Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023Y0201(01)

Moladh ón mBord eorpach um riosca sistéamach an 1 Nollaig 2022 maidir le leochaileachtaí in earnáil na réadmhaoine tráchtála sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (BERS/2022/9) 2023/C 39/01

IO C 39, 1.2.2023, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 39/1


MOLADH ÓN MBORD EORPACH UM RIOSCA SISTÉAMACH

an 1 Nollaig 2022

maidir le leochaileachtaí in earnáil na réadmhaoine tráchtála sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

(BERS/2022/9)

(2023/C 39/01)

TÁ BORD GINEARÁLTA AN BHOIRD EORPAIGH UM RIOSCA SISTÉAMACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), go háirithe Iarscríbhinn IX de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (2), agus go háirithe Airteagal 3(2)(b) agus (d) agus Airteagail 16 agus 18 de,

Ag féachaint do Chinneadh BERS/2011/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Eanáir 2011 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (3), agus go háirithe Airteagail 18 go 20 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an earnáil réadmhaoine tráchtála (RT) tábhachtach don chobhsaíocht airgeadais sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). I roinnt de thíortha LEE, is ionann neamhchosaintí ar an earnáil RT (dá ngairtear “neamhchosaintí RT” anseo feasta) agus sciar suntasach den olltáirgeacht intíre, agus de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile. Tá idirnaisc láidre ag RT leis an bhfíorgheilleagar agus leis an gcóras airgeadais araon. Ina theannta sin, is iomaí gníomhaí sa mhargadh airgeadais, amhail cistí infheistíochta, gnóthais árachais, cistí pinsin agus institiúidí creidmheasa, a bhfuil tábhacht leis an earnáil dóibh. D’fhéadfadh tionchar sistéamach a bheith ag forbairtí díobhálacha san earnáil RT ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcóras airgeadais araon.

(2)

D’fhéadfadh leochaileachtaí a bhaineann le neamhchosaintí RT a bheith éagsúil ó fho-earnálacha agus deighleoga RT go chéile. Déanann an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), ina mheasúnú ar leochaileachtaí a bhaineann le RT i dtíortha LEE, idirdhealú go príomha ar fho-earnálacha tionsclaíocha, oifige, miondíola agus cónaithe RT, agus ar na deighleoga príomha agus neamhphríomha RT. Ina theannta sin, ní hionann cineál na leochaileachtaí ó thíortha LEE go chéile, mar gheall, inter alia, ar na difríochtaí i dtábhacht na bhfo-earnálacha agus na ndeighleog RT faoi seach sna tíortha sin. Tá an Moladh seo ó BERS dírithe ar na húdaráis ábhartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha uile LEE toisc gurb iad is fearr atá in ann anailís a dhéanamh ar thábhacht na bhfo-earnálacha agus na ndeighleog RT faoi seach, agus ar na rioscaí gaolmhara don chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear an baol go dtarlódh iarmhairtí seachtrachta ó thíortha eile.

(3)

Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag BERS ar an earnáil RT ar bhonn leanúnach agus, in 2016, d’eisigh sé moladh maidir le bearnaí i sonraí réadmhaoine a dhúnadh (4). Ina theannta sin, d’fhoilsigh BERS tuarascálacha in 2015 agus in 2018 maidir le leochaileachtaí in earnáil RT an Aontais, (5) agus thug sé treoraíocht nithiúil freisin maidir le measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh eascairt as forbairtí sna margaí RT agus as beartais ghaolmhara mhacrastuamachta (6). Sa tuarascáil le déanaí uaidh maidir le leochaileachtaí in earnáil RT LEE (7), shonraigh BERS leochaileachtaí in earnáil RT LEE chomh maith le gníomhaíochtaí féideartha beartais chun aghaidh a thabhairt orthu. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2022 d’eisigh BERS Rabhadh BERS/2022/7 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach maidir le leochaileachtaí i gcóras airgeadais an Aontais (8). Gan neamhaird a thabhairt ar a ríthábhachtaí atá foinsí eile riosca shistéamaigh a tugadh chun suntais i Rabhadh BERS/2022/7, gníomhaíonn BERS i gcomhréir lena shainordú trí mholadh a eisiúint ina sainaithnítear rioscaí sistéamacha a bhaineann le RT agus ina sonraítear na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh le déanamh mar fhreagairt ar na rioscaí sistéamacha sin.

(4)

Tá an earnáil RT leochaileach faoi láthair ó thaobh teacht i gcrích rioscaí timthriallacha i ndáil le boilsciú méadaithe agus i ndáil leis an meath suntasach san ionchas fáis tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith le teannas geopholaitiúil eile. Go ginearálta, bíonn na timthriallta san earnáil RT níos mó ná na timthriallta eacnamaíocha foriomlána. Toisc luachanna maoine agus sruthanna ioncaim cíosa a bheith ag laghdú, d’fhéadfaí infheisteoirí a dhreasú chun sócmhainní RT a dhíol, agus dá chionn sin brú anuas breise á chur ar phraghsanna sócmhainní RT agus, b’fhéidir, éifeachtaí diúltacha ar an gcobhsaíocht airgeadais. Ina theannta sin, de bharr dálaí airgeadais a bheith ag éirí níos doichte, d’fhéadfadh laghdú teacht ar ioncam cuideachtaí RT agus ar luach a gcuid maoine. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh an raon feidhme atá acu an fiachas atá ann cheana a athmhaoiniú agus glacadh le hiasachtaí nua a bheith teoranta go mór. D’fhéadfaí, dá réir sin, iallach a chur ar roinnt infheisteoirí aonaid mhaoine a dhíol chun oibleagáidí fiachais agus riachtanais leachtachta atá ag teacht in aibíocht a chomhlíonadh, fiú amháin faoi dhálaí struis sa mhargadh, agus brú anuas breise á chur ar phraghsanna dá bharr.

(5)

I measc na leochaileachtaí a bhaineann le hathruithe struchtúracha tá tionchar na mbeartas eacnamaíoch a bhaineann leis an aeráid agus an t-aistriú i dtreo na ríomhthráchtála sa mhargadh RT. Ina theannta sin, le paindéim COVID-19 cuireadh dlús leis an éileamh ar sholúbthacht i spás oifige inléasaithe de réir mar a mhéadaigh samhlacha oibre móibíleacha agus hibrideacha. Leis na hathruithe struchtúracha sin méadaítear an t-éileamh ar aonaid mhaoine agus ar shaoráidí lóistíochta atá tíosach ar fhuinneamh, amhail stórais mhóra, agus laghdaítear an t-éileamh ar mhiondíol, ar oifigí agus, ar bhonn níos ginearálta, ar RT neamhphríomha.

(6)

Tá institiúidí creidmheasa neamhchosanta go háirithe ar an earnáil RT trí riosca creidmheasa ar iasachtaí RT. Leis na sonraí atá ar fáil tugtar le fios go dtarlaíonn iasachtú bainc san earnáil RT ag cóimheasa iasachta/luacha arda i roinnt de thíortha LEE. Má thagann laghdú ar luach na comhthaobhachta iasachta, tagann méadú ar an gcóimheas iasachta/luacha. Dá bharr sin thiocfadh méadú ar chóimheasa caillteanais i gcás mainneachtana na n-institiúidí creidmheasa, agus b’fhéidir go mbeadh ceanglais chúlchiste agus chaipitil níos airde ann mar thoradh air sin, agus d’fhéadfaí, dá bhrí sin, teorainn a chur le cumas na n-institiúidí creidmheasa an soláthar creidmheasa a choinneáil. Fiú i gcás ina bhfuil na cóimheasa iasachta/luacha íseal, le faisnéis chomhiomlán d’fhéadfaí tréithe eile a bhfuil riosca ag baint leo a cheilt, amhail a leitheadaí atá scéimeanna cnap-aisíocaíochtaí, struchtúir neamhiontaofa, rátaí úis athraitheacha neamhfhálaithe nó aibíochtaí an-fhada, a d’fhéadfadh a bheith suntasach i gcásanna áirithe.

