Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1204

    Cinneadh (CBES) 2024/1204 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) Uimh. 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

    ST/7558/2024/INIT

    IO L, 2024/1204, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1204/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1204/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1204

    23.4.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1204 ÓN GCOMHAIRLE

    an 22 Aibreán 2024

    lena leasaítear Cinneadh (AE) Uimh. 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 5 Meán Fómhair 2017, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2374 (2017), lenar bunaíodh creat chun toirmeasc taistil agus reo sócmhainní a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó atá comhpháirteach iontu nó a bhí ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach.

    (2)

    An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775 (1), lena ndearnadh na bearta a bunaíodh le Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a thrasuí i ndlí an Aontais.

    (3)

    An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/1775, agus lenar bunaíodh creat nua, lena gceadaítear bearta sriantacha i gcoinne daoine aonair agus eintitis atá freagrach as síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí a chur i mbaol, nó as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a chur i gcrích go rathúil nó as an mbonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

    (4)

    An 31 Lúnasa 2023, chuaigh córas smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe in éag nuair nár tháinig an Chomhairle Slándála ar chomhaontú maidir lena shíneadh.

    (5)

    An 4 Eanáir 2024, i bhfianaise fhoirceannadh chóras smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe maidir le Mailí, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/215 (3), lenar scriosadh na hiontrálacha uile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775.

    (6)

    Sa chomhthéacs sin, is iomchuí freisin forálacha áirithe a bhaineann le Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a scriosadh ón gcuid oibríochtúil de Chinneadh (CBES) 2017/1775.

    (7)

    Chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas bhearta sriantacha an Aontais a mhéadú, is iomchuí freisin an díolúine dhaonnúil agus an sásra maolúcháin atá ann cheana a leasú, chomh maith le clásal athbhreithnithe a bhaineann leis na heisceachtaí daonnúla sin a thabhairt isteach.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir sin.

    (9)

    Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘Airteagal 1

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

    (a)

    atá freagrach as na gníomhaíochtaí nó na beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó atá comhpháirteach iontu, nó a bhí ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach, amhail na nithe seo a leanas:

    (i)

    páirt a ghlacadh in ionsaithe a phleanáil, a stiúradh, a urrú, nó a dhéanamh in aghaidh na ndreamanna seo a leanas:

    na Náisiúin Aontaithe agus pearsanra gaolmhar i Mailí;

    láithreachtaí slándála idirnáisiúnta i Mailí;

    (ii)

    bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar rochtain ar chúnamh daonnúil i Mailí, nó ar dháileadh cúnaimh dhaonnúil i Mailí;

    (iii)

    gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear mná agus leanaí, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Mailí, trí ghníomhartha foréigin a dhéanamh (lena n-áirítear marú, martrú, céasadh, nó éigniú nó foréigean gnéis eile), fuadach, fuadach forfheidhmithe, easáitiú éigeantais, nó ionsaithe ar scoileanna, ospidéil, láithreáin reiligiúnacha, nó suíomhanna ina bhfuil tearmann á lorg ag sibhialtaigh;

    (iv)

    leanaí a úsáid nó a earcú ag grúpaí armtha nó ag fórsaí armtha, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme é, i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha i Mailí;

    (v)

    taisteal duine liostaithe a éascú go feasach de shárú ar na srianta taistil;

    (b)

    a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a bhaineann an bonn de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó ar an aistriú cumhachta chuig údaráis thofa nó trí dhochar a dhéanamh dóibh; nó

    (c)

    tá baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b).

    Liostaítear na daoine ainmnithe dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

    2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

    3.   Beidh mír 1 gan dochar don chás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, eadhon:

    (a)

    mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

    (b)

    mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

    (c)

    faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

    (d)

    de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

    4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcás ina mbeidh Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

    5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina ndeonóidh an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.

    6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina mbeidh údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach.

    7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

    8.   Tabharfaidh Ballstát ar mian leis díolúintí dá dtagraítear i míreanna 6 nó 7 a dheonú fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

    9.   I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6 nó 7, ina n-údaróidh Ballstát teacht isteach ina chríoch, nó idirthuras trína chríoch do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.’

