EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0909

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/909 ón gCoimisiún an 19 Márta 2024 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éirinn de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (STI DSL) a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme 22000 ICDMU — B2 ar leis an ngnóthas iarnróid Iarnród Éireann iad (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 1680)

C/2024/1680

IO L, 2024/909, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/909/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/909/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/909

22.3.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/909 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Márta 2024

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éirinn de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (STI DSL) a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme 22000 ICDMU — B2 ar leis an ngnóthas iarnróid Iarnród Éireann iad

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 1680)

(Is iad na téacsanna Béarla agus Gaeilge amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meán Fómhair 2023, chuir Éire iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm na bpointí seo a leanas den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (2) (sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht i gcás daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ‘STI DSL’): 4.2.2.1.1(2), 4.2.2.1.2.1(8), 4.2.2.3.1(5), 4.2.2.7.2(6) agus 4.2.2.7.3(4). Leagtar amach sna pointí sin roinnt de na paraiméadair eirgeanamaíocha i vaigíní, mar a shonraítear in aithrisí 10 go 14.

(2)

Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1) pointe (e) de Threoir (AE) 2016/797, lena gcumhdaítear gréasáin iarnróid atá scartha nó scoite amach ag an bhfarraige nó scartha ón gcuid eile de líonra iarnróid an Aontais mar thoradh ar dhálaí tíreolaíochta faoi leith.

(3)

Chun freastal ar an éileamh paisinéirí atá ag fás go tapa ar na seirbhísí iarnróid atá á n-oibriú ag a fhlít, tá sé beartaithe ag ngnóthas iarnróid Iarnród Éireann toilleadh breise a fháil trí charráiste amháin nó dhá charráiste a chur le roinnt de na foirmithe seasta atá ann cheana. Chuige sin, tá creat-chomhaontú ag Iarnród Éireann le Mitsui maidir le soláthar na bhfeithiclí idirmheánacha breise (carráistí B2) is gá chun fad a chur leis na foirmithe seasta atá ann cheana.

(4)

Chuir Mitsui 41 charráiste B2 ar fáil go déanach in 2022 agus faoin gcomhaontú tá rogha ann maidir le soláthar 60 carráiste eile, ar rogha í is féidir a fheidhmiú go dtí Nollaig 2026, rud a d’fhágfadh go mbeadh 101 charráiste ann san iomlán.

(5)

Bhain cinneadh leis na carráistí B2 cheana, mar atá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/856 ón gCoimisiún (3) inar ghlac an Coimisiún leis nach mbeadh feidhm maidir leis na carráistí sin ag forálacha áirithe de Rialacháin (AE) Uimh. 1302/2014 (4) agus (AE) Uimh. 1303/2014 (5) uaidh.

(6)

Tá na carráistí B2 le háireamh i dtraenacha doscartha foirmithe seasta atá ann cheana agus nach gcomhlíonann STI DSL. De thoradh na ceanglais STI DSL a chur i bfheidhm maidir leis na carráistí B2, chruthófaí saincheisteanna comhoiriúnachta idir feithiclí atá comhlíontach agus feithiclí atá neamhchomhlíontach ó thaobh STI DSL de, rud a d’fhágfadh go mbeadh deacrachtaí teicniúla díréireacha agus castachtaí táirgthe díréireacha ann. Mar shampla, bheadh gá le bogearraí nua, ba ghá na taispeáintí inmheánacha a ionadú sa fhlít ar fad, agus d’fhéadfaí gá a bheith le dearadh iomlán nua ar ollstruchtúr an chórais dá mbeifí le faisnéis dhinimiciúil amhairc a sholáthar ar bhealach aonfhoirmeach agus soléite ar leibhéal na traenach. Chuirfeadh cur i bhfeidhm na gceanglas STI DSL ar na carráistí B2 moill ar údarú feithiclí agus bheadh costais bhreise i gceist.

(7)

Mar bheart maolaithe, tá sé molta ag Éirinn go mbeadh an dearadh céanna ag na carráistí B2 agus atá ag na feithiclí atá ann cheana. Dearadh na carráistí B2 lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna ‘Railway Group Standards’ a bhunaigh an British Rail Safety and Standards Board (RSSB), le caighdeáin CEN-Cenelec agus le caighdeáin náisiúnta na hÉireann. Ní imíonn a ndearadh ó cheanglais na gcaighdeán agus na gcód sin ach amháin nuair is gá sin chun comhtháthú agus comhoiriúnacht shábháilte na bhfeithiclí le gréasán iarnróid na hÉireann ina staid reatha a áirithiú.

(8)

Bheadh tairbhí diomaibhseacha ag baint le cur i bhfeidhm na gceanglas STI DSL in áit an dearaidh sin, ach bheadh neamhchur i bhfeidhm STI DSL teoranta a mhéid is gá le haghaidh comhoiriúnacht inrochtaineachta leis na foirmithe seasta atá ann cheana. Mar a léiríonn paisinéirí rialta na bhfoirmithe seasta atá ann cheana, chomhlíonfadh na forálacha malartacha atá beartaithe na bunriachtanais agus chúiteoidís gach neamhchur i bhfeidhm STI DSL.