(7)

Maidir leis an earnáil baincéireachta, leag an Banc Ceannais Eorpach (BCE) béim ar ábhair imní maidir le caighdeáin iasachtúcháin, luacháil comhthaobhachta agus próisis faireacháin don Sásra Aonair Maoirseachta i dtuarascáil eatramhach ar neamhchosaintí RT (9).

(8)

Ceann de na leochaileachtaí a bhaineann leis an earnáil neamhbhaincéireachta is ea neamhréireanna leachtachta i gcistí infheistíochta réadmhaoine nach bhfuil dáta deiridh luaite leo. Tarlaíonn an neamhréir leachtachta sin nuair a thairgeann cistí den sórt sin tréimhsí fuascailte dá n-infheisteoirí atá níos giorra ná an tréimhse is gá chun na sócmhainní réadmhaoine a bhfuil infheistíocht déanta ag an gciste iontu a leachtú ag praghsanna reatha an mhargaidh. Bíonn cistí infheistíochta réadmhaoine go ginearálta i mbaol freisin ó cheartú ar phraghsanna sócmhainní má bhíonn minicíocht na luachála ró-íseal agus má bhíonn dreasachtaí ann maoin a róluacháil, go háirithe i margadh ina bhfuil praghsanna ag laghdú cheana féin. D’fhéadfadh, dá réir sin, éifeachtaí aille i bhfuascailtí sócmhainní a bheith mar thoradh air sin.

(9)

D’fhéadfadh rioscaí a bhaineann le cistí pinsin agus le gnóthais árachais i margaí RT a bheith an-éagsúil ó dhlínse go chéile, agus is léiriú é sin ar shamhlacha gnó agus cleachtais éagsúla chomh maith le struchtúir mhargaidh éagsúla. Is réamhriachtanas é tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhaineann le cistí pinsin agus gnóthais árachais i margaí RT agus ar na neamhréireanna leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann idir a gcistiú agus a n-infheistíochtaí i margaí RT, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar iad sin trí bhíthin cistí infheistíochta, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí san earnáil RT a bhaineann leis an deighleog sin den mhargadh.

(10)

Bheadh tionchar diúltach freisin ag teacht i gcrích rioscaí san earnáil RT ar rátáil chreidmheasa urrúsuithe lena gcomhthiomsaítear iasachtaí RT agus atá i seilbh institiúidí creidmheasa nó rannpháirtithe eile sa mhargadh. Baineann leochaileachtaí a eascraíonn as urrúsuithe RT le cáilíocht chreidmheasa fholuiteach na n-iasachtaí urrúsaithe, agus le comhchruinnithe infheisteoirí agus iasachtaithe agus a n-idirnascthacht.

(11)

Le héifeachtaí seachtrachta i margaí airgeadais éagsúla agus i dtíortha éagsúla is féidir leochaileachtaí a mhéadú, agus méadú dá réir ar na rioscaí tógálachta in earnálacha éagsúla nó i dtíortha éagsúla. I ndáil leis an méid sin, meastar gur gá faisnéis a mhalartú chun feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an anailís a dhéantar ar fhoinsí féideartha rioscaí sistéamacha. D’fhéadfadh BERS tacú leis an malartú faisnéise a mheastar a bheith riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí a bhaineann le RT.

(12)

Is féidir le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh agus LEE sna hearnálacha airgeadais baincéireachta agus neamhbhaincéireachta cur le hathléimneacht earnáil airgeadais LEE trí fhaireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí na n-institiúidí atá faoina sainchúram, trí iad a shainaithint agus trí aghaidh a thabhairt orthu, i ndlúthchomhar lena chéile. Is den ríthábhacht é faireachán a dhéanamh ar na leochaileachtaí a bhaineann leis an earnáil RT chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar fhreagairtí féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. D’fhéadfadh faireachán den sórt sin tógáil ar na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 124(2) agus 164(6) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus forbairt bhreise a dhéanamh orthu (10). Ní mór d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta fanacht ar an airdeall maidir le teacht i gcrích rioscaí a bhaineann le RT nó, os a choinne sin, maidir le carnadh breise leochaileachtaí san earnáil RT in LEE. Agus faireachán á dhéanamh acu ar leochaileachtaí, ba cheart do na húdaráis idirdhealú a dhéanamh ar fho-earnálacha agus deighleoga RT.

(13)

I Moladh BERS/2016/14 maidir le bearnaí i sonraí eastáit réadaigh a dhúnadh, (11) léiríodh go bhfuil bearnaí móra sonraí ann agus go bhfuil easpa sainmhínithe coiteanna sonraí ann a dhéanann difear do na margaí RT ar fud LEE. Tá feabhas suntasach tagtha ar infhaighteacht agus ar cháilíocht sonraí ó eisíodh Moladh BERS/2016/14. Cé go bhfuil cur chun feidhme codanna deiridh de Mholadh BERS/2016/14 le déanamh faoin 31 Nollaig 2025, ba cheart don Mholadh údaráis ábhartha a threorú agus faireachán á dhéanamh acu ar rioscaí a bhaineann le RT. Níor cheart go gcuirfí cosc leis ar údaráis ábhartha tabhairt faoi iarrachtaí faireacháin breise maidir le margaí RT trí úsáid a bhaint as na sonraí uile atá ar fáil (12).

(14)

Agus minicíocht an fhaireacháin á cinneadh, ba cheart do na húdaráis ábhartha prionsabal na comhréireachta, na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as an margadh RT agus as méid neamhchosaintí na n-institiúidí airgeadais ar fho-earnálacha éagsúla RT agus ar dheighleoga margaidh éagsúla RT a chur san áireamh.

(15)

I ngníomhaíochtaí beartais arna ndéanamh ag údaráis ábhartha, d’fhonn, inter alia, an Moladh seo a chur chun feidhme, ba cheart go gcuirfí san áireamh torthaí an fhaireacháin réamhbhreathnaithigh a rinneadh chun cosc a chur ar theacht i gcrích rioscaí sistéamacha ó na fo-earnálacha RT. Thar aon ní eile, agus céimniú isteach á chalabrú agus á chinneadh acu, ba cheart do na húdaráis ábhartha seasamh na tíre faoi seach de chuid LEE sna timthriallta eacnamaíocha agus airgeadais a chur san áireamh. Ina theannta sin, le gníomhaíocht iomchuí beartais ba cheart idirdhealú a dhéanamh ar fho-earnálacha agus deighleoga RT i gcás inarb indéanta.

