Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1854

    Cinneadh (AE) 2024/1854 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-ICAO, a bhaineann leis an gCinneadh maidir le hIarscríbhinn IV a ghlacadh, maidir le Fothú Acmhainneachta, Cúnamh Teicniúil agus Tacaíocht Cur Chun Feidhme, a ghabhann leis an Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat le haghaidh comhar feabhsaithe

    ST/10316/2024/INIT

    IO L, 2024/1854, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1854/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1854/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1854

    5.7.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1854 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Meitheamh 2024

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-ICAO, a bhaineann leis an gCinneadh maidir le hIarscríbhinn IV a ghlacadh, maidir le Fothú Acmhainneachta, Cúnamh Teicniúil agus Tacaíocht Cur Chun Feidhme, a ghabhann leis an Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat le haghaidh comhar feabhsaithe

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis. Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais agus is comhaltaí de ICAO iad.

    (2)

    Tháinig an Meabhrán Comhair idir an tAontas agus ICAO lena bhforáiltear creat le haghaidh comhar feabhsaithe (1) (‘an Meabhrán Comhair’) i bhfeidhm an 29 Márta 2012.

    (3)

    De bhun an Mheabhráin Comhair, féadfaidh an Comhchoiste a bhunaítear ann na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Meabhrán Comhair a ghlacadh.

    (4)

    Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, meastar go nglacfaidh Comhchoiste an Aontais Eorpaigh-ICAO cinneadh maidir le glacadh Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Meabhrán Comhair maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme. Leis an Iarscríbhinn IV nua sin, táthar le foráil a dhéanamh d’idirphlé rialta a bhunú maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus gníomhaíochtaí tacaíochta cur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna, sna réimsí a chumhdaítear leis an Meabhrán Comhair, d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus, i gcás inar iomchuí, na gníomhaíochtaí sin a chomhordú.

    (5)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú maidir le glacadh Iarscríbhinn IV nua maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme, trí thacú lena glacadh, ós rud é go mbeidh sí ina ceangal ar an Aontas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh that cheann an Aontais Eorpaifg laistigh de Chomhchoiste AE-ICAO, maidir le hIarscríbhinn IV nua a ghlacadh maidir le Fothú Acmhainneachta, Cúnamh Teicniúil agus Tacaíocht Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an Meabhrán Comhair, de bhun Airteagal 7.3(c) den Mheabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat le haghaidh comhar feabhsaithe, beidh sé bunaithe ar an dréachtChinneadh ó Chomhchoiste AE-ICAO atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Meitheamh 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)   IO L 232, 9.9.2011, lch. 2.


    DRÉACHT

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AE-ICAO

    an …

    maidir le hIarscríbhinn IV a ghlacadh maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme a ghabhann leis an Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat le haghaidh comhar feabhsaithe

    TÁ COMHCHOISTE AE-ICAO,

    Ag féachaint don Mheabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat le haghaidh comhar feabhsaithe (‘an Meabhrán Comhair’), a tháinig i bhfeidhm an 29 Márta 2012, agus go háirithe Airteagal 7.3(c) de,

    De bhrí gurb iomchuí Iarscríbhinn a chur isteach maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme sa Mheabhrán Comhair, sna réimsí a chumhdaítear leis an Meabhrán Comhair,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, glactar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus beidh sí ina cuid dhílis den Mheabhrán Comhair.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Arna ndéanamh in/sa …

    Thar ceann Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-ICAO

    Na Cathaoirligh

    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

    Thar ceann na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

    IARSCRÍBHINN

    IARSCRÍBHINN IV a ghabhann leis an Meabhrán Comhair

    FOTHÚ ACMHAINNEACHTA, CÚNAMH TEICNIÚIL AGUS TACAÍOCHT CUR CHUN FEIDHME

    1.   CUSPÓIRÍ

    1.1

    Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile chun fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme maidir le cúrsaí eitlíochta a sholáthar, faoi réir bheartais agus chinntí ábhartha na bPáirtithe, d’fhonn tacú le Cuspóirí Straitéiseacha ICAO a bhaint amach ar fud an domhain sna réimsí a thagann faoi chreat an Mheabhráin Comhair idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), lena ndéantar foráil do chreat le haghaidh comhar feabhsaithe, a tháinig i bhfeidhm an 29 Márta 2012, agus go háirithe Airteagail 5 agus 7.3(c) de.

