndúnfadh roinnt mhaith gléasraí cumhachta lignítadhainte in aon chás, i.e. gan chúiteamh, agus iad á spreagadh ag fórsaí an mhargaidh (aithrisí (170), (171), (174)). Tagraíonn an Coimisiún chuige sin don ríomh athbhreithnithe a chuir an Ghearmáin isteach, a léiríonn go meastar go mbeidh na brabúis a tharscaoiltear sa tréimhse idir 2021 agus 2026 ag ocht gcinn de naoi aonad RWE, ar cuireadh sonraí ina leith isteach in aghaidh an ghléasra, agus gur mó glanluach láithreach na mbrabús tarscaoilte sin ná glanluach láithreach an chúitimh a comhaontaíodh a thabhairt do RWE (aithrisí (64) go (65)).

    (381)

    Rinne roinnt tríú páirtithe tagairt do chás na Polainne maidir le tacaíocht a thabhairt do dhúnadh mianach guail (151) (féach aithrisí (170) agus (174)). Tugann an Coimisiún dá aire gur ceadaíodh cabhair faoi Chinneadh 2010 ón gComhairle, a bhfuil feidhm leis maidir le cásanna ina ndúntar mianaigh ghuail nach bhfuil iomaíoch. Mar sin féin, tá an cás seo difriúil, toisc gurb é is aidhm don bheart a dtugtar fógra ina leith an brabús a tharscaoileann RWE a chúiteamh, ar brabúis iad a bhaineann le feidhmiú na ngléasraí cumhachta (féach freisin aithris (430)). Dá bhrí sin, sa chás seo, ní féidir cás na Polainne chun tacaíocht a thabhairt maidir le dúnadh mianach guail nach bhfuil iomaíoch a úsáid mar analach.

    (382)

    Dúirt tríú páirtithe freisin gur roghnaigh an Spáinn beart difriúil chun deireadh a chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile (aithris (172)). Tugann an Coimisiún ar aird chuige sin nach bhfuil sé d’oibleagáid air na bearta malartacha uile a d’fhéadfaí a bheartú, a bhreithniú go teibí, toisc, cé nach mór don Bhallstát lena mbaineann na cúiseanna a leagan amach go mionsonraithe ar glacadh leis an mbeart cabhrach atá faoi chaibidil, ní cheanglaítear air, in éineacht leis sin, a léiriú go dearfach nach bhfágfadh aon bheart insamhlaithe eile, a bheadh de chineál hipitéiseach, go mbeifí in ann an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí (152).

    (383)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún ar aird go bhfuil imthosca dheireadh de réir a chéile le húsáid guail sa Spáinn agus sa Ghearmáin difriúil. Ar dtús, ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil corrlach mór discréide ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir lena mbeartas fuinnimh agus aeráide. Dheimhnigh an Chúirt ceart na mBallstát maidir le cinneadh a dhéanamh ar a mheascán leictreachais i gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE (153). Dá bhrí sin, ní léireoidh an Coimisiún imní maidir leis an mbeart roghnaithe ach amháin i gcomhthéacs nós imeachta maidir le Státchabhair más léir gur ann do bheart nach bhfuil chomh saobhach céanna agus d’ionstraim chabhrach a bhainfeadh na torthaí céanna amach leis an mbeart a bhfuil fógra tugtha ag an mBallstát ina leith. Sa chás seo, ní féidir aon cheann de na Ballstáit a luann na tríú páirtithe a chur i gcomparáid leis an nGearmáin, go háirithe toisc nach raibh ról ollmhór den sórt sin ag giniúint leictreachais lignítadhainte ina meascán fuinnimh. Anuas air sin, léirigh an Ghearmáin de thoradh foirmeacha eile, amhail urlár praghais carbóin, dleachtanna máil nó teorainneacha dlúis astaíochta níos teinne go leanfadh torthaí nach mbeadh chomh spriocdhírithe céanna astu sin nó nach dtabharfaí deis don rialtas an deireadh le húsáid ligníte de réir a chéile a stiúradh ar an mbealach céanna, rud as a leanfadh suaimhniú sóisialta, a sholáthródh deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht, agus na naisc idir gléasraí cumhachta lignítadhainte agus mianaigh san áireamh agus ag áirithiú go mbeidh an laghdú ar ghiniúint leictreachais lignítadhainte chomh héifeachtúil agus is féidir don chóras trí chéile (féach aithrisí (25) go (29) agus (232)). Dá bhrí sin, ní féidir an analach arna húsáid ag tríú páirtithe a aistriú chuig an mbeart a dtugtar fógra ina leith.

    (384)

    Ar deireadh, tugann an Coimisiún ar aird nach amháin go gcuirtear an beart sin a dtugtar fógra ina leith chun feidhme de réir dlí ach leagtar síos é freisin i gconradh inar tharscaoil na hoibreoirí a gcearta dlíthiúla chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh. Soláthraíonn sé sin deimhneacht don Stát nach dtabharfadh na hoibreoirí dúshlán maidir leis an dlí um dhúnadh, rud nach bhféadfadh an dlí um dhúnadh a bhaint amach ina aonar.

    (385)

    Mar fhocal scoir, faigheann an Coimisiún go bhfuil an beart a dtugtar fógra ina leith spriocdhírithe go maith chun forbairt na giniúna leictreachais ó fhoinsí malartacha a bhaint amach, agus an tionchar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh á mhaolú an tráth céanna, chomh maith le hintuarthacht na ndúntaí, agus rannchuidiú á dhéanamh le spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta na Gearmáine an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá an beart a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le pointe 429 CEEAG agus is ionstraim iomchuí é chun rannchuidiú le forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe.

    6.3.3.1.3.   Comhréireacht

    (386)

    Ceanglaítear le pointe 430 CEEAG nach mór an chabhair a dheonú i bprionsabal trí phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn critéar soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina léiríonn an Ballstát nach dóigh go mbeidh próiseas tairisceana iomaíoch ar chúiseanna oibiachtúla. Is féidir leis sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil teorainn leis an líon rannpháirtithe féideartha, ar choinníoll nach i ngeall ar chritéir incháilitheachta idirdhealaitheacha é sin.

    (387)

    Áitíonn an Ghearmáin nár cheart gá a bheith le próiseas tairisceana sa chás seo. Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Coimisiún aithris (14) den Chinneadh Tosaigh agus aithris (16) den chinneadh a rinne an Ghearmáin deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile, ar dá réir atá gléasraí ligníte nasctha go dlúth leis na saoráidí mianadóireachta, rud óna dteastaíonn cur chuige níos córasaí. I gcodarsnacht le gléasraí cumhachta antraicíte na Gearmáine, a fhaigheann an gual ón margadh domhanda lasmuigh den Ghearmáin, tá a gcuid mianaigh in aice láimhe ag na gléasraí cumhachta ligníte. Ní tráchtearra é lignít a thrádáiltear go domhanda toisc go bhfágann a luach calrach sách íseal go bhfuil iompar méideanna móra de thar achair fhada neamhbharainneach. Tá an scéal céanna amhlaidh maidir le mianaigh agus gléasraí ligníte na Gearmáine, áit ina bhfuil an próiseas iomlán socraithe ionas go n-úsáidfidh na gléasraí sa réigiún an lignít a fhaightear sa réigiún céanna. Tá léirithe ag an nGearmáin go bhfuil tréimhsí fada pleanála spásúla agus aga fada faoi choinne athruithe a phleanáil ag teastáil chun mianadóireacht ligníte a dhéanamh. Dá bhrí sin, bíonn an sceideal dúnta gléasraí bunaithe freisin ar bhreithnithe teicniúla agus pleanála, a d’fhágfadh gur dheacair ceant a bhfuil torthaí neamhchinnte air a chur chun feidhme. Ní ann do breithnithe pleanála spásúla den sórt sin i gcás gléasraí cumhachta antraicít-adhainte (féach aithris (32)). Thairis sin, i limistéar mianadóireachta na Réine, a chothaíonn na gléasraí ligníte uile sa limistéar sin, is é RWE an t-aon oibreoir mianach agus gléasraí níos mó, ionas nach bhféadfaí na gléasraí cumhachta sin atá sa limistéar sin a chur isteach i bpróiseas tairisceana (féach aithris (32)). Dá bhrí sin, aontaíonn an Coimisiún le húdaráis na Gearmáine nach féidir próiseas tairisceana iomaíoch a éileamh sa chás seo agus go n-éilítear cur chuige níos córasaí leis an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte de réir a chéile.

    (388)

    Ní aontaíonn tríú páirtithe áirithe leis an tuairim sin agus d’áitigh siad chun go gcruthófaí iomaíocht sna tairiscintí, go bhféadfadh tairiscint a bheith curtha isteach le chéile do na suiteálacha beaga ligníte agus do na cinn is mó (féach aithris (198)).

    (389)

    Tugann an Coimisiún ar aird go bhfuil cás na ngléasraí cumhachta ligníte níos lú difriúil i ngeall ar an úinéireacht níos éagsúlaithe atá acu (tá thart ar 45 shuiteáil bheaga dhifriúla ligníte á n-oibriú sa Ghearmáin), agus is úsáidí tionsclaíocha a ídíonn a leictreachas féin a bhíonn iontu go hiondúil (agus a tháirgeann a dteas féin go minic freisin). Go deimhin, i gcás roinnt suiteálacha níos lú a tháirgeann teas freisin i gcumraíocht comhghiniúna cumhachta agus teasa, leagadh a ndáta scoir síos in ionstraim dícharbónúcháin eile (Kraft-Wärme-Kopplungsgesetz, an dlí maidir leis an gcomhghiniúint cumhachta agus teasa) (féach aithris (271)). Thairis sin, i ngeall ar mhéid na suiteálacha, ní bhíonn na hiarmhairtí céanna ag dúnadh féideartha suiteálacha ligníte níos lú do na mianaigh in aice láimhe agus a bhíonn aige ar ghléasraí cumhachta ligníte móra (154). Os a choinne sin, áfach, mura mbeadh conair shoiléir ag na mianaigh ligníte (leis na húinéirí céanna leis na gléasraí cumhachta ligníte móra) maidir le dúnadh de réir a chéile, mar a fhoráiltear sa bheart a dtugtar fógra ina leith, d’fhéadfadh na suiteálacha ligníte níos lú a bhíonn ag brath ar na mianaigh a bheith ag streachailt le breosla a bheith ar fáil dóibh. Dá réir sin, ní bheadh an dá ghrúpa (gléasraí beaga agus móra) in ann a bheith rannpháirteach sna ceantanna céanna ar bhonn comhionann.

    (390)

    Toisc nach ann do phróiseas tairisceana iomaíoch sa chás seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás chun a fhíorú go bhfuil an cúiteamh teoranta don íosmhéid is gá, i gcomhréir le pointe 432 CEEAG. Sa chomhthéacs seo, déanfaidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na toimhdí a d’úsáid an Ballstát chun na brabúis ligthe thar ceal agus na costais bhreise a chinneadh ar ar a mbonn a ríomhadh an cúiteamh as an dúnadh go luath, trí chomparáid a dhéanamh ar an mbrabúsacht a bhfuil coinne léi sna cásanna fíorasacha agus sna cásanna frithfhíorasacha. Ba cheart don chás frithfhíorasach a bheith bunaithe ar thoimhdí a bhfuil bonn cirt cuí leo, ar fhorbairtí réadúla an mhargaidh agus ba cheart dóibh ioncaim agus costais réamh-mheasta gach eintitis i gceist a léiriú, agus na naisc fheidhmiúla dhíreacha a d’fhéadfadh a bheith idir eintitis á gcur san áireamh.

    (391)

    Tugann an Coimisiún ar aird, tar éis don Ghearmáin glacadh leis an gCinneadh Tosaigh, gur chuir sí ríomh athbhreithnithe den bhrabús a tarscaoileadh le haghaidh gléasraí RWE isteach (féach aithrisí (63) go (75)) ar gléasraí iad atá sceidealaithe lena ndúnadh i gcomhréir leis an dlí um dhúnadh agus leis an dlí leasaitheach (155).

    (392)

    Go sonrach, le haghaidh na sé aonad a dúnadh cheana féin, tá na toimhdí a úsáideadh sa ríomh athbhreithnithe (e.g. a bhaineann le leictreachas agus praghsanna CO2 agus boilsciú) bunaithe ar ionchais an mhargaidh agus ar fhaisnéis a bhí ar fáil láithreach roimh dhátaí dúnta faoi seach na n-aonad sin (156). Measann an Coimisiún gur cur chuige réasúnach é sin, toisc gurbh é an méid sin brabús a d’fhéadfadh RWE a bheith ag súil lena tharscaoileadh nuair a dhún sé na haonaid sin.

    (393)

    I gcás na dtrí aonad atá sceidealaithe lena ndúnadh i mí Eanáir agus i mí an Mhárta 2025, tá an ríomh athbhreithnithe bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí a bhí ar fáil tráth ar cuireadh isteach an ríomh athbhreithnithe. Measann an Coimisiún gur cur chuige réasúnach é sin agus go bhfuil sé i gcomhréir le cásdlí na Cúirte (157).

    (394)

    Maidir leis an gceist a bhaineann le hábharthacht na bpríomh-thoimhdí (CO2 agus praghsanna leictreachais) a úsáideadh le haghaidh na dtrí aonad sin sa ríomh athbhreithnithe agus na forbairtí margaidh a tharla ó cuireadh isteach an ríomh athbhreithnithe agus ó glacadh leis an gCinneadh maidir le Síneadh, measann an Coimisiún go bhfuil na hargóintí atá á ndéanamh ag an nGearmáin nach bhfuil gá le nuashonrú breise ar na toimhdí sin, go bhfuil siad réasúnach agus go bhfuil bonn cirt fúthu (féach aithris (75)). Is gnáthchleachtas sa tionscal é go deimhin d’oibreoirí ligníte táirgí todhchaíochtaí a úsáid ar táirgí iad a thairgtear trí mhalairtí chun a gcuid corrlaigh a fhálú ar bhonn airgeadais sa tréimhse amach rompu ar bhealach cobhsaí agus intuartha agus nochtadh do luaineachtaí móra praghsanna a tharlaíonn sa spotmhargadh a sheachaint.

    (395)

    Tugann an Coimisiún ar aird gurb é 3 bliana an gnáth-thréimhse fálúcháin a úsáideann oibreoirí gléasraí ligníte agus gur comhfhreagrach é d’fhairsinge leachtachta mhargadh leictreachais na Gearmáine (158). Dá réir sin, i gcás frithfhíorasach, bheadh na trí aonad in ann dul isteach sa mhargadh idir an 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 4 Samhain 2022 (tráth a rinneadh na sonraí le haghaidh na ngléasraí sin a asbhaint ón margadh chun na brabúis ligthe thar ceal a ríomh) agus a dtáirgeadh leictreachais beartaithe ar dhíol de réir a chéile ar feadh cuid den tréimhse ar a laghad tar éis an dúnta sa chás fíorasach agus líon comhfhreagrach de lamháltais astaíochtaí a cheannach. Chomhaontaigh RWE gur cleachtas ginearálta gnó é táirgeadh leictreachais a dhíol ar aghaidh (féach aithris (179)b)). D’áitigh an Ghearmáin gur iompraíocht shochreidte é seo dá bhrí sin sa chás frithfhíorasach.