(16)

Le gníomhaíocht iomchuí bheartais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí san earnáil RT ní mór cothromaíocht a aimsiú idir roinnt cúinsí, lena n-áirítear na forbairtí eacnamaíocha foriomlána agus dinimicí a d’fhéadfadh a bheith éagsúil lena chéile ó Bhallstát go chéile i bhfo-earnálacha agus i ndeighleoga RT. Ní mór faireachán a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa punann RT agus tá gá le cúlchistiú leordhóthanach le haghaidh catagóirí iasachtaí a bhféadfadh athruithe sa mhargadh RT nó forbairtí díobhálacha eacnamaíocha agus airgeadais dochar a dhéanamh dóibh. Má leanann leochaileachtaí de bheith ag carnadh, is den tábhacht é cleachtais fhónta iasachtúcháin agus infheistíochta a áirithiú tuilleadh i ndáil le is an earnáil RT, agus gníomhaíochtaí féideartha beartais macrastuamachta ina gcomhlánú orthu. Tá fáil cheana féin ag tíortha LEE ar bhearta caipitealbhunaithe agus ar bhearta macrastuamachta eile de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais (13), lena gcuirtear roinnt bearta macrastuamachta ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le RT san earnáil bainc, ciste infheistíochta, ciste pinsin agus árachais. Ba cheart bearta cómhalartacha ag údaráis náisiúnta i dtíortha éagsúla de chuid LEE a mheas i leith aon ghníomhaíocht bheartais mhacrastuamachta chun éifeachtacht na mbeart macrastuamachta náisiúnta a áirithiú agus chun aistriú riosca shistéamaigh ó dhlínse amháin go dlínse eile a chosc.

(17)

Chun ilchineálacht na margaí RT a léiriú, d’fhéadfaí a mheas go méadaítear le bearta ualaithe riosca agus le maoláin earnálacha riosca shistéamaigh athléimneacht an chórais baincéireachta i bhfianaise rioscaí sistéamacha.

(18)

Maidir le bearta beartais i ndáil le hearnáil na gcistí infheistíochta, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar theorainneacha giarála macrastuamachta agus ar an neamhréir leachtachta san earnáil a laghdú (mar a mholtar i Moladh BERS/2020/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach maidir le rioscaí leachtachta i gcistí infheistíochta (14)) chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a sainaithníodh, agus sainiúlachtaí tíre á léiriú ag an am céanna. Ceapadh Moladh BERS/2017/6 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach maidir le leachtacht agus rioscaí giarála i gcistí infheistíochta (15) chun éascaíocht a dhéanamh do chur chun feidhme Airteagal 25 de Threoir 2011/61/AE, lena bhforáiltear d’uirlis mhacrastuamachta chun giaráil i gcistí infheistíochta malartacha a theorannú.

(19)

Cé go bhfuil bearta iasachtaí-bhunaithe ar fáil i bhformhór thíortha LEE chun rioscaí sistéamacha a bhaineann leis na margaí réadmhaoine cónaithe a mhaolú, níl fáil ach ag roinnt de thíortha LEE ar bhearta iasachtaí-bhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha a bhaineann le margaí RT. Tá coincheap agus dearadh na mbeart iasachtaí-bhunaithe le haghaidh rioscaí a bhaineann le RT fós á bplé i bhfóraim éagsúla, agus níor bunaíodh dearcadh coiteann fós maidir le dearadh na mbeart iasachtaí-bhunaithe sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart measúnú breise a dhéanamh ar a indéanta atá bearta iasachtaí-bhunaithe don RT ar leibhéal an Aontais. I gcás ina mbeidh agus má bhíonn bearta iasachtaí-bhunaithe den sórt sin ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na húdaráis ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar mheascán d’fhás láidir ar phraghsanna réadmhaoine agus de dhinimic chreidmheasa chomh maith le caighdeáin chreidmheasa atá ag creimeadh, a iomchuí atá na hionstraimí sin a mheas. Má mheastar é a bheith riachtanach agus indéanta, ba cheart d’údaráis náisiúnta ábhartha bearta iasachtaí-bhunaithe a chomhlánú le bearta eile chun athléimneacht na n-institiúidí airgeadais a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le RT.

(20)

D’fhonn a áirithiú go ndéileálfar go comhsheasmhach le rioscaí áirithe ar fud an chórais airgeadais, measann BERS, tar éis anailís chuimsitheach agus plé cuimsitheach a dhéanamh, gurb inmhianaithe uirlisí gníomhaíochtbhunaithe a thabhairt isteach. Dá réir sin, d’fhéadfadh uirlisí macrastuamachta institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais neamhbhaincéireachta araon a chumhdach má cheaptar iad le bheith ina n-uirlisí gníomhaíochtbhunaithe. Bheidís sin ina gcomhlánú ar an rialáil eintiteasbhunaithe atá ann cheana.

(21)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag aon ghníomhaíocht beartais macrastuamachta éifeachtaí comh-thimthriallacha ar an bhfíorgheilleagar agus ar chodanna eile den earnáil airgeadais a sheachaint,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

ROINN 1

MOLTAÍ

Moladh A – Feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an margadh RT

Moltar do na húdaráis ábhartha a bhfuil ról acu sa chobhsaíocht airgeadais:

1.

dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí reatha agus leochaileachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a bhaineann le réadmhaoin tráchtála (RT), inter alia tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

measúnú a dhéanamh ar chéim thimthriallach na margaí RT agus ar an ionchas dóibh, agus tionchar na ndálaí maoiniúcháin agus an t-ionchas maicreacnamaíoch ginearálta á gcur san áireamh;

measúnú a dhéanamh ar leochaileachtaí a bhaineann le RT i gcatagóirí nó stráicí éagsúla riosca (16), lena n-áirítear, mar shampla, faireachán ar na nithe seo a leanas:

(a)

rioscaí a bhaineann le praghsanna RT (stráice comhthaobhachta);

(b)

rioscaí a bhaineann leis na sreafaí ioncaim arna nginiúint le RT agus le gníomhaíocht infheistíochta san earnáil RT (stráice ioncaim agus gníomhaíochta);

(c)

rioscaí a eascraíonn as dálaí maoiniúcháin agus as foinsí maoiniúcháin RT, lena n-áirítear impleachtaí a ghabhann le hurrúsuithe RT, más ábhartha ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais de, (an stráice maoiniúcháin);

(d)

rioscaí a eascraíonn as an idirnascthacht idir an earnáil eacnamaíoch agus an earnáil airgeadais i ndáil le RT, agus as infheistíocht agus maoiniú trasteorann RT (an stráice seachtrachta);

an faireachán ar riosca sistéamach a chomhlánú le measúnú ar tháscairí tírshonracha, lena n-áirítear gnéithe struchtúracha.

2.

faireachán a dhéanamh ar rioscaí sna margaí RT faoi Mholadh A(1) ar bhonn rialta ach uair sa bhliain ar a laghad. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart minicíocht an fhaireacháin ar rioscaí a bhunú ar mhéid agus ar thábhacht choibhneasta na neamhchosaintí.

3.

dlúth-chomhordú agus dlúthchomhar a dhéanamh lena chéile agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) i dtaca le faireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí a bhaineann le RT agus an faireachán riosca faoi Mholadh A(1) á chomhlíonadh. Ba cheart a áireamh sa chomhordú agus sa chomhar sin malartú faisnéise a meastar gá a bheith leis chun faireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí a bhaineann le RT, go háirithe i gcomhthéacs iarmhairtí seachtrachta trastíre agus trasearnála. Ba cheart malartú faisnéise a dhéanamh ar bhonn lándíchill le tacaíocht ó BERS laistigh de chreataí dlíthiúla dlínsí éagsúla.

