Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024B2287

    Cinneadh (AE) 2024/2287 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022

    IO L, 2024/2287, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2287/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2287/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2287

    10.10.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2287 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    an 11 Aibreán 2024

    maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022,

    ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

    ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9-0087/2024),

    ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 70 de,

    ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (4), agus go háirithe Airteagal 13 de,

    ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

    ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2024),

    1.

    ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2022;

    2.

    á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

    An tUachtarán

    Roberta METSOLA

    An tArdrúnaí

    Alessandro CHIOCCHETTI


    (1)   IO C, C/2023/594, 27.10.2023.

    (2)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

    (3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

    (4)   IO L 126, 21.5.2009, lch. 13.

    (5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2287/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top