Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0995

    Cinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais

    ST/7031/2024/INIT

    IO L, 2024/995, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/995/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/995/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/995

    26.3.2024

    CINNEADH (AE, Euratrom) 2024/995 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Márta 2024

    lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, go háirithe Airteagal 101 de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcaitheamh na mblianta, tá forbairt tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise (‘an Eilvéis’) i dtreo leibhéal comhtháthaithe níos airde eatarthu. Tugadh rochtain don Eilvéis ar roinnt earnálacha atá nasctha leis an margadh inmheánach agus údaraíodh caibidlíocht d’fhonn rannpháirtíocht na hEilvéise a leathnú sa mhargadh inmheánach.

    (2)

    Le Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 (1), údaraíodh tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le creat-chomhaontú institiúideach lena rialaítear an caidreamh déthaobhach (‘an creat-chomhaontú institiúideach’).

    (3)

    I mí na Samhna 2018, chuir an Coimisiún agus an Eilvéis bailchríoch ar an dréacht-téacs de chreat-chomhaontú institiúideach.

    (4)

    I mí na Bealtaine 2021, chuir an Eilvéis deireadh go haontaobhach leis an gcaibidlíocht maidir le creat-chomhaontú institiúideach.

    (5)

    I mí Feabhra 2022, chuir Comhairle Cónaidhme na hEilvéise bealach eile chun cinn i láthair ina raibh pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis, lena n-áirítear cur chuige nua maidir leis na gnéithe institiúideacha. Chuirfí na gnéithe institiúideacha san áireamh i ngach comhaontú déthaobhach a bhaineann leis an margadh inmheánach seachas i gcomhaontú cothrománach.

    (6)

    I bhfianaise thoradh na réamhchainteanna idir an Coimisiún agus an Eilvéis a tionóladh ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, agus ag tógáil ar shainordú 2014 maidir le creat-chomhaontú institiúideach chomh maith le sainorduithe a bhí ann roimhe sin le haghaidh comhaontuithe maidir le leictreachas, sláinte, sábháilteacht bia agus rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus i nGníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, mhol an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Eilvéis maidir le pacáiste leathan, lena n-áireofaí forálacha institiúideacha a bheadh le cur san áireamh i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena bhforáiltear d’ailíniú dinimiciúil le acquis an Aontais, léiriú comhionann agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcomhaontuithe sin agus acquis an Aontais, agus réiteach díospóidí. Áireofaí leis an bpacáiste forálacha maidir le státchabhair a chuimseofar i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir leis an margadh inmheánach; comhaontuithe nua maidir le leictreachas, sláinte agus sábháilteacht bia; comhaontú lena gceadaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais; comhaontú lena gceadaítear don Eilvéis páirt a ghlacadh i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis; sásra atá ceangailteach go dlíthiúil lena n-áirithítear ranníocaíocht bhuan airgeadais na hEilvéise le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú, agus gnéithe eile, mar shampla, ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise lena rochtain ar chórais faisnéise an Aontais agus lena n-úsáid.

    (7)

    Le rannpháirtíocht leanúnach na hEilvéise sa mhargadh inmheánach agus le leathnú féideartha na rannpháirtíochta sin, glactar leis gurb ionann na rialacha is infheidhme maidir leis an gcaidreamh leis an Eilvéis sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis a bhaineann leis an margadh inmheánach (‘na comhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach’) agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach.

    (8)

    Chun aonchineálacht agus cothroime iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart na comhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach agus gníomhartha an Aontais dá dtagraítear iontu a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart a chumhdach leis sin an cásdlí uile, arna bhunú sula dtabharfar an chaibidlíocht i gcrích agus ina dhiaidh sin.

    (9)

    Ina theannta sin, ceanglaítear leis an aonchineálacht go ndéanfar dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach a ionchorprú iontu de réir mar a ghlacfar é, nó de réir mar a fhorbrófar nó mar a athrófar é. Ba cheart nós imeachta um ionchorprú, lena n-áirítear uasteorainn ama don chur chun feidhme, a sholáthar chuige sin.

    (10)

    Ba cheart binse eadrána neamhspleách a bhunú chun díospóidí a réiteach. Ba cheart don bhinse eadrána ceisteanna a atreorú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh cinneadh ceangailteach, i gcás ina bhfuil coincheapa dhlí an Aontais i gceist le cur i bhfeidhm fhorálacha na gcomhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena n-áirítear eisceachtaí agus coimircí féideartha.

    (11)

    Ba cheart forálacha institiúideacha comhionanna a áireamh i ngach comhaontú a bhaineann leis an margadh inmheánach atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun cur chun feidhme comhordaithe agus comhleanúnach na gcomhaontuithe a éascú. Thabharfaí na forálacha institiúideacha sin isteach go háirithe sna comhaontuithe seo a leanas atá ann cheana: an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le Saorghluaiseacht Daoine (2) (‘an Comhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (3) (‘an Comhaontú maidir le hAeriompar’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (4) (‘an Comhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar’), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAitheantas Frithpháirteach i ndáil le Measúnú Comhréireachta (5) (‘an Comhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach i ndáil le Measúnú Comhréireachta’), agus an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Trádáil i dTáirgí Talmhaíochta (6), ar síníodh iad go léir i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999. Chuimseofaí na forálacha institiúideacha freisin i gcomhaontuithe amach anseo maidir le leictreachas agus maidir le sábháilteacht bia. Ba cheart feidhm a bheith acu mutatis mutandis i gcomhaontú maidir le sláinte a bheidh ann amach anseo i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú sin maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i sásraí agus líonraí an Aontais.