Moladh B – Cleachtais mhaoiniúcháin fhónta RT a áirithiú

Moltar, agus torthaí an fhaireacháin réamhbhreathnaithigh arna dhéanamh de bhun Mholadh A á gcur san áireamh, gur cheart do na húdaráis mhaoirseachta, laistigh dá sainorduithe faoi seach agus trí dhul ar iontaoibh na n-ionstraimí atá ar fáil, a áirithiú go mbeidh cleachtais stuama bainistithe riosca i bhfeidhm ag institiúidí airgeadais a thugann maoiniú do RT trí bhearta a bhféadfaí na nithe seo a leanas a áireamh iontu:

measúnuithe rialta ar cháilíocht na n-iasachtaí agus na n-infheistíochtaí RT atá ann cheana, go háirithe maidir le hacmhainneacht na n-iasachtaithe a bhfiachas a sheirbhísiú agus maidir le luachanna na comhthaobhachta;

caighdeáin iasachtúcháin stuama maidir le hiasachtaí nua atá le cur ar fáil;

cleachtais leordhóthanacha chúlchistiúcháin;

coigeartú réamhghníomhach rialta ar réamh-mheastacháin chaipitil i suíomhanna féideartha bonnlíne agus díobhálacha;

léiriú leordhóthanach ar na rioscaí a sainaithníodh;

aird a thabhairt ar threoraíocht agus ionchais na maoirseoirí.

Moladh C – Athléimneacht na n-institiúidí airgeadais a neartú

Ba cheart do na húdaráis ábhartha, laistigh dá sainorduithe faoi seach, agus torthaí an fhaireacháin réamhbhreathnaithigh arna dhéanamh de bhun Mholadh A agus na huirlisí atá ar fáil dóibh agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh á gcur san áireamh, a áirithiú go leantar d’aghaidh a thabhairt ar bhealach leordhóthanach ar na rioscaí agus ar na leochaileachtaí a bhaineann leis an earnáil RT. Faoi réir na rioscaí arna sainaithint a bheith ábhartha agus faoi réir na neamhchosaintí arna sainaithint a bheith ina bhfoinsí féideartha riosca don chobhsaíocht airgeadais, ba cheart do na húdaráis ábhartha tuilleadh gníomhaíocht mhacrastuamachta a dhéanamh de réir mar a mheastar a bheith indéanta, iomchuí agus éifeachtúil, agus ag an am céanna ag seachaint forluíonna idir uirlisí éagsúla macrastuamachta agus micreastuamachta lena ndírítear ar rioscaí comhchosúla a bhaineann le RT.

Chun na críche sin, moltar an méid seo a leanas:

1.

i gcás inar neamhchosaintí ábhartha iad neamhchosaintí a bhaineann le RT atá i seilbh institiúidí creidmheasa, go n-áiritheodh údaráis ainmnithe a bhfuil sé de chúram orthu bearta caipitealbhunaithe nó bearta macrastuamachta eile a ghníomhachtú athléimneacht na n-institiúidí creidmheasa atá údaraithe sna tíortha faoi seach de chuid LEE trí ghníomhachtú a dhéanamh ar bhearta iomchuí caipitealbhunaithe a mheastar a bheith riachtanach chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as an earnáil RT a mhaolú;

2.

i gcás inar neamhchosaintí ábhartha iad neamhchosaintí a bhaineann le RT atá i seilbh institiúidí creidmheasa, go gcuirfeadh na húdaráis mhaoirseachta chun cinn, laistigh dá sainorduithe faoi seach, athléimneacht na gcistí infheistíochta arna n-údarú sna tíortha faoi seach de chuid LEE agus go maolóidís leochaileachtaí san earnáil RT mar fhoinse riosca don chobhsaíocht airgeadais trí bhreithniú a dhéanamh ar bhearta a bhféadfaí na bearta seo a leanas a áireamh orthu:

measúnú ar na rioscaí a eascraíonn as neamhréir leachtachta in earnáil na gcistí infheistíochta i ndáil le hinfheistíocht mhargaidh agus iasachtú RT; a cheangal, i gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh fáil orthu, go n-úsáidtear uirlisí bainistithe leachtachta iomchuí chun bainistiú fónta leachtachta a áirithiú chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus chun ailíniú struchtúrach idir téarmaí fuascailte cistí agus leachtacht na sócmhainní foluiteacha a áirithiú;

measúnú ar na rioscaí a eascraíonn as giaráil in earnáil na gcistí infheistíochta i ndáil le hinfheistíocht agus iasachtú RT, go háirithe trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as teorainneacha giarála le haghaidh cistí infheistíochta a infheistíonn i margaí RT i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2011/61/AE;

3.

i gcás inar neamhchosaintí ábhartha iad neamhchosaintí a bhaineann le RT atá ina seilbh ag gnóthais árachais ábhartha, go n-áiritheodh údaráis mhaoirseachta, laistigh dá sainorduithe faoi seach, athléimneacht na ngnóthas árachais atá údaraithe sna tíortha faoi seach de chuid LEE agus go maolóidís leochaileachtaí san earnáil RT mar fhoinse riosca don chobhsaíocht airgeadais trí bhreithniú a dhéanamh ar bhearta a bhféadfaí na bearta seo a leanas a áireamh orthu:

measúnú ar an gcaoi a dtugann gnóthais árachais cuntas ar rioscaí RT, i dtéarmaí ceanglais chaipitil, rialacha infheistíochta agus bainistiú riosca, agus iad ag infheistiú in RT trí bhíthin cistí infheistíochta;

measúnú ar an modh a ndéantar comhthaobhacht le haghaidh infheistíochtaí RT a mheas, go háirithe agus ceanglais chaipitil sócmhainneachta á ríomh;

measúnú ar a mhéid a léirítear le neamhchosaintí RT i bhfoirm cothromais nó fiachais, lena n-áirítear trí bhíthin struchtúir dhoiléire mhaoiniúcháin, fíor-neamhchosaintí RT na ngnóthas árachais;

4.

i gcás inar neamhchosaintí ábhartha iad neamhchosaintí a bhaineann le RT atá i seilbh cistí pinsin, go n-áiritheodh údaráis mhaoirseachta, laistigh dá sainorduithe faoi seach, athléimneacht na gcistí pinsin atá údaraithe sna tíortha faoi seach de chuid LEE agus go maolóidís leochaileachtaí san earnáil RT mar fhoinse riosca don chobhsaíocht airgeadais;

5.

go mbreithneodh údaráis ábhartha ar an leibhéal náisiúnta faoi seach a iomchuí atá na bearta iasachtaí-bhunaithe, ar choinníoll go bhfuil na hionstraimí sin ar fáil ar an leibhéal náisiúnta faoi seach, má mheastar gá a bheith leo agus iad a bheith indéanta chun bearta eile a chomhlánú chun athléimneacht na n-institiúidí airgeadais a áirithiú agus chun cleachtais fhónta iasachtúcháin a áirithiú.

Moladh D – Uirlisí gníomhaíochtbhunaithe a fhorbairt le haghaidh RT san Aontas

Moltar go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach measúnú ar an gcreat macrastuamachta atá san Aontas Eorpach faoi láthair agus go n-áiritheodh sé go ndéantar rialacha comhsheasmhacha a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí ar RT sna hinstitiúidí airgeadais go léir nuair a dhéanann siad na gníomhaíochtaí céanna, agus a sainiúlachtaí agus a bpróifílí sonracha riosca á gcur san áireamh. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún, inter alia, má mheastar gur gá sin, bunaithe ar a mheasúnú, reachtaíocht de chuid an Aontais a mholadh lena gcomhlánaítear na huirlisí macrastuamachta eintiteas-sonracha atá ann cheana le huirlisí macrastuamachta gníomhaíochtbhunaithe chun cabhrú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar leochaileachtaí RT agus chun arbatráiste rialála agus aistriú rioscaí idir an earnáil baincéireachta agus an earnáil neamhbhaincéireachta a sheachaint.

