Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1974

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2024/1974 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 maidir leis an modheolaíocht chun costais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a leithdháileadh faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú

    C/2024/1520

    IO L, 2024/1974, 18.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1974/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1974/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1974

    18.7.2024

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE, Euratom) 2024/1974 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Iúil 2024

    maidir leis an modheolaíocht chun costais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a leithdháileadh faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

    Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 220a(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe mar mhodh cistiúcháin aonair chun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais arna ndéanamh ag an gCoimisiún a chur chun feidhme i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Tá feidhm ag an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le cláir cúnaimh airgeadais ar tháinig na bunghníomhartha ina leith i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin.

    (2)

    Ba cheart don Choimisiún na socruithe is gá a bhunú chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme. Chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur i bhfeidhm, is gá sraith rialacha a ghlacadh chun leithdháileadh na gcostas faoi seach ar na cláir cúnaimh airgeadais ábhartha a chinneadh, agus ba cheart a áirithiú leis sin go ndéanfar na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann le cúnamh airgeadais a ghearradh ar thairbhí na bhfáltas ó iasachtaíocht.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 (3) ón gCoimisiún, bunaíodh an mhodheolaíocht [den chéad uair] chun na costais a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe faoi NextGenerationEU (NGEU) a leithdháileadh. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545 (4) ón gCoimisiún, leathnaíodh na socruithe sin chuig gach oibríocht iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a dhéantar faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe de bhun Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 trí choigeartuithe spriocdhírithe ar an modheolaíocht leithdháilte costas.

    (4)

    An oibleagáid chun costais a bhaineann le cúnamh airgeadais a chumhdach, ba cheart an oibleagáid sin a fhágáil faoi thairbhithe an chúnaimh airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 220(5), pointe (e) de Rialachán (EU, Euratom) 2018/1046 agus i gcomhréir le prionsabail bhuiséadacha na bainistíochta fónta airgeadais agus na cothromaíochta. Ba cheart na costais uile a ghearradh ar na tairbhithe bunaithe ar mhodheolaíocht aonair maidir le leithdháileadh costas lena n-áirithítear go leithdháiltear na costais ar bhealach trédhearcach comhréireach.

    (5)

    Leis an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas, ba cheart a áirithiú nach mbeidh aon tras-fhóirdheonú costas á dhéanamh ag catagóir tairbhí amháin thar ceann catagóir tairbhí eile. Ba cheart costais na n-iasachtaí a chur i leith thairbhithe na n-iasachtaí sin go hiomlán, ar thaobh amháin, agus, i gcás inarb infheidhme, costais neamh-inaisíoctha a chur i leith bhuiséad ginearálta an Aontais, ar an taobh eile, bunaithe ar na costais iarbhír a thabhaítear agus sciar na bhfáltas faoi seach á chruinniú agus á eisíoc leis na tairbhithe éagsúla. Ba cheart na costais uile a thabhaíonn an tAontas i leith oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a bheith cumhdaithe sa mhodheolaíocht, lena n-áirítear na costais riaracháin uile, agus ba cheart a áirithiú léi go ndéanfaí catagóirí éagsúla costas a ríomh le haghaidh gach eisíocaíochta.

    (6)

    Chun cóir chothrom agus chomhionann a áirithiú idir tairbhithe, ba cheart modheolaíocht choiteann aontaithe le haghaidh costas a chur chun feidhme, modheolaíocht a bheadh infheidhme maidir le gach cineál eisíocaíochta, is é sin le rá iad sin a aisíoctar le buiséad ginearálta an Aontais agus iad sin a aisíocann tairbhithe. Ba cheart costais a iontráil go barúlach do na tairbhithe ar bhonn sciar na bhfáltas a fhaightear.

    (7)

    An mhodheolaíocht maidir le leithdháileadh costas, ba cheart di idirdhealú a dhéanamh idir trí chatagóir costais: costas an chistithe, costas na bainistíocha leachtachta agus costais riaracháin. Eascraíonn costas an chistithe as an ráta úis agus as muirir eile atá le híoc ag an gCoimisiún ar na hionstraimí éagsúla a eisítear chun na heisíocaíochtaí atá i gceist a mhaoiniú. Is iad costais na bainistíocha leachtachta na costais a thabhaítear mar thoradh ar shuimeanna a eisítear agus a shealbhaítear go sealadach i gcuntais leachtachta mar chúlchistí chun íocaíochtaí atá ag teacht chun cinn a íoc. Is gné fhíor-riachtanach den straitéis cistiúcháin éagsúlaithe é an forchostas oibríochtúil leanúnach sin agus ba cheart é a roinnt go cothrom ar na dtairbhithe go léir. Is éard atá sa tríú catagóir costais na costais riaracháin a bhaineann leis an acmhainneacht theicniúil agus oibríochtúil a choinneáil ar bun chun straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme, a thagann chun cinn go díreach mar thoradh ar chur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe.

    (8)

    Má tá fad agus struchtúr difriúil ag cláir chúnaimh airgeadais, arna gcistiú tríd an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, le NGEU agus leis na hiasachtaí faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is iomchuí foráil a dhéanamh le haghaidh solúbthacht bhreise tríd an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas a leasú. Foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545 go ndéanfar athbhreithniú ar oiriúnacht mhodheolaíocht chostála NGEU i gcás cláir nua cúnaimh airgeadais a ghlacadh a bhfuil fad agus struchtúr difriúil acu.

    (9)

    Chun an tsolúbthacht inmhianaithe a sholáthar, ba cheart a áireamh sa mhodheolaíocht leithdháilte costas an coincheap maidir le hurranna cláir chun leithdháileadh eisíocaíochtaí agus ionstraimí cistiúcháin gaolmhara in aghaidh an chláir a eagrú agus faireachán a dhéanamh orthu. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí ionstraimí cistiúcháin a shannadh do shaintréithe airgeadais clárshonracha, agus foráil a dhéanamh maidir le bainistiú saincheaptha dliteanais trí rogha chalabraithe aibíochtaí. Le tabhairt isteach na n-urrann cláir, sheachnófaí tras-fhóirdheonú costas ó chlár amháin go clár eile.

    (10)

    Ba cheart é sin a bheith i gcomhréir freisin le creat an chórais rialachais arna bhunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún (6), lena bhforáiltear go bhfuil sannadh ionstraimí cistiúcháin ar fud na gclár le cinneadh ag féachaint do na spriocanna aibíochta faoi seach agus do shrianta sonracha na gclár éagsúil.

    (11)

    Ba cheart meánsprioc aibíochta agus méideanna sealadacha na n-oibríochtaí cistiúcháin a léiriú in aghaidh an chláir trí chinntí maidir le plean cistiúcháin arna nglacadh faoi Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825. Leis na spriocanna a leagtar síos in aghaidh an chláir, laistigh de na teorainneacha foriomlána a leagtar síos leis an gcinneadh bliantúil iasachtaíochta, soláthraítear treoshuíomh neamhcheangailteach maidir leis na leibhéil atá le baint amach ag deireadh na tréimhse cistiúcháin, ag glacadh leis go bhfanfaidh riachtanais chistiúcháin gan athrú. Le linn na tréimhse ina mbunaítear urrann cláir nó urrann ama, d’fhéadfadh difríocht a bheith idir meánaibíocht ualaithe na n-ionstraimí cistiúcháin in aghaidh an chláir agus an cuspóir ag deireadh na tréimhse. Ba cheart don Choimisiún ionstraimí cistiúcháin a leithdháileadh ar na hurranna éagsúla thar na seimeastair ábhartha, agus na hidirbhearta iasachtaíochta atá fágtha agus atá beartaithe a dhéanamh sa chuid eile den tréimhse chistiúcháin á gcur san áireamh. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú, a mhéid is féidir leis, go mbainfear amach go cothromasach na meánspriocanna aibíochta éagsúla do gach clár cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (7), thar thréimhse iomlán an chistithe. Agus oibríochtaí iasachtaíochta á gcur i gcrích aige, ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt do bhaint amach na dtéarmaí is buntáistí, agus breithniú a dhéanamh ar na meánspriocanna aibíochta faoi seach a bhaint amach go cothrom ar fud na n-urrann cláir ar leibhéal an leithdháilte mar chuspóir tánaisteach. Ba cheart don Choimisiún baint amach na spriocanna sin a nuashonrú agus faireachán a dhéanamh orthu ar bhonn rialta.

    (12)

    Ba cheart urrann chláir a chruthú ar theacht i bhfeidhm aon chláir nua cúnaimh airgeadais atá le maoiniú le hidirbhearta arna gcur chun feidhme faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Ba cheart urranna cláir a thiomnú do thairbhí aonair amháin nó do roinnt tairbhithe, ag brath ar cibé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear ach tairbhí amháin nó roinnt tairbhithe den chúnamh airgeadais le bunghníomh cláir.

