EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0392

Cinneadh (AE) 2024/392 ón gComhairle an 15 Samhain 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Prótacail I agus II a ghlacadh agus leis an leasú ar Iarscríbhinn 47 a ghabhann leis

ST/13719/2023/INIT

IO L, 2024/392, 24.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/392/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/392/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/392

24.1.2024

CINNEADH (AE) 2024/392 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Prótacail I agus II a ghlacadh agus leis an leasú ar Iarscríbhinn 47 a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(1) agus (4), Airteagal 183, Airteagal 188, an dara mír, agus Airteagal 189(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), tugadh i gcrích é trí bhithín Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

De bhun Airteagal 710(2) agus Airteagal 731(3) den Chomhaontú, tá an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (s), den Chomhaontú (‘an Coiste Speisialaithe’) chun Prótacal I maidir le Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt, agus Prótacal II maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu (‘Prótacail I agus II’) a ghlacadh.

(3)

De bhun Airteagal 714(11) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste Speisialaithe Iarscríbhinn 47 ‘Na Coinníollacha Airgeadais a Chur Chun Feidhme’ (‘Iarscríbhinn 47’) a leasú.

(4)

Is dlúthchuid den Chomhaontú iad Prótacail I agus II agus Iarscríbhinn 47.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe a bhunú, a mhéid a bhaineann le glacadh Phrótacail I agus II agus leis an leasú ar Iarscríbhinn 47,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).


CINNEADH UIMH. 1/2023 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS A BUNAÍODH LE hAIRTEAGAL 8(1), POINTE (s), DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an …

lena nglactar Prótacail I agus II agus lena leasaítear Iarscríbhinn 47 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagail 710(2), 714(11) agus 731(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 710(2) agus Airteagal 731(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais, a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (s), den Chomhaontú, Prótacal I a ghlacadh maidir le Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt (‘Prótacal I’) agus Prótacal II a ghlacadh maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu (‘Prótacal II’).

(2)

Tá feidhm ag Prótacail I agus II ón gceathrú bliain de chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais le haghaidh 2021-2027. Ní raibh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe rannpháirteach ó thús na gclár ná sna gníomhaíochtaí a shainaithnítear iontu. Mar gheall ar na himthosca sin, ba cheart a áireamh i bPrótacal I módúlachtaí sonracha i bhfoirm sásra breise chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ina mbeadh méideanna na ngealltanas dlíthiúil tosaigh (deontais iomaíocha) a dhéantar leis an Ríocht Aontaithe nó le heintitis de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le bliain airgeadais áirithe i bhfad níos ísle ná an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach a d’íocfadh an Ríocht Aontaithe leis an gClár Fís Eorpach don bhliain chéanna, i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair faoi mar atá siad faoi láthair. Má tá an difríocht sin, i ndearbhthéarmaí, os cionn 16 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach don bhliain bhuiséadach sin, faoin sásra, ba cheart an ranníocaíocht oibríochtúil atá le híoc ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh an dara bliain bhuiséadach tar éis na bliana buiséadaí sin a laghdú de réir na difríochta idir an dearbhmhéid a ríomhadh i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 716(2) don bhliain bhuiséadach sin agus an méid a chomhfhreagraíonn do 16 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach don bhliain chéanna. Ba cheart an sásra a bheith gan dochar don athbhreithniú ar fheidhmíocht a leagtar amach in Airteagal 721 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Chun coigeartú dúbailte a sheachaint, tá méid aon choigeartaithe a dhéantar faoin sásra breise le cur san áireamh nuair atá Airteagal 721(3)(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair á chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun Airteagal 714(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais a bunaíodh le hAirteagal 8(1)(s) de Chomhaontú Trádála agus Comhair, Iarscríbhinn 47 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a leasú.

(4)

Na bunghníomhartha sin de chláir an Aontais dá dtagraítear sa Dearbhú Comhpháirteach maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais agus rochtain ar sheirbhísí clár dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (2) agus a formheasadh thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (3), tá siad glactha anois,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo Prótacail I agus II mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, leasaítear Iarscríbhinn 47 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 4, 6 agus 7;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘4.   Maidir leis an nglao ar chistí, socrófar a luach tríd an méid bliantúil a ríomhtar i gcur i bhfeidhm Airteagal 714 den Chomhaontú seo, lena n-áirítear aon choigeartú faoi Airteagal 714(8), Airteagail 716 nó 717 den Chomhaontú seo, a roinnt ar líon na nglaonna ar chistí le haghaidh na bliana sin de bhun mhír 2 den Iarscríbhinn seo.’