ROINN 2

CUR CHUN FEIDHME

1.   Sainmhínithe

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “réadmhaoin tráchtála (RT)” réadmhaoin tráchtála mar a shainmhínítear i Roinn 2(1)(1), pointe (4) de Mholadh BERS/2016/14;

(b)

ciallaíonn “údaráis ábhartha”:

(i)

údaráis mhaoirseachta;

(ii)

údaráis náisiúnta mhacrastuamachta;

(iii)

údaráis ainmnithe;

(c)

ciallaíonn “údaráis ábhartha a bhfuil ról acu sa chobhsaíocht airgeadais” údaráis ábhartha a bhfuil sainordú acu rannchuidiú le rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i dtír de chuid LEE a chosc nó a mhaolú;

(d)

ciallaíonn “údarás maoirseachta”:

(i)

BCE maidir leis na cúraimí a thugtar dó i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (17);

(ii)

na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;

(iii)

na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta le haghaidh institiúidí creidmheasa;

(iv)

an t-údarás maoirseachta náisiúnta le haghaidh bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe;

(v)

na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta le haghaidh gnóthais árachais;

(vi)

na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta le haghaidh cistí pinsin;

(e)

ciallaíonn “Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha” an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), mar aon leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(f)

ciallaíonn “údarás maoirseachta náisiúnta le haghaidh institiúidí creidmheasa” údarás inniúil nó maoirseachta i dtír LEE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 3(1), pointe (36) de Threoir 2013/36/AE;

(g)

ciallaíonn “údarás maoirseachta náisiúnta le haghaidh bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe” údarás inniúil i dtír LEE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (f) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 2(1), pointe (h) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(h)

ciallaíonn “údaráis mhaoirseachta náisiúnta le haghaidh gnóthais árachais” údarás maoirseachta i dtír de chuid LEE mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10) de Threoir 2009/138/CE;

(i)

ciallaíonn “údaráis mhaoirseachta náisiúnta le haghaidh cistí pinsin” údarás inniúil i dtír de chuid LEE mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8) de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(j)

ciallaíonn “údarás náisiúnta macrastuamachta” údarás náisiúnta lena ngabhann na cuspóirí, na socruithe, na cúraimí, na cumhachtaí, na huirlisí, na ceanglais chuntasachta agus na saintréithe eile a leagtar amach i Moladh BERS/2011/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (23);

(k)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” údarás ainmnithe i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE, agus i gcomhréir le hAirteagal 124(1d), le hAirteagal 164(5) agus le hAirteagal 458(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(l)

ciallaíonn “faisnéis mhargaidh” foinse faisnéise chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha agus áirítear leis faisnéis a fhaightear ó chruinnithe le teagmhálaithe margaidh agus ó anailís rialta ar thuarascálacha ó anailísithe margaidh;

(m)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(n)

ciallaíonn “ciste infheistíochta” ciste infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a) de Threoir 2011/61/AE agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;

(o)

ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1) agus gnóthais athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4) de Threoir 2009/138/CE;

(p)

ciallaíonn “ciste pinsin” socrú scéimeanna pinsin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1) de Threoir (AE) 2016/2341;

(q)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúidí creidmheasa, cistí infheistíochta, gnóthais árachais agus cistí pinsin;

(r)

ciallaíonn “giaráil” aon mhodh trína méadaíonn infheisteoir a neamhchosaint de bhreis ar shócmhainní an chiste, cibé acu trí airgead tirim nó urrúis a fháil ar iasacht nó trí ghiaráil atá leabaithe i suíomhanna díorthach nó ar aon bhealach eile;

(s)

ciallaíonn “bearta caipitealbhunaithe” aon cheanglais cistí dílse arna bhforchur ar institiúid creidmheasa chun riosca sistéamach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 a chosc agus/nó a mhaolú, lena n-áirítear, faoi Airteagail 124, 164 nó 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoi Chaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE, amhail an caipiteal maolánach frith-thimthriallach nó an maolán um riosca sistéamach earnálach;

(t)

ciallaíonn “bearta macrastuamachta eile” aon bheart macrastuamachta seachas bearta caipitealbhunaithe agus atá ar fáil do thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) trí dhlí náisiúnta nó trí dhlí an Aontais agus féadfaidh bearta nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí amhail rabhaidh agus moltaí a bheith ar áireamh ann freisin;

(u)

ciallaíonn “uirlisí gníomhaíochtbhunaithe” creat macrastuamachta tiomnaithe lena n-áirítear rialacha comhsheasmhacha sna hinstitiúidí airgeadais go léir nuair a dhéanann siad na gníomhaíochtaí céanna, agus a bpróifílí riosca sonracha á gcur san áireamh;

(v)

ciallaíonn “bearta iasachtaí-bhunaithe” bearta macrastuamachta lena ndírítear ar iasachtaithe;

(w)

ciallaíonn “iasachtaí urraithe” urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) a bhfuil iasachtaí RT aige mar shócmhainní foluiteacha.

(x)

ciallaíonn “iasachtaí urchair” iasachtaí neamh-amúchta i gcás ina bhfuil an phríomhshuim, lena n-áirítear an t-ús i gcásanna áirithe, dlite tráth na haibíochta.

2.   Critéir maidir le cur chun feidhme

1.

Baineann na critéir seo a leanas le cur chun feidhme an Mholta seo:

(a)

ba cheart aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, agus cuspóir agus ábhar Mholadh A, Mholadh B, Mholadh C agus Moladh D á gcur san áireamh, go háirithe, maidir le haon ghníomhaíochtaí molta a chur chun feidhme mar fhreagairt ar na rioscaí a ndéantar faireachán orthu faoi Mholadh A;

(b)

ba cheart arbatráiste rialála a sheachaint;

(c)

agus faireachán á dhéanamh ar mhaoiniú RT faoi Mholadh A, ba cheart do na húdaráis ábhartha idirdhealú a dhéanamh ar shreafaí agus stoic iasachtaí RT agus ar mhaoiniú;

(d)

agus cleachtais fhónta mhaoiniúcháin á n-áirithiú faoi Mholadh B, ba cheart do na húdaráis ábhartha idirdhealú a dhéanamh ar shreafaí agus stoic iasachtaí RT agus ar mhaoiniú;

(e)

agus bearta caipitealbhunaithe nó ionstraimí macrastuamachta eile faoi Mholadh C á ngníomhachtú, ba cheart go gcuirfí san áireamh ina gcalabrú agus ina gcéimniú isteach an riocht ina bhfuil an tír faoi seach de chuid LEE sna timthriallta eacnamaíocha agus airgeadais, agus aon impleachtaí féideartha maidir leis na costais agus na tairbhí gaolmhara;

(f)

leagtar amach san Iarscríbhinn critéir shonracha maidir le comhlíonadh an Mholta seo.

2.

Iarrtar ar na seolaithe tuarascáil a thabhairt don Chomhairle agus do BERS maidir leis na measúnuithe agus na conclúidí ar thángthas orthu ón bhfaireachán faoi Mholadh A agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an Moladh seo, nó réasúnú leordhóthanach a thabhairt i ndáil le haon easpa gníomhaíochta. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha:

(a)

faisnéis faoi shubstaint agus amlíne na mbeart a rinneadh;

(b)

réasúnú mionsonraithe i ndáil le haon easpa gnímh nó imeacht ón Moladh seo, lena n-áirítear aon mhoill.