    (13)

    I gcás cláir lenar féidir cúnamh airgeadais a dhámhachtain do níos mó ná tairbhí amháin, ba cheart eisíocaíochtaí agus ionstraimí cistiúcháin gaolmhara laistigh d’urrann chláir thiomnaithe a roinnt a thuilleadh ina n-urranna ama chun a áirithiú go mbeidh dlúthnasc idir costas an chistithe a ghearrtar ar eisíocaíocht an tairbhí sin agus na rátaí margaidh atá i réim tráth na heisíocaíochta. Cobhsaítear costas an chistithe tráth a dhúntar an urrann ama.

    (14)

    Maidir le hurrann chláir a bhaineann le clár cúnaimh airgeadais atá ceaptha chun freastal ar thairbhí aonair, ní gá í a fhoroinnt ina n-urranna ama ós rud é go bhfabhraíonn na costais uile chuig an tairbhí céanna.

    (15)

    Maidir le hurranna cláir a chur isteach faoin gCinneadh seo, níor cheart tionchar a bheith aige sin ar an leithdháileadh costas atá ann cheana i gcás aon cheann de na cláir a bhfuil feidhm ag modheolaíocht an leithdháilte costas maidir leo cheana. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart eisíocaíochtaí a dhéantar roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, faoi NGEU, Rialachán (AE) 2022/2463, agus aon chlár CAM eile a bhí i bhfeidhm roimh a theacht i bhfeidhm, chomh maith le hionstraimí cistiúcháin atá leithdháilte cheana féin ar urranna ama atá ann cheana faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545, a chuachadh faoi urrann chláir leagáide thiomnaithe ina bhfuil urranna ama. Ba cheart go n-áireofaí san urrann chláir leagáide sin na hurranna ama go léir atá bunaithe cheana chun na cláir sin a chistiú chomh maith le haon eisíocaíochtaí amach anseo agus aon ionstraim cistiúcháin gaolmhara a bhaineann leis na cláir sin. Áiritheofar leis sin nach ndéanfaidh an cur chuige nua aon difear do shannadh an chostais arna thabhú ag an gCoimisiún bunaithe ar an modheolaíocht leithdháilte atá ann cheana.

    (16)

    Ba cheart ríomh chostas an chistithe a eascraíonn as idirbhearta iasachtaíochta a bheith bunaithe ar na costais a eascraíonn as gach oibríocht iasachtaíochta laistigh d’urrann chláir agus, i gcás clár iltairbhí, laistigh d’aon urrann ama chomhfhreagrach. Ba cheart tairbhithe iasachta nó, i gcás an ioncaim shannta sheachtraigh faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (8), buiséad ginearálta an Aontais a ghearradh ar chomhchéim nuair a leithdháiltear na costais ar thairbhithe in aon urrann chéanna amháin. An modh ina gcinntear costais thar fhad urrainne cláir nó urrainne ama, seachnaíonn sé sin an treallachas maidir le ‘pointe ar leith san am’ is dual don mhodh traidisiúnta droim-le-droim, modh inarbh iad na costais a bhí ar aon tairbhí ar leith na téarmaí ab fhéidir a fháil an lá áirithe ar tugadh an iasacht.

    (17)

    Ba cheart an urrann chláir a bheith gníomhach le linn na tréimhse iomláine ina ndéantar eisíocaíochtaí cláir thiomnaithe. Laistigh d’urrann chláir iltairbhí, níor cheart ach urrann ama ghníomhach amháin a bheith ann tráth ar bith. De ghnáth, ba cheart go rithfeadh urranna ama, nuair a bhunaítear iad, ar feadh seimeastair ag tosú an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. I gcás urrann chláir leagáide, ba cheart don urrann ama chéaduaire an tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a chumhdach, lena léirítear an t-am le haghaidh sheoladh oibríochtaí cistiúcháin NGEU. Mar riail ghinearálta, an chéad urrann ama de chlár ar leith, ba cheart í a chruthú sa tréimhse ina ndéantar an chéad eisíocaíocht. Ba cheart d’aon urrann ama nó d’aon urrann chláir leanúint de bheith gníomhach go dtí go mbeidh méid an chistithe fhadtéarmaigh a leithdháiltear air ag teacht le méid na n-eisíocaíochtaí. Mar sin féin, i gcás neamhréire ag deireadh an tseimeastair, ba cheart urrann ama a bheith gníomhach go dtí go mbeidh méid na heisíocaíochta agus méid na meaitseála cistiúcháin fadtéarmaí ann. Sa chás sin, ba cheart é a bheith indéanta leanúint d’eisíocaíochtaí a leithdháileadh go sealadach ar an urrann ama ghníomhach, agus ionstraimí cistiúcháin a shannadh go comhuaineach don urrann ama ina dhiaidh sin.

    (18)

    Cé go bhféadfadh costas an chistithe a bheith éagsúil le linn na tréimhse ina bhfuil urrann chláir nó, i gcás inarb infheidhme, urrann ama, gníomhach mar gheall ar dhifríochtaí i gcoinníollacha cistiúcháin nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu, ba cheart don Choimisiún oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a bhainistiú chun a áirithiú go mbainfidh gach urrann chláir agus, i gcás inarb infheidhme, urrann ama, a sprioc aibíochta faoi seach amach ar leibhéal inchomparáide agus tús áite á tabhairt i gcónaí do bhaint amach na dtéarmaí is buntáistí ar fud na gclár.

    (19)

    Le straitéis chistiúcháin an Choimisiúin is féidir riosca ráta úis agus rioscaí airgeadais eile a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Cé go bhfuil coinne leis go mbeidh na rátaí úis a ghearrfar ar thairbhithe iasachta cobhsaí, b’fhéidir go mbeadh gá leis na rátaí a athríomh go tréimhsiúil agus go himeallach nuair is gá ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha atá ag dul in aibíocht a ionadú. Más gá, forbróidh an Coimisiún an cumas atá aige chun díorthaigh amhail babhtálacha a úsáid chun aon riosca ráta úis atá fágtha a bhainistiú agus chun an rogha iasachtaí ar rátaí seasta úis a thairiscint do thairbhí. Ba cheart don tairbhí a fheidhmíonn an rogha seo costais an ráta sheasta úis sin a íoc go hiomlán agus go heisiach.

    (20)

    Méideanna na n-eisíocaíochtaí in urrann chláir nó, i gcás inarb infheidhme, in urrann ama, ba cheart iad a bheith cothrom le méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shanntar don urrann chláir nó don urrann ama áirithe sin. I bhformhór na gcásanna maidir le hurainn na gclár iltairbhithe, ba cheart go dtarlódh eisíocaíocht na bhfáltas san urrann ama chéanna le heisiúint na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a úsáidtear chun na fáltais a thiomsú, agus sannfar eisíocaíocht na bhfáltas sin don urrann ama chéanna sin. Mar sin féin, de dheasca moilleanna gan choinne maidir leis na heisíocaíochtaí a dhéanamh, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar tiomsaíodh fáltais an chistithe fhadtéarmaigh ach nach féidir iad a eisíoc mar a bhí sceidealaithe ar dtús. Ba cheart an fhéidearthacht sin a chur san áireamh agus eisíocaíocht á leithdháileadh ar na hurranna ama éagsúla.

    (21)

    Is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le bheith in ann teacht roimh na riachtanais eisíocaíochta a thiocfaidh chun cinn go luath i saolré na chéad hurrainne ama eile, le linn na hurrainne ama roimhe sin. Chun freastal ar chásanna den sórt sin agus chun cistiú ar théarmaí buntáisteacha a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ann ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh don urrann ama seo a leanas.

    (22)

    Is gné lárnach den straitéis cistiúcháin éagsúlaithe é an cumas chun leachtacht na n-oibríochtaí cistiúcháin a bhainistiú trí rochtain a fháil ar iasachtaíocht ghearrthéarmach agus trí airgead tirim a shealbhú chun críocha stuamachta, agus is í an ghné is mó a shainíonn an straitéis sin í. Ba cheart go gcuirfeadh an bainistiú leachtachta sin ar chumas an Choimisiúin na riachtanais íocaíochta uile a chomhlíonadh agus eisiúint a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh. Is iomchuí modhanna a leagan síos chun costais a ríomh a bhaineann le bainistiú leachtachta dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825. Orthu sin, ba cheart costais a chur san áireamh a eascraíonn as ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha a eisiúint, agus roinnt fáltas á sealbhú ar bhonn sealadach ar chuntas leachtachta chun an cumas gach íocaíocht a dhéanamh ar éileamh agus bainistiú ráta úis agus riosca airgeadais eile a ráthú. Na costais a thabhaítear i ndáil le haischeannach agus/nó sealbhú bannaí dílse chun críocha bainistíochta leachtachta, ba cheart iad a mheas mar chostais bainistíochta leachtachta freisin. Ba cheart a bhunú leis an gCinneadh seo bonn chun na costais leachtachta sin a ríomh agus na costais leachtachta sin a mhuirearú ar bhonn cóir cothromasach ar gach tairbhí ábhartha fáltas in imeacht na bliana atá i gceist.