;

(c)

athuimhrítear míreanna 8 agus 9 mar mhíreanna 5 agus 6 faoi seach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Arna dhéanamh i/in/sa...,

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO AE L 444, 31.12.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Prótacal I Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt

Airteagal 1

Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

(1)   Ón 1 Eanáir 2024, glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, arna mbunú leis na bunghníomhartha seo a leanas, agus rannchuideoidh sí leis na cláir agus leis na gníomhaíochtaí sin:

(a)

Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (1) , a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gcomhpháirt dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3, mír 1 den Rialachán sin (‘Copernicus’);

(b)

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (2), a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis na comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 2(a) agus (b) d’Airteagal 1 den Rialachán sin; agus

(c)

Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (3) .

(2)   Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le nósanna imeachta dámhachtana lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha le haghaidh 2021, 2022 agus 2023.

Airteagal 2

Fad rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

(1)   Glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt sna cláir agus sna gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó i gcodanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal, ón 1 Eanáir 2024 i leith, ar feadh a bhfuil fágtha díobh, nó go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027, cibé acu is giorra.

(2)   Beidh an Ríocht Aontaithe nó eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe incháilithe faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais, lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha na gclár agus na ngníomhaíochtaí nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal seo laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe nó eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe incháilithe le haghaidh cistiú ón Aontas faoi nósanna imeachta dámhachtana an Aontais lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha do 2021, 2022 agus 2023, gan dochar do na rialacha incháilitheachta is infheidhme maidir le heintitis de chuid tíortha neamh-chomhlachaithe a leagtar síos sa bhunghníomh nó do rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár nó ghníomhaíocht an Aontais.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha sonracha na rannpháirtíochta in Copernicus

(1)   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe forálacha Airteagal 711, glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt in Copernicus agus bainfidh sí tairbhe as seirbhísí agus táirgí Copernicus ar an mbealach céanna le tíortha rannpháirteacha eile.

(2)   Beidh rochtain iomlán ag an Ríocht Aontaithe ar Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus agus tabharfaidh sí fógra don Choimisiún Eorpach faoin bpointe fócasach náisiúnta a fheidhmeoidh mar Úsáideoir Údaraithe Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus.

(3)   Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, mar úsáideoir údaraithe, ar chomhpháirteanna Sheirbhís Slándála Copernicus a mhéid a chomhaontófar an comhar idir na páirtithe sna réimsí beartais ábhartha. Beidh na módúlachtaí maidir le gníomhachtú agus le húsáid faoi réir comhaontuithe sonracha. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar sheirbhísí den sórt sin sna comhaontuithe áirithe lena mbaineann, agus lena n-áirítear i ndáil le feidhmiú sonrach Airteagal 718 (4), Airteagal 719 (4) agus Airteagal 720 (5).

(4)   Chun críocha mhír 3, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a luaithe is féidir tar éis rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus a bhunú sa Phrótacal seo agus i gcomhréir leis na forálacha lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí den sórt sin. Má chuirtear moill shuntasach ar chomhaontú den sórt sin nó má bhíonn sé dodhéanta comhaontú a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais scrúdú ar an mbealach chun rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus a choigeartú agus a mhaoiniú a choigeartú, agus an staid sin á cur san áireamh.

(5)   Rialófar rannpháirtíocht ionadaithe na Ríochta Aontaithe i gcruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le rannpháirtíocht sa bhord sin, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh.

Airteagal 4

Téarmaí agus coinníollacha sonracha na rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach

(1)   Faoi réir Airteagal 6, glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den chlár Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/695 a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an chláir shonraigh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 agus trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4).

(2)   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe forálacha Airteagal 711, féadfaidh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) agus i ngníomhaíochtaí indíreacha faoi choinníollacha is coibhéiseach leo sin is infheidhme maidir le heintitis de chuid an Aontas.

(3)   I gcás ina nglacfaidh an tAontas bearta chun Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le bunú na struchtúr dlíthiúil sin.

(4)   Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 nó gníomh dlí an Aontais lena n-ionadaítear an Rialachán sin, agus Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (5), beidh feidhm aige maidir le rannpháirtíocht eintiteas de chuid na Ríochta Aontaithe i bPobail Eolais agus Nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 711.

(5)   I gcás ina nglacfaidh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe páirt i ngníomhaíochtaí de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, beidh sé de cheart ag ionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, gan cearta vótála. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe.

(6)   Chun an ranníocaíocht oibríochtúil de bhun Airteagal 714(5) a ríomh, na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tosaigh arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais arna ghlacadh go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun an clár Fís Eorpach a mhaoiniú, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta an chláir, déanfar iad a mhéadú leis na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 2, mír 2, litir (a), pointe (iv) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (6).

