Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2896

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2896 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe le haghaidh faisnéis a bhaineann le comhar táirgeoirí

    C/2023/6654

    IO L, 2023/2896, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2896/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2896/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2896

    22.12.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2896 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Deireadh Fómhair 2023

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe le haghaidh faisnéis a bhaineann le comhar táirgeoirí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 173(1), pointe (i), agus Airteagal 223(2), pointe (a), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

    (2)

    Le hAirteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialacha eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a leathnú chun oibreoirí eile atá ag gníomhú sa limistéar eacnamaíoch céanna nó sna limistéir eacnamaíocha chéanna nach cuid den eagraíocht ná den chomhlachas iad a chumhdach. Déantar foráil san Airteagal sin maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon chinneadh a dhéantar i ndáil le leathnuithe den sórt sin gan módúlachtaí ná amlínte breise a shonrú ina leith sin.

    (3)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha lena soiléirítear, i measc nithe eile, raon feidhme agus amlínte na bhfógraí a thugann na Ballstáit don Choimisiún faoi ghnéithe éagsúla a bhaineann le comhar táirgeoirí, lena n-áirítear na gnéithe sin a bhaineann le heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart cinntí na mBallstát maidir le leathnú rialacha a liostú i measc na sonraí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu uair sa bhliain de bhun Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232. Tá an simpliú sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ (3).

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232, cuirtear an mhír 2a seo a leanas leis:

    ‘2a.   Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis seo a leanas, ar faisnéis í a bhaineann leis na cinntí maidir le leathnú rialacha a rinneadh le linn na bliana roimhe sin de bhun Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013: teideal gach cinnidh, an earnáil lena mbaineann, dáta glactha an chinnidh, tréimhse chur i bhfeidhm an leathnaithe, tagairtí an fhoilseacháin oifigiúil agus, i gcás inarb infheidhme, aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainní (URL) an chinnidh.’

    .

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe de chomhar táirgeoirí (IO L 44, 19.2.2016, lch. 1).

    (3)  COM(2023) 168 final.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2896/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top