    (396)

    Measann an Coimisiún toisc go dtarlódh an t-idirbheart in 2022, gur sochreidte é go mbeadh RWE ag an tráth sin in ann leictreachas a dhíol lena sheachadadh suas go dtí deireadh 2025. Tá na trí aonad sceidealaithe le dúnadh i mí Eanáir agus i mí an Mhárta 2025. Measann an Coimisiún dá bhrí sin gur cás frithfhíorasach sochreidte é an brabús a tharscaoiltear a ríomh le haghaidh na dtrí aonad sin don chuid eile de 2025. Maíonn an Ghearmáin na brabúis ligthe thar ceal le haghaidh na n-aonad sin freisin don bhliain 2026, arbh ionann iad agus EUR 131 milliún nó 6 % de na brabúis ligthe thar ceal iomlána i dtéarmaí NPV (is iad na trí aonad na cinn amháin ar éilíodh brabúis ligthe thar ceal ina leith le haghaidh 2026, féach aithris (258)). Tugann an Coimisiún ar aird fiú gan na brabúis ligthe thar ceal ar na trí aonad don bhliain 2026, go bhfuil an chuid atá fágtha de na brabúis ligthe thar ceal (EUR 2,0 billiún i dtéarmaí NPV) fós níos airde ná méid an chúitimh (EUR 1,7 billiún i dtéarmaí NPV). Dá réir sin, le cur chuige coimeádach den sórt sin ní athrófaí go bunúsach an toradh faoina bhfuil luach láithreach mhéid an chúitimh faoi bhun na mbrabús a tharscaoiltear.

    (397)

    Tar éis an Chinnidh Tosaigh, léirigh tríú páirtithe imní go raibh príomh-pharaiméadair áirithe den chúiteamh míréadúil nó míchuí (féach aithrisí (190)), (197)), (203)) agus (205))). Measann an Coimisiún go dtugtar aghaidh ar an imní sin sa ríomh athbhreithnithe. Go sonrach, féach aithrisí (393) go (396) agus (410) go (411) maidir leis na toimhdí faoi phraghsanna leictreachais agus CO2; aithrisí (397), (403), (405) agus (412) maidir le fad na tréimhse dá ríomhtar an brabús a tharscaoiltear; aithrisí (399) go (400) maidir leis an sásra nuashonraithe a bheith in easnamh agus aithris (406) maidir le costais sheasta a chuimsiú agus a láimhseáil. Cháin roinnt tríú páirtithe trédhearcacht an bhirt, is é sin an próiseas a bhain le dearadh an bhirt, amhail na ríomhanna maidir leis an gcúiteamh agus an éiginnteacht a bhain leis an ngníomhaíocht shonrach lena mbaineann an cúiteamh (féach aithrisí (193), (197), (203), (204) agus (205)). Measann an Coimisiún go dtugtar aghaidh ar an imní sin sa ríomh athbhreithnithe toisc go léirítear ann gur leor brabús a tharscaoiltear le grúpa áirithe gléasraí ann féin chun bonn cirt a thabhairt do mhéid an chúitimh (féach aithris (403)).

    (398)

    Ina theannta sin, de réir phointe 433 CEEAG, i gcás ina ndúntar na gníomhaíochtaí guail níos mó ná 3 bliana tar éis don chúiteamh a bheith dáfa, ní mór don Bhallstát sásra a thabhairt isteach chun ríomh an chúitimh a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar na toimhdí is déanaí, mura féidir leis a léiriú cén fáth nach bhfuil údar maith le sásra den sórt sin a úsáid i ngeall ar imthosca eisceachtúla an cháis idir lámha.

    (399)

    Mar a thuairiscítear in aithris (76), d’áitigh an Ghearmáin cén fáth nach bhfuil gá le sásra nuashonraithe sa chás seo, toisc go ndúnfar na gléasraí i ngar dá chéile. Aontaíonn an Coimisiún leis an nGearmáin. Tugann an Coimisiún ar aird a mhéid a bhaineann leis na haonaid RWE a dúnadh cheana féin, go bhfuil na toimhdí a úsáideadh chomh gar do dhúnadh iarbhír na ngléasraí agus a d’fhéadfaidís a bheith. Maidir leis na haonaid atá sceidealaithe le dúnadh síos sa todhchaí, cuirtear dúnadh na dtrí aonad san áireamh sa ríomh athbhreithnithe atá sceidealaithe faoin 31 Márta 2025, i.e. níos lú ná 3 bliana ó inniu agus ón bpointe ama ónar baineadh na toimhdí arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin (i.e. mí Dheireadh Fómhair/mí na Samhna 2022), agus níl aon mheastachán maidir le brabúis ligthe thar ceal do na gléasraí atá sceidealaithe le dúnadh tar éis an dáta sin. Meabhraíonn an Coimisiún freisin gurb é pointe deonaithe an bhirt leasaithe RWE an fógra maidir le cinneadh an Choimisiúin (féach aithris (78)), a tharlaíonn freisin níos lú ná 3 bliana roimh dhúnadh sceidealaithe na dtrí aonad dheireanacha. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise na n-argóintí a cuireadh i láthair in aithris (396) freisin maidir leis na príomhthoimhdí, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le sásra nuashonraithe ó bheart leasaithe RWE.

    (400)

    Is mar a leanas atá measúnú an Choimisiúin ar an ríomh athbhreithnithe maidir leis an gcúiteamh atá beartaithe faoi bheart leasaithe RWE, agus na hamhrais a ardaíodh sa Chinneadh Tosaigh á gcur san áireamh:

    6.3.3.1.3.1.   Brabúis a tharscaoiltear a bheidh ann i bhfad amach anseo

    (401)

    Meastar sa ríomh athbhreithnithe do bheart leasaithe RWE go mbeidh brabús gléasraí cumhachta ligníte RWE a tarscaoileadh faoi réir dúnadh go luath ag EUR 2,2 billiún in dtéarmaí 2022, i gcomparáid le glanluach láithreach an chúitimh aontaithe de EUR 1,7 billiún. Dá bhrí sin, tá glanluach láithreach an chúitimh níos ísle ná na brabúis tarscaoilte measta.

    (402)

    Tugann an Coimisiún ar aird go dtaispeántar i ríomh athbhreithnithe na Gearmáine go mbeidh brabúis ligthe thar ceal sa tréimhse idir 2021 agus 2026 ag ocht gcinn de 16 aonad RWE a áiríodh sa sceideal dúnta de réir a chéile. Cé gur tráthchlár i bhfad níos giorra é sin ná mar a bhí an cás lenar cuireadh sonraí isteach roimh an gCinneadh Tosaigh agus gur chéim é i dtreo measúnú níos stuama agus níos réasúnaí, tugann an Coimisiún ar aird nach gcuirfidh sé, ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (396) agus (397) maímh na Gearmáine maidir le brabús a tharscaoiltear san áireamh don bhliain 2026. Níor sholáthair an Ghearmáin ríomhanna le haghaidh na seacht n-aonad a dhúnfar tar éis 2026, ós rud é go bhfuil sí den tuairim, gur leormhaith cheana féin an ríomh a bhaineann leis na haonaid atá le dúnadh roimh an dáta sin mar bhonn cirt leis an méid cúitimh faoi bheart leasaithe RWE.

    (403)

    Tugann an Coimisiún ar aird a mhéid a bhaineann leis na haonaid de na gléasraí cumhachta atá dúnta cheana féin, go bhfuil na brabúis ligthe thar ceal ag brath, go mór, ar ionchais an mhargaidh maidir le praghsanna leictreachais agus CO2 tráth a ndúnta faoi seach. Dá réir sin, níl brabúis ligthe thar ceal ag aonaid uile RWE a dúnadh cheana féin (féach aithris(66)).

    (404)

    Tugann an Coimisiún ar aird, contrártha do na sonraí a cuireadh isteach roimh an gCinneadh Tosaigh, nach gcuirtear san áireamh sa ríomh athbhreithnithe ach tréimhse ama teoranta amháin de níos lú ná 3 bliana chun meastachán a thabhairt ar bhrabúis a tharscaoiltear i gcás frithfhíorasach coimeádach, atá níos túisce ná dátaí dúnta sceidealaithe na n-aonad. Laghdaítear go mór leis sin an éiginnteacht a bhaineann leis na réamh-mheastacháin, go háirithe le haghaidh paraiméadair ionchuir a bhfuil tionchar ard acu ar an mbrabús a tarscaoileadh amhail praghsanna CO2 agus leictreachais nó saolré toimhdithe na n-aonad. Dá ghiorra an tréimhse ama, is ísle na seansanna go dtarlóidh teagmhais nó athruithe gan choinne nó bunathraitheacha sna treochtaí toimhdithe a tharlaíonn. Rannchuidíonn sé sin go mór maidir le haghaidh a thabhairt ar na hamhrais a léiríodh in aithrisí (123) go (132) den Chinneadh Tosaigh, inar áitigh an Coimisiún go mbeidh na ríomhanna a cuireadh isteach ann i bhfad amach anseo agus go raibh siad éiginnte.

    (405)

    Ar thaobh an chostais de, áirítear leis an ríomh athbhreithnithe ní hamháin costais sheasta na ngléasraí cumhachta, ach costais mhianadóireachta sheasta freisin. Tugann an Coimisiún ar aird go ndealraítear go bhfuil sé sin i gcomhréir leis an gcleachtas sa tionscal, ó tharla go meastar de ghnáth gur cuid de chóras eacnamaíoch doscartha amháin iad na mianaigh agus na gléasraí ligníte (féach aithrisí (67) agus (259)). Níor áiríodh sna ríomhanna a cuireadh isteach roimh an gCinneadh Tosaigh ach costais mhianadóireachta athraitheacha amháin, arbh ghnách leo costais ghiniúna a lua faoina bhun agus na brabúis ligthe thar ceal a lua thar ceart. Rud éagsúil, sa ríomh athbhreithnithe, go n-áirítear na costais mhianadóireachta iomlána (seasta móide athraitheach), a measann an Coimisiún atá níos réadúla agus níos réasúnaí. Faigheann an Coimisiún freisin gur toimhde réasúnach é cobhsaíocht na gcostas mianadóireachta in aghaidh an aonaid táirgeachta ag glacadh le tráthchlár gairid an cháis fhrithfhíorasaigh.

    (406)

    A mhéid a bhaineann le fad fheidhmiú na ngléasraí cumhachta in éagmais an dlí um dhúnadh agus na hamhrais ghaolmhara a léiríodh in aithrisí (124) go (125) den Chinneadh Tosaigh, tugann an Coimisiún ar aird nach nglactar saolréanna oibríochtúla suas le 70 bliain sa ríomh athbhreithnithe níos mó. Tá sé sin i ngeall ar thráthchlár i bhfad níos giorra an bhrabúis tharscaoilte a úsáideadh sa ríomh athbhreithnithe. Ina theannta sin, bunaithe ar an ríomh athbhreithnithe, níl aon ghléasra dá n-éilítear brabús tarscaoilte sceidealaithe le dúnadh níos mó ná 3 bliana tar éis na bliana deiridh dá n-éilítear brabúis ina leith sa chás frithfhíorasach; agus go deimhin níl seacht gcinn as na hocht aonad dá n-éilítear brabús tarscaoilte ina leith sceidealaithe le rith díreach 2 bhliain níos faide ná brabúis a éilítear sa chás frithfhíorasach (aithris (65)). Dá réir sin, tugann an difríocht bheag sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha sa ríomh athbhreithnithe deis don Choimisiún na hamhrais a léiríodh in aithrisí (124) go (125) den Chinneadh Tosaigh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt orthu, arna maíomh ag an nGearmáin (roinn 5.3.4).

    (407)

    Thairis sin, maidir leis an amhras faoi na hinfheistíochtaí is gá le haghaidh feidhmiú fadtéarmach inbhuanaithe na ngléasraí (féach aithrisí (126) go (127) den Chinneadh Tosaigh), tugann an Coimisiún ar aird go dtugann tráthchlár i bhfad níos giorra na mbrabús tarscaoilte réamh-mheasta aghaidh go leordhóthanach ar an amhras, arna mhaíomh ag an nGearmáin (aithris (263)). A mhéid a bhaineann le Niederaußem D, cás ar chuir an Coimisiún amhras in iúl go sonrach ina leith maidir le cé acu an mbeadh an gléasra in ann oibriú tar éis 2020 i ngeall ar chomhlíontacht leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2010/75/AE) agus le caighdeáin ghaolmhara níos déine maidir le Mórghléasraí Dócháin, tugann an Coimisiún ar aird nach dtugann an Ghearmáin meastachán a thuilleadh maidir le brabúis a tharscaoiltear le haghaidh an ghléasra sin sa ríomh athbhreithnithe (aithris (263)).

    (408)

    Léirigh an Coimisiún amhras roimhe sin maidir leis na héiginnteachtaí a bhain le réamh-mheastacháin sa todhchaí (aithris (129) den Chinneadh Tosaigh). Tugann an Coimisiún ar aird anois go n-úsáidtear sa ríomh athbhreithnithe sonraí bunaithe ar an margadh atá infhíoraithe agus neamhspleách, sonraí a bhí ar fáil díreach roimh an dáta dúnta (i gás na n-aonad atá dúnta) nó nuair a cuireadh isteach an ríomh athbhreithnithe (i gcás na n-aonad atá fós á n-oibriú) (aithris (67)). Ní chuirtear san áireamh ach an oiread sa ríomh athbhreithnithe ach tréimhse ama theoranta chun meastachán a thabhairt ar bhrabúis ligthe thar ceal, lena laghdaítear go mór éiginnteachtaí maidir le réamh-mheastacháin sa todhchaí. Ina theannta sin, dealraíonn sé go bhfuil an ráta lascaine (meánchostas ualaithe an chaipitil de 7,5 %) atá i bhfeidhm chun na brabúis ligthe thar ceal agus an cúiteamh a lascainiú sochreidte ag glacadh le tráthchlár giorraithe na mbrabús ligthe thar ceal (féach aithris (264)). Tá an Coimisiún den chonclúid dá réir sin go bhfaightear réidh lena amhras maidir leis na héiginnteachtaí a bhaineann le réamh-mheastacháin sa todhchaí.

