EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0990

Cinneadh (AE) 2024/990 ón gComhairle an 20 Márta 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 81ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 108ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Marpol), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht do Longa a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe eile (Cód IGF), ar an gCód Idirnáisiúnta um Chlár Feabhsaithe na nIniúchtaí le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, 2011 (Cód ESP 2011), ar an gCód Idirnáisiúnta um Fhearas Tarrthála (LSA), ar an gCód Idirnáisiúnta le haghaidh Chórais Sábháilteachta ó Dhóiteáin (Cód FSS) agus ar an gCód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire (STCW)

ST/7326/2024/INIT

IO L, 2024/990, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/990/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/990/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/990

26.3.2024

CINNEADH (AE) 2024/990 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Márta 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 81ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 108ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Marpol), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht do Longa a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe eile (Cód IGF), ar an gCód Idirnáisiúnta um Chlár Feabhsaithe na nIniúchtaí le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, 2011 (Cód ESP 2011), ar an gCód Idirnáisiúnta um Fhearas Tarrthála (LSA), ar an gCód Idirnáisiúnta le haghaidh Chórais Sábháilteachta ó Dhóiteáin (Cód FSS) agus ar an gCód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire (STCW)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint agus an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú.

(2)

Meastar go ndéanfaidh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), le linn an 81ú seisiún a bheidh aige ón 18 Márta go dtí an 22 Márta 2024 (‘MEPC 81’), leasuithe a ghlacadh ar Airteagal V de Phrótacal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Marpol), agus ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Marpol maidir le breoslaí íseal-splancphointe agus saincheisteanna eile a bhaineann le hola bhreosla, maidir le hinrochtaineacht na sonraí i mBunachar Sonraí IMO um Ídiú Breosla Long (IMO DCS), agus maidir le cuimsiú na sonraí i ndáil le hobair iompair, agus i ndáil le leibhéal feabhsaithe gráinneachta, in DCS IMO.

(3)

Meastar go ndéanfaidh Coiste Muir-Shábháilteachta IMO, le linn an 108ú seisiún a bheidh aige ón 15 Bealtaine go dtí an 24 Bealtaine 2024 (‘MSC 108’), leasuithe a ghlacadh ar chaibidlí II-1, II-2 agus V den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht do Longa a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe eile (Cód IGF), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí le linn Suirbhéanna ar Bhulc-Iompróirí agus ar Thancaeir Ola, 2011 (Cód ESP 2011), ar an gCód Idirnáisiúnta um Fhearas Tarrthála (LSA), an Cód Idirnáisiúnta um Chórais Sábháilteachta ó Dhóiteáin (Cód FSS), agus ar roinn A-VI/1 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire (STCW) (‘Cód STCW’).

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MEPC 81 a bhunú, ós rud é gur féidir, leis na gníomhartha atá beartaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (AE) 2015/757 (1) agus (AE) 2023/1805 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/59/CE (3), 2003/87/CE (4), 2009/16/CE (5), 2009/18/CE (6) agus (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(5)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Airteagal V de Phrótacal I a ghabhann le Marpol toisc go bhfuil sé tábhachtach go mbunófaí córas tuairiscithe aonair amháin maidir le caillteanas coimeádán ar muir, chun ceanglais maidir le cur isteach dúblach agus mearbhall a sheachaint, rud a laghdaíonn an féidearthacht nach ndéanfar coimeádáin a chailltear a thuairisciú.

(6)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Marpol maidir le breoslaí íseal-splancphointe agus saincheisteanna eile a bhaineann le hola bhreosla, toisc go réiteoidh na leasuithe sin an ceanglas maidir le tástáil agus go mbeidh faisnéis splancphointe iontu i ndáil leis an nóta seachadta buncair (BDN) maidir le breoslaí íseal-splancphointe, rud nach raibh ag teacht leis na leasuithe a rinneadh le déanaí ar chaibidil II-2 Solas a glacadh ag an 106ú seisiún den Choiste Muir Shábháilteachta. Ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Marpol maidir le hinrochtaineacht na sonraí i IMO DCS, agus maidir le cuimsiú na sonraí i ndáil le hobair iompair, agus i ndáil le leibhéal feabhsaithe gráinneachta, in IMO DCS toisc go mbaintear an úsáid is fearr leis na leathuithe sin as IMO DCS chun tairbhe cheapadh beartais dícharbónaithe an loingis agus gur comhréiteach iad i measc rochtain níos leithne ar shonraí IMO DCS, agus rialú na sonraí sin ag Rúnaíocht IMO. Ar thaobh amháin, leis na leasuithe sin tugfar rochtain do chomhairleachtaí anailíseacha agus d’eintitis taighde ar shonraí IMO DCS atá faoi réir formheasa ó Rúnaíocht IMO agus ar an taobh eile, tabharfaidh siad an deis d’aon chuideachta sonraí IMO DCS a bhaineann lena longa a nochtadh don phobal i gcoitinne ar bhonn deonach.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 108 a bhunú, ós rud é gur féidir, leis na gníomhartha atá beartaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i ndlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Treoracha 2002/59/CE agus 2009/18/CE, agus Treoracha 2009/45/CE (10), 2014/90/AE (11) agus (AE) 2022/993 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(8)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar chaibidlí II-1, II-2 agus V de SOLAS, toisc go méadóidhh na leasuithe sin go mór an tsábháilteacht lena n-áiritheofar go mbeidh trealamh oiriúnach ar gach long nua seachas tancaeir, lena n-áirítear longa paisinéirí, de 20 000 olltonnáiste agus os a chionn lena dtarraingt i gcás éigeandála, chomh maith le feabhas a chur go ginearálta ar chaighdeáin sábháilteachta ó dhóiteáin longa paisinéirí, lena n-áirítear longa paisinéirí rolladh ann-rolladh as, agus ar shábháilteacht úsáid breosla ola i longa paisinéirí. Simpleofar leis na leasuithe sin freisin próiseáil na dtuarascálacha maidir le caillteanas coimeádán chun oibleagáidí rialála a chomhlíonadh, foráil a dhéanamh maidir le ceanglas tuairiscithe ón mBratstát chuig IMO, sábháilteacht loingseoireachta a mhéadú agus truailliú a chosc.