    1.2

    Agus aitheantas á thabhairt don ról atá ag fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme maidir le Cuspóirí Straitéiseacha ICAO a bhaint amach ar fud an domhain agus maidir lena áirithiú go gcomhlíontar Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPanna) ICAO ar fud an domhain, comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis faoina ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, cúnaimh theicniúil agus tacaíochta cur chun feidhme féin a mhalartú d’fhonn sineirgí agus gníomhaíochtaí comhair a d’fhéadfaidís a dhéanamh a shainaithint.

    2.   RAON FEIDHME

    2.1

    Chun na cuspóirí a shonraítear i míreanna 1.1 agus 1.2 a bhaint amach, agus mar chomhlánú ar an gcomhar a bunaíodh faoi Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Meabhrán Comhair, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile sna réimsí seo a leanas:

    Idirphlé rialta a bhunú maidir lena ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, cúnaimh theicniúil agus tacaíochta cur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna, sna réimsí a chumhdaítear leis an Meabhrán Comhair AE-ICAO d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí sin a chomhordú;

    Tacú le soláthar ghníomhaíochtaí na bPáirtithe maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme agus iad a éascú, lena n-áirítear:

    trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le fothú acmhainneachta, forbairt cúnaimh theicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme;

    trí shaineolaithe ábhair a sholáthar agus aon chabhair chomhchineáil eile, de réir mar is iomchuí;

    trí tháirgí agus cúrsaí oiliúna maidir le fothú acmhainneachta, forbairt cúnaimh theicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme a sholáthar;

    trí rannpháirtíocht i dtionscadail theicniúla, nuair a mheastar é a bheith iomchuí.

    An comhar réigiúnach a chur chun cinn;

    Gníomhaíochtaí na bPáirtithe faoi seach a chur chun cinn de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar do chuideachtaí ábhartha na bPáirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

    3.   CUR CHUN FEIDHME

    3.1

    Mar a fhoráiltear in Airteagail 3.3 agus 4.1(a) den Mheabhrán Comhair, bunóidh na Páirtithe socruithe oibre, de réir mar is gá, chun gníomhaíochtaí comhoibritheacha a shonraítear in Airteagail 2.1 agus 5 den Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme go héifeachtach. Glacfaidh an Comhchoiste na socruithe oibre sin de bhun Airteagal 7.3(c) den Mheabhrán Comhair.

    4.   IDIRPHLÉ

    4.1

    Tiocfaidh na Páirtithe le chéile uair sa bhliain ar a laghad, ar leibhéal Stiúrthóir Bhiúró Fothaithe Acmhainneachta agus Tacaíochta Cur Chun Feidhme ICAO, le cúnamh ó Stiúrthóirí eile de chuid ICAO de réir mar is iomchuí, agus ar leibhéal Ionadaí an Aontais Eorpaigh do ICAO, le cúnamh ó Ionadaí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh de réir mar is iomchuí, agus tuairisceoidh siad i leith na malartuithe sin ag cruinnithe de Chomhchoiste AE-ICAEO. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar Chomhairle ICAO agus d’eintitis eile freastal ar an idirphlé sin.

    4.2

    Le linn an idirphlé dá dtagraítear i mír 4.1, malartóidh na Páirtithe faisnéis faoina ngníomhaíochtaí féin maidir le fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme sna réimsí a chumhdaítear leis an Meabhrán Comhair AE-ICAO, agus sainaithneoidh siad sineirgí a d’fhéadfaí a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, féachfaidh siad lena ngníomhaíochtaí féin a chomhordú mar a shonraítear in Airteagal 5.

    4.3

    Déanfar an t-idirphlé dá dtagraítear i mír 4.2 a chomhlánú, uair sa ráithe ar a laghad, le malartú ar an leibhéal teicniúil ar leibhéal na bpointí teagmhála atá le hainmniú ag gach páirtí.

    5.   TACAÍOCHT DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS A N-ÉASCÚ

    5.1

    Comhaontaíonn na Páirtithe tacú le soláthar ghníomhaíochtaí na bPáirtithe maidir le fothú acmhainneachta, forbairt cúnaimh theicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme, agus iad a éascú, lena n-áirítear de thoradh an Idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 4.