    (23)

    Na hoibríochtaí bainistithe leachtachta, ba cheart dóibh cuidiú le híoslaghdú a dhéanamh ar chostais bainistithe leachtachta a d’fhéadfaí a thabhú agus airgead tirim á shealbhú chun críoch stuamachta. Ba cheart an t-ús laethúil i ndáil le gach idirbheart agus táille trádála ionchasach nó agio/disagio a chuimsiú sa toradh ar infheistíocht sealúchas leachtachta atá mar thoradh ar idirbhearta urraithe nó neamhurraithe margaidh airgid. Ba cheart an toradh ar infheistíocht na n-oibríochtaí sin a bheith cothrom le suim na gcostas a bhaineann le leachtacht den sórt sin a eisiúint agus a shealbhú agus ba cheart aon toradh ar infheistíocht na sealúchas sin a chur i leith eisíocaíochtaí gan íoc ar bhonn pro rata gach ráithe.

    (24)

    Maidir le heisíocaíochtaí atá níos airde ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leithdháiltear ar an urrann chláir nó, i gcás inarb infheidhme, ar an urrann ama, nó ar na híocaíochtaí úis faoi seach, d’fhéadfadh easnamh leachtachta urrainne ama a bheith ann mar thoradh orthu. Maidir le heisíocaíochtaí atá níos ísle ná méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a leithdháiltear ar an urrann chláir nó, i gcás inarb infheidhme, ar an urrann ama, nó ar na híocaíochtaí fuascailte faoi seach, d’féadfadh barrachas leachtachta a bheith ann mar thoradh orthu. Is ceanglais dhosheachanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe iad na barrachais nó na heasnaimh leachtachta sin a chúiteamh. Níor cheart na costais sin a bheith ar na hurranna faoi seach, ach ba cheart iad a leithlisiú agus a bhainistiú mar chuid d’fhorchostas bainistíochta leachtachta ar leith. Ba cheart sásra a bhunú leis an gCinneadh seo chun costais a eascraíonn as easnaimh leachtachta nó barrachais leachtachta a dhínascadh ionas gur féidir iad a ionsú leis an gclár cistiúcháin níos leithne i bhfoirm costais bainistíochta leachtachta. Ba cheart don Choimisiún urrann na bainistíochta leachtachta a úsáid chun aon chomhardú airgid deimhneach nó diúltach sna hurranna cláir tairbhí aonair nó sna hurranna ama iltairbhí a chothromú le méid iomlán na n-eisíocaíochtaí.

    (25)

    Chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme, ní mór na cumais nua is gá a fháil chun an rochtain is buntáistí a fháil ar mhargaí caipitil agus chun a áirithiú go gcoinneofar an bonneagar sin ar bun ar bhealach leanúnach agus éifeachtach. Áirítear leis sin na costais is gá chun cuntais leachtachta a choinneáil ar bun, chun cumas a fháil ceantanna a reáchtáil do bhillí an Aontais agus do bhannaí an Aontais agus chun cumais próiseála sonraí inmheánacha nua a chur chun feidhme. Ba cheart costais den sórt sin a eascraíonn go díreach as cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus eisíocaíochta a láimhseáil mar fhorchostais lena ndéantar idirdhealú idir costais a bhaineann le bunú agus costais a bhaineann le cothabháil bhonneagar iasachtaíochta agus íocaíochta. Ba cheart na costais sin a chuimsiú le costas na seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

    (26)

    Cuimsíonn costas seirbhíse na bhforchostas riaracháin na costais riaracháin uile a thabhaítear go díreach i gcur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe. Tiocfaidh na costais sin chun cinn mar chostais bhunaithe, a bhaineann le costais aonuaire chun acmhainneachtaí oibríochtúla a thógáil nó mar chostais athfhillteacha, ar costais dhosheachanta iad atá insannta go díreach d’oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus a tharlaíonn le himeacht ama. Cé gur costais bhliantúla rialta a ghearrtar ar na heisíocaíochta in aon bhliain ar leith na costais athfhillteacha, ba cheart na costais bhunaithe a iontráil go barúlach mar mhuirir aonuaire.

    (27)

    Ó bhí 2021 ann, tabhaíodh costais a bhaineann le bunú agus fothú acmhainneachta na n-oibríochtaí sin agus tá siad sannta cheana féin do thairbhithe chláir tacaíochta airgeadais NGEU, trí fhorchostas shonrach costais bhunaithe. Dá bhrí sin, tairbhithe clár cúnaimh airgeadais eile faoi raon feidhme Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart go n-íocfaidís costais a bhaineann leis an bhfothú acmhainneachta roimhe sin seachas caiteachas amach anseo a bhaineann leis an mbonneagar sin a choinneáil ar bun nó é a fhorbairt a thuilleadh. Ba cheart sciar chostais riaracháin na gclár cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, seachas NGEU, a chinneadh de réir sciar an chláir d’fháltais a cruinníodh tríd an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe le linn na bliana inar tabhaíodh na costais riaracháin ábhartha.

    (28)

    Ba cheart na costais riaracháin a áirítear sa chostas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a theorannú do liosta dúnta de chostais incháilithe, a bhaineann go díreach leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Na táillí conarthacha le haghaidh earcú sainchomhairleoirí seachtracha, is cuid de liosta na gcaiteachas riaracháin incháilithe iad tar éis comhaontuithe a baineadh amach i gcomhthéacs an Bhuiséid Bhliantúil do 2023. An leathnú a rinneadh ar liosta na gcaiteachas riaracháin incháilithe, cuireadh in iúl é d’údaráis na mBallstát sular glacadh an Cinneadh seo. Sciar an-teoranta de na costais chomhiomlána ó oibríochtaí na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe atá i gcostas comhiomlán na seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

    (29)

    Tá an próiseas sonrascaithe ex post ceaptha chun a áirithiú go ndéanfar costais a aisghabháil an bhliain dár gcionn agus go dtí an tráth nach nginfear costais a thuilleadh trí oibríochtaí iasachtaíochta, bainistíochta fiachais agus íocaíochta faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe.

    (30)

    Go heisceachtúil, féadfaidh an tAontas costas an úis agus na gcostas riaracháin a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt, faoi mar ata i gcás na n-iasachtaí cúnaimh airgeadais don Úcráin arna ndeonú faoi Rialachán (AE) 2022/2463, agus Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Faoi Rialachán (AE) 2022/2463, soláthrófar na hacmhainní is gá le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a mhéid nach gcumhdaítear na costais sin trí mhodhanna eile. I gcás den sórt sin, ba cheart sonrascadh na gcostas a ailíniú le sonrascadh na gcostas i ndáil le heisíocaíochtaí mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 2020/2094 agus ba cheart é a ghrúpáil in aghaidh na ráithe.

    (31)

    Ba cheart don Choimisiún fógra deimhniúcháin a eisiúint maidir le gach eisíocaíocht, lena n-áirítear tacaíocht neamh-inaisíoctha de réir bhrí Airteagal 2(2), pointí(a) agus (c) de Rialachán 2020/2094, tacaíocht inaisíoctha do Bhallstáit de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (b) de Rialachán 2020/2094, agus iasachtaí do Bhallstát nó do thríú tír faoi chláir cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    (32)

    Ba cheart iasachtaí faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme ar théarmaí airgeadais comhchuibhithe (próifíl aibíochta agus aisíocaíochta) le haghaidh gach eisíocaíochta a bhaineann leis an gclár cúnaimh céanna, faoi réir a gcomhoiriúnachta leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Maidir le tacaíocht neamh-inaisíoctha, ba cheart an fógra deimhniúcháin a bheith ina phríomhghné tacaíochta lena gcinntear na téarmaí airgeadais sin do bhuiséad ginearálta an Aontais. Is ann don fhógra deimhniúcháin chun an t-éileamh ar chostas a chinneadh bunaithe ar a théarmaí airgeadais. Ba cheart dáta na heisíocaíochta, méid na tacaíochta airgeadais, dáta chostas na n-íocaíochtaí cistiúcháin agus an dáta aibíochta a bheith san áireamh sna téarmaí sin. Is é an fógra deimhniúcháin an bonn bunriachtanach atá ina bhonn taca le pleanáil bhuiséadach an Aontais, le scagchuairdeanna airgeadais agus le tacaíocht neamh-inaisíoctha.

    (33)

    Ba cheart tagairt a dhéanamh sna comhaontuithe iasachta don Chinneadh seo mar an modh chun costais na n-iasachtaí a ríomh agus a ghearradh.

    (34)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le gach idirbheart iasachtaíochta agus gach eisíocaíocht faoi chlár NGEU, lena n-áirítear na hidirbhearta agus na heisíocaíochtaí sin a rinneadh sular tháinig sé i bhfeidhm.