    (12)

    Leis an aidhm cothroime iomaíochta don iomaíocht ar an margadh inmheánach a áirithiú, ba cheart rialacha maidir le státchabhair is infheidhme maidir le Ballstáit agus leis an Eilvéis a áireamh sa Chomhaontú atá ann cheana maidir le hAeriompar agus sa Chomhaontú atá ann cheana maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, agus i gcomhaontuithe a bhaineann leis an margadh inmheánach amach anseo, lena n-áirítear comhaontú maidir le leictreachas. Thairis sin, ba cheart an t-athbhreithniú ar aon státchabhair san Eilvéis a bheith bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas.

    (13)

    Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine agus an dlí sin de chuid an Aontais a léiriú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe idir na Ballstáit agus na cómhalartachta á n-urramú, féadfar forálacha sonracha a chomhaontú, gan beann ar dhlí an Aontais a bheidh ann amach anseo, go bhforchoimeádfar don Eilvéis an fhéidearthacht bearta áirithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Níor cheart na cearta atá ag saoránaigh an Aontais faoi láthair faoin gComhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine a laghdú mar thoradh ar na bearta sin.

    (14)

    Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, sa réimse de a bhaineann le hoibrithe a phostú, agus an dlí sin de chuid an Aontais a léiriú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfar forálacha sonracha a chomhaontú, gan beann ar dhlí an Aontais a bheidh ann amach anseo, go bhforchoimeádfar don Eilvéis an fhéidearthacht bearta áirithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun sainiúlachtaí mhargadh saothair na hEilvéise a chur san áireamh agus chun cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Saorghluaiseacht Daoine a áirithiú.

    (15)

    Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar agus an dlí sin de chuid an Aontais a léiriú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfar forálacha sonracha a chomhaontú, gan beann ar dhlí an Aontais a bheidh ann amach anseo, go bhforchoimeádfar don Eilvéis an fhéidearthacht bearta áirithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Níor cheart raon feidhme an Chomhaontaithe maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar a athrú leis na bearta sin, lena n-áirítear iompar idirnáisiúnta paisinéirí, cé is moite d’iompar intíre na hEilvéise amháin, eadhon, iompar náisiúnta fad-achair, réigiúnach agus áitiúil.

    (16)

    Agus é mar chuspóir an comhar seanbhunaithe agus rathúil idir an tAontas agus an Eilvéis a chomhdhlúthú agus a neartú, go háirithe maidir le taighde agus nuálaíocht, oideachas, oiliúint, an óige, spórt agus cultúr, mar aon le réimsí leasa choitinn eile, ba cheart, le comhaontú, go mbeadh an Eilvéis in ann rannpháirtíocht níos córasaí a bheith aici i gcláir an Aontais amach anseo. Leis an gcomhaontú sin, leagfaí síos téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in aon chlár de chuid an Aontais. Ba cheart téarmaí agus coinníollacha sonracha a chomhaontú freisin maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcruthú chláir an Aontais don tréimhse 2021-2027, go háirithe na cláir um thaighde agus nuálaíocht, gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, an Clár Eoraip na Cruthaitheachta, an Clár EU4Health agus Copernicus.

    (17)

    I bhfianaise rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais agus chun neartú leanúnach agus cothrom an chaidrimh eacnamaíoch agus shóisialta eatarthu a spreagadh, ba cheart don Aontas agus don Eilvéis sásra nua atá ceangailteach go dlíthiúil a bhunú chun go bhféadfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais thráthrialta chothrom arna comhaontú go frithpháirteach a dhéanamh chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir a gcuid réigiún a laghdú. Ba cheart an sásra nua sin atá ceangailteach go dlíthiúil a bheith réidh don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile de chuid an Aontais.

    (18)

    Gan dochar do raon feidhme reatha na caibidlíochta dá dtagraítear sa Chinneadh seo, dá gcuirfeadh an Eilvéis in iúl gur spéis léi an raon feidhme a comhaontaíodh a leathnú, bheadh sé chun leas an Aontais réimsí eile a chumhdach, amhail raon feidhme, nuachóiriú agus éabhlóid an Chomhaontaithe idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise, a síníodh an 22 Iúil 1972 (7), a dhéileálann leis an tsaorthrádáil, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte. Bheadh gá le leathnú den sórt sin ar raon feidhme na caibidlíochta a údarú i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha, go háirithe ós rud é go bhfuil measúnú ón Aontas i gceist le leathnú den sórt sin ar raon feidhme na caibidlíochta maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil an méadú chun leasa an Aontais ag an am ábhartha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise, lena gcuimsítear an méid a leanas:

    forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe déthaobhacha, agus, i gcás inar gá, oiriúnuithe sonracha ar na comhaontuithe sin;

    comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais;

    sásra atá ceangailteach go dlíthiúil chun go bhféadfaidh an Eilvéis ranníocaíochtaí airgeadais cothroma arna gcomhaontú go frithpháirteach a dhéanamh chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin a laghdú; agus

    forálacha maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise lena rochtain ar chórais faisnéise áirithe an Aontais agus lena n-úsáid.

    2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairliúcháin leis an Meitheal um Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ag gníomhú di mar choiste speisialta i gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, agus ar bhonn na dtreoracha a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 3

    Leis an gCinneadh seo déantar Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i dtaca le creat institiúideach lena rialaítear an caidreamh déthaobhach a ionadú agus a aisghairm.

    Airteagal 4

    Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)  Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i dtaca le creat institiúideach lena rialaítear an caidreamh déthaobhach

    (2)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

    (3)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 73.

    (4)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 91.

    (5)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 369.

    (6)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 132.

    (7)  Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 300, 31.12.1972, lch. 189).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/995/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top