    (409)

    Maidir leis an amhras faoi phraghsanna breosla agus CO2 (féach aithris (130) den Chinneadh Tosaigh), deir an Coimisiún go gcuirtear ionchais nuashonraithe mhargadhbhunaithe san áireamh i ríomh athbhreithnithe na Gearmáine le haghaidh praghsanna CO2, breosla agus leictreachais (159). Tá ról tábhachtach ag an ngné seo maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhrabúsacht na ngléasraí cumhachta i gceist, ó tharla go bhfuil tionchar ag praghsanna leictreachais ar na hioncaim ó dhíol leictreachais agus go bhfuil tionchar ag praghsanna CO2 ar an gcomhpháirt is tábhachtaí agus is éiginnte de chostas oibriúcháin na ngléasraí ligníte. Go sonrach, i gcás na n-aonad a bhí dúnta cheana féin tráth ar cuireadh an ríomh athbhreithnithe isteach, baintear úsáid sa ríomh athbhreithnithe as luachaintí táirgí todhchaíochtaí maidir leis an malartán EEX ó thréimhse dhá sheachtain díreach roimh na dátaí dúnta faoi seach, agus i gcás na n-aonad a bheidh ag dúnadh tar éis an ríomh athbhreithnithe a chur isteach, úsáidtear meán-luachaintí sa ríomh a cláraíodh idir an 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 4 Samhain 2022.

    (410)

    Tugann an Coimisiún dá aire freisin go bhfágann an tréimhse i bhfad níos giorra dá gcuirtear brabúis ligthe thar ceal san áireamh go laghdaítear an éiginnteacht maidir leis na praghsanna CO2 agus leictreachais atá réamh-mheasta. Ní ghabhann an tráthchlár sin ach thar cúpla bliain isteach sa todhchaí, le hais na ríomhanna a chuir an Ghearmáin isteach roimh an gCinneadh Tosaigh, a chuaigh suas go dtí 2061 i roinnt cásanna. Leis an tráthchlár giorraithe bhíothas in ann ionchais maidir le forbairt praghsanna margadh-bhunaithe agus forbairt praghsanna le déanaí a úsáid sa ríomh athbhreithnithe. Le margadh leictreachais eagraithe na Gearmáine lena ngabhann próiseas trédhearcach praghas-aimsithe bunaithe ar thairiscintí iomaíocha tairgtear an fhéidearthacht conarthaí fálúcháin a fháil le haghaidh leictreachais, mar shampla tríd an ardán trádála EEX, a úsáideann RWE chun a dhíolacháin leictreachais a fhálú ar bhonn airgeadais tríd an raon céanna táirgí a cheannach leo sin a úsáideadh chun na brabúis ligthe thar ceal a ríomh sa chás frithfhíorasach (160). Agus na sonraí seo atá fíor agus infhíoraithe a úsáid mar bhunús don chás frithfhíorasach chun na brabúis ligthe thar ceal a ríomh neartaítear go mór stóinseacht an ríomha athbhreithnithe toisc go gcomhfhreagraíonn sé do ghnáthiompraíocht fálúcháin RWE thar thréimhse ama sochreidte.

    (411)

    Tá an úsáid a bhaintear as toimhdí praghsanna níos déanaí agus as tráthchláir níos giorra chun an brabús a tharscaoiltear a ríomh sa ríomh athbhreithnithe i gcomhréir freisin le pointe 433 CEEAG, lena n-éilítear sásra nuashonraithe má dhámhtar cúiteamh as gléasraí guail a dhúntar níos faide ná 3 bliana sula dtarlaíonn an dúnadh iarbhír. I gcás áirithe na n-aonad RWE, faigheann an Coimisiún go bhfaightear réidh leis an amhras tosaigh a bhí air maidir le leordhóthanacht na bpraghsanna breosla agus CO2 réamh-mheasta fiú nuair a chuirfí cur chuige níos coimeádaí san áireamh ná mar a cheanglófaí le pointe 433 CEEAG. Ní hamháin go ndámhtar an chabhair níos lú ná 3 bliana roimh dhúnadh iarbhír na n-ocht aonad uile dá n-éilítear an Ghearmáin brabúis ligthe thar ceal agus a chomhréireacht a ndéantar measúnú air in aghaidh toimhdí nach mó ná 3 bliana d’aois iad i bhfianaise an dúnta. Anuas air sin arís, na brabúis mheasta ligthe thar ceal ar leor iad chun a bheith níos mó ná méid an chúitimh i dtéarmaí NPV, ní ghabhann siad thar 3 bliana ón tráth a dhúntar na hocht aonad agus ní ghabhann siad ach an oiread thar ghnáth-thréimhse fálúcháin na n-aonad sin (ón bpointe ar glacadh na toimhdí maidir le príomh-pharaiméadair).

    (412)

    Maidir leis an amhras a cuireadh in iúl in aithris (131) den Chinneadh Tosaigh, ina dtugann an Coimisiún le fios nach bhfuair sé sonraí le haghaidh gach ceann de na haonaid a bhí sceidealaithe le dúnadh, tugann an Coimisiún le fios go bhfuil sonraí sa ríomh athbhreithnithe le haghaidh gach ceann de naoi aonad RWE atá sceidealaithe le dúnadh go dtí an 31 Márta 2025. Tugann an Coimisiún an argóint a rinne an Ghearmáin ar aird gur leor sin chun údar a thabhairt le méid an chúitimh (aithris (266)) agus measann sé go bhfuil deireadh curtha lena amhras maidir leis an gceist sin.

    (413)

    Maidir leis an amhras a léiríodh in aithris (132) den Chinneadh Tosaigh maidir le hanailís íogaireachta a bheith in easnamh i dtaca le praghsanna CO2 agus leictreachais, tugann an Coimisiún ar aird go n-úsáidtear sa ríomh athbhreithnithe sa chás frithfhíorasach sonraí maidir le praghsanna margaidh atá fíor agus infhíoraithe agus go spreagtar leis gnáthiompraíocht fálúcháin oibreoirí gléasraí cumhachta ligníte thar thréimhse ama réadúil. Tá sé sin i gcodarsnacht leis na sonraí a cuireadh isteach roimh an gCinneadh Tosaigh, áit inar úsáideadh toimhdí nach raibh bunaithe ar an margadh agus a shíneann thar thréimhse ama fhadtéarmach. Thairis sin, i gcás na n-aonad a dúnadh cheana féin, úsáideadh na réamh-mheastacháin is cothroime le dáta a bhí ar fáil roimh an dúnadh chun a gcuid brabús tarscaoilte a ríomh, a fhágann dar leis an gCoimisiún nach bhfuil gá in aon chor le hanailís íogaireachta. Tá sé sin fíor freisin maidir leis na trí aonad atá fós le dúnadh agus a n-éilíonn an Ghearmáin brabúis ligthe thar ceal ina leith freisin. Maidir leis na haonaid sin, measann an Coimisiún go léiríonn na hargóintí a thugtar in aithrisí (395) agus (396) go bhféadfadh sé tarlú sa chás frithfhíorasach go gcuirfí a gcuid corrlaigh oibriúcháin faoi ghlas tráth a chuirtear an ríomh athbhreithnithe isteach, bunaithe ar iompraíocht an chómhargaidh ag RWE.

    (414)

    Measann an Coimisiún toisc go gcuirtear éifeacht chórasach dhúnadh na ngléasraí cumhachta ar mhargadh leictreachais na Gearmáine san áireamh i bhfoirm lascaine ar phraghsanna leictreachais sa chás frithfhíorasach (i gcomparáid leis na hionchais mhargaidh iarbhír sa chás frithfhíorasach), go rannchuidíonn sé sin le stóinseacht an ríomha athbhreithnithe. Sa chás frithfhíorasach, tá praghsanna leictreachais níos ísle i gcomparáid leis an gcás iarbhír toisc go bhfuil níos mó aonad ligníte i mbun oibriúcháin sa chéad chás agus gur féidir freastal ar an éileamh le toilleadh giniúna atá réasúnta níos saoire. Go coincréiteach, tá praghsanna leictreachais sa chás frithfhíorasach 1,7 % níos ísle in 2023 agus 3,2 % níos ísle in 2026 ná sa chás fíorasach (féach aithris (74)). Ciallaíonn sé sin go bhfuil na brabúis ligthe thar ceal a ríomhtar i gcás frithfhíorasach aonaid RWE níos ísle ná mar a bheadh siad gan an éifeacht sin a bheith curtha san áireamh. Dá réir sin, tá meastacháin níos coimeádaí de na brabúis ligthe thar ceal ann de thoradh an ríomha.

    (415)

    Ar deireadh, tugann an Coimisiún ar aird go ndéantar paraiméadair eile den ríomh athbhreithnithe a dhearadh ar bhealach a fhágann gur cosúil go bhfuil an meastachán ar na brabúis ligthe thar ceal níos coimeádaí ná na ríomhanna a cuireadh isteach roimh an gCinneadh Tosaigh. Go sonrach, ní áirítear sa ríomh athbhreithnithe ioncaim as giniúint teasa agus ón margadh cothromúcháin leictreachais, a luann na brabúis ligthe thar ceal faoina mbun. Ina theannta sin, leis an ríomh, toimhdítear maidir leis an gcaidhp ar ioncam ón margadh le haghaidh gineadóirí leictreachais, a ceadaíodh chun seasamh go dtí 30 Meitheamh 2023 amháin tráth ar cuireadh an ríomh a bhí tugtha cothrom le dáta isteach, go gcuirfí síneadh leis an gcaidhp sin go dtí 30 Aibreán 2024, rud lena ndéanfaí laghdú ar bhrabúis tharscaoilte ghléasra Frechen/Wachtberg. Ar deireadh, chinn rialtas na Gearmáine gan síneadh a chur le cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam ón margadh tar éis 30 Meitheamh 2023 (161). Dá mba rud é gur cuireadh é sin san áireamh sa ríomh athbhreithnithe, bheadh na brabúis a tharscaoilfeadh gléasra Frechen/Wachtberg EUR 181 milliún níos airde i dtéarmaí NPV. Ina theannta sin, toimhdítear leis an ríomh go ndúnfar aonaid Neurath D agus E an 31 Márta 2025 agus níl na brabúis ligthe thar ceal áirithe ach amháin ón dáta sin ar aghaidh, ach d’fhéadfaidís dúnadh ag deireadh mhí an Mhárta 2024 agus brabúis ligthe thar ceal níos airde a bheith acu sna míonna eile de 2024 agus in 2025 (aithris (259)).

    (416)

    Maidir le dearbhuithe tríú páirtithe maidir le fad na tréimhse neamh-mhínithe ar ríomhadh na mbrabús tarscaoilte lena linn sa ríomh athbhreithnithe (féach aithris (194)), tugann an Coimisiún ar aird nach síneann an tréimhse thar mar a mheas an Ghearmáin ba ghá chun a léiriú gur mó na brabúis ligthe thar ceal ná an cúiteamh. Maidir leis an gcaidhp ar ioncam ón margadh sa Ghearmáin idir an 1 Nollaig 2022 agus 30 Meitheamh 2023 ar bhonn Rialachán 2022/1854 ón gComhairle (162), léirítear an cás dlíthiúil sa Ghearmáin sna ríomhanna; níl an chaidhp féin faoi réir an nós imeachta seo. In aon chás, níl an argóint a rinne na tríú páirtithe ábhartha toisc nach bhfuil na trí aonad RWE, ar líomhnaíodh go bhfuair siad cóir níos fabhraí faoin gcaidhp ar ioncam ón margadh, áirithe sa ríomh athbhreithnithe de na brabúis a tharscaoileann RWE a chuir an Ghearmáin isteach toisc nach bhfuil siad ag dúnadh ach amháin tar éis 2030 nó ag deireadh 2030 agus dá réir sin níl aon tionchar acu ar an ríomh athbhreithnithe.

    (417)

    A mhéid a bhaineann leis an argóint a rinne tríú páirtí go bhfuil gléasraí ligníte RWE ag déanamh brabúis faoi láthair ón nGníomh um Chothabháil Gléasraí Cumhachta Ionadacha (aithris (208)), tugann an Coimisiún ar aird gur aonaid dhifriúla iad na haonaid ligníte a chumhdaítear leis an dlí sin (163) leo sin a chumhdaítear le beart leasaithe RWE. Dá bhrí sin, níl aon forluí sna haonaid ligníte a fhaigheann tacaíocht ón mbeart a dtugtar fógra ina leith agus an Gníomh um Chothabháil Gléasraí Cumhachta Ionadacha.

    (418)

    Ar deireadh, maidir le hargóint a rinne tríú páirtí gur cheart don ríomh maidir leis na brabúis a tharscaoileann RWE tacaíocht fhéideartha an Stáit chun gléasraí cumhachta gásadhainte atá réidh don hidrigin a leathnú ag láithreáin na n-aonad ligníte dúnta a chur san áireamh (aithris (193)), tá an Coimisiún sásta leis na mínithe a thug an Ghearmáin maidir leis sin go ndéanfaí le haon bheart nua ar leithligh don chlaochlú chuig giniúint cumhacha aeráidneodrach an tacaíocht a leithdháileadh trí thairiscintí ginearálta agus tairiscintí trédhearcacha a bheadh oscailte do gach gnóthas agus nach soláthrófaí le bearta nua den sórt sin aon ráthaíocht maidir le tacaíocht do RWE (féach aithris (273)). Chomh maith leis sin, dá ndéanfaí tacaíocht nua den sórt sin a dheonú do RWE, bhainfeadh sé le costais incháilithe difriúla, i.e. costais a bhaineann le gléasra nua a thógáil.

    6.3.3.1.3.2.   Sásra um dhúnadh iarchurtha agus sásra cúlchiste

    (419)

    Mar a thuairiscítear i dTábla 3, tabharfar suiteáil RWE amháin chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha agus gheobhaidh sé cúiteamh le haghaidh na tréimhse a fhanann sé sa sásra (2029 go 2033), agus dúnfar síos go buan é ina dhiaidh sin. D’áitigh an Ghearmáin go gcúitítear an sásra um dhúnadh iarchurtha go neamhspleách agus nach ndéanann sé difear don chúiteamh faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith (aithris (35)).

    (420)

    Mar a léirítear in aithris (133) den Chinneadh Tosaigh, fuair an Coimisiún roimh ré go bhfuil méideanna cúitimh an tsásra um dhúnadh iarchurtha nasctha go dlúth leis an gcúiteamh um dhúnadh. Bhí amhras ar an gCoimisiún cé acu ar beart ar leithligh a bhí i gceist leis an sásra um dhúnadh iarchurtha nó nach ea, rud nach gá a chur san áireamh le linn measúnú a bheith á dhéanamh ar chomhréireacht.

    (421)

    In aithrisí (120) go (123) den Chinneadh Tionscnaimh, rinne an Coimisiún anailís bhreise ar aighneachtaí a rinne an Ghearmáin agus tháinig ar an gconclúid nach ndealraítear gur ann d’fhorluí i ríomh an dá ionstraim.

