EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2738

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2738 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil

C/2023/6424

IO L, 2023/2738, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2738/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2738/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2738

11.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2738 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’), leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 go mbeidh feidhm ag na treoirlínte sin san Aontas, agus tá téacs an tSocraithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Chomhaontaigh na Rannpháirtithe sa Socrú roinnt athruithe fadréimseacha ar an Socrú, lena n-áirítear a Thuiscintí Earnála, mar thoradh ar an nuachóiriú ar an Socrú a tugadh i gcrích i mí Iúil 2023. Dá bhrí sin, tá difríocht mhór idir an leagan nua comhaontaithe den Socrú agus an leagan den Socrú is infheidhme faoi láthair atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

(3)

Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar an Socrú agus ar na Tuiscintí Earnála éagsúla a ghlac na Rannpháirtithe i mí Iúil 2023: leasuithe ar théarmaí agus coinníollacha airgeadais an tSocraithe, lena n-áirítear go háirithe síneadh a chur le téarmaí uasta aisíocaíochta d’idirbhearta atá neamhdhíobhálach don aeráid agus d’idirbhearta glasa, chomh maith le formhór na dtionscadal eile, íosrátaí préimhe a laghdú i gcás tréimhsí aisíocaíochta níos faide, agus solúbthachtaí breise a thabhairt isteach maidir le sceideal na n-aisíocaíochtaí le linn shaolré an phacáiste airgeadais. Thairis sin, raon feidhme na dtionscadal glas nó atá neamhdhíobhálach don aeráid atá incháilithe le haghaidh na téarmaí aisíocaíochta níos faide, leathnaíodh é faoin Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, ar cuid den Socrú í, chun tionscadail a bhaineann le táirgeadh fuinnimh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur san áireamh; Gabháil, stóráil agus iompar CO2; tarchur, dáileadh agus stóráil fuinnimh; hidrigin ghlan agus amóinia glan; monarú astaíochtaí ísle; iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle; agus mianraí agus mianta fuinnimh ghlain.

(4)

An 15 Iúil 2023, d’fhoilsigh ECFE leagan nuashonraithe den Socrú a chuimsíonn na leasuithe uile a ghlac a rannpháirtithe i mí Iúil 2023. Is iomchuí agus is gá na leasuithe sin a ionchorprú i reachtaíocht an Aontais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 326, 8.12.2011, lch. 45.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

CLÁR NA N-ÁBHAR

CAIBIDIL I:

FORÁLACHA GINEARÁLTA 7

1.

CUSPÓIR 7

2.

STÁDAS 7

3.

RANNPHÁIRTÍOCHT 7

4.

FAISNÉIS ATÁ AR FÁIL DO NEAMH-RANNPHÁIRTITHE 7

5.

RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM 7

6.

TOIRMISC AR THACAÍOCHT DON SOCRÚ 8

7.

TUISCINTÍ EARNÁLA 8

8.

TARRAINGT SIAR 8

9.

FAIREACHÁN 9

CAIBIDIL II:

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN 9

10.

TÍORTHA A AICMIÚ LE HAGHAIDH TACAÍOCHT COSTAS ÁITIÚIL 9

11.

ÉARLAIS, TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA AGUS COSTAIS ÁITIÚLA 9

12.

TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA 10

13.

AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS 10

14.

RÁTAÍ ÚIS, PRÉIMHRÁTAÍ AGUS TÁILLÍ EILE 11

15.

TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DO CHREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN 11

16.

GNÍOMHAÍOCHT CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ 11

17.

COMHOIRIÚNÚ 11

18.

RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS SEASTA FAOIN TACAÍOCHT OIFIGIÚIL MAOINITHE 11

19.

CIRRanna A SHOCRÚ AGUS A CHUR I bhFEIDHM 12

20.

PRÉIMH DON RIOSCA CREIDMHEASA 12

21.

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH RIOSCA CREIDMHEASA 12

22.

AICMIÚ AN RIOSCA TÍRE 14

23.

MEASÚNÚ AR RIOSCA FLAITHIÚNAIS 15

24.

AICMIÚCHÁN AN RIOSCA CEANNAITHEORA 16

25.

CÉATADÁN AGUS CÁILÍOCHT AN CHLÚDAIGH OIFIGIÚIL CREIDMHEASA ONNMHAIRIÚCHÁIN 16

26.

TEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE 17

27.

FEABHSUITHE CREIDMHEASA AR RIOSCA CEANNAITHEORA 17

28.

BAILÍOCHT NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH RIOSCA CREIDMHEASA 17

CAIBIDIL III:

FORÁLACHA DO CHABHAIR CHEANGAILTE 18

29.

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA 18

30.

CINEÁLACHA CABHRACH CEANGAILTE 18

31.

MAOINIÚ COMHLACHAITHE 18

32.

INCHÁILITHEACHT TÍRE I gCOMHAIR CABHRACH CEANGAILTE 19

33.

INCHÁILITHEACHT TIONSCADAIL 19

34.

LEIBHÉAL ÍOSTA LAMHÁLTAIS 20

35.

DÍOLÚINTÍ Ó INCHÁILITHEACHT TÍRE NÓ TIONSCADAIL AR CHABHAIR CHEANGAILTE 20

36.

LEIBHÉAL LAMHÁLTAIS NA CABHRACH CEANGAILTE A RÍOMH 21

37.

TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DON CHABHAIR CHEANGAILTE 22

38.

COMHOIRIÚNÚ 22

CAIBIDIL IV:

NÓSANNA IMEACHTA 22

ROINN 1

NÓSANNA IMEACHTA COITEANNA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR 22

39.

FÓGRAÍ 22

40.

FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL 22

41.

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN gCOMHOIRIÚNÚ 23

42.

COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA 23

ROINN 2

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN 24

43.

FÓGRA ROIMH RÉ AGUS PLÉ INA THEANNTA 24

44.

RÉAMHFHÓGRA 24

ROINN 3

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR 25

45.

RÉAMHFHÓGRA 25

46.

FÓGRA PRAS 25

ROINN 4

NÓSANNA IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN MAIDIR LE CABHAIR CHEANGAILTE 25

47.

CUSPÓIR NA gCOMHAIRLIÚCHÁN 25

48.

RAON FEIDHME AGUS TRÁTHÚ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN 26

49.

TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN 26

ROINN 5

MALARTÚ FAISNÉISE MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR 26

50.

POINTÍ TEAGMHÁLA 26

51.

RAON FEIDHME NA bhFIOSRÚCHÁN 27

52.

RAON FEIDHME NA bhFREAGAIRTÍ 27

53.

COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE 27

54.

NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA 27

55.

FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN 28

56.

GLACADH LE LÍNTE COITEANNA 28

57.

EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA 28

58.

DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE 28

59.

BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA 28

ROINN 6

ATHBHREITHNITHE 29

60.

ATHBHREITHNIÚ RIALTA AR AN SOCRÚ 29

61.

ATHBHREITHNIÚ AR RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS 29

62.

ATHBHREITHNIÚ AR PHRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA AGUS SAINCHEISTEANNA GAOLMHARA 29

63.

ATHBHREITHNIÚ AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL LE hAGHAIDH COSTAIS AITIÚLA 29

64.

ATHBHREITHNIÚ AR PHRÓIFÍLÍ AGUS TÉARMAÍ AISÍOCAÍOCHTA 30

IARSCRÍBHINN I:

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH AN ATHRAITHE AERÁIDE 31

IARSCRÍBHINN II:

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH GLÉASRAÍ CUMHACHTA NÚICLÉICHE 51

IARSCRÍBHINN III:

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN d’AERÁRTHAÍ SIBHIALTA 53

CUID 1:

FORÁLACHA GINEARÁLTA 53

1.

CUSPÓIR 53

2.

STÁDAS 53

3.

RANNPHÁIRTÍOCHT 53

4.

RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM 53

5.

FAISNÉIS ATÁ AR FÁIL DO NEAMH-RANNPHÁIRTITHE 54

6.

TACAÍOCHT CHABHRACH 54

7.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ 54

CUID 2:

AERÁRTHAÍ NUA 54

CAIBIDIL I:

CUMHDACH 54

8.

AERÁRTHAÍ NUA 54

CAIBIDIL II:

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS 55

9.

AIRGEADRAÍ INCHÁILITHE 55

10.

ÉARLAIS AGUS TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA 55

11.

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA 55

12.

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA 55

13.

AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS 56

14.

RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS 56

15.

TACAÍOCHT RÁTA ÚIS 57

16.

TÁILLÍ 57

17.

CÓMHAOINIÚ 57

CUID 3:

AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE, INNILL SPÁRTHA, PÁIRTEANNA SPÁRTHA, CONARTHAÍ COTHABHÁLA AGUS SEIRBHÍSE 57

CAIBIDIL I:

CUMHDACH 57

18.

AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE AGUS EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ EILE 57

CAIBIDIL II:

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS 57

19.

DÍOL AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE 58

20.

INNILL SPÁRTHA AGUS PÁIRTEANNA SPÁRTHA 58

21.

CONARTHAÍ LE hAGHAIDH ATHCHÓIRIÚ/MÓRMHODHNÚCHÁIN/ATHFHEISTIÚ 59

22.

CONARTHAÍ COTHABHÁLA AGUS SEIRBHÍSE 59

23.

FEARAIS INNILL 59

CUID 4:

NÓSANNA IMEACHTA TRÉDHEARCACHTA 59

24.

FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL 59

25.

IARRATAÍ AR FHAISNÉIS 59

26.

COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE 60

27.

COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA 60

28.

NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA 60

29.

FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN 61

30.

GLACADH LE LÍNTE COITEANNA 61

31.

EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA 61

32.

DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE 61

33.

BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA 61

34.

COMHOIRIÚNÚ 62

CUID 5:

FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ 72

35.

FAIREACHÁN 62

36.

ATHBHREITHNIÚ 62

37.

OBAIR A BHEIDH ANN AMACH ANSEO 62

CUID 6:

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA 73

38.

TEACHT I bhFEIDHM 63

39.

TARRAINGT SIAR 63

FOSCRÍBHINN I

RANNPHÁIRTÍOCHT SA TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ 64

FOSCRÍBHINN II

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA 65

IARSCRÍBHINN 1:

DEARBHUITHE CÁILITHEACHA 76

IARSCRÍBHINN 2:

CEISTNEOIR CHOINBHINSIÚN CAPE TOWN 78

FOSCRÍBHINN III

RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS 80

FOSCRÍBHINN IV

FOIRM TUAIRISCITHE 83

FOSCRÍBHINN V

LIOSTA SAINMHÍNITHE 85

IARSCRÍBHINN IV:

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO LONGA 88

IARSCRÍBHINN V:

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH FÓGRAÍ 102

IARSCRÍBHINN VI:

RÍOMH NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH IDIRBHEARTA CHATAGÓIR RIOSCA TÍRE 1-7 110

IARSCRÍBHINN VII:

TAGARMHARCANNA PRÉIMHE LE hAGHAIDH IDIRBHEARTA TAGARMHAIRC MARGAIDH 113

IARSCRÍBHINN VIII:

CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA LENA RIALAÍTEAR CUR I bhFEIDHM RÁTHAÍOCHT AISÍOCAÍOCHTA TRÍÚ-PÁIRTÍ AGUS NA CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR INSTITIÚIDÍ RÉIGIÚNACHA NÓ ILTAOBHACHA 114

IARSCRÍBHINN IX:

TUAIRISCÍ CAINNÍOCHTÚLA AR CHATAGÓIRÍ RIOSCA CEANNAITHEORA 116

IARSCRÍBHINN X:

CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM NA dTEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE AGUS NA bhFEABHSUITHE CREIDMHEASA AR AN RIOSCA CEANNAITHEORA 120

IARSCRÍBHINN XI:

SEICLIOSTA DON CHÁILÍOCHT FORBARTHA 124

IARSCRÍBHINN XII:

FORÁLACHA MAIDIR LE RÁTA TAGARTHA DON ÚS TRÁCHTÁLA (CIRR) 126

IARSCRÍBHINN XIII:

LIOSTA SAINMHÍNITHE 129

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.   CUSPÓIR

a)

Is é príomhchuspóir an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, dá dtagraítear ar fud an doiciméid seo mar an Socrú, ná creat a chur ar fáil lena bhféadfar na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a úsáid go rianúil.

b)

Féachann an Socrú le cothroime iomaíochta a chothú don tacaíocht oifigiúil, amhail a shainítear in Airteagal 5 a), d’fhonn an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n-earraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus ag a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil.

2.   STÁDAS

Tháinig éifeacht leis an Socrú, a forbraíodh faoi chuimsiú an ECFE, ar dtús in Aibreán 1978 agus is go ceann tréimhse éiginnte é. Is Comhaontú Oinigh i measc na Rannpháirtithe atá sa Socrú; ní Gníomh de chuid an ECFE (1) é, cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht an ECFE (anseo feasta: “an Rúnaíocht”).

3.   RANNPHÁIRTÍOCHT

Is iad seo Rannpháirtithe an tSocraithe faoi láthair: An tAontas Eorpach, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an Tuirc, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe. Féadfaidh na Rannpháirtithe reatha cuireadh a thabhairt do Chomhaltaí eile ECFE agus do thíortha nach Comhaltaí ECFE iad a bheith ina Rannpháirtithe.

4.   FAISNÉIS ATÁ AR FÁIL DO NEAMH-RANNPHÁIRTITHE

a)

Geallann na Rannpháirtithe go roinnfidh siad faisnéis faoi fhógraí a bhaineann le tacaíocht oifigiúil, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5 a) é, le neamh-rannpháirtithe.

b)

Má dhéanann Neamh-rannpháirtí, atá i staid iomaíochta, iarraidh i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a dhéantar a thairiscint i gcomhair tacaíocht oifigiúil; tabharfaidh Rannpháirtí, ar bhonn cómhalartaithe, freagra ar an iarraidh sin díreach faoi mar a thabharfadh sé freagra ar iarraidh ó Rannpháirtí.

5.   RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM

Beidh feidhm ag an Socrú maidir le gach tacaíocht oifigiúil a sholáthraíonn rialtas, nó a sholáthraítear thar ceann rialtais, le haghaidh onnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí, lena n-áirítear léasanna airgeadais, agus a bhfuil téarma aisíocaíochta de 2 bhliain nó níos mó ag gabháil leo.

a)

Féadfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar ar bhealaí éagsúla:

1.

ráthaíocht nó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin (‘cumhdach foirfe’).

2.

tacaíocht oifigiúil maoinithe:

creidmheas díreach/maoiniú díreach agus athmhaoiniú, nó

tacaíocht ráta úis.

3.

Aon teaglaim díobh sin thuasluaite.

b)

Beidh feidhm ag an Socrú maidir le cabhair cheangailte; beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil IV freisin maidir le cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil.

c)

Níl feidhm ag an Socrú maidir le honnmhairí trealaimh mhíleata agus tráchtearraí talmhaíochta.

d)

Ní dhéanfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar má tá fianaise shoiléir ann go ndearnadh an conradh a struchtúrú le ceannaitheoir i dtír nach í ceann scríbe deiridh na n-earraí í agus é mar aidhm phríomha leis sin go bhfaighfí téarmaí aisíocaíochta níos fabhraí.

6.   TOIRMISC AR THACAÍOCHT DON SOCRÚ

Ní sholáthróidh rannpháirtithe creidmheasanna onnmhairiúcháin lena dtacaítear go hoifigiúil ná cabhair cheangailte chun:

a)

Onnmhairiú gléasraí nua giniúna leictreachais gualbhreoslaithe nó codanna díobh, lena gcuimsítear gach comhpháirt, trealamh, ábhar agus seirbhís (lena n-áirítear oiliúint a chur ar phearsanra) a bhfuil gá díreach leo chun stáisiúin chumhachta den sórt sin a thógáil agus a choimisiúnú. Meastar gur gléasra nua giniúna leictreachais gualbhreoslaithe atá ann más rud é go gcuirtear aonad nua giniúna leictreachais gualbhreoslaithe le gléasra atá ann cheana.

b)

Trealamh a sholáthar do ghléasraí giniúna leictreachais gualbhreoslaithe atá ann cheana, mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

i.

Is é is cuspóir don trealamh a sholáthraítear truailliú aeir, truailliú uisce, nó astaíochtaí CO2 a laghdú.

ii.

Ní chuirtear fad ama le saolré úsáidte an ghléasra ná ní chuirtear lena acmhainneacht mar thoradh ar an trealamh a sholáthraítear.

c)

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna a) agus b) thuas maidir le gléasraí giniúna leictreachais gualbhreoslaithe a oibríonn le saoráidí éifeachtacha um ghabháil, úsáid agus stóráil carbóin (CCUS) ná maidir le gléasraí giniúna leictreachais gualbhreoslaithe atá ann cheana a iarfheistiú le CCUS a shuiteáil, dá bhforáiltear faoi Fhoscríbhinn I, Aicme Tionscadail B, Cineál 1, a ghabhann le hIarscríbhinn I.

d)

Aontaíonn rannpháirtithe chun tabhairt faoi athbhreithniú, arna iarraidh sin do Rannpháirtí, ar theicneolaíochtaí laghdaithe astaíochtaí CO2 nach CCUS iad a d’fhéadfaí a fhorbairt amach anseo, chun críoch eisceachtaí ó mhíreanna a) agus b) thuas. Beidh cuimsiú aon eisceacht amach anseo bunaithe ar chinneadh comhthola ag na Rannpháirtithe.

e)

Athbhreithneofar na forálacha a leagtar amach i míreanna a) go d) thuas tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2022, chun rannchuidiú leis an sprioc chomónta aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, agus na nithe seo á gcur san áireamh:

i.

Na tuarascálacha is déanaí um eolaíocht na haeráide agus na himpleachtaí do chinntí infheistíochta domhanda sa bhonneagar a bhaineann leis an méadú sa mheánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 chéim Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíochta agus iarrachtaí a dhéanamh chun teorainn a chur leis an méadú sa teocht chuig 1,5 céim Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíochta;

ii.

Creidmheasanna onnmhairiúcháin ag a bhfuil tacaíocht oifigiúil nó tacaíocht cabhrach ceangailte do thionscadail eile guail;

iii.

Infhaighteacht na teicneolaíochta CCUS; agus

iv.

Infhaighteacht na dteicneolaíochtaí laghdaithe CO2 nach CCUS iad.

7.   TUISCINTÍ EARNÁLA

a)

Tá na Tuiscintí Earnála seo a leanas mar chuid den Socrú:

An tAthrú Aeráide (Iarscríbhinn I)

Gléasraí Cumhachta Núicléiche (Iarscríbhinn II)

Aerárthaí Sibhialta (Iarscríbhinn III)

Longa (Iarscríbhinn IV)

b)

Féadfaidh Rannpháirtí in Iarscríbhinn I, II nó IV na forálacha faoi seach a chur i bhfeidhm maidir le tacaíocht oifigiúil d’onnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí a chumhdaítear leis na Tuiscintí Earnála ábhartha. Maidir le hIarscríbhinní I nó II, i gcás nach mbíonn foráil sa Tuiscint Earnála a chomhfhreagraíonn don fhoráil sa Socrú, déanfaidh Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála an fhoráil atá sa Socrú a chur i bhfeidhm.

c)

I gcás onnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí a chumhdaítear le hIarscríbhinn III, cuirfidh na Rannpháirtithe ar Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála sin freisin iad forálacha na Tuisceana Earnála sin i bhfeidhm.

8.   TARRAINGT SIAR

Féadfaidh Rannpháirtí tarraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Rúnaíocht trí mheán cumarsáid mheandrach, e.g. úsáid a bhaint as an gcóras ríomhphoist a choinníonn an Rúnaíocht ar bun chun cumarsáid i measc Rannpháirtithe agus na Rúnaíochta a éascú. Beidh éifeacht ag an tarraingt siar 180 lá féilire tar éis don Rúnaíocht an fógra a fháil.

9.   FAIREACHÁN

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar chur chun feidhme an tSocraithe.

CAIBIDIL II

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

Cuimsítear leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin na forálacha go léir a leagtar síos sa Chaibidil seo, forálacha a léifear i dteannta a chéile. Leagtar síos leis an Socrú, teorainneacha ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhféadfar tacaíocht oifigiúil a thabhairt dóibh. Aithníonn na Rannpháirtithe go bhfuil feidhm go traidisiúnta ag téarmaí agus coinníollacha airgeadais atá níos srianta ná na téarmaí agus na coinníollacha sin dá bhforáiltear sa Socrú maidir le hearnálacha áirithe trádála nó tionsclaíochta. Beidh urraim i gcónaí ag na Rannpháirtithe do na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais sin is gnách a bheith ann, go háirithe an prionsabal nach rachaidh téarmaí aisíocaíochta thar ré úsáideach na n-earraí agus na seirbhísí.

10.   TÍORTHA A AICMIÚ LE HAGHAIDH TACAÍOCHT COSTAS ÁITIÚIL

a)

Is tíortha ard-ioncaim (2) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) iad tíortha Chatagóir I. Tá gach tír eile i gCatagóir II.

b)

Bíonn feidhm ag na critéir agus nósanna imeachta oibriúcháin seo a leanas nuair a bhíonn tíortha á n-aicmiú:

1.

Déantar Aicmiú chun críche an tSocraithe a chinneadh de réir OIN per capita mar atá ríofa ag an mBanc Domhanda chun críocha aicmiú na dtíortha iasachtaíochta ag an mBanc Domhanda.

2.

Sna cásanna nach mbíonn a dhóthain faisnéise ag an mBanc Domhanda chun sonraí OIN per capita a fhoilsiú, iarrfar ar an mBanc Domhanda meastachán a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil OIN per capita na tíre i dtrácht os cionn na tairsí atá i bhfeidhm faoi láthair nó faoin tairseach sin. Déanfar an tír a aicmiú de réir an mheastacháin sin, mura rud é go gcinneann na Rannpháirtithe a mhalairt a dhéanamh.

3.

Má dhéantar tír a athaicmiú i gcomhréir le hAirteagal 10 a), beidh éifeacht ag an athaicmiúchán 2 sheachtain tar éis don Rúnaíocht na conclúidí a baineadh as na sonraí thuasluaite ón mBanc Domhanda a chur in iúl do na Rannpháirtithe go léir.

4.

I gcásanna ina ndéanann an Banc Domhanda athbhreithniú ar na figiúirí, ní bheidh beann ar na hathbhreithnithe sin a fhad agus a bhaineann leis an Socrú. Mar sin féin, féadfar aicmiúchán tíre a athrú trí bhíthin Líne Coitinne agus dhéanfadh na Rannpháirtithe breithniú fabhrach ar aon athrú mar gheall ar earráidí agus easnaimh sna figiúirí a tugadh faoi deara sa bhliain féilire chéanna ina ndearna an Rúnaíocht na figiúirí a scaipeadh den chéad uair.

c)

Ní athróidh tír ó chatagóir amháin go ceann eile ach amháin nuair a bhíonn a catagóir de réir an Bhainc Dhomhanda gan athrú ar feadh 2 bhliain i ndiaidh a chéile.

11.   ÉARLAIS, TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA AGUS COSTAIS ÁITIÚLA

a)

Cuirfidh na Rannpháirtithe de cheangal ar cheannaitheoirí earraí agus seirbhísí atá faoi réir tacaíochta oifigiúla éarlais de 15 %ar a laghad de luach an chonartha onnmhairiúcháin a dhéanamh ag túsphointe an chreidmheasa, nó roimhe sin, amhail a shainítear in Iarscríbhinn XIII. D’fhonn éarlais a mheas, féadfar luach an chonartha onnmhairiúcháin a laghdú go cionmhar más rud é go ndéantar earraí agus seirbhísí ó thríú tír nach bhfaigheann tacaíocht oifigiúil a áireamh san idirbheart. Is incheadaithe é maoiniú/árachas 100 %den phréimh a dhéanamh. Féadfar an phréimh a áireamh i luach an chonartha onnmhairiúcháin, nó féadfar an phréimh a fhágáil ar lár as. Sa chomhthéacs seo, ní bhreathnaítear ar íocaíochtaí coinneála a dhéantar tar éis thúsphointe an chreidmheasa mar éarlais.

b)

Is i bhfoirm árachais nó ráthaíochta in aghaidh na ngnáthrioscaí réamhchreidmheasa, agus san fhoirm sin amháin, a bheidh an tacaíocht oifigiúil d’éarlais den sórt sin.

c)

Ach amháin mar a fhoráiltear i míreanna b) agus d), ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil is mó ná 85 %de luach an chonartha onnmhairiúcháin, agus soláthar tríú tíre san áireamh ach gan costais áitiúla san áireamh.

d)

Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a sholáthar le haghaidh costais áitiúla faoi na coinníollacha seo a leanas:

1.

Ní sháróidh uasmhéid na tacaíochta oifigiúla le haghaidh costais áitiúla:

Le haghaidh tíortha de Chatagóir I, 40 %de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

Le haghaidh tíortha de Chatagóir II, 50 %de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

2.

Ní sholáthrófar tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla ar théarmaí is fabhraí/is lú srian ná na téarmaí a comhaontaíodh i gcás na n-onnmhairí lena mbaineann.

3.

I gcás ina sáróidh tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla 15 %de luach an chonartha onnmhairiúcháin, beidh an tacaíocht oifigiúil sin faoi réir fógra a thabhairt roimh ré, de bhun Airteagal 44, lena sonraítear cineál na gcostas áitiúil a bhfuiltear ag tacú leo.

12.   TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA

a)

Ní rachaidh an téarma aisíocaíochta thar shaolré úsáideach na n-earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear nó, de réir mar is iomchuí, saolré úsáideach an tionscadail a bhfuil earraí agus seirbhísí á n-onnmhairiú chuige.

b)

D’ainneoin Airteagal 12 a), is é 15 bliana an téarma uasta aisíocaíochta.

c)

D’ainneoin Airteagal 12 b), is é 12 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta d’aon ghléasra cumhachta (3) nach bhfuil incháilithe le tacaíocht a fháil faoi Iarscríbhinní I nó II.

d)

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44 nuair a sholáthrófar tacaíocht oifigiúil d’aon idirbheart ag a bhfuil téarma aisíocaíochta is faide ná 10 mbliana agus a bhfuil luach creidmheasa 10 milliún CTS nó níos mó aige.

13.   AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS

a)

Is iondúil go n-aisíocfar an bunairgead de chreidmheas onnmhairiúcháin i dtráthchodanna cothroma tráthrialta nó, i gcás inarb iomchuí (e.g. nuair a thugtar tacaíocht le haghaidh idirbhearta léasa nó le haghaidh meaisíní nó trealamh saorsheasaimh a onnmhairiú), aisíocaíochtaí cothroma den bhunairgead agus den ús in éineacht.

b)

Déanfar an príomhshuim a aisíoc le minicíocht nach lú ná bliantúil agus déanfar an chéad tráthchuid den phríomhshuim a íoc ag tráth nach déanaí ná bliain tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

c)

Déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 6 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás íocaíochtaí bliantúla na príomhshuime, déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 12 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

d)

Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

e)

Nuair a bheidh údar cuí leis mar gheall ar mhíchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don oibleagadóir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a cheadaítear i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar amach i míreanna a) agus (b) thuas, nó nuair nach bhfuil an sceideal amúchta ag teacht le saorshreabhadh airgid an oibleagáideora nó an tionscadail, féadfar creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthar laistigh de na srianta seo a leanas:

1.

Ní rachaidh aon aisíocaíocht aonair den bhunairgead ná aon sraith d’íocaíochtaí an bhunairgid laistigh de thréimhse 6 mhí thar 30 % de bhunsuim an chreidmheasa.

2.

Déanfar an chéad aisíocaíocht den bhunairgead tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

3.

Tá meánré ualaithe uasta na tréimhse aisíocaíochta cothrom le 65 % de théarma aisíocaíochta an idirbhirt nó 6 bliana.

f)

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44 nuair a sholáthrófar tacaíocht oifigiúil de réir Airteagal 13 e) d’aon idirbheart a bhfuil luach creidmheasa 10 milliún CTS nó níos mó aige. Sna fógraí sin, soláthróidh an Rannpháirtí, inter alia, an méid seo a leanas:

1.

faisnéis mhionsonraithe ar an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht agus míniú ar na cúiseanna le míchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don oibleagáideoir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a cheadaítear i gcomhréir le hAirteagail 13 a) agus 13 b), agus

2.

i gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil ag teacht leis an saorshreabhadh airgid, bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach maidir leis an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht.

14.   RÁTAÍ ÚIS, PRÉIMHRÁTAÍ AGUS TÁILLÍ EILE

a)

Eisiatar ón ús:

1.

aon íocaíocht a dhéantar trí phréimh nó muirear eile chun creidmheasanna soláthróra nó creidmheasanna airgeadais a árachú nó a ráthú;

2.

aon íocaíocht a dhéantar trí tháillí nó coimisiúin baincéireachta a bhaineann leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin, taobh amuigh de mhuirir bhliantúla nó leathbhliantúla bainc is iníoctha i rith na tréimhse aisíocaíochta; agus

3.

cánacha siarchoinneálacha arna bhforchur ag an tír allmhairiúcháin.

b)

Sa chás go dtugtar tacaíocht oifigiúil trí bhíthin creidmheasanna díreacha/maoiniú díreach nó athmhaoiniú, féadfar an phréimh a chur le haghaidhluach an ráta úis nó féadfaidh sí a bheith ina muirear ar leithligh; beidh an dá chomhchuid sin le cur in iúl ar leithligh do na Rannpháirtithe.

15.   TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DO CHREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

Na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin aonair nó línte creidmheasa, seachas an tréimhse bhailíochta i gcomhair Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, ní bheidh siad socraithe go ceann tréimhse is mó ná 6 mhí roimh an gceangaltas deiridh.

16.   GNÍOMHAÍOCHT CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ

Ní stopann an Socrú seo údaráis chreidmheasa onnmhairiúcháin nó institiúidí airgeadais ó théarmaí agus coinníollacha airgeadais nach bhfuil chomh srianta leis na téarmaí dá bhforáiltear sa Socrú a chomhaontú, más rud é go ndéantar gníomhaíocht den sórt sin tar éis dhámhadh an chonartha (nuair a bhíonn éifeacht cheana leis an gcomhaontú creidmheasa onnmhairiúcháin agus leis na doiciméid theagmhasacha) agus go bhfuil an ghníomhaíocht sin beartaithe go huile agus go hiomlán chun go seachnófaí nó go n-íoslaghdófaí caillteanais ó imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtrúig le neamhíocaíocht nó éilimh.

17.   COMHOIRIÚNÚ

Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, agus ag teacht le cuspóir an tSocraithe, féadfaidh Rannpháirtí, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 41, comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Rannpháirtí nó ag Neamh-rannpháirtí. Meastar go gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha airgeadais a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo na forálacha atá i gCaibidil I II agus, nuair is infheidhme, atá in Iarscríbhinní I, II, III, agus IV.

18.   RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS SEASTA FAOIN TACAÍOCHT OIFIGIÚIL MAOINITHE

a)

Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais oifigiúil le haghaidh iasachtaí ar ráta seasta, déanfaidh siad na Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) ábhartha a fheidhmiú mar rátaí íosta úis. Is éard atá in CIRRanna ná rátaí úis a bhunaítear de réir na bprionsabal seo a leanas:

1.

Ba cheart go mbeadh CIRRanna ina léiriú ar na rátaí úis críochnaitheacha d’iasachtú tráchtála i margadh baile an airgeadra lena mbaineann;

2.

Ba cheart do CIRRanna a bheith ag comhfhreagairt go dlúth leis an ráta d’iasachtaithe baile den chéad aicme;

3.

Ba cheart do CIRRanna a bheith bunaithe ar chostas maoinithe mhaoiniú an ráta úis sheasta;

4.

Níor cheart go ndéanfadh CIRRanna saobhadh ar dhálaí iomaíochais baile; agus

5.

Ba cheart do CIRRanna a bheith ag comhfhreagairt go dlúth leis an ráta atá ar fáil d’iasachtaithe coigríche den chéad aicme.

b)

Ní dhéanfar soláthar tacaíochta airgeadais oifigiúla a fhritháireamh ná a chúiteamh, go páirteach ná go hiomlán, chun críche na préimhe riosca creidmheasa iomchuí a bheidh le muirearú as an riosca a ghabhann le neamh-aisíocaíocht de bhun fhorálacha Airteagal 20.

19.   CIRRanna A SHOCRÚ AGUS A CHUR I bhFEIDHM

An CIRR maidir le tacaíocht oifigiúil maoinithe dá bhforáiltear faoin Socrú agus na hIarscríbhinní uile a ghabhann leis, seachas Tuiscint Earnála do Creidmheasanna Onnmhairiúcháin d’Aerárthaí Sibhialta (Iarscríbhinn III) agus Tuiscint Earnála do Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Longa (Iarscríbhinn IV), is i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XII a dhéantar a chinneadh agus a chur i bhfeidhm.

20.   PRÉIMH DON RIOSCA CREIDMHEASA

Déanfaidh na Rannpháirtithe muirir phréimhe, in éineacht le muirir úis, a mhuirearú d’fhonn riosca neamhíocaíocht creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdach. Maidir leis na préimhrátaí a mhuirearaítear ar na Rannpháirtithe, beidh siad bunaithe ar riosca, déanfaidh siad coinbhéirsiú agus ní bheidh siad neamh-leordhóthanach chun na costais oibriúcháin fhadtéarmacha agus na caillteanais oibriúcháin fhadtéarmacha a chumhdach.

21.   PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH RIOSCA CREIDMHEASA

Ní ghearrfaidh na Rannpháirtithe muirear is lú ná an Préimhráta Íosta (MPR) is infheidhme le haghaidh Riosca Creidmheasa.

a)

Déantar an MPR is infheidhme a chinneadh i gcomhréir leis na tosca seo a leanas:

an t-aicmiúchán riosca tíre is infheidhme;

an tréimhse a bhfuil an riosca ann (i.e. Ionchas an Riosca nó HOR);

catagóir roghnaithe riosca ceannaitheora an oibleagáideora;

céatadán an chumhdaigh riosca pholaitiúil agus tráchtála agus cáilíocht an táirge creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil a sholáthraítear;

aon teicníc maolaithe riosca tíre a chuirtear i bhfeidhm; agus

aon fheabhsú creidmheasa um riosca ceannaitheora a cuireadh i bhfeidhm.

b)

Is i gcéatadáin de bhunluach an chreidmheasa a shloinntear MPRanna amhail is dá mbaileofaí an phréimh go hiomlán an dáta ar tarraingíodh an creidmheas anuas ar dtús. Soláthraítear míniú ar an gcaoi chun MPRanna a ríomh, lena n-áirítear an fhoirmle mhatamaiticiúil, in Iarscríbhinn VI.

c)

Gan beann ar an tír is ceann scríbe, na préimhrátaí a mhuirearaíonn Rannpháirtithe le haghaidh Idirbhearta Tagarmhairc Margaidh, i.e., idirbhearta lena mbaineann oibleagáideoirí/ráthóirí deiridh (i.e. eintitis riosca creidmheasa) i dTíortha de Chatagóir 0, Tíortha Ardioncaim ECFE (4) agus Tíortha Ardioncaim i Limistéar an Euro, nó lena mbaineann institiúid iltaobhach nó réigiúnach ar a n-aontaíonn na Rannpháirtithe gurb iondúil go mbíonn sí díolmhaithe ó na rialacháin maidir le rialú agus aistriú airgeadaíochta na tíre ina mbíonn sí suite (5), déanfar iad a chinneadh ar bhonn cás ar chás. Chun a áirithiú nach mbaintear an bonn de phraghsáil sa mhargadh príobháideach leis na préimhrátaí a mhuirearaítear ar idirbhearta lena mbaineann oibleagáideoirí, agus i gcás inarb iomchuí ráthóirí, sna tíortha sin, cloífidh na rannpháirtithe leis na nósanna imeachta seo a leanas, agus úsáid á baint as gnásanna aontaithe chun an phraghsáil tagarmhairc ábhartha a aistriú ina préimhrátaí:

1.

I gcás ina soláthraíonn Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil mar chuid de phacáiste iasachtaí sindeacáite arna struchtúrú mar idirbheart de bhun sócmhainní (6) nó idirbheart maoinithe tionscadail (7), sa chás sin:

ní lú costas ilghnéitheach na coda iasachtaithe dírí ná an costas ilghnéitheach a mhuirearaíonn rannpháirtí (rannpháirtithe) an mhargaidh tráchtála sa tsindeacáit;

ní lú an phréimh a mhuirearaítear ar chumhdach foirfe ná an préimhráta coibhéiseach aistrithe a mhuirearaíonn rannpháirtí (rannpháirtithe) an mhargaidh tráchtála, agus ní lú í ná an Préimhráta Íosta Achtúireach is infheidhme; agus

an Rannpháirtí a chuirfidh préimhráta i bhfeidhm bunaithe ar phacáiste iasachta sindeacáite, tabharfaidh sé fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44.