3.   Amlíne don obair leantach

I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, ní mór do na seolaithe na gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhreagairt ar an Moladh seo a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS nó ní mór dóibh bunús a thabhairt le haon easpa gníomhaíochta. Iarrtar ar na seolaithe an chumarsáid sin a thíolacadh i gcomhréir leis na hamlínte seo a leanas:

1.   Moladh A – Feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an margadh RT

Faoin 31 Márta 2024 agus faoin 31 Márta 2026, iarrtar ar sheolaithe Mholadh A tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus BERS maidir le haon ghníomhaíochtaí a rinneadh, aon mheasúnuithe a rinneadh agus aon chonclúidí ar thángthas orthu maidir le Moladh A. I gcás ina bhfuil breis agus údarás ábhartha amháin ann in aghaidh na tíre de chuid LEE atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh chun Moladh A a chomhlíonadh, ba cheart tuarascáil chomhpháirteach amháin in aghaidh na tíre de chuid LEE a thíolacadh.

2.   Moladh B – Cleachtais mhaoiniúcháin fhónta RT a áirithiú

Faoin 31 Márta 2026, iarrtar ar sheolaithe Mholadh B tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus BERS maidir le haon ghníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil le Moladh B. I gcás ina bhfuil breis agus comhlacht amháin in aghaidh na tíre LEE atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh chun Moladh B a chomhlíonadh, ba cheart tuarascáil chomhpháirteach amháin in aghaidh na tíre de chuid LEE a thíolacadh.

3.   Moladh C — Athléimneacht na n-institiúidí airgeadais a neartú

Faoin 31 Márta 2026, iarrtar ar sheolaithe Mholadh C tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus BERS maidir le haon ghníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil le Moladh C. I gcás ina bhfuil breis agus comhlacht amháin in aghaidh na tíre de chuid LEE atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh chun Moladh C a chomhlíonadh, ba cheart tuarascáil chomhpháirteach amháin in aghaidh na tíre de chuid LEE a thíolacadh.

4.   Moladh D – Uirlisí gníomhaíochtbhunaithe a fhorbairt le haghaidh RT san Aontas

Faoin 31 Nollaig 2026, iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus BERS maidir le haon ghníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil le Moladh D.

4.   Faireachán agus measúnú

1.

Déanfaidh Rúnaíocht BERS an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh a thabhairt do na seolaithe, ag áirithiú go gcomhordaítear an tuairisciú agus go soláthraítear na teimpléid ábhartha, agus ag mionsonrú, i gcás inar gá, an nós imeachta agus na hamlíne le haghaidh na mbeart leantach;

(b)

obair leantach na seolaithe a fhíorú, cúnamh a thabhairt arna iarraidh sin dóibh, agus tuarascálacha leantacha a chur faoi bhráid an Bhoird Ghinearálta.

2.

Déanfaidh an Bord Ginearálta measúnú ar na gníomhaíochtaí agus ar na réasúnuithe arna gcur i gcumarsáid ag na seolaithe agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh nár leanadh an Moladh seo agus gur mhainnigh seolaí réasúnú leormhaith a thabhairt i ndáil lena easpa gníomhaíochta.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 1 Nollaig 2022.

Ceann Rúnaíocht BERS,

Ar son Bhord Ginearálta BERS

Francesco MAZZAFERRO


(1)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(2)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.

(3)  IO C 58, 24.2.2011, lch. 4.

(4)  Moladh BERS/2016/14 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 31 Deireadh Fómhair 2016 maidir le heasnaimh i sonraí réadmhaoine a dhúnadh (IO C 31, 31.1.2017, lch. 1). Leasaíodh Moladh BERS/2016/14 le Moladh BERS/2019/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 21 Márta 2019 lena leasaítear Moladh BERS/2016/14 maidir le bearnaí sonraí réadmhaoine a dhúnadh (IO C 271, 13.8.2019, lch. 1).

(5)  Féach an Tuarascáil ar réadmhaoin tráchtála agus an chobhsaíocht airgeadais san Aontas, BERS, Nollaig 2015; féach Tuarascáil ar leochaileachtaí in earnáil réadmhaoine tráchtála an Aontais BERS, Samhain 2018. Tá an dá thuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin BERS ag www.esrb.europa.eu.

(6)  Féach Modheolaíochtaí chun leochaileachtaí réadmhaoine agus beartais mhacrastuamachta a mheasúnú: réadmhaoin tráchtála, BERS, Nollaig 2019, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BERS ag www.esrb.europa.eu.

(7)  Féach Leochaileachtaí in earnáil réadmhaoine tráchtála LEE, BERS, Nollaig 2022, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BERS ag www.esrb.europa.eu.

(8)  Rabhadh BERS/2022/7 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 22 Meán Fómhair 2022 maidir le leochaileachtaí i gcóras airgeadais an Aontais (IO C 423, 7.11.2022, lch. 1).

(9)  Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil gurb amhlaidh, go ginearálta, nach ndearna institiúidí creidmheasa anailís íogaireachta leordhóthanach ar neamhchosaintí RT, go háirithe chun tomhas a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú ar rátaí úis agus ar chostais eile arna dtiomáint ag boilsciú níos airde. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh acmhainneacht seirbhísiúcháin fiachais roinnt iasachtaithe chomh láidir agus a mheas institiúidí creidmheasa ar dtús. Féach Nuachtlitir Mhaoirseachta BCE, Réadmhaoin tráchtála: ag nascadh na bponcanna, 17 Lúnasa 2022, le fáil ar shuíomh gréasáin um Maoirseacht Baincéireachta BCE ag www.bankingsupervision.europea.eu.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)

(11)  Moladh BERS/2016/14 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 31 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearnaí i sonraí eastát réadach a dhúnadh (IO C 31, 31.1.2017, lch. 1).

(12)  Sa chomhthéacs sin, spreag Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin an Córas Staidrimh Eorpach agus an Córas Eorpach Banc Ceannais chun táscairí réadmhaoine tráchtála a fheabhsú; féach preaseisiúint ón gComhairle an 8 Samhain 2022, “Conclúidí maidir le staidreamh arna nglacadh ag an gComhairle”, atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag www.consilium.europa.eu.

(13)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó Árachais agus Athárachais (Sócmhainneacht II) agus é a shaothrú (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1); Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(14)  Moladh BERS/2020/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 6 Bealtaine 2020 maidir le leachtacht agus rioscaí giarála i gcistí infheistíochta (IO C 200, 15.6.2020, lch. 1).

(15)  Moladh BERS/2017/6 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 7 Nollaig 2017 maidir le leachtacht agus rioscaí giarála i gcistí infheistíochta (IO C 151, 30.4.2018, lch. 1).

(16)  Féach “BERS Modheolaíochtaí chun leochaileachtaí réadmhaoine agus beartais mhacrastuamachta a mheasúnú: réadmhaoin tráchtála”, Nollaig 2019, le fáil ar shuíomh gréasáin BERS ag www.esrb.europa.eu.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Infheistiú agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(21)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(22)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) agus maidir le maoirseacht ar na hinstitiúidí sin (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(23)  Moladh BERS/2011/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n-údarás náisiúnta (OJ C 41, 14.2.2012, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).


IARSCRÍBHINN

SONRÚ NA gCRITÉAR COMHLÍONTACHTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN MOLADH

Moladh A – Feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an margadh RT

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh A.

1.