    (35)

    I bhfianaise a phráinní atá sé cúnamh airgeadais a chur ar fáil, i measc tosaíochtaí beartais eile, don Úcráin i mí Iúil 2024 faoin tSaoráid don Úcráin ar an mbealach is fearr agus is buntáistí, ba cheart an cinneadh sin a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    Ábhar, sainmhínithe agus rialacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar, raon feidhme agus prionsabal rialaithe

    1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear modheolaíocht aonair aontaithe chun costais a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a chuirtear i gcrích faoi chláir cúnaimh airgeadais faoi raon feidhme Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (‘cláir CAM’) a leithdháileadh.

    2.   Beidh cur chun feidhme na modheolaíochta maidir le leithdháileadh costas bunaithe ar phrionsabal na cothroime agus ar phrionsabal na córa comhionainne, lena n-áiritheofar go ndéanfar na costais a leathadh bunaithe ar sciar coibhneasta na tacaíochta a fuarthas.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘tairbhí’ Ballstát nó tríú tír is páirtí i gcomhaontú iasachta faoi chlár CAM, nó buiséad ginearalta an Aontais le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

    (2)

    ciallaíonn ‘eisíocaíocht’ aistriú fáltas a fhaightear trí oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais chun tacaíocht inaisíoctha nó neamh-inaisíoctha le tairbhí a mhaoiniú;

    (3)

    ciallaíonn ‘ionstraimí cistiúcháin’ bannaí, nótaí, páipéar tráchtála, billí an Aontais nó aon idirbheart airgeadais gearrthéarmach agus/nó fadtéarmach iomchuí eile faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe;

    (4)

    ciallaíonn ‘tréimhse úis’ tréimhse dhá mhí dhéag (12 mhí), nó cibé tréimhse eile a shonrófar san fhógra deimhniúcháin, dar tús dáta na heisíocaíochta nó an dáta íoca úis roimhe sin;

    (5)

    ciallaíonn ‘bainistíocht leachtachta’ bainistíocht sreafaí airgid a bhaineann le hionstraimí cistiúcháin agus le heisíocaíochtaí;

    (6)

    ciallaíonn ‘comhaontú iasachta’ comhaontú maidir le tacaíocht iasachta idir an tAontas Eorpach arna ionadú ag an gCoimisiún agus tairbhí faoi chlár CAM;

    (7)

    ciallaíonn ‘oibríochtaí iasachtaíochta’ oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún;

    (8)

    ciallaíonn ‘oibríochtaí bainistíochta fiachais’ oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún;

    (9)

    ciallaíonn ‘oibríochtaí bainistíochta leachtachta’ oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (EU, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún;

    (10)

    ciallaíonn ‘cistiú gearrthéarmach’ cistiú dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún;

    (11)

    ciallaíonn ‘cistiú gearrthéarmach’ cistiú dá dtagraítear in Airteagal 2(10) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún;

    (12)

    ciallaíonn ‘clár tairbhí aonair’ clár CAM lena gceadaítear trína bhunghníomh iasachtaí nó deontais a eisíoc le tairbhí amháin;

    (13)

    ciallaíonn ‘clár iltairbhí’ clár CAM a gceadaítear trína bhunghníomh iasachtaí nó deontais a eisíoc le níos mó ná tairbhí amháin;

    (14)

    ciallaíonn ‘clár NGEU’ nó ‘NGEU’ aon chlár arna mhaoiniú faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094, a mhéid a chuireann sé na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin chun feidhme;

    (15)

    ciallaíonn ‘iasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’ (‘iasachtaí STA’) tacaíocht iasachta faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

    (16)

    ciallaíonn ‘an tSaoráid don Úcráin’ an tsaoráid arna bunú le Rialachán (AE) 2024/792 chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin don tréimhse 2024 go 2027.

    (17)

    ciallaíonn ‘MFA+’ an ionstraim a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2463 chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023.

    Airteagal 3

    Cineálacha costas

    Bunófar na catagóirí costas seo a leanas:

    (a)

    costas cistithe;

    (b)

    costas bainistíochta leachtachta;

    (c)

    costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin.

    CAIBIDIL 2

    Costas cistithe agus costas bainistíochta leachtachta

    Roinn 1

    Urranna

    Airteagal 4

    Comhdhéanamh urrann cláir agus urrann ama

    1.   Le hurrann chláir, cumhdófar aon chlár CAM amháin. Bunófar é tar éis theacht i bhfeidhm gach cláir CAM.

    2.   Beidh urranna ama i ngach urrann chláir le haghaidh clár iltairbhí freisin. Cumhdóidh urrann ama an seimeastar dar tús an 1 Eanáir nó an 1 Iúil. Nuair a thiocfaidh clár nua CAM i bhfeidhm, titfidh an chéad urrann sa seimeastar ina ndéantar an chéad eisíocaíocht agus tiocfaidh deireadh léi an 30 Meitheamh nó an 31 Nollaig. I gcás aon urrann chláir ar leith, ní bheidh ach urrann ama amháin gníomhach, tráth ar bith, cé is moite den mhaolú faoi Airteagal 5(6) den Chinneadh seo.

    3.   Beidh aon urrann ama gníomhach go dtí go sroichfidh méid eisíocaíochtaí an chúnaimh airgeadais méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha comhfhreagracha a leithdháiltear uirthi.

    4.   Ní chuimseofar urranna ama in urranna cláir le haghaidh cláir tairbhí aonair.

    5.   Leanfaidh urranna cláir de bheith gníomhach go dtí go sroichfidh méid foriomlán eisíocaíochtaí an chúnaimh airgeadais méid foriomlán na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha comhfhreagracha a leithdháiltear orthu.

    Airteagal 5

    Leithdháileadh ionstraimí cistiúcháin agus eisíocaíochtaí ar urranna cláir agus ar urranna ama

    1.   Déanfar eisíocaíochtaí faoi chlár CAM ar leith, agus na hionstraimí cistiúcháin gaolmhara a leithdháiltear air, a shannadh d’urrann chláir arna bhunú don chlár CAM sin. Déanfar eisíocaíochtaí faoi chlár iltairbhí ar leith, agus na hionstraimí cistiúcháin gaolmhara, a shannadh don urrann ama atá gníomhach tráth a dhéantar an eisíocaíocht.

    2.   Beidh eisíocaíocht fós sannta don urrann chláir chéanna nó don urrann ama i ndáil le haon mhéid atá fós le haisíoc.

    3.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha seachas iad sin dá dtagraítear i mír 7, déanfar iad a shannadh d’urranna chláir agus, más infheidhme, d’urranna ama atá gníomhach an tráth a thabharfar i gcrích an oibríocht iasachtaíochta lena ngintear iad.

    4.   Mar sin féin, féadfar ionstraimí cistiúcháin a tiomsaíodh d’fhonn eisíocaíocht a chistiú san urrann ama dá éis sin a shannadh don urrann ama sin;

    5.   I gcás inar mó méid na n-eisíocaíochtaí ag deireadh sheimeastair urrainne ama ná méid na bhfáltas ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha, déanfar na hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a ghintear ó na hoibríochtaí iasachtaíochta tar éis dheireadh an tseimeastair na hurrainne ama a shannadh don urrann ama sin go dtí go sroichfidh an méid sin ó ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha méid na n-eisíocaíochtaí san urrann ama sin.

    6.   Déanfar ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a shannadh d’urrann chláir nó d’urrann ama tráth a fhorghníomhaítear an t-idirbheart agus áiritheofar, a mhéid is fearr is féidir, go mbainfear amach go cothrom na meánspriocanna aibíochta éagsúla do gach clár CAM thar an tréimhse chistiúcháin reatha agus na tosca seo a leanas á gcur san áireamh:

    (a)

    na méideanna comhiomlána agus an sprioc mheánaibíochta atá beartaithe faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, faoi mar a leagtar amach sna cinntí a ghlactar faoi Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825;

    (b)

    aon cheanglas a eascraíonn as na bunghníomhartha bunúsacha, agus go háirithe, as meán-uasteorainneacha aibíochta gach cláir CAM agus uasmhéid na ndliteanas a bhfuil buiséad ginearálta an Aontais in ann gealltanas a thabhairt ina leith in aon bhliain ar leith faoin gclár CAM sin;

    (c)

    aibíochtaí na n-iasachtaí a leagtar amach sna comhaontuithe iasachta a tugadh i gcrích idir an tAontas a bhfuil an Coimisiún ina ionadaí dó agus an tairbhí;

    (d)

    aon nuashonrú ábhartha ar chistiú nó ar phleanáil eisíocaíochta, atá i gcinneadh faoi Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825.

    7.   Fanfaidh aon ionstraim chistiúcháin fhadtéarmach sannta don urrann chláir chéanna nó don urrann ama chéanna,i bpáirt nó go hiomlán, i ndáil le haon mhéid gan íoc atá fós le haisíoc.

