Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1763

    Cinneadh Tarmligthe (AE, Euratom) 2024/1763 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 maidir le hathnuachan an chinnidh go bhfuil an córas sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe is infheidhme maidir le gnóthais a bhfuil a gceannoifig sa tríú tír sin coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    IO L, 2024/1763, 21.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2024/1763/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2024/1763/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1763

    21.6.2024

    CINNEADH TARMLIGTHE (AE, Euratom) 2024/1763 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Márta 2024

    maidir le hathnuachan an chinnidh go bhfuil an córas sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe is infheidhme maidir le gnóthais a bhfuil a gceannoifig sa tríú tír sin coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (1), agus go háirithe Airteagal 227(6) di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gCinneadh Tarmligthe (AE) 2015/2290 ón gCoimisiún (2), cinneadh go bhfuil an córas sócmhainneachta atá i bhfeidhm, inter alia, sna Stáit Aontaithe agus is infheidhme maidir le gnóthais árachais agus athárachais a bhfuil ceannoifigí acu sa tríú tír sin, le meas mar chóras atá coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI de Threoir 2009/138/CE. Deonaíodh an choibhéis shealadach sin ón 1 Eanáir 2016 agus ar feadh tréimhse 10 mbliana. Le hAirteagal 227(6), an dara fomhír de Threoir 2009/138/CE, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht an choibhéis shealadach sin a athnuachan ar feadh tréimhsí breise 10 mbliana, ar choinníoll go leanfar de na critéir a leagtar síos in Airteagal 227(5) den Treoir sin a chomhlíonadh agus go mbeidh siad faoi réir gníomh tarmligthe ón gCoimisiún chuige sin. Ina theannta sin, tá an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘ÚEÁPC’) le cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus cinneadh den sórt sin á dhéanamh aige.

    (2)

    Bíonn idirphlé tráthrialta ag údaráis na Stát Aontaithe agus ag údaráis an Aontais chun feabhas a chur ar a gcomhthuiscint ar a gcórais rialála agus mhaoirseachta árachais. Ba chosúil ón idirphlé sin, agus ó chúnamh a chuir ÚEÁPC ar fáil, go bhfuil na critéir dá dtagraítear in Airteagal 227(5) de Threoir 2009/138/CE á gcomhlíonadh fós ag an gcóras sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe.

    (3)

    Sna Stáit Aontaithe, ní mór d’árachóirí cloí leis na dlíthe is infheidhme maidir le gach stát ina scríobhann siad polasaithe, agus is iad maoirseoirí stáit neamhspleácha faoi choimisinéirí árachais stáit a dhéanann maoirseacht árachais. Tá ceanglais leordhóthanachta caipitil stáit bunaithe ar an Dlí Eiseamláireach um Chaipiteal Bunaithe ar Riosca (RBC) de chuid Chumann Náisiúnta na gCoimisinéirí Árachais (NAIC), dlí atá glactha ag gach stát. Cumhdaítear le foirmle chaighdeánach RBC na rioscaí is ábhartha do gach ceann de na príomhchineálacha árachais (árachas saoil, árachas maoine agus taismigh, agus árachas sláinte), rud a fhágann gur féidir samhlacha inmheánacha a úsáid le haghaidh táirgí sonracha agus modúil riosca shonracha. Ríomhtar RBC trí fhachtóirí a chur i bhfeidhm ar shócmhainní éagsúla, agus ar ítimí préimhe, éilimh, costais agus cúlchiste. Tá ceithre leibhéal de cheanglais chaipitil chainníochtúla ann agus tá idirghabhálacha maoirseachta éagsúla ann i ngach cás: Leibhéal Gníomhaíochta Cuideachta, Leibhéal Gníomhaíochta Rialála, Leibhéal Rialaithe Údaraithe agus Leibhéal Rialaithe Éigeantaigh. Tá Measúnú Sócmhainneachta agus Riosca Dílse ag córas na Stát Aontaithe le haghaidh árachóirí atá inchomparáide leis an measúnú a leagtar síos i dTreoir 2009/138/CE. Maidir le tuairisciú agus trédhearcacht, tá ceanglais tuairiscithe chaighdeánaithe ann, lena gcumhdaítear go príomha an méid seo a leanas: gnó agus feidhmíocht, próifíl riosca, modhanna luachála agus na toimhdí a úsáidtear, ceanglais chaipitil, agus bainistíocht. Tá ráitis airgeadais, lena n-áirítear an tuairim achtúireach agus ráiteas an iniúchóra, le nochtadh go poiblí. Féadfaidh coimisinéirí árachais stáit faisnéis rúnda a roinnt le maoirseoirí eachtracha, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an faighteoir rúndacht na faisnéise sin a choinneáil. Féadfaidh na coimisinéirí árachais stáit sin comhaontuithe a dhéanamh freisin lena rialófar comhroinnt agus úsáid faisnéise rúnda.