    5.2

    I gcás inarb iomchuí, féadfar gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le fothú acmhainneachta, forbairt cúnaimh theicniúil agus tacaíocht cur chun feidhme a dhéanamh.

    5.3

    D’fhéadfadh sé gur soláthar saineolaithe ábhair, a bhfuil saineolas teicniúil cruthaithe acu i réimsí ábhartha, a bheadh sa tacaíocht sin.

    5.4

    Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur forbairt agus seachadadh táirgí fothaithe acmhainneachta, forbartha cúnaimh theicniúil agus tacaíochta cur chun feidhme, oiliúint agus rannpháirtíocht i dtionscadail theicniúla, nuair a mheastar é a bheith iomchuí, a bheadh sa tacaíocht sin.

    5.5

    Áireofar sa tacaíocht sin, de réir mar is iomchuí, comhar ar an láthair idir Oifigí Réigiúnacha ICAO ábhartha agus na foirne a sheoltar mar chuid de na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, forbartha cúnaimh theicniúil nó tacaíochta cur chun feidhme atá maoinithe ag an Aontas.

    5.6

    Déanfar machnamh ar úsáid na lógónna faoi seach nuair is ábhartha don ghníomhaíocht, faoi réir rialacha agus nósanna imeachta gach páirtí.

    6.   COMHAR RÉIGIÚNACH

    6.1

    I ngníomhaíochtaí na bPáirtithe atá dírithe ar dhlús a chur le cur chun feidhme SARPanna ICAO, tabharfaidh na Páirtithe tús áite do na cineálacha cur chuige réigiúnacha a chuireann deiseanna ar fáil maidir le costéifeachtúlacht, formhaoirseacht agus/nó próisis chaighdeánaithe níos fearr.

    7.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUR CHUN CINN

    7.1

    Cuirfidh na Páirtithe a ngníomhaíochtaí féin chun cinn de réir mar is iomchuí. Go háirithe, d’fhéadfadh soláthar faisnéise dá gcuideachtaí ábhartha a bheith i gceist leis sin, mar shampla Comhairle ICAO, bainistíocht ábhartha sa Choimisiún Eorpach nó gnólachtaí de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar agus an Iarscríbhinn seo á cur i bhfeidhm.

    8.   ATHBHREITHNIÚ

    8.1

    Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú ar chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo go tráthrialta agus, de réir mar is gá, cuirfidh siad san áireamh aon fhorbairt beartais nó rialaitheach ábhartha.

    8.2

    Déanfaidh an Comhchoiste, arna bhunú de bhun Airteagal 7 den Mheabhrán Comhair, aon athbhreithniú ar an Iarscríbhinn seo a fhormheas.

    9.   TEACHT I BHFEIDHM, LEASUITHE AGUS FOIRCEANNADH

    9.1

    Tiocfaidh an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh an Comhchoiste í agus fanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go bhfoirceannfar í. Ní bheidh tionchar ag an bhfoirceannadh ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí leanúnacha mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

    9.2

    Tiocfaidh socruithe oibre arna gcomhaontú de bhun na hIarscríbhinne seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh an Comhchoiste iad.

    9.3

    Déanfar aon leasú ar shocruithe oibre arna nglacadh de bhun na hIarscríbhinne seo, nó a bhfoirceannadh, a chomhaontú laistigh den Chomhchoiste.

    9.4

    Féadfaidh ceachtar Páirtí an Iarscríbhinn seo a fhoirceannadh tráth ar bith. Beidh an foirceannadh sin éifeachtach 6 mhí tar éis do pháirtí amháin fógra foirceannta i scríbhinn a fháil ón bpáirtí eile, mura rud é gur tharraing na Páirtithe siar an fógra foirceannta sin de chomhthoil sula ndeachaigh an tréimhse 6 mhí in éag.

    9.5

    D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Airteagail seo, má fhoirceanntar an Meabhrán Comhair, foirceannfar an Iarscríbhinn seo agus aon socrú oibre arna ghlacadh dá bhun go comhuaineach.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1854/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top