(9)

I ndáil le pointe 4.2.2.1.1(2) de STI DSL, is ionann greamán láimhe an tsuíocháin agus na cinn atá feistithe sna foirmithe seasta atá ann cheana. Comhlíonann sé na ceanglais STI DSL maidir le greamáin láimhe ó thaobh gach gné de seachas lár an chuid inúsáidte den ghreamán láimhe, rud atá 15 mm níos airde ná mar a leagtar síos in STI DSL.

(10)

I ndáil le pointe 4.2.2.1.2.1(8) de STI DSL, is ionann an suíochán tosaíochta agus an ceann a úsáidtear sna foirmithe seasta atá ann cheana. Tá sé comhlíontach le STI DSL ó thaobh gach gné de seachas an dromchla suite inúsáidte, atá níos lú ná 1 % níos lú ná an méid is gá de réir STI DSL. Ní chuireann an laghdú beag sin bac ar inrochtaineacht an tsuíocháin agus nuair a bhíonn sé in úsáid ní fhágann sé go gcuireann paisinéirí atá i suíocháin tosaíochta atá taobh le taobh isteach ar spás a chéile.

(11)

I ndáil le pointe 4.2.2.3.1(5) de STI DSL, is ionann na rialuithe oscailte agus dúnta dorais agus na cinn a úsáidtear sna foirmithe seasta atá ann cheana. Tá siad comhlíontach le STI DSL ó thaobh gach gné de seachas an cnaipe oscailte atá suite laistíos den chnaipe dúnta.

(12)

I ndáil le pointe 4.2.2.7.2(6) de STI DSL, is ionann an córas áirithinte suíochán agus an ceann a úsáidtear sna foirmithe seasta atá ann cheana ó thaobh toisí agus cuma de. Úsáideann sé litreacha chun na feithiclí a shainaithint. Taispeántar na litreacha ar an taobh amuigh den fheithicil ar na taispeáintí cinn scríbe seachtracha. Is é 55 mm airde na litreacha in ionad 70 mm mar a leagtar síos in STI DSL.

(13)

I ndáil le pointe 4.2.2.7.3(4) de STI DSL, is ionann na taispeáintí inmheánacha agus na cinn a úsáidtear sna foirmithe seasta atá ann cheana ó thaobh toisí agus cuma de. Tá siad comhlíontach le STI DSL ó thaobh gach gné de seachas airde an charachtair, is é sin 35 mm in ionad 55 mm mar a leagtar síos de réir na foirmle maidir le hachar féachana atá in STI DSL.

(14)

Na carráistí B2 agus na traenacha doscartha foirmithe seasta ina n-áireofaí iad, tá sé beartaithe go n-úsáidfear iad sa limistéar geografach a chumhdaíonn gréasán iarnróid uile na hÉireann, ar gréasán é ina n-úsáidtear leithead rianta difriúil mar atá 1 600 mm, sa dóigh nach bhfuil aon deis ann go bhféadfaí athúsáid tráchtála inmharthana a bhaint as i réimsí eile den Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.

(15)

Tá gréasán na hÉireann nasctha le gréasán Thuaisceart Éireann. Tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Dá bhrí sin, tá Tuaisceart Éireann anois ina thríú tír chomharsanachta den Aontas Eorpach. Dá thoradh sin, ní roinneann Éire teorainn talún le Ballstát eile a thuilleadh agus tá gréasán iarnróid na hÉireann scoite amach ón gcuid eile de ghréasán iarnróid an Aontais Eorpaigh.

(16)

An iarraidh a chuir Éire isteach, agus go háirithe an fhaisnéis atá cuimsithe sa chomhad, tá sí iomlán, comhleanúnach agus déantar foráil inti maidir le bearta malartacha iomchuí le cur i bhfeidhm.

(17)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (e) agus in Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glacann an Coimisiún le hiarraidh na hÉireann gan phointí 4.2.2.1.1(2), 4.2.2.1.2.1(8), 4.2.2.3.1(5), 4.2.2.7.2(6) agus 4.2.2.7.3(4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a chur i bhfeidhm maidir le 101 charráiste idirmheánach d’Aicme 22000 ICDMU B2 (‘carráistí B — 2’) a oibreoidh ar ghréasán na hÉireann.

Airteagal 2

Cuirfidh Éire in iúl don Choimisiún uimhreacha aitheantais na gcarráistí B2 agus na bhfoirmithe seasta lena mbaineann gach ceann acu, le haghaidh gach baisce de charráistí B2 a chuirtear ag obair ar ghréasán na hÉireann, agus faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1300/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/856 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éirinn de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún ná Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme 22000 ICDMU — ‘B2’ de chuid an ghnóthais iarnróid Iarnród Éireann (IO L 150, 1.6.2022, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/856/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1302/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le ‘sábháilteacht i dtolláin iarnróid’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1303/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/909/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top