    ;

    (2)

    scriostar Airteagal 1a;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    ‘Airteagal 2

    1.   Déanfar gach ciste agus acmhainn eacnamaíoch atá faoi úinéireacht nó faoi rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí seo a leanas a reo:

    (a)

    tá siad freagrach as na gníomhaíochtaí nó na beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó atá comhpháirteach iontu, nó a bhí ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach, amhail na nithe seo a leanas:

    (i)

    páirt a ghlacadh in ionsaithe a phleanáil, a stiúradh, a urrú, nó a dhéanamh in aghaidh na ndreamanna seo a leanas:

    Na Náisiúin Aontaithe agus pearsanra gaolmhar i Mailí;

    láithreachtaí slándála idirnáisiúnta i Mailí;

    (ii)

    bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar rochtain ar chúnamh daonnúil i Mailí, nó ar dháileadh cúnaimh dhaonnúil i Mailí;

    (iii)

    gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear mná agus leanaí, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Mailí, trí ghníomhartha foréigin a dhéanamh (lena n-áirítear marú, martrú, céasadh, nó éigniú nó foréigean gnéis eile), fuadach, fuadach forfheidhmithe, easáitiú éigeantais, nó ionsaithe ar scoileanna, ospidéil, láithreáin reiligiúnacha, nó suíomhanna ina bhfuil tearmann á lorg ag sibhialtaigh;

    (iv)

    leanaí a úsáid nó a earcú ag grúpaí armtha nó ag fórsaí armtha, is sárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme é, i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha i Mailí;

    (v)

    taisteal duine liostaithe a éascú go feasach de shárú ar na srianta taistil.

    (b)

    cuireann siad bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a dhéanann dochar dó, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó ar an aistriú cumhachta chuig údaráis thofa nó trí dhochar a dhéanamh dóibh; nó

    (c)

    tá baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b).

    Liostaítear na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó comhlachtaí ainmnithe dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

    2.   Ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear ar fáil iad do thairbhe iad sin.

    3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a)

    go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus bunriachtanais bhaill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    go gceaptar iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    go gceaptar iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    (d)

    go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

    (e)

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

    (b)

    ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c)

    ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

    (d)

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    5.   Le mír 1, ní chuirfear cosc ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

    6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

    (a)

    ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

    (b)

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

    (c)

    íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

    ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús den sórt sin, tuilleamh agus íocaíochtaí eile faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

    7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cúnamh daonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le bunriachtanais an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

    (a)

    na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

    (b)

    eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (c)

    eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

    (d)

    eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

    (e)

    eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

    (f)

    sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

    (g)

    fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

    8.   Gan dochar do mhír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cúnamh daonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le bunriachtanais an duine.

    9.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

    10.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’

    ;

    (4)

    scriostar Airteagal 2a;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    ‘Airteagal 3

    Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.’

    ;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘Airteagal 4

    1.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

    2.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh athbhreithniú agus cuirfidh sí an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.’

    ;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    ‘Airteagal 5

    1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear inti a liostú.

    2.   Beidh san Iarscríbhinn chomh maith, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.’

    ;

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5a:

    ‘Airteagal 6

    1.   Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

    (a)

    a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b)

    a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

    2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

    3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

    (*1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’;"

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5b:

    ‘Airteagal 7

    Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht, nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, gan beann ar an bhfoirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

    (a)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

    (b)

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).’

    ;

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘Airteagal 8

    1.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, mír 1 agus in Airteagal 2, míreanna 1 agus 2 go dtí 14 Nollaig 2024 agus déanfar faoi athbhreithniú leanúnach iad. Déanfar iad a athnuachan, nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a gcuspóirí.

    2.   Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus, ar a laghad, gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’

    ;

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    ‘Airteagal 9

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’

    ;

    (12)

    leasaítear na hIarscríbhinní mar a leanas:

    (a)

    scriostar Iarscríbhinn I;

    (b)

    athainmnítear Iarscríbhinn II mar ‘Iarscríbhinn’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Aibreán 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 an 13 Nollaig 2021 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2024/215 ón gComhairle an 4 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L, 2024/215, 5.1.2024), ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/215/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1204/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top