Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024B2279

Cinneadh (AE) 2024/2279 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022

IO L, 2024/2279, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2279/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2279/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2279

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2279 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2022,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9-0085/2024),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (4), agus go háirithe Airteagal 23 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2024),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C, C/2023/594, 27.10.2023.

(2)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2279/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top