Chun cáiliú mar phacáiste iasachtaí sindeacáite, ní mór gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

Tá 25 %ar a laghad den tsindeacáit ina hiasacht/hiasachtaí nó ráthaíocht/ráthaíochtaí margaidh tráchtála, gan aon tacaíocht dhéthaobhach ná iltaobhach (e.g., CIE, DFI, IFI nó MDB) (8), i gcás ina bhfuil gach páirtí sa mhaoiniú ar théarmaí pari passu i leith gach téarma agus coinníoll airgeadais, lena n-áirítear pacáiste slándála; agus

Tá téarmaí agus coinníollacha airgeadais an idirbhirt lán-chomhlíontach leis an Socrú, arna mhodhnú leis na forálacha seo den phraghsáil Tagarmhairc Margaidh in idirbhearta iasachtaí/ráthaíochtaí sindeacáite.

2.

I gcás gach Idirbheart Tagarmhairc Margaidh eile, beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas:

Agus infhaighteacht na faisnéise margaidh agus saintréithe an idirbhirt bhunúsaigh á gcur san áireamh, cinnfidh Rannpháirtithe an préimhráta le cur i bhfeidhm ach tagarmharcáil in aghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na tagarmharcanna margaidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus roghnóidh siad an tagarmharc (na tagarmharcanna) a mheastar de bheith ar na cinn is iomchuí le haghaidh an idirbhirt shonraigh.

D’ainneoin na míre roimhe seo, ní fhéadfaidh Rannpháirtithe préimhráta a mhuirearú atá níos ísle ná an phréimh chomhfhreagrach a chinntear leis an tsamhail ‘Tagarmharc Margaidh feadh an Timthrialla’ (TCMB), bunaithe ar an aicmiúchán riosca agus téarma iomlán (Meánré Ualaithe an idirbhirt iomláin) an idirbhirt mura ndíorthaítear an tagarmharc margaidh ó Eintiteas Ainmshonrach nó Gaolmhar (i) banna ar an margadh tánaisteach nó (ii) Babhtáil Mainneachtana Creidmheasa (CDS). Rannpháirtí a mhuirearaíonn préimhráta is lú ná an phréimh chomhfhreagrach a chinntear leis an tsamhail TCMB, ar bhonn rátáil na Gníomhaireachta Rátála Creidmheasa Creidiúnaithe (9) (CRA) ar an tagarmharc margaidh Ainm-Shonrach (10), tabharfaidh sé réamhfhógra i gcomhréir le hAirteagal 44. Ní fhéadfaidh an phréimh a mhuirearaítear a bheith níos lú ná an Phréimh Íosta Achtúireach chomhfhreagrach, áfach.

Agus an préimhráta á chinneadh, cinnfidh Rannpháirtí rátáil riosca le haghaidh an oibleagáideora/ráthóra dheiridh, lena n-áirítear cé atá nó nach bhfuil rátáil ag an oibleagáideoir/ráthóir ó CRA Creidiúnaithe. Féadfaidh Rannpháirtí rátáil a shocrú ag eang amháin níos fearr (de réir scála CRA Creidiúnaithe) ná an eang arna soláthar ag CRA Creidiúnaithe. Mura bhfuil aon rátáil ó CRA Creidiúnaithe ann, ní fhéadfaidh an t-aicmiúchán riosca rátáil CRA an fhlaithiúnais i sainchónaí an oibleagáideora/ráthóra a shárú (ní fhéadfaidh sé a bheith níos fabhraí ná í) le níos mó ná dhá eang. Ní mór do Rannpháirtithe réamhfhógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 44 sna cásanna seo a leanas:

I gcás ina n-aicmíonn Rannpháirtí an t-oibleagáideoir/ráthóir níos fearr ná an rátáil is fearr ó CRA Creidiúnaithe; nó

Mura bhfuil aon rátáil ann ó CRA Creidiúnaithe, i gcás ina n-aicmíonn Rannpháirtí idirbheart mar CC2 nó níos fearr, nó ag litir rátála creidmheasa atá coibhéiseach le AAA go A-, nó comhionann leis an rátáil is fearr ó CRA Creidiúnaithe ar an bhflaithiúnas i sainchónaí an oibleagáideora/ráthóra nó níos fabhraí ná í.

d)

Beidh, i bprionsabal, na tíortha ‘is mó riosca’ i gCatagóir 7 faoi réir préimhrátaí de bhreis ar MPRanna arna mbunú don Chatagóir sin; is é an Rannpháirtí a bhfuil tacaíocht oifigiúil á cur ar fáil aige a chinnfidh na préimhrátaí sin.

e)

Agus MPR le haghaidh idirbhirt á ríomh, is é an t-aicmiúchán riosca tíre is infheidhme é aicmiúchán thír an oibleagáideora agus is é an t-aicmiúchán riosca ceannaitheora is infheidhme é aicmiúchán an oibleagáideora (11), mura dtugann tríú páirtí urrús i bhfoirm ráthaíocht atá neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach, nó ar éileamh, atá bailí ó thaobh an dlí de agus atá in-fhorfheidhmithe ar an oibleagáid iomlán um aisíocaíocht fiachais go ceann fhad iomlán na creidmheasa, ar tríú páirtí é ag a bhfuil acmhainneacht creidmheasa i ndáil le méid an fhiachais faoi ráthaíocht. I gcás ráthaíocht tríú páirtí, féadfaidh Rannpháirtí roghnú aicmiúchán riosca tíre na tíre ina bhfuil an ráthóir suite agus catagóir riosca ceannaitheora an ráthóra a chur i bhfeidhm. (12)

f)

Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII na critéir agus na coinníollacha i ndáil le cur i bhfeidhm ráthaíochta tríú páirtí i gcomhréir leis na cásanna a thuairiscítear i mír e), an chéad fhleasc agus an dara fleasc, thuas.

g)

Maidir le coinbhinsiún HOR a úsáidtear i ríomh MPR, is leath amháin é den tréimhse eisíocaíochta móide fad na tréimhse iomláine don aisíocaíocht agus glacann sé chuige féin gnáthphróifíl um aisíocaíocht creidmheasa, i.e. aisíocaíocht i dtráthchodanna comhionanna leathbhliantúla den bhunairgead móide ús fabhraithe dar tús 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás creidmheasanna onnmhairiúcháin ag a bhfuil próifílí aisíocaíochta neamhchaighdeánacha, déantar an tréimhse aisíocaíochta choibhéiseach (arna sloinneadh i dtráthchodanna comhionanna, leathbhliantúla) a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas: tréimhse choibhéiseach aisíocaíochta = (meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta –0,25)/0,5.

h)

An Rannpháirtí a roghnaíonn MPR a chur i bhfeidhm a bhaineann le ráthóir tríú páirtí atá suite i dtír éigin seachas tír an oibleagáideora, tabharfaidh sé réamhfhógra i gcomhréir le hAirteagal 43.

22.   AICMIÚ AN RIOSCA TÍRE

Cé is moite de Thíortha Ardioncaim ECFE agus de Thíortha Ardioncaim i Limistéar an Euro, aicmeofar tíortha de réir na dóchúlachta cé acu a sheirbhíseoidh nó nach seirbhíseoidh siad a bhfiachais sheachtracha (i.e. riosca creidmheasa tíre).

a)

Is iad seo a leanas cúig eilimint d’aicmiú an riosca tíre:

moratóir ginearálta maidir leis na haisíocaíochtaí arna leagan síos ag rialtas an oibleagáideora/ráthóra nó ag gníomhaireacht na tíre trína ndéantar aisíocaíocht;

imeachtaí polaitiúla agus/nó deacrachtaí eacnamaíocha arna n-eascairt lasmuigh de thír an Rannpháirtí a thugann fógra nó de na bearta reachtacha/riaracháin arna nglacadh lasmuigh de thír an Rannpháirtí a thugann fógra, arb iad is cúis le cosc a chur le cistí a aistriú arna n-íoc maidir leis an gcreidmheas, nó moill a chur orthu;

forálacha dlíthiúla arna nglacadh i dtír an oibleagáideora/ráthóra lena ndearbhaítear gur glanadh bailí ar an bhfiachas iad na haisíocaíochtaí arna ndéanamh san airgeadra áitiúil, d’ainneoin nach ndéantar, de thoradh na luaineachta sna rátaí malairte, leis na haisíocaíochtaí sin, agus iad á gcomhshó in airgead an chreidmheasa, méid an fhiachais a chumhdach a thuilleadh an dáta a aistreofar na cistí;

aon bheart eile nó cinneadh eile ó rialtas tíre iasachta a dhéanann aisíocaíocht faoi chuimsiú creidmheasa a chosc; agus

cásanna force majeure a tharlaíonn lasmuigh de thír an Rannpháirtí a thugann an fógra, i.e. cogadh (lena n-áirítear cogadh cathartha), díshealbhú, réabhlóid, círéib, suaitheadh sibhialta, cioclóin, tuilte, creathanna talún, brúchtaí bolcánacha, tonnta tuile agus timpistí núicléacha.

b)

Déantar tíortha a aicmiú i gceann de na hocht gCatagóir Riosca (0-7). Rinneadh MPRanna a bhunú do Chatagóirí 1 go 7, agus 7 san áireamh, ach ní dhearnadh é sin do Chatagóir 0 toisc go meastar an riosca tíre a bheith diomaibhseach do thíortha sa Chatagóir sin. Baineann an riosca creidmheasa a bhaineann le hidirbhearta i dtíortha de Chatagóir 0 den chuid is mó le riosca an oibleagáideora/ráthóra.

c)

Baintear amach aicmiú na dtíortha (13) trí mheán na Modheolaíochta um Aicmiú Riosca Tíre, atá comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

Samhail Mheasúnaithe Riosca Tíre (an tSamhail), lena gcuirtear ar fáil measúnú cainníochtúil ar riosca creidmheasa tíre atá bunaithe ar thrí ghrúpa táscairí riosca: taithí íocaíochta na Rannpháirtithe, an staid airgeadais agus an staid eacnamaíoch. Trí chéim éagsúla atá i modheolaíocht na Samhla, lena n-áirítear an measúnú ar na trí ghrúpa táscairí riosca, agus teaglaim agus ualú solúbtha ghrúpaí na dtáscairí riosca.

Measúnú cáilíochta ar thorthaí na Samhla arna meas de réir gach tíre chun an riosca polaitiúil agus/nó tosca eile riosca nach bhfuil curtha san áireamh go hiomlán nó go páirteach sa tSamhail a chuimsiú inti. Más iomchuí, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh coigeartú ar an tSamhail measúnaithe cainníochtúla as an méid sin chun measúnú deiridh an riosca creidmheasa tíre a léiriú.

d)

Déanfar faireachán ar Aicmiúcháin Riosca Tíre ar bhonn leanúnach, agus déanfar athbhreithniú orthu go bliantúil ar a laghad, agus déanfaidh an Rúnaíocht na hathruithe a thagann as an Modheolaíocht um Aicmiúchán Riosca Tíre a chur in iúl láithreach. Nuair a dhéantar tír a athaicmiú i gCatagóir Riosca Tíre níos ísle nó níos airde, déanfaidh na Rannpháirtithe, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis don athaicmiúchán a bheith curtha in iúl ag an Rúnaíocht, préimhrátaí a mhuirearú maidir leis an gCatagóir nua Riosca Tíre ag MPRanna a bhfuil baint acu leis, nó os a gcionn.

e)

Cuirfidh an Rúnaíocht na haicmiúcháin riosca tíre ar fáil go poiblí.

23.   MEASÚNÚ AR RIOSCA FLAITHIÚNAIS

a)

Maidir le gach tír a aicmítear trí mheán na Modheolaíochta um Aicmiú Riosca Tíre de réir Airteagal 22 d), déanfar riosca an fhlaithiúnais a mheasúnú chun na flaithiúnais úd a shainaithint, ar bhonn eisceachtúil:

nach é an t-oibleagáideoir is ísle riosca sa tír iad agus;

a bhfuil a riosca creidmheasa i bhfad níos airde ná riosca tíre.

b)

Rachfar i mbun shainaithint na bhflaithiúnas a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír a) thuas i gcomhréir leis an Modheolaíocht Mheasúnaithe maidir le Riosca Flaithiúnais a d’fhorbair na Rannpháirtithe agus ar ar chomhaontaigh siad.

c)

Déanfar faireachán ar bhonn leanúnach ar liosta na bhflaithiúnas a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír a) thuas, agus déanfar athbhreithniú orthu ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus cuirfidh an Rúnaíocht na hathruithe de thoradh na Modheolaíochta Mheasúnaithe maidir le Riosca Flaithiúnais a chur in iúl láithreach bonn.

d)

Cuirfidh an Rúnaíocht liosta na bhflaithiúnas arna sainaithint faoi mhír b) thuas ar fáil go poiblí.

24.   AICMIÚCHÁN AN RIOSCA CEANNAITHEORA

Aicmeofar oibleagáideoirí agus, de réir mar is iomchuí, ráthóirí i dtíortha a aicmítear i gCatagóirí Riosca Tíre 1-7 i gceann amháin de na catagóirí riosca ceannaitheora a bunaíodh i ndáil le tír an oibleagáideora/ráthóra (14). Soláthraítear in Iarscríbhinn VI an mhaitrís de chatagóirí riosca ceannaitheora ina n-aicmeofar oibleagáideoirí agus ráthóirí. Soláthraítear tuairiscí cáilíochtúla ar na catagóirí riosca ceannaitheora in Iarscríbhinn IX.

a)

Beidh aicmiúcháin ceannaitheora-riosca bunaithe ar rátáil creidmheasa neamhurraithe shinsearach an oibleagáideora/ráthóra arna cinneadh ag an Rannpháirtí.

b)

D’ainneoin mhír a) thuas, idirbhearta ag a bhfuil luach creidmheasa CTS 5 mhilliún nó níos lú; féadfar iad a aicmiú ar bhonn idirbhirt i.e. tar éis aon fheabhsú creidmheasa um riosca ceannaitheora a chur i bhfeidhm; ní bhíonn idirbhearta den sórt sin, gan beann ar an gcaoi a n-aicmítear iad, incháilithe d’aon lascaine as feabhsuithe creidmheasa um riosca ceannaitheora a chur i bhfeidhm áfach.

c)

Aicmítear oibleagáideoirí flaithiúnais agus ráthóirí flaithiúnais i gcatagóir riosca ceannaitheora SOV/CC0.

d)

Ar bhonn eisceachtúil, féadfar oibleagáideoirí agus ráthóirí neamhfhlaithiúnais a aicmiú sa chatagóir riosca ‘Níos fearr ná Ceannaitheoir Flaithiúnais’ (SOV+) más rud é (15):

go bhfuil rátáil airgeadra eachtraigh ag an oibleagáideoir/ráthóir ó CRA Creidiúnaithe atá níos fearr ná rátáil airgeadra eachtraigh (ó CRA céanna) a bhflaithiúnais faoi seach, nó

go bhfuil an t-oibleagáideoir/ráthóir suite i dtír inar sainaithníodh an riosca flaithiúnais de bheith i bhfad níos airde ná an riosca tíre.

e)

Tabharfaidh na Rannpháirtithe réamhfhógra de réir Airteagal 44 maidir le hidirbhearta:

le hoibleagáideoir/ráthóir neamhfhlaithiúnais i gcás inar lú an phréimh a mhuirearaítear ná an phréimh a shocraítear de réir Chatagóir Riosca Ceannaitheora CC1, i.e. CC0 nó SOV+;

le hoibleagáideoir/ráthóir neamhfhlaithiúnais i gcás ina ndéanann Rannpháirtí measúnú maidir le rátáil riosca ceannaitheora le haghaidh oibleagáideoir/ráthóir neamhfhlaithiúnais a fhaigheann rátáil ó CRA Creidiúnaithe, agus gur fearr í an rátáil riosca ceannaitheora arna measúnú ná an rátáil ó CRA Creidiúnaithe (16).

f)

I gcás iomaíocht le haghaidh idirbheart sonrach, inar aicmigh Rannpháirtithe iomaíocha an t-oibleagáideoir/ráthóir i gcatagóirí difriúla riosca ceannaitheora, féachfaidh na Rannpháirtithe iomaíocha le teacht ar aicmiúchán comónta um riosca ceannaitheora. Mura dtagtar ar chomhaontú maidir le haicmiúchán comónta, níl aon toirmeasc ar an Rannpháirtí (na Rannpháirtithe) i ndiaidh dó/dóibh an t-oibleagáideoir/ráthóir a aicmiú in aicmiúchán riosca ceannaitheora níos airde an t-aicmiúchán riosca ceannaitheora níos ísle a chur i bhfeidhm.

25.   CÉATADÁN AGUS CÁILÍOCHT AN CHLÚDAIGH OIFIGIÚIL CREIDMHEASA ONNMHAIRIÚCHÁIN

Difreáiltear MPRanna chun cáilíocht éagsúil na dtáirgí creidmheasa onnmhairiúcháin agus céatadán an chlúdaigh arna chur ar fáil ag na Rannpháirtithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á chur san áireamh. Is ar dhearcadh an onnmhaireora atá an difreáil bunaithe (i.e. chun an éifeacht iomaíoch a thagann as cáilíochtaí difreálacha an táirge a chuirtear ar fáil don institiúid onnmhairiúcháin/airgeadais a neodrú).

a)

Braitheann cáilíocht an táirge creidmheasa onnmhairiúcháin ar cibé acu is árachas, ráthaíocht nó creidmheas díreach/maoiniúchán díreach é an táirge, agus maidir le táirgí árachais cibé acu a chuirtear ar fáil nó nach gcuirtear ar fáil gan formhuirear clúdach an úis le linn thréimhse feithimh na n-éileamh (i.e. an tréimhse idir dáta dlite na híocaíochta ag an oibleagáideoir agus an dáta a dhlífear ar an árachóir an t-onnmhaireoir/institiúid airgeadais a aisíoc).

b)

Déanfar na táirgí creidmheasa onnmhairiúcháin go léir arna dtairiscint ag na Rannpháirtithe a aicmiú i gceann de na trí chatagóir táirge, arb é atá iontu:

Táirge a bheidh faoi bhun an chaighdeáin, i.e. árachas gan clúdach úis le linn thréimhse feithimh na n-éileamh agus árachas a mbeidh clúdach úis aige le linn thréimhse feithimh na n-éileamh ag a mbeidh formhuirear préimhe iomchuí;

Táirge caighdeánach, i.e. árachas a mbeidh clúdach úis aige le linn thréimhse feithimh na n-éileamh gan formhuirear préimhe iomchuí agus creidmheas díreach/maoiniúchán díreach; agus

Táirge a bheidh os cionn an chaighdeáin, i.e. ráthaíochtaí.

26.   TEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE

a)

Féadfaidh na Rannpháirtithe na teicnící maolaithe riosca tíre seo a leanas a chur i bhfeidhm, a leagtar amach an cur i bhfeidhm sonrach de in Iarscríbhinn X:

Struchtúr ag a bhfuil Sreabhadh Ionchasach Eischósta nasctha le Cuntas Eascró Eischósta

Maoiniú in Airgeadra Áitiúil

b)

An Rannpháirtí a chuireann MPR i bhfeidhm ina léirítear úsáid maolaithe riosca tíre, tabharfaidh sé réamhfhógra de réir Airteagal 43.

c)

Ní chuirfear aon mhaolú riosca tíre i bhfeidhm ar idirbhearta Tagarmhairc Margaidh.

27.   FEABHSUITHE CREIDMHEASA AR RIOSCA CEANNAITHEORA

a)

Féadfaidh na Rannpháirtithe na feabhsuithe creidmheasa ar riosca ceannaitheora (BRCE) seo a leanas a chur i bhfeidhm ina gceadaítear Toisc Feabhsaithe Creidmheasa (CEF) níos mó ná 0 a chur i bhfeidhm:

Sannadh Fáltas nó Infháltas Conartha

Urrús Sócmhainn-bhunaithe

Urrús Sócmhainní Dochta

Cuntas Eascró

b)

Leagtar amach in Iarscríbhinn X sainmhínithe ar BRCE agus ar luachanna CEF uasta le haghaidh oibleagáideoirí Chatagóir 1-7 agus oibleagáideoirí Tagarmhairc Margaidh araon.

c)

Féadfar BRCEnna a úsáid ina n-aonar nó i dteannta leis na srianta seo a leanas:

Is é 0.35 an CEF uasta is féidir a bhaint amach trí BRCEnna a úsáid le haghaidh idirbhearta Chatagóir 1-7. Maidir le hidirbhearta Tagarmhairc Margaidh, féadfar lascaine uasta 25 %a chur i bhfeidhm ar MPR Tagarmhairc Margaidh, ach ní fhéadfaidh an phréimh a mhuirearaítear a bheith níos ísle ná an Préimhráta Íosta Achtúireach is infheidhme.

Ní féidir ‘Urrús Sócmhainn-bhunaithe’ agus ‘Urrús Sócmhainní Dochta’ a úsáid le chéile in aon idirbheart amháin.

In idirbheart Chatagóir 1-7 inar feabhsaíodh an t-aicmiúchán riosca tíre is infheidhme trí ‘Struchtúr ag a bhfuil Sreabhadh Ionchasach Eischósta nasctha le Cuntas Eascró Eischósta’ a úsáid, ní fhéadfar aon BRCE a chur i bhfeidhm.

d)

Tabharfaidh na Rannpháirtithe réamhfhógra de réir Airteagal 44 maidir le hidirbhearta le hoibleagáideoir/ráthóir neamhfhlaithiúnais i gcás ina mbeidh cur i bhfeidhm CEF is mó ná 0 de thoradh BRCEnna, nó cibé uair a úsáidtear BRCEnna in idirbheart Tagarmhairc Margaidh a mbíonn praghsáil faoi bhun MPR an TCMB chomhfhreagraigh dá thoradh.

28.   BAILÍOCHT NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH RIOSCA CREIDMHEASA

a)

Chun leordhóthanacht MPRanna a mheas agus chun a fhoráil, más gá, do choigeartuithe, suas nó síos, úsáidfear Uirlisí Aiseolais Préimhe (PFTanna) ar bhonn tráthrialta go comhuaineach chun faireachán a dhéanamh ar MPRanna agus chun coigeartú a dhéanamh orthu.

b)

Déanfar measúnú le PFTanna ar leordhóthanacht MPRanna i dtéarmaí fheidhmíocht iarbhír na n-institiúidí a sholáthraíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin oifigiúla agus faisnéis an mhargaidh phríobháidigh maidir le praghsáil an riosca creidmheasa araon.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA DO CHABHAIR CHEANGAILTE

29.   PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

a)

D’aontaigh na Rannpháirtithe beartais chomhlántacha a bheith ann do chreidmheasanna onnmhairiúcháin agus do chabhair cheangailte. Ba cheart gur ar iomaíocht oscailte agus saor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh a bheadh beartais onnmhairiúcháin bunaithe. Le beartais um chabhair cheangailte, ba cheart go gcuirfí ar fáil acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo do thíortha, d’earnálacha nó do thionscadail ar beag an rochtain atá acu ar mhaoiniú margaidh nó nach bhfuil aon rochtain acu ar mhaoiniú margaidh. Le beartais um chabhair cheangailte, ba cheart go n-áiritheofaí an luach is fearr ar airgead, go n-íoslaghdófaí ar shaobhadh trádála, agus go gcuirfí le húsáid éifeachtach fhorbarthach na n-acmhainní sin.

b)

Ní bhaineann na forálacha um chabhair cheangailte an tSocraithe le cláir cabhrach na n-institiúidí iltaobhacha nó réigiúnacha.

c)

Ní thugtar réamhbhreith sna prionsabail seo ar thuairimí an Choiste Cúnaimh um Fhorbairt (DAC) maidir le cáilíocht cabhrach ceangailte agus neamhcheangailte.

d)

D’fhéadfadh sé go n-iarrfadh Rannpháirtí faisnéis bhreise a bhainfeadh le stádas ceangailteach aon fhoirme cabhrach. Má tá éiginnteacht ann cé acu a thagann nó nach dtagann cleachtas maoiniúcháin áirithe laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe maidir le cabhair cheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, cuirfidh an tír bhronntach fianaise ar fáil a thacaíonn le haon éileamh gur ‘neamhcheangailte’ le ceart atá an chabhair i gcomhréir leis an sainmhíniú in Iarscríbhinn XIII.

30.   CINEÁLACHA CABHRACH CEANGAILTE

Féadfaidh an chabhair cheangailte a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

a)

Iasachtaí um Chúnamh Forbraíochta Oifigiúla (ODA) mar a shainítear iad in ‘DAC Guiding Principles for Associated Financing and Tied and Partially Untied Official Development Assistance [Treoirphrionsabail DAC maidir le Maoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh Forbartha Oifigiúla atá Ceangailte agus Neamhcheangailte go Páirteach] (1987)’;

b)

Deontais ODA mar a shainmhínítear iad in ‘DAC Guiding Principles for Associated Financing and Tied and Partially Untied Official Development Assistance [Treoirphrionsabail DAC maidir le Maoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh Forbartha Oifigiúla atá Ceangailte agus Neamhcheangailte go Páirteach] (1987)’; agus

c)

Sreafaí Oifigiúla Eile (OOF), lena n-áirítear deontais agus iasachtaí ach a dhéanann na creidmheasanna onnmhairiúcháin, arna dtacú go hoifigiúil, agus atá i gcomhréir leis an Socrú a eisiamh; nó

d)

Aon chomhlachas, e.g. meascán, le dlí agus le gníomh, atá faoi rialú an bhronntóra, an iasachtóra nó an iasachtaí, lena mbaineann dhá ní nó níos mó de na nithe roimhe seo, agus/nó na comhchodanna maoinithe seo a leanas:

1.

creidmheas onnmhairiúcháin a bheidh á thacú go hoifigiúil trí chreidmheas díreach/maoiniú díreach, athmhaoiniú, tacaíocht ráta úis, ráthaíocht nó árachas a mbeidh feidhm ag an Socrú ina leith; agus

2.

cistí eile ag téarmaí an mhargaidh, nó gar dóibh, nó éarlais ón gceannaitheoir.

31.   MAOINIÚ COMHLACHAITHE

a)

Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith ag maoiniú comhlachaithe, lena n-áirítear creidmheasanna measctha, maoiniú measctha, maoiniú comhpháirteach nó idirbhearta comhtháite singile. Is iad na nithe seo a leanas na príomhthréithe atá acu:

comhchuid lamháltais atá nasctha le dlí nó le gníomh leis an gcomhchuid neamhlamháltais;

an pacáiste maoiniúcháin go léir nó cuid shingil de arb é atá ann cabhair cheangailte iarbhír; agus

cistí lamháltais ar cistí iad atá ar fáil más rud é go nglacann an faighteoir leis an gcomhchuid neamhlamháltais, agus sa chás sin amháin.

b)

Déantar comhlachas nó nascáil ‘le gníomh’ a chinneadh leis na tosca seo a leanas:

tuiscintí neamhfhoirmiúla a bheith ann idir an faighteoir agus na húdaráis bhronnta;

intinn an bhronntóra chun inghlacthacht an phacáiste maoinithe a éascú trí bhíthin ODA a úsáid;

ceangal éifeachtach an phacáiste maoinithe go léir le soláthar sa tír bhronntach;

stádas ceangailteach ODA agus an meán chun gach idirbheart maoinithe a chur ar tairiscint nó ar conradh; nó

aon chleachtas eile, arna aithint ag an DAC nó na Rannpháirtithe nuair a bhíonn teagmháil de facto ann idir dhá chomhchuid maoinithe nó níos mó.

c)

Ní chuirfidh na cleachtais seo a leanas cosc ar chomhlachas nó nascáil a chinneadh ‘le gníomh’:

scoilteadh conartha trí fhógra ar leithligh a thabhairt maidir le comhábhair chonartha amháin;

conarthaí arna maoiniú i gcéimeanna éagsúla a scoilteadh;

gan fógra a thabhairt faoi chodanna idirspleácha conartha; agus/nó

gan fógra a thabhairt toisc cuid den phacáiste maoiniúcháin a bheith neamhcheangailte.

32.   INCHÁILITHEACHT TÍRE I gCOMHAIR CABHRACH CEANGAILTE

a)

Ní bheidh aon chabhair cheangailte ann do thíortha a bhfuil a OIN per capita, de réir sonraí ón mBanc Domhanda, os cionn na huasteorann le haghaidh tíortha íseal-mheánioncaim. Déanann an Banc Domhanda an tairseach sin a ríomh ar bhonn bliantúil (17). Ní athróidh tír ó chatagóir amháin go ceann eile ach amháin nuair a bhíonn a catagóir de réir an Bhainc Dhomhanda gan athrú ar feadh 2 bhliain i ndiaidh a chéile.

b)

Bíonn feidhm ag na critéir agus nósanna imeachta oibriúcháin seo a leanas nuair a bhíonn tíortha á n-aicmiú:

1.

Déantar Aicmiúchán chun críche an tSocraithe a chinneadh de réir OIN per capita mar atá ríofa ag an mBanc Domhanda chun críocha aicmiú na dtíortha iasachtaíochta ag an mBanc Domhanda; cuirfidh an Rúnaíocht an t-aicmiúchán seo ar fáil don phobal.

2.

Sna cásanna nach mbíonn a dhóthain faisnéise ag an mBanc Domhanda chun sonraí OIN per capita a fhoilsiú, iarrfar ar an mBanc Domhanda meastachán a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil OIN per capita na tíre i dtrácht os cionn na tairsí atá i bhfeidhm faoi láthair nó faoin tairseach sin. Déanfar an tír a aicmiú de réir an mheastacháin sin, mura rud é go gcinneann na Rannpháirtithe a mhalairt a dhéanamh.

3.

Mura n-athraíonn incháilitheacht tíre le haghaidh cabhair cheangailte i gcomhréir le mír (a) thuas, tiocfaidh an t-athaicmiúchán i bhfeidhm 2 sheachtain i ndiaidh don Rúnaíocht na conclúidí a dhéantar ó na sonraí thuasluaite ón mBanc Domhanda a chur in iúl. Ní fhéadfar fógra a thabhairt maidir le haon mhaoiniú cabhrach ceangailte do thír incháilithe nua roimh dháta éifeachtúil an athaicmiúcháin; tar éis an dáta sin, ní fhéadfar fógra a thabhairt faoi aon mhaoiniú cabhrach ceangailte le haghaidh tír nuathionscanta, ach amháin go bhféadfar fógra a thabhairt faoi idirbhearta aonair, atá á gcumhdach faoi líne chreidmheasa a bhfuil gealltanas tugtha ina leith cheana, go dtí go rachaidh an líne chreidmheasa in éag (tráth nach mbeidh níos faide ná bliain amháin ón dáta éifeachtach).

4.

I gcásanna ina ndéanann an Banc Domhanda athbhreithniú ar na figiúirí, ní bheidh beann ar na hathbhreithnithe sin a fhad agus a bhaineann leis an Socrú. Mar sin féin, féadfar aicmiúchán tíre a athrú trí bhíthin Líne Choiteann i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí in Airteagail 54 go 59, agus dhéanfadh na Rannpháirtithe breithniú fabhrach ar aon athrú mar gheall ar earráidí agus easnaimh sna figiúirí a tugadh faoi deara sa bhliain féilire chéanna ina ndearna an Rúnaíocht na figiúirí a scaipeadh den chéad uair.

33.   INCHÁILITHEACHT TIONSCADAIL

a)

Ní leathnófar cabhair cheangailte chuig tionscadail phoiblí nó phríobháideacha ar cheart, go hiondúil, go mbeidís inmharthana ar bhonn tráchtála má dhéantar iad a mhaoiniú ar théarmaí an mhargaidh nó an tSocraithe.

b)

Is iad seo a leanas na heochairthástálacha don incháilitheacht sin:

cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal neamh-inmharthana ar bhonn airgeadais, i.e. an bhfuil acmhainneacht in easnamh sa tionscadal in éineacht le praghsáil iomchuí arna cinneadh ar phrionsabail an mhargaidh chun sreabhadh airgid a ghiniúint a bheadh leordhóthanach chun costais oibriúcháin an tionscadail a chlúdach agus chun seirbhísiú a dhéanamh ar an gcaipiteal a úsáidtear, i.e. an chéad phríomhthástáil; nó

cé acu atá nó nach bhfuil sé réasúnach a mheas gur neamhdhóchúil, bunaithe ar chumarsáid leis na Rannpháirtithe eile, gur féidir an tionscadal a mhaoiniú ar théarmaí an mhargaidh nó an tSocraithe, i.e. an dara príomh-thástáil. I dtaca le tionscadail ar mó iad ná 50 milliún CTS, leagfar béim ar leith ar infhaighteacht ionchasach a bheith ar mhaoiniúchán ar théarmaí an mhargaidh nó ar théarmaí an tSocraithe nuair a bhíonn iomchuibheas na cabhrach sin á bhreithniú.

c)

Tá na príomhthástálacha faoi mhír b) thuas ceaptha cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionscadal chun a chinneadh cé acu ar cheart nó nár cheart é a mhaoiniú leis an gcabhair sin nó le creidmheasanna onnmhairiúcháin ar théarmaí an mhargaidh nó an tSocraithe. Tríd an bpróiseas comhairliúcháin a thuairiscítear in Airteagail 47 go 49, tá coinne leis go bhforbrófar corpas taithí leis an aimsir lena saineofar ar bhonn níos beaichte, le haghaidh creidmheasa onnmhairiúcháin agus gníomhaireachtaí creidmheasa araon, treoraíocht ex ante idir an dá chatagóir tionscadal.

d)

Ní mór d’aon Rannpháirtí ar mian leis cabhair a chur ar fáil maidir le hearraí agus/nó seirbhísí a chumhdaítear leis an Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Long, a dhearbhú nach mbeidh an long á hoibriú faoi chlárlann oscailte le linn an téarma aisíocaíochta agus go mbeidh an dearbhú iomchuí faighte go bhfuil cónaí ar an úinéir deiridh sa tír ghlactha, nach fochuideachta neamhoibríochtúil é de leas eachtrach agus nár ghlac sé air féin gan an long a dhíol gan formheas a fháil óna rialtas.

34.   LEIBHÉAL ÍOSTA LAMHÁLTAIS

Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe cabhair cheangailte ag a bhfuil leibhéal lamháltais is lú ná 35 %, nó 50 % más Tír is lú Forbairt (TLF) í an tír is tairbhí, ach amháin sna cásanna a leagtar amach thíos, cásanna atá díolmhaithe freisin ó na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagail 45 (a) agus 46(a):

a)

Cúnamh teicniúil: cabhair cheangailte arb é atá sa chomhchuid oifigiúil cabhrach forbartha comhar teicniúil, agus comhar teicniúil amháin, ar lú é ná 3 % de luach iomlán an idirbhirt nó milliún CTS, cibé acu is ísle; agus

b)

Tionscadail bheaga: tionscadail chaipitil is lú ná milliún CTS a mhaoinítear go hiomlán ó dheontais cúnaimh um fhorbairt.

35.   DÍOLÚINTÍ Ó INCHÁILITHEACHT TÍRE NÓ TIONSCADAIL AR CHABHAIR CHEANGAILTE

a)

Níl feidhm ag forálacha Airteagail 32 agus 33 maidir le cabhair cheangailte i gcás inar 80 % nó níos mó é an leibhéal lamháltais seachas cabhair cheangailte ar cuid é den phacáiste maoiniúcháin comhlachaithe, a thuairiscítear in Airteagal 31.

b)

Níl feidhm ag forálacha Airteagal 33 maidir le cabhair cheangailte a bhfuil luach is lú ná 2 mhilliún CTS aige, seachas cabhair cheangailte ar cuid í den phacáiste maoiniúcháin comhlachaithe, a thuairiscítear in Airteagal 31.

c)

Níl cabhair cheangailte le haghaidh LDCanna, faoi mar a shainítear í ag na Náisiúin Aontaithe, faoi réir fhorálacha Airteagail 32 agus 33.

d)

Breathnóidh Rannpháirtithe eile go fabhrach maidir le dlús a chur le nósanna imeachta i leith cabhair cheangailte i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha:

i gcás tionóisc núicléach nó mórthionóisc thionsclaíochta a bheith ann a bhíonn ina chúis le truailliú tromchúiseach trasteorann, inar mian le haon Rannpháirtí a bhíonn thíos leis éifeachtaí na tionóisce a dhíothú nó a mhaolú, nó

i gcás ina mbíonn riosca suntasach ann go dtarlóidh taisme den sórt sin, inar mian le haon Rannpháirtí a d’fhéadfadh a bheith thíos leis sin cabhair a chur ar fáil ionas nach dtarlóidh sé.

e)

D’ainneoin Airteagail 32 agus 33, féadfaidh Rannpháirtí, go heisceachtúil, tacaíocht a chur ar fáil trí cheann de na nithe seo a leanas:

an nós imeachta maidir le Líne Choiteann mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XIII agus mar a thuairiscítear in Airteagail 54 go 59; nó

bonn cirt a bheith ann ar fhorais cabhrach trí thacaíocht a fháil ó líon substaintiúil de na Rannpháirtithe mar a thuairiscítear in Airteagail 47 agus 48 é; nó

litir chuig Ard-Rúnaí ECFE, i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 49, a bhfuil dúil ag na Rannpháirtithe iad a bheith neamhghnách agus neamhchoitianta.