Ba cheart an faireachán riosca a dhéanamh ar bhonn lándíchill. Aon uair is féidir agus a léirítear ó thaobh riosca de, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú ar leithligh a dhéanamh ar na leochaileachtaí i ndáil leis na fo-earnálacha nó na deighleoga éagsúla (go háirithe i gcás fho-earnálacha nó dheighleoga na hoifige, na tionsclaíochta agus na lóistíochta, an mhiondíola agus an chónaithe) agus i gcás na ndeighleog (príomha agus neamhphríomha). Féadfaidh údaráis ábhartha fo-earnáil nó deighleog amháin nó níos mó a dhíolmhú mura bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil rioscaí suntasacha á nglacadh ag a hinstitiúidí airgeadais agus iad ag infheistiú sna hearnálacha nó sna deighleoga sin.

2.

Chun faireachán a dhéanamh ar riosca sistéamach, ba cheart do na húdaráis ábhartha úsáid a bhaint as táscairí a shainítear i Moladh BERS/2016/14 mar threoraíocht nó sainmhínithe agus méadrachtaí arna mbunú ag na húdaráis ábhartha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear faisnéis ó fhaisnéis mhargaidh, i gcás ina meastar go bhfreastalaítear leis na sainmhínithe, leis na méadrachtaí agus leis an bhfaisnéis sin ar bhealach níos fearr ar fhaireachán rioscaí sistéamacha a eascraíonn as réadmhaoin tráchtála (RT), agus na sainiúlachtaí a bhaineann le ceanglais náisiúnta á gcur san áireamh. D’fhéadfaí faisnéis mhargaidh agus foinsí eile faisnéise boige a úsáid mar mhalairt ar tháscairí agus ar shonraí crua i gcásanna nach bhfuil siad sin ar fáil. Féadfaidh na táscairí riosca agus an cur chuige i leith an mheasúnaithe riosca, a mholtar sa tuarascáil ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) maidir le measúnú ar leochaileachtaí san earnáil RT (1), a bheith ina dtreoraíocht do na húdaráis ábhartha.

3.

Maidir leis an stráice comhthaobhachta agus leis an stráice ioncaim agus gníomhaíochta, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí i bpraghsanna agus sreafaí ioncaim RT arna nginiúint ag na haonaid mhaoine i gcomhthéacs forbairtí agus athruithe timthriallacha chomh maith le forbairtí agus athruithe struchtúracha.

4.

Maidir leis an stráice maoiniúcháin agus gníomhaíochta, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh ar leachtacht agus athléimneacht institiúidí airgeadais a bhfuil neamhchosaintí ar RT acu i bhfianaise go bhféadfadh rioscaí RT teacht i gcrích (agus torthaí an fhaireacháin ar an stráice comhthaobhachta agus ar an stráice ioncaim agus gníomhaíochta á gcur san áireamh freisin). I ndáil le soláthraithe creidmheasa RT, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh ar shaintréithe na bpunann iasachtaí RT atá ann cheana, agus ar chaighdeáin iasachtúcháin na n-iasachtaí RT nuasholáthartha. Maidir le hinfheistíocht in RT, ba cheart do na húdaráis ábhartha anailís a dhéanamh ar an mbonn infheisteoirí, ar ghiaráil na hinfheistíochta agus ar dhoimhneacht an mhargaidh a mhéid atá sonraí ar fáil.

5.

I ndáil leis an stráice seachtrachta, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh ar a thábhachtaí atá RT don fhíorgheilleagar agus don chóras airgeadais, lena n-áirítear na héifeachtaí a bheadh ag cor chun donais féideartha sa mhargadh RT ar an bhfíorgheilleagar (agus éifeachtaí dara babhta aige sin ar an gcóras airgeadais), idirnascthacht idir institiúidí airgeadais agus idirnaisc idir tíortha.

6.

D’fhonn faireachán a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an margadh RT in earnáil na gcistí infheistíochta, ba cheart do na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas a dhéanamh go sonrach:

(a)

cistí infheistíochta ina ndlínse féin a bhfuil neamhchosaintí an-mhór acu ar mhargaí RT a shainaithint;

(b)

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a staid ullmhachta faoi láthair ó thaobh méadú gan choinne ar fhuascailtí agus/nó méadú ar neamhchinnteacht luachála;

(c)

léargas a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh na cistí infheistíochta sin freagairt do shuaití díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sa ghearrthéarma, lena n-áirítear cé na huirlisí bainistithe leachtachta a gníomhachtaíodh agus an chaoi ar úsáideadh iad chomh maith le méid na n-iarrataí fuascailte agus an chaoi ar fhreagair na cistí infheistíochta a sainaithníodh do na hiarrataí sin.

7.

Go sonrach, agus d’fhonn faireachán a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an margadh RT san earnáil árachais, ba cheart do na húdaráis ábhartha na gnóthais árachais ina ndlínse faoi seach a bhfuil neamhchosaintí móra acu ar na margaí RT a shainaithint.

8.

Go sonrach, agus d’fhonn faireachán a dhéanamh ar na himpleachtaí a ghabhann le hurrúsú le haghaidh na cobhsaíochta airgeadais, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú cúramach a dhéanamh ar cibé acu an cuid thábhachtach den iasachtú RT é an t-urrúsú, lena n-áirítear cáilíocht na n-iasachtaí urrúsaithe (lena léirítear an t-iasachtaí agus na sócmhainní atá ina gcomhthaobhacht ar an iasacht araon) agus na comhchruinnithe infheisteoirí agus iasachtaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar a n-idirnascacht.

9.

Ba cheart do na húdaráis ábhartha malartú faisnéise a éascú trí bhíthin socruithe laistigh de raon feidhme an chórais rúndachta dlíthiúla is infheidhme.

10.

Ba cheart do na húdaráis ábhartha a áirithiú go mbunófar le haon socruithe deonacha, amhail meabhráin tuisceana, inter alia, prionsabal ginearálta maidir le malartú frithpháirteach faisnéise i gcomhréir leis na prionsabail maidir an comhar idir na húdaráis ábhartha.

Moladh B – Cleachtais mhaoiniúcháin fhónta RT a áirithiú

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh B.

1.

Tá gá le dlúthfhaireachán ar cháilíocht chreidmheasa na bpunann RT agus le cúlchistiú leordhóthanach le haghaidh catagóirí iasachtaí a d’fhéadfadh teacht chun bheith neamhthuillmheach i gcás ina dtarlaíonn forbairtí díobhálacha eacnamaíocha agus airgeadais.

2.

Agus cleachtais fhónta mhaoiniúcháin á n-áirithiú acu, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta torthaí an mheasúnaithe riosca réamhbhreathnaithigh de bhun Mholadh A a chur san áireamh, agus idirdhealú á dhéanamh acu, i gcás inarb ábhartha, ar fho-earnálacha agus deighleoga aonair RT:

(a)

maidir leis na hiasachtaí atá ann cheana, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe creidmheasa an méid seo a leanas:

athmheasúnú a dhéanamh ar an ioncam ionchasach arna ghiniúint ag maoin RT (más í an fhoinse ioncaim í chun an iasacht a sheirbhísiú) nó an t-ioncam ionchasach arna ghiniúint ag gníomhaíocht ghnó an iasachtaí; san athmheasúnú sin ba cheart breithniú a dhéanamh ar na forbairtí a bhfuiltear ag dréim leo i gcíosanna agus i rátaí folúntais, costais foirgníochta agus brabús ó dhíol réadmhaoine, nó feidhmíocht earnálacha gnó de réir mar is ábhartha;

athmheasúnú a dhéanamh ar acmhainneacht na n-iasachtaithe a bhfiachas a sheirbhísiú agus torthaí 1. á gcur san áireamh, chomh maith le costais mheasta an mhaoiniúcháin agus próifíl amúchta na n-iasachtaí;

athluacháil a dhéanamh ar na haonaid mhaoine RT atá ina gcomhthaobhacht do na hiasachtaí atá ann cheana, agus forbairt ionchasach phraghsanna an mhargaidh á cur san áireamh.