(9)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chód IGF toisc go gcuirfear feabhas leo ar shábháilteacht long, lena n-áirítear longa paisinéirí, agus gás nádúrtha á úsáid mar bhreosla.

(10)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chód ESP 2011 toisc go modhnófar leo Nósanna Imeachta maidir le formheas agus deimhniú gnólachta atá ag gabháil do thomhas tiúis struchtúr cabhlach dá bhforáiltear sna iarscríbhinní a ghabhann le leasuithe 2019 ar Chód ESP 2011, trí tagairt don riarachán seachas tagairt a dhéanamh d’eagraíocht atá aitheanta ag an riarachán. Cuideoidh sé sin leis an nós imeachta a shoiléiriú.

(11)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chód LSA toisc go gcuirfear sábháilteacht mhuirí chun cinn leo trí athbhreithniú a dhéanamh ar luas íslithe na n-árthaí marthanais agus na mbád tarrthála do longa paisinéirí, trí fheidhmíocht oiriúnach san uisce seaicéad tarrthála a áirithiú ar mhaithe le sábháilteacht maraithe agus trí chaighdeáin sábháilteachta na gcóras aonair eireabaill agus crúca aonair a mhéadú le crúcaí scaoilte ualaithe trí na díolúintí dá bhforáiltear i mír 4.4.7.6.17 de Chód LSA a bhaint.

(12)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chód FSS toisc go mbeidh tairbhí suntasacha ag baint leo do shábháilteacht anama ar muir trí fheabhas a chur ar shábháilteacht ó dhóiteán ar longa paisinéirí, go háirithe longa paisinéirí róró.

(13)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar roinn A-VI/1 de Chód STCW toisc go n-áiritheofar leo ionad oibre sábháilte do na maraithe trí inniúlacht nua a chur san áireamh i Roinn A-VI/1 i ndáil le ‘híoscheanglais éigeantacha maidir le heolas a chur ar shábháilteacht, bunoiliúint agus teagasc do gach maraí chun ‘Cur le bulaíocht agus ciapadh a chosc agus chun freagairt dóibh, lena n-áirítear ionsaí gnéasach agus ciapadh gnéasach’.

(14)

Ní comhalta de IMO an tAontas, ná ní páirtí conarthach é sna coinbhinsiúin ná sna cóid ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl ag MEPC 81 agus MSC 108.

(15)

Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 81ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), comhaontú leis na leasuithe ar an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

Airteagal V de Phrótacal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Marpol), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad MEPC 81/3/1 de chuid IMO; agus

(b)

Iarscríbhinn VI a ghabhann le Marpol maidir le breoslaí íseal-splancphointe agus saincheisteanna eile a bhaineann le hola bhreosla, maidir le hinrochtaineacht na sonraí i mBunachar Sonraí IMO um Ídiú Breosla Long (IMO DCS), agus maidir le cuimsiú na sonraí i ndáil le hobair iompair agus i ndáil le leibhéal feabhsaithe gráinneachta in IMO DCS, a mhéid a bhaineann le Rialacháin 2, 14, 18 agus 27, agus Foscríbhinní I agus IX, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad MEPC 81/3/2 de chuid IMO.

Airteagal 2

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 108ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, comhaontú leis na leasuithe ar an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

caibidlí II-1, II-2 agus V den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann le doiciméad MSC 108/3 de chuid IMO;

(b)

an Cód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe eile (Cód IGF), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le doiciméad MSC 108/3 de chuid IMO;

(c)

an Cód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, 2011 (Cód ESP 2011), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le doiciméad MSC 108/3 de chuid IMO;

(d)

an Cód Idirnáisiúnta um Fhearas Tarrthála (LSA), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann le doiciméad MSC 108/3 de chuid IMO;

(e)

an Cód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le doiciméad MSC 108/3 de chuid IMO; agus

(f)

cuid A-VI/1 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire (STCW), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad MSC 108/3/2 de chuid IMO.

Airteagal 3

1.   Leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 iad, cuimsítear na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit, ar baill iad uile de IMO, iad sin in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais.

2.   Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na seasaimh mar a leagtar amach iad in Airteagail 1 agus 2 gan aon cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 4

Údaraítear leis seo do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leasanna an Aontais, ag na leasuithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

(2)  Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).

(3)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(6)  Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114).

(7)  Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

(8)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (IO L 172, 30.6.2012, lch. 3).

(10)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí(IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

(11)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

(12)  Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/990/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top