(7)   Is iad na cearta is infheidhme maidir le tíortha comhlachaithe na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag an Ríocht Aontaithe sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí.

(8)   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i gCuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (‘ERIC’) i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena mbunaítear ERIC agus a rannpháirtíocht sa chlár Fís 2020 á cur san áireamh i gcomhréir leis na téarmaí a bhfuil feidhm acu maidir leis an rannpháirtíocht sin roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus lena rannpháirtíocht sa chlár Fís Eorpach mar a bhunaítear sa Phrótacal seo iad.

Airteagal 5

Módúlachtaí maidir le sásra ceartúcháin uathoibríoch a chur i bhfeidhm ar an gclár Fís Eorpach faoi Airteagal 716

(1)   Beidh feidhm ag Airteagal 716 maidir leis an gclár Fís Eorpach.

(2)   Beidh feidhm ag na módúlachtaí seo a leanas:

(a)

Chun an ceartúchán uathoibríoch a ríomh, ciallaíonn ‘deontais iomaíocha’ deontais a bhronntar trí ghlaonna ar thograí ar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartú uathoibríoch, cé is moite de thacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais (7) is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais;

(b)

I gcás ina bhfuil gealltanas dlíthiúil sínithe le comhordaitheoir cuibhreannais, is iad na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 716(1) a bhunú, ná na méideanna carnacha tosaigh a leithdháiltear sa ghealltanas dlíthiúil ar chomhaltaí cuibhreannais ar eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe iad;

(c)

Bunófar méideanna uile na ngealltanas dlíthiúil trí úsáid a bhaint as córas leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh, eCorda.

(d)

Ciallaíonn ‘costais neamh-idirghabhálacha’ costais cláir oibríochtúil seachas deontais iomaíocha, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta, riarachán clárshonrach agus gníomhaíochtaí eile (8); agus

(e)

Measfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis dhlíthiúla arb iad an tairbhí deiridh (9) iad.

(3)   Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

(a)

Ceartúcháin uathoibríocha le haghaidh bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasaí faoi chomhair gealltanas do bhliain N, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí bhliain N agus ar shonraí bhliain N+1 ó eCorda dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 i mbliain N+2 tar éis aon choigeartú de bhun Airteagal 714(8) a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach. Is é an méid a bhreithneofar méid na ndeontas iomaíoch a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith.

(b)

Chun méid an cheartaithe uathoibríoch a ríomh, úsáidfear an difríocht idir na nithe seo a leanas:

(i)

méid iomlán na ndeontas iomaíoch sin arna gcionroinnt ar eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe mar ghealltanais arna ndéanamh maidir le leithreasaí buiséadacha do bhliain N; agus

(ii)

méid ranníocaíocht choigeartaithe na Ríochta Aontaithe le haghaidh bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

(A)

méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain N le haghaidh an chláir sin, agus

(B)

iomlán na ngealltanas dlíthiúil uile a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain N, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta.

Más rud é go ndéantar aon choigeartú i gcás ina ndéantar eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe a eisiamh de bhun Airteagal 714(8) a chur i bhfeidhm, ní áireofar na méideanna comhfhreagracha deontais iomaíocha sa ríomh.

(4)   I ndáil le ranníocaíocht oibríochtúil na Ríochta Aontaithe le haghaidh bliain áirithe N, más rud é gur méid diúltach é méid na difríochta a ríomhtar i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 716(2), agus go sáraíonn sé, i ndearbhthéarmaí, 16 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach le haghaidh bhliain N, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil na Ríochta Aontaithe amach anseo le haghaidh bhliain N+2 a laghdú de réir na difríochta idir an dearbhmhéid a ríomhtar i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 716(2) le haghaidh bhliain N, agus an méid a chomhfhreagraíonn do 16 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach le haghaidh bhliain N.

Tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 2 den Phrótacal seo, aon laghdú a dhéantar ar ranníocaíochtaí oibríochtúla amach anseo, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar é a chur i bhfeidhm ar ranníocaíochtaí oibríochtúla na Ríochta Aontaithe le clár a thagann ina dhiaidh seo ina mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach.

Má dhéantar ranníocaíocht oibríochtúil na Ríochta Aontaithe a choigeartú i mbliain N+2 i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír, cuirfear an coigeartú sin san áireamh ar mhaithe le méid bliantúil le haghaidh bhliain N+2 a ríomh i gcomhréir le mír 4 d’Iarscríbhinn 47.