(b)

maidir leis na hiasachtaí nua, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go ndeonaíonn soláthraithe creidmheasa iasachtaí nua lena ngabhann caighdeáin fhónta iasachtúcháin.

3.

Ba cheart torthaí an athmheasúnaithe ar acmhainneacht mheasta na n-iasachtaithe a bhfiachas a sheirbhísiú agus ar luachanna comhthaobhachta a chur san áireamh sa chúlchistiú.

Moladh C – Athléimneacht na n-institiúidí airgeadais a neartú

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh C(1).

1.

I gcás ina bhfuil údar ann, de bharr rioscaí a bhaineann leis an margadh RT arna sainaithint sa tír faoi seach de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), le bearta caipitealbhunaithe a ghníomhachtú, ba cheart do na húdaráis ainmnithe féachaint le hathléimneacht na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú i bhfianaise teacht i gcrích féideartha riosca shistéamaigh a bhaineann le RT a bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheadh air caillteanais dhíreacha agus indíreacha chreidmheasa a eascraíonn as iasachtaí RT agus as infheistíochtaí RT nó a thagann chun cinn de bharr cor chun donais eacnamaíoch.

2.

Le gníomhaíocht iomchuí bheartais, ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhinimicí a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó fho-earnálacha agus ó dheighleoga go chéile. Ba cheart bearta ualúcháin riosca a shainítear le haghaidh neamhchosaintí RT, nó ráta maolánach um priacal sistéamach earnálach níos airde (SyRB) a bhreithniú mar bhearta macrastuamachta spriocdhírithe i gcás ina dtarlaíonn leochaileachtaí san earnáil RT go háirithe. Bheadh ráta maolánach frith-thimthriallach níos airde (CCyB) nó ráta ginearálta SyRB oiriúnach dá dtiocfadh rioscaí leathana timthriallacha nó struchtúracha i gcrích mar aon le rioscaí a bhaineann le RT.

3.

Sula ndéanfar bearta caipitealbhunaithe a ghníomhachtú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar sheasamh na tíre faoi seach de chuid LEE sna timthriallta eacnamaíocha agus airgeadais lena chinneadh an mbeadh gníomhachtú na mbeart sin gá de dhíth, iomchuí agus éifeachtach.

4.

Tar éis na bearta caipitealbhunaithe a ghníomhachtú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá lena ndéanamh níos doichte nó le bearta macrastuamachta breise a ghníomhachtú chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a sainaithníodh sa tír faoi seach de chuid LEE. Beidh sé sin ag brath ar na bearta caipitealbhunaithe arna roghnú, ar chalabrú tosaigh na mbeart sin arna ngníomhachtú agus ar thorthaí an mheasúnaithe ar leochaileachtaí.

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh C(2).

1.

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go ndéantar téarmaí fuascailte na gcistí infheistíochta atá neamhchosanta ar an earnáil RT a dhearadh agus cineál neamhleachtach na sócmhainní RT á chur san áireamh agus ba cheart dóibh, i gcás inarb iomchuí, treoraíocht bhreise a chur ar fáil.

2.

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta aghaidh a thabhairt ar shrianta, lena n-áirítear srianta a bhaineann le hinfhaighteacht agus cáilíocht sonraí, lena bhféadfaí bac a chur ar mheasúnú ar riosca a eascraíonn as neamhréir leachtachta agus as giaráil in earnáil na gcistí infheistíochta i ndáil le hinfheistíochtaí margaidh agus iasachtú RT.

3.

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí:

(a)

úsáid thráthúil na n-uirlisí iomchuí bainistithe leachtachta ag bainisteoirí cistí infheistíochta a éascú;

(b)

a gcumhacht a fheidhmiú go tráthúil chun athcheannach nó fuascailt aonad ciste infheistíochta a chur ar fionraí nó uirlisí bainistithe leachtachta iomchuí eile a úsáid.

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh C(3).

1.

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta athléimneacht na ngnóthas árachais a áirithiú i bhfianaise rioscaí sistéamacha a bhaineann le RT a d’fhéadfadh teacht i gcrích, rud a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le caillteanais dhíreacha agus indíreacha a eascraíonn as iasachtaí RT agus as infheistíocht RT nó a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chor chun donais eacnamaíoch.

2.

Le gníomhaíocht iomchuí bheartais, ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhinimicí a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó fho-earnálacha agus ó dheighleoga go chéile.

3.

Sula ndéanfar aon ghníomhaíocht faoi Mholadh C(3) a chur chun feidhme, ba cheart measúnú a dhéanamh ar sheasamh thír LEE faoi seach sna timthriallta eacnamaíocha agus airgeadais chun a chinneadh an mbeadh gá, iomchuí agus éifeachtach le bearta den sórt sin a ghníomhachtú.

Tá na critéir chomhlíontachta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh C(5).

1.

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta breithniú a dhéanamh ar bhearta iasachtaí-bhunaithe (BInna) chun carnadh breise leochaileachtaí san earnáil RT a sheachaint trí iasachtaí nua a sholáthar.

2.

Sula ngníomhachtaítear BInna, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil an tír faoi seach de chuid LLE na timthriallta eacnamaíocha agus airgeadais chun calabrú agus céimniú isteach iomchuí na mbeart sin a chinneadh.

3.

Tar éis BInna a ghníomhachtú, d’fhéadfadh sé gur ghá iad a dhéanamh níos doichte nó go mbeadh gá le bearta macrastuamachta breise chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a sainaithníodh sa tír faoi seach de chuid LEE. Beidh sé sin ag brath ar rogha BInna a ghníomhachtófar, ar a gcalabrú tosaigh agus ar thorthaí an mheasúnaithe ar leochaileachtaí.

Moladh D – Uirlisí gníomhaíochtbhunaithe a fhorbairt le haghaidh RT san Aontas Eorpach

Tá na critéir chomhlíonta seo a leanas infheidhme maidir le Moladh D.

1.

Agus measúnú á dhéanamh ar an gcreat macrastuamachta atá ann faoi láthair, ba cheart don Choimisiún Eorpach plé a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha ar an gcothroime iomaíochta i measc na n-institiúidí airgeadais go léir maidir le maoiniú RT, d’fhonn arbatráiste rialála a d’fhéadfadh a bheith ann a chúngú, rud a d’fhéadfadh rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a chruthú.

2.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh ar anailísí atá ann cheana (nó a bheidh ann amach anseo) ar oiriúnacht BInna le haghaidh iasachtaí RT agus, ar choinníoll go dtugann torthaí na hanailíse oiriúnacht ghinearálta BInna le haghaidh na n-iasachtaí RT sin i gcrích, ba cheart dó BInna le haghaidh iasachtaí RT a mholadh mar uirlisí gníomhaíochtbhunaithe.


(1)  Féach Modheolaíochtaí chun leochaileachtaí réadmhaoine agus beartais mhacrastuamachta a mheasúnú: réadmhaoin tráchtála, BERS, Nollaig 2019, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BERS ag www.esrb.europa.eu.


Top