Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024B2254

    Cinneadh (AE) 2024/2254 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

    IO L, 2024/2254, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2254/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2254/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2254

    10.10.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2254 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    an 11 Aibreán 2024

    maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022,

    ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

    ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06179/2024 – C9-0077/2024),

    ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (4), agus go háirithe Airteagal 94 de,

    ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2024),

    1.

    ag formheas dhúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022;

    2.

    á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

    An tUachtarán

    Roberta METSOLA

    An tArdrúnaí

    Alessandro CHIOCCHETTI


    (1)   IO C, C/2023/594, 27.10.2023.

    (2)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

    (3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

    (4)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

    (5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2254/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top