    (4)

    Síníodh roinnt Meabhrán Tuisceana maidir le malartú faisnéise idir maoirseoirí an Aontais agus ranna árachais stáit SAM. Ó glacadh Cinneadh Tarmligthe (AE) 2015/2290, tá aon stát déag eile de chuid na Stát Aontaithe tagtha chun bheith ina sínitheoirí le Meabhrán Tuisceana Iltaobhach an Chomhlachais Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais. Déantar rialacha rúndachta atá bunaithe ar dhlíthe eiseamláireacha NAIC a ionchorprú i reachtaíocht stáit agus cuireann siad de cheangal ar mhaoirseoirí stáit agus ar a bhfoireann rúndacht na faisnéise a fhaightear ó mhaoirseoirí eachtracha a choinneáil.

    (5)

    Ar bhonn an chúnaimh a chuir ÚEÁPC ar fáil agus i bhfianaise na gceanglas sócmhainneachta is infheidhme sna Stáit Aontaithe, is léir go leantar de na critéir a leagtar síos in Airteagal 227(5) de Threoir 2009/138/CE a chomhlíonadh leis an gcóras sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe is infheidhme maidir le gnóthais a bhfuil a gceannoifig sa tríú tír sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan a dhéanamh ar an gcinneadh, a leagtar síos i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2015/2290, go bhfuil an córas sócmhainneachta sin coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI de Threoir 2009/138/CE Féadfaidh an Coimisiún, áfach, athbhreithniú sonrach a dhéanamh tráth ar bith i gcás inar gá, de bharr forbairtí ábhartha, athmheasúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis a chinntear leis an gCinneadh seo, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh leasú nó aisghairm an Chinnidh seo a bheith mar thoradh ar athbhreithnithe tráthrialta nó sonracha den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh, le cúnamh ó ÚEÁPC, ar éabhlóid an chórais sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar glacadh an Cinneadh seo ar a mbonn.

    (6)

    Chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a thabhairt do ghnólachtaí an Aontais, ba cheart na cinntí sealadacha a athnuachan i bhfad roimh ré, i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin. Cumhdaítear na Stáit Aontaithe leis an gcinneadh seo toisc go bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag an gCoimisiún chun athnuachan a dhéanamh ar an gcinneadh go bhfuil an córas sócmhainneachta atá i bhfeidhm sa tríú tír sin coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI de Threoir 2009/138/CE. Cuirfidh an Coimisiún tús leis an bpróiseas chun cinntí coibhéise sealadaí a athnuachan le haghaidh tríú tíortha eile agus déanfaidh sé cinneadh deiridh maidir leis na hathnuachaintí sonracha tar éis measúnuithe ÚEÁPC a fháil ar na tríú tíortha lena mbaineann.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leanfar den chóras sócmhainneachta atá i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe agus is infheidhme maidir le gnóthais árachais agus athárachais a bhfuil ceannoifigí acu sna Stáit Aontaithe a mheas mar chórais atá coibhéiseach go sealadach leis an gcóras a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, de Threoir 2009/138/CE.

    Airteagal 2

    Deonaítear athnuachan ar an gcoibhéis shealadach ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2035.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj.

    (2)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2015/2290 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2015 maidir le coibhéis shealadach na gcóras sócmhainneachta atá i bhfeidhm san Astráil, sa Bhrasaíl, i gCeanada, i Meicsiceo agus sna Stáit Aontaithe agus is infheidhme maidir le gnóthais árachais agus athárachais a bhfuil ceannoifigí acu sna tíortha sin (IO L 323, 9.12.2015, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2015/2290/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2024/1763/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top