36.   LEIBHÉAL LAMHÁLTAIS NA CABHRACH CEANGAILTE A RÍOMH

Déantar an leibhéal lamháltais do chabhair cheangailte a ríomh agus feidhm á baint as an modh céanna agus a úsáideann an DAC d’eilimint an deontais, ach amháin:

a)

An ráta lascaine a úsáidtear chun an leibhéal lamháltais i gcomhair iasachta a ríomh in airgeadra ar leith, i.e. an Ráta Lascaine Difreáilte (RLD), atá faoi réir athrú bliantúil an 15 Eanáir agus a ríomhtar mar a leanas (18):

Meán an CIRR ag baint úsáide as torthaí bannaí rialtais 7 mbliana + Lamháil

Braitheann an Lamháil (M) ar an téarma aisíocaíochta (R) mar a leanas:

R

M

níos lú ná 15 bliana

0.75

idir 15 bliana agus suas le 20 bliain, ach gan 20 bliain a bheith san áireamh

1.00

idir 20 bliain agus suas le 30 bliain ach gan 30 bliain a bheith san áireamh

1.15

30 bliain agus os a chionn

1.25

Maidir le gach airgeadra, déantar meán CIRR ag baint úsáide as torthaí bannaí rialtais 7 mbliana a ríomh ach meán na rátaí míosúla a chur san áireamh atá bailí le linn na tréimhse 6 mhí idir 15 Lúnasa an bhliain roimhe sin agus 14 Feabhra sa bhliain reatha, arna chinneadh de réir fhorálacha Iarscríbhinn XII. Slánaítear an ráta ríofa, lena n-áirítear an Corrlach, go dtí na 10 mbonnphointe is gaire.

b)

Is é an bonndáta chun an leibhéal lamháltais a ríomh an túsphointe don chreidmheas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII é.

c)

Chun críche leibhéal lamháltais foriomlán pacáiste maoinithe comhlachaithe a ríomh, meastar gur nialas iad leibhéal lamháltais na gcreidmheasanna, na gcistí agus na n-íocaíochtaí seo a leanas:

creidmheasanna onnmhairiúcháin atá i gcomhréir leis an Socrú;

cistí eile atá ag rátaí an mhargaidh nó gar dóibh;

cistí oifigiúla eile ag a bhfuil leibhéal lamháltais is lú ná an t-íosmhéid a cheadaítear faoi Airteagal 34 ach amháin i gcásanna maidir le comhoiriúnú; agus

éarlais ón gceannaitheoir.

Maidir le híocaíochtaí ag túsphointe an chreidmheasa, nó roimhe, a mheastar nach éarlais iad, áireofar iad i ríomh an leibhéil lamháltais.

d)

An ráta lascaine i gcabhair chomhoiriúnaithe: i gcabhair chomhoiriúnaithe, ciallaíonn comhoiriúnú a dhéanamh le leibhéal comhoiriúnaithe comhionann a dhéantar a athríomh leis an ráta lascaine atá i bhfeidhm tráth an chomhoiriúnaithe.

e)

Ní áireofar costais áitiúla agus soláthar tríú tír i ríomh an leibhéil lamháltais ach amháin más í an tír bhronntach a mhaoiníonn iad.

f)

Déantar leibhéal foriomlán pacáiste a chinneadh trí leibhéal ainmniúil gach comhchoda sa phacáiste a iolrú faoi leibhéal lamháltais gach comhchoda lena mbaineann, ag suimiú na dtorthaí, agus an t-iomlán seo a roinnt ar luach ainmniúil comhiomlán na gcomhchodanna.

g)

Is é an ráta lascaine d’iasacht ar leith an ráta atá in éifeacht tráth an fhógra. Má bhíonn fógra pras ann, áfach, is é an ráta lascaine an ráta atá i bhfeidhm an tráth ar socraíodh téarmaí agus coinníollacha na hiasachta cabhrach. Ní dhéanann athrú ar an ráta lascaine le linn ré na hiasachta a leibhéal lamháltais a athrú.

h)

Má dhéantar athrú airgeadra sula dtugtar an conradh chun críche, déanfar an fógra a athbhreithniú. Is é an ráta lascaine a úsáidtear chun an leibhéal lamháltais a ríomh an ráta a bheidh infheidhme tráth an athbhreithnithe. Ní gá athbhreithniú a bheith ann má dhéantar an t-airgeadra malartach agus an fhaisnéis uile is gá do ríomh an leibhéil lamháltais a shonrú san fhógra bunaidh.

i)

D’ainneoin mhír g) thuas, is é an ráta lascaine a úsáidtear chun leibhéal lamháltais idirbheart ar leith arna dtionscnamh faoi líne chreidmheasa um chabhair a ríomh, an ráta ar tugadh fógra faoi i dtús báire don líne chreidmheasa.

37.   TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DON CHABHAIR CHEANGAILTE

a)

Leagfaidh na Rannpháirtithe síos na téarmaí agus na coinníollacha don chabhair cheangailte, cibé acu a bhaineann sé seo le hidirbhearta ar leith a mhaoiniú nó le prótacal cabhrach, le líne chreidmheasa um chabhair, nó le comhaontú dá shamhail, go ceann níos mó ná 2 bhliain. I gcás phrótacal cabhrach, líne chreidmheasa um chabhair nó comhaontú dá shamhail, tosóidh an tréimhse bhailíochta dáta an tsínithe, agus beidh fógra le tabhairt faoi i gcomhréir le hAirteagal 46; tabharfar fógra faoi fhadú na líne creidmheasa amhail is dá mb’idirbheart nua é lena ngabhfaidh nóta ag míniú gur fadú atá ann agus go bhfuil sí á hathnuachan ag téarmaí a ceadaíodh an tráth ar tugadh fógra faoin bhfadú. I gcás idirbheart aonair, lena n-áirítear iad sin ar tugadh fógra fúthu faoin bprótacal cabhrach líne chreidmheasa um chabhair nó comhaontú dá shamhail, tosóidh an tréimhse bhailíochta an dáta a thabharfar fógra faoin gceangaltas i gcomhréir le hAirteagal 45 nó 46, de réir mar is iomchuí.

b)

Nuair a bheidh tír neamhcháilithe d’iasachtaí 17 mbliana ón mBanc Domhanda den chéad uair, déanfar tréimhse bhailíochta do phrótacail cabhrach ceangailte agus línte creidmheasa atá ann cheana agus do phrótacail cabhrach ceangailte agus línte cabhrach nua a bhfuil fógra tugtha ina leith a shrianadh go dtí bliain amháin tar éis dháta an athaicmiúcháin ionchasaigh i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 32(b).

c)

Ní féidir athnuachan a dhéanamh ar na prótacail agus na línte creidmheasa sin ach amháin ar na téarmaí atá i gcomhréir le forálacha Airteagail 32 agus 33 den Socrú tar éis an méid seo a leanas:

athaicmiúchán na dtíortha; agus

athrú i bhforálacha an tSocraithe.

Sna cúinsí sin, féadfar na téarmaí agus na coinníollacha atá ann cheana a choimeád d’ainneoin athrú a bheith ar an ráta lascaine a leagtar amach in Airteagal 36.

38.   COMHOIRIÚNÚ

Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, agus ag teacht le cuspóir an tSocraithe, féadfaidh Rannpháirtí, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 41, comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Rannpháirtí nó ag Neamh-rannpháirtí.

CAIBIDIL IV

NÓSANNA IMEACHTA

ROINN 1

NÓSANNA IMEACHTA COITEANNA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR

39.   FÓGRAÍ

Na fógraí a leagtar amach leis na nósanna imeachta sa Socrú, déanfar iad i gcomhréir leis an bhfaisnéis a fhaightear in Iarscríbhinn V, agus áireofar iontu an fhaisnéis atá inti, agus déanfar iad a chur i gcóip chuig an Rúnaíocht.

40.   FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL

a)

A luaithe a gheallann Rannpháirtí an tacaíocht oifigiúil a bhfuil fógra tugtha fúithi aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagail 43 go 46, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas dá réir sin trí uimhir thagartha an fhógra a chur san fhoirm tuairiscithe ex-post ábhartha.

b)

Má tá malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagail 51 go 53 ann, cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile ar an eolas maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha creidmheasa atá á mbeartú aige chun tacaíocht a thabhairt dóibh le haghaidh idirbheart ar leith agus d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh sé faisnéis chomhchosúil ó na Rannpháirtithe eile.

c)

De bhreis ar an bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn V a chuirtear ar fáil d’idirbhearta ar tugadh fógra roimh ré ina leith faoi Airteagail 43 nó 44, soláthróidh na Rannpháirtithe an méid seo a leanas, san fhoirm ábhartha tuairiscithe ex post:

1.

i gcás na n-idirbheart uile arna dtacú, faisnéis a bhaineann leis an téarma aisíocaíochta iarbhír agus leis an bpróifíl aisíocaíochta ar bhonn ex-post, lena n-áirítear na hítimí seo a leanas, i measc ítimí eile: (1) fad an téarma aisíocaíochta, (2) an phróifíl aisíocaíochta, (3) minicíocht na n-aisíocaíochtaí príomhshuime, (4) minicíocht na n-íocaíochtaí úis, (5) an fad ama idir túsphointe an chreidmheasa agus an chéad aisíocaíocht ar an bpríomhshuim, agus i gcás inarb ábhartha, (6) meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta, (7) céatadán den bhunairgead arna aisíoc ag lárphointe an chreidmheasa, (8) tráthchuid aonair uasta, (9) míniú ar mhíchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a úsáideadh, agus (10) réasúnú mionsonraithe agus leordhóthanach ar phróifíl aisíocaíochta arna thacú mura bhfuil an phróifíl aisíocaíochta ag teacht leis an saorshreabhadh airgid.

2.

ina theannta sin, i gcás idirbheart arna dtacú faoi Airteagal 13(e) nár tugadh fógra roimh ina leith, déanfaidh na Rannpháirtithe an méid seo a leanas a sholáthar freisin:

míniú ar na cúiseanna le míchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don oibleagáideoir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a cheadaítear i gcomhréir le hAirteagail 13(a) agus 13(b), agus

i gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil ag teacht leis an saorshreabhadh airgid, bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach maidir leis an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht.

41.   NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN gCOMHOIRIÚNÚ

a)

Sula ndéanfaidh Rannpháirtí na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais a thoimhdítear a bheith á dtairiscint ag Rannpháirtí nó neamh-Rannpháirtí de bhun Airteagail 17 agus 38 a chomhoiriúnú, déanfaidh sé gach iarracht réasúnach, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, trí na comhairliúcháin duine le duine a thuairiscítear in Airteagal 53 a úsáid, chun a fhíorú go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha á dtacú go hoifigiúil agus go gcomhlíonfar na nithe seo a leanas leo:

1.

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra do na Rannpháirtithe eile go léir maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhfuil sé ar intinn aige a thacú agus na nósanna imeachta céanna um fhógra a cheanglaítear leis na téarmaí comhoiriúnaithe agus na coinníollacha comhoiriúnaithe á leanúint aige. I gcás Neamh-rannpháirtí a chomhoiriúnú, leanfaidh an Rannpháirtí na nósanna imeachta céanna um fhógra a cheanglófaí dá mba rud é go dtairgfeadh Rannpháirtí na téarmaí comhoiriúnaithe.

2.

D’ainneoin fhomhír 1) thuas, dá gceanglófaí leis an nós imeachta um fhógra is infheidhme go gcoinneodh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe a cheangaltas siar go dtí tar éis spriocdháta na himthairisceana deiridh, tabharfaidh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe fógra ansin go bhfuil sé i gceist aige an maoiniú a chomhoiriúnú a luaithe is féidir.

3.

Más rud é go dtarraingíonn an Rannpháirtí tionscnaimh siar an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh fógra tugtha fúthu, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

b)

Maidir le Rannpháirtí ag a bhfuil sé ar intinn téarmaí comhionanna airgeadais a thairiscint agus na téarmaí a bhfuil fógra tugtha fúthu de réir Airteagail 43 agus 44, féadfaidh sé é sin a dhéanamh amhlaidh a luaithe a bheidh an tréimhse feithimh a leagtar síos iontu dulta in éag. Déanfaidh an Rannpháirtí fógra a thabhairt faoina bhfuil ar intinn aige a luaithe is féidir.

42.   COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA

a)

Maidir le Rannpháirtí ag a bhfuil forais réasúnacha a chreidiúint gur flaithiúla na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais atá á dtairiscint ag Rannpháirtí eile (an Rannpháirtí tionscnaimh) ná na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Socrú, cuirfidh sé an Rúnaíocht ar an eolas faoi sin; Cuirfidh an Rúnaíocht an fhaisnéis sin ar fáil láithreach.

b)

Déanfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh téarmaí airgeadais agus coinníollacha airgeadais a thairisceana a shoiléiriú laistigh de 2 lá oibre tar éis an fhaisnéis ón Rúnaíocht a eisiúint.

c)

Tar éis soiléiriú a bheith tugtha ag an Rannpháirtí tionscnaimh, féadfaidh aon Rannpháirtí a iarraidh go n-eagródh an Rúnaíocht sainchruinniú comhairliúcháin laistigh de 5 lá oibre chun an tsaincheist a phlé.

d)

Ní bheidh éifeacht leis na téarmaí airgeadais agus leis na coinníollacha airgeadais a thairbheoidh den tacaíocht oifigiúil go dtí go mbeidh toradh ar chruinniú comhairliúcháin speisialta na Rannpháirtithe.

ROINN 2

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

43.   FÓGRA ROIMH RÉ AGUS PLÉ INA THEANNTA

a)

Cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas de luach is mó ná 10 milliún CTS i gcomhréir le hIarscríbhinn V más rud é:

gurb ionann an t-aicmiú riosca tíre agus an t-aicmiú riosca ceannaitheora is infheidhme a úsáidtear chun MPR a ríomh agus ceann ó ráthóir tríú páirtí atá lonnaithe lasmuigh de thír an oibleagáideora [i.e. arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21 e)]; nó

gur laghdaíodh an MPR is infheidhme trí theicníc maolaithe riosca tíre a liostaítear in Airteagal 26 a chur i bhfeidhm.

b)

Cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas de luach is mó ná 10 milliún CTS i gcomhréir le hIarscríbhinn V má chuirtear síneadh leis an tacaíocht faoi Airteagal 6(a)(2) d’Iarscríbhinn I.

c)

Má iarrann aon Rannpháirtí eile plé le linn na tréimhse sin, fanfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh 10 lá féilire eile.

d)

Cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas maidir lena chinneadh deiridh tar éis plé a bheith ann chun an t-athbhreithniú ar an gcorpas taithí a éascú i gcomhréir le hAirteagal 62. Coimeádfaidh na Rannpháirtithe taifid faoina dtaithí maidir le préimhrátaí a dtabharfar fógraí fúthu i gcomhréir le mír a) thuas.

44.   RÉAMHFHÓGRA

a)

I gcomhréir le hIarscríbhinn V, cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas le téarma aisíocaíochta níos mó ná 10 mbliana agus dar luach creidmheasa níos mó ná 10 milliún CTS.

b)

I gcomhréir le hIarscríbhinn V, cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas dar luach creidmheasa níos mó ná 10 milliún CTS má chuirtear an tacaíocht ar fáil de réir:

1.

Airteagal 13(f),

2.

Airteagal 5 d’Iarscríbhinn II, nó

3.

Airteagal 6(a)(1) d’Iarscríbhinn I.

c)

I gcomhréir le hIarscríbhinn V, cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas dar luach creidmheasa níos mó ná 10 milliún CTS má chuirtear an tacaíocht ar fáil maidir le:

1.

Airteagal 11(d)(3).

2.

Cur i bhfeidhm préimhráta le haghaidh idirbheart tagarmhairc margaidh i gcomhréir le forálacha;

An tríú fleasc d’Airteagal 21(c)(1) nuair a bheidh páirt á glacadh aige mar chuid de phacáiste iasachtaí sindeacáite.

An dara fleasc d’Airteagal 21(c)(2), trína bhfuil an préimhráta a ghearrtar níos ísle ná an phréimh chomhfhreagrach arna cinneadh ag samhail TCMB.

An tríú fleasc d’Airteagal 21(c)(2), trína n-aicmíonn Rannpháirtí an t-oibleagáideoir/ráthóir níos fearr ná an rátáil is fearr ó CRA Creidiúnaithe; nó mura bhfuil aon rátáil ann ó CRA Creidiúnaithe, agus má aicmíonn Rannpháirtí idirbheart mar CC2 nó níos fearr, nó ag litir rátála creidmheasa atá coibhéiseach le AAA go A-, nó comhionann nó níos fabhraí ná an rátáil is fearr ó CRA Creidiúnaithe ar an bhflaithiúnas i sainchónaí an oibleagáideora/ráthóra.

3.

Cur i bhfeidhm préimhráta d’idirbheart atá faoi réir MPRanna Chatagóirí Riosca Tíre 1-7 MPRanna i gcomhréir le hAirteagal 24(e) sa chaoi gurb é seo a leanas an chatagóir riosca ceannaitheora a roghnaíodh, a úsáidtear chun MPR a ríomh d’idirbheart le hoibleagáideoir/ráthóir neamhcheannasach:

níos ísle ná CC1 (i.e. CC0 nó SOV+); nó

níos fearr ná an rátáil CRA Creidiúnaithe.

4.

Cur i bhfeidhm préimhráta i gcomhréir le hAirteagal 27(d) le haghaidh idirbhearta le hoibleagáideoir/ráthóir neamhfhlaithiúnais, trína gcuirtear i bhfeidhm CEF is mó ná 0 de thoradh feabhsuithe creidmheasa um riosca ceannaitheora a úsáid, nó cibé uair a úsáidtear BRCEnna in idirbheart Tagarmhairc Margaidh a mbíonn praghsáil faoi bhun MPR TCMB chomhfhreagraigh dá thoradh.

5.

Idirbheart atá faoi réir líne choiteann mar a shonraítear in Airteagal 59(c).

ROINN 3

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR

45.   RÉAMHFHÓGRA

a)

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra roimh ré i gcomhréir le hIarscríbhinn V má tá sé ar intinn aige tacaíocht oifigiúil a sholáthar do na nithe seo a leanas:

Cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil dar luach 2 mhilliún CTS nó níos mó, agus ag a bhfuil leibhéal lamháltais is lú ná 80 %;

Cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil dar luach níos lú ná 2 mhilliún CTS agus comhchuid deontais (arna sainiú ag DAC) is lú ná 50 %;

Cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil dar luach 2 mhilliún CTS nó níos mó agus ag a bhfuil leibhéal lamháltais níos lú ná 80 %; nó

Cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil dar luach níos lú ná 2 mhilliún CTS agus ag a bhfuil leibhéal lamháltais níos lú ná 50 %, seachas sna cásanna a leagtar amach in Airteagail 35 a) agus 35 b).

Cabhair cheangailte i gcomhréir le hAirteagal 35 d).

b)

Tabharfar fógra roimh ré ar a dhéanaí 30 lá oibre roimh dháta deiridh na himthairisceana nó roimh an dáta ceangaltais, cibé acu is luaithe.

c)

Más rud é go dtarraingíonn an Rannpháirtí tionscnaimh siar an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh fógra tugtha fúthu, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

d)

Beidh feidhm ag foráil an Airteagail seo maidir le cabhair cheangailte ar cuid í den phacáiste maoinithe comhlachaithe, a bhfuil tuairisc tugtha uirthi in Airteagal 31.

46.   FÓGRA PRAS

a)

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra go pras do na Rannpháirtithe eile go léir, i.e. laistigh de dhá lá oibre ón gceangaltas a dhéanamh, i gcomhréir le hIarscríbhinn V, más rud é go soláthraíonn sé tacaíocht oifigiúil do chabhair cheangailte a bhfuil luach ceachtar díobh seo a leanas aici:

2 mhilliún CTS nó níos mó agus leibhéal lamháltais 80 % nó níos mó; nó

is lú ná 2 mhilliún CTS agus leibhéal lamháltais de 50 % nó níos mó seachas na cásanna a leagtar amach in Airteagal 34 a) agus 34 b).

b)

Tabharfaidh Rannpháirtí fógra go pras freisin do na Rannpháirtithe eile go léir nuair a dhéantar prótacal cabhrach, líne chreidmheasa nó comhaontú comhchosúil a shíniú.

c)

Ní gá fógra a thabhairt roimh ré más mian le Rannpháirtí comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhí faoi réir fógra phrais.

ROINN 4

NÓSANNA IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN MAIDIR LE CABHAIR CHEANGAILTE

47.   CUSPÓIR NA gCOMHAIRLIÚCHÁN

a)

Féadfaidh Rannpháirtí a bhíonn ag féachaint le soiléiriú a fháil faoi spreagadh trádála le haghaidh cabhair cheangailte a iarraidh go gcuirfí ar fáil Measúnú Cáilíochta iomlán um Chabhair (arna mhionsonrú in Iarscríbhinn XI).

b)

Lena chois sin, féadfaidh Rannpháirtí a iarraidh go rachfaí i mbun comhairliúchán leis na Rannpháirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 48. Áirítear leo sin comhairliúcháin duine le duine amhail a leagtar amach in Airteagal 53 d’fhonn plé a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

ar an gcéad dul síos, cé acu atá nó nach bhfuil ceanglais Airteagail 32 agus 33 á gcomhlíonadh ag an tairiscint cabhrach; agus

más gá sin, cibé atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an tairiscint fiú amháin mura mbíonn ceanglais Airteagail 32 agus 33 á gcomhlíonadh.

48.   RAON FEIDHME AGUS TRÁTHÚ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN

a)

Le linn comhairliúchán a bheith ar siúl, féadfaidh Rannpháirtí, as measc nithe eile, an fhaisnéis seo a leanas a iarraidh:

measúnú ar staidéar féidearthachta mionsonraithe/breithmheas ar thionscadal;

cé acu atá nó nach bhfuil tairiscint ann atá in iomaíocht ina bhfuil maoiniú neamhlamháltais nó maoiniú cabhrach;

an t-ionchas a bheith ann airgeadra eachtrach a ghiniúint nó a shábháil leis an tionscadal;

cé acu atá nó nach bhfuil comhar ann leis na heagraíochtaí iltaobhacha amhail an Banc Domhanda;

imthairiscint Iomaíoch Idirnáisiúnta (ICB) a bheith ann, go háirithe más ag soláthróir na tíre bronntaí atá an tairiscint mheasta is ísle;

na himpleachtaí don chomhshaol;

aon rannpháirtíocht ón earnáil phríobháideach; agus

tráthú na bhfógraí (e.g. 6 mhí roimh dháta deiridh na himthairisceana nó an dáta ceangaltais), maidir le creidmheasanna lamháltais nó cabhrach.

b)

Críochnófar an comhairliúchán agus tabharfaidh an Rúnaíocht fógra maidir leis na conclúidí ar an dá cheist in Airteagal 46 chuig na Rannpháirtithe go léir ar a laghad 10 lá oibre roimh dháta deiridh na himthairisceana nó an dáta ceangaltais, cibé acu is túisce. Má tá easaontú i measc na bpáirtithe comhairliúcháin, tabharfaidh an Rúnaíocht cuireadh do na Rannpháirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl laistigh de 5 lá oibre. Cuirfidh sí na tuairimí sin in iúl don Rannpháirtí a thugann fógra, rannpháirtí ar cheart dó athmhachnamh a dhéanamh ar dhul ar aghaidh má dhealraíonn sé nach bhfuil aon tacaíocht shubstaintiúil ann do thairiscint cabhrach.

49.   TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN

a)

Maidir le bronntóir ar mian leis dul ar aghaidh le tionscadal in ainneoin tacaíocht shubstaintiúil a bheith in easnamh, tabharfaidh sé fógra roimh ré maidir lena bhfuil ar intinn aige do na Rannpháirtithe eile tráth nach déanaí ná 60 lá féilire tar éis don Chomhairliúchán a bheith tagtha chun críche, i.e. glacadh le conclúid an Chathaoirligh. Scríobhfaidh an bronntóir litir freisin chuig Ard-Rúnaí ECFE ag leagan amach torthaí na gcomhairliúchán agus ag míniú an leasa sháraithigh náisiúnta nach mbaineann le trádáil a bhrúnn an ghníomhaíocht seo ar aghaidh. Bíonn súil ag Rannpháirtithe gur tarlú neamhghnách agus neamhchoitianta a bheidh sa tarlú sin.

b)

Tabharfaidh an bronntóir fógra do na Rannpháirtithe go bhfuil litir curtha aige chuig Ard-Rúnaí ECFE, litir a n-áireofar cóip di leis an bhfógra. Ní dhéanfaidh an bronntóir ná aon Rannpháirtí eile ceangaltas um chabhair cheangailte go dtí 10 lá oibre tar éis an fógra seo do na Rannpháirtithe a bheith eisithe. Maidir le tionscadail ar aithníodh tairiscintí tráchtála ina leith a bhí in iomaíocht lena chéile le linn na tréimhse comhairliúcháin, cuirfear síneadh leis an tréimhse 10 lá oibre thuasluaite go dtí 15 lá.

c)

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar an dul chun cinn agus ar thorthaí na gcomhairliúchán.

ROINN 5

MALARTÚ FAISNÉISE MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR

50.   POINTÍ TEAGMHÁLA

Déanfar gach cumarsáid idir na pointí teagmhála ainmnithe i ngach tír trí chumarsáid mheandrach e.g. ríomhphost, agus pléifear leo i modh rúin.

51.   RAON FEIDHME NA bhFIOSRÚCHÁN

a)

Féadfaidh Rannpháirtí fiafraí de Rannpháirtí eile cad é an dearcadh atá aige maidir le tríú tír, institiúid i dtríú tír nó faoi mhodh ar leith chun gnó a dhéanamh.

b)

Féadfaidh Rannpháirtí a mbeidh iarratas ar thacaíocht oifigiúil faighte aige fiosrú a chur chuig Rannpháirtí eile, agus féadfar a lua san fhiosrú sin na téarmaí creidmheasa is fabhraí agus na coinníollacha creidmheasa is fabhraí a mbeadh an Rannpháirtí fiafraitheach toilteanach tacaíocht a thabhairt dóibh.

c)

Má dhéantar fiosrúchán do níos mó ná Rannpháirtí amháin, beidh liosta seolaithe ann.

d)

Cuirfear cóip de na fiosrúcháin go léir chuig an Rúnaíocht.

52.   RAON FEIDHME NA bhFREAGAIRTÍ

a)

Tabharfaidh an Rannpháirtí a mbeidh an fiosrúchán dírithe chuige freagairt laistigh de 7 lá féilire agus cuirfidh sé ar fáil an oiread faisnéise agus is féidir. Áireofar sa fhreagra an léiriú is fearr a fhéadfaidh an Rannpháirtí a thabhairt den chinneadh is dócha a thógfaidh sé. Más gá sin, beidh an freagra á leanúint a luaithe is féidir. Cuirfear cóipeanna chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht.

b)

Más rud é, i gcás freagra ar fhiosrúchán, go n-éiríonn sé neamhbhailí ina dhiaidh sin ar chúis ar bith, de bhrí mar shampla:

go ndearnadh iarratas, nó go ndearnadh é a athrú nó a tharraingt siar, nó

go bhfuil téarmaí eile á mbreithniú,

tabharfar freagra gan mhoill agus déanfar é a chur i gcóip chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht.

53.   COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE

a)

Aontóidh Rannpháirtí laistigh de 10 lá oibre le hiarrataí chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann.

b)

Cuirfear iarraidh chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann ar fáil do Rannpháirtithe agus do Neamh-rannpháirtithe. Beidh na comhairliúcháin sin ann a luaithe is féidir tar éis don tréimhse 10 lá oibre dul in éag.

c)

Déanfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe comhordú leis an Rúnaíocht maidir le haon ghníomhaíocht leantach is gá e.g. Líne Choiteann. Déanfaidh an Rúnaíocht an toradh an chomhairliúcháin a chur ar fáil go pras.

54.   NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA

a)

Is chuig an Rúnaíocht amháin a bhíonn na tograí maidir le Líne Choiteann dírithe. Cuirfidh an Rúnaíocht togra maidir le Líne Choiteann chuig na Rannpháirtithe go léir, agus nuair a bhíonn cabhair cheangailte i gceist, chuig pointí teagmhála DAC go léir. Ní dhéanfar céannacht an tionscnóra ar Chlár na Líne Coitinne a nochtadh ar an gClár Fógraí leictreonach arna choinneáil ar bun ag an Rúnaíocht ar Líonra Timpeallachta ECFE. Féadfaidh an Rúnaíocht, áfach, céannacht an tionscnóra a nochtadh ó bhéal do Rannpháirtí nó do chomhalta an DAC arna iarraidh sin dó. Coinneoidh an Rúnaíocht taifead de na hiarrataí sin.

b)

Déanfar dáta ar an togra maidir le Líne Choiteann a dhátú agus is í an fhormáid seo a leanas a bheidh air:

An uimhir thagartha, agus an ‘Líne Choiteann’ ina diaidh.

Ainm na tíre allmhairiúcháin agus an cheannaitheora.

Ainm an tionscadail agus cur síos chomh beacht agus is féidir air chun an tionscadal a shainaithint go soiléir.

Na téarmaí agus na coinníollacha a bhí tuartha ag an tír thionscnaimh.

Togra le haghaidh Líne Choiteann.

Náisiúntacht agus ainmneacha na dtairgeoirí aitheanta iomaíocha.

Dáta deiridh imthairisceana tráchtála agus airgeadais agus uimhir thairisceana a mhéid a bhfuil eolas ann fúithi.

Faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na cúiseanna chun an Líne Choiteann a mholadh, infhaighteacht na staidéar ar an tionscadal agus/nó na cúinsí speisialta.

c)

Le togra maidir le Líne Choiteann a chuirtear ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 32 b) 4), díreofar chuig an Rúnaíocht é agus déanfar é a chóipeáil chuig na Rannpháirtithe eile. Déanfaidh an Rannpháirtí a bhfuil togra maidir le Líne Choiteann á dhéanamh aige míniú iomlán a chur ar fáil faoi na cúiseanna a mheasann sé gur cheart aicmiú na tíre a bheith difriúil leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32 b).

d)

Déanfaidh an Rúnaíocht na Línte Coiteanna ar aontaíodh orthu a chur ar fáil go poiblí.

55.   FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN

a)

Tabharfar freagraí laistigh de 20 lá féilire, cé go moltar do na Rannpháirtithe freagairt do thogra maidir le Líne Choiteann a thapúla is féidir.

b)

D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i bhfreagairt iarraidh ar fhaisnéis bhreise, glacadh, agus diúltú, togra chun modhnú a dhéanamh ar an Líne Choiteann nó togra malartach maidir leis an Líne Choiteann.

c)

Maidir le Rannpháirtí a thugann le fios nach bhfuil aon seasamh á ghlacadh aige de bhrí nach ndeachaigh onnmhaireoir faoina dhéin, nó nach ndeachaigh na húdaráis sa tír fála faoina dhéin i gcás cabhair airgid a thabhairt don tionscadal, measfar go mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann glactha aige.

56.   GLACADH LE LÍNTE COITEANNA

a)

Déanfaidh an Rúnaíocht, tar éis 20 lá féilire a beith caite, na Rannpháirtithe go léir a chur ar an eolas i dtaca le stádas an togra maidir le Líne Choiteann. Más rud é nach mbeidh an Líne Choiteann glactha ag na Rannpháirtithe go léir, ach nach mbeidh diúltaithe di ag aon Rannpháirtí, fágfar an togra ar oscailt go ceann thréimhse bhreise 8 lá féilire.

b)

Tar éis na tréimhse breise sin, maidir le Rannpháirtí nach mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann diúltaithe go sainráite aige, measfar go bhfuil an Líne Choiteann glactha aige. Mar sin féin, féadfaidh Rannpháirtí, lena n-áirítear Rannpháirtí tionscnaimh, a chur de choinníoll maidir le glacadh leis an Líne Choiteann go nglacfaidh Rannpháirtí amháin nó níos mó go sainráite léi.

c)

Más rud é nach nglacfaidh Rannpháirtí le heilimint amháin nó níos mó den Líne Choiteann, glacfaidh sé go hintuigthe leis na heilimintí eile go léir den Líne Choiteann. Tuigtear go bhféadfadh sé go leanfadh de ghlacadh páirteach den sórt sin go n-athródh Rannpháirtithe eile a ndearcadh i leith Líne Coitinne a bheadh molta. Tá saoirse ag na Rannpháirtithe go léir na téarmaí agus na coinníollacha nach gcumhdaítear le Líne Choiteann a chomhoiriúnú.

d)

Féadfar Líne Choiteann nach mbeidh glactha a athbhreithniú agus úsáid á baint as na nósanna imeachta in Airteagail 54 agus 55. Sna cúinsí sin, níl na Rannpháirtithe faoi cheangal ag a gcinneadh bunaidh.

57.   EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA

Más rud é nach bhféadfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh agus an Rannpháirtí a mhol modhnú nó athrú aontú ar Líne Choiteann laistigh den tréimhse 8 lá féilire sa bhreis, féadfar an tréimhse sin a fhadú trína gcomhthoil. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin.

58.   DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE

Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas go rachaidh an Líne Choiteann in éifeacht nó go mbeidh diúltaithe di; beidh éifeacht ag an Líne Choiteann 3 lá féilire tar éis an fógra sin a fháil. Cuirfidh an Rúnaíocht ar fáil ar an gclár fógraí leictreonach taifead a bheidh á thabhairt cothrom le dáta ar shlí leanúnach maidir leis na Línte Coiteanna a bheidh aontaithe nó a mbeidh cinneadh aontaithe ina leith.

59.   BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA

a)

Maidir le Líne Choiteann, a luaithe a aontófar fúithi, beidh sí bailí go ceann thréimhse 2 bhliain ón dáta a rachaidh sí i bhfeidhm, mura rud é go gcuirtear an Rúnaíocht ar an eolas nach díol suime feasta í, agus go nglacann na Rannpháirtithe go léir leis sin. Beidh Líne Choiteann a bhaineann le hidirbheart sonrach bailí i gcónaí go ceann tréimhse 2 bhliain bhreise má fhéachann Rannpháirtí le fadú a fháil laistigh de 14 lá féilire ón dáta éaga bunaidh. Féadfar síntí ar Líne Choiteann ina dhiaidh sin a bhaineann le hidirbheart sonrach nó le haon síneadh ar Líne Choiteann nach mbaineann le hidirbheart sonrach a chomhaontú trí na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 54 go 58. Is bailí a bheidh Líne Choiteann arna haontú i gcomhréir le hAirteagal 32(b)(4) go dtí go mbeidh sonraí an Bhainc Dhomhanda don bhliain dár gcionn ar fáil.

b)

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar stádas na Línte Coiteanna agus cuirfidh sí na Rannpháirtithe ar an eolas dá réir sin, trí chothabháil a dhéanamh ar an liostú ‘Stádas na Línte Coiteanna Bailí’ ar OLIS. Dá réir sin, déanfaidh an Rúnaíocht, inter alia, an méid seo a leanas:

Línte Coiteanna breise a chur leis nuair a bheidh siad sin glactha ag na Rannpháirtithe.

An dáta éaga a thabhairt cothrom le dáta nuair a iarrfaidh an Rannpháirtí fad a chur leis.

Línte Coiteanna atá imithe in éag a scriosadh.

Liosta de na Línte Coiteanna atá ceaptha dul in éag an chéad ráithe eile a eisiúint go ráithiúil.

Tabharfaidh Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil faoi Líne Choiteann a bhaineann leis na rialacha i ndáil le creidmheasanna onnmhairiúcháin (i.e. nach mbaineann leis na rialacha maidir le cabhair a bhaineann le trádáil) réamhfhógra maidir le gach idirbheart a dtacaítear leis i gcomhréir le hAirteagal 44.

