Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1997

    Cinneadh (AE) 2024/1997 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/156 lena ndéantar sainordú an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a athnuachan

    C/2024/5091

    IO L, 2024/1997, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1997/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1997/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1997

    24.7.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1997 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Iúil 2024

    lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/156 lena ndéantar sainordú an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a athnuachan

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Chinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh (AE) 2021/156 ón gCoimisiún (2) rinneadh athnuachan ar shainordú an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí (‘EGE’) go ceann tréimhse éiginnte chun a áirithiú go leanfaidh sé de chomhairle neamhspleách a sholáthar don Choimisiún ar an leibhéal cothrománach maidir le beartais agus reachtaíocht uile de chuid an Aontais ina bhfuil baint ag gné eiticiúil, shochaíoch nó ó thaobh na gceart bunúsach de le forbairt na heolaíochta agus na nuatheicneolaíochtaí, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin agus i gcomhréir leis an gCoimisiún.

    (2)

    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), saothraítear leis an cuspóir, i measc cuspóirí eile, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a bhaint amach, ar cuspóirí agus beartais iad arb é is aidhm dóibh – i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontais Eorpach – an tsíocháin, luachanna an Aontais agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn. Sonraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2021/695 gurb é cuspóir sonrach an Chláir, inter alia, eolas a ghiniúint lena dtacaítear le beartais an Aontais agus lena gcuirtear chun feidhme iad chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Le hAirteagal 12(6), leagtar síos go bhféadfaí costais eile a chumhdach le buiséad an chláir Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, is é sin costais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht, agus gníomhaíochtaí agus speansais eile is gá chun an Clár Fís Eorpach a bhainistiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear speansais riaracháin uile an Chláir, mar aon le meastóireacht ar chomhlíonadh chuspóirí an Chláir. D’fhéadfadh sé go gcumhdófaí leis freisin, a mhéid a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, costais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Soláthraíonn EGE comhairle i ndáil le cuspóirí an chláir Fís Eorpach a chomhlíonadh.

    (3)

    Tá gníomhaíochtaí EGE fíor-riachtanach chun beartais an Aontais nó reachtaíocht ón gCoimisiún a fhorbairt agus chun faireachán a dhéanamh orthu, toisc go dtacaíonn siad le cearta agus luacha bunúsacha a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i réimse fhorbairt na heolaíochta agus i réimse fhorbairt na nuatheicneolaíochtaí. Tá EGE bunaithe chun na críche sonraí sin agus cuirtear de chúram air treoraíocht chriticiúil a sholáthar chun beartais nó reachtaíocht an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun faireachán a dhéanamh ar na beartais agus ar an reachtaíocht sin, i bhfoirm grinnanailíse agus moltaí, a chuirtear i láthair i dTuairimí agus i Ráitis agus atá dírithe ar cheapadh beartas eiticiúil an Aontais a chur chun cinn. Maidir leis an treoraíocht a sholáthraíonn EGE, forbraítear í mar fhreagairt ar iarrataí ón gCoimisiún maidir le dúshláin shonracha a bhíonn ann, nó forbraítear í ar fhéintionscnamh EGE ar bhonn na ndúshlán sonrach a sainaithníonn sé go bhféadfadh an Coimisiún aghaidh a thabhairt orthu. Le comhairle EGE, is amhlaidh a chumhdaítear anois raon leathan réimsí agus dúshlán atá ag éirí níos casta. Ba cheart an idirghníomhaíocht idir éileamh beartais agus comhairle EGE a neartú a thuilleadh, agus ba cheart leanúint de chineál neamhspleách, cáilíocht, ionracas, agus trédhearcacht na comhairle a sholáthraíonn sé don Choimisiún a áirithiú de réir na gcaighdeán is airde. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach a sholáthar i bhfoirm liúntais speisialta do chomhaltaí EGE, i gcomhthráth le haisíocaíocht na gcostas taistil agus cothaithe.

    (4)

    Ba cheart do EGE a bheith comhdhéanta de shaineolaithe ardcháilithe agus neamhspleácha, ar saineolaithe iad a cheapfar ina gcáil phearsanta, agus iad ag gníomhú go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Maidir le roghnú na saineolaithe, tabharfaidh Coiste Sainaitheantais cúnamh don Choimisiún. Déanfar an roghnú ar bhonn critéir oibiachtúla, tar éis glao oscailte ar iarratais a bheith ann. Ina theannta sin, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach a sholáthar do chomhaltaí an Choiste Sainaitheantais i bhfoirm liúntais speisialta chun iad a chúiteamh as an obair fhíor-riachtanach a dhéanann siad maidir le hionracas EGE a choinneáil ar bun i gcomhthéacs roghnú chomhaltaí EGE.

    (5)

    Ba cheart do EGE cathaoirleach agus leaschathaoirleach nó beirt a ainmniú ar feadh tréimhse suas lena dtéarma oifige.