    8.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás inar mó méid barúlach na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a sannadh d’urrann ama roimhe sin san urrann chláir chéanna ná méid na n-eisíocaíochtaí a sannadh don urrann sin i gcomhréir leis an mír sin, leanfar de na heisíocaíochtaí a leithdháileadh ar an urrann ama sin, a leanfaidh de bheith gníomhach dá bhrí sin, go dtí go sroichfidh méid na n-eisíocaíochtaí a dhéanfar méid na n-ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha.

    9.   Maidir le hionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha a chuirtear in ionad ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha atá ag dul in aibíocht, déanfar iad a shannadh don urrann chláir nó don urrann ama chéanna. Beidh feidhm ag Airteagal 7 i gcás neamhréire idir dáta aibíochta na hionstraime fadtéarmaí atá ag dul in aibíocht agus dáta iasachtaíochta na hionstraime fadtéarmaí a chuirtear ina hionad.

    Airteagal 6

    Urrann na bainistíochta leachtachta

    1.   Feidhmeoidh urrann na bainistíochta leachtachta go dtí go n-aisíocfar go hiomlán na hoibríochtaí iasachtaíochta arna n-údarú i gcláir CAM.

    2.   Déanfar ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha, oibríochtaí bainistíochta leachtachta agus oibríochtaí bainistíochta fiachais agus na costais a eascraíonn astu a shannadh d’urrann na bainistíochta leachtachta.

    Airteagal 7

    Comharduithe leachtachta a leibhéalú

    1.   Déanfar leibhéal na sealúchas leachtachta ina ón urrann chláir agus in aon urrann ama a ríomh ar bhonn laethúil mar an difríocht idir insreabhadh agus eis-sreabhadh, mar a leagtar amach i gcéim 3 de phointe 1 den Iarscríbhinn.

    2.   Déanfar aon mhéid deimhneach dá dtagraítear i mír 1 (‘barrachas leachtachta’) a leithdháileadh ar bhonn laethúil ón urrann ama ar urrann na bainistíochta leachtachta, mar a leagtar amach i gcéim 4 de phointe 1 den Iarscríbhinn ar chostas cistithe na hurrainne ama ábhartha ar an lá sin.

    3.   Déanfar aon mhéid a chomhfhreagraíonn don méid diúltach dá dtagraítear i mír 1 (‘barrachas leachtachta’) a ghlacadh ar bhonn laethúil ón urrann bainistíochta leachtachta agus a leithdháileadh ar an urrann chláir faoi seach nó ar an urrann ama, mar a leagtar amach i gcéim 6 de phointe 1 den Iarscríbhinn, ar chostas cistithe na hurrainne bainistíochta leachtachta, lena n-áirítear gach aistriú a leagtar amach i mír 2, ar an lá sin.

    Roinn 2

    Costas cistithe agus costais bainistíochta leachtachta a ríomh

    Airteagal 8

    Costas cistithe urrann chláir agus urrann ama a ríomh

    1.   Na costais a bhaineann le cistiú na n-urrann cláir uile agus na n-urrann ama uile, déanfar iad a ríomh ar bhonn laethúil.

    2.   Is éard a bheidh i gcostas cistithe ionstraime cistiúcháin an t-ús laethúil i ndáil le gach ionstraim chistiúcháin agus agio/disagio féideartha bunaithe ar an bpraghas eisiúna iomlán.

    3.   Is éard a bheidh i gcostas laethúil an chistithe le haghaidh urrann chláir nó urrann ama, costas laethúil cistithe na n-ionstraimí cistiúcháin a shanntar don urrann chláir sin nó don urrann ama sin tar éis thorthaí chur i bhfeidhm Airteagal 7(2) agus (3).

    Airteagal 9

    Costas bainistíochta leachtachta a ríomh

    1.   Is é a bheidh i gcostas na bainistíochta leachtachta suim an chostais a bheidh le hiompar in urrann na bainistíochta leachtachta, mar a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

    2.   Is éard a bheidh sa chostas iompair an difríocht idir an t-ús arna fhabhrú faoi ionstraimí cistiúcháin ábhartha na hurrainne bainistíochta leachtachta, na costais agus na torthaí a eascraíonn as aon bharrachas leachtachta nó easnaimh leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3) a leibhéalú, agus an toradh ar infheistíocht arna ghiniúint ag na sealúchais.

    3.   Beidh aon chostas gaolmhar a bhaineann leis an infheistíocht san áireamh sa toradh ar infheistíocht sealúchas leachtachta.

    4.   Déanfar costais na bainistíochta leachtachta a ríomh ar bhonn laethúil.

    Airteagal 10

    Costais bainistíochta leachtachta a leithdháileadh

    1.   Ríomhfar costais na bainistíochta leachtachta mar shuim chostais laethúla na bainistíochta leachtachta thar ráithe. Sannfar na costais sin do gach eisíocaíocht ar bhonn pro rata de sciar coibhneasta na heisíocaíochta le méideanna iomlána na n-eisíocaíochtaí atá gan íoc ag deireadh na ráithe.

    Airteagal 11

    Costas cistithe a shannadh d’eisíocaíocht

    1.   Íocfaidh eisíocaíochtaí na hurrainne cláir chéanna nó na hurrainne ama céanna an meánchostas laethúil cistithe céanna go dtí go n-aisíocfar iad.

    2.   Maidir le gach eisíocaíocht atá gan íoc, déanfar costas laethúil an chistithe a ríomh trí chostas iomlán chistiú na hurrainne cláir nó na hurrainne ama tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 7(2) agus (3) a iolrú faoi mhéid na heisíocaíochta roinnte ar mhéideanna iomlána eisíocaíochtaí gan íoc na hurrainne ama a bhfuil an eisíocaíocht sannta di.

    CAIBIDIL 3

    Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin

    Airteagal 12

    Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin

    Is éard a bheidh sa chostas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin na costais riaracháin athfhillteacha le haghaidh tairbhithe. Is éard a bheidh ann costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA, laistigh de na teorainneacha a léirítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 21(5). Ríomhfar an costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn.

    Airteagal 13

    Costais riaracháin athfhillteacha

    1.   Is éard a bheidh sna costais riaracháin athfhillteacha aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus é i mbun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais, arb iad na cineálacha costas seo a leanas iad: táillí dlí mar atá na táillí sin a thabhaítear i leith comhairleoireacht agus tuairimí dlíthiúla, táillí bainistíochta fiachais agus leachtaithe, costais bainistíochta cuntais agus costais bainistíochta íocaíochta, costais le haghaidh iniúchóireacht sheachtrach, táillí cothabhála ardáin ceantála, táillí gníomhaireachta rátála, liostú, cánacha, táillí cláraithe, foilsithe agus socraíochta, teicneolaíocht faisnéise, speansais taighde a bhaineann leis an margadh, táillí comhairleacha agus speansais eile maidir le caidreamh le hinfheisteoirí agus uirlisí bainistíochta chomh maith le táillí gníomhairí conarthacha agus oiliúna a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe.

    2.   A mhéid atá na costais sin comhchoiteann i gcás oibríochtaí iasachtaíochta a chuirtear chun feidhme le haghaidh cláir chúnaimh airgeadais eile, ríomhfar na costais a áirítear sa ríomh bunaithe ar an sciar pro rata a shanntar d’oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a shanntar don chlár CAM sin sa bhliain féilire ábhartha.

    3.   Déanfar costais riaracháin athfhillteacha a ríomh le haghaidh gach eisíocaíochta a gheofar faoi gach comhaontú iasachta ar bhonn pro rata na heisíocaíochta le méideanna iomlána na n-eisíocaíochtaí gan íoc a dhéantar faoi chláir éagsúla CAM ag deireadh na bliana féilire.

    Airteagal 14

    Costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA

    1.   Is éard a bheidh sna costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA aon chostas a thabhaíonn an Coimisiún agus é ag cur leis an acmhainneacht chun oibríochtaí iasachtaíochta, bainistíochta fiachais agus bainistíochta íocaíochta NGEU a dhéanamh. Áirítear orthu sin costais a bhaineann le cuntais NGEU a bhunú, ardán ceant a bhunú, uirlis bhainistíochta infheisteoirí, costais eile teicneolaíochta faisnéise agus taighde a bhaineann leis an margadh agus táillí comhairliúcháin.

    2.   Íocfaidh na Ballstáit a shíníonn comhaontuithe iasachta STA 48 % de na costais bhunaithe iomlána.

    3.   In 2021, 2022 agus 2023, íocfaidh na Ballstáit na costais bhunaithe dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn pro rata mhéid na hiasachta faoin gcomhaontú iasachta STA sínithe le méid iomlán na n-iasachtaí faoi gach comhaontú iasachta STA sínithe, mar a leagtar amach i bpointe 3(2)(i) agus (ii) den Iarscríbhinn.