    (422)

    Tá an Coimisiún fós den tuairim sin agus tá sé den chonclúid nach ann d’fhorluí. Ag cur na mínithe a sholáthair an Ghearmáin agus RWE san áireamh (féach aithrisí (276) agus (179)), tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil na híocaíochtaí maidir leis an sásra um dhúnadh iarchurtha ábhartha, toisc nach n-áirítear sa ríomh athbhreithnithe don chúiteamh as dúnadh go luath faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith an gléasra (Niederaußem G nó H) a d’aistreofaí chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha. Thairis sin, níor cheart an luach saothair don sásra um dhúnadh iarchurtha a chur san áireamh sa mheasúnú comhréireachta ar bheart leasaithe RWE, toisc gur dhá ionstraim ar leithligh iad an dá cheann:

    (a)

    Ar dtús, cúitítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith as na brabúis ligthe thar ceal arb é dúnadh luath sainordaithe suiteálacha ligníte RWE is cúis leis, agus cúitítear leis an sásra um dhúnadh iarchurtha oibreoirí as na suiteálacha a cuireadh isteach i modh cúltaca. I gcás RWE, ciallóidh sé sin suiteáil amháin – Niederaußem G nó H, a aistreofar chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha an 31 Nollaig 2029 agus a dhúnfar go hiomlán an 31 Nollaig 2033.

    (b)

    An dara rud, tugann an beart a dtugtar fógra ina leith agus an sásra um dhúnadh iarchurtha aghaidh ar thréimhsí ama difriúla. Baineann an beart a dtugtar fógra ina leith le dúnadh deiridh ón 31 Nollaig 2033 ar aghaidh, agus baineann an sásra um dhúnadh iarchurtha leis an tréimhse ama a caitheadh sa sásra um dhúnadh iarchurtha, i.e. ón 31 Nollaig 2029 go dtí an 31 Nollaig 2033. Sin é cás Niederaußem G nó H, arb é an t-aon aonad de chuid RWE é atá á bhogadh chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha. Le Niederaußem G nó H, caitear dul isteach sa sásra um dhúnadh iarchurtha ón 31 Nollaig 2029, ach is é an 31 Nollaig 2033 an dúnadh deiridh. Ciallaíonn sé sin nach ann d’fhorluí i dtéarmaí uainiúcháin idir an beart a dtugtar fógra ina leith agus dul isteach i sásra um dhúnadh iarchurtha Niederaußem G nó H. Chomh maith leis sin, níl Niederaußem G nó H áirithe sa ríomh athbhreithnithe (féach aithris (66)).

    (c)

    An tríú rud, leanann an beart a dtugtar fógra ina leith agus an sásra um dhúnadh iarchurtha loighic dhifriúil agus ríomhtar an luach saothair ar bhealach difriúil. Maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, ríomhtar an luach saothair bunaithe ar shonraí ionchuir éagsúla agus ar thuartha maidir le brabús tarscaoilte, i.e. is luach saothair réamhbhreathnaitheach é nach bhféachann ach ar bhlianta tar éis an dúnta amháin, ach ríomhtar an sásra um dhúnadh iarchurtha bunaithe ar bhrabúis a tharscaoiltear i bhfoirmle lena seiceáiltear brabúsacht na 3 bliana roimhe sin, i.e. is de chineál cúlghabhálach é, nach mbreathnaíonn ach amháin ar na blianta sula ndeachthas isteach sa sásra um dhúnadh iarchurtha. Ina theannta sin, ní áirítear i ríomh na mbrabús ligthe thar ceal an cúiteamh as an sásra um dhúnadh iarchurtha. Dá bhrí sin, níl aon forluí sna costais/brabúis a chumhdaítear leis an dá ionstraim seo.

    (d)

    An ceathrú rud, an fhoráil sa dlí um dhúnadh (mír 45), ar dá réir a dhéantar an chéad íocaíocht den chúiteamh ag deireadh na bliana ina ndúntar síos suiteáil ligníte go buan den chéad uair nó a aistrítear é chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha, baineann sé leis an am a íoctar an cúiteamh agus ní leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith. Dá réir sin, níl an beart a dtugtar fógra ina leith agus an sásra um dhúnadh iarchurtha nasctha go dlúth lena chéile agus níl réamhchoinníoll ag baint le híocaíocht an bhirt a dtugtar fógra ina leith agus an sásra um dhúnadh iarchurtha agus a mhalairt.

    (423)

    Ina theannta sin, tá an Coimisiún den tuairim gur dhá bheart ar leithligh freisin é an sásra um dhúnadh iarchurtha agus an beart a dtugtar fógra ina leith i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos sa chásdlí. Rialaigh an Chúirt nach féidir a chur as an áireamh nach mór roinnt beart comhleanúnach d’idirghabháil ón Stát, chun críocha Airteagal 107(1) CFAE, a mheas mar idirghabháil aonair. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh, go háirithe i gcás ina bhfuil idirghabhálacha comhleanúnacha, ag féachaint dá gcroineolaíocht, dá gcuspóir agus d’imthosca an ghnólachta tráth na n-idirghabhálacha sin, go bhfuil siad nasctha chomh dlúth sin le chéile go bhfuil siad doscartha óna chéile (164). Sa chás seo, déantar an dá bheart a dheighilt in dhá thréimhse ama éagsúla (féach aithris (423)(b)). Tá cuspóir éagsúil acu, toisc go bhfuil an sásra um dhúnadh iarchurtha ag freastal ar an margadh i gcásanna éigeandála agus é ag cúiteamh na n-oibreoirí as na haonaid a choimeád sa mhodh cúltaca, ach cúitítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith as na brabúis ligthe thar ceal nach bhfuarthas mar gheall ar dheireadh a chur go luath le húsáid ligníte de réir a chéile ach ní thugtar sainordú do na hoibreoirí leanúint ag táirgeadh leictreachais faoi choinníollacha áirithe. Thairis sin, tá dhá bhunús dlí éagsúla ag an dá bheart: rialáiltear an sásra um dhúnadh iarchurtha faoi Airteagal 50 den dlí um dhúnadh, ach rialáiltear méid an chúitimh agus na mionsonraí maidir lena bhainistiú faoi Airteagal 44 den dlí um dhúnadh agus conradh 2021 agus a leasú. Ar deireadh, bainistíonn oibreoirí córais agus oibreoirí córais tarchurtha an sásra um dhúnadh iarchurtha, agus ní mar sin atá i gcás an bhirt a dtugtar fógra ina leith. Ar na cúiseanna sin, níl na bearta nasctha go dlúth lena chéile agus dá bhrí sin níl siad doscartha óna chéile. Dá réir sin, ní féidir an sásra um dhúnadh iarchurtha agus an beart a dtugtar fógra ina leith a mheas ach an oiread mar aon bheart amháin i bhfianaise an chásdlí ábhartha.

    (424)

    Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an argóint a rinne tríú páirtí maidir le tionchar féideartha ar na brabúis a tharscaoileann RWE maidir le haistriú na dtrí aonad (Niederaußem K, Neurath F agus Neurath G) isteach i gcúlchiste go dtí an 31 Nollaig 2033 (aithris (196)), tugann an Coimisiún ar aird nach bhfuil na haonaid sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar bheart leasaithe RWE. Tá sé sin fíor toisc go bhfuil na haonaid sin sceidealaithe le dúnadh in 2030 agus níor sholáthair an Ghearmáin ríomhanna fadtéarmacha sonracha le haghaidh na seacht n-aonad a dhúnfar tar éis 2027, ós rud é gur leormhaith cheana féin iad na sonraí agus an ríomh athbhreithnithe atá ann cheana agus a bhaineann leis na haonaid a dhúnfar roimh 2027 mar bhonn cirt leis an méid cúitimh faoi bheart leasaithe RWE. Tá aird ag an gCoimisiún freisin ar an míniú a thug an Ghearmáin nach ndéantar foráil maidir leis na cúlchistí nua féideartha seo sa dlí leasaitheach ná sa chonradh leasaitheach, ach go gcaithfear iad a shainiú go dleathach sa todhchaí má chinneann an Ghearmáin cúlchistí den sórt sin a thabhairt isteach (aithris (278)).

    (425)

    Mar chonclúid, tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil an luach saothair a fuair RWE as an tsuiteáil a aistríodh chuig an sásra um dhúnadh iarchurtha agus an sásra um chúlchiste féideartha ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht bheart leasaithe RWE.

    6.3.3.1.3.3.   Cásanna malartacha arna gcur isteach ag an nGearmáin

    (426)

    Na cásanna malartacha a chuir an Ghearmáin isteach roimh an gCinneadh Tosaigh (féach aithrisí (50), (54) agus (134) den Chinneadh Tosaigh), níl siad ábhartha maidir leis an measúnú ar bheart leasaithe RWE, toisc gur tugadh dúnadh ghléasraí RWE ar aghaidh go dtí 2030 in aon chás agus níor breithníodh an rogha maidir le díchoimisiúnú a thús-ualú don ríomh athbhreithnithe ar na brabúis a tharscaoileann RWE.

    6.3.3.1.3.4.   Costais bhreise athshlánaithe mianaigh

    (427)

    I gcomhréir le pointe 425 CEEAG, féadfar leis an gcúiteamh as dúnadh luath gníomhaíochtaí guail brabúsacha ‘costais bhreise arna dtabhú ar na gnóthais a chumhdach freisin, mar shampla costais a bhaineann le costais bhreise shóisialta agus chomhshaoil, más ann do na costais sin mar gheall ar na gníomhaíochtaí brabúsacha a dhúnadh go luath. Ní féidir a áireamh le costais bhreise costais a tharlódh freisin sa chás frithfhíorasach’.

    (428)

    I gcomhthéacs bheart leasaithe RWE, níor chuir an Ghearmáin isteach ach an ríomh athbhreithnithe de bhrabúis a tharscaoiltear amháin – agus go sonrach, de bhrabúis tharscaoilte aonaid RWE a bheidh ag dúnadh faoin 31 Márta 2025 – agus taispeántar sa ríomh sin go bhfuil NPV bhrabúis tharscaoilte na n-aonad sin níos airde ná NPV an chúitimh (aithrisí (64) agus (65)). Ní áirítear aon chostas breise as athshlánú mianaigh sa ríomh athbhreithnithe (aithris (269)).

    (429)

    Dá bhrí sin, toisc nach bhfuil aon chostas breise as athshlánú mianaigh áirithe sa ríomh athbhreithnithe agus gur leordhóthanach na brabúis a tharscaoiltear do na gléasraí cumhachta mar bhonn cirt don chúiteamh do RWE, ní gá aon chostas athshlánaithe mianaigh breise a chainníochtú agus a mheasúnú, ar costais iad a d’fhéadfadh RWE a thabhú ón dúnadh brostaithe.

    6.3.3.1.3.5.   Conclúid maidir le comhréireacht

    (430)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil beart leasaithe RWE comhréireach.

    6.3.3.1.4.   Carnadh

    (431)

    Tugann an Coimisiún ar aird go n-áiritheoidh an Ghearmáin go gcomhlíonfar na rialacha maidir le carnadh chun róchúiteamh a eisiamh, i gcomhréir le pointí 56 agus 57 CEEAG (aithris (83)).

    (432)

    D’áitigh tríú páirtithe áirithe go bhféadfadh róchúiteamh leanúint as an mbeart in éineacht le bearta eile de chuid na Gearmáine, amhail an APG, an sásra um dhúnadh iarchurtha, sásraí maidir le toilleadh etc., toisc go bhféadfaí na costais incháilithe chéanna a charnadh (féach aithrisí (196) agus (206)). Ní aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim sin. Baineann costais incháilithe an bhirt a dtugtar fógra ina leith leis an mbrabús a tarscaoileadh, ach mar shampla, is beart ar leithligh é an sásra um dhúnadh iarchurtha maidir le costais incháilithe difriúla, ar tháinig an Coimisiún ar chonclúid maidir leis i roinn 6.3.3.1.3.2. Tá an cás sin fíor freisin le haghaidh sásraí toillte eile nó APG mar shampla, nach mbaineann le brabúis RWE a tarscaoileadh i ngeall ar na gléasraí cumhachta lignít-adhainte a dhúnadh go luath. Tagraíonn pointe 56 CEEAG le carnadh maidir leis na costais incháilithe chéanna. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún den tuairim nach ann do charnadh maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith i dtéarmaí phointí 56 agus 57 CEEAG.

    6.3.3.1.5.   Trédhearcacht

    (433)

    Tugann an Coimisiún ar aird gur dheimhnigh an Ghearmáin go n-áiritheoidh sí go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le trédhearcacht a leagtar síos i bpointí 58, 59 agus 61 CEEAG (féach aithris (84)).

    6.3.3.2.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

    (434)

    De réir phointe 434 CEEAG, ní mór don Bhallstát sochair chomhshaoil an bhirt a bhfuil coinne leo a shainaithint agus a chainníochtú, i gcás inar féidir é i dtéarmaí na cabhrach in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 arna seachaint. Thairis sin, breithneoidh an Coimisiún gur rud dearfach é má áirítear cealú deonach lamháltas astaíochtaí CO2 le bearta ar an leibhéal náisiúnta.

    (435)

    De réir phointe 435 CEEAG, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil an beart struchtúrtha ar bhealach lena dteorannaítear go dtí an laghad is lú aon saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh. In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil bunaithe ar dhearadh an bhirt agus an éifeacht atá aige ar an margadh ábhartha.

    (436)

    Ar dtús, mar a thuairiscítear in aithris (18), mheas an Ghearmáin go leanfaidh méid comhlán de 51 milliún tona d’astaíochtaí CO2 sábháilte as an mbeart a dtugtar fógra ina leith. Dá réir sin, shainaithin agus chainníochtaigh an Ghearmáin na sochair chomhshaoil a bhfuil coinne leo maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith i dtéarmaí na cabhrach in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 arna seachaint. An dara rud, go gcuireann an Coimisiún fáilte freisin go dtugtar isteach leis an dlí um dhúnadh cealú lamháltas astaíochtaí CO2 ar an leibhéal náisiúnta ar bhonn bliantúil, mar a thuairiscítear in aithris (19). Foráiltear leis an dlí um dhúnadh go gcealófar lamháltais astaíochtaí CO2 ar ionann iad agus na laghduithe breise ar astaíochtaí i ngeall ar shuiteálacha cumhachta lignítadhainte a bheith á ndúnadh, agus idirghabháil Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh á cur san áireamh. I gcás ina mbeifear a chinneadh cén líon lamháltas CO2 a scriosfar, chuirfeadh an Ghearmáin teicneolaíochtaí athsholáthair san áireamh. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíontar an ceanglas faoi phointe 434 CEEAG.

