Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1668

    Cinneadh (AE) 2024/1668 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moladh agus dréachtchonclúidí atá dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement

    ST/10196/2024/INIT

    IO L, 2024/1668, 12.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1668/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1668/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1668

    12.6.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1668 ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Bealtaine 2024

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moladh agus dréachtchonclúidí atá dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1), a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE) 2023/1076 (2) ón gComhairle, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 66(1) den Choinbhinsiún, cuireadh de chúram ar an nGrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag a Pháirtithe. De bhun Airteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.

    (3)

    Féadfaidh Coiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiún moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh, i gcomhréir Airteagal 68(12) den Choinbhinsiún. Tá na moltaí bunaithe ar thuarascáil GREVIO agus déantar idirdhealú iontu idir na bearta sin a mheasann Coiste na bPáirtithe gur cheart don Pháirtí a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt dó maidir leis na bearta a rinneadh ina leith sin laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na cinn sin a mheasann Coiste na bPáirtithe a d’fhéadfaí a fhágáil ar leibhéal tánaisteach, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Páirtí tuairisc a thabhairt do Choiste na bPáirtithe maidir leis na gníomhartha a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na faisnéise sin, agus ar bhonn aon fhaisnéis bhreise a fhaightear ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón tsochaí shibhialta agus ó institiúidí náisiúnta chun cearta an duine a chosaint, tá Coiste na bPáirtithe le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí, arna n-ullmhú ag Rúnaíocht an Choiste.

    (4)

    Tá coinne leis go nglacfaidh Coiste na bPáirtithe, le linn an 16ú cruinniú a bheidh aige an 31 Bealtaine 2024, an dréachtmholadh seo a leanas agus ceithre dhréachtchonclúid, maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag cúig Stát is Páirtithe (‘an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí’):

    Moladh maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ag Lichtinstéin [IC-CP(2024)1-prov];

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Andóra arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)2-prov];

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Beilge arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)3-prov];

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Mhálta arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)4-prov]; agus

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Spáinne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)5-prov].

    (5)

    Baineann an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, mar shampla, ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh, chomh maith le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le tearmann agus non-refoulement. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i CoP i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement a bhunú, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais go háirithe Treoir (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.

    (6)

    Maidir le Lichtinstéin, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le sainmhínithe ábhartha a ghlacadh agus a ailíniú leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún), gach iarracht a dhéanamh comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh ina leith sin, agus aghaidh a thabhairt ar chearta agus ar riachtanais grúpaí atá neamhchosanta ar idirdhealú trasnach nó atá i mbaol idirdhealaithe thrasnaigh (Airteagal 4 den Choinbhinsiún), straitéis chuimsitheach nó plean gníomhaíochta cuimsitheach a fhorbairt chun gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), cistiú a áirithiú d’eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta (Airteagal 8 den Choinbhinsiún), acmhainní daonna agus airgeadais a leithdháileadh ar chomhlachtaí comhordúcháin (Airteagal 10 den Choinbhinsiún), córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú agus suirbhéanna daonrabhunaithe a dhéanamh go rialta ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), líne chabhrach theileafóin thiomnaithe shaor in aisce ar fud an stáit a áirithiú (Airteagal 24 den Choinbhinsiún) agus úsáid a bhaint as orduithe urchoisc póilíneachta chun cosaint íospartach a áirithiú (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig Lichtinstéin.

    (7)

    Maidir le hAndóra, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá lena áirithiú go bhfaighidh na páirtithe leasmhara ábhartha acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais (Airteagail 8 agus 25 den Choinbhinsiún), chun cur chuige comhordaithe agus trasearnálach a áirithiú chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), chun bailiú sonraí maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar orduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún) agus ceanglais an Choinbhinsiúin maidir le stádas cónaithe íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a chomhlíonadh (Airteagal 59 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig Andóra.

    (8)

    Maidir leis an mBeilg, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá lena áirithiú go mbaileofar sonraí maidir le foréigean in aghaidh na mban (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), an gá atá lena áirithiú go bhfaighidh sainseirbhísí tacaíochta cistiú ar bhealach lena n-áiritheofar a seirbhísí leanúnacha (Airteagail 8 agus 25 den Choinbhinsiún) agus an gá atá lena áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha saincheisteanna a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cearta coimeádta agus cuairte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig an mBeilg.

    (9)

    Maidir le Málta, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme an gá atá leis an gcomhar le gníomhaithe neamhrialtasacha a neartú, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn sainseirbhísí tacaíochta, agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach i gceapadh na mbeartas ábhartha ar bhonn éifeachtach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), chun a áirithiú go mbaileofar sonraí go cuimsitheach i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), roinnt bearta a dhéanamh i réimse na gceart coimeádta agus cuairte chun sábháilteacht na n-íospartach agus a leanaí a áirithiú (Airteagal 31 den Choinbhinsiún) agus chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le horduithe urchoisc éigeandála agus le horduithe cosanta (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig Málta.

    (10)

    Maidir leis an Spáinn, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le comhchuibhiú a dhéanamh ar leibhéal na tacaíochta agus na cosanta d’íospartaigh ar mná iad ar fud na tíre (Airteagail 7, 10 agus 25 den Choinbhinsiún), aghaidh a thabhairt ar riachtanais chosanta na mban atá neamhchosanta ar chineálacha trasnacha idirdhealaithe (Airteagal 4 den Choinbhinsiún), tacú le heagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta na mban, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de (Airteagal 9 den Choinbhinsiún) agus rochtain thapa na mban atá ag lorg tearmainn ar an nós imeachta tearmainn agus ar chóiríocht shábháilte agus a áirithiú chomh maith go ndéanfar mná atá ag lorg tearmainn a bhfuil cosaint de dhíth orthu a bhrath (Airteagail 60 agus 61 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na conclúide atá dírithe chuig an Spáinn.

    (11)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (12)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:

    (1)

    Moladh maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ag Lichtinstéin [IC-CP(2024)1-prov];

    (2)

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Andóra arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)2-prov];

    (3)

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Beilge arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)3-prov];

    (4)

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Mhálta arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)4-prov]; agus

    (5)

    Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Spáinne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)5-prov].

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1).

    (2)  Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023 lch. 4).

    (3)  Treoir (AE) 2024/1385ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO, L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).

    (4)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

    (5)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

    (6)  Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1668/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top