    4.   Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfar aon chostas bunaithe neamh-leithdháilte ar Bhallstáit a shínigh comhaontuithe iasachta STA a leithdháileadh ar bhonn pro rata ar mhéid na n-iasachtaí a shínítear faoi gach comhaontú iasachta STA ar mhéideanna iomlána na n-iasachtaí faoi gach comhaontú iasachta STA go dtí an 31 Nollaig 2023, mar a leagtar amach i bpointe 3(2)(iii) den Iarscríbhinn.

    5.   Ní bheidh aon chostas bunaithe breise le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta dlite tar éis dheireadh na bliana 2023 ná ní leithdháilfear aon chostas den sórt sin ar chláir CAM, mura rud é go dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

    CAIBIDIL 4

    Sonrascadh

    Airteagal 15

    Fógra deimhniúcháin

    1.   I ndáil le gach eisíocaíocht, bunófar fógra deimhniúcháin ina mbeidh na téarmaí is cúis leis an éileamh ar chostais ón gCoimisiún.

    2.   Leis an bhfógra deimhniúcháin, cinnfear téarmaí maidir le costas na híocaíochta agus na haisíocaíochta príomhshuime a chistiú, atá le haisíoc as buiséad ginearálta an Aontais faoi Airteagal 5(1) an chéad fhomhír de Chinneadh 2020/2053 le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha, agus ag tairbhithe comhaontuithe iasachta.

    3.   Beidh na gnéithe seo a leanas san fhógra deimhniúcháin:

    (a)

    méid na heisíocaíochta,

    (b)

    an aibíocht,

    (c)

    an sceideal aisíocaíochta,

    (d)

    sannadh na heisíocaíochta don urrann ama,

    (e)

    tréimhse úis lena léirítear an dáta íocaíochta.

    4.   Beidh aon eilimint bhreise a léirítear i gcomhaontuithe iasachta ar áireamh freisin san fhógra deimhniúcháin d’iasachtaí.

    Airteagal 16

    Costais chistithe a shonrascadh

    1.   Déanfar costas an chistithe a ríomh i ndáil le gach eisíocaíocht ag deireadh na tréimhse úis a chinntear san fhógra deimhniúcháin.

    2.   Déanfar an sonrascadh ag deireadh na tréimhse úis a leagtar amach san fhógra deimhniúcháin. Maidir le heisíocaíochtaí i gcás ina bhfuil buiséad ginearálta an Aontais faoi dhliteanas as a gcostais nó as an bpríomhshuim a fhuascailt, amhail eisíocaíochtaí atá cláraithe mar ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 agus ionstraim MFA+, i gcás ina n-iarrann an Úcráin fóirdheonú costas gaolmhar, agus eisíocaíochtaí iasachta faoin tSaoráid don Úcráin, féadfar na sonraisc a ghrúpáil in aghaidh na ráithe nó i sonrasc bliantúil lena gcumhdaítear ceithre ráithe den bhliain.

    Airteagal 17

    Costas na bainistíochta leachtachta a shonrascadh

    Déanfar costas na bainistíochta leachtachta a shonrascadh ag tús gach bliana féilire i leith an chostais a tabhaíodh i rith na bliana féilire roimhe sin.

    Airteagal 18

    Costas seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a shonrascadh

    1.   Déanfar tairbhithe iasachtaí a shonrascadh ag tús gach bliana féilire le haghaidh chostas na seirbhíse d’fhorchostais riaracháin a tabhaíodh le linn na bliana féilire roimhe sin.

    2.   Ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(3), pointe (a) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheidh sna híocaíochtaí a dhéanfaidh tairbhithe le haghaidh chostais na seirbhíse.

    Airteagal 19

    Aisghairm

    1.   Leis seo, aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545.

    2.   Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 20

    Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

    1.   Bunaítear urrann chláir leagáide ina bhfuil urranna ama leis an gCinneadh seo. Is éard a bheidh in urrann chláir leagáide den sórt sin gach eisíocaíocht a shanntar do na hurranna ama roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus ionstraimí cistiúcháin gaolmhara a leithdháiltear orthu, faoi NGEU, Rialachán (AE) 2022/2463, agus aon chlár CAM eile a bheidh i bhfeidhm roimh an 19 Iúil 2024.

    2.   Déanfar eisíocaíochtaí faoi NGEU arna ndéanamh ón 19 Iúil 2024, agus ionstraimí cistiúcháin gaolmhara, a shannadh d’urrann chláir leagáide agus do na hurranna ama faoi seach laistigh di.

    3.   Beidh tréimhse bhunreachtúil 7 mí fós ag an gcéad urrann de chuid na hurrainne cláir leagáide, ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Gan dochar d’Airteagal 4(1), bunófar deighleoga clár nua le haghaidh cláir CAM ar tháinig a mbunghníomh i bhfeidhm sa tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 19 Iúil 2024.

    4.   Gan dochar do mhír 1, déanfar eisíocaíochtaí faoi na cláir CAM sin arna ndéanamh ón 19 Iúil 2024, agus ionstraimí cistiúcháin arna leithdháileadh orthu, a shannadh don urrann chláir nua faoi seach agus, de réir mar is iomchuí, do na hurranna ama.

    5.   Gan dochar d’Airteagal 14, beidh costais bhunaithe iasachtaí STA fós le híoc ag na tairbhithe ábhartha.

    Airteagal 21

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1. http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta (IO L 319, 13.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2434/oj).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun costais a leithdháileadh a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoi NextGenerationEU, (IO L 236, 5.7.2021, lch. 75, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1095/oj).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 maidir leis an modheolaíocht chun costais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a leithdháileadh faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú (IO L 328, 22.12.2022, lch. 123, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2545/oj).

    (5)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2463/oj).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2825 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe, (IO L 328, 2023.2022, lch. 18.12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2825/oj).

    (7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj).

    (8)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2094/oj).

    (9)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine, IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

    (10)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).


    IARSCRÍBHINN I

    Chun críoch na bhfoirmlí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, seasann ‘C’ go neamhdhifreáilte d’urrann chláir nó d’urrann ama, toisc go leanann na costais a shanntar do cheann amháin nó don cheann eile an mhodheolaíocht leibhéalaithe chéanna.

    1.   Costas an chistithe a ríomh

    Ríomhfar costas an chistithe de réir na gcéimeanna seo a leanas:

     

    Céim 1: Costais iomlána laethúla ionstraime cistiúcháin aonair in urrann cláir nó in urrann ama nó san urrann bainistíochta leachtachta a ríomh

    Ríomhfar na fabhruithe laethúla:

    Formula

    Déanfar blianta bisigh a chomhtháthú i ríomh na bhfabhruithe laethúla le haghaidh gach ionstraime cistiúcháin fhadtéarmaigh aonair mar a leanas:

    Formula

    Formula

    Maidir le heisiúintí agaithe bannaí, i.e. méadú ar mhéid eisiúna a bhí ann roimhe, féadfar an chéad chúpón a ríomh mar chúpón gearr nó fada, ag imeacht ó dháta socraíochta na heisiúna agaithe go dtí an chéad dáta cúpóin eile. Ba cheart íocaíochtaí cúpóin a ríomh mar seo a leanas, mura gcomhaontaítear a mhalairt le hinfheisteoirí:

    Ar an gcéad dul síos, trí ús fabhraithe ón dáta íocaíochta cúpóin roimhe sin a ríomh, i gcás gach ionstraime cistiúcháin fadtéarmaí aonair, déanfar an t-ús fabhraithe a ríomh mar seo a leanas:

    Formula

    Formula

    I gcás cúpóin ghearra agus fhada, ba cheart íocaíochtaí a ríomh mar seo a leanas:

    Formula

    Formula

    Méadaíonn ús fabhraithe a fhaightear ó infheisteoirí tráth a n-eisiúna sealúchais leachtachta go sealadach go dtí go ndéantar iad a ghlanluacháil leis an gcéad íocaíocht cúpóin. Léirítear ús fabhraithe i ríomhanna costais tríd an urrann leachtachta, ach ní cuid de na fabhruithe laethúla iad mar sin féin a ghabhann leis na hionstraimí cistiúcháin agus lena n-urrann cláir ábhartha nó lena n-urrann ama ábhartha. Aistrítear gach costas nó toradh ó oibríochtaí bainistíochta iasachtaíochta agus fiachais arna dtabhú ag an gCoimisiún chuig tairbhithe faoin modheolaíocht sin.