    (437)

    I ndáil le pointe 435 CEEAG, tugann an Coimisiún le fios gur ann do phróiseas tairisceana iomaíoch chun an saobhadh is lú a áirithiú don iomaíocht agus don trádáil agus gur cheart gurb é sin an rogha beartais ab fhearr nuair a bhíonn beart á dhearadh. Mar sin féin, mar a thuairiscítear in aithris (32), rinne údaráis na Gearmáine argóintí bailí, faoin gcúis nár cheart do phróiseas tairisceana iomaíoch a bheith infheidhme sa chás seo agus d’aontaigh an Coimisiún lena leithéid de thuairim (aithrisí (388) et seq.). Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún go heisceachtúil leis nach ann do phróiseas tairisceana iomaíoch sa chás seo. In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil bunaithe ar dhearadh an bhirt agus an éifeacht atá aige ar an margadh ábhartha.

    (438)

    Tugann an Coimisiún ar aird, faoi mar a chuirtear i dtábhacht in aithris (333), go bhfuil éifeacht ag an mbeart a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht sa mhargadh leictreachais. Is é sin, go ndéanfaidh sé difear don iomaíocht sa Ghearmáin agus i limistéir chomharsanacha, agus gur dóigh go ndéanfaidh sé difear don ord fiúntais agus do phraghas mórdhíola an leictreachais dá bharr sin.

    (439)

    Mar sin féin, tá an Coimisiún den tuairim go seachnaítear le dearadh an bhirt a dtugtar fógra ina leith éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil. Ar an gcéad dul síos, tá an beart a dtugtar fógra ina leith teoranta ó thaobh ama de, go háirithe i bhfianaise an deiridh bhrostaithe faoi 2030. Ar an dara dul síos, tá an beart a dtugtar fógra ina leith comhréireach agus fanann sé faoi bhun bhrabúis RWE a tarscaoileadh, i.e. meastar sa ríomh athbhreithnithe le haghaidh bheart leasaithe RWE go bhfuil na brabúis a tharscaoileann gléasraí cumhachta ligníte RWE atá faoi réir a ndúnta go luath ag EUR 2,2 billiún i dtéarmaí 2022, i gcomparáid le NPV an chúitimh aontaithe de EUR 1,7 billiún. Dá bhrí sin, tá NPV an chúitimh níos ísle ná na brabúis mheasta a tarscaoileadh (féach aithris (64)) agus níl sé dá réir sin ar tí feabhas a chur ar staid airgeadais an tairbhí. Tugann an Coimisiún ar aird go maolaítear leis an dá ghné deartha sin den bheart a dtugtar fógra ina leith an baol atá ann go mbeidh éifeachtaí diúltacha míchuí acu ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

    (440)

    Léirigh tríú páirtithe imní faoi bheith ag seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil (féach aithrisí (224) go (229)). Maíonn siad go mbeidh oibreoirí ligníte, le cúnamh an bhirt a dtugtar fógra ina leith, in ann dul i bhfód ar mhargaí comharsanacha nó a seasamh ar na margaí sin a neartú, amhail leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus a gcuid iomaitheoirí siar leis dá mbarr. Mar shampla, má infheistíonn na hoibreoirí ligníte i ngléasraí giniúna cumhachta atá dian ar chaipiteal chun foinsí inathnuaite fuinnimh a úsáid, thiocfadh saofaí láidre iomaíochta as sin. D’áitigh roinnt tríú páirtithe freisin go sáraíonn an cúiteamh Airteagal 106 i gcomhar le hAirteagal 102 CFAE, toisc go gcomhdhlúthaítear leis seasamh líomhnaithe RWE mar tháirgeoir cumhachta ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh, i gcás ina bhfuil an margadh ag caolú i bhfabhar RWE ar aon nós (féach aithris (220)).

    (441)

    Chonspóid an Ghearmáin an maíomh a rinne na tríú páirtithe go dtéann an cúiteamh chun tairbhe RWE sa mhargadh Eorpach agus go bhfuil an beart a dtugtar fógra ina leith contrártha do Airteagal 106 i gcomhar le hAirteagal 102 CFAE (féach aithris (274)). D’áitigh an Ghearmáin nach saobhann agus nach mbagraíonn an beart a dtugtar fógra ina leith saobhadh a dhéanamh ar iomaíocht ná nach ndéanann sé difear don trádáil idir Ballstáit, toisc nach bhfuil staid mhargaidh cheannasach ag RWE (féach aithris (274)).

    (442)

    Ní aontaíonn an Coimisiún leis na tuairimí sin atá ag na tríú páirtithe. Is é sin, ar dtús, go ndearna an Coimisiún measúnú ar an gcás frithfhíorasach agus fuair go bhfuil sé sochreidte, rud a chiallaíonn go leanfaí do na gléasraí ligníte go dtí níos déanaí ná an dáta dúnta tuartha agus dá bhrí sin, go ndéanfaí na brabúis a fhabhrú do RWE. Dá réir sin, níl RWE níos fearr as sa chás fíorasach i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach, ní féidir dá réir sin buntáiste míchuí a bheith ann lena dtabharfaí deis do RWE dul i bhfód ar mhargaí comharsanacha nó a staid mhargaidh a mhéadú. An dara rud, go laghdóidh an deireadh a chuirfear le húsáid ligníte de réir a chéile an acmhainneacht sa mhargadh agus tabharfaidh sé deis do pháirtithe eile, lena n-áirítear táirgeoirí foinsí inathnuaite fuinnimh, dul ar an bhfód sa mhargadh nó a staid sa mhargadh a neartú. Dá bhrí sin, níl RWE ag fáil buntáiste iomaíoch i gcomparáid lena iomaitheoirí i ngeall ar bheart leasaithe RWE. An tríú rud, ag smaoineamh go bhfuil RWE á chúiteamh as na brabúis a tharscaoileann sé, rud a bheadh déanta aige murach deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile-, bheadh an deis ag RWE infheistíochtaí nua a dhéanamh freisin in éagmais an bhirt a dtugtar fógra ina leith. Dá bhrí sin, ní neartófar leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith staid RWE ar an margadh ábhartha. Ar deireadh, ní bheidh aon mheasúnú faoi Airteagail 102 agus 106 CFAE faoi réir an chinnidh sin, toisc go mbaineann an t-imscrúdú foirmiúil sin le hAirteagal 107 CFAE. Cuireann an Coimisiún in iúl in éineacht leis sin mar a dheimhnigh an Ghearmáin, nach bhfuil aon ráthaíocht ag RWE maidir le cabhair infheistíochta ina dhiaidh sin mar gheall ar dhúnadh na ngléasraí cumhachta. Beart ar leithligh a bheidh i gcabhair den sórt sin, i gcás ina ndeonófar í, a dhámhfar trí thairiscintí iomaíocha (féach aithris (273)).

    (443)

    D’áitigh tríú páirtí go dtabharfaidh an beart buntáiste míréasúnach do RWE agus chun é sin a sheachaint, gur cheart gealltanais bhreise a chur i bhfeidhm mar a rinneadh i gcás athstruchtúrúcháin British Energy plc (‘cás BE’) (165) (féach aithris (227)). Ní aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim sin. Rinneadh measúnú ar chás BE faoi Threoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (‘Treoirlínte R&R’) (166), ina dtugtar aghaidh ar chás i gcás ina dteastaíonn tarrtháil nó cabhair athstruchtúrúcháin ó ghnóthas atá i gcruachás. Toisc nach bhfuil tairbhí cásanna den sórt sin in ann fanacht sa mhargadh gan idirghabháil ón Stát, d’fhéadfadh gá a bheith le bearta breise chun saofaí iomaíochta breise a sheachaint faoi Threoirlínte R&R. Ar ndóigh ní gnóthas i gcruachás é RWE (féach aithris (456)) agus níltear ag tabhairt aghaidh ar chás tarrthála nó athstruchtúrúcháin sa bheart a dtugtar fógra ina leith ach ar dhúnadh gnó bhrabúsaigh go luath. Dá bhrí sin, ní féidir cás BE a úsáid mar analach sa chás seo.

    (444)

    Anuas air sin, rinne tríú páirtí tagairt do ‘rialú aeráide’ mar a thugtar air de chuid chúirt bhunreachtúil na Gearmáine an 24 Márta 2021, a bhfuil deireadh de réir a chéile dá réir in 2038 ródhéanach chun spriocanna aeráide na Gearmáine a chomhlíonadh agus ní chomhlíonann an beart a chuspóir dá bharr sin. Dá bhrí sin, de réir an tríú páirtí sin, d’fhéadfaí a rá gur mó na héifeachtaí diúltacha ná na héifeachtaí dearfacha, ós rud é nach gcuidíonn an beart le spriocanna aeráide riachtanacha na Gearmáine a bhaint amach (féach aithris (226)). Tugann an Coimisiún ar aird go bhfuil díchoimisiúnú suiteálacha RWE tugtha chun cinn go dtí 2030 agus nach n-éileofar cúiteamh ach amháin do na haonaid a dhúnfar faoi 2025 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, níl an argóint a rinne an tríú páirtí ábhartha.

    (445)

    Mar chonclúid, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíontar na ceanglais faoi phointe 435 CEEAG, agus tá an beart a dtugtar fógra ina leith deartha ar bhealach go seachnaítear éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

    6.3.4.   Éifeachtaí dearfacha na cabhrach a ualú in aghaidh na n-éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus trádáil.

    (446)

    Mar a thuairiscítear i bpointí 71 agus 72 CEEAG, cothromóidh an Coimisiún na héifeachtaí diúltacha a sainaithníodh ar iomaíocht agus ar choinníollacha trádála an bhirt cabhrach le héifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhaigheann tacaíocht, lena n-áirítear an méid a dhéanann siad chun an comhshaol a chosaint agus do chuspóirí an bheartais fuinnimh agus, go háirithe, don aistriú i dtreo gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch agus chun na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí Aeráide Eorpach agus spriocanna 2030 an Aontais le haghaidh fuinnimh agus na haeráide a bhaint amach. Sa chleachtadh cothromúcháin sin, beidh aird faoi leith ag an gCoimisiún ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (167), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó ar mhodheolaíochtaí eile inchomparáide.

    (447)

    Ní mór go mbeadh éifeachtaí diúltacha an bhirt ar iomaíocht agus ar thrádáil teoranta go leordhóthanach, ionas go bhfuil cothromaíocht fhoriomlán an bhirt dearfach. De réir phointe 73 CEEAG, ní mheasfaidh an Coimisiún beart cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha.

    (448)

    Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar le beart do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann, shoiléirigh an Chúirt nach mór don Choimisiún éifeacht dhearfach na cabhrach pleanáilte a mheas le haghaidh fhorbairt na ngníomhaíochtaí dá bhfuil an chabhair beartaithe tacaíocht a thabhairt agus na héifeachtaí diúltacha a fhéadfaidh a bheith ag an gcabhair ar an margadh inmheánach a mheas freisin (168).

    (449)

    Ar an taobh diúltach den chothromú, mar a thuairiscítear in aithris (439), déanfaidh an beart a dtugtar fógra ina leith difear don iomaíocht sa Ghearmáin agus sna limistéir chomharsanacha agus athróidh sé an t-ord fiúntais. Mar sin féin, mar a thuairiscítear i roinn 6.3.3.2, tá beart leasaithe RWE deartha ionas go seachnaítear éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil. Go háirithe, cuireann beart leasaithe RWE ar a chumas don tairbhí a staid mhargaidh a neartú nó dul i bhfód ar mhargaí nua ar bhealach nach mbeifí in ann a dhéanamh sa chás frithfhíorasach.

    (450)

    Ar an taobh dearfach den chothromú, tugann an Coimisiún ar aird go n-éascófar leis an deireadh a chuirfear le húsáid giniúna cumhachta lignítadhainte an fhorbairt ar acmhainneacht leictreachais bhreise bunaithe ar theicneolaíochtaí eile, is é sin foinsí inathnuaite fuinnimh, agus go bhfaighidh an Ghearmáin deis a sprioc aeráidneodrachta a bhaint amach in am, i.e. sprioc eatramhach faoi 2030, agus an sprioc deiridh faoi 2045 (féach roinn 6.3.2). Thairis sin, spreagfar éifeachtaí dearfacha leis an gcabhair i dtéarmaí an méid a dhéanfar ar son na haeráide, amhail an laghdú mór ar astaíochtaí CO2 a bhfuil na milliúin tona CO2 díobh ann in aghaidh na bliana, rud a bhféadfadh thart ar 40 % de na hastaíochtaí CO2 sa Ghearmáin a bheith i gceist leis (aithrisí (16) agus (17)). Ní tharlódh na laghduithe sin taobh istigh den am céanna murach an beart a dtugtar fógra ina leith, toisc nach mbeadh an dreasacht ag RWE oibríochtaí a chuid suiteálacha ligníte brabúsacha a fhoirceannadh. Ina theannta sin, tagann intuarthacht leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith a mhéid a bhaineann le dúnadh gléasraí lignítadhainte, rud lena ndeimhneofar slándáil an tsoláthair fuinnimh agus rud a thabharfaidh dearbhú d’oibreoirí ligníte i dtéarmaí fostaíochta agus éifeachtaí eile sochaíocha.

    (451)

    Thairis sin, dhear údaráis na Gearmáine an beart a dtugtar fógra ina leith ar bhealach a fhágfaidh nach mbeidh an saobhadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar iomaíocht ag éirí as an mbeart a dtugtar fógra ina leith ach chomh beag agus is féidir, mar a thuairiscítear in aithris (440). Tacóidh éifeachtaí dearfacha an bhirt a dtugtar fógra ina leith dá bhrí sin leis an aistriú i dtreo gníomhaíochtaí a bheidh inbhuanaithe ar bhonn comhshaoil agus a chuideoidh chun na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí Aeráide Eorpach agus spriocanna 2030 an Aontais le haghaidh fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí fhorbairt leictreachais arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh malartacha, amhail foinsí inathnuaite fuinnimh, a éascú.

    (452)

    Ina theannta sin, tá an beart a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, toisc nach dtacaíonn an beart a dtugtar fógra ina leith le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfadh dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, amhail na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú. Os a choinne sin, is é is cuspóir don bheart a dtugtar fógra ina leith na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus forbairt leictreachais arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh malartacha, amhail foinsí inathnuaite fuinnimh, a éascú.