Airteagal 6

Eisiamh ó Chiste na Comhairle Eorpaí Nuálaíochta

(1)   Ní ghlacfaidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe páirt i gCiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (‘CNE’EIC) arna bhunú faoin gclár Fís Eorpach. Is é Ciste CNE an ionstraim airgeadais atá mar chuid de Luasaire CNE an chláir Fís Eorpach lena gcuirtear infheistíocht ar fáil trí chothromas nó trí fhoirm inaisíoctha eile (10).

(2)   Gach bliain, ó 2024 ar aghaidh, agus go dtí 2027, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe leis an gclár Fís Eorpach a choigeartú faoi mhéid a gheofar trí na méideanna measta le leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE arna bhunú faoin gclár, cé is moite den mhéid a thagann as aisíocaíochtaí agus athshreabha, a iolrú faoin scála ranníocaíochta mar a shainítear in Airteagal 714(6).

(3)   I ndiaidh aon bhliain N ina ndearnadh coigeartú faoi mhír 2, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe sna blianta ina dhiaidh sin a choigeartú suas nó síos, tríd an difríocht idir an méid measta arna leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE, dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Phrótacal seo, agus an méid a leithdháiltear ar thairbhithe Chiste CNE i mbliain N, a iolrú faoin scála ranníocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 714(6).

Airteagal 7

Cómhalartacht

Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn ‘eintiteas de chuid an Aontais’ aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

Féadfaidh eintitis incháilithe de chuid an Aontais páirt a ghlacadh i gcláir na Ríochta Aontaithe is coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 1 den Phrótacal seo i gcomhréir le dlí agus rialacha na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 8

Maoin intleachtúil

Maidir leis na cláir agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 1 den Phrótacal seo agus atá faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus go háirithe forálacha Airteagal 711, beidh ag eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe atá rannpháirteach i gcláir a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, a mhéid a bhaineann le húinéireacht, saothrú agus scaipeadh faisnéise agus maoine intleachtúla a eascraíonn as rannpháirtíocht den sórt sin, beidh acu cearta agus oibleagáidí a bheidh coibhéiseach le cearta agus oibleagáidí eintiteas atá bunaithe san Aontas atá rannpháirteach sna cláir agus sna gníomhaíochtaí i gceist. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir leis na torthaí a gheofar ó thionscadail a tosaíodh sular cuireadh an Prótacal seo a chun i bhfeidhm.

Prótacal II maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus faoi ghníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu

Airteagal 1

Raon feidhme na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí seo a leanas faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leis na bunghníomhartha agus le haon riail eile a bhaineann le cur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Aontais:

(a)

Seirbhísí Faireachais agus Rianaithe Spáis (SST) mar a shainmhínítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/696.

Go dtí go dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme i bhfeidhm lena leagtar síos na coinníollacha tríú tír do na trí sheirbhís SST atá ar fáil go poiblí, cuirfear seirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 5.1 de Chinneadh 541/2014/AE ar fáil don Ríocht Aontaithe agus d’úinéirí agus d’oibreoirí spásárthaí poiblí agus príobháideacha atá ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 5.2 den Chinneadh sin (nó i gcomhréir le haon reachtaíocht a chuirfear ina ionad le modhnú nó gan mhodhnú).

Airteagal 2

Fad na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 1 ar feadh an chuid eile den tréimhse a mhaireann siad nó go dtí go dtiocfaidh deireadh le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cibé acu is giorra.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rochtain ar sheirbhísí SST

Maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí SST atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/696, tabharfar an rochtain sin i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/696, arna iarraidh sin, agus faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.

Maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí SST dá dtagraítear i bpointe (d), d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/696, nuair a bheidh siad ar fáil, beidh an rochtain sin faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.


(1)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(2)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO AE L 167I, 12.5.2021, lch. 1).

(4)   IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 61.

(5)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 91.

(6)   IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23.

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  D’fhéadfaí a áireamh le ‘gníomhaíochtaí eile’ duaiseanna, ionstraimí airgeadais, soláthar seirbhísí teicniúla/eolaíocha ag JRC, Síntiúis (OECD, Eureka, IPEEC, IEA,...), comhaontuithe tarmligin, Saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail).

(9)  Ní mheasfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin maidir le cás inar comhordaitheoir ar thionscadal í an eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh aici ar chomhordaitheoirí eile).

(10)  I gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Chinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle agus Iarscríbhinn I, Colún III, roinn 1 a ghabhann leis, ní bhainisteoidh Ciste CNE ach na comhpháirteanna ‘infheistíochta’ de thacaíocht Luasaire CNE agus iad sin amháin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh ach amháin sa tacaíocht deontais nó sna foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta eile arna soláthar faoi Luasaire CNE.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/392/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top