    Maidir le suim na bhfabhruithe laethúla lena gcuirtear an modh thuas chun feidhme le haghaidh gach ionstraime cistiúcháin aonair, beidh sí cothrom le suim na bhfabhruithe laethúla thar a tréimhse fabhraithe iomlán, mar sin:

    Formula

    I gcás gach ionstraime cistiúcháin, leithdháilfear agio/disagio go líneach thar shaolré na hionstraime:

    agio/disagiolaethúil = (100-praghas eisiúna):(dáta aibíochta-dáta eisiúna)

    i gcás go bhfuil Praghas eisiúna = Praghas iomlán (lena n-áirítear táillí bainc)

    Maidir le gach idirbheart bainistíochta fiachais agus/nó leachtachta, ríomhfar suim na bhfabhruithe laethúla lena gcuirtear chun feidhme an modh le haghaidh gach ionstraime cistiúcháin nó infheistíochta aonair mar seo a leanas:

    Formula

    I gcás gach ionstraime bainistíochta fiachais agus leachtachta, leithdháilfear táillí idirbhirt go líneach thar shaolré na hionstraime:

    Táillí idirbhirtlaethúla = táillí:(dáta aibíochta-dáta eisiúna)

    I gcás gach ionstraime cistiúcháin, déanfar na costais iomlána laethúla a ríomh mar a leanas:

    CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime = ACClaethúil+agio/disagiolaethúil

    Cuirfidh

    ACClaethúil fabhrú bliana bisigh nó fabhrú bliana neamhbhisigh san áireamh mar a thuairiscítear i gCéim 1

     

    Céim 2: Méid comhiomlán chostais laethúla iomlána an chistithe a ríomh

    I gcás gach urrainne cláir nó urainne ama, is éard a bheidh i gcostais laethúla iomlána le haghaidh na hurrainne cláir nó na hurainne ama roimh an leibhéalú dá dtagraítear in Airteagal 7 suim chostais laethúla iomlána uile gach ionstraime cistiúcháin a shanntar don urrann cláir nó don urrann ama:

    CoFlaethúilC(x) roimh an leibhéalú=∑ CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime arna leithdháileadh ar C(x)

    I gcás urrann na bainistíochta leachtachta is éard a bheidh i gCostas an Chistithe an méid seo a leanas:

    CoFLMClaethúil roimh an leibhéalú=∑ CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime arna leithdháileadh ar LMC

     

    Céim 3: Comharduithe leachtachta san urrann chláir nó sna hurranna ama a ríomh

    Ríomhfar leibhéal na sealúchas leachtachta ar bhonn laethúil mar a leanas:

    LeachtachtC(x) = Insreabhadh [Fáltais eisiúna + Úsiasachtaí/deontais + Aisíocaíochtaíiasachtaí/deontais] – Eis-sreabhadh [Eisíocaíochtaí + Cúpóinfiachas gan íoc + Fuascailtí Fiachais]

    Nuair atá LeachtachtC(x) diúltach, déanfaidh sí méid easnaimh na hurrainne cláir nó na hurrainne ama a chur in iúl, méid arna shainiú mar LeachtachtC(easnamh) agus nuair atá sí deimhneach, déanfaidh sí méid barrachais leachtachta na hurrainne cláir nó na hurrainne ama a chur in iúl, méid arna shainiú mar LeachtachtC(barrachas)

     

    Céim 4: Costas cistithe na n-ionstraimí cistiúcháin a ndéanann barrachas leachtachta difear dóibh a ríomh

    Leis an gcéim seo, sainaithnítear an chuid de CoF na n-urrann cláir nó na n-urrann ama ina bhfuil barrachas leachtachta is féidir a shannadh don leachtacht a shealbhaítear san urrann cláir nó san urrann ama sin.

    Déanfar costais an chistithe a bhaineann leis na hionstraimí cistiúcháin a ríomh mar a leanas:

    CoFBarrachas leachtachtaC(barrachas) =

    CoFlaethúilC(barrachas)roimh an leibhéalú * LeachtachtC(barrachas): IomlánC(barrachas)

    CoFlaethúilC(barrachas)tar éis an leibhéalaithe = CoFClaethúil(barrachas)roimh an leibhéalú - CoFBarrachas leachtachtaC(barrachas)

     

    Céim 5: An costas chun an urrann bainistíochta leachtachta a ríomh i gcás ina sanntar costas cistithe dó ó am go ham ón urrann cláir nó ón urrann ama a bhfuil barrachas leachtachta ag gabháil léi

    I gcás ina bhfaigheann urrann na bainistíochta leachtachta barrachas ón urrann cláir nó ón urrann ama, déanfar costas a hurrainne bainistíochta leachtachta a ríomh mar seo a leanas:

    CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe = CoFlaethúilLMCroimh an leibhéalú + ∑ CoFbarrachas leachtachtaC(barrachas)

     

    Céim 6: Costas cistithe na hurrainne cláir nó na hurrainne ama a bhfuil easnamh leachtacha ag gabháil léi a ríomh

    Déantar aon easnamh leachtachta in urrann cláir nó in urrann ama a leibhéalú le haistriú leachtachta ó urrann na bainistíochta leachtachta ag a costais cistithe laethúla (Céim 5).

    I gcás urrann cláir nó urrann ama a bhfuil cothromaíocht leachtachta dheimhneach ag gabháil leo, is as Céim 4 thuas a thagann costas an chistithe tar éis an leibhéalaithe cheana féin.

    CoFAistriú leachtachta ó LMC = CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe * Méid aistrithe: LMC iomlán

    CoFlaethúilC(easnamh)tar éis an leibhéalaithe = CoFClaethúil(easnamh)roimh an leibhéalú + CoFAistriú leachtachta ó LMC

    Dá bhrí sin, is toradh é urrann bainistíochta leachtachta ar ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha gan íoc, sa bhreis ar aon bharrachas a aistrítear ó urranna cláir eile nó ó urranna ama eile lúide aon aistrithe chun easnaimh ó urranna cláir eile nó ó urranna ama eile a chúiteamh. Leanann aistrithe costais cur chuige céim ar chéim ina ndéantar, ar an gcéad dul síos, na costais a ghabhann le barrachais in urranna cláir eile nó in urranna ama eile a aistriú isteach in urranna bainistíochta leachtachta, agus ar an dara dul síos, go ndéantar meánchostas na n-ionstraimí cistiúcháin gearrthéarmacha gan íoc agus barrachais ó urranna cláir eile nó ó urranna ama eile a aistriú ina dhiaidh sin chuig urranna cláir eile nó chuig urranna ama ina bhfuil easnaimh. Tá sealúchais leachtachta ann mar thoradh ar an leibhéalú sin chomh maith le haon chostas nó toradh ó na sealúchais sin nár aistríodh go fóill chuig tairbhithe. Léiríonn sealúchais leachtachta freisin an neamhréir ama idir an tráth a íoctar cúpón nó ús fabhraithe agus an tráth a fhaightear ó infheisteoirí iad agus an tráth a ghearrtar iad ar thairbhithe.

    Ríomhfar leibhéal na sealúchas leachtachta san urrann bainistíochta leachtachta ar bhonn laethúil mar a leanas:

    IomlánLMC(x) = Insreabhadh [Fáltais eisiúna + LeachtachtC(barrachas)] - Eis-sreabhadh [LeachtachtC(easnamh) + Fuascailtí Fiachais]

    SealúchaisLMC(x) = IomlánLMC(x)+ TAI sealúchais leachtachtalaethúil + LIQMíocaíochtaí bliantúla+ insreabhadh sealúchas leachtachtalaethúil - Eis-sreabhadh sealúchas leachtachtalaethúil

    Cé go bhféadfadh costas an chistithe a bheith éagsúil idir urranna cláir agus idir urranna ama mar gheall ar dhifríochtaí i gcoinníollacha cistiúcháin nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu, déanfaidh an Coimisiún oibríochtaí bainistíochta iasachtaíochta agus fiachais a bhainistiú chun a áirithiú go ndéanfar próifílí aibíochta comhchosúla ag gach urrann chláir nó urrann ama a leagan síos chomh gar dá spriocanna agus a shainítear sa Chinneadh, a mhéid is féidir.

     

    Céim 7: Costas laethúil cistithe eisíocaíochta a ríomh

    Is éard a bheidh sa chostas laethúil cistithe eisíocaíochta méid na heisíocaíochta arna iolrú faoi sciar choibhneasta na heisíocaíochta i ndáil leis an urrann cláir nó an urrann ama a leithdháileadh an sciar sin ina leith.