    (453)

    Dá bhrí sin, is mó éifeachtaí dearfacha an bhirt a dtugtar fógra ina leith ná na héifeachtaí sealadacha ar iomaíocht sa Ghearmáin agus sna limistéir chomharsanacha, toisc go dtabharfaidh an beart a dtugtar fógra ina leith deis laghduithe níos mó a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tá siad deartha ar bhealach a chuireann teorainn lena saofaí iomaíochta, toisc é a bheith teoranta ó thaobh ama de, go háirithe mar gheall ar an deireadh brostaithe faoi 2030, agus tá sé comhréireach agus fanann sé faoi bhun na mbrabús measta a tharscaoileann RWE (féach aithris (440)). Tríd is tríd, tá an beart a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 107(3)(c) CFAE toisc go n-éascaítear leis forbairt gníomhaíochta eacnamaíche leictreachais arna ghiniúint ó fhoinsí malartacha, i gcás nach ndéanann cabhair den sórt sin difear díobhálach d’iomaíocht a mhéid atá bunoscionn leis an leas coiteann.

    (454)

    Mar chonclúid, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíontar na ceanglais faoi phointí 71 go dtí 73 CEEAG. Measann an Coimisiún dá réir sin gur mó éifeachtaí dearfacha an bhirt a dtugtar fógra ina leith ná na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

    6.3.5.   Cuideachtaí i gcruachás agus atá faoi ordú gnóthaithe

    (455)

    Tugann an Coimisiún ar aird gur dheimhnigh an Ghearmáin nach gnóthas i gcruachás é RWE agus nach bhfuil sé faoi réir ordú gnóthaithe atá fós le réiteach (aithrisí (81) agus (82)). Dá bhrí sin, comhlíonann beart leasaithe RWE pointí 14 agus 15 CEEAG (169).

    6.3.6.   Conclúid maidir le comhoiriúnacht na cabhrach

    (456)

    Mar chonclúid, faigheann an Coimisiún go bhfuil beart leasaithe RWE comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, toisc go n-éascaítear leis forbairt gníomhaíochta eacnamaíche agus ní dhéanann sé difear go míchuí do choinníollacha trádála a mhéid atá bunoscionn leis an leas coiteann. Ina theannta sin, is mó éifeachtaí dearfacha na cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil. Dá bhrí sin, tá beart leasaithe RWE comhoiriúnach le roinn 4.12.1 CEEAG agus le hAirteagal 107(3)(c) CFAE.

    7.   CONCLÚID

    (457)

    Tá beart leasaithe RWE comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE, i bhfianaise fhorálacha ábhartha CEEAG.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá an beart Státchabhrach atá beartaithe ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a chur chun feidhme do RWE, ar fiú EUR 2,6 billiún é, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Údaraítear dá réir sin cur chun feidhme na Státchabhrach, ar fiú EUR 2,6 billiún é.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Margrethe VESTAGER

    Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


    (1)   IO C 177, 7.5.2021, lch. 50; IO C 199, 17.5.2022, lch. 9; IO C 131, 14.4.2023, lch. 45.

    (2)  Cinneadh ón gCoimisiún an 2 Márta 2021 i gcás Státchabhair SA.53625 (2020/N) – An Ghearmáin – Deireadh a chur le húsáid ligníte de réir a chéile (IO C 177, 7.5.2021, lch. 50).

    (3)   IO C 80, 18.2.2022, lch. 1.

    (4)   IO C 199, 17.5.2022, lch. 9.

    (5)   IO C 131, 14.4.2023, lch. 45.

    (6)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

    (8)  Ar líne: https://www.gesetze-im-internet.de/ksg/BJNR251310019.html.

    (9)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

    (10)  Ar líne: https://www.umweltbundesamt.de/daten/umweltindikatoren/indikator-emission-von-treibhausgasen#:~:text=Die%20deutschen%20%E2%81%A0Treibhausgas%E2%81%A0,die%20vollst%C3%A4ndige%20Treibhausgasneutralit%C3%A4t%20erreicht%20werden.

    (11)  Ar líne: https://www.ag-energiebilanzen.de/. De réir Strommix 2022, bhí 116 TWh de ghiniúint leictreachais lignítadhainte ann, a chomhfhreagraíonn do sciar 20 %.

    (12)   Entwicklung der spezifischen Treibhausgas-Emissionen des deutschen Strommix in den Jahren 1990 – 2022, Umweltbundesamt, mí Aibreáin 2023, lch. 23, le fáil ag https://www.umweltbundesamt.de/sites/default/files/medien/1410/publikationen/2023_05_23_climate_change_20-2023_strommix_bf.pdf.

    (13)  215 mhilliún tona d’astaíochtaí CO2 a tháinig ó earnáil an leictreachais in 2021 de réir Entwicklung der spezifischen Treibhausgas-Emissionen des deutschen Strommix in den Jahren 1990 – 2022, Umweltbundesamt, mí Aibreáin 2023, lch. 23.

    (14)  Tá an ríomh sin bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le bloc ó Ardán Trédhearcachta ENTSO-E maidir le méideanna giniúna leictreachais in aghaidh na huaire a ndearnadh meastóireacht leis an bhfachtóir astaíochta le haghaidh ligníte i limistéar mianadóireachta ligníte na Réine orthu agus ar na héifeachtúlachtaí a bhaineann go sonrach leis an ngléasra cumhachta.

    (15)  Is minic a laghdaíonn méadú éifeachtúlachta costais táirge nó seirbhíse, rud is féidir borradh a chur faoin tomhaltas (i ngeall ar phraghsanna laghdaithe) agus na laghduithe tosaigh ar astaíochtaí a chealú dá réir. Tugtar an éifeacht athfhillteach air sin. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar líne: https://www.umweltbundesamt.de/en/topics/waste-resources/economic-legal-dimensions-of-resource-conservation/rebound-effects.

    (16)  Tá sé d’aidhm ag cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh aghaidh a thabhairt ar bharrachas lamháltas astaíochtaí a cruinníodh i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais ó bhí 2009 ann agus feabhas a chur ar athléimneacht an chórais in aghaidh suaití móra tríd an soláthar lamháltas atá le cur ar ceant a choigeartú.

    (17)  Ar líne: https://www.bdew.de/service/publikationen/jahresbericht-energieversorgung/.

    (18)  Ar líne: https://www.bdew.de/presse/erneuerbare-energien-deckten-im-ersten-quartal-die-haelfte-des-stromverbrauchs/.

    (19)  Cinneadh ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le Státchabhair SA.58181 (2020/N) – an Ghearmáin - Sásra tairisceana maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin (IO C 41, 5.2.2021, lch. 1), (an ‘cinneadh maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin’).

    (20)  Airteagal 1, Cuid 5, mír 49 den dlí um dhúnadh.

    (21)  Dheimhnigh an Ghearmáin gur cuireadh meastóireacht 2022 ar athló i ngeall ar an ngéarchéim fuinnimh. Tá sé beartaithe an mheastóireacht a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir.

    (22)  Airteagal 1, Cuid 7, mír 54 den dlí um dhúnadh.

    (23)  Féach Roinn 2.2.4 den Chinneadh Tosaigh.

    (24)  Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le mír 50 den dlí um dhúnadh.

    (25)  Teideal bunaidh an dlí: „Gesetz zur Beschleunigung des Braunkohleausstiegs im Rheinischen Revier“. Ar líne: http://www.bgbl.de/xaver/bgbl/start.xav?startbk=Bundesanzeiger_BGBl&jumpTo=bgbl122s2479.pdf.

    (26)  Na forálacha maidir le dámhachtain an chonartha agus fabhrú na teidlíochta i leith an fhormhuirir antraicíte sa tairiscint antraicíte de bhun Airteagal 1, roinn 18(8), roinn 20(1), ranna 21 agus 23, na forálacha maidir le giniúint leictreachais lignítbhunaithe a laghdú agus a scor de bhun Airteagal 1, Cuid 5, lena n-áirítear an conradh dlí phoiblí arna dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, agus na leasuithe ar an Acht maidir le Comhghiniúint Cumhachta agus Teasa de réir Airteagal 7, ní fhéadfar iad a chur i bhfeidhm go dtí go ndeonóidh an Coimisiún Eorpach formheas faoin dlí maidir le státchabhair. I gcás ina dtabharfar formheas de bhun abairt 1, ní fhéadfar na forálacha dá dtagraítear in abairt 1 a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir leis an bhformheas sin agus ar feadh a ré. Déanfaidh an Aireacht Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinneamh dáta fógra an fhormheasa faoin dlí maidir le státchabhair a fhoilsiú in Iris na Cónaidhme.’ (aistrithe ó mheaisínaistriúchán Béarla, béim curtha leis)

    (27)   ‘ Tá cearta agus oibleagáidí Páirtí Chonarthaigh faoi Chodanna 1 agus 2 den Chomhaontú sin faoi réir an Comhaontú sin a bheith formheasta ag an gCoimisiún Eorpach faoin dlí maidir le státchabhair agus faoi na forálacha ábhartha in [Airteagal 9 den dlí um dhúnadh] maidir le giniúint leictreachais lignítbhunaithe a laghdú nó a scor nó faoi réir fógra comhfhreagrach ón gCoimisiún Eorpach gur féidir an scrúdú faoin dlí maidir le státchabhair a thabhairt chun críche go dearfach ar mhodhanna eile seachas formheas. Cuirfidh an Aireacht Cónaidhme um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinneamh na hoibreoirí gléasra ar an eolas gan mhoill faoin bhformheas nó faoin bhfógra a bheith ann.’ (aistrithe ó mheaisínaistriúchán Béarla, béim curtha leis)

    (28)  ‘Na forálacha maidir le cúiteamh as suiteálacha lignítadhainte a dhíchoimisiúnú de bhun ranna 44 agus 45 den Acht um Scor den Ghiniúint Cumhachta Gualbhreoslaithe an 8 Lúnasa 2020 (Iris Dlí Cónaidhme I, lch. 1818), a leasaíodh an uair dheireanach le hAirteagal 1 den Acht um Dheireadh Brostaithe a Chur le hÚsáid Ligníte i Limistéar Mianadóireachta na Réine (Gesetz zur Beschleunigung des Braunkohleausstiegs im Rheinischen Revier) an 19 Nollaig 2022 (Iris Dlí Cónaidhme I, lch. 2479), agus na forálacha maidir le cúiteamh as díchoimisiúnú leathnaithe de bhun roinn 50(1), abairt 2 den Acht um Scor den Ghiniúint Cumhachta Gualbhreoslaithe, ní fhéadfar iad a chur i bhfeidhm ach amháin má dheonaigh an Coimisiún Eorpach formheas faoin dlí maidir le státchabhair agus a mhéid a dheonaigh sé é nó má thug an Coimisiún Eorpach fógra á rá gur féidir an scrúdú faoin dlí maidir le státchabhair a thabhairt chun críche ar bhealach eile agus a mhéid a thug sé an fógra sin.- (aistrithe ó mheaisínaistriúchán Béarla, béim curtha leis)

    (29)  Féach an páipéar arna eisiúint ag aireacht na Gearmáine an 4 Deireadh Fómhair 2022 ina bhfuil príomheilimintí an chomhaontaithe sin, atá le fáil sa Ghearmáinis anseo: https://www.bmwk.de/Redaktion/DE/Downloads/Energie/221004-Eckpunktepapier-RWE-Kohleausstieg.html.

    (30)  Féach an phreaseisiúint arna eisiúint ag aireacht na Gearmáine an 4 Deireadh Fómhair 2022, atá le fáil sa Ghearmáinis anseo: https://www.bmwk.de/Redaktion/DE/Pressemitteilungen/2022/10/20221004-bundeswirtschaftsminister-habeck-landesministerin-neubaur-und-rwe-verstandigen-sich-auf-beschleunigten-kohleausstieg-2030.html.

    (31)  Foinse: Ardán Trédhearcachta ENTSO-E, le fáil ag https://transparency.entsoe.eu.

    (32)  Foinse: Sonraí ó Platts Market Data.

    (33)  I gcás gléasraí cumhachta lignítadhainte, tá an uasteorainn ioncaim socraithe bunaithe ar fhoirmle lena gcuirtear a gcostais sheasta agus oibriúcháin san áireamh.

    (34)  Na hathruithe ó Thábla 2 den Chinneadh Tosaigh, cuirtear faoi chló trom iad.

    (35)  Sa deireadh, roghnaíodh aonad E a scor an dáta sin.

    (36)  Sa deireadh, roghnaíodh aonad F a scor an dáta sin.

    (37)  Ní gheobhaidh Saale Energie ná EnBW cúiteamh as luathdhúnadh, toisc nach sainordófar dá ngléasraí cumhachta (Schkopau A agus B agus Lippendorf S, faoi seach) dúnadh níos luaithe ná atá beartaithe cheana féin ag na cuideachtaí.

    (38)  Sa deireadh, roghnaíodh aonad E a scor an dáta sin.

    (39)  Sa deireadh, roghnaíodh aonad F a scor an dáta sin.

    (40)  Chun críoch an ríomha athbhreithnithe, maidir le haonaid Neurath D agus E, atá le dúnadh an 31 Márta 2024 mar a léirítear i dTábla 3 thuas, glactar leis go bhfuil siad le dúnadh an 31 Márta 2025, amhail is dá mbeadh cinneadh déanta ag rialtas na Cónaidhme cheana féin go gcoinneoidh sé sa mhargadh ar feadh 1 bhliain amháin eile iad (féach aithris (47)). Is é tuairim na Gearmáine go bhfuil an ríomh athbhreithnithe níos coimeádaí dá bharr sin ó tharla go laghdaíonn an tréimhse oibriúcháin níos faide a thoimhdítear a bheidh ann an brabús measta a tharscaoiltear.

    (41)  Nuair a bhreathnaítear air i dtéarmaí ainmniúla, dealraíonn sé go bhfuil an méid cúitimh níos mó ná an brabús measta a tharscaoiltear toisc go scaiptear na tráthchodanna cúitimh thar thréimhse ama níos faide (go dtí 2030) ná a scaiptear an brabús a tharscaoiltear (go dtí 2026).

    (42)  Baineann sé sin le cur chun feidhme na huasteorann ar ioncaim mhargaidh.

    (43)  Baineann sé sin le cur chun feidhme na huasteorann ar ioncaim mhargaidh.

    (44)  Öko-Institut (2022): Die deutsche Braunkohlenwirtschaft 2021. Historische Entwicklungen, Ressourcen, Technik, wirtschaftliche Strukturen und Umweltauswirkungen. Studie im Auftrag von Agora Energiewende und der European Climate Foundation. Ar fáil anseo: https://www.oeko.de/publikationen/p-details/die-deutsche-braunkohlenwirtschaft-2021. Tá an staidéar ina nuashonrú (ina bhfuil sonraí suas le 2021) ar staidéir roimhe sin lena bhfiosraítear eacnamaíocht na mianadóireachta ligníte agus na giniúna leictreachais lignítadhainte, a rannchuidigh le hiarrachtaí aimsithe fíoras an Choimisiúin Guail.