ROINN 6

ATHBHREITHNITHE

60.   ATHBHREITHNIÚ RIALTA AR AN SOCRÚ

a)

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar fheidhmiú an tSocraithe go tráthrialta. San athbhreithniú, déanfaidh na Rannpháirtithe scrúdú, inter alia, ar nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt, cur chun feidhme agus oibriú chóras DDR, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cabhair cheangailte, ceisteanna maidir le comhoiriúnú, ceangaltais roimh ré agus na féidearthachtaí maidir le rannpháirtíocht níos leithne sa Socrú.

b)

Is ar fhaisnéis ar thaithí na Rannpháirtithe a bhunófar an t-athbhreithniú seo agus ar a moltaí chun feabhas a chur ar oibriú agus ar éifeachtacht an tSocraithe. Cuirfidh na Rannpháirtithe cuspóirí an tSocraithe san áireamh mar aon leis an staid eacnamaíoch agus airgeadais atá ann. Maidir leis an bhfaisnéis agus na moltaí is mian leis na Rannpháirtithe a chur ar aghaidh don athbhreithniú seo, sroichfidh siad an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 45 lá féilire roimh dháta an athbhreithnithe.

61.   ATHBHREITHNIÚ AR RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú cuimsitheach ar fhorálacha CIRR a leagtar amach in Iarscríbhinn XII tráth nach déanaí ná an 15 Iúil 2027.

62.   ATHBHREITHNIÚ AR PHRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA AGUS SAINCHEISTEANNA GAOLMHARA

Déanfaidh na Rannpháirtithe faireachán agus athbhreithniú ar na gnéithe go léir de na rialacha préimhe agus de na nósanna imeachta préimhe. Áireofar leis sin:

a)

Na Modheolaíochtaí d’Aicmiú Riosca Tíre agus do Mheasúnú Riosca Flaithiúnais chun a mbailíocht a athbhreithniú i bhfianaise na taithí;

b)

Leibhéal MPRanna chun a áirithiú go bhfanann siad mar thomhas cruinn de riosca creidmheasa, le feidhmíocht iarbhír na n-institiúidí a sholáthraíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin oifigiúla agus le faisnéis an mhargaidh phríobháidigh maidir le praghsáil an riosca creidmheasa araon á gcur san áireamh;

c)

Na hidirdhealuithe i MPRanna ina gcuirtear san áireamh cáilíocht dhifreálach táirgí creidmheasa onnmhairiúcháin agus céatadán an chumhdaigh a chuirtear ar fáil; agus

d)

Corpas na taithí a bhaineann le maolú riosca tíre agus feabhsuithe riosca creidmheasa ceannaitheora a úsáid agus bailíocht leanúnach agus iomchuibheas a dtionchar sonrach ar MPRanna.

e)

Déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar gach gné de na préimhrátaí den Socrú, le béim faoi leith ar Rialacha Praghsála Tagarmhairc Margaidh, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024.

63.   ATHBHREITHNIÚ AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL LE hAGHAIDH COSTAIS AITIÚLA

Déanfar na Rannpháirtithe athbhreithniú ar fhorálacha thacaíocht na gcostas áitiúil tráth nach déanaí ná 20 Aibreán 2024.

64.   ATHBHREITHNIÚ AR PHRÓIFÍLÍ AGUS TÉARMAÍ AISÍOCAÍOCHTA

Tabharfaidh an Rúnaíocht faoi thuarascáil chuimsitheach dhébhliantúil maidir le próifílí agus téarmaí aisíocaíochta na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht ó Rannpháirtithe i gcomhréir le Caibidil II, Iarscríbhinní I agus II, bunaithe ar réamhfhógraí agus ar thuairisciú ex post. Is éard a bheidh sa tuarascáil anailís staitistiúil agus cháilíochtúil ar úsáid solúbthachtaí na próifíle aisíocaíochta agus ar na téarmaí aisíocaíochta faid a dtacaítear leo. Má léiríonn an tuarascáil gur úsáid níos mó ná 30 % d’idirbhearta an tSocraithe a fhaigheann tacaíocht faoi Chaibidil II, Iarscríbhinní I agus II, solúbthachtaí a bhfuil údar cuí leo, tabharfaidh na Rannpháirtithe faoi athbhreithniú éigeantach ar pharaiméadair na struchtúr aisíocaíochta.

IARSCRÍBHINN I

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH AN ATHRAITHE AERÁIDE

Is é is cuspóir don Tuiscint Earnála seo téarmaí agus coinníollacha airgeadais leordhóthanacha a sholáthar do thionscadail in earnálacha roghnaithe arna sainaithint, lena n-áirítear faoi thionscnaimh idirnáisiúnta, mar thionscadail a rannchuidíonn go suntasach leis an maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear fuinneamh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) agus tionscadail ardéifeachtúlachta fuinnimh, oiriúnú don athrú aeráide, chomh maith le tionscadail uisce. Comhaontaíonn na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo maidir le téarmaí agus coinníollacha airgeadais na Tuisceana Earnála, lena gcomhlánaítear an Socrú, go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le Cuspóir an tSocraithe.

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME NA TUISCEANA EARNÁLA

1.   RAON FEIDHME LE hAGHAIDH TIONSCADAIL IN EARNÁLACHA AN MHAOLAITHE AR AN ATHRÚ AERÁIDE ATÁ INCHÁILITHE DO THACAÍOCHT FAOI FHOSCRÍBHINN I

a)

Leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus a bhaineann le conarthaí sna hearnálacha incháilithe a liostaítear agus a shainítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Tuiscint Earnála seo, ar choinníoll go dtugtar aghaidh ar a dtionchar, amhail na creidmheasanna onnmhairiúcháin uile a dtacaítear leo go hoifigiúil, i gcomhréir le Moladh 2012 ón gComhairle maidir le Cur Chuige Coiteann i ndáil le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil agus le Dícheall Cuí Comhshaoil agus Sóisialta. Féadfar an liosta earnálacha sin agus, i gcás inarb infheidhme, na critéir feidhmíochta atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a úsáidtear chun incháilitheacht tionscadail a shainiú, a mhodhnú le himeacht ama i gcomhréir leis na forálacha athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 8 den Tuiscint Earnála seo.

b)

Bainfidh na conarthaí sin le honnmhairiú tionscadal iomlán, nó codanna díobh, ina mbeidh na comhpháirteanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí go léir (lena n-áirítear oiliúint an phearsanra) a theastaíonn go díreach chun tionscadal inaitheanta a thógáil agus a choimisiúnú, ar na coinníollacha seo a leanas:

1.

Beidh astaíochtaí carbóin ísle nó nialasacha, nó coibhéis CO2 íseal nó nialasach, agus/nó ardéifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar an tionscadal;

2.

Ba cheart an tionscadal a dhearadh ar chaoi go gcomhlíonfar, ar a laghad, na caighdeáin feidhmíochta a leagtar amach i bhFoscríbhinn I; agus

3.

Na téarmaí agus na coinníollacha a chuirfear ar fáil, ní leathnófar iad ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí airgeadais sonracha a thagann aníos i dtionscadal, agus bunófar na téarmaí agus na coinníollacha sin ar na riachtanais airgeadais aonair agus ar na dálaí margaidh sonracha le haghaidh gach tionscadail.

c)

Tá na téarmaí agus na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearnálacha a liostaítear in Aicme Tionscadail A d’Fhoscríbhinn I teoranta dóibh seo a leanas:

1.

Onnmhairiú gléasraí cumhachta fuinnimh iomlána atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, nó codanna díobh, ina mbeidh na comhpháirteanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí go léir (lena n-áirítear oiliúint an phearsanra) a theastaíonn go díreach chun gléasraí den chineál sin a thógáil agus a choimisiúnú.

2.

Nuachóiriú na ngléasraí cumhachta fuinnimh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá ann cheana, i gcásanna ina gcuirfear síneadh le ré eacnamaíoch an ghléasra, síneadh ar dócha go mbainfidh sí ar a laghad le tréimhse na haisíocaíochta atá le tabhairt. Mura gcomhlíontar an critéar sin, beidh feidhm ag téarmaí Chaibidil II den Socrú.

d)

Na téarmaí agus na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearnálacha atá liostaithe in Aicme Tionscadail A d’Fhoscríbhinn I, ní bheidh feidhm acu maidir le nithe atá suite lasmuigh de theorainn láithreán an ghléasra cumhachta a mbíonn an ceannaitheoir freagrach astu de ghnáth, go háirithe, soláthar uisce nach bhfuil nasctha go díreach leis an ngléasra táirgthe cumhachta, costais a bhaineann le forbairt talún, bóithre, sráidbhailte foirgníochta, línte cumhachta agus lasc-chlós, chomh maith le costais a eascraíonn as nósanna imeachta um fhormheas oifigiúil (e.g. ceadanna láithreáin, cead tógála) i dtír an cheannaitheora, seachas:

1.

A mhéid a thagann na nithe faoi Fhoscríbhinní I nó II.

2.

I gcásanna inarb ionann ceannaitheoir an lasc-chlóis agus ceannaitheoir an ghléasra cumhachta, agus go dtugtar an conradh i gcrích i ndáil leis an lasc-chlós bunaidh don ghléasra sin, ní sháróidh na téarmaí agus na coinníollacha don lasc-chlós bunaidh na téarmaí agus na coinníollacha siúd don ghléasra; agus

3.

Na téarmaí agus na coinníollacha d’fho-stáisiúin, do chlaochladáin agus do línte tarchuir ag a bhfuil tairseach íosta voltais de 60kV atá suite lasmuigh de theorainn shuíomh an ghléasra cumhachta, ní bheidh siad níos flaithiúla ná iad siúd don ghléasra cumhachta.

e)

Féadfaidh rannpháirtithe a mholadh go soláthrófaí na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo maidir le tionscadail um maolú ar an athrú aeráide nach bhfuil i bhFoscríbhinn I faoi láthair nó nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta i bhFoscríbhinn I. Déanfar na tionscadail sin a mheas ar bhonn cás ar chás de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 54-59 den Chomhshocrú. Déanfaidh na rannpháirtithe machnamh ar thograí atá ailínithe le cuspóirí comhroinnte aeráide agus le cuspóir na Tuisceana Earnála seo agus beidh siad i bhfabhar na dtograí sin.

2.   RAON FEIDHME LE hAGHAIDH NA dTIONSCADAL UM OIRIÚNÚ DON ATHRÚ AERÁIDE ATÁ INCHÁILTHE LE hAGHAIDH TACAÍOCHT FAOI FHOSCRÍBHINN II

a)

Leis an Tuiscint Earnála seo, leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus a bhaineann le conarthaí nó tionscadail a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an Tuiscint Earnála seo.

b)

Bainfidh na conarthaí sin le honnmhairiú tionscadal iomlán, nó codanna díobh, ina mbeidh na comhpháirteanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí go léir (lena n-áirítear oiliúint an phearsanra) a theastaíonn go díreach chun tionscadal inaitheanta a chur i gcrích agus a choimisiúnú, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

1.

Comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn II; agus

2.

Na téarmaí agus na coinníollacha a chuirfear ar fáil, ní leathnófar iad ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí airgeadais sonracha a thagann aníos i dtionscadal, agus bunófar na téarmaí agus na coinníollacha sin ar na riachtanais airgeadais aonair agus ar na dálaí margaidh sonracha le haghaidh gach tionscadail.

c)

Baineann an Tuiscint Earnála seo freisin le nuachóiriú na dtionscadal atá ann cheana chun ábhair imní maidir le hoiriúnú a chur san áireamh, i gcásanna ina gcuirfear síneadh le ré eacnamaíoch an tionscadail, síneadh ar dócha go mbainfidh sí ar a laghad le tréimhse na haisíocaíochta atá le tabhairt. Mura gcomhlíontar an critéar sin, beidh feidhm ag téarmaí an Chomhshocraithe.

3.   RAON FEIDHME LE hAGHAIDH TIONSCADAIL UISCE

Leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus a bhaineann le conarthaí le haghaidh onnmhairiú tionscadal iomlán, nó codanna díobh, a bhaineann le soláthar uisce lena úsáid ag an duine agus le saoráidí cóireála fuíolluisce:

a)

An bonneagar chun uisce óil a sholáthar chuig bardasachtaí, lena n-áirítear chuig teaghlaigh agus gnólachtaí beaga, i.e. íonghlanadh an uisce chun uisce óil a fháil agus an líonra dáileacháin (lena n-áirítear sceitheadh a rialú).

b)

Saoráidí bailithe agus cóireála fuíolluisce, i.e. fuíolluisce agus séarachas ó theaghaisí agus ó thionscail a bhailiú agus a chóireáil, lena n-áirítear próisis chun uisce a athúsáid nó a athchúrsáil agus cóireáil ar an sloda a bhfuil baint dhíreach aige leis na gníomhaíochtaí sin.

c)

Nuachóiriú saoráidí den chineál sin i gcásanna ina gcuirfear síneadh le ré eacnamaíoch an ghléasra, síneadh ar dócha go mbainfidh sí ar a laghad le tréimhse na haisíocaíochta atá le tabhairt. Mura gcomhlíontar an critéar sin, beidh feidhm ag forálacha an Chomhshocraithe.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

4.   TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA

a)

Leagtar amach i bhFoscríbhinn I an téarma uasta aisíocaíochta le haghaidh idirbhearta maolaithe ar an athrú aeráide atá incháilithe le tacaíocht a fháil faoi Airteagal 1 den Tuiscint Earnála seo.

b)

Is é 22 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta le haghaidh idirbhearta oiriúnaithe don athrú aeráide atá incháilithe le tacaíocht a fháil faoi Airteagal 2 den Tuiscint seo agus de réir na gcritéar incháilitheachta i bhFoscríbhinn II.

c)

Is é 22 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta le haghaidh idirbhearta uisce atá incháilithe le tacaíocht a fháil faoi Airteagal 3 den Chomhaontú seo.

5.   AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS

a)

Is iondúil go n-aisíocfar an bunairgead de chreidmheas onnmhairiúcháin i dtráthchodanna cothroma tráthrialta nó, i gcás inarb iomchuí (e.g. nuair a thugtar tacaíocht le haghaidh idirbhearta léasa nó le haghaidh meaisíní nó trealamh saorsheasaimh a onnmhairiú), aisíocaíochtaí cothroma den bhunairgead agus den ús in éineacht.

b)

Déanfar an príomhshuim a íoc ag minicíocht nach lú ná bliantúil agus déanfar an chéad tráthchuid den phríomhshuim a íoc ag tráth nach déanaí ná bliain tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

c)

Déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 6 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás íocaíochtaí bliantúla na príomhshuime, déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 12 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

d)

Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

e)

Nuair a bheidh údar cuí leis mar gheall ar mhíchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don fhéichiúnaí agus an phróifíl fiach-sheirbhíse fhéideartha i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar amach i míreanna (a) agus (b) thuas, féadfar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú faoin Tuiscint seo a sholáthar laistigh de na srianta seo a leanas:

1.

Maidir le hidirbhearta atá incháilithe le tacaíocht a fháil faoin tuiscint seo atá faoi réir uastéarma aisíocaíochta 15 bliana agus idirbhearta a dtugtar tacaíocht dóibh faoi aicme tionscadail B Cineál 1:

Ní rachaidh aon aisíocaíocht aonair den bhunairgead ná aon sraith d’íocaíochtaí an bhunairgid laistigh de thréimhse 6 mhí thar 30 % de bhunsuim an chreidmheasa.

Déanfar an chéad aisíocaíocht den bhunairgead tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

Tá meánré ualaithe uasta na tréimhse aisíocaíochta cothrom le 65 % de théarma aisíocaíochta an idirbhirt nó 6 bliana.

2.

I gcás gach idirbhirt eile atá incháilithe le tacaíocht a fháil faoin tuiscint seo:

Ní rachaidh aon aisíocaíocht aonair den bhunairgead ná aon sraith d’íocaíochtaí an bhunairgid laistigh de thréimhse 6 mhí thar 35 % de bhunsuim an chreidmheasa.

Déanfar an chéad aisíocaíocht den bhunairgead tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

Tá meánré ualaithe uasta na tréimhse aisíocaíochta cothrom le 70 % de théarma aisíocaíochta an idirbhirt nó 6 bliana.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA

6.   RÉAMHFHÓGRA

a)

Rannpháirtí atá ag beartú tacaíocht a sholáthar i gcomhréir le forálacha na Tuisceana Earnála seo, tabharfaidh sé fógra 10 lá féilire ar a laghad roimh ré sula n-eiseoidh sé aon ghealltanas dar luach creidmheasa níos mó ná 10 milliún CTS, i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

1.

Airteagal 44 den Socrú má chuirtear síneadh leis an tacaíocht de bhun Airteagal 1 nó 3 den Tuiscint Earnála seo;

2.

Airteagal 43 den Socrú má chuirtear síneadh leis an tacaíocht de bhun Airteagal 2 den Tuiscint Earnála seo.

b)

Áireofar sna fógraí sin tuairisc fheabhsaithe ar an tionscadal chun a léiriú conas a chomhlíonann an tionscadal na critéir maidir le tacaíocht, mar a leagtar amach in Airteagal 1 nó Airteagal 2 den Tuiscint Earnála seo.

c)

I gcás tionscadail dá dtugtar tacaíocht i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an Tuiscint Earnála seo, áireofar san fhógra sin faisnéis maidir leis na caighdeáin theicniúla nó feidhmíochta atá á gcur i bhfeidhm, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, na laghduithe astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo.

d)

I gcás tionscadail dá dtugtar tacaíocht i gcomhréir le Foscríbhinn II a ghabhann leis an Tuiscint Earnála seo, áireofar san fhógra sin toradh aon athbhreithnithe neamhspleách tríú páirtí, más infheidhme.

e)

I gcás idirbheart arna dtacú faoi Airteagal 5(e) thuas, déanfaidh na Rannpháirtithe, inter alia, an méid seo a leanas a sholáthar:

1.

faisnéis mhionsonraithe ar an bpróifíl aisíocaíochta arna tacú agus míniú ar na cúiseanna le míchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don oibleagáideoir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse atá ar fáil má thacaítear léi i gcomhréir le hAirteagail 5(a) agus 5(b), agus

2.

i gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil ag teacht leis an saorshreabhadh airgid, bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach maidir leis an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht.

f)

Cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas maidir lena chinneadh deiridh tar éis plé a bheith ann chun an t-athbhreithniú ar an gcorpas taithí a éascú.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ

7.   OBAIR A BHEIDH ANN AMACH ANSEO

Comhaontaíonn na Rannpháirtithe na saincheisteanna seo a leanas a scrúdú:

a)

Foirgnimh atá glan-nialasach ó thaobh fuinnimh de.

b)

Tionscadail bhreosla-chille.

c)

Breoslaí gásacha agus leachtacha glana.

d)

Cuimsiú caighdeán idirnáisiúnta amach anseo maidir le monaraíocht astaíochtaí ísle (mar shampla, trí IEA) agus athbhreithniú orthu.

8.   FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ

a)

Tuairisceoidh an Rúnaíocht go bliantúil maidir le cur chun feidhme na Tuisceana Earnála seo. Déanfar torthaí aon nós imeachta plé faoi Airteagal 43 den Chomhshocrú a dhoiciméadú sa tuarascáil sin. Beidh achoimre a chuirfear ar fáil don phobal san áireamh ann.

b)

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú tráthrialta ar raon feidhme agus forálacha eile na Tuisceana Earnála seo. Ar mhaithe le cinnteacht bhreise, déanfar athbhreithniú faoi dheireadh 2028 nó a luaithe a dhéanfar 150 idirbheart CCSU tar éis an 15 Iúil 2023, cibé acu is túisce a tharlóidh. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar an gcorpas taithí a forbraíodh ón bpróiseas fógartha (lena n-áirítear faisnéis maidir leis na caighdeáin theicniúla nó feidhmíochta a chuirtear i bhfeidhm agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, laghduithe ar astaíochtaí a bhaintear amach), na tuarascálacha is déanaí ar eolaíocht aeráide, agus measúnú ar dhálaí margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí a bhaineann leis an aeráid.

c)

Má tá imní ar Rannpháirtí nach bhfuil foráil nó forálacha sa Tuiscint Earnála seo ag oibriú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóir an Chomhshocraithe, mar a leagtar amach in Airteagal 1 (Cuspóir) den Chomhshocrú, is féidir leis an Rannpháirtí sin a iarraidh go mbreithneofaí an t-ábhar ag an gcéad chruinniú eile de na Rannpháirtithe agus ba cheart dó fianaise ar a ábhar imní a sholáthar.

d)

Déanfar Foscríbhinn I a ghabhann leis an Tuiscint Earnála seo a athbhreithniú go tráthrialta, lena n-áirítear arna iarraidh sin do Rannpháirtí, d’fhonn a mheasúnú ar cheart aon Aicme agus/nó aon Chineál Tionscadail a chur leis an bhFoscríbhinn sin nó a bhaint di nó ar cheart aon tairseach a athrú inti. Maidir le tograí le haghaidh Aicmí agus/nó Cineálacha nua Tionscadail, tacófar leo le faisnéis ar an mbealach ar cheart do thionscadail laistigh den Chineál/Aicme sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 den Tuiscint Earnála seo a chomhlíonadh.

Foscríbhinn I

CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA LE hAGHAIDH TIONSCADAIL UM MAOLÚ AR AN ATHRÚ AERÁIDE

Tá sé beartaithe leis na sainmhínithe nó na caighdeáin dá dtagraítear thíos comhthuiscint a chur chun cinn i measc na Rannpháirtithe maidir le cur chun feidhme na Tuisceana Earnála seo do na cineálacha tionscadail comhfhreagracha. Ní dhéanann siad dochar do shainmhínithe ná do chaighdeáin eile a bhaineann leis an aeráid atá ann cheana nó atá á bhforbairt nó atá le forbairt.

AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL A: Táirgeadh fuinnimh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

CINEÁL 1: Fuinneamh In-athnuaite

Gléasraí iomlána nó codanna díobh, agus nuachóiriú na ngléasraí atá ann cheana, sna hearnálacha thíos:

a)

Fuinneamh gaoithe.

b)

Fuinneamh geoiteirmeach.

c)

Cumhacht taoide agus srutha taoide.

d)

Cumhacht na dtonnta.

e)

Cumhacht osmóiseach.

f)

Cumhacht ghrianfhótavoltach.

g)

Grianfhuinneamh teirmeach.

h)

Aigéanfhuinneamh teirmeach.

i)

Bithfhuinneamh: gach gás inbhuanaithe ó líonadh talún, gás ó ghléasra cóireála camrais, fuinneamh bithgháis nó breosla a dhíorthaítear ó shuiteálacha fuinnimh bithmhaise. Ciallóidh ‘bithmhais’ an cion in-bhithdhíghrádaithe de tháirgí, de dhramhaíl agus d’iarmhair ón talmhaíocht (lena n-áirítear substaintí glasraíocha agus ainmhíocha), ón bhforaoiseacht agus ó thionscail ghaolmhara, chomh maith leis an gcion in-bhithdhíghrádaithe de dhramhaíl tionsclaíochta agus uirbeach.

(j)

Hidreachumhacht.

(k)

Éifeachtúlacht fuinnimh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite.

 

 

22 bhliain

CINEÁL 2: Táirgeadh Leictreachais ó Hidrigin Ghlan

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú lena dtáirgtear leictreachas gan ach hidrigin ghlan a úsáid.

 

Maidir le caighdeáin hidrigine glaine féach AICME TIONSCADAIL F, CINEÁL 1.

Féach téarmaí aisíocaíochta Aicme Tionscadail F, Cineál 1


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL B: Tionscadail feabhsúcháin i ngléasraí breosla iontaise, ionadú breosla iontaise

CINEÁL 1: Gléasraí Cumhachta Breosla iontaise a bhfuil Gabháil agus Stóráil Carbóin Oibríochtúil acu (CCS)*

Próiseas lena gcuimsítear an sruth CO2 a scaradh ó na hastaíochtaí a tháirgeann foinsí giniúna breosla iontaise, é a iompar chuig láithreán stórála chun stóráil gheolaíoch bhuan a dhéanamh ar CO2 agus déanamh amhlaidh ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, nó chun é a úsáid mar ionchur nó mar bhunábhar chun táirgí nó seirbhísí a chruthú.

Chun leibhéil ísle astaíochta carbóin a bhaint amach le haghaidh foinsí cumhachta breosla iontaise.

Ó thaobh na déine carbóin de, sroichfear leibhéal a bheidh cothrom le 350 tonna méadrach CO2 in aghaidh GWh á scaoileadh amach san atmaisféar (19);

I gcás gach tionscadal, ráta gabhála agus stórála lena ndéanfaí laghdú 65 % nó níos mó ar astaíochtaí carbóin an ghléasra;

Maidir leis an ráta gabhála, ní mór 85 % de CO2 arna astú ag an trealamh a ghabháil i gcás trealamh a áirítear san iarratas ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tá feidhm le bheith ag ráta 85 % agus gnáthdhálaí oibriúcháin i gceist.

18 mbliana

CINEÁL 2: Aisghabháil Fuinnimh*

Aonad atá tiomanta chun fuinneamh a ghiniúint leis an gcóireáil theirmeach (lena n-áirítear gásúchán) ar dhramhaíl sholadach ó shruthanna measctha.

Chun astaíochta GCT a fhritháireamh ar astaíochtaí iad a eascraíonn as úsáid na cumhachta coinbhinsiúnta agus trí laghdú a dhéanamh ar GCT amach anseo amhail meatán a d’eascródh as an dramhaíl de ghnáth.

I gcás timthriall gaile, éifeachtúlacht tiontaithe fuinnimh 75 % ag coire (nó gineadóir gaile) ar a laghad bunaithe ar luach téimh íochtarach (LHV). (20)

I gcás an ghásúcháin, éifeachtúlacht ghásdéantóra de 65 % LHV ar a laghad. (21)

15 bhliain

CINEÁL 3: Gléasraí Cumhachta Hibridí*

Gléasra cumhachta a ghineann cumhacht leictreach ó fhoinse inathnuaite fuinnimh agus ó fhoinse breosla iontaise araon.

Chun an ceanglas maidir le hinfhaighteacht an ghléasra a chomhlíonadh, is gá foinse giniúna breosla iontaise le haghaidh na dtréimhsí sin nach mbíonn fáil ar chumhacht ón bhfoinse inathnuaite fuinnimh nó nach leor an chumhacht sin. Leis an bhfoinse bhreosla iontaise, cumasaítear fuinneamh inathnuaite a úsáid sa ghléasra hibrideach, rud lena mbaintear laghdú suntasach ar charbón amach i gcomparáid le gléasra breosla iontaise caighdeánach.

Samhail 1:

Dhá fhoinse ghiniúna ar leithligh: aon fhoinse amháin bunaithe ar an bhFuinneamh Inathnuaite agus aon fhoinse amháin bunaithe ar bhreosla iontaise.

Déanfar an tionscadal a dhearadh ar bhealach lena dtionscnófar 50 % ar a laghad dá aschur fuinnimh iomlán arna réamh-mheas ar bhonn bliantúil as foinse inathnuaite fuinnimh an ghléasra.

Samhail 2:

Aon fhoinse ghiniúna amháin lena n-úsáidtear an teaglaim d’fhuinneamh inathnuaite agus de bhreosla iontaise. Déanfar an tionscadal a dhearadh ar bhealach lena ndíorthófar 75 % ar a laghad den fhuinneamh úsáideach a tháirgtear ón bhfoinse inathnuaite fuinnimh.

15 bhliain

Nóta:

*

Chun freagairt ar riachtanas aeráide, dhírigh na Rannpháirtithe a n-iarracht ar raon feidhme CCSU a leathnú chun aicmí tionscadail nua a chur san áireamh. Geallann na rannpháirtithe go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar na haicmí tionscadail seo, nach ndearnadh scrúdú orthu ó 2012, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2024.


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL C: Éifeachtúlacht fuinnimh

CINEÁL 1: Tionscadail Comhghiniúna Cumhachta & Teasa*

Ilchineálacha fuinnimh a ghiniúint go comhuaineach (fuinneamh leictreach, meicniúil agus teirmeach) in aon chóras comhtháite amháin.

Áireofar le haschur ghléasra CHP fuinneamh leictreach nó meicniúil agus teas lena úsáid ar bhonn tráchtála, tionscail agus/nó cónaithe.

Suas le dhá thrian den fhuinneamh príomhúil a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint i ngléasraí cumhachta teirmí traidisiúnta, cailltear i bhfoirm an teasa é. Is féidir le comhghiniúint cumhachta agus teasa (CHP) a bheith ina rogha éifeachtach chun GCT a mhaolú. Bíonn CHP indéanta i gcás gach innill teasa agus breosla (lena n-áirítear bithmhais agus grianfhuinneamh teirmeach) idir innill nach mbaineann ach ráta de bheagán kW leo agus ghléasraí cumhachta comhdhlúthúcháin ghaile lena mbaineann 1000MW. (22)

Éifeachtúlacht fhoriomlán de 75 % ar a laghad bunaithe ar luach téimh íochtarach (LHV). (23)

15 bhliain

CINEÁL 2: Téamh agus fuarú ceantair*

Líonra lena n-iompraítear/lena ndáiltear fuinneamh teirmeach ón aonad táirgthe fuinnimh go dtí an úsáid deiridh.

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht théamh na gceantar trí líonraí píobánra a thógáil le haghaidh gaile agus/nó uisce te ag a mbeidh éifeachtúlacht theirmeach shubstaintiúil, trí chaillteanais ó phíobánra agus ó thiontairí araon a íoslaghdú, agus tríd an méid úsáide a bhaintear as dramhtheas a mhéadú.

Is éard is córas fuaraithe ceantair ann teicneolaíocht chomhtháiteach lenar féidir rannchuidiú go suntasach le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus truaillithe aeir a laghdú agus leis an tslándáil fuinnimh a mhéadú e.g. via aerchóiritheoirí aonair a ionadú.

Beidh seoltacht theirmeach phíobánra ceantair níos lú ná 80 % den tseoltacht theirmeach ábhartha a cheanglaítear le caighdeán Eorpach EN253:2009 (a bhfuil athbhreithniú le déanamh air agus an caighdeán sin á nuashonrú).

15 bhliain

CINEÁL 3: Eangacha Cliste*

Líonraí leictreachais comhtháite, atá iontach forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de, ag a bhfuil cumais dhinimiciúla fheabhsaithe chun faireachán a dhéanamh ar ionchur agus ar aschur na gcomhpháirteanna teicniúla uile dá gcuid agus iad a rialú (amhail giniúint na cumhachta, Réitigh Bainistíochta Líonra, tiontairí agus córais ag a bhfuil Sruth Díreach Ardvoltais (HVDC), Córais Sholúbtha Tarchurtha Srutha Ailtéarnaigh (FACTS), Córais Cumhachta Speisialta (SPS), tarchur, dáileadh, stóráil, Réitigh Leictreonaice mar chuid de Chumhacht Eangaí Cliste, tomhaltas a laghdú, méadrú, acmhainní fuinnimh a dháileadh).

ICT de réir caighdeán tionsclaíoch a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta amhail NIST-SGIP agus ETSI-CEN-Cenelec.

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí líonra, oibreoirí na gcóras tarchurtha agus dáileacháin, úsáideoirí eangaí, úinéirí stórála, oibreoirí méadrúcháin, feidhmchláir agus soláthraithe seirbhíse nó oibreoirí na n-ardán malartaithe cumhachta chun córais chumhachta a chruthú a bheidh inbhuanaithe, cothromaithe, tíosach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ag a mbeidh leibhéil laghdaithe de chaillteanais tarchurtha agus leibhéil bharrfheabhsaithe de cháilíocht soláthair, cobhsaíocht eangaí, iontaofacht, bailiú cumhachta inathnuaite agus costéifeachtúlacht trí thacaíocht do chonarthaí soláthair lena mbaineann onnmhairiú teicneolaíochtaí agus seirbhísí go príomha ar teicneolaíochtaí agus seirbhísí nuálacha iad atá ar thús cadhnaíochta.

Comhlíonfar caighdeáin 1, 2 (a nó b) agus 3.

1.

Áirítear le costas iomlán an tionscadail 20 % ar a laghad le haghaidh uasghráduithe incháilithe teicneolaíochta cumarsáide agus faisnéise (ITC).

2a.

Beidh laghdú measta de 10 % ar a laghad ar mhéid na n-astaíochtaí CO2 as breosla iontaise mar thoradh ar an tionscadal nó ar an bhfeidhmchlár, nó

2b.

Beifear in ann laghduithe suntasacha ar astaíochtaí CO2 a léiriú i ngeall ar an méid a chumasaítear trí cheachtar den dá chur chuige seo a leanas:

laghduithe de 5 % ar a laghad ar chaillteanais fuinnimh laistigh den eangach leictreachais a bhfreastalaíonn feidhmchlár nó tionscadail na hEangaí Cliste air; nó

laghduithe de 5 % ar a laghad ar an tomhaltas leictreachais comhiomlán de réir ualaí a bhfreastalaíonn an feidhmchlár nó tionscadal Eangaí Cliste air; nó

soláthar eadrannach fuinneamh inathnuaite, lena n-áirítear ó leibhéil voltais fo-ordaithe, arb é 10 % breise ar a laghad é den fhuinneamh iomlán a sholáthraítear don eangach i gcás ina gcuirfear na teicneolaíochtaí eangaí cliste i bhfeidhm.

3.

Roimh údarú, déanfaidh tríú páirtí cáilithe, neamhspleách athbhreithniú ar an tionscadal agus ullmhóidh tuarascáil lena dtabharfar tuairisc ar shaintréithe an fheidhmchláir nó an tionscadail Eangaí Cliste atá beartaithe agus lena bhfíoróidh cé acu a chomhlíonfaidh an tionscadal nó an feidhmchlár caighdeáin 1 agus 2 (a nó b) nó nach gcomhlíonfaidh. I gcás tionscadail a úsáideann caighdeáin 2b, áireofar sa tuarascáil laghduithe measta ar astaíochtaí C02 arna gcumasú leis an tionscadal. Comhroinnfear an tuarascáil sin le Rannpháirtithe sula n-údarófar aon tacaíocht airgeadais agus beidh an t-údarú coinníollach ar fhíorú dearfach leis an tuarascáil go gcomhlíonfar caighdeáin 1 agus 2 (a nó b) leis an bhfeidhmchláir nó leis an tionscadal Eangaí Cliste atá beartaithe.

Déanfar caighdeáin a thomhas trí na hastaíochtaí measta nó an úsáid fuinnimh mheasta ó Limistéar ar a bhFreastalaíonn an Eangach a chur i gcomparáid más rud é go gcuirfear na teicneolaíochtaí Eangaí Cliste atá beartaithe i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí nó le húsáid fuinnimh an limistéir chéanna sin más rud é nár cuireadh na teicneolaíochtaí Eangaí Cliste i bhfeidhm.

15 bhliain

Nóta:

*

Chun freagairt ar riachtanas aeráide, dhírigh na Rannpháirtithe a n-iarracht ar raon feidhme CCSU a leathnú chun aicmí tionscadail nua a chur san áireamh. Geallann na rannpháirtithe go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar na haicmí tionscadail seo, nach ndearnadh scrúdú orthu ó 2012, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2024.


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL D: Tionscadail gabhála, úsáide agus stórála carbóin (CCUS)

 

Saoráidí a thógáil agus a oibriú atá tiomnaithe don mhéid seo a leanas:

CO2 a ghabháil ó fhoinsí astaíochtaí a scaoilfí isteach san atmaisféar murach sin, nó lena CO2 a ghabháil ón aer comhthimpeallach;

An CO2 a gabhadh a ullmhú le haghaidh iompair (trí phíblíne, iarnród, bóthar, nó long), lena n-áirítear an CO2 a gabhadh a ullmhú don tsonraíocht iompair (e.g., comhbhrú);

An CO2 a gabhadh a iompar chuig an bpointe úsáide deiridh; nó,

An CO2 a gabhadh a stóráil ar bhonn buan.

Chun laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin ó fhoinsí atá ann cheana.

Ní mór do shaoráidí gabhála aeir chomhthimpeallaigh coibhéis CO2 a n-astaíochtaí oibríochtúla féin a ghabháil, ar a laghad.

Comhlíonann stóráil thiomnaithe gheolaíoch ISO 27914:2017.

Cumhdaítear úsáid incháilithe an CO2 arna ghabháil agus/nó arna iompar faoi Dhéantúsaíocht Íseal-Astaíochtaí (AICME TIONSCADAIL J) agus faoi Mhonaraíocht Íseal-Astaíochtaí (AICME TIONSCADAIL G).

Níl úsáid CO2 le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise ar nós aisghabháil ola fheabhsaithe incháilithe.

Tá córais braite sceite agus pleananna faireacháin iomchuí i bhfeidhm chun CO2 a iompar agus a stóráil, le tuarascálacha tráthrialta arna bhfíorú ag na húdaráis náisiúnta nó ag tríú páirtí neamhspleách.

22 bhliain


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL E: Tarchur, dáileadh agus stóráil fuinnimh

CINEÁL 1: Bainistiú, Tarchur agus Dáileadh Fuinnimh

Saoráidí stórála fuinnimh ar scála eangacha a thógáil agus/nó a leathnú (e.g. saoráidí ceimiceacha, teirmeacha, meicniúla agus leictriceimiceacha).