    CoF eisíocaíochta in C(x) =

    CoFlaethúilC(x) tar éis an leibhéalaithe * méid gan íoc na heisíocaíochta: ∑ eisíocaíochtaí gan íoc in C(x)

    2.   Costas Bainistíochta Leachtachta a ríomh

    Déanfar costais na bainistíochta leachtachta in aghaidh na heisíocaíochta a ríomh mar shuim chostais laethúla shealúchas urrann na bainistíochta leachtachta tar éis comharduithe leachtachta na n-urrann cláir nó na n-urrann ama a chothromú thar an tréimhse ríomha. Déantar torthaí nó costais i gcás rátaí diúltacha a ríomh ar bhonn na leachtachta atá ar fáil tar éis an leibhéalaithe, i.e. iad á méadú le barrachais leachtachta agus á laghdú le heasnaimh leachtachta, mar a thuairiscítear i gcéim 6 de phointe 1. Déanfar aon táille eisceachtúil nó aon phionós eisceachtúil a íocadh nó a fuarthas a chomhtháthú i ríomh na gcostas bainistithe leachtachta agus cuirfear leis an toradh ar an idirbheart ar an dáta íocaíochta iad. Asbhainfear aon tuairisceán mar seo a leanas:

    LIQMráithe= ∑ CoFlaethúilLMCtar éis an leibhéalaithe thar an ráithe – TAI shealúchais leachtachtaráithe

    Sanntar LIQM do gach eisíocaíocht mar a leanas:

    LIQM na heisíocaíochta =

    LIQMráithe *

    ∑ eisíocaíocht gan íoc ag deireadh na ráithe: ∑ eisíocaíochtaí gan íoc ag deireadh na ráithe:

    3.   Costas Seirbhíse le haghaidh forchostais riaracháin a ríomh

    3.1.   Costais riaracháin athfhillteacha a ríomh

    Ríomhfar na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

    costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla iomlána = ∑ ítimí costais riaracháin athfhillteacha le haghaidh na bliana féilire

    Leithdháilfear na costais riaracháin athfhillteacha mar a leanas:

    costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla in aghaidh an tairbhí =

    costais riaracháin athfhillteacha bhliantúla iomlán *

    ∑ eisíocaíocht gan íoc atá ag dul don tairbhí ag deireadh na bliana: ∑ eisíocaíochtaí gan íoc ag deireadh na bliana

    3.2.   Na costais bhunaithe a ríomh agus a leithdháileadh

    Ríomhfar na costais bhunaithe in aghaidh thairbhí iasachtaí STA de réir na dtrí chéim seo a leanas:

    (1)

    Ríomhfar na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA mar a leanas:

    costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA = 48 %*∑ ítimí costais bhunaithe

    (2)

    Leithdháilfear na costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA le haghaidh na mblianta 2021, 2022 agus 2023 ar gach Ballstát a shínigh comhaontú iasacht STA mar a leanas:

    costais bhunaithe de réir na hiasachta STA a síníodh = costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA*

    méid na hiasachta a síníodh in aghaidh an Bhallstáit ag deireadh na bliana: uasmhéid iomlán iasachtaí STA

    (3)

    Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ríomhfar aon chostas bunaithe neamh-leithdháilte mar a leanas:

    costais bhunaithe neamh-leithdháilte le haghaidh iasachtaí STA = costais bhunaithe le haghaidh iasachtaí STA - ∑ ítimí costais bhunaithe arna leithdháileadh ar iasachtaí STA in 2021, 2022 agus 2023

    Leithdháilfear na costais bhunaithe neamh-leithdháilte sin mar chostais bhunaithe sa bhreis ar eisíocaíochtaí do Bhallstáit faoi chomhaontú iasacht STA mar a leanas:

    costais bhunaithe bhreise in aghaidh an tairbhí = costas bunaithe neamh-leithdháilte le haghaidh iasachtaí STA ag deireadh 2023*

    ∑ méideanna na n-iasachtaí arna síniú in aghaidh an tairbhí ag deireadh 2023: méid iomlán na n-iasachtaí faoi chomhaontuithe iasacht STA arna síniú ag deireadh 2023

    3.3.   Costas Seirbhíse in aghaidh an tairbhí a ríomh

    CoSBliantúil= ∑ Ítimí costais riaracháin athfhillteacha + ∑ Ítimí costais riaracháin bhunaithe

    4.   Gluais na n-acrainmneacha

    ACCdaily

    Costais úis fhabhraithe arna miondealú de réir an lae

    ACCdaily leap year

    Costais úis fhabhraithe arna miondealú de réir an lae le haghaidh bliain bhisigh (366 lá). 365 lá is ea an bhliain neamhbhisigh ACC.

    ACCcoupon tap

    Ús fabhraithe arna ríomh le haghaidh cúpón gearr agus fada (laethanta ón dáta eisiúna bunaidh nó ón dáta cúpóin go dtí an dáta socraíochta nua)

    ACCtotal

    Ús fabhraithe arna ríomh mar shuim fhabhraithe laethúla d’ionstraim chistiúcháin nó infheistíochta thar thréimhse fhabhraithe iomlán (tús go haibíocht)

    RIARACHÁN CostaisBliantúil

    Suim na gcostas riaracháin le linn na bliana féilire

    agio/disagiolaethúil

    agio nó disagio arna miondealú de réir lae

    Tairbhí

    Ballstát nó tríú tír is páirtí in iasacht comhaontú faoi chlár CAM, nó faoi bhuiséad an Aontais maidir le tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053

    CoF

    Costais chistithe

    CoF éilimh aonair in C(x)

    CoF éilimh in urrann chláir X nó in urrann ama X

    CoFlaethúil in aghaidh na hionstraime

    CoF in aghaidh an lae in aghaidh na hionstraime cistiúcháin

    CoFlaethúilC(easnamh)tar éis an leibhéalaithe

    CoF in aghaidh an lae tar éis an leibhéalaithe le haghaidh na urrainne cláir nó na hurrainne ama a bhfuil easnamh leachtachta tosaigh ag gabháil léi

    CoFlaethúilC(barrachas)tar éis an leibhéalaithe

    CoF in aghaidh an lae tar éis an leibhéalaithe le haghaidh na urrainne cláir nó na hurrainne ama a bhfuil barrachas leachtachta tosaigh ag gabháil léi

    CoFlaethúilLMC tar éis an leibhéalaithe

    CoF in aghaidh an lae le haghaidh LMC tar éis an leibhéalaithe

    CoFlaethúilLMC roimh leibhéalú

    CoF in aghaidh an lae le haghaidh LMC roimh an leibhéalú

    CoFlaethúilC(x)roimh leibhéalú

    CoF in aghaidh an lae roimh leibhéalú urrann chláir X nó urrann ama X

    CoFbarrachas leachtachtaC(barrachas)

    CoF in aghaidh an lae a bhaineann le barrachas leachtachta san urrann cláir nó san urrann ama

    CoFAistriú leachtachta ó LMC

    CoF in aghaidh an lae a bhaineann leis an leachtacht a aistrítear chuig LMC

    CoSBliantúil

    Suim chostas riaracháin na seirbhíse le linn na bliana féilire

    Cúpón

    Leasanna arna n-íoc ag an eisitheoir ar an mbanna

    Coupon tap

    An méid úis a d’íoc an t-eisitheoir ar an mbanna i gcás eisiúint agaithe bannaí, le haghaidh cúpóin ghearra nó fhada, lena n-áirítear ús fabhraithe

    C(x)

    Suim iomlán na n-éileamh agus leachtachta urrainne cláir X nó na hurrainne ama X

    SealúchaisLMC(x)

    Suíomh airgid laethúil an chomhthiomsaithe cistiúcháin tar éis an leibhéalaithe agus tar éis sealúchais TAI agus an t-ús a ghearrtar ar thairbhithe a chur san áireamh

    LeachtachtC(x)

    Méid na leachtachta in urrann chláir X nó in urrann ama X

    Costais LMCráithe

    Costais na bainistíochta leachtachta thar ráithe

    LIQMráithe *

    Tabhairt anonn na bainistíochta leachtachta arna ríomh mar shuim na gcostas laethúil (LMC) agus toradh na leachtachta thar an ráithe

    LIQMíocaíochtaí bliantúla

    Tabhairt anonn na bainistíochta leachtachta arna ríomh mar shuim na gcostas laethúil (LMC) agus toradh na leachtachta thar thréimhsí atá caite

    Méid Barúlach

    Méid ainmniúil

    TAI sealúchas leachtachtaráithe

    Toradh ar infheistíocht na sealúchas leachtachta thar ráithe

    IomlánLMC(x)

    Staid leachtachta laethúil na hurrainne bainistíochta leachtachta roimh shealúchais TAI agus an t-ús a ghearrtar ar thairbhithe, agus fáltais chistiúcháin ghearrthéarmacha, barrachais agus easnaimh ó urranna cláir agus ó urranna ama agus íocaíochtaí fuascailte fiachais á gcur san áireamh


    IARSCRÍBHINN II

    Tábla comhghaoil

    Cinneadh (AE) 2022/2545

    An Cinneadh seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2

    Airteagal 2

    Airteagal 3

    Airteagal 3

    Airteagal 4

    Airteagal 4

    Airteagal 4

    Airteagal 5

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Airteagal 9

    Airteagal 10

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 11

    Airteagal 12

    Airteagal 12

    Airteagal 13

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 14

    Airteagal 15

    Airteagal 15

    Airteagal 16

    Airteagal 16

    Airteagal 17

    Airteagal 17

    Airteagal 18

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 19

    Airteagal 20


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1974/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top