    (45)  Is é atá i meánchostas ualaithe an chaipitil costas caipitil na gnólachta agus gach catagóir caipitil arna hualú go comhréireach. Ríomhtar meánchostas ualaithe an chaipitil trí chostas gach foinse caipitil (fiachas agus cothromas) a iolrú faoina hualú ábhartha de réir margadhluacha, agus ansin na torthaí a shuimiú chun an t-iomlán a chinneadh. Úsáidtear meánchostas ualaithe an chaipitil freisin mar an ráta lascaine le haghaidh sreafaí airgid amach anseo in anailís ar shreabhadh airgid lascainithe.

    (46)  Tá torthaí na n-anailísí sin arna bhfoilsiú ag Öko-Institut an 6 Meán Fómhair 2022 (https://blog.oeko.de/atomausstieg-mythen-zu-streckbetrieb-und-laufzeitverlaengerung/ agus ag enervis an 29 Meán Fómhair 2022 (https://enervis.de/wp-content/uploads/2022/09/20220929_enervis-Pressemitteilung_AKW-Weiterbetrieb-erhoeht-Versorgungssicherheit-und-reduziert-Gasverbrauch.pdf). Bhí 2,8 GW de thoilleadh ag an dá ghléasra cumhachta núicléiche i dteannta a chéile, agus sa chás seo scoirfear d’aonaid lignítadhainte a bhfuil 3,2 GW de thoilleadh i dteannta a chéile acu a úsáid faoi dheireadh 2026, arb é pointe deiridh an ríomha athbhreithnithe.

    (47)  Is é 22 % (nó EUR 479 milliún) i dtéarmaí glanluacha láithrigh an méid a ranníoc na trí aonad sin le suim iomlán an bhrabúis a tharscaoiltear sa ríomh athbhreithnithe. Díobh sin, tarlaíonn EUR 348 milliún in 2025 agus EUR 131 mhilliún in 2026.

    (48)  Féach mar shampla BloombergNEF European Utility Hedging Profiles 2021, 21 Aibreán 2021, ar líne: https://about.bnef.com/.

    (49)  Ar líne: https://www.bundeskartellamt.de/SharedDocs/Publikation/DE/Berichte/Marktmachtbericht_2021.pdf?__blob=publicationFile&v=3.

    (50)   Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    (51)  Féach an Breithiúnas ón gCúirt Chéadchéime an 13 Meán Fómhair 1995, TWD v An Coimisiún, T-244/93 agus T-486/93, ECLI:EU:T:1995:160, mír 56. Féach freisin Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra ón gCoimisiún maidir le gnóthú Státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach (IO C 247, 23.7.2019, lch. 1).

    (52)  Standige Rechtsprechung des Bundesverfassungsgerichts (BVerfG), siehe nur das Urteil zum Atomausstieg BverfGE 143, 246ff., zuvor schon BverfGE 58, 137 ff.; BverfGE 100, 226 ff; s. auch BverfG NVwZ 2012, 429 (430 f.); BGH NVwZ 2010, 1444 (1447).

    (53)  Ausarbeitung, Wissenschaftliche Dienste, Deutscher Bundestag (WD 3 – 3000 – 360/18); Stilllegung von Kraftwerken, Kurzinformation, Wissenschaftliche Dienste, Deutscher Bundestag (WD 3 – 3000 – 360/19).

    (54)  Vgl. Urteil des Bundesverfassungsgerichts vom 6.12.2016, 1 BvR 2821/11, 1 BvR 321/12, 1 BvR 1456/23, Rn. 231 für atomrechtliche Genehmigungen.

    (55)  Vgl. m.w.N. Klinskim, S. 4. Jedoch können haushaltsrechtliche Gründe (dazu unter 2) auch bei der verfassungsrechtlichen Betrachtung in Einzelfällen und in der Zusammenschau mit anderen Gründen eine Reduzierung der Entschädigung, z.B. für einen Ausgleich unter dem Verkehrswert, begründen, m.w.N. Schomerus/Franßen, S. 317f.

    (56)  Urteil des Bundesverfassungsgerichts vom 6.12.2016, 1 BvR 2821/11, 1 BvR 321/12, 1 BvR 1456/23, Rn. 270; Jarass, in: Jarass/Pieroth, GG, 15. Auflage 2018, Art. 14 Rn. 19.

    (57)  BVerwG NVwZ 2009, S. 1443.

    (58)  Schomerus/Franßen: Klimaschutz und die rechtliche Zulässigkeit der Stilllegung von Braun- und Steinkohlekraftwerken. 13.12.2018, https://www.bet-energie.de/fileadmin/redaktion/PDF/Studien_und_Gutachten/Gutachten_Folgekosten/Gutachten_Folgekosten_Braunkohleausstieg_Abschlussbericht.pdf.

    (59)  Breithiúnas na Cúirte an 21 Márta 2013, Magdeburger Mühlenwerke GmbH v Finanzamt Magdeburg, C-129/12, ECLI:EU:C:2013:200, mír 40.

    (60)  Cinneadh 2010/787/AE ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le Státchabhair chun dúnadh mianach guail neamhiomaíoch a éascú, IO L 336, 21.12.2010, lch. 24.

    (61)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1).

    (62)  Breithiúnas na Cúirte an 21 Márta 2013, Magdeburger Mühlenwerke GmbH v Finanzamt Magdeburg, Cás C-129/12, ECLI:EU:C:2013:200.

    (63)  Breithiúnas na Cúirte an 21 Márta 2013, Magdeburger Mühlenwerke GmbH v Finanzamt Magdeburg, Cás C-129/12, ECLI:EU:C:2013:200, mír 40.

    (64)   Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    (65)  Breithiúnas na Cúirte an 21 Márta 2013, Magdeburger Mühlenwerke GmbH v Finanzamt Magdeburg, Cás C-129/12, ECLI:EU:C:2013:200, mír 41.

    (66)  Breithiúnas ón gCúirt an 11 Nollaig 2008, An Coimisiún v Freistaat Sachsen, C-334/07 P, ECLI:EU:C:2008:709.

    (67)  An cinneadh maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin, aithrisí 100-109.

    (68)  Öko-Institut, Assessment of the planned compensation payments for decommissioning German lignite power plants in the context of current developments, 29 Meitheamh 2020, lch. 30, le fáil anseo: https://www.oeko.de/publikationen/p-details/assessment-of-the-planned-compensation-payments-for-decommissioning-german-lignite-power-plants-in-the-context-of-current-developments; Sandbag, smarter climate policy, The cash cow has stopped giving: Are Germany’s lignite plants now worthless?, le fáil anseo: https://ember-climate.org/insights/research/the-cash-cow-has-stopped-giving/.

    (69)  Cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2004 maidir le Státchabhair C 39/2004 — An Ghníomhaireacht um Dhíchoimisiúnú Núicléach (IO C 315, 21.12.2004, lch. 4).

    (70)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

    (71)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (72)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18P, ECI:EU:C:2020:742.

    (73)  An cinneadh maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin, aithrisí 110 go 117.

    (74)  Öko-Institut, Assessment of the planned compensation payments for decommissioning German lignite power plants in the context of current developments, 29 Meitheamh 2020, lch. 25 et seq, le fáil anseo: https://www.oeko.de/publikationen/p-details/assessment-of-the-planned-compensation-payments-for-decommissioning-german-lignite-power-plants-in-the-context-of-current-developments.

    (75)   Power ENGINeering International, Spain’s remaining coal-fired plants likely to be phased out by 2025, 5 Lúnasa 2020, ar líne: https://www.powerengineeringint.com/coal- fired/spains-remaining-coal-fired-plants-likely-to-be-phased-out-by-2025/.

    (76)  Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.54537 (2020/NN) – An Ísiltír – Prohibition of coal for the production of electricity in the Netherlands [Toirmeasc ar ghual chun leictreachas a tháirgeadh san Ísiltír] (IO C 220, 3.7.2020, lch. 1). Féach Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022, Ríocht na hÍsiltíre v An Coimisiún Eorpach. Cás T-469/20. ECLI:EU:T:2022:713. Rinneadh achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sa Chúirt Bhreithiúnais (Cás C-40/23 P).

    (77)  Modern German lignite plant margins halve from 2024 | Argus Media.

    (78)  An cinneadh maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile sa Ghearmáin, aithris 118.

    (79)  Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.100533 (2021/NN) – An Pholainn - Amendments to the closure plan in the Polish coal mining [Leasuithe ar an bplean um dhúnadh i réimse ghualmhianadóireacht na Polainne] (IO C 231, 30.6.2023, lch. 8).

    (80)   Power ENGINeering International, Spain’s remaining coal-fired plants likely to be phased out by 2025, 5 Lúnasa 2020, ar líne: https://www.powerengineeringint.com/coal- fired/spains-remaining-coal-fired-plants-likely-to-be-phased-out-by-2025/.

    (81)  Féach e.g. an chabhair chun gléasra cumhachta núicléiche Fessenheim a dhúnadh go luath san Fhrainc.

    (82)  Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.100533 (2021/NN) – An Pholainn - Amendments to the closure plan in the Polish coal mining [Leasuithe ar an bplean um dhúnadh i réimse ghualmhianadóireacht na Polainne] (IO C 231, 30.6.2023, lch. 8).

    (83)  Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.54537 (2020/NN) – An Ísiltír – Prohibition of coal for the production of electricity in the Netherlands [Toirmeasc ar ghual chun leictreachas a tháirgeadh san Ísiltír] (IO C 220, 3.7.2020, lch. 1).

    (84)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 i Státchabhair SA.42536 – An Ghearmáin – Closure of German lignite-fired power plants [Gléasraí cumhachta lignítadhainte na Gearmáine a dhúnadh] (IO C 258, 15.7.2016, lch. 1).

    (85)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 i Státchabhair SA.42536 – An Ghearmáin – Closure of German lignite-fired power plants [Gléasraí cumhachta lignítadhainte na Gearmáine a dhúnadh] (IO C 258, 15.7.2016, lch. 1), aithris 11.

    (86)  Cinneadh ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 i Státchabhair SA.61116 – An Fhrainc – Gléasra Cumhachta Núicléiche Fessenheim san Fhrainc a Dhúnadh go Luath (IO C 275, 9.7.2021, lch. 1).

    (87)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 i Státchabhair SA.42536 – An Ghearmáin – Closure of German lignite-fired power plants [Gléasraí cumhachta lignítadhainte na Gearmáine a dhúnadh] (IO C 258, 15.7.2016, lch. 1), aithris 15.

    (88)  Maidir leis an oibleagáid damáiste iarmhartach a chúiteamh, féach Papier, in: Maunz/Dürig, GG (ó mhí Eanáir 2018 ar aghaidh), Airteagal 14 míreanna 631 et seq.

    (89)  An Coimisiún, Daily News [Nuacht Laethúil] 23 Márta 2021, ar líne: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/mex_21_1347.

    (90)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, C/2016/2946 (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1), pointe 78, ar dá réir nach mór an scrúdú ar cé acu an bhfuil idirghabháil ón Stát i gcomhréir le dálaí margaidh a dhéanamh ar bhonn ex ante, ag féachaint don fhaisnéis atá ar fáil an tráth a rinneadh cinneadh maidir leis an idirghabháil.

    (91)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Nollaig 2013, An Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-118/10, ECLI:EU:C:2013:787, mír 105; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Nollaig 2013, An Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-117/10, ECLI:EU:C:2013:786, mír 114.

    (92)  Gesetz zur Einführung einer Strompreisbremse (Strompreisbremsegesetz – StromPBG), ar líne: https://www.gesetze-im-internet.de/strompbg/BJNR251210022.html.

    (93)   IO C 200, 28.6.2014, lch. 1.

    (94)  Öko-Institut, Assessment of the planned compensation payments for decommissioning German lignite power plants in the context of current developments, 29 Meitheamh 2020, lch. 30, le fáil anseo: https://www.oeko.de/publikationen/p-details/assessment-of-the-planned-compensation-payments-for-decommissioning-german-lignite-power-plants-in-the-context-of-current-developments.

    (95)   https://www.oeko.de/fileadmin/oekodoc/Einordnung-der-geplanten-Entschaedigungszahlungen-fuer-deutsche-Braunkohlekraftwerke.pdf.

    (96)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

    (97)  Féach Roinn 57 dlí um dhúnadh.

    (98)  Öko-Institut (2017): Die deutsche Braunkohlenwirtschaft. Historische Entwicklungen, Ressourcen, Technik, wirtschaftliche Strukturen und Umweltauswirkungen. Studie im Auftrag von Agora Energiewende und der European Climate Foundation. https://www.agora-energiewende.de/projekte/die-deutsche-braunkohlenwirtschaft/, Tábla 8-3, lch. 112.

    (99)  An fhoirmle maidir le cúiteamh ón Iarscríbhinn a ghabhann le EnWG, comhfhreagraíonn an chuid is mó di d’fhoirmle cúitimh Iarscríbhinn 2 a ghabhann le KVBG.

    (100)  Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.54537 (2020/NN) – An Ísiltír – Prohibition of coal for the production of electricity in the Netherlands [Toirmeasc ar ghual chun leictreachas a tháirgeadh san Ísiltír] (IO C 220, 3.7.2020, lch. 1). Sa Chinneadh sin, rinne an Coimisiún measúnú faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE go díreach. Is ar bhrabús a tharscaoiltear a bhí an cúiteamh bunaithe, agus bhí an figiúr bunaithe ar chaibidlíocht idir an tairbhí agus an Aireacht, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha. Scrúdaigh Coimisiún na toimhdí ar bhunús iad leis an ríomh agus chinn gur toimhdí réasúnacha a bhí iontu.

    (101)   https://www.bet-energie.de/fileadmin/redaktion/PDF/Studien_und_Gutachten/Gutachten_Folgekosten/Gutachten_Folgekosten_Braunkohleausstieg_Abschlussbericht.pdf.

    (102)  Mar shampla, beart stáit lena ndéantar difear do mhargadh fuinnimh na Gréige, ar dá thoradh a deonaíodh cearta mianadóireachta eisiacha agus dá bhrí sin, buntáistí i gcomparáid le táirgeoirí eile don táirgeoir cumhachta (ligníte), Dimosia Epicheirisi Ilektrismou AE (DEI), ag a raibh ceannasacht, measadh gur léir gur sárú ar Airteagal 106 i gcomhar le hAirteagal 102 CFAE a bhí ann (nó sárú ar na forálacha a bhí ann rompu). Féach Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 17 Iúil 2014, Cás C-553/12 P, Corrlach Uimh. 41 - ‘Dimosia Epicheirisi Ilektrismou AE/An Coimisiún’, lena ndeimhnítear an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach dar dáta an 5 Feabhra 2008, C (2008) 824 final.

    (103)  BVerfG, cinneadh ón gCéad Seanad an 24 Mí an Mhárta, 2021 - 1 BvR 2656/18 -, Rn. 1-270, le fáil ag http://www.bverfg.de/e/rs20210324_1bvr265618.html.

    (104)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2002 i gcás maidir le Státchabhair NN 101/2002 – United Kingdom Rescue aid to British Energy plc. [Cabhair tharrthála ón Ríocht Aontaithe do British Energy plc].