Bonneagar lena n-iompraítear leictreachas ísealcharbóin a thógáil agus a leathnú, lena n-áirítear naisc dhíreacha le codanna d’fhoinsí agus de ghréasáin ísealcharbóin ina gcomhlíonann an meascán leictreachais na caighdeáin.

Méadair chliste agus teicneolaíochtaí eile a shuiteáil lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht na heangaí.

Dícharbónú fadtéarmach, costéifeachtach na gcóras cumhachta a éascú.

Tá tionscadail a bhaineann le leictreachas ísealcharbóin incháilithe i gcás ina gcuimsíonn leictreachas ísealcharbóin níos mó ná 60 % den acmhainn ghiniúna nuashuiteáilte i gcaitheamh na tréimhse 5 bliana.

Tagraíonn leictreachas ísealcharbóin d’aon fhoinse chumhachta a liostaítear in Aicme Tionscadail A den Fhoscríbhinn seo, nó i gcás ina bhfuil astaíochtaí GCT ón leictreachas arna tháirgeadh faoi bhun luach tairsí 133 gCO2e/kWh.

Ós rud é go bhfuil an leictriú sna tíortha ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim ríthábhachtach don dícharbónú, ní bheidh feidhm ag an gcaighdeán thuas maidir le tionscadail sna tíortha sin go dtí 5 bliana tar éis dháta éifeachta an Chomhaontaithe seo, mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt. Tá na tionscadail sin faoi réir Airteagal 43.

Tá tógáil agus leathnú tionscadal bonneagair a iompraíonn leictreachas incháilithe fad is nach nascann siad gléasraí cumhachta breoslaí iontaise go díreach leis an eangach.

Ní mór do dhoiciméid tionscadail éifeachtúlachta eangacha a léiriú go hinchreidte gurb í éifeachtúlacht fuinnimh príomhchuspóir an tionscadail.

22 bhliain

CINEÁL 2: Táirgeadh agus Athchúrsáil Ceallraí

Saoráidí a thógáil a mhonaraíonn ceallraí in-athluchtaithe, pacáistí ceallraí, agus cealla ceallraí a bhfuil úsáidí deiridh maolaithe aeráide acu (e.g. le haghaidh feidhmeanna fóntais, iompair agus tionsclaíocha).

Athchúrsáil ceallraí a bhfuil a ré caite.

Aschur ceallraí maolaithe aeráide a mhéadú agus dícharbónú costéifeachtach gníomhaíochtaí ardastaíochta a éascú.

Tuairisc ar an tionscadal i bhfógra chun tuairisc ar úsáid deiridh an cheallra a chur san áireamh.

22 bhliain


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL F: Hidrigin ghlan agus amóinia glan

CINEÁL 1: Táirgeadh Hidrigine Glaine

Saoráidí atá tiomnaithe do tháirgeadh hidrigine glaine a thógáil.

Dícharbónú na n-earnálacha ardastaíochtaí a éascú.

Tá tionscadail hidrigine glaine incháilithe sna cásanna seo a leanas:

i.

Tá astaíochtaí ó thús deireadh ag hidrigin (ó tháirgeadh bunábhair go dtí loingsiú hidrigine) atá níos lú ná 3 kg CO2e in aghaidh an kg de H2 (leibhéal 1);

ii.

Tá astaíochtaí ó thús deireadh ag hidrigin (ó tháirgeadh bunábhair go dtí loingsiú hidrigine) atá níos lú ná 4 kg CO2e in aghaidh an 1 kg de H2 (leibhéal 2).

Leibhéal 1: 22 bhliain

Leibhéal 2: 18 mbliana

CINEÁL 2: Táirgeadh Amóinia Glaine

Saoráidí atá tiomnaithe do tháirgeadh amóinia glaine a thógáil.

Dícharbónú na n-earnálacha ardastaíochtaí a éascú.

Is é is amóinia ghlan ann amóinia a tháirgtear ó hidrigin ghlan de réir na gcaighdeán a shainítear san Fhoscríbhinn seo nó a dhéantar a aisghabháil ó fhuíolluisce. Freagraíonn na tairseacha le haghaidh amóinia ghlan do na tairseacha le haghaidh hidrigin ghlan a úsáidtear ina táirgeadh. Níl aon tairseacha ann le haghaidh amóinia ghlan arna haisghabháil ó fhuíolluisce,

Sraith 1 agus amóinia ghlan arna haisghabháil ó fhuíolluisce: 22 bhliain

Leibhéal 2; 18 mbliana

CINEÁL 3: Tarchur, Dáileadh, agus Stóráil Hidrigine

Saoráidí stórála, tarchuir agus dáileacháin atá nasctha le gléasraí táirgthe hidrigine glaine nó a bhfuiltear ag súil go mbeidh siad nasctha le gléasraí den sórt sin laistigh de 5 bliana a thógáil.

Saoráidí gáis atá ann cheana a thiontú ina saoráidí hidrigine 100 %.

Athrú cuspóra a dhéanamh ar líonraí gáis a chumasaíonn comhtháthú hidrigine.

An bonneagar is gá a fhorbairt chun hidrigin ghlan a tharchur, a dháileadh, agus a stóráil, á shainaithint go n-úsáidfidh hidrigin ghlan na saoráidí tarchuir, dáilte agus stórála céanna le hidrigin eile, á shainaithint anuas air sin go bhfuil gá le bonneagar a fhorbairt lena húsáid ag gach cineál hidrigine má ghlactar le hidrigin ghlan.

I gcás inarb infheidhme, déan tagairt do chaighdeáin hidrigine glaine in AICME TIONSCADAIL F, CINEÁL 1.

22 bhliain


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL G: Monarú astaíochtaí ísle  (24)

 

Monarú astaíochtaí ísle lena n-áirítear tógáil, leathnú nó aisfheistiú gléasraí monaraíochta iomlána agus cuid díobh, soláthairtí trealaimh, agus bonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leo.

Liosta léiritheach:

a)

Miotail fheiriúla agus neamhfheiriúla

b)

Stroighin

c)

Ceimiceáin (leasachán, amóinia san áireamh)

d)

Laíon & Páipéar

Dreasú a thabhairt do mhonaróirí dul i dtreo cleachtais inbhuanaithe in earnálacha ar deacair iad a mhaolú agus é d’aidhm acu, go háirithe in earnálacha monaraíochta a bhfuil rósholáthar domhanda acu, tacú le teicneolaíochtaí a chuireann go mór le maolú ar an athrú aeráide a chur in ionad teicneolaíochtaí dian-astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Sula dtiocfaidh na Rannpháirtithe ar chomhaontú maidir le caighdeáin iomchuí le linn an athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo, ní mór do na Rannpháirtithe úsáid a bhaint as nósanna imeachta na líne coitinne a leagtar amach in Airteagail 54 go 59 den Chomhshocrú chun togra a thíolacadh le haghaidh tionscadal monaraíochta astaíochtaí ísle. Áireofar sa togra déine GCT tháirgeadh an táirge mhonaraithe, arna ríomh i gcomhréir le Prótacal Tuairiscithe GCT, agus astaíochtaí Raon Feidhme 1 agus Raon Feidhme 2 á gcur san áireamh. Léireofar sa togra réasúnaíocht maidir leis an bhfáth a gcáilíonn an leibhéal sin mar astaíochtaí ísle. Ní mór doiciméid a chomhdófar leis an togra a bheith mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

I gcás tionscadal a bhaineann le conarthaí dar luach 20 milliún CTS ar a laghad, déanfar athbhreithniú neamhspleách tríú páirtí ar an tionscadal, ar leithligh nó i gcomhar le hullmhú na ndoiciméad tionscadail.

Foilseofar an doiciméadacht thuasluaite i bhfoirm chaighdeánaithe ar shuíomh gréasáin ECFE ar dháta na chéad tarraingthe anuas (cuir isteach trédhearcacht tionscadail Aicme A an ECG).

22 bhliain


AICME TIONSCADAIL

SAINMHÍNIÚ

RÉASÚNAÍOCHT

CAIGHDEÁIN A ÚSÁIDTEAR NÓ AMCHLÁR ÉAGTHA

TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

AICME TIONSCADAIL H: Iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle

CINEÁL 1: Iompar astaíochtaí nialasacha agus bonneagar cumasúcháin  (25)

Flíteanna astaíochtaí nialasacha díreacha lena n-áirítear feithiclí le haghaidh iompair de bhóthar, córais iompair ar rianta agus iompar d’uisce agus bonneagar gaolmhar (26) atá riachtanach chun na feithiclí sin a oibriú. (27)

Tá an t-aistriú chuig flíteanna astaíochtaí sceithphíopa díreacha nialasacha ríthábhachtach chun maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach.

Ní bhaineann aon astaíochtaí díreacha sceithphíopa CO2 le sócmhainní a aistriú.

I measc na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha tá feithiclí leictreacha agus feithiclí breosla-chille.

Níor cheart iompar lastais, lena n-áirítear feithiclí, traenacha, vaigíní nó soithí agus bonneagar atá riachtanach chun na feithiclí sin a oibriú, a thiomnú d’iompar nó do stóráil breoslaí iontaise.

I gcás bonneagar gaolmhar, áireofar san fhógra tionscadail tuairisc ar an nasc idir feithiclí astaíochtaí nialasacha agus an bonneagar, lena n-áirítear a riachtanaí atá sé na feithiclí sin a oibriú.

Chun téarmaí aisíocaíochta níos faide ná 18 mbliana a fháil do shoithí, ní mór do na Rannpháirtithe na nósanna imeachta na Líne Coitinne a leagtar amach in Airteagail 54 go 59 den Chomhshocrú a úsáid. Ní mór don togra údar cuí a thabhairt leis an bhfáth a bhfuil gá le téarmaí aisíocaíochta níos faide. Ní mhairfidh na téarmaí aisíocaíochta uasta níos mó ná 22 bhliain.

22 bhliain i gcás an bhonneagair iompair uile agus an bhonneagair chumasúcháin, ach amháin soithí

18 mbliana do shoithí

CINEÁL 2: Iompar d’iarnród astaíochtaí ísle agus bonneagar cumasúcháin

Iompar d’iarnród astaíochtaí ísle, lena n-áirítear traenacha leictreadhíosail démhódacha agus innill féinghluaiste hibrideacha agus bonneagar gaolmhar atá riachtanach chun na feithiclí sin a oibriú.

Chun dreasú a thabhairt d’iompar d’iarnród hibrideach agus astaíochtaí ísle i gcás ina mbainfear amach laghduithe suntasacha ar astaíochtaí agus ina gcuideofar le maolú ar an athrú aeráide mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as an iompar sin.

I gcás traenacha démhódacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 acu nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (traenacha démhódacha).

20 bliain

CINEÁL 3: Iompar trom astaíochtaí ísle agus bonneagar cumasúcháin

Feithiclí hibrideacha inluchtaithe (PHEV) le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha nó lasta agus bonneagar gaolmhar atá riachtanach chun na feithiclí sin a oibriú.

Feithiclí leictreacha hibrideacha (HEV) le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha nó lasta.

Chun dreasú a thabhairt d’fheithiclí hibrideacha agus astaíochtaí ísle i gcás ina mbainfear amach laghduithe suntasacha ar astaíochtaí agus ina gcuideofar le maolú ar an athrú aeráide mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as na feithiclí sin.

I gcás feithicil hibrideach inluchtaithe (PHEV), tá astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 ag an bhfeithicil nuair a oibrítear í le mótar leictreach agus seachas sin, úsáideann sí gnáth-inneall.

I gcás feithicil leictreach hibrideach (HEV), baineann an fheithicil amach laghdú 35 % ar astaíochtaí díreacha sceithphíopa CO2 nó méadú 35 % ar éifeachtúlacht fuinnimh i gcomparáid le gnáthfheithiclí comhfhreagracha sa tsamhailbhliain is úire.

20 bliain d’fheithiclí hibrideacha inluchtaithe

18 mbliana d’fheithiclí leictreacha hibrideacha

CINEÁL 4: Iompar uisce astaíochtaí ísle

Leanfaidh idirbhearta a thagann faoin aicme tionscadail seo de bheith faoi réir théarmaí agus choinníollacha Chaibidil II go dtí go mbeidh toradh ar phlé breise ag na Rannpháirtithe maidir leis na critéir shonracha, na caighdeáin shonracha agus na sainmhínithe sonracha a bheidh le cur i bhfeidhm.

AICME TIONSCADAIL I: Mianraí agus Mianta Fuinnimh Ghlain  (28)

 

Tógáil saoráidí a bhfuil baint acu le hathchúrsáil, próiseáil agus/nó scagadh eastósctha talamhbhunaithe mianta nó mianraí (lena n-áirítear miotalú) i gcás inar cuid den slabhra soláthair é an táirge a eascraíonn as na próisis sin le haghaidh tionscadail incháilithe (nó codanna incháilithe díobh) faoi Fhoscríbhinn I, Aicme A – Cineál 1: Fuinneamh In-athnuaite; Aicme E – Cineál 2: Táirgeadh agus Athchúrsáil Ceallraí.

Liosta léiritheach:

Copar

Cóbalt

Nicil

Litiam

Mianraí tearcithreach (REEnna)

Cróimiam

Sinc

Miotail de chuid an ghrúpa platanaim (PGManna)

Alúmanam

Chun soláthar cobhsaí inacmhainne ábhar sa slabhra soláthair a áirithiú le haghaidh tionscadail incháilithe nó codanna díobh) faoin bhFoscríbhinn seo atá ríthábhachtach chun maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach.

Sula bhforbrófar caighdeáin iomchuí ar a ndéanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú mar chuid den obair a dhéanfaidh siad amach anseo, bainfidh na Rannpháirtithe úsáid as nósanna imeachta na líne coitinne a leagtar amach in Airteagail 54 go 59 den Chomhshocrú chun togra a thíolacadh le haghaidh tionscadal maidir le mianraí agus mianta fuinnimh ghlain. Beidh doiciméid a chomhdófar leis an togra mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

Maidir le tionscadail chun mianta nó mianraí a eastóscadh, a phróiseáil agus a scagadh, áireofar sa togra déine GCT an táirge aschuir, arna ríomh i gcomhréir le Prótacal Tuairiscithe GCT, agus astaíochtaí raon feidhme 1 agus raon feidhme 2 á gcur san áireamh. Áireofar ann freisin faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh chun astaíochtaí a laghdú. I gcás tionscadal eastósctha, áireofar sa togra nochtadh ar shaol eacnamaíoch an chúlchiste mianraí, arna mheas i gcomhréir le treoirlínte a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a nglactar leo sa tionscal mianadóireachta agus réasúnaíocht ghaolmhar don aibíocht a cuireadh i bhfeidhm.

Ina theannta sin, áireofar sa togra tuairisc ina léireofar fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

beidh cion suntasach d’aistarraingt ón tsaoráid mar chuid den slabhra soláthair le haghaidh tionscadail incháilithe (nó codanna incháilithe díobh) faoi Fhoscríbhinn I, Aicme A – Cineál 1: Fuinneamh In-athnuaite; Aicme E – Cineál 2: Táirgeadh agus Athchúrsáil Ceallraí; nó

tá gnóthas i bhfeidhm atá in-fhorfheidhmithe ó thaobh an dlí de lena gceanglaítear go n-úsáidfear cion suntasach d’aistarraingt ón tsaoráid mar chuid den slabhra soláthair le haghaidh tionscadail incháilithe (nó codanna incháilithe díobh) faoi Fhoscríbhinn I, Aicme A – Cineál 1: Fuinneamh In-athnuaite; Aicme E – Cineál 2: Táirgeadh agus Athchúrsáil Ceallraí; nó

cuireann an tionscadal go soiléir le soláthar méadaithe mianraí nó mianta a aithnítear go hidirnáisiúnta mar chomhpháirteanna bunriachtanacha don fhuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear tionscadail incháilithe (nó codanna incháilithe díobh) faoi Fhoscríbhinn I, Aicme A – Cineál 1: Fuinneamh In-athnuaite; Aicme E – Cineál 2 Táirgeadh agus Athchúrsáil Ceallraí, agus i gcás ina meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an éileamh iomlán ar mhianraí nó ar mhianta den sórt sin sna 20 bliain amach romhainn i gcás ina gcomhlíonfar spriocanna Chomhaontú Pháras.

Má ghlacann na Rannpháirtithe leis an togra, déanfar an tionscadal a thuairisciú i bhfoirm chaighdeánaithe ar shuíomh gréasáin ECFE ar dháta na chéad tarraingthe anuas.

22 bhliain

AICME TIONSCADAIL J: Táirgeadh breoslaí leachtacha agus gásacha glana

 

Leanfaidh idirbhearta a thagann faoin aicme tionscadail seo de bheith faoi réir théarmaí agus choinníollacha Chaibidil II go dtí go mbeidh toradh ar phlé breise ag na Rannpháirtithe maidir leis na critéir shonracha, na caighdeáin shonracha agus na sainmhínithe sonracha a bheidh le cur i bhfeidhm.

Foscríbhinn II

CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA MAIDIR LE LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE TIONSCADAIL UM OIRIÚNÚ

Tá an tionscadal incháilithe le haghaidh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha uasta airgeadais a leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo ar na coinníollacha seo a leanas:

a)

Laghdaíonn an tionscadal comhthéacs na leochaileachta don athrú aeráide a bhaineann go sonrach leis an suíomh. Léirítear agus mínítear an laghdú sin go sainráite i ndoiciméid an tionscadail trí ráiteas sainráite intinne chun aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht aeráide shainaitheanta agus anailís lena léirítear nasc soiléir agus díreach idir comhthéacs na leochaileachta aeráide agus na gníomhaíochtaí sonracha oiriúnaithe tionscadail lena dtugtar aghaidh ar an leochaileacht aeráide. Sainítear leis na gníomhaíochtaí tionscadail sonracha sin sciar an tionscadail lena dtugtar aghaidh go díreach ar leochaileacht athraithe aeráide. Más cuspóir de ghníomhaíochtaí sonracha tionscadail é oiriúnú don athrú aeráide, níl ach na gníomhaíochtaí sin incháilithe. Más cuspóir de chuid an tionscadail iomláin é oiriúnú don athrú aeráide, nó más rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil dí-chomhiomlánú idir gníomhaíochtaí tionscadail oiriúnaithe agus neamhoiriúnúcháin, meastar go dtugtar aghaidh go díreach leis an tionscadal iomlán ar leochaileachtaí athraithe aeráide agus go bhfuil sé incháilithe.

b)

I gcás tionscadal a bhaineann le conarthaí dar luach 20 milliún CTS ar a laghad, déantar athbhreithniú neamhspleách tríú páirtí ar an tionscadal, ar leithligh nó i gcomhar le hullmhú na ndoiciméad tionscadail. Tá an t-athbhreithniú ar fáil go poiblí, mar shampla é a bheith foilsithe ar shuíomh gréasáin an tionscadail nó ar shuíomh gréasáin an chomhlachta phoiblí ábhartha. Fíorófar leis an athbhreithniú an réasúnaíocht a bhunaítear i mír a. thuas. Ina theannta sin, maidir le tionscadail a bhaineann le conarthaí i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil dí-chomhiomlánú i measc gníomhaíochtaí tionscadail oiriúnaithe don athrú aeráide agus neamhoiriúnúcháin don athrú aeráide, fíoróidh an t-athbhreithniú nach bhfuil sé indéanta go teicniúil comhpháirteanna tionscadail a dhí-chomhiomlánú.

c)

Is faide saol úsáideach an tionscadail ná an téarma aisíocaíochta.

IARSCRÍBHINN II

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH GLÉASRAÍ CUMHACHTA NÚICLÉICHE

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME NA TUISCEANA EARNÁLA

1.   RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM

a)

Leis an Tuiscint Earnála seo, leagtar amach na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus a bhaineann le conarthaí le haghaidh na nithe seo a leanas:

1.

Onnmhairiú gléasraí cumhachta núicléiche iomlána nó codanna díobh, lena gcuimsítear na comhpháirteanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí uile (lena n-áirítear oiliúint ar an bpearsanra) atá ag teastáil go díreach chun gléasraí den sórt sin a thógáil agus a choimisiúnú.

2.

Nuachóiriú na ngléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana.

3.

Soláthar breosla núicléach agus saibhriú.

4.

Soláthar bainistíochta breosla spíonta.

b)

Níl feidhm ag an Tuiscint Earnála seo maidir leo seo a leanas:

1.

Nithe atá lonnaithe lasmuigh de theorainn láithreáin an ghléasra cumhachta núicléiche a mbíonn an ceannaitheoir freagrach astu de ghnáth, go háirithe costais a bhaineann le forbairt talún, bóithre, sráidbhailte foirgníochta, línte cumhachta, lasc-chlós (29) agus soláthar uisce, chomh maith le costais a eascraíonn as nósanna imeachta um fhaomhadh oifigiúil (e.g. ceadanna láithreáin, ceadanna foirgníochta, ceadanna um luchtú breosla) i dtír an cheannaitheora.

2.

Fostáisiúin, claochladáin agus línte tarchuir atá lonnaithe lasmuigh de theorainn láithreáin an ghléasra cumhachta núicléiche.

3.

Tacaíocht oifigiúil a thugtar chun gléasra cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

2.   TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA

a)

Is é 22 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta d’earraí agus do sheirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 1 a) 1) den Tuiscint Earnála seo.

b)

Is é 22 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta d’earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 1 a) 2) den Tuiscint Earnála seo, nuair is 80 milliún CTS nó os a chionn luach foriomlán an nuachóirithe agus nuair is dóichí go bhféadfaí ré eacnamaíoch an ghléasra a fhadú go ceann na tréimhse aisíocaíochta ar a laghad. Is é 15 bliana an téarma uasta aisíocaíochta do gach idirbheart eile a chumhdaítear le hAirteagal 1 a) 2) den Tuiscint Earnála seo.

c)

Is é 4 bliana ó thráth a sheachadta an téarma uasta aisíocaíochta don chéad lucht breosla. Is é 2 bhliain ó thrátha a sheachadta an téarma uasta aisíocaíochta d’athluchtaí breosla núicléach.

d)

Is é 2 bhliain an téarma uasta aisíocaíochta do bhreosla spíonta.

e)

Is é 5 bliana an téarma uasta aisíocaíochta do shaibhriú agus do bhainistíocht breosla spíonta.

3.   AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS

a)

Is iondúil go n-aisíocfar an bunairgead de chreidmheas onnmhairiúcháin i dtráthchodanna cothroma tráthrialta nó, i gcás inarb iomchuí (e.g. nuair a thugtar tacaíocht le haghaidh idirbhearta léasa nó le haghaidh meaisíní nó trealamh saorsheasaimh a onnmhairiú), aisíocaíochtaí cothroma den bhunairgead agus den ús in éineacht.

b)

Déanfar an príomhshuim a aisíoc le minicíocht nach lú ná bliantúil agus déanfar an chéad tráthchuid den phríomhshuim a íoc ag tráth nach déanaí ná bliain tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

c)

Déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 6 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás íocaíochtaí bliantúla na príomhshuime, déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 12 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

d)

Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

e)

Nuair a bheidh údar cuí leis mar gheall ar mhíchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don fhéichiúnaí agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a cheadaítear i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar amach i míreanna (a) agus (b) thuas, féadfar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú faoin Tuiscint seo a sholáthar laistigh de na srianta seo a leanas:

1.

Ní rachaidh aon aisíocaíocht aonair den bhunairgead ná aon sraith d’íocaíochtaí an bhunairgid laistigh de thréimhse 6 mhí thar 35 % de bhunsuim an chreidmheasa.

2.

Déanfar an chéad aisíocaíocht den bhunairgead tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

3.

Tá meánré ualaithe uasta na tréimhse aisíocaíochta cothrom le 70 % de théarma aisíocaíochta an idirbhirt nó 6 bliana.

4.   TACAÍOCHT OIFIGIÚIL DO BHREOSLA NÚICLÉACH AGUS DO SHEIRBHÍSÍ A BHAINEANN LE BREOSLA NÚICLÉACH

Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 5 den Tuiscint Earnála seo, ní dhéanfaidh na Rannpháirtithe breosla núicléach ná seirbhísí gaolmhara a sholáthar saor in aisce.

5.   CABHAIR

Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht chabhrach.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA

6.   RÉAMHFHÓGRA

a)

Tabharfaidh Rannpháirtí fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44 den Socrú 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas dar luach níos mó ná 10 milliún CTS má tá sé ar intinn aige tacaíocht a sholáthar de réir na bhforálacha den Tuiscint Earnála seo. I gcás idirbheart arna dtacú faoi Airteagal 3(e) thuas, déanfaidh na Rannpháirtithe, inter alia, an méid seo a leanas a sholáthar:

1.

faisnéis mhionsonraithe ar an bpróifíl aisíocaíochta arna tacú agus míniú ar na cúiseanna le míchothromaíocht idir uainiú na gcistí atá ar fáil don oibleagáideoir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse atá ar fáil má thacaítear léi i gcomhréir le hAirteagail 3(a) agus 3(b), agus

2.

i gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil ag teacht leis an saorshreabhadh airgid, bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach maidir leis an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht.

b)

Cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas maidir lena chinneadh deiridh tar éis plé a bheith ann chun an t-athbhreithniú ar an gcorpas taithí a éascú.

CAIBIDIL IV

ATHBHREITHNIÚ

7.   ATHBHREITHNIÚ AGUS FAIREACHÁN

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha na Tuisceana Earnála agus faoi dheireadh 2023 ar a dhéanaí.

IARSCRÍBHINN III

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN d’AERÁRTHAÍ SIBHIALTA

CUID 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.   CUSPÓIR

a)

Is é cuspóir na Tuisceana Earnála seo creat a chur ar fáil d’úsáid intuartha, chomhsheasmhach, agus thrédhearcach na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil do dhíol nó léasú aerárthaí agus earraí agus seirbhísí eile a shonraítear in Airteagal 4 a) thíos. Féachann an Tuiscint Earnála seo le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin den sórt sin, d’fhonn an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí, bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n-earraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas iad a bheith bunaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil acu.

b)

Leagtar amach leis an Tuiscint Earnála seo na téarmaí agus na coinníollacha is fabhraí faoina bhféadfaí creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a sholáthar.

c)

Chun na críche sin, féachtar leis an Tuiscint Earnála seo le cothromaíocht chomhchuibhithe a bhunú lena ndéanfar sna margaí go léir:

1.

Coinníollacha airgeadais iomaíocha idir na Rannpháirtithe a thabhairt cothrom lena chéile,

2.

Tacaíocht oifigiúil a neodrú i measc na Rannpháirtithe, rud a bheadh ina thoisc sa rogha a dhéanfaí idir earraí agus seirbhísí iomaíocha a shonraítear in Airteagal 4 a) thíos, agus

3.

Saobhadh ar iomaíocht a sheachaint i measc na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo agus aon fhoinse airgeadais eile.

d)

Admhaíonn na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo (na Rannpháirtithe) gur forbraíodh na forálacha a chuirtear san áireamh sa Tuiscint Earnála seo chun críoch na Tuisceana Earnála seo agus chun na críche sin amháin agus nach ndéanann na forálacha sin dochar do na codanna eile den Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (an Socrú) agus a n-éabhlóid.

2.   STÁDAS

Comhaontú Oinigh i measc a Rannpháirtithe is ea an Tuiscint Earnála seo agus is í Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú í; tá sí ina cuid lárnach den Socrú agus tagann sí i gcomharbacht ar an Tuiscint Earnála a tháinig i bhfeidhm in Iúil 2007.

3.   RANNPHÁIRTÍOCHT

Is iad seo na Rannpháirtithe faoi láthair: an tAontas Eorpach, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe. Féadfaidh aon Neamh-rannpháirtí a bheith ina Rannpháirtí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn I.

4.   RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM

a)

Beidh feidhm ag an Tuiscint Earnála seo maidir le gach tacaíocht oifigiúil a sholáthraíonn rialtas, nó a sholáthraítear thar ceann rialtais, a bhfuil téarma aisíocaíochta 2 bhliain nó níos mó ag gabháil léi, maidir le honnmhairiú na nithe seo a leanas:

1.

Aerárthaí sibhialta nua agus innill atá suiteáilte iontu, lena n-áirítear trealamh arna sholáthar ag an gceannaitheoir.

2.

Aerárthaí sibhialta athláimhe, athchóirithe agus athfheistithe agus innill atá suiteáilte iontu, lena n-áirítear i ngach cás trealamh arna sholáthar ag an gceannaitheoir.

3.

Innill spártha.

4.

Páirteanna spártha d’aerárthaí sibhialta agus innill.

5.

Conarthaí cothabhála agus seirbhíse d’aerárthaí sibhialta agus innill.

6.

Athchóiriú, mórmhodhnuithe agus athfheistiú aerárthaí sibhialta.

7.

Fearais innill.

b)

Féadfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar ar bhealaí éagsúla:

1.

ráthaíocht nó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin (‘cumhdach foirfe’).

2.

tacaíocht oifigiúil maoinithe:

creidmheas díreach/maoiniúchán díreach agus athmhaoiniúchá, nó

tacaíocht ráta úis.

3.

Aon teaglaim díobh sin thuasluaite.

c)

Ní bheidh feidhm ag an Tuiscint Earnála seo maidir le tacaíocht oifigiúil le haghaidh na nithe seo a leanas:

1.

Onnmhairí aerárthaí míleata nua nó athláimhe agus earraí agus seirbhísí gaolmhara a liostaítear i mír a) thuas, lena n-áirítear nuair a úsáidtear iad chun críoch míleata.

2.

Ionsamhlóirí eitilte nua nó athláimhe.

5.   FAISNÉIS ATÁ AR FÁIL DO NEAMH-RANNPHÁIRTITHE

Má dhéanann Neamh-rannpháirtí, atá i staid iomaíochta, iarraidh i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a dhéantar a thairiscint i gcomhair tacaíocht oifigiúil; tabharfaidh Rannpháirtí, ar bhonn cómhalartaithe, freagra ar an iarraidh sin díreach faoi mar a thabharfadh sé freagra ar iarraidh ó Rannpháirtí.

6.   TACAÍOCHT CHABHRACH

Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht chabhrach, ach amháin chun críoch daonnúil, trí nós imeachta maidir le Líne Choiteann.

7.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ

Ní chuirtear cosc leis an Tuiscint Earnála seo ar a Rannpháirtithe ó théarmaí agus coinníollacha airgeadais nach bhfuil chomh srianta leis na téarmaí dá bhforáiltear sa Tuiscint Earnála seo a chomhaontú, más rud é go ndéantar gníomhaíocht den sórt sin nuair a bhíonn éifeacht cheana leis an gcomhaontú creidmheasa onnmhairiúcháin agus leis na doiciméid theagmhasacha agus go bhfuil an ghníomhaíocht sin beartaithe go huile agus go hiomlán chun go seachnófaí nó go n-íoslaghdófaí caillteanais ó imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtrúig le neamhíocaíocht nó éilimh. Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra do na Rannpháirtithe eile go léir agus do Rúnaíocht ECFE (an Rúnaíocht), laistigh de 20 lá oibre tar éis don Rannpháirtí teacht ar chomhaontú leis an gceannaitheoir/iasachtaí maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais modhnaithe. Cuimseofar leis an bhfógra faisnéis, lena n-áirítear an spreagadh, ar na téarmaí agus ar na coinníollacha airgeadais nua, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm thuairiscithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV.

CUID 2

AERÁRTHAÍ NUA

CAIBIDIL I

CUMHDACH

8.   AERÁRTHAÍ NUA

a)

Chun críoch na Tuisceana Earnála seo, is éard is aerárthach nua ann:

1.

Aerárthach, lena n-áirítear trealamh arna sholáthar ag an gceannaitheoir, agus na hinnill atá suiteáilte ar an aerárthach sin faoi úinéireacht an mhonaróra nach bhfuil seachadta nó nár úsáideadh roimhe sin chun na críche atá ceaptha dó maidir le paisinéirí agus/nó lastas a iompar agus

2.

Innill spártha agus páirteanna spártha nuair a bhreathnaítear orthu mar chuid d’ordú bunaidh an aerárthaigh i gcomhréir le forálacha Airteagal 20 a) thíos.

b)

D’ainneoin fhorálacha mhír a) thuas, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht a thabhairt do théarmaí iomchuí d’aerárthaí nua maidir le hidirbhearta a bhfuil socruithe eatramhacha maoinithe tráchtála leagtha síos dóibh mar gheall gur cuireadh moill ar sholáthar na tacaíochta oifigiúla, agus go bhfuil a fhios ag an Rannpháirtí é sin roimh ré; ní bheidh moill den sórt sin níos faide ná 18 mí. I gcásanna den sórt sin, beidh an téarma aisíocaíochta agus dáta na haisíocaíochta deiridh mar a chéile agus faoi mar a bheadh sé dá mba rud é go mbeadh tacaíocht oifigiúil á tabhairt maidir le díol nó léasú an aerárthaigh ón dáta ar seachadadh an t-aerárthach i dtús báire.

CAIBIDIL II

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS

Cuimsítear leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin na forálacha go léir a leagtar síos sa Chaibidil seo, forálacha a léifear i dteannta a chéile.

9.   AIRGEADRAÍ INCHÁILITHE

An euro, dollar na Stát Aontaithe, punt na Ríochta Aontaithe, yen na Seapáine, agus airgeadraí lán-inmhalartaithe eile a bhfuil sonraí ar fáil dóibh d’fhonn na rátaí íosta úis a luaitear i bhFoscríbhinn III a dhéanamh, is iad sin na hairgeadraí atá incháilithe maidir le tacaíocht oifigiúil maoinithe.

10.   ÉARLAIS AGUS TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA

a)

Maidir le hidirbhearta le ceannaitheoirí/iasachtaithe a aicmítear i gCatagóir Riosca 1 (de réir Fhoscríbhinn II, Tábla 1):

1.

Ceanglóidh na Rannpháirtithe go n-íocfar éarlais íosta de 20 % de ghlanphraghas an aerárthaigh ag túsphointe an chreidmheasa nó roimhe;

2.

Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil níos mó ná 80 % de ghlanphraghas an aerárthaigh.

b)

Maidir le hidirbhearta le ceannaitheoirí/iasachtaithe a aicmítear i gCatagóirí Riosca 2 go 8 (de réir Fhoscríbhinn II, Tábla 1):

1.

Ceanglóidh na Rannpháirtithe go n-íocfar éarlais íosta de 15 % de ghlanphraghas an aerárthaigh ag túsphointe an chreidmheasa nó roimhe;

2.

Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil níos mó ná 85 % de ghlanphraghas an aerárthaigh.

c)

Rannpháirtí a chuireann Airteagal 8 b) thuas i bhfeidhm, laghdóidh sé uasmhéid na tacaíochta oifigiúla de réir bhunairgead na dtráthchodanna a meastar iad a bheith dlite ó thúsphointe an chreidmheasa chun a áirithiú, tráth na heisíocaíochta, go mbeidh an méid gan íoc mar a chéile agus faoi mar a bheadh sé dá soláthrófaí creidmheas onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil tráth an tseachadta. Sna cásanna sin, gheobhaidh an Rannpháirtí iarratas ar thacaíocht oifigiúil roimh sheachadadh.

11.   PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA

a)

Na Rannpháirtithe a bhfuil tacaíocht oifigiúil á tabhairt acu, ní mhuirearóidh siad níos lú ná an préimhráta íosta a leagtar amach i gcomhréir le Foscríbhinn II don mhéid creidmheasa arna thacú go hoifigiúil.

b)

Úsáidfidh na Rannpháirtithe, nuair is gá, an tsamhail comhshóite le haghaidh préimhrátaí chun comhshó idir raonta difríochta in aghaidh na bliana arna ríomh ar an méid gan íoc den tacaíocht oifigiúil agus préimhrátaí láithreacha aonair arna ríomh ar bhunmhéid na tacaíochta oifigiúla.

12.   TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

a)

12 bhliain a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta de gach aerárthach nua.

b)

Ar bhonn eisceachtúil, agus le fógra roimh ré, ceadófar téarma uasta aisíocaíochta suas go dtí 15 bliana. Sa chás sin, beidh feidhm ag formhuirear 35 % maidir leis na préimhrátaí íosta a dhéantar a ríomh i gcomhréir le Foscríbhinn II.

c)

Ní bheidh síneadh ar an téarma aisíocaíochta trí chearta san urrús a roinnt ar bhonn pari passu le hiasachtóirí tráchtála maidir leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil.

13.   AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS

a)

Déanfaidh na Rannpháirtithe próifíl d’aisíocaíocht an bhunairgid agus d’íocaíocht an úis a chur i bhfeidhm mar a shonraítear i bhfomhír 1) nó 2) thíos (30).

1.

Déanfar aisíocaíocht an bhunairgid agus íocaíocht an úis le chéile i dtráthchodanna cothroma:

Íocfar tráthchodanna ag minicíocht nach lú ná gach 3 mhí, agus íocfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

Mar mhalairt, agus faoi réir réamhfhógra (mura bhfuil sé ina idirbheart de minimis), íocfar tráthchodanna gach 6 mhí agus íocfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. Sa chás sin, beidh feidhm ag formhuirear 15 % maidir leis na préimhrátaí íosta a dhéantar a ríomh i gcomhréir le Foscríbhinn II.

I gcás idirbheart ráta chomhlúthaigh, beidh próifíl amúchta an bhunairgid socraithe don téarma iomlán, 5 lá gnó roimh an dáta eisíocaíochta ar a mhéad, bunaithe ar an ráta comhlúthach nó babhtála an tráth sin.

2.

Déanfar aisíoc an bhunairgid i dtráthchodanna cothroma le hús iníoctha ar iarmhéideanna atá ag laghdú:

Íocfar tráthchodanna ag minicíocht nach lú ná gach 3 mhí, agus íocfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

Mar mhalairt, agus faoi réir réamhfhógra (mura bhfuil sé ina idirbheart de minimis), íocfar tráthchodanna gach 6 mhí agus íocfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. Sa chás sin, beidh feidhm ag formhuirear 15 % maidir leis na préimhrátaí íosta a dhéantar a ríomh i gcomhréir le Foscríbhinn II.

b)

D’ainneoin mhír a) thuas, agus faoi réir réamhfhógra, féadfar aisíocaíocht an bhunairgid a struchtúrú chun aisíocaíocht deiridh na méideanna gan íoc go léir a chur san áireamh ar dháta sonraithe. I gcás mar sin, déanfar aisíocaíochtaí an bhunairgid roimh an íocaíocht deiridh a struchtúrú mar a leagtar amach i mír a) thuas, bunaithe ar thréimhse amúchta nach mó ná an téarma uasta aisíocaíochta a cheadaítear le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí arna dtacú.

c)

D’ainneoin mhír a) thuas, féadfar aisíocaíocht an bhunairgid a struchtúrú ar théarmaí is lú fabhar don oibleagáideoir.

d)

Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

14.   RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS

a)

Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe, déanfaidh siad ráta íosta comhdhlúthach nó ráta íosta seasta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Fhoscríbhinn III.

b)

Maidir le haerárthaí scairdinnill ar ghlanphraghas USD 35 mhilliún ar a laghad, ní sholáthrófar tacaíocht oifigiúil maoinithe ar bhonn CIRR ach in imthosca eisceachtúla amháin. Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige an tacaíocht sin a sholáthar, tabharfaidh sé fógra do na Rannpháirtithe eile go léir 20 lá féilire ar a laghad roimh an gceangaltas deiridh, agus aithneofar an t-iasachtaí ann.

c)

Eisiatar ón ráta úis aon íocaíocht a dhéantar trí phréimh dá dtagraítear in Airteagal 11 thuas, agus táillí dá dtagraítear in Airteagal 16 thíos.

15.   TACAÍOCHT RÁTA ÚIS

Na Rannpháirtithe a bhfuil tacaíocht ráta úis á tabhairt acu, comhlíonfaidh siad téarmaí agus coinníollacha airgeadais na Tuisceana Earnála seo agus aon bhanc nó institiúid airgeadais eile atá mar pháirtí leis an idirbheart úis arna thacú, ní mór dó páirt a ghlacadh san idirbheart sin ar théarmaí atá ag teacht ar gach slí le téarmaí agus coinníollacha airgeadais na Tuisceana Earnála seo agus ar na téarmaí sin amháin.

16.   TÁILLÍ

a)

Faoi réir theorainneacha thréimhse shealbhaíochta na préimhe, gearrfaidh na Rannpháirtithe a bhfuil tacaíocht oifigiúil á tabhairt acu táille sealbhaithe préimhe ar an gcuid neamhtharraingthe den tacaíocht oifigiúil le linn thréimhse shealbhaíochta na préimhe, mar a leanas:

1.

Maidir leis na chéad 6 mhí den tréimhse shealbhaíochta: bonnphointe ar bith in aghaidh na bliana.

2.

Maidir leis an dara 6 mhí den tréimhse shealbhaíochta: 12,5 bonnphointe in aghaidh na bliana.

3.

Maidir leis an tríú 6 mhí dheiridh den tréimhse shealbhaíochta: 25 bhonnphointe in aghaidh na bliana.

b)

Maidir leis na Rannpháirtithe a bhfuil tacaíocht oifigiúil á soláthar acu i bhfoirm creidmheasa/maoinithe dhírigh, gearrfaidh siad na táillí seo a leanas:

1.

Táille Socruithe/Struchtúrtha: 25 bhonnphointe ar an méid eisíoctha atá iníoctha tráth gach eisíocaíochta.

2.

Táille ghealltanais agus sealbhaíochta préimhe: 20 bonnphointe in aghaidh na bliana ar an gcuid neamhtharraingthe den chreidmheas onnmhairiúcháin atá le heisíoc a bhfuil tacaíocht oifigiúil aige, le linn thréimhse shealbhaíochta na préimhe, iníoctha i riaráiste.

3.

Táille riaracháin: cúig bhonnphointe in aghaidh na bliana ar mhéid na tacaíochta oifigiúla amuigh atá iníoctha i riaráiste. De rogha air sin, féadfaidh na Rannpháirtithe a roghnú go mbeidh an táille sin iníoctha mar tháille láithreach, ar an méid a eisíoctar, tráth gach eisíocaíochta de bhun fhorálacha Airteagal 11 b) thuas.

17.   CÓMHAOINIÚ

D’ainneoin Airteagail 14 agus 16 thuas, i gcómhaoiniú ina dtugtar tacaíocht oifigiúil trí chreidmheas díreach agus cumhdach foirfe, agus i gcás ina léirítear le cumhdach foirfe 35 % ar a laghad den mhéid arna thacú go hoifigiúil, déanfaidh an Rannpháirtí a bhfuil creidmheas díreach á sholáthar aige na téarmaí agus na coinníollacha céanna a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear táillí, leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraíonn an institiúid airgeadais faoi chumhdach foirfe, chun coibhéis costais ilghnéithigh a ghiniúint idir soláthróir an chumhdaigh fhoirfe agus an t-iasachtóir díreach. Sna cásanna sin, an Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht den sórt sin, tuairisceoidh sé na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais arna dtacú, lena n-áirítear táillí, i gcomhréir leis an bhfoirm thuairiscithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV.

CUID 3

AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE, INNILL SPÁRTHA, PÁIRTEANNA SPÁRTHA, CONARTHAÍ COTHABHÁLA AGUS SEIRBHÍSE

CAIBIDIL I

CUMHDACH

18.   AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE AGUS EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ EILE

Beidh feidhm ag an gCuid seo den Tuiscint Earnála maidir le haerárthaí athláimhe agus innill spártha, páirteanna spártha, athchóiriú, mórmhodhnú, athfheistiú, conarthaí cothabhála agus seirbhíse d’aerárthaí agus d’fhearais innill nua agus athláimhe araon.

CAIBIDIL II

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS

Na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais atá le cur i bhfeidhm, seachas an téarma uasta aisíocaíochta, beidh siad i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCuid 2 den Tuiscint Earnála seo.

19.   DÍOL AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE

a)

Faoi réir mhír b) thíos, déanfar an téarma uasta aisíocaíochta d’aerárthaí athláimhe a bhunú i gcomhréir le haois an aerárthaigh, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

Aois an aerárthaigh (blianta ó dháta an bhunmhonaraithe)

Téarmaí uasta aisíocaíochta d’idirbhearta de bhun sócmhainní nó idirbhearta ceannasacha (blianta)

Téarmaí uasta aisíocaíochta d’idirbhearta nach idirbhearta de bhun sócmhainní ná idirbhearta ceannasacha iad (blianta)

1

10

8,5

2

9

7,5

3

8

6,5

4

7

6

5 – 8

6

5,5

Breis agus 8

5

5

b)

Maidir leis an téarma uasta aisíocaíochta d’aerárthaí a ndearnadh athchóiriú orthu, bunófar é i gcomhréir leis an tréimhse ama ó dháta an athchóirithe agus aois an aerárthaigh, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-idirbheart na ceanglais go léir i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19, agus nár soláthraíodh tacaíocht oifigiúil, más ann di, i leith an athchóirithe sin i gcomhréir le hAirteagal 21 a) thíos, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

Téarmaí uasta aisíocaíochta d’aerárthaí athchóirithe de bhun sócmhainní (blianta)

Tréimhse ama ó dháta an athchóirithe (blianta)

Aois an aerárthaigh (blianta ó dháta an bhunmhonaraithe)

1

2

3

4

5-8

Breis agus 8

0 (Athchóirithe le déanaí)

10

9

8

8

8

8

1

10

9

8

7

7

7

2

-----

9

8

7

6

6

3 nó níos mó

-----

-----

8

7

6

5

20.   INNILL SPÁRTHA AGUS PÁIRTEANNA SPÁRTHA

a)

Nuair a cheannaítear nó a ordaítear iad i ndáil leis na hinnill le bheith suiteáilte ar aerárthach nua, féadfar an tacaíocht oifigiúil d’innill spártha a sholáthar ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha don aerárthach.

b)

Nuair a cheannaítear iad le haerárthach nua, féadfar an tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha a sholáthar ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha don aerárthach suas go dtí 5 % de ghlanphraghas an aerárthaigh nua agus na n-inneall suiteáilte; beidh feidhm ag mír d) thíos maidir le tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha os cionn na teorann de 5 %.

c)

Nuair nach gceannaítear innill spártha le haerárthach nua, 8 mbliana a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta. Maidir le hinnill spártha lena mbaineann luach aonaid USD 10 milliún nó níos mó acu, féadfar an téarma aisíocaíochta a mhéadú go 10 mbliana, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-idirbheart na ceanglais uile i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19.

d)

Nuair nach gceannaítear páirteanna spártha eile le haerárthach nua, is é seo a leanas an téarma uasta aisíocaíochta:

1.

5 bliana i gcás luach conarthach de USD 5 mhilliún nó os a chionn.

2.

2 bhliain i gcás luach conarthach níos lú ná USD 5 mhilliún.

21.   CONARTHAÍ LE hAGHAIDH ATHCHÓIRIÚ/MÓRMHODHNÚCHÁIN/ATHFHEISTIÚ

a)

Maidir le hidirbheart le haghaidh athchóiriú, más rud é:

1.

Go bhfuil luach USD 5 mhilliún nó os a chionn aige, agus

Go gcomhlíonann sé na ceanglais go léir i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 8 mbliana.

Nach gcomhlíonann sé na ceanglais go léir i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 5 bliana.

2.

Go bhfuil luach níos lú ná USD 5 mhilliún aige, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 2 bhliain.

b)

Más rud é gur le haghaidh mórmhodhnú nó athfheistiú atá idirbheart, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí:

1.

Cúig bliana sa chás ina bhfuil luach USD 5 mhilliún nó os a chionn leis an gconradh;

2.

Dhá bhliain sa chás ina bhfuil luach níos lú ná USD 5 mhilliún leis an gconradh.

22.   CONARTHAÍ COTHABHÁLA AGUS SEIRBHÍSE

Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 3 bliana.

23.   FEARAIS INNILL

Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 5 bliana.

CUID 4

NÓSANNA IMEACHTA TRÉDHEARCACHTA

Déanfar gach cumarsáid idir na pointí teagmhála ainmnithe i dtír gach Rannpháirtí trí chumarsáid mheandrach, e.g. úsáid a bhaint as an gcóras ríomhphoist a choinníonn an Rúnaíocht ar bun chun cumarsáid i measc Rannpháirtithe agus na Rúnaíochta a éascú. Mura gcomhaontófar a mhalairt, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh na Rannpháirtithe go léir leis an bhfaisnéis uile a mhalartaítear faoin gCuid seo den Tuiscint Earnála.

ROINN 1

CEANGLAIS FAISNÉISE

24.   FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL

a)

Cuirfidh Rannpháirtí an fhaisnéis a éilítear i bhFoscríbhinn IV faoi bhráid na Rannpháirtithe eile, mar aon le cóip don Rúnaíocht, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dháta an cheangaltais deiridh.

b)

Chun an tagarmharc corrlaigh a bhunú i gcomhréir le Foscríbhinn III Airteagal 8 b), cuirfear faisnéis ar chorrlaigh cumhdaigh fhoirfe, mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn III Airteagail 8 c) agus d), faoi bhráid na Rúnaíochta tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh gach míosa.

ROINN 2

MALARTÚ FAISNÉISE

25.   IARRATAÍ AR FHAISNÉIS

a)

Féadfaidh Rannpháirtí faisnéis a lorg ó Rannpháirtí eile maidir le húsáid a chreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil do dhíol nó do léas aerárthaí arna gcumhdach ag an Tuiscint Earnála seo.

b)

Féadfaidh Rannpháirtí a mbeidh iarratas ar thacaíocht oifigiúil faighte aige fiosrú a chur chuig Rannpháirtí eile, agus féadfar a lua san fhiosrú sin na téarmaí creidmheasa is fabhraí agus na coinníollacha creidmheasa is fabhraí a mbeadh an Rannpháirtí fiafraitheach toilteanach tacaíocht a thabhairt dóibh.

c)

Tabharfaidh an Rannpháirtí a mbeidh an fiosrúchán dírithe chuige freagairt laistigh de 7 lá féilire agus cuirfidh sé ar fáil an méid is mó faisnéise cómhalartaí agus is féidir. Áireofar sa fhreagra an léiriú is fearr a fhéadfaidh an Rannpháirtí a thabhairt den chinneadh is dócha a thógfaidh sé. Más gá sin, beidh an freagra á leanúint a luaithe is féidir.

d)

Cuirfear cóipeanna de na fiosrúcháin agus na freagairtí go léir chuig an Rúnaíocht.

26.   COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE

a)

I staid iomaíochta, féadfaidh Rannpháirtí comhairliúcháin duine le duine a iarraidh le haon Rannpháirtí amháin nó níos mó.

b)

Aontóidh aon Rannpháirtí laistigh de 10 lá oibre le hiarrataí den sórt sin.

c)

Beidh na comhairliúcháin sin ann a luaithe is féidir tar éis don tréimhse 10 lá oibre dul in éag.

d)

Déanfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe comhordú leis an Rúnaíocht maidir le haon ghníomhaíocht leantach is gá. Déanfaidh an Rúnaíocht toradh an chomhairliúcháin a chur ar fáil go pras do na Rannpháirtithe uile.

27.   COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA

a)

Maidir le Rannpháirtí (an Rannpháirtí tionscnaimh) ag a bhfuil forais réasúnacha a chreidiúint gur flaithiúla na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais atá á dtairiscint ag Rannpháirtí eile (an Rannpháirtí freagartha) ná na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Tuiscint Earnála seo, cuirfidh sé an Rúnaíocht ar an eolas faoi sin; cuirfidh an Rúnaíocht an fhaisnéis sin ar fáil láithreach don Rannpháirtí freagartha.

b)

Déanfaidh an Rannpháirtí freagartha na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais arna dtacú go hoifigiúil a shoiléiriú laistigh de 5 lá oibre tar éis an fhaisnéis ón Rúnaíocht a eisiúint.

c)

Tar éis soiléiriú ón Rannpháirtí freagartha, féadfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh a iarraidh go n-eagródh an Rúnaíocht cruinniú comhairliúcháin speisialta leis an Rannpháirtí freagartha laistigh de 5 lá oibre chun an tsaincheist a phlé.

d)

Fanfaidh an Rannpháirtí freagartha ar thoradh an chomhairliúcháin a chinnfear ar dháta an chomhairliúcháin sin sula leantar tuilleadh leis an idirbheart.

ROINN 3

LÍNTE COITEANNA

28.   NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA

a)

Is chuig an Rúnaíocht amháin a dhírítear tograí maidir le Líne Choiteann. Ní dhéanfar céannacht an tionscnóra ar chlár na Líne Coitinne a nochtadh ar an gclár fógraí leictreonach arna choinneáil ar bun ag an Rúnaíocht ar Líonra Timpeallachta ECFE. Féadfaidh an Rúnaíocht, áfach, céannacht an tionscnóra a nochtadh ó bhéal do Rannpháirtí arna iarraidh sin dó. Coinneoidh an Rúnaíocht taifead de na hiarrataí sin.

b)

Déanfar dáta ar an togra maidir le Líne Choiteann a dhátú agus is í an fhormáid seo a leanas a bheidh air:

1.

An uimhir thagartha, agus an Líne Choiteann ina diaidh.

2.

Ainm na tíre allmhairiúcháin agus an cheannaitheora/iasachtaí.

3.

Ainm an idirbhirt nó tuairisc chomh beacht agus is féidir air chun an t-idirbheart a aithint go soiléir.

4.

Togra maidir le Líne Choiteann le haghaidh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is flaithiúla a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh.

5.

Náisiúntacht agus ainmneacha na dtairgeoirí aitheanta iomaíocha.

6.

Dáta deiridh imthairisceana tráchtála agus uimhir thairisceana a mhéid a bhfuil eolas ann fúithi.

7.

Faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na cúiseanna chun an Líne Choiteann a mholadh, agus de réir mar is iomchuí, cúinsí speisialta.

29.   FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN

a)

Tabharfar freagraí laistigh de 20 lá féilire, cé go moltar do na Rannpháirtithe freagairt do thogra maidir le Líne Choiteann a thapúla is féidir.

b)

D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i bhfreagairt glacadh, diúltú, iarraidh ar fhaisnéis bhreise, togra chun modhnú a dhéanamh ar an Líne Choiteann nó togra malartach maidir leis an Líne Choiteann.

c)

I gcás Rannpháirtí a fhanann ina thost nó a thugann le fios nach bhfuil aon seasamh á ghlacadh aige, meastar go nglacann sé leis an togra maidir le Líne Choiteann.

30.   GLACADH LE LÍNTE COITEANNA

a)

Déanfaidh an Rúnaíocht, tar éis 20 lá féilire a beith caite, na Rannpháirtithe go léir a chur ar an eolas i dtaca le stádas an togra maidir le Líne Choiteann. Más rud é nach mbeidh an Líne Choiteann glactha ag na Rannpháirtithe go léir, ach nach mbeidh diúltaithe di ag aon Rannpháirtí, fágfar an togra ar oscailt go ceann thréimhse bhreise 8 lá féilire.

b)

Tar éis na tréimhse breise sin, maidir le Rannpháirtí nach mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann diúltaithe go sainráite aige, measfar go bhfuil an Líne Choiteann glactha aige. Mar sin féin, féadfaidh Rannpháirtí, lena n-áirítear Rannpháirtí tionscnaimh, a chur de choinníoll maidir le glacadh leis an Líne Choiteann go nglacfaidh Rannpháirtí amháin nó níos mó go sainráite léi.

c)

Más rud é nach nglacfaidh Rannpháirtí le heilimint amháin nó níos mó den Líne Choiteann, glacfaidh sé go hintuigthe leis na heilimintí eile go léir den Líne Choiteann.

31.   EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA

a)

Más rud é nach bhféadfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh agus an Rannpháirtí a mhol modhnú nó athrú aontú ar Líne Choiteann laistigh den tréimhse 8 lá féilire sa bhreis a luaitear in Airteagal 30 thuas, féadfar an tréimhse sin a fhadú trína gcomhthoil. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin.

b)

Féadfar Líne Choiteann nach mbeidh glactha a athbhreithniú agus úsáid á baint as na nósanna imeachta in Airteagail 28 agus 30. Sna cúinsí sin, níl na Rannpháirtithe faoi cheangal ag a gcinneadh bunaidh.

32.   DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE

Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas go rachaidh an Líne Choiteann in éifeacht nó go mbeidh diúltaithe di; rachaidh an Líne Choiteann a comhaontaíodh in éifeacht 3 lá féilire tar éis an fógra sin a fháil.

33.   BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA

a)

Mura gcomhaontófar a mhalairt, maidir le Líne Choiteann, a luaithe a aontófar fúithi, beidh sí bailí go ceann thréimhse 2 bhliain ón dáta a rachaidh sí i bhfeidhm, mura rud é go gcuirtear an Rúnaíocht ar an eolas nach díol suime feasta í, agus go nglacann na Rannpháirtithe go léir leis an gcás sin.

b)

Beidh Líne Choiteann bailí i gcónaí ar feadh tréimhse 2 bhliain bhreise má fhéachann Rannpháirtí le fadú a fháil laistigh de 14 lá féilire ón dáta éaga bunaidh agus in éagmais easaontaithe; féadfar aontú ar fhaduithe ina dhiaidh sin tríd an nós imeachta céanna.

c)

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar stádas na Línte Coiteanna agus cuirfidh sí na Rannpháirtithe ar an eolas dá réir sin, trí chothabháil a dhéanamh ar an liostú ‘Stádas na Línte Coiteanna Bailí’ ar OLIS. Dá réir sin, déanfaidh an Rúnaíocht, inter alia, liosta de na Línte Coiteanna atá ceaptha dul in éag an chéad ráithe eile a eisiúint go ráithiúil.

d)

Ar iarraidh ó Neamh-rannpháirtí a tháirgeann aerárthaí iomaíocha, déanfaidh an Rúnaíocht Línte Coiteanna bailí a chur ar fáil don Neamh-rannpháirtí sin.

ROINN 4

COMHOIRIÚNÚ

34.   COMHOIRIÚNÚ

a)

Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, féadfaidh Rannpháirtí comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Neamh-rannpháirtí.

b)

I gcás téarmaí agus coinníollacha neamh-chomhlíontacha comhfhreagracha arna dtairiscint ag Neamh-rannpháirtí:

1.

Déanfaidh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe a dhícheall chun na téarmaí agus na coinníollacha sin a dheimhniú.

2.

Déanfaidh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe cineál agus toradh na n-iarrachtaí sin, chomh maith leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhfuil sé ar intinn aige tacaíocht a thabhairt dóibh, a chur in iúl don Rúnaíocht agus do na Rannpháirtithe eile go léir ar a laghad 10 lá féilire sula n-eisítear aon ghealltanas.

3.

Má iarrann aon Rannpháirtí eile plé le linn na tréimhse 10 lá féilire sin, fanfaidh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe 10 lá féilire eile sula n-eisítear aon ghealltanas ar na téarmaí sin.

c)

Más rud é go modhnaíonn an Rannpháirtí nó go dtarraingíonn sé siar an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna bhfógairt, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

CUID 5

FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ

35.   FAIREACHÁN

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar chur chun feidhme na Tuisceana Earnála seo agus tabharfaidh sé tuairisc do na Rannpháirtithe ar bhonn bliantúil.

36.   ATHBHREITHNIÚ

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar nósanna imeachta agus forálacha na Tuisceana Earnála seo lena dtabhairt níos gaire do choinníollacha an mhargaidh.

a)

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar an Tuiscint Earnála mar a leanas:

1.

Sa bhliain féilire 2019 agus gach ceathrú bliain ina dhiaidh sin, le fógra á thabhairt ag an Rúnaíocht 3 mhí roimhe i ngach cás.

2.

Ar iarraidh ó Rannpháirtí tar éis comhairliúcháin chuí, ar choinníoll gur cuireadh fógra chuig an Rúnaíocht 3 mhí roimhe agus go soláthraíonn an Rannpháirtí iarrthach míniú i scríbhinn ar chúis agus ar chuspóirí an athbhreithnithe chomh maith le hachoimre ar na comhairliúcháin roimh an iarratas.

3.

Leagtar amach módúlachtaí uasdátaithe na bpréimhrátaí íosta agus na rátaí íosta úis i bhFoscríbhinní II agus III faoi seach.

4.

Beidh táillí a leagtar amach in Airteagal 16 mar chuid d’athbhreithnithe.

b)

Breathnóidh an t-athbhreithniú a leagtar amach i bhfomhír a) 1) ar:

1.

A mhéid atá cuspóirí na Tuisceana Earnála seo, mar a leagtar amach in Airteagal 1 thuas, bainte amach agus aon saincheist eile ar mian le Rannpháirtí í a tharraingt anuas lena plé.

2.

I bhfianaise na n-eilimintí i bhfomhír b) 1) thuas, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar leasuithe ar ghné ar bith den Tuiscint Earnála seo a dhlisteanú.

c)

Mar aitheantas ar thábhacht an phróisis athbhreithnithe, lena chinntiú go bhfreastalaíonn téarmaí agus coinníollacha na Tuisceana Earnála seo riachtanais na Rannpháirtithe i gcónaí, beidh sé de cheart ag gach Rannpháirtí éirí as an Tuiscint Earnála i gcomhréir le hAirteagal 40 thíos.

37.   OBAIR A BHEIDH ANN AMACH ANSEO

Tabharfar aird ar:

a)

Imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais na Rannpháirtithe maidir le tacaíocht oifigiúil a sholáthar roimh thúsphointe an chreidmheasa.

b)

Na coinníollacha is infheidhme maidir le hiasachtaí indíreacha.

c)

Síneadh ar théarmaí uasta aisíocaíochta faoi Airteagal 19 d’aerárthaí athláimhe a athfheistíodh go suntasach sular díoladh iad.

d)

Síneadh ar théarmaí uasta aisíocaíochta faoi Airteagal 21 do luachanna conarthacha níos mó.

e)

Na forálacha is infheidhme ar ‘athfheistiú’ (Airteagal 21) agus ‘seirbhísí’ (Airteagal 22).

f)

Próiseas incháilitheachta Cape Town.

g)

An sainmhíniú ar ‘Rannpháirtí Leasmhar’.

CUID 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

38.   TEACHT I bhFEIDHM

An 1 Feabhra 2011 atá mar dháta éifeachta na Tuisceana Earnála seo.

39.   TARRAINGT SIAR

Féadfaidh Rannpháirtí tarraingt siar ón Tuiscint Earnála seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Rúnaíocht trí chumarsáid mheandrach, e.g. ríomhphost. Beidh éifeacht ag an tarraingt siar 6 mhí tar éis don Rúnaíocht an fógra a fháil. Ní dhéanfaidh tarraingt siar difear do chomhaontuithe ar thángthas orthu maidir le hidirbhearta indibhidiúla a rinneadh roimh dháta na tarraingthe siar.

Foscríbhinn I

RANNPHÁIRTÍOCHT SA TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ

1.   

Maidir le Neamh-rannpháirtithe a bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta maidir le haerárthaí sibhialta á forbairt acu, spreagann na Rannpháirtithe iad chun disciplíní na Tuisceana Earnála seo a chur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, iarrann na Rannpháirtithe ar Neamh-rannpháirtithe dul i mbun idirphlé leo maidir leis na coinníollacha chun teacht isteach in ASU.

2.   

Ní mór don Rúnaíocht a áirithiú go soláthraítear faisnéis iomlán ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le bheith mar Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála seo chuig Neamh-rannpháirtí a bhfuil suim aige páirt a ghlacadh sa Tuiscint Earnála.

3.   

Cuirfidh na Rannpháirtithe cuireadh chuig an Neamh-rannpháirtí ansin chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí de bhun na Tuisceana Earnála seo agus chun freastal ar chruinnithe rialta mar bhreathnóir. Mairfidh cuireadh den sórt sin 2 bhliain ar a mhéad agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin go ceann 2 bhliain eile. Le linn na tréimhse sin, tabharfar cuireadh chuig an Neamh-rannpháirtí athbhreithniú a sholáthar ar a chóras creidmheasa onnmhairiúcháin, go háirithe d’onnmhairiú aerárthaí sibhialta.

4.   

Ag deireadh na tréimhse sin, cuirfear an Neamh-rannpháirtí in iúl cé acu is mian nó nach mian leis a bheith mar Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála seo agus a disciplíní a leanúint; i gcás dearbhuithe den sórt sin, cuirfidh an Neamh-rannpháirtí, ar bhonn bliantúil, leis na costais a bhaineann le cur chun feidhme na Tuisceana Earnála seo.

5.   

Breathnófar ar an Neamh-rannpháirtí leasmhar mar Rannpháirtí 30 lá oibre tar éis an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Fhoscríbhinn seo.

Foscríbhinn II

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA

Leagtar amach san Fhoscríbhinn seo na nósanna imeachta le húsáid agus praghsáil na tacaíochta oifigiúla le haghaidh idirbheart faoi réir na Tuisceana Earnála seo á cinneadh. Leagtar amach na nósanna imeachta um aicmiú riosca i Roinn 1; Leagtar amach i Roinn 2 na préimhrátaí íosta le muirearú ar aerárthaí nua agus athláimhe, agus leagtar amach i Roinn 3 na préimhrátaí íosta le muirearú ar innill spártha, páirteanna spártha, athchóiriú/mórmhodhnú/athfheistiú, conarthaí cothabhála agus seirbhísí, agus fearais innill.

ROINN 1

NÓSANNA IMEACHTA UM AICMIÚ RIOSCA

1.

Chomhaontaigh na Rannpháirtithe ar liosta aicmithe riosca (an Liosta) do cheannaitheoirí/iasachtaithe; léirítear le haicmithe riosca den sórt sin rátáil creidmheasa neamhurraithe shinsearach na gceannaitheoirí/n-iasachtaithe a bhfuil scála rátála coiteann amhail scála ó cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (CRA) in úsáid acu.

2.

Saineolaithe a ainmníonn na Rannpháirtithe a dhéanfaidh na haicmithe riosca le hais na gcatagóirí riosca a leagtar amach i dTábla 1 den Fhoscríbhinn.

3.

Beidh an Liosta ina cheangal ag aon chéim den idirbheart (e.g. feachtas agus seachadadh), faoi réir fhorálacha Airteagal 15 den Fhoscríbhinn seo.

I.   BUNÚ LIOSTA NA nAICMITHE RIOSCA

4.

Déanfar an Liosta a fhorbairt agus a chomhaontú idir na Rannpháirtithe roimh theacht i bhfeidhm na Tuisceana Earnála seo; déanfaidh an Rúnaíocht é a chothú agus a chur ar fáil do na Rannpháirtithe go léir ar bhonn rúnda.

5.

Ar iarraidh, féadfaidh an Rúnaíocht, ar bhonn rúnda, aicmiú riosca ceannaitheora/iasachtaí a chur in iúl do Neamh-rannpháirtí a tháirgeann aerárthaí; sa chás sin, cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas faoin iarraidh. Féadfaidh aon Neamh-rannpháirtí, tráth ar bith, moladh um breiseanna don Liosta a thabhairt don Rúnaíocht. Féadfaidh aon Neamh-rannpháirtí a bhfuil moladh um breis don Liosta á thabhairt acu páirt a ghlacadh sa nós imeachta um aicmiú riosca amhail is dá mba Rannpháirtí leasmhar é.

II.   LIOSTA NA nAICMITHE RIOSCA A THABHAIRT COTHROM LE DÁTA

6.

Faoi réir fhorálacha Airteagal 15 den Fhoscríbhinn seo, féadfar an Liosta a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn ad hoc sa chás go gcuireann Rannpháirtí in iúl go bhfuil sé ar intinn aige aicmiú riosca eile seachas an t-aicmiú ar an Liosta a chur i bhfeidhm, nó má theastaíonn aicmiú riosca ó Rannpháirtí do cheannaitheoir/iasachtaí nach bhfuil ar an Liosta go fóill (31) (32).

7.

Sula mbaineann aon Rannpháirtí úsáid as rogha eile nó aicmiú riosca nua, cuirfidh sé iarratas chuig an Rúnaíocht d’fhonn an Liosta a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn aicmiú riosca eile nó nua. Déanfaidh an Rúnaíocht an iarraidh sin a scaipeadh chuig na Rannpháirtithe go léir laistigh de 2 lá oibre, gan céannacht an Rannpháirtí a chuir an iarraidh isteach a lua.

8.

Ceadaítear tréimhse 10 (33) lá oibre do Rannpháirtithe leasmhara comhaontú le leasú a moladh ar an Liosta nó chun agóid a dhéanamh ina choinne; glactar le mainneachtain freagairt a thabhairt laistigh den tréimhse sin mar chomhaontú leis an moladh. Más rud é ag deireadh na tréimhse 10 lá nach aon bhfuil aon agóid tugtha in aghaidh an togra, meastar go nglactar leis an nuashonrú atá beartaithe ar an Liosta. Déanfaidh an Rúnaíocht an Liosta a mhodhnú dá réir sin agus seolfaidh sé teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre; beidh an Liosta athbhreithnithe ina cheangal ó dháta na teachtaireachta sin.

III.   RÉITEACH EASAONTUITHE

9.

I gcás agóide ar aicmiú riosca beartaithe, déanfaidh Rannpháirtithe leasmhara, ar leibhéal na saineolaithe, a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir leis an aicmiú riosca laistigh de thréimhse 10 lá oibre eile tar éis an fhógra maidir le heasaontú. Ba cheart na hacmhainní uile is gá d’fhonn easaontuithe a réiteach a fhiosrú, le cabhair ón Rúnaíocht más gá (e.g. glaonna comhdhála nó comhairliúcháin duine le duine). Más rud é go gcomhaontaíonn Rannpháirtithe Leasmhara le haicmiú riosca taobh istigh de thréimhse 10 lá oibre, cuirfidh siad an toradh in iúl don Rúnaíocht agus déanfaidh an Rúnaíocht Liosta Cape Town a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin agus teachtaireacht a sheoladh via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre. Beidh an Liosta athbhreithnithe ina cheangal ó dháta na teachtaireachta sin.

10.

I gcás nach réitítear an t-easaontas idir na saineolaithe laistigh de 10 lá oibre, cuirfear an tsaincheist chuig na Rannpháirtithe le haghaidh cinnidh maidir leis an aicmiú riosca iomchuí, laistigh de thréimhse nach mó ná 5 lá oibre.

11.

In éagmais comhaontas críochnaitheach, d’fhéadfadh teacht a bheith ag Rannpháirtí ar CRA chun aicmiú riosca an cheannaitheora/iasachtaí a chinneadh. Sna cásanna sin, seolfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe teachtaireacht ar son na Rannpháirtithe chuig an gceannaitheoir/iasachtaí, laistigh de 10 lá oibre. Cuimseofar leis an teachtaireacht na téarmaí tagartha don chomhairliúchán measúnaithe riosca arna n-aontú idir na Rannpháirtithe. An t-aicmiú riosca a n-éascaíonn as, déanfar é a chlárú ar an Liosta agus beidh sé ina cheangal díreach tar éis theachtaireacht na Rúnaíochta d’fhonn nós imeachta an nuashonraithe a chur i gcrích laistigh de 5 lá oibre.

12.

Mura gcomhaontófar a mhalairt, íocfaidh an ceannaitheoir/t-iasachtaí leasmhar costas an teachta den chineál sin ar CRA.

13.

Le linn na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 9 go 11 den Fhoscríbhinn seo, is é an t-aicmiú riosca i réim is infheidhme (nuair a bhíonn sé ar fáil ar an Liosta).

IV.   TRÉIMHSE BHAILÍOCHTA AICMITHE

14.

Is iad na haicmithe riosca bailí na haicmithe riosca atá i réim mar a thaifeadtar sa Liosta a choinníonn an Rúnaíocht ar bun; ní dhéanfar tásca agus gealltanais maidir le préimhrátaí ach i gcomhréir leis na haicmithe riosca sin amháin.

15.

Baineann tréimhse bhailíochta nach mó ná 12 mhí le haicmithe riosca ó dháta an taifeadta ag an Rúnaíocht sa Liosta chun go dtabharfaidh na Rannpháirtithe tásc agus gealltanais deiridh maidir le préimhrátaí; féadfar síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta le haghaidh idirbheart faoi leith go ceann 18 mí eile más rud é gur tharla gealltanas nó gealltanas deiridh agus gur gearradh táillí sealbhaithe préimhe. Féadfar na haicmithe riosca a athbhreithniú le linn na tréimhse bailíochta 12 mhí i gcás athruithe ábhartha ar phróifíl riosca an cheannaitheora/iasachtaí, amhail modhnú ar rátáil arna seachadadh ag CRA.

16.

Ach amháin má iarrann aon Rannpháirtí a thabhairt chothrom le dáta, 20 lá oibre ar a laghad roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an aicmithe riosca ábhartha, bainfidh an Rúnaíocht an t-aicmiú riosca sin ón gcéad Liosta eile ina dhiaidh a thabharfar cothrom le dáta. Déanfaidh an Rúnaíocht an iarraidh sin ar thabhairt cothrom le dáta a scaipeadh ar na Rannpháirtithe go léir laistigh de 2 lá oibre, gan céannacht an Rannpháirtí a chuir an iarraidh isteach a lua, agus beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 9 go 11 den Fhoscríbhinn seo.

V.   IARRAIDH AR AICMIÚ RIOSCA AN CHEANNAITHEORA/IASACHTAÍ

17.

Má iarrann ceannaitheoir/iasachtaí léiriú ar a aicmiú riosca agus mura bhfuil sé ar an Liosta go fóill, féadfaidh an ceannaitheoir/iasachtaí sin aicmiú riosca táscach a iarraidh ó CRA ar a chostas féin. Ní bheidh an t-aicmiú riosca sin san áireamh sa Liosta; féadfaidh na Rannpháirtithe é a úsáid mar bhonn dá measúnú riosca féin.

ROINN 2

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE HAGHAIDH AERÁRTHAÍ NUA AGUS ATHLÁIMHE

I.   I. BUNÚ NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA

18.

Leagtar amach le hAirteagail 19 go 60 den Fhoscríbhinn seo na préimhrátaí íosta a chomhfhreagraíonn d’aicmiú riosca ceannaitheora/iasachtaí (nó, i gcás eintiteas difriúil, príomhfhoinse aisíocaíochta an idirbhirt).

19.

Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a sholáthar ag an bpréimhráta íosta nó os a chionn ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile thíos:

a)

Is idirbheart de bhun sócmhainní é a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

1.

Leas urrúis céadtosaíochta ar an aerárthach agus ar na hinnill nó i ndáil leo.

2.

I gcás struchtúr léasa, sannachán agus/nó leas urrúis céadtosaíochta i ndáil leis na híocaíochtaí léasa.

3.

Trasmhainneachtain agus comhthaobhacht de gach aerárthach agus inneall arna shealbhú go dlíthiúil agus go tairbhiúil ag na páirtithe céanna faoin maoiniú arna mholadh aon uair is féidir faoin gcóras dlí is infheidhme.

b)

Déantar an t-idirbheart a struchtúrú chun maolaitheoirí riosca mar a leagtar amach i dTábla 1 thíos, ar a laghad, a chur san áireamh:

Tábla 1.

Maolaitheoirí Riosca

Catagóir Riosca ASU

Rátaí Riosca

Maolaitheoirí Riosca

IOMLÁN

‘A’ ar a laghad

1

AAA go dtí BBB-

0

0

2

BB+ agus BB

0

0

3

BB-

1

1

4

B+

2

1

5

B

2

1

6

B-

3

2

7

CCC

4

3

8

CC go C

4

3

20.

Chun críocha Airteagal 19 den Fhoscríbhinn seo:

a)

Féadfaidh na Rannpháirtithe roghnú ó na maolaitheoirí riosca seo a leanas:

 

Maolaitheoirí riosca ‘A’:

1.

Ráta laghdaithe airleacain: is ionann gach laghdú de chúig phointe céatadáin ó na rátaí airleacain dá dtagraítear in Airteagail 10 a) agus b) den Tuiscint Earnála seo agus aon mhaolaitheoir riosca ‘A’ amháin. Sa chás sin, ní sholáthróidh an Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil i bhfoirm ar bith is mó ná an ráta airleacain laghdaithe.

2.

Amúchadh dronlíneach: is ionann aisíocaíocht an bhunairgid i dtráthchodanna cothroma agus aon mhaolaitheoir riosca amháin.

3.

Téarmaí laghdaithe aisíocaíochta: is ionann téarma aisíocaíochta nach mó ná 10 mbliana agus aon mhaolaitheoir riosca amháin, gan beann ar an téarma uasta aisíocaíochta a cheadaítear.

 

Maolaitheoirí riosca ‘B’:

1.

Taisc ráthaíochta: is ionann gach taisce ráthaíochta de mhéid atá coibhéiseach le haon tráthchuid ráithiúil amháin den bhunairgead agus den ús agus aon mhaolaitheoir riosca amháin. Féadfaidh an taisce ráthaíochta a bheith i bhfoirm airgid nó i bhfoirm litir chreidmheasa theannta.

2.

Aisíocaíochtaí léasa roimh ré: déanfar íocaíochtaí léasa i méid atá cothrom le haon tráthchuid ráithiúil amháin den bhunairgead agus den ús a íoc aon ráithe amháin roimh gach dáta aisíocaíochta.

3.

Cúlchistí cothabhála i bhfoirm agus de mhéid a léiríonn dea-chleachtais an mhargaidh.

b)

Faoi réir fógra roimh ré, féadfaidh formhuirear 15 % ar an bpréimhráta íosta is infheidhme a chur in ionad suas le haon cheann amháin de na maolaitheoirí riosca ‘A’.

21.

Féadfar préimhrátaí íosta le cur i bhfeidhm ar idirbheart a shocrú roimh sheachadadh, ag an gceangaltas, ag an gceangaltas deiridh nó ag tús thréimhse shealbhaíochta na préimhe le fad sainithe. Maidir le préimhráta láithreach deiridh, raon difríochta in aghaidh na bliana, nó teaglaim díobh le cur i bhfeidhm ar idirbheart, comhlíonfaidh sé an préimhráta íosta a bhunófar chomh maith le maolaitheoirí riosca éigeantacha arna bhforordú in Airteagal 19 b) den Fhoscríbhinn seo ón dáta a leagfar síos na préimhrátaí íosta. Beidh feidhm ag téarmaí den sórt sin d’fhad iomlán thréimhse shealbhaíochta na préimhe agus ní fhéadfar iad a athbhreithniú ach amháin tar éis dhul in éag na tréimhse sin, agus ag an tráth sin beidh feidhm ag na préimhrátaí agus na maolaitheoirí riosca éigeantacha arna bhforordú ag ASU agus féadfar iad a shocrú do thréimhse shealbhaíochta na préimhe dá éis sin.

22.

De bhun Airteagal 11 den Tuiscint Earnála seo, is éard a bheidh sna préimhrátaí íosta le cur i bhfeidhm rátaí íosta rioscabhunaithe (RBR) a mbeidh formhuirear margaidh-léiritheach (MRS) curtha leo, i gcomhréir le hAirteagail 23 go 35 thíos.

23.

Ó theacht i bhfeidhm na Tuisceana Earnála seo, is iad seo a leanas na rátaí íosta rioscabhunaithe (RBRanna):

Tábla 2.

Rátaí Rioscabhunaithe

Catagóir Riosca ASU

Raonta difríochta (bps)

Láithreach (%)

1

89

4,98

2

98

5,49

3

116

6,52

4

133

7,49

5

151

8,53

6

168

9,51

7

185

10,50

8

194

11,03

24.

Déanfar na rátaí RBRanna a athshocrú ar bhonn bliantúil, bunaithe ar mheán gluaisteach 4 bliana de Chaillteanas i gcás Mainneachtana (LGD) de chuid Moody. Bunaítear an LGD iomchuí don athshocrú sin ar iasachtaí bainc urraithe sinsearacha na 1ú lian, agus ríomhfar é mar a leanas:

Tábla 3.

Léarscáiliú LGD

Meán gluaisteach 4 bliana

LGD a breithníodh

>=45  %

25  %

>=‘35  %’ < 45  %

23  %

>=‘30  %’ < 35  %

21  %

< 30  %

19  %

25.

Cinnfear fachtóir coigeartaithe RBR mar a leanas:

LGD a breithníodh

= fachtóir coigeartaithe RBR

19 %

 

26.

Déanfar an fachtóir coigeartaithe RBR a iolrú ar na RBRanna a leagtar amach i dTábla 2 thuas, d’fhonn na RBRanna athshocraithe a chinneadh.

27.

Beidh éifeacht leis na RBRanna a eascraíonn as na próisis athshocraithe a liostaítear thuas ón 15 Aibreán gach bliain ina dhiaidh. Nuair a shonraítear na RBRanna a eascraíonn as an athshocrú bliantúil, cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas láithreach faoi na rátaí is infheidhme agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

28.

Ríomhfar Formhuirear Margaidh-Léiritheach mar a leanas le haghaidh gach catagóire riosca:

MRS = B*[(0.5*MCS)-RBR]

i gcás inarb amhlaidh:

Is comhéifeacht mheasctha é B a athraíonn ó 0,7 go 0,35 de réir gach catagóire riosca de réir Tábla 4 thíos.

Is meán gluaisteach 90 lá de Mheánraonta Difríochta Creidmheasa (MCS) Moody’s é MCS le meánré 7 mbliana.

29.

Nuair a chuimsíonn catagóirí riosca níos mó ná aon ráta riosca amháin, déanfar na raonta difríochta a mheánú. I gcatagóir riosca 1, bainfear úsáid as an raon difríochta BBB.

30.

Déanfar na raonta difríochta MCS a lascainiú de 50 % d’fhonn sócmhainn slándála a chur san áireamh. Déanfar na raonta difríochta MCS lascainithe a choigeartú ansin le fachtóir measctha ó 70 % go 35 % de réir Thábla 4 thíos, arna chur i bhfeidhm ar an difríocht idir na raonta difríochta MCS lascainithe agus RBR. Ní bhainfear aon raon difríochta diúltach a eascraíonn as an meascadh.

Tábla 4.

Fachtóirí Measctha

Rátaí Riosca

Catagóir Riosca ASU

Fachtóir Measctha (%)

AAA

1

70

AA

1

70

A

1

70

BBB+

1

70

BBB

1

70

BBB-

1

70

BB+

2

65

BB

2

65

BB-

3

50

B+

4

45

B

5

40

B-

6

35

CCC

7

35

CC

8

35

C

8

35

31.

Déanfar MRS a nuashonrú ar bhonn ráithiúil agus beidh éifeacht leis an MCS a n-eascraíonn as ón 15 Eanáir, 15 Aibreán, 15 Iúil agus 15 Deireadh Fómhair gach bliain. Tar éis gach nuashonraithe, cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas láithreach faoin MRS is infheidhme agus faoi na rátaí íosta dá thoradh agus cuirfidh sé iad ar fáil do na Rannpháirtithe roimh an dáta a thagann na rátaí sin i bhfeidhm.

32.

Déanfar an méadú ar phréimhrátaí íosta a éascaíonn ó thabhairt chun dáta MRS a uasteorannú ag 10 % de na préimhrátaí íosta ráithiúla roimhe sin. Mar sin, déanfar na préimhrátaí íosta (a éascaíonn ó RBRanna agus MRS a chur leo) a uasteorannú ag 200 % de RBRanna agus a íosteorannú ag 100 % de RBRanna.

33.

Déanfaidh na préimhrátaí a éascaíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 32 do chatagóirí riosca 2-8 a choigeartú, más gá, lena áirithiú nach bhfuil an préimhráta do gach catagóir riosca níos lú ná an préimhráta don chatagóir riosca díreach roimhe (i.e. déanfar an préimhráta do chatagóir ‘x’ atá níos lú na an ráta do chatagóir ‘x-1’ a choigeartú in airde chuig leibhéal an phréimhráta do chatagóir ‘x-1’).

34.

Chun na préimhrátaí íosta a shocrú:

Úsáidfear an fhoirmle seo a leanas:

GlanMPR = MPR*(1+RTAS)*(1+RFAS)*(1+RMRS)*(1–CTCD)*(1+NABS) – CICD

I gcás inarb amhlaidh:

Léirítear le RTAS formhuirear coigeartaithe na téarma aisíocaíochta a leagtar amach in Airteagal 12 b) den Tuiscint Earnála seo.

Léirítear le RFAS formhuirear coigeartaithe na minicíochta aisíocaíochta a leagtar amach in Airteagail 13 a) 1) agus 2) den Tuiscint Earnála seo.

Léirítear le RMRS formhuirear ionaid an mhaolaitheora riosca a leagtar amach in Airteagal 20 b) den Fhoscríbhinn seo.

Léirítear le CTCD Lascaine Choinbhinsiún Cape Town a leagtar amach in Airteagal 38 den Fhoscríbhinn seo.

Léirítear le NABS an formhuirear nach de bhun sócmhainní é a leagtar amach in Airteagail 57 a) 4), 57 b) agus 59 b) den Fhoscríbhinn seo, mar is infheidhme.

Léirítear le CICD lascaine an chlúdaigh árachais choinníollach a leagtar amach in Airteagal 56 a) den Fhoscríbhinn seo.

Féadfar préimhrátaí a íoc láithreach nó, thar shaolré na saoráide, mar raonta difríochta arna sloinneadh i mbonnphointí in aghaidh na bliana, nó in aon teaglaim de rátaí láithreacha agus raonta difríochta. Déanfar na rátaí láithreacha agus na raonta difríochta a ríomh leis an tsamhail comhshóite le haghaidh préimhrátaí (PCM) le go mbeidh an NPV céanna ag an bpréimh is iníoctha le haghaidh idirbheart ar leith cibé acu atá sé iníoctha láithreach, mar raon difríochta thar shaolré na saoráide, nó mar theaglaim díobh sin. In idirbhearta faoina gcomhaontaítear nó a sonraítear na téarmaí a bhfuil laghdú ar mheánré ualaithe i gceist leo roimh thosach feidhme an chumhdaigh, féadfar ráta láithreach (arna ríomh le PCM) a mhuirearú, a chomhfhreagraíonn i dtéarmaí na préimhe iníoctha dá bhfuil iníoctha i dtéarmaí NPV faoi na raonta difríochta.

35.

Foilsítear na préimhrátaí íosta infheidhme ar shuíomh gréasáin ECFE, san fhormáid a leagtar amach i dTábla 5 thíos.

Tábla 5.

Préimhrátaí íosta

(téarma aisíocaíochta 12 bhliain, idirbhearta de bhun sócmhainní)

Catagóir riosca

Aicmiú riosca

Préimhrátaí íosta

Raonta difríochta in aghaidh na bliana (bps)

Láithreach (%)

1

AAA go dtí BBB-

 

 

2

BB+ agus BB

 

 

3

BB-

 

 

4

B+

 

 

5

B

 

 

6

B-

 

 

7

CCC

 

 

8

CC go C

 

 

II.   LAGHDÚ NA PRÉIMHE ÍOSTA

36.

Faoi réir fhorálacha Airteagal 37 den Fhoscríbhinn seo, ceadófar laghdú ar na préimhrátaí íosta arna mbunú i gcomhréir le fo-Alt I thuas más rud é:

a)

Go mbaineann an t-idirbheart de bhun sócmhainní le réad aerárthaigh de réir bhrí Phrótacal Cape Town maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Trealamh Aerárthaí,

b)

Go bhfuil oibreoir an réada aerárthaigh (agus, murab ionann, an t-iasachtaí/ceannaitheoir nó léasóir má mheasann an Rannpháirtí a bhfuil an tacaíocht oifigiúil á tabhairt aige go ndlíonn struchtúr an idirbhirt amhlaidh) lonnaithe i Stát atá, tráth na heisíocaíochta i ndáil leis an réad aerárthaigh, ar liosta na Stát a cháilíonn do laghdú ar na préimhrátaí íosta (‘Liosta Cape Town’) agus, más infheidhme, in aonad críochach an Stáit sin a cháilíonn faoi Airteagal 39 den Fhoscríbhinn seo; agus

c)

Go mbaineann an t-idirbheart le réad aerárthaigh arna chlárú ar an gClárú Idirnáisiúnta a bunaíodh de bhun Choinbhinsiún Cape Town, agus an Phrótacail Aerárthaí lena mbaineann (Coinbhinsiún Cape Town nó CTC).

37.

An laghdú ar na préimhrátaí íosta a bunaíodh i gcomhréir le fo-Alt I thuas, ní bheidh sé níos mó ná 10 % den phréimhráta íosta is infheidhme.

38.

Le bheith san áireamh ar Liosta Cape Town, beidh ar Stát:

a)

A bheith mar Pháirtí Conarthach do Choinbhinsiún Cape Town;

b)

Na dearbhuithe cáilitheacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo a dhéanamh; agus

c)

Coinbhinsiún Cape Town a chur chun feidhme lena n-áirítear na dearbhuithe cáilitheacha, ina dhlíthe agus ina rialacháin, mar a cheanglaítear, chun a áirithiú go suitear gealltanais Choinbhinsiún Cape Town sa dlí náisiúnta go hiomchuí.

39.

Le bheith cáilithe faoi Airteagal 36 den Fhoscríbhinn seo, beidh ar aonad críche:

a)

A bheith mar aonad críche ar cuireadh síneadh le Coinbhinsiún Cape Town ina leith;

b)

A bheith mar aonad críche a bhfuil na dearbhuithe cáilitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo infheidhme ina leith; agus

c)

Coinbhinsiún Cape Town a chur chun feidhme lena n-áirítear na dearbhuithe cáilitheacha, ina dhlíthe agus ina rialacháin, mar a cheanglaítear, chun a áirithiú go suitear gealltanais Choinbhinsiún Cape Town sa dlí náisiúnta go hiomchuí.

40.

Soláthróidh na Rannpháirtithe Liosta Cape Town tosaigh comhaontaithe don Rúnaíocht roimh theacht i bhfeidhm na Tuisceana Earnála seo. Déanfar Liosta Cape Town a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 41 go 53 den Fhoscríbhinn seo.

41.

Aon Rannpháirtí nó Neamh-Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil d’aerárthaí, féadfaidh sé a bheartú don Rúnaíocht go gcuirfear Stát le Liosta Cape Town. Cuimseofar le togra den sórt sin, maidir leis an Stát sin:

a)

An fhaisnéis ábhartha go léir maidir le dáta taiscthe dhaingniú Choinbhinsiún Cape Town nó ionstraimí aontachais leis an Taisce;

b)

Cóip de na dearbhuithe atá déanta ag an Stát a bhfuil sé beartaithe é a chur le Liosta Cape Town;

c)

An fhaisnéis ábhartha uile i leith an dáta ar tháinig Coinbhinsiún Cape Town agus na dearbhuithe cáilitheacha i bhfeidhm;

d)

Anailís lena leagtar amach na céimeanna atá déanta ag an Stát a bhfuil sé beartaithe é a chur le Liosta Cape Town, chun Coinbhinsiún Cape Town a chur chun feidhme lena n-áirítear na dearbhuithe cáilitheacha ina dhlíthe agus ina rialacháin, mar a cheanglaítear chun a áirithiú go dtiontófar gealltanais Choinbhinsiún Cape Town ina ndlí náisiúnta go hiomchuí; agus

e)

Ceistneoir a líonfar isteach go cuí, a bhfuil foirm an cheistneora curtha i gceangal ag Iarscríbhinn 2 den Fhoscríbhinn seo (‘Ceistneoir CTC’), a líonfaidh gnóthas dlí amháin ar a laghad isteach ar gnóthas é a bheidh cáilithe chun comhairle dlí a thabhairt i ndáil le dlínse ábhartha an Stáit a bhfuil sé beartaithe é a chur le Liosta Cape Town. Sonrófar an méid seo a leanas sa Cheistneoir CTC a líonfar isteach:

i)

Ainm/Ainmneacha agus seoladh/seoltaí oifige an ghnóthais/na ngnóthas dlí atá ag freagairt;

ii)

Taithí ábhartha an ghnóthais dlí, lena bhféadfaí taithí ar phróisis reachtacha agus bhunreachtúla a áireamh ó thaobh a mhéid a bhaineann siad le cur chun feidhme na gconarthaí idirnáisiúnta sa Stát, agus taithí shonrach ar shaincheisteanna a bhaineann le CTC lena n-áirítear aon taithí ar chomhairle a thabhairt do rialtas maidir le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú Choinbhinsiún Cape Town nó san earnáil phríobháideach, nó ar fhorfheidhmiú chearta an chreidiúnaí sa Stát a bhfuil sé beartaithe é a chur le Liosta Cape Town;

iii)

Cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas dlí rannpháirteach nó ag beartú a bheith rannpháirteach in aon idirbheart a fhéadfaidh tairbhiú de laghdú ar phréimhrátaí íosta más rud é go gcuirfear an Stát atá beartaithe le liosta CTC (34); agus

iv)

An dáta a líonadh an Ceistneoir CTC isteach.

42.

Scaipfidh an Rúnaíocht teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre ina mbeidh an togra.

43.

Aon Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil d’aerárthaí, féadfaidh sé a bheartú go mbainfear Stát de Liosta Cape Town más rud é gurb é a thuairim go bhfuil gníomhaíochtaí déanta ag an Stát sin nach bhfuil i gcomhréir le gníomhaíochtaí a cheanglaítear de bhua ghealltanais an Stáit sin faoi Choinbhinsiún Cape Town, nó gur theip ar an Stát sin na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Chuige sin, áireoidh an Rannpháirtí nó an Neamh-rannpháirtí i dtogra maidir le Stát a bhaint de Liosta Cape Town, tuairisc iomlán ar na himthosca as ar eascair an togra lena bhaint den Liosta, amhail aon ghníomhaíocht Stáit nach bhfuil i gcomhréir lena ghealltanais faoi Choinbhinsiún Cape Town, nó aon teip reachtaíocht a cheanglaítear de bhun ghealltanais an Stáit sin faoi Choinbhinsiún Cape Town a choinneáil ar bun nó a fhorfheidhmiú. An Rannpháirtí nó an Neamh-Rannpháirtí a chuirfidh an togra isteach maidir le Stát a bhaint de Liosta Cape Town, soláthróidh sé aon doiciméadacht tacaíochta a fhéadfaidh a bheith ar fáil agus scaipfidh an Rúnaíocht teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre ina mbeidh an togra sin.

44.

Aon Rannpháirtí nó Neamh-Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil d’aerárthaí, féadfaidh sé a bheartú go n-athchuirfear Stát le Liosta Cape Town, ar Stát é a baineadh den Liosta roimhe, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis an athchur sin i ngeall ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha nó ar theagmhais cheartaitheacha dá éis sin. Beidh tuairisc in éineacht le togra den sórt sin ar na himthosca as ar eascair baint an Stáit den Liosta, mar aon le tuairisc ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha dá éis sin mar thacaíocht leis an Stát a athchur leis an Liosta. Scaipfidh an Rúnaíocht teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre ina mbeidh an togra.

45.

Féadfaidh na Rannpháirtithe comhaontú le togra nó agóid a thabhairt ina aghaidh, ar togra é a thugtar ar aghaidh faoi Airteagail 41 go 44 den Fhoscríbhinn seo laistigh de 20 lá oibre ón dáta a chuirfear an togra isteach (‘Tréimhse 1’).

46.

Más amhlaidh ag deireadh Thréimhse 1 go mbeidh an togra tarraingthe siar, agus i gcás Airteagal 43 den Fhoscríbhinn seo murab amhlaidh go mbeidh an togra tarraingthe siar ag an Rannpháirtí nó ag an Neamh-rannpháirtí a rinne é, ar Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí é a sholáthraíonn fianaise ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha nó ar theagmhais cheartaitheacha, nach mbeidh aon agóid tugtha in aghaidh an togra, meastar go nglacann na Rannpháirtithe uile leis an nuashonrú atá beartaithe ar Liosta Cape Town. Modhnóidh an Rúnaíocht Liosta Cape Town dá réir sin agus seolfaidh teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre. Beidh éifeacht ag Liosta nuashonraithe Cape Town ag dáta na teachtaireachta sin.

47.

I gcás ina dtabharfar agóid in aghaidh an nuashonraithe atá beartaithe ar Liosta Cape Town, déanfaidh Rannpháirtí nó Rannpháirtithe na hagóide, laistigh de Thréimhse 1, míniú scríofa a sholáthar faoi bhunús na hagóide sin. Tar éis do Rúnaíocht ECFE an agóid scríofa a scaipeadh ar na Rannpháirtithe uile, déanfaidh na Rannpháirtithe a ndícheall chun teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 10 lá oibre eile (‘Tréimhse 2’).

48.

Cuirfidh na Rannpháirtithe an Rúnaíocht ar an eolas faoi thoradh a bpléití. Más rud é go dtiocfar ar chomhaontú le linn Thréimhse 2, déanfaidh an Rúnaíocht, más gá, Liosta Cape Town a nuashonrú dá réir sin agus seolfaidh teachtaireacht via ríomhphost laistigh de 5 lá oibre. Beidh éifeacht ag Liosta nuashonraithe Cape Town ag dáta na teachtaireachta sin.

49.

Más rud é nach dtiocfar ar aon chomhaontú le linn Thréimhse 2, déanfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo (‘an Cathaoirleach’ anseo feasta) a dhícheall/dícheall chun comhréiteach idir na Rannpháirtithe a éascú, laistigh de 20 lá oibre (‘Tréimhse 3’) díreach tar éis Thréimhse 2. Más amhlaidh ag deireadh Thréimhse 3, nach dtiocfar ar aon chomhréiteach, bainfear réiteach críochnaitheach amach trí na nósanna imeachta seo a leanas:

a)

Déanfaidh an Cathaoirleach moladh scríofa i leith an nuashonrú atá beartaithe ar Liosta Cape Town. Léireofar le moladh an Chathaoirligh tuairim an tromlaigh a eascraíonn as na tuairimí a chuir ar a laghad na Rannpháirtithe in iúl go hoscailte ar Rannpháirtithe iad a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil d’onnmhairí aerárthaí. I gcás nach ann do thuairim ar tuairim an tromlaigh í, déanfaidh an Cathaoirleach moladh a bheidh bunaithe go heisiach ar na tuairimí a chuir na Rannpháirtithe in iúl agus leagfaidh sé amach an bunús leis an moladh i scríbhinn, lena n-áirítear i gcás na neamh-incháilitheachta, na critéir incháilitheachta nár comhlíonadh.

b)

Ní nochtfar le moladh an Chathaoirligh aon fhaisnéis a bhaineann le tuairimí nó le seasaimh Rannpháirtithe a cuireadh in iúl i gcomhthéacs an phróisis a leagtar amach in Airteagail 41 go 50 den Fhoscríbhinn seo, agus

c)

Glacfaidh na Rannpháirtithe le moladh an Chathaoirligh.

50.

Más rud é, tar éis togra arna chur isteach faoi Airteagal 41 den Fhoscríbhinn seo, gur chinn na Rannpháirtithe nó an Cathaoirleach nach bhfuil Stát incháilithe lena chur le Liosta Cape Town, féadfaidh Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí togra eile a chur isteach lena n-iarrfar go ndéanfaidh na Rannpháirtithe incháilitheacht an Stáit a athmheas. An Rannpháirtí nó an Neamh-rannpháirtí atá ag beartú go n-athmheasfar an cás sin amhlaidh, tabharfaidh sé aghaidh ar na cúiseanna lenar tugadh bunús leis an gcinneadh bunaidh go raibh an Stát neamh-incháilithe. An Rannpháirtí nó an Neamh-rannpháirtí atá ag beartú go n-athmheasfar an cás sin amhlaidh, gheobhaidh agus soláthróidh sé ceistneoir CTC nuashonraithe. Beidh an togra nua sin faoi réir an phróisis a leagtar amach in Airteagail 45 go 51 den Fhoscríbhinn seo.

51.

I gcás aon athrú ar an liosta de thíortha cáilithe de bhun na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 49 den Fhoscríbhinn seo, eiseoidh an Rúnaíocht teachtaireacht via ríomhphost ina mbeidh Liosta nuashonraithe Cape Town laistigh de 5 lá oibre ó athrú den sórt sin. Beidh éifeacht ag Liosta nuashonraithe Cape Town ag dáta na teachtaireachta sin.

52.

Maidir le Stát a chur le Liosta Cape Town, é a tharraingt siar nó a athchur leis tar éis eisíocaíochta i leith aerárthaigh, ní dhéanfar difear leis sin do MPRanna a leagtar síos maidir le haerárthaí den sórt sin.

53.

I gcomhthéacs an phróisis a leagtar amach in Airteagail 41 go 51 den Fhoscríbhinn seo, ní nochtfaidh na Rannpháirtithe aon fhaisnéis a bhaineann le tuairimí nó le seasaimh a cuireadh in iúl.

54.

Déanfaidh na Rannpháirtithe faireachán ar chur chun feidhme Airteagail 41 go 53 den Fhoscríbhinn seo agus déanfaidh siad athbhreithniú air go bliantúil nó arna iarraidh sin d’aon Rannpháirtí.

55.

I gcás aerárthaí nua agus athláimhe, féadfar na coigeartuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na préimhrátaí íosta is infheidhme:

a)

Lascaine de chúig bhonnphointe (raonta difríochta per annum) nó 0,29 % (láithreach) ar na préimhrátaí íosta is infheidhme, féadfar é a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta arna dtacú go hoifigiúil i bhfoirm cumhdaigh árachais choinníollaigh.

b)

Cuirfear na préimhrátaí íosta i bhfeidhm maidir leis an mbunairgead a chumhdaítear.

III.   IDIRBHEARTA NACH IDIRBHEARTA DE BHUN SÓCMHAINNÍ IAD

56.

D’ainneoin fhorálacha Airteagal 19 a) den Fhoscríbhinn seo, feadfaidh na Rannpháirtithe creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a sholáthar le haghaidh idirbhearta nach idirbhearta de bhun sócmhainní iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

a)

I gcás idirbhearta neamhfhlaithiúnais:

1.

Is é USD 15 mhilliún luach uasta an chonartha onnmhairiúcháin dá bhfuil tacaíocht oifigiúil á cur ar fáil.

2.

Is é 10 mbliana a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta,

3.

Níl aon leas urrúis ag tríú páirtí sna sócmhainní atá á maoiniú, agus

4.

Cuirfear formhuirear íosta 30 % i bhfeidhm maidir leis na préimhrátaí íosta a leagtar síos i gcomhréir le Foroinn I thuas.

b)

I gcás idirbhirt ag a bhfuil flaithiúnas nó idirbhirt de bhun ráthaíocht flaithiúnais neamh-inchúlghairthe gan choinníoll, cuirfear formhuirear íosta i bhfeidhm, i gcomhréir le Tábla 6 thíos, maidir leis na préimhrátaí íosta a leagtar amach i gcomhréir le Foroinn I thuas.

Tábla 6

Catagóir riosca

Formhuirear (%)

1

0

2

0

3

0

4

10

5

15

6

15

7

25

8

25

57.

Níl feidhm ag forálacha Airteagal 36 go 52 den Fhoscríbhinn seo maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil dá bhforáiltear de bhun Airteagal 56 den Fhoscríbhinn seo.

ROINN 3

PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ SEACHAS AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE A CHUMHDAÍTEAR LE CUID 3 DEN TUISCINT EARNÁLA SEO

58.

I gcás ina soláthrófar tacaíocht oifigiúil do gach earra agus seirbhís seachas aerárthaí athláimhe a chumhdaítear le Cuid 3 den Tuiscint Earnála seo, is iad na préimhrátaí íosta seo a leanas a bheidh i gceist:

a)

I gcás idirbhearta de bhun sócmhainní, beidh na préimhrátaí íosta cothrom leis na raonta difríochta íosta atá i réim agus a leagadh síos i gcomhréir le Foroinn I thuas agus, i gcás cumhdach foirfe, arna gcomhshó ina dtáillí tosaigh agus an tsamhail comhshóite agus an aibíocht iomchuí á n-úsáid.

b)

I gcás idirbhearta nach idirbhearta de bhun sócmhainní iad, beidh na préimhrátaí íosta cothrom leis na raonta difríochta íosta atá i réim agus a leagadh síos i gcomhréir le Foroinn I thuas rud lena gcuirfear formhuirear 30 %, agus i gcás cumhdach foirfe, arna gcomhshó ina dtáillí tosaigh agus an tsamhail comhshóite agus an aibíocht iomchuí á n-úsáid.

59.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 36 go 52 den Fhoscríbhinn seo maidir le tacaíocht oifigiúil d’innill spártha de bhun sócmhainní a chumhdaítear le hAirteagail 20 a) agus c) den Tuiscint Earnála seo agus maidir le tacaíocht faoi Airteagal 21 a) 1), an chéad fhleasc, den Tuiscint Earnála seo.

60.

Beidh feidhm ag foráil Airteagal 55 den Fhoscríbhinn seo freisin maidir le tacaíocht oifigiúil do gach earra agus seirbhís seachas aerárthaí athláimhe a chumhdaítear le Cuid 3 den Tuiscint Earnála seo.

IARSCRÍBHINN 1

DEARBHUITHE CÁILITHEACHA

1.   

Chun críoch Fhoscríbhinn II, Roinn 2, ciallaíonn an téarma ‘dearbhuithe cáilitheacha’, agus gach tagairt eile dó sa Tuiscint Earnála seo, maidir le Páirtí conarthach i gCoinbhinsiún Cape Town (Páirtí Conarthach):

a)

Go bhfuil na dearbhuithe in Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo déanta aige; agus

b)

Nach bhfuil na dearbhuithe in Airteagal 3 den Iarscríbhinn seo déanta aige.

2.   

Is iad seo a leanas na dearbhuithe chun críoch Airteagal 1 a) den Iarscríbhinn seo:

a)

Dócmhainneacht: Dearbhaíonn Páirtí Stáit go gcuirfidh sé Rogha Mhalartach A ar fad faoi Airteagal XI den Phrótacal Aerárthaí i bhfeidhm maidir le gach cineál imeachta dócmhainneachta agus nach faide ná 60 lá féilire í an tréimhse feithimh chun críocha Airteagal XI (3) den Rogha Mhalartach sin.

b)

Díchlárú: Dearbhaíonn Páirtí Stáit go gcuirfidh sé Airteagal XIII den Phrótacal Aerárthaí i bhfeidhm.

c)

Rogha dlí: Dearbhaíonn Páirtí Stáit go gcuirfidh sé Airteagal VIII den Phrótacal Aerárthaí i bhfeidhm.

Agus ceann amháin díobh seo a leanas ar a laghad (cé go spreagtar an dá cheann a chur i bhfeidhm):

d)

Modh chun Leigheasanna a Fheidhmiú: Dearbhaíonn Páirtí Stáit faoi Airteagal 54 (2) den Choinbhinsiún maidir le haon leigheas a bheidh ar fáil don chreidiúnaí faoi aon fhoráil den Choinbhinsiún nach gcuirtear in iúl faoi na forálacha ábhartha de go gceanglaítear iarratas chun cúirte ina leith, go bhféadfar an leigheas sin a fheidhmiú gan cead ón gcúirt (moltar go gcuirfear ‘gan caingean cúirte agus’ isteach (ach ní cheanglaítear é sin a dhéanamh) roimh na focail ‘cead ón gcúirt’);

e)

Leigheasanna Tráthúla: Dearbhaíonn Páirtí Stáit go gcuirfidh sé Airteagal X den Phrótacal Aerárthaí i bhfeidhm ina iomláine (d’ainneoin nach gceanglaítear clásal 5 de a chur i bhfeidhm, rud atá le spreagadh) agus gurb iad seo a leanas an líon laethanta oibre a bheidh le húsáid chun críocha na teorann ama a leagtar síos in Airteagal X (2) den Phrótacal Aerárthaí i leith na leigheasanna seo a leanas:

1.

Na leigheasanna a shonraítear in Airteagail 13 (1) (a), (b) agus (c) den Choinbhinsiún (cuspóirí an aerárthaigh a chaomhnú agus a luach; réada an aerárthaigh a shealbhú, a rialú nó a choimeád; agus doghluaisteacht réada an aerárthaigh), ar a mhéid is comhionann le 10 lá féilire, agus

2.

Na leigheasanna a shonraítear in Airteagail 13 (1) (d) agus (e) den Choinbhinsiún (léasú nó bainistiú réada an aerárthaigh agus an ioncaim uathu agus díol threalamh an aerárthaigh agus cur i bhfeidhm na bhfáltas dá thoradh sin), tráth nach faide ná tréimhse a bheidh cothrom le 30 lá féilire.

3.   

Is iad seo a leanas na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 b) den Iarscríbhinn seo:

a)

Faoiseamh Ar Feitheamh Cinneadh Críochnaitheach: Ní bheidh dearbhú déanta ag Páirtí Stáit faoi Airteagal 55 den Choinbhinsiún lena ndiúltaítear a bheith faoi réir Airteagal 13 nó faoi Airteagal 43 den Choinbhinsiún; ar choinníoll, áfach, gurb amhlaidh, más rud é go mbeidh na dearbhuithe déanta ag Páirtí Stáit ar iad na dearbhuithe a leagtar amach faoi Airteagal 2 d) den Iarscríbhinn seo iad, nach gcoiscfear cur i bhfeidhm lascaine Choinbhinsiún Cape Town le dearbhú a dhéantar faoi Airteagal 55 den Choinbhinsiún.

b)

Coinbhinsiún na Róimhe: Ní bheidh dearbhú déanta ag Páirtí Stáit faoi Airteagal XXXII den Phrótacal Aerárthaí lena ndiúltaítear a bheith faoi réir Airteagal XXIV den Phrótacal Aerárthaí; agus

c)

Leigheas Léasa: Ní bheidh dearbhú déanta ag Páirtí Stáit faoi Airteagal 54 (1) den Choinbhinsiún lena gcoisctear léas mar leigheas.

4.   

Maidir le hAirteagal XI den Phrótacal Aerárthaí, i gcás na mBallstát den Aontas, measfar gur ag Ballstát a bheidh an dearbhú cáilitheach déanta, ar dearbhú é a leagtar amach in Airteagal 2 a) den Iarscríbhinn seo, chun críocha an mhéid anseo, más rud é gur leasaíodh dlí náisiúnta an Bhallstáit sin chun téarmaí Rogha Mhalartach A faoi Airteagal XI den Phrótacal Aerárthaí a léiriú (lena ngabhann tréimhse feithimh uasta 60 lá féilire). A mhéid a bhaineann leis na dearbhuithe cáilitheacha a leagtar amach in Airteagail 2 c) agus e) den Iarscríbhinn seo, measfar go mbeidh siad sin comhlíonta, chun críche na Tuisceana Earnála seo, más rud é gur comhchosúil go substaintiúil dlíthe an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát ábhartha leis na dlíthe sin a leagtar amach sna hAirteagail sin den Iarscríbhinn seo. I gcás Airteagal 2 c) den Iarscríbhinn seo, maidir le dlíthe an Aontais Eorpaigh (Rialachán CE 593/2008 maidir leis an Dlí Is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Conarthacha), comhaontaítear gur comhchosúil go substaintiúil iad le hAirteagal VIII den Phrótacal Aerárthaí.

IARSCRÍBHINN 2

CEISTNEOIR CHOINBHINSIÚN CAPE TOWN

I.   Réamheolas

Soláthair an fhaisnéis seo a leanas:

1.

Ainm agus seoladh iomlán an ghnóthais dlí atá ag líonadh isteach an cheistneora.

2.

Taithí ábhartha an ghnóthais dlí, lena bhféadfaí taithí ar phróisis reachtacha agus bhunreachtúla a áireamh ó thaobh a mhéid a bhaineann siad le cur chun feidhme na gconarthaí idirnáisiúnta sa Stát, agus taithí shonrach ar shaincheisteanna a bhaineann le CTC lena n-áirítear aon taithí ar chomhairle a thabhairt do rialtas maidir le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú Choinbhinsiún Cape Town nó san earnáil phríobháideach, nó ar fhorfheidhmiú chearta an chreidiúnaí sa Stát a bhfuil sé beartaithe é a chur le Liosta Cape Town.

3.

Cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas dlí rannpháirteach nó ag beartú a bheith rannpháirteach in aon idirbheart a fhéadfaidh tairbhiú de laghdú ar phréimhrátaí íosta más rud é go gcuirfear an Stát atá beartaithe le liosta CTC. (35)

4.

An dáta a líonadh an ceistneoir sin isteach.

II.   Ceisteanna

1.   Dearbhuithe cáilitheacha

1.1.

An ndearna an Stát (36) gach ceann de na dearbhuithe cáilitheacha i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Foscríbhinn II den Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘ASU’) (agus gach ceann ina ‘Dhearbhú Cáilitheach’)? Go háirithe, maidir leis na dearbhuithe a bhaineann leis an ‘Modh chun Leigheasanna a Fheidhmiú’ [Airteagal 2 d)] agus ‘Leigheasanna Tráthúla’ (Airteagal 2 e)], sonraigh más rud é go bhfuil ceann amháin nó an dá cheann de na dearbhuithe sin déanta.

1.2.

Tabhair tuairisc ar an mbealach ina bhfuil na dearbhuithe a rinneadh difriúil, más amhlaidh go bhfuil ar chor ar bith, leis na ceanglais dá dtagraítear i gCeist 1.1.

1.3.

Deimhnigh nach bhfuil aon cheann de na dearbhuithe a liostaítear in Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Foscríbhinn II de ASU déanta ag an Stát.

2.   Daingniú

2.1.

Ar dhaingnigh, ar ghlac, nó ar fhormheas an Stát Coinbhinsiún Cape Town agus an Prótacal Aerárthaí (‘Coinbhinsiún’) nó ar aontaigh an Stát leis an gCoinbhinsiún nó leis an bPrótacal sin? An bhféadfá dáta an daingnithe/aontachais a shonrú agus tuairisc achomair a thabhairt ar phróiseas aontachais an Stáit leis an gCoinbhinsiún nó ar phróiseas daingnithe an Choinbhinsiúin ag an Stát?

2.2.

An bhfuil feidhm dlí ag an gCoinbhinsiún agus ag na Dearbhuithe Cáilitheacha (‘QD’) a rinneadh, i gcríoch iomlán an Stáit gan aon ghníomh ná aon reachtaíocht cur chun feidhme eile thairis sin a bheith ann ná aon dlí nó rialachán eile a bheith rite?

2.3.

Más amhlaidh go bhfuil, mínigh go hachomair an próiseas lena dtugtar feidhm dlí don Choinbhinsiún agus do Dhearbhuithe Cáilitheacha.

3.   Éifeacht an dlí áitiúil agus náisiúnta

3.1.

Tabhair tuairisc ar agus liostaigh, más infheidhme, an reachtaíocht cur chun feidhme agus an rialachán/na rialacháin i ndáil leis an gCoinbhinsiún agus le gach QD dá bhfuil déanta ag an Stát.

3.2.

Maidir leis an gCoinbhinsiún agus QDanna a rinneadh, de réir mar a aistríodh sa dlí náisiúnta (37) iad (‘Coinbhinsiún agus QDanna’), an sáróidís aon dlí, rialachán, ordú, fasach breithiúnach ná cleachtas rialála náisiúnta a mbeadh easaontacht eatarthu agus an Coinbhinsiún agus QDanna, nó an mbeadh tosaíocht ag an gCoinbhinsiún agus ag QDanna orthu sin. Más amhlaidh, tabhair tuairisc ar an bpróiseas lena dtarlaíonn sé sin, (38) agus murab amhlaidh, tabhair mionsonraí.

3.3.

An ann d’aon bhearna i gcur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus QDanna? Más ann dó, tabhair tuairisc. (39)

4.   Cinntí cúirte agus riaracháin

4.1.

Tabhair tuairisc ar aon ní, lena n-áirítear cleachtas breithiúnach, rialála nó riaracháin lena bhféadfadh coinne a bheith leis gurb é a d’eascródh astu nach dtabharfadh na cúirteanna, na húdaráis nó na comhlachtaí riaracháin feidhm agus éifeacht iomlán don Choinbhinsiún agus do Qdanna (40)., (41)

4.2.

Ar feadh d’eolais, ar ghlac creidiúnaí aon ghníomhaíocht bhreithiúnach nó riaracháin nó forfheidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún? Má ghlac, tabhair tuairisc ar an ngníomhaíocht agus tabhair le fios cé acu ar éirigh léi nó nár éirigh.

4.3.

Ar feadh d’eolais, ó thráth a dhaingnithe/a churtha chun feidhme, ar dhiúltaigh na cúirteanna sa Stát sin in aon chás oibleagáidí iasachta féichiúnaí nó ráthóra a fhorfheidhmiú sa Stát, ar diúltú é sin atá contrátha don Choinbhinsiún agus QDanna?

4.4.

Ar feadh d’eolais, an bhfuil aon ní eile ann ag a bhféadfadh tionchar a bheith ar cé acu ar cheart nó nár cheart coinne a bheith le cúirteanna agus le comhlachtaí riaracháin gníomhú ar mhodh atá comhsheasmhach leis an gCoinbhinsiún agus le QDanna? Má tá, tabhair sonraí.

Foscríbhinn III

RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS

Maidir leis an bpréimhráta iomchuí a bheidh le gearradh maidir le riosca na neamh-aisíocaíochta de bhun fhorálacha Foscríbhinn II, ní dhéanfaidh soláthar tacaíochta maoinithe oifigiúil an préimhráta sin a fhritháireamh ná a chúiteamh, go páirteach ná go hiomlán.

1.   RÁTA ÍOSTA COMHLÚTHACH

a)

Is é an ráta íosta úis chomhlúthaigh, de réir mar is iomchuí don airgeadra, EURIBOR, Ráta Babhtála Bhille an Bhainc, i.e. BBSY, Ráta Tairgthe Déileálaí Cheanada (CDOR) nó an ráta saor ó riosca ábhartha (RFR) don airgeadra, lena n-áirítear téarma RFRanna, mar atá sonraithe ag riarthóir tagarmhairc an airgeadra (an ‘bonnráta comhlúthach’). Ar mhaithe le cinnteacht, i gcás dhollair SAM, is é an Ráta Urraithe Maoinithe Thar Oíche (SOFR) a bheidh sa bhonnráta comhlúthach. I gcás inar ráta thar oíche atá sa bhonnráta comhlúthach, déanfar é a chumasc go laethúil le linn gach tréimhse úis trí úsáid a bhaint as coinbhinsiúin mhargaidh a bhfuil glacadh leo go ginearálta. I gcás inar ráta téarma é an bonnráta comhlútach, is é an ráta éifeachtach dhá lá gnó roimh gach tréimhse úis a bheidh i gceist leis an aibíocht a chomhfhreagraíonn do mhinicíocht íocaíochta úis an chreidmheasa onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil. Cuirfear tagarmharc corrlaigh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 8 den Fhoscríbhinn seo leis an mbonnráta comhlúthach.

b)

Nuair a chuirtear aisíocaíocht na príomhshuime agus íocaíocht an úis le chéile i dtráthchodanna comhionanna, úsáidfear ráta bunaithe ar an ráta babhtála nó ar an mbonnráta comhlútach téarma éifeachtach dhá lá gnó roimh dháta tarraingthe anuas na hiasachta, chun sceideal iomlán na híocaíochta a ríomh, amhail is dá mba ráta seasta é, agus socrófar sceideal íocaíochta na príomhshuime ansin.

c)

I gcás ina soláthrófar tacaíocht oifigiúil maoinithe le haghaidh iasachtaí ar ráta comhlúthach, féadfaidh an rogha a bheith ag ceannaitheoirí/iasachtaithe athrú ó ráta comhlúthach go dtí ráta seasta ar choinníoll go ndéanfar na coinníollacha seo a leanas a chomhall:

1.

Tá an rogha srianta agus ní féidir ach athrú go dtí an ráta babhtála agus chuige sin amháin; (42)

2.

Ní fheidhmeofar an rogha chun athrú amhlaidh ach arna iarraidh sin, uair amháin agus sin amháin, agus tuairisceofar dá réir sin í le tagairt don fhoirm tuairiscithe a seoladh chuig an Rúnaíocht ar dtús de bhun Airteagal 24 den Tuiscint seo.

2.   RÁTA ÍOSTA ÚIS SEASTA

Is ceann amháin díobh seo a leanas a bheidh i gceist leis an ráta íosta úis seasta:

a)

An ráta babhtála, a bhaineann le hairgeadra ábhartha an chreidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena mbaineann aibíocht atá cothrom leis an ráta idirshuite le haghaidh an dá thréimhse bhliantúla is cóngaraí dá bhfuil ar fáil do mheánré ualaithe na hiasachta. Socrófar an ráta úis 2 lá gnó roimh gach dáta tarraingthe anuas.

b)

An Ráta Tagartha don Ús Tráchtála (CIRR) a leagadh síos de réir na bhforálacha a leagtar amach in Airteagail 3 go 7 den Fhoscríbhinn seo,

lena gcuirfear, sa dá chás, an tagarmharc corrlaigh, a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 8(f) den Fhoscríbhinn seo.

3.   DÉANAMH CIRR

a)

Foilseofar CIRR le haghaidh an euro, yen na Seapáine, Punt na Ríochta Aontaithe, Dollar SAM agus, ar feitheamh iarraidh á cur isteach ag Rannpháirtí Leasmhar, aon cheann de na hairgeadraí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 9 den Tuiscint Earnála seo agus a ríomhfar é trí chorrlach seasta de 120 bonnphointe a chur le ceann amháin de na trí thoradh seo a leanas (na bonnrátaí):

1.

Torthaí bannaí rialtais 5 bliana ar feadh téarma aisíocaíochta suas go dtí 9 mbliana, agus 9 mbliana san áireamh,

2.

Torthaí bannaí rialtais 7 mbliana ar feadh téarma os cionn 9 mbliana agus go dtí 12 bhliain, agus 12 bhliain san áireamh, nó

3.

Torthaí bannaí rialtais 9 mbliana ar feadh téarma os cionn 12 bhliain agus go dtí 15 bliana, agus 15 bliana san áireamh.

b)

Ríomhfar CIRR go míosúil agus sonraí ón mí roimhe á n-úsáid agus tabharfar fógra don Rúnaíocht faoi tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh gach míosa. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas láithreach faoi na rátaí infheidhme agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad. Beidh éifeacht ag CIRR an 15ú lá de gach mí.

c)

Féadfaidh Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí a iarraidh go ndéanfaí CIRR a bhunú d’airgeadra Neamh-rannpháirtí. I gcomhairle leis an Neamh-rannpháirtí, féadfaidh Rannpháirtí, nó an Rúnaíocht thar ceann an Neamh-rannpháirtí sin, a mholadh go bhforléireofar an CIRR san airgeadra sin agus nósanna imeachta na Líne Coitinne á n-úsáid ar nósanna imeachta iad a leagtar amach in Airteagail 28 go 33 den Tuiscint Earnála seo.

4.   TRÉIMHSE BHAILÍOCHTA CIRR

a)

CIRR a shealbhú: an CIRR a bheidh á chur i bhfeidhm maidir le hidirbheart, ní shealbhófar é ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí ó thráth a roghnaithe (dáta an chonartha onnmhairiúcháin nó aon dáta cur i bhfeidhm dá éis sin) go dtí dáta an chomhaontaithe creidmheasa. Más rud é nach síneofar an comhaontú creidmheasa laistigh den teorainn sin, agus go n-athshocrófar an CIRR ar feadh 6 mhí bhreise, déanfar an CIRR nua a ghealladh ar an ráta a bheidh i réim dáta an athshocraithe.

b)

Tar éis dháta an chomhaontaithe chreidmheasa, cuirfear an CIRR i bhfeidhm maidir le tréimhsí tarraingthe nach faide ná 6 mhí. Tar éis na chéad tréimhse tarraingthe 6 mhí, athshocraítear an CIRR le haghaidh na chéad 6 mhí eile; CIRR nua, sin é CIRR a bheidh i réim an chéad lá den tréimhse 6 mhí nua agus ní féidir leis a bheith níos ísle ná CIRR a roghnaíodh ar dtús (nós imeachta atá le macasamhlú le haghaidh gach tréimhse 6 mhí de tharraingtí dá éis sin).

5.   RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS A CHUR I bhFEIDHM

Laistigh d’fhorálacha an chomhaontaithe creidmheasa, ní cheadófar rogha don iasachtaí chun athrú ó mhaoiniú ar ráta comhlúthach arna dtacú go hoifigiúil go dtí maoiniú CIRR réamhroghnaithe, ná ní cheadófar dó athrú idir CIRR réamhroghnaithe agus an ráta margaidh gearrthéarmach arna lua maidir le haon dáta íocaíochta úis ar feadh ré na hiasachta.

6.   IASACHTAÍ AR RÁTA ÚIS SEASTA A AISÍOC GO LUATH

I gcás aisíocaíocht luath shaorálach a bheith déanta ar iasacht mar a chinntear in Airteagal 2 den Fhoscríbhinn seo, nó ar aon chuid den iasacht sin nó tráth a dhéanfar an CIRR, a cuireadh i bhfeidhm faoin gcomhaontú creidmheasa, a mhodhnú ina ráta comhlúthach nó ina ráta babhtála, tabharfaidh an t-iasachtaí cúiteamh don institiúid a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe as na costais agus as na caillteanais uile a tabhaíodh de thoradh na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear an costas don institiúid rialtais as an gcuid den insreabhadh airgid ar ráta seasta, ar ar cuireadh isteach leis an aisíocaíocht luath, a chur ar ais.

7.   ATHRUITHE LÁITHREACHA I RÁTAÍ ÚIS

Nuair a cheanglófar le forbairtí an mhargaidh fógra de leasú ar CIRR a thabhairt le linn míosa, cuirfear an ráta leasaithe i bhfeidhm 10 lá tar éis fógra an leasaithe sin a bheith faighte ag an Rúnaíocht.

8.   TAGARMHARC CORRLAIGH

a)

Déanfar tagarmharc corrlaigh SOFR a ríomh go míosúil i gcomhréir le mír b), agus sonraí á n-úsáid ar tugadh fógra don Rúnaíocht fúthu i gcomhréir le mír c), agus beidh éifeacht aige an 15ú lá de gach mí. Agus an bonnráta sin ríofa, tabharfaidh an Rúnaíocht fógra faoin tagarmharc corrlaigh do na Rannpháirtithe agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

b)

Is ráta é tagarmharc corrlaigh SOFR, a bheidh coibhéiseach le meán an 50 % is ísle de na corrlaigh thar an méid seo a leanas: (i) SOFR (an SOFR iolraithe laethúil arna ríomh ar bhonn minicíocht 3 mhí nó téarma 3 mhí SOFR, de réir mar is iomchuí) a mhuirearaítear ar idirbhearta ráta chomhlúthaigh agus (ii) SOFR (an SOFR iolraithe laethúil arna ríomh ar mhinicíocht 3 mhí nó ar théarma 3 mhí SOFR, de réir mar is iomchuí) arna idirshuí tríd an eisiúint ar ráta sheasta a bhabhtáil go dtí coibhéis ráta chomhlúthaigh a mhuirearaítear le haghaidh idirbhearta ráta sheasta nó eisiúintí margaidh chaipitil. I gceachtar cás, na corrlaigh a áireofar sna tuarascálacha tagarmhairc mhíosúla arna gcur isteach ag na Rannpháirtithe ábhartha, is iad na corrlaigh a áireofar na corrlaigh sin ó na 3 mhí féilire iomlána roimh an dáta éifeachtach a leagtar amach i mír a) thuas. Idirbhearta/eisiúintí a úsáidtear i ríomh an tagarmhairc chorrlaigh, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

1.

idirbhearta lena mbaineann ráthaíocht 100 % neamhchoinníollach a ainmnítear i ndollair SAM; agus

2.

Tacaíocht oifigiúil a sholáthraítear i leith aerárthaí arna luacháil ag USD 35 mhilliún nó os a chionn (nó ag a choibhéis in aon airgeadra incháilithe eile).

c)

Tuairisceoidh rannpháirtithe corrlach an tráth is eol dóibh é agus fanfaidh an corrlach sin ar thuarascáil an Rannpháirtí maidir leis an tagarmharc corrlaigh ar feadh 3 mhí féilire iomlána. I gcás idirbhearta aonair lena mbaineann ilteagmhais phraghsála, ní dhéanfar aon iarracht teagmhais phraghsála dá éis sin a chomhoiriúnú le fógraí ex post.

d)

Tabharfaidh rannpháirtithe fógraí an dáta a réadófar an corrlach fadtéarmach. Maidir le margaí arna sainordú ag bainc (lena n-áirítear PEFCO), an dáta a réadófar an corrlach, is é an dáta is luaithe de na dátaí a tharlaíonn an méid seo a leanas a bheadh ann: (i) gealltanas críochnaitheach á eisiúint ag an Rannpháirtí, (ii) an corrlach iarghealltanais á leagan síos, (iii) tarraingt anuas na hiasachta, agus (iv) an corrlach fadtéarmach á leagan síos tar éis na tarraingthe anuas. I gcás ina dtarlóidh roinnt tarraingtí anuas faoin sainordú bainc céanna agus an corrlach céanna i gceist, ní thabharfar fógra ach amháin i leith an chéad aerárthaigh. I gcás iasachtaí arna maoiniú trí eisiúint caipitil margaidh, an dáta a réadófar an corrlach, sin an dáta a leagfar síos an ráta fadtéarmach, arb é sin dáta eisiúna an bhanna é go hiondúil. I gcás ina dtarlóidh roinnt tarraingtí anuas faoin mbanna céanna agus an corrlach céanna i gceist, ní thabharfar fógra ach amháin i leith an chéad aerárthaigh.

e)

Beidh tagarmharc corrlaigh SOFR infheidhme maidir le hidirbheart ráta chomhlúthaigh agus socrófar é tráth nach luaithe ná dáta an ghealltanais chríochnaithigh agus coinneofar é ar feadh thréimhse an ghealltanais chríochnaithigh.

f)

I gcás idirbheart ar ráta seasta, déanfar an tagarmharc corrlaigh is infheidhme maidir leis an idirbheart a chinneadh tríd an mbonnráta comhlúthach 3 mhí le haghaidh tagarmharc corrlaigh SOFR a bhabhtáil ina raon difríochta coibhéiseach thar an ráta seasta is infheidhme, mar a chinntear in Airteagal 2 den Fhoscríbhinn seo, socrófar é tráth nach luaithe ná dáta an ghealltanais chríochnaithigh agus coinneofar é ar feadh thréimhse an ghealltanais chríochnaithigh.

g)

Don tréimhse ón 15 Feabhra 2022 go dtí an 14 Iúil 2022, socrófar an tagarmharc corrlaigh ag 30 bonnphointe móide raon difríochta coigeartaithe creidmheasa 26 bhonnphointe (43) (an ‘tagarmharc corrlaigh idirthréimhseach’), le haghaidh 56 bhonnphointe san iomlán, murar féidir tagarmharc corrlaigh SOFR a ríomh i gcomhréir le mír b) roimh an 14 Iúil 2022.

h)

Déanfaidh na Rannpháirtithe faireachán ar an tagarmharc corrlaigh agus déanfaidh athbhreithniú ar shásra an tagarmhairc chorrlaigh arna iarraidh sin d’aon Rannpháirtí.

Foscríbhinn IV

FOIRM TUAIRISCITHE

(a)   Faisnéis Bhunúsach

1.

An tír a dhéanann an fógra

2.

Dáta an fhógra

3.

Ainm an údaráis/na gníomhaireachta a dhéanann an fógra

4.

Uimhir aitheantais

(b)   Faisnéis ar an gCeannaitheoir/Iasachtaí/Ráthóir

5.

Ainm agus tír an cheannaitheora

6.

Ainm agus tír an iasachtaí

7.

Ainm agus tír an ráthóra

8.

Stádas an cheannaitheora/iasachtaí/ráthóra, e.g. ceannaitheoir/iasachtaí/ráthóir flaithiúnais, banc príobháideach, comhlacht príobháideach eile

9.

Aicmiú riosca an cheannaitheora/iasachtaí/ráthóra

(c)   Téarmaí agus coinníollacha airgeadais

10.

Cén fhoirm ina soláthraítear an tacaíocht oifigiúil, e.g. cumhdach foirfe, tacaíocht oifigiúil maoinithe

11.

Más tacaíocht oifigiúil maoinithe a sholáthraítear, an tacaíocht creidmheasa dhírigh/athmhaoinithe dhírigh/ráta úis í an tacaíocht sin

12.

Tuairisc ar an idirbheart atá á thacú, lena n-áirítear an monaróir, an cineál aerárthaigh agus uimhir an aerárthaigh.

13.

Dáta an ghealltanais chríochnaithigh

14.

Airgeadra an chreidmheasa

15.

Méid creidmheasa, de réir an scála seo a leanas i milliúin USD:

Catagóir

Méid Creidmheasa

I

0 -200

II

200 -400

III

400 -600

IV

600 -900

V

900 -1 200

VI

1 200 – 1 500

VII

1 500 -2 000  (*1)

16.

Céatadán den tacaíocht oifigiúil

17.

Téarma Aisíocaíochta

18.

Próifíl agus minicíocht aisíocaíochta — lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, meánré ualaithe

19.

An t-achar ama idir túsphointe an chreidmheasa agus an chéad aisíocaíocht ar an mbunairgead

20.

Rátaí úis:

Rátaí íosta úis a chuirtear i bhfeidhm

Tagarmharc corrlaigh a chuirtear i bhfeidhm

21.

Préimh iomlán a mhuirearaítear tríd an méid seo a leanas:

Táillí láithreacha (i gcéatadán den mhéid creidmheasa) nó

Raonta difríochta (bonnphointí per annum os cionn an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm)

De réir mar is iomchuí, tabhair le fios ar leithligh an formhuirear 15 % a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Foscríbhinn II Airteagal 20 b).

22.

I gcás creidmheas díreach/maoiniú díreach, táillí díreacha a mhuirearaítear tríd an méid seo a leanas:

Táille an tSocraithe/an Struchtúraithe

Táille Ghealltanais/Sealbhaíochta préimhe

Táille riaracháin

23.

Tréimhse sealbhaíochta na préimhe

24.

I gcás cumhdach foirfe, táillí sealbhaíochta préimhe

25.

Téarmaí struchtúraithe maidir le hidirbhearta: maolaitheoirí riosca/formhuirear préimhe a chuirtear i bhfeidhm

26.

De réir mar is iomchuí, léiriú ar thionchar Choinbhinsiún Cape Town ar an bpréimhráta a chuirtear i bhfeidhm

Foscríbhinn V

LIOSTA SAINMHÍNITHE

Coibhéis costais ilghnéithigh: glanluach láithreach préimhrátaí, costais agus táillí ráta úis a mhuirearaítear le haghaidh creidmheas díreach mar chéatadán den mhéid creidmheasa dhírigh, is cothrom é le glanluach láithreach shuim na bpréimhrátaí, na gcostas ráta úis agus na dtáillí a mhuirearaítear faoi chumhdach foirfe mar chéatadán den mhéid creidmheasa faoi chumhdach foirfe.

De bhun Sócmhainní: idirbheart a dhéanann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 a) d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh.

Ceannaitheoir/Iasachtaí: lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh) eintitis tráchtála amhail aerlínte agus léasóirí, mar aon le heintitis flaithiúnais (nó más eintiteas difriúil atá i gceist, príomhfhoinse aisíocaíochta an idirbhirt).

Trealamh arna sholáthar ag an gceannaitheoir: trealamh arna sholáthar ag an gceannaitheoir agus arna chur isteach san aerárthach le linn an phróisis monaraíochta/athchóiriúcháin, tráth a sheachadta nó roimhe, agus an Bille Díolacháin ón monaróir ina fhianaise air.

Coinbhinsiún Cape Town: tagraíonn sé sin do Choinbhinsiún Cape Town ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste agus an Prótacal a ghabhann leis maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Trealamh Aerárthaí.

Gealltanas: aon ráiteas, i gcibé foirm, lena gcuirtear in iúl don tír fála, don cheannaitheoir, don iasachtaí, don onnmhaireoir nó don institiúid airgeadais, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do litreacha incháilitheachta, litreacha margaíochta, go dtoilítear tacaíocht oifigiúil a sholáthar, nó go bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh.

Líne Choiteann: comhaontú na Rannpháirtithe maidir le hidirbheart ar leith, nó in imthosca speisialta i dtaca le téarmaí agus coinníollacha airgeadais sonracha maidir le tacaíocht oifigiúil; ní bheidh forlámhas ag an líne choiteann sin ar fhorálacha ábhartha na Tuisceana Earnála seo ach amháin le haghaidh an idirbhirt nó sna himthosca a shonraítear sa líne choiteann.

Cumhdach Árachais Coinníollach: tacaíocht oifigiúil, lena soláthraítear slánú don tairbhí i gcás mainneachtana ar íocaíocht le haghaidh rioscaí sainithe tar éis tréimhse feithimh shonraithe; le linn na tréimhse feithimh, níl an ceart ag an tairbhí ar íocaíocht ón Rannpháirtí. Bíonn íocaíocht faoi chumhdach árachais coinníollach faoi réir bhailíocht agus eisceachtaí na doiciméadachta forluití agus an idirbhirt fhorluitigh.

Tiontú: Athrú mór ar dhearadh cineáil an aerárthaigh tríd an aerárthach a thiontú ina chineál aerárthaigh difriúil (lena n-áirítear aerárthach paisinéirí a thiontú ina bhuamadóir uisce, ina aerárthach lastais, cuardaigh agus tarrthála, faireachais, nó ina scairdeitleán gnó), faoi réir a dheimhnithe ag an Údarás freagrach um Eitlíocht Shibhialta.

Aicmiúchán an Riosca Tíre: an t-aicmiú riosca tíre atá i réim maidir leis na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil mar atá foilsithe ar shuíomh gréasáin ECFE.

Gníomhaireacht Rátála Creidmheasa: ceann de na gníomhaireachtaí rátála iontaofa idirnáisiúnta nó aon ghníomhaireacht rátála eile is inghlactha do na Rannpháirtithe.

Fearais innill: tacar páirteanna a thugtar isteach chun feabhas a chur ar an iontaofacht, ar an marthanacht agus/nó ar sholáthar feidhmíochta ar na sciatháin trí theicneolaíocht a thabhairt isteach.

Creidmheas Onnmhairiúcháin: árachas, ráthaíocht nó socrú maoiniúcháin lena gcuirtear é ar a chumas do cheannaitheoir eachtrach earraí agus/nó seirbhísí onnmhairithe chun íocaíocht a chur siar thar thréimhse ama; féadfaidh creidmheas onnmhairiúcháin a bheith i bhfoirm creidmheas ó sholáthróir arna chur ar fáil ag an onnmhaireoir, nó i bhfoirm creidmheas ceannaitheora, i gcás ina dtugann banc an onnmhaireora nó institiúid airgeadais eile iasacht don cheannaitheoir (nó dá bhanc).

Gealltanas Deiridh: is ann do cheangaltas deiridh i gcás ina gceanglóidh an Rannpháirtí air féin déanamh de réir téarmaí agus coinníollacha airgeadais atá beacht agus iomlán, bíodh sin trí chomhaontú cómhalartach nó trí ghníomh aontaobhach.

Conradh Gnóthais: comhaontú idir an monaróir agus an duine a ghlacann le seachadadh na n-aerárthaí nó na n-inneall mar cheannaitheoir, nó, i dtaca le socrú díola-aisléasaithe, mar léasaí faoi léas lena mbaineann téarma 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos gealltanas ceangailteach (gan na gealltanais sin a bhaineann le roghanna neamhfheidhmithe an tráth sin a áireamh), i gcás lena mbainfidh dliteanas dlíthiúil le neamhfheidhmíocht.

Rannpháirtí Leasmhar: Rannpháirtí (i) a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil d’aerfhráma nó d’innill aerárthaigh a mhonaraítear go hiomlán nó go páirteach ina chríoch, (ii) ag a bhfuil leas tráchtála substaintiúil cheana nó ag a bhfuil taithí ar an gceannaitheoir/ar an iasachtóir lena mbaineann, nó (iii) ar iarr monaróir/onnmhaireoir air tacaíocht oifigiúil a sholáthar don cheannaitheoir/iasachtaí atá i gceist.

Tacaíocht Ráta Úis: féadfaidh an tacaíocht sin a bheith i bhfoirm socrú ar thaobh amháin idir rialtas, nó institiúid a ghníomhaíonn le haghaidh rialtais nó thar a cheann, agus ar an taobh eile, bainc nó institiúidí airgeadais eile lena bhfágtar gur féidir maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthar ar ráta seasta atá ar an ráta íosta úis seasta ábhartha, nó os a chionn.

Modhnú/Athfheistiú Mór: oibríochtaí athchumraíochta nó nuashonrúcháin ar aerárthach paisinéirí nó lastais.

Glanphraghas: an praghas ar mhír arna sonrascú ag monaróir nó ag soláthróir na míre sin, tar éis gach lascaine praghais agus creidmheasanna airgid eile a chur i gcuntas, lúide gach creidmheas eile nó lamháltais d’aon chineál a bhaineann leis an mír nó is in-leithdháilte go cothrom uirthi, mar a shonraítear in uiríoll ceangailteach ó mhonaróirí an aerárthaigh agus na n-inneall. Ní cheanglaítear uiríoll ón monaróir innill ach amháin i gcás inarb ábhartha é de réir fhoirm an chomhaontaithe ceannacháin - nó ón soláthraí seirbhíse, de réir mar a bheidh, agus arna thacú le doiciméadacht a cheanglaítear ar sholáthraí na tacaíochta oifigiúla chun an glanphraghas sin a dheimhniú. Gach dleacht agus cáin allmhairiúcháin (e.g. CBL) ní áirítear sa ghlanphraghas iad.

Aerárthaí Nua: féach Airteagal 8 a) den Tuiscint Earnála seo.

Idirbheart nach de bhun Sócmhainní é: idirbheart nach ndéanann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 a) d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh.

Idirbheart Neamhfhlaithiúnais: idirbheart nach gcomhlíonann an tuairisc a leagtar amach in Airteagal 57 b) d’Fhoscríbhinn II.

Tréimhse Sealbhaíochta Préimhe: faoi réir Airteagal 36 b) d’Fhoscríbhinn II, tréimhse (tréimhsí) ar lena linn atá préimhráta agus maolaitheoirí riosca éigeantacha ábhartha á gcoinneáil ar bun, ar ráta agus maolaitheoirí iad a tairgeadh le haghaidh idirbhirt; ní bheidh an tréimhse níos faide ná 18 mí ón dáta a leagadh síos é go dtí an eisíocaíocht chríochnaitheach.

Samhail Comhshóite le haghaidh Préimhrátaí: samhail arna comhaontú ag na Rannpháirtithe agus arna cur ar fáil dóibh, a bheidh le húsáid chun críche na Tuisceana Earnála seo chun préimhrátaí láithreacha a chomhshó ina raonta difríochta agus vice versa, is é 4.6 % an ráta úis agus an ráta lascaine a úsáidfear iontu; déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar an ráta sin go tráthrialta.

Réamhfhógra: fógra a dhéantar 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas, agus an fhoirm tuairiscithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV á húsáid.

Cumhdach Foirfe: Tacaíocht oifigiúil arna soláthar ag rialtas, nó thar ceann rialtais, trí bhíthin ráthaíocht creidmheasa onnmhairiúcháin, nó trí árachas amháin, i.e. nach dtairbhíonn de thacaíocht maoiniúcháin oifigiúil.

Téarma Aisíocaíochta: an tréimhse dar tús Túsphointe an Chreidmheasa agus dar críoch dáta conarthach aisíocaíocht chríochnaitheach an bhunairgid.

Idirbheart Flaithiúnais: idirbheart a chomhlíonann an tuairisc a leagtar amach in Airteagal 56 b) d’Fhoscríbhinn II.

Túsphointe an Chreidmheasa: maidir le díol aerárthaí lena n-áirítear héileacaptair, innill agus páirteanna spártha, ar a dhéanaí, an dáta iarbhír a ghlacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí, nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí. maidir le seirbhísí, is é an túsphointe is deireanaí don chreidmheas ná an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís.

Ráta Babhtála: ráta seasta atá cothrom leis an ráta chun fiachas ar ráta comhlúthach a bhabhtáil go mbeidh sé ina fhiachas ar ráta seasta (Taobh na tairisceana), a dhéantar a phostáil mar an t-airgeadra ábhartha an Chuair Babhtála Innéacs thar Oíche (OIS), ar aon soláthraí innéacs margaidh neamhspleách, mar shampla, Bloomberg, Reuters, nó a choibhéis, 11.00 a.m. am Nua Eabhrac, 2 lá gnó roimh dháta tarraingthe anuas na hiasachta.

Meánré Ualaithe: an t-achar a ghlacann sé leath de bhunairgead creidmheasa a íoc ar ais; déantar é seo a ríomh mar shuim ama (i mblianta) idir túsphointe an chreidmheasa agus gach aisíocaíocht den bhunairgead arna ualú leis an gcion den bhunairgead a íoctar ar ais ag gach dáta aisíocaíochta.

IARSCRÍBHINN IV

TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO LONGA

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.   CUSPÓIR

Is é cuspóir na Tuisceana Earnála seo creat a chur ar fáil d’úsáid ordúil creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil le haghaidh na míreanna a shonraítear in Airteagal 4 thíos. Féachann an Tuiscint Earnála le cothroime iomaíochta a chothú don tacaíocht oifigiúil, amhail a shainítear in Airteagal 5 a), chun an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n earraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus ag a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil.

Admhaíonn na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo (na Rannpháirtithe) gur forbraíodh na forálacha a chuirtear san áireamh sa Tuiscint Earnála seo chun críoch na Tuisceana Earnála seo agus chun na críche sin amháin agus nach ndéanann na forálacha sin dochar do na codanna eile den Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (an Socrú) agus a n-éabhlóid.

2.   STÁDAS

Comhaontú Oinigh i measc a Rannpháirtithe is ea an Tuiscint Earnála agus is í Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú í; tá sí ina cuid lárnach den Socrú agus tagann sí i gcomharbacht ar an Tuiscint Earnála a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2011.

3.   RANNPHÁIRTÍOCHT

Is iad seo na rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála: an tAontas Eorpach, an Astráil, an Chóiré, an Iorua, an Nua-Shéalainn agus an tSeapáin.

4.   RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM

Leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo treoirlínte sonracha le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, a bhfuil téarma aisíocaíochta 2 bhliain nó níos mó acu, a bhaineann le conarthaí onnmhairiúcháin na nithe seo a leanas:

a)

Aon árthach farraige 100 gt agus níos mó a úsáidtear chun earraí nó daoine a iompar, nó maidir le sainseirbhís a chur i gcrích (mar shampla, árthaí iascaireachta, longa monarchan, bristeoirí oighir agus dreidirí, a léiríonn ar shlí bhuan trína ngluaiseacht agus trína dtreo (stiúradh) tréithe go léir na hinseoltachta ar an bhfarraige mhór), tugaí 365