    (6)

    Ba cheart don roinn fhreagrach den Choimisiún a bheith in ann cruinnithe EGE a thionól ní hamháin ar an láthair ach ar líne freisin chun na socruithe oibre nua a tugadh isteach tar éis phaindéim COVID-19, mar aon leis an mbeartas maidir le Glasú an Choimisiúin, a chur san áireamh.

    (7)

    Maidir le himeachtaí comhchéime EGE, níor cheart iad a nascadh feasta le forbairt Tuairime, ionas go bhféadfar iad a reáchtáil nuair is ábhartha agus nuair is féidir.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2021/156 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal aonair

    Leasaítear Cinneadh (AE) 2021/156 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘Déanfaidh Coiste Sainaitheantais maoirseacht ar an bpróiseas roghnúcháin. Go háirithe, tabharfaidh an Coiste Sainaitheantais cúnamh don Choimisiún comhaltaí féideartha EGE a shainaithint agus a roghnú agus measúnú a dhéanamh ar a n-infhaighteacht agus ar a dtoilteanas fónamh sa cháil sin. Triúr comhaltaí a bheidh sa Choiste Sainaitheantais, arna gceapadh ar bhonn a dtaithí ábhartha ag an gcomhalta den Choimisiún a bheidh freagrach as an roinn den Choimisiún a chuireann an rúnaíocht ar fáil do EGE agus a bhfuil tacaíocht acu ón rúnaíocht a arna soláthar ag an roinn fhreagrach den Choimisiún. Déanfaidh an Coiste Sainaitheantais measúnú ar na hiarrthóirí incháilithe ón liosta arna chur isteach ag an roinn fhreagrach den Choimisiún ar bhonn measúnú tosaigh a dhéanfar ar gach iarratas i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin. Cuirfidh an Coiste Sainaitheantais a mholadh faoi bhráid an chomhalta den Choimisiún a bheidh freagrach as an roinn den Choimisiún a sholáthróidh rúnaíocht EGE.’

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘Toghfaidh EGE cathaoirleach agus leaschathaoirleach nó beirt as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse suas lena dtéarma oifige trí thromlach simplí.’

    (3)

    In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Tionólfar cruinnithe EGE ar áitreabh de chuid an Choimisiúin, trí fhíschomhdháil nó go hibrideach, i gcomhréir leis na módúlachtaí agus leis an bhféilire arna socrú ag an roinn fhreagrach den Choimisiún. Cruinneoidh EGE idir ceithre huaire agus sé huaire le linn tréimhse 12 mhí. Féadfar cruinnithe breise a eagrú nuair is gá, i gcomhaontú leis an roinn fhreagrach den Choimisiún.’

    (4)

    In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    ‘9.   Eagróidh an roinn fhreagrach den Choimisiún cruinniú comhchéime poiblí chun idirphlé a chur chun cinn agus trédhearcacht a fheabhsú maidir leis na saincheisteanna a bhfuil EGE ag obair orthu. Bunóidh EGE dlúthnaisc leis na ranna den Choimisiúin lena mbaineann ceisteanna a bhfuil EGE ag obair orthu.’

    (5)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    ‘Airteagal 13

    Liúntais speisialta agus caiteachas a chomhlíonadh

    1.   Íocfar EUR 450 le comhaltaí EGE as gach lá a fhreastalaíonn siad ar an gcruinniú iomlánach ina iomláine, EUR 225 as freastal ar chuid den chruinniú, agus EUR 225/450 as leath lae oibre breise/lá iomlán oibre breise ar mhaithe le seirbhís EGE. Ní bheidh caidreamh fostaíochta idir comhaltaí EGE agus an Coimisiún. Íocfar na liúntais speisialta le comhaltaí EGE, le comhaltaí a fho-ghrúpaí, agus le comhaltaí an Choiste Sainaitheantais faoi Airteagal 5(4) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de na rialacha cothrománacha.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar chomhaltaí EGE suas le 40 lá oibre a dhéanamh sa bhliain (lena n-áirítear cruinnithe agus obair) chun na cúraimí sin a chomhlíonadh. Maidir leis an gcathaoirleach agus na leaschathaoirligh, féadfaidh an Coimisiún iarraidh orthu 60 lá oibre ar a mhéad a dhéanamh.

    3.   Aisíocfaidh an Coimisiún costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí EGE agus a fho-ghrúpaí agus a thabhóidh comhaltaí an Choiste Sainaitheantais faoi Airteagal 5(4) den Chinneadh seo. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na rátaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 13 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (4) agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar sheirbhísí an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil um chomhroinnt acmhainní.’

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Iliana IVANOVA

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  C(2016) 3301, 30.5.2016, https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=C(2016)3301&lang=ga.

    (2)  Cinneadh (AE) 2021/156 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2021 lena ndéantar sainordú an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a athnuachan (IO L 46, 10.2.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/156/oj).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

    (4)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/11(3)/oj). [Sa ghníomh comhdhlúthúcháin, ‘7’ a bheidh ar uimhir an fhonóta seo seachas ‘3’.]


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1997/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top