    (105)  KPMG: Staidéar ar Chostas Caipitil 2019.

    (106)  Ar líne: https://www.ecb.europa.eu/pub/projections/html/ecb.projections202309_ecbstaff~4eb3c5960e.en.html#:~:text=Overall%2c%20with%20medium-term%20inflation%2cthe%20third%20quarter%20of%202025.

    (107)  Ní sholáthair an Ghearmáin ríomhanna fadtéarmacha sonracha le haghaidh na seacht n-aonad a dhúnfar tar éis 2027, ós rud é go measann sí gur leormhaith cheana féin iad na sonraí agus an ríomh atá ann cheana agus a bhaineann leis na haonaid a dhúnfar roimh 2027 mar bhonn cirt leis an méid cúitimh faoi bheart leasaithe RWE.

    (108)  BKartA, Cinneadh an 26.2.2019, tag. B8-28/19; Coimisiún an Aontais, Cinneadh an 26.2.2019, M.8871 — RWE/E.ON Sócmhainní; Féach freisin Coimisiún an Aontais, Cinneadh an 17.9.2019, M.8870 — E.ON/Innogy.

    (109)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Iúil 1996, SFEI agus Eile, C-39/94, EU:C:1996:285, mír 60; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 1999, An Spáinn v an Choimisiúin, C-342/96, ECLI :EU:C:1999:210, mír 41.

    (110)  mír 249(1) BGB: „ Tá duine atá faoi dhliteanas i ndamáistí chun an riocht a aischur arb í sin an riocht a bheadh ann dá mba rud é nár tharla an imthoisc a d’fhág iad faoi oibleagáid damáistí a íoc.”

    (111)  Teideal bunaidh: Schomerus/Franßen: Klimaschutz und die rechtliche Zulässigkeit der Stilllegung von Braun- und Steinkohlekraftwerken. 13.12.2018, ar líne: http://fox.leuphana.de/portal/files/13307575/wbs_gutachten_bf.pdf, p 308.

    (112)  Oetker, Roinn 249, in MünchKomm BGB (9ú heagrán 2022).

    (113)  Teideal bunaidh: Schomerus/Franßen: Klimaschutz und die rechtliche Zulässigkeit der Stilllegung von Braun- und Steinkohlekraftwerken. 13.12.2018, ar líne: http://fox.leuphana.de/portal/files/13307575/wbs_gutachten_bf.pdf, p 308.

    (114)  Von Prof. Dr. Lege, ‘Art. 14 GG für Fortgeschrittene 45 Fragen zum Eigentum, die Sie nicht überall finden. Unter besonderer Berücksichtigung des Baurechts’, ar líne: https://www.zjs-online.com/dat/artikel/2012_1_517.pdf.

    (115)  BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.05.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 77-81.

    (116)  Teideal bunaidh: Schomerus/Franßen: Klimaschutz und die rechtliche Zulässigkeit der Stilllegung von Braun- und Steinkohlekraftwerken. 13.12.2018, ar líne: http://fox.leuphana.de/portal/files/13307575/wbs_gutachten_bf.pdf, p 122.

    (117)  Vgl. BVerfG, Beschl. v. 16.2.2000 – 1 BvR 242/91 und 315/99, BVerfGE 102, 1, 16, juris, Rn. 43.

    (118)  BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.5.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 72.

    (119)  BVerwG 5 C 11.18, Beschl. v. 20.5.2021, Rn 69-70.

    (120)  BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.5.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 104-106.

    (121)  I gcásanna eisceachtúla fágann clásail chruatain gur féidir imeacht ó rialáil nó ó chomhaontú chun iarmhairtí éagothroma a sheachaint dóibh siúd dá ndéantar difear i gcásanna aonaracha, eisceachtúla den sórt sin.

    (122)  BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.5.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 98-103.

    (123)  Féach BVerfGE 102, 1 (18) agus BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.5.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 88-91.

    (124)  BeckOK Grundgesetz, Epping/Hillgruber 55. Eagrán, Stand: 15.5.2023, GG Art. 14 [Eigentum, Erbrecht und Enteignung], Rn 104-106.

    (125)  Dá ngairtear prionsabal ‘ausgleichspflichtige Inhalts- und Schrankenbestimmung’ i ndlí na Gearmáine.

    (126)  BVerwG NVwZ, Urteil vom 30.4.2009 - 7 C 14.08, S. 1443. Luaitear é sin freisin sa staidéar um dhíchoimisiúnú: toisc nach ann do cheart maidir le cosaint den sórt sin, ní féidir leis na hoibreoirí dá ndéantar difear a bheith ag brath ar chosaint speisialta ó ionchais atá ann cheana agus ó ionchais dhlisteanacha chun ceanglais (bhreise) a sheachaint maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar mhaithe leis an aeráid dhomhanda a chosaint.

    (127)  Ar líne: https://epub.wupperinst.org/frontdoor/deliver/index/docId/7265/file/7265_Phasing_Out_Coal.pdf, p. 40.

    (128)  Stilllegung von Kraftwerken, Ausarbeitung, Wissenschaftliche Dienste, Deutscher Bundestag (WD 3 – 3000 – 360/18). Ar líne: https://www.bundestag.de/resource/blob/579426/79b26fd54662407f696a224c9aa1955a/WD-3-360-18-pdf-data.pdf.

    (129)  Teideal bunaidh: Schomerus/Franßen: Klimaschutz und die rechtliche Zulässigkeit der Stilllegung von Braun- und Steinkohlekraftwerken. 13.12.2018, ar líne: http://fox.leuphana.de/portal/files/13307575/wbs_gutachten_bf.pdf.

    (130)  An staidéar um dhíchoimisiúnú, lch. 157, fonóta 408: Siehe etwa Buttermann/Baten, Wirtschaftlichkeit des Neubaus von Braunkohlekraftwerken, Tabelle 1 (Kapitalbindungsdauer), ET 2013, S. 46 (47); Deutsches Institut für Wirtschaftsforschung, Die Zukunft der Braunkohle in Deutschland im Rahmen der Energiewende, 2012, S. 18; und erneut bestätigt hinsichtlich der bilanziellen Abschreibung in: Deutsches Wirtschaftsinstitut, Braunkohleausstieg – Gestaltungsoptionen im Rahmen der Energiewende, 2014; Umweltbundesamt, Klimaschutz und Versorgungssicherheit – Entwicklung einer nachhaltigen Stromversorgung, Climate Change 13/2009, S. 8; so auch Däuper/Michaels, EnWZ 2017, S. 211 (217); Ziehm, ZNER 2017, 7 (10).

    (131)  An staidéar um dhíchoimisiúnú, lch. 158, fonóta 409: So Ziehm, ZNER 2017, 7 (10), unter Berufung auf Umweltbundesamt, Klimaschutz und Versorgungssicherheit – Entwicklung einer nachhaltigen Stromversorgung, Climate Change 13/2009, S. 23.

    (132)  An staidéar um dhíchoimisiúnú, lch. 158, fonóta 412: BET Büro für Energiewirtschaft und technische Planung GmbH, Kurzstudie „Amortisationszeiten bestehender Kohlekraftwerke“ vom 03.11.2017, S. 16.

    (133)  An staidéar um dhíchoimisiúnú, lgh. 157-158.

    (134)  An staidéar um dhíchoimisiúnú, lgh. 201-203.

    (135)  BVerfG, Breithiúnas an Chéad Seanad an 6 Nollaig 2016 - 1 BvR 2821/11 -, míreanna 1-407.

    (136)  BVerfG, Ordú ón gCéad Seanad an 29 Meán Fómhair 2020 - 1 BvR 1550/19 -, míreanna 1-86.

    (137)  Breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 30 Aibreán 1998, Het Vlaamse Gewest v An Coimisiún, T-214/95, ECLI:EU:T:1998:77.

    (138)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, ECLI:EU:C:2020:742, míreanna 20 agus 24.

    (139)  Breithiúnas an 21 Márta 2013, Magdeburger Mühlenwerke GmbH v Finanzamt Magdeburg, C-129/12, ECLI:EU:C:2013:200, míreanna 40-41.

    (140)  Breithiúnas ón gCúirt an 11 Nollaig 2008, An Coimisiún v Freistaat Sachsen, C-334/07 P, ECLI:EU:C:2008:709, míreanna 51-53.

    (141)  Breithiúnas ón gCúirt an 11 Nollaig 2008, An Coimisiún v Freistaat Sachsen, C-334/07 P, ECLI:EU:C:2008:709, mír 56.

    (142)   Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu], IO C 249, 31.7.2014, lch. 1.

    (143)  Cinneadh 2010/787/AE ón gComhairle.

    (144)  Faigheann staidéar a rinneadh le haghaidh Ghníomhaireacht Fuinnimh na Gearmáine go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas leictreachais idir 2015 agus 2040 agus an cás is coimeádaí á chur san áireamh (dena-Leitstudie. Integrierte Energiewende. Impulse für die Gestaltung des Energiesystems bis 2050, lch. 195 f.). Ina theannta sin, i réamh-mheastachán le hoibreoirí córais tarchurtha na Gearmáine meastar go mbeidh éileamh méadaithe ar leictreachas amach anseo. Réamh-mheasann siad go dtiocfaidh méadú ó 513.1 TWh in 2016 go dtí 581.6 TWh in 2035 ar an nglan-éileamh ar leictreachas sa chás is coimeádaí dá gcuid (Szenariorahmen zum Netzentwicklungsplan Strom 2035, Leagan 2021. Entwurf der Übertragungsnetzbetreiber, lch. 54).

    (145)  Féach freisin cinneadh na Gearmáine maidir le deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile, aithris 101.

    (146)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020: An Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe. Plean Infheistíochta den Chomhaontú Glas don Eoraip.

    (147)  Arna dheimhniú ag cruinniú den Chomhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019. Conclúidí, EUCO 29/19.

    (148)   https://unfccc.int/files/essential_background/convention/application/pdf/english_paris_agreement.pdf.

    (149)   https://www.umweltbundesamt.de/daten/umweltindikatoren/indikator-emission-von-treibhausgasen#die-wichtigsten-fakten.

    (150)  An chéad aonad (Niederaußem D) i mí na Nollag 2020, i.e. tar éis ghlacadh an dlí um dhúnadh i mí Lúnasa 2020, trí aonad (Neurath B, Niederaußem C, Weisweiler E) faoi dheireadh 2021 agus dhá aonad eile in 2022 (Neurath A, Frechen/Wachtberg), féach Tábla 2.

    (151)  Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.100533 (2021/NN) – An Pholainn - Amendments to the closure plan in the Polish coal mining [Leasuithe ar an bplean um dhúnadh i réimse ghualmhianadóireacht na Polainne] (IO C 231, 30.6.2023, lch. 8).

    (152)  Breithiúnas na Cúirte an 21 Nollaig 2022, Breuninger v An Coimisiún, T-260/21, ECLI:EU:T:2022:833, mír 63.

    (153)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, ECLI:EU:C:2020:742, mír 80.

    (154)  Mar a thuairiscítear in aithris (26) den chinneadh a rinne an Ghearmáin deireadh a chur le húsáid antraicíte de réir a chéile, bhí coinne leis ag an nGearmáin nach mbeidh na tairiscintí uile le haghaidh lignít bheag ach 0,9 GW le chéile. I gcomparáid leis sin, tá an acmhainneacht mar an gcéanna nó fiú níos mó ag roinnt gléasraí aonair de chuid RWE (amhail Niederaußem K, Neurath F (BoA 2), Neurath G (BoA 3)).

    (155)  Níor sholáthair an Ghearmáin ríomhanna fadtéarmacha sonracha le haghaidh na seacht n-aonad a dhúnfar tar éis 2027, ós rud é gur leormhaith cheana féin iad na sonraí agus an ríomh atá ann cheana agus a bhaineann leis na haonaid a dhúnfar roimh 2027 mar bhonn cirt leis an méid cúitimh faoi bheart leasaithe RWE.

    (156)  Meastar go bhfuil sé sin fíor freisin le haghaidh aonad Frechen/Wachtberg a dhún i mí na Nollag 2022 i gcás inar tógadh na hionchais mhargaidh, i ngeall ar ghnéithe praiticiúla d’uainiú aighneacht an 23 Nollaig 2022, ó thréimhse coicíse a tharla 2 mhí roimh an dúnadh iarbhír.

    (157)  Breithiúnas na Cúirte an 26 Deireadh Fómhair 2016, DEI v An Coimisiún, C-590/14 P, ECLI:EU:C:2016:797, mír 49; féach freisin Breithiúnas na Cúirte an 29 Aibreán 2021 in C-847/19 P – Achemos Grupė agus Achema v An Coimisiún, ECLI:EU:C:2021:343, mír 43; agus Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 4 Márta 2021 in C-362/19 P – An Coimisiún v Fútbol Club Barcelona, ECLI:EU:C:2021:169, míreanna 62-64.

    (158)  Féach mar shampla BloombergNEF: Mapping Power Sector Hedges in Europe, 13 Lúnasa 2019, ar líne: https://about.bnef.com/.

    (159)  Bíonn tionchar ag praghsanna breosla (antraicít agus gás) ar ionchais maidir le praghsanna leictreachais ó tharla go ngníomhaíonn gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus gásadhainte de ghnáth mar phríomhshocraitheoirí praghsanna sa mhargadh. Dá bhrí sin, i dtodhchaíochtaí praghsanna leictreachais tá réamh-mheastacháin iontu go hintuigthe maidir le forbairt praghsanna breosla.

    (160)  Féach mar shampla BloombergNEF (2019): Mapping Power Sector Hedges in Europe. 13 Lúnasa 2019, ar líne: https://about.bnef.com/.

    (161)  Ar líne: https://www.bmwk.de/Redaktion/DE/Downloads/F/faq-abschoepfung-von-zufallsgewinnen.pdf?__blob=publicationFile&v=4.

    (162)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

    (163)  Féach i dTábla 1 i gcinneadh ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022 in SA.103662 Cúlchiste sealadach um sholáthar cumhachta ligníte chun gás a shábháil (IO C 439, 18.11.2022, lch. 1).

    (164)  Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, An Coimisiún v MOL, C-15/14 P, ECLI:EU:C:2015:362, mír 97.

    (165)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2002 i gcás maidir le Státchabhair NN 101/2002 – United Kingdom Rescue aid to British Energy plc. [Cabhair tharrthála ón Ríocht Aontaithe do British Energy plc].

    (166)   Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu], IO C 249, 31.7.2014, lch. 1.

    (167)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (168)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, ECLI:EU:C:2020:742, mír 101.

    (169)  Tugtar le fios leis sin freisin nach féidir comparáid a dhéanamh le cás athstruchtúrúcháin British Energy plc, mar a mhol tríú páirtí a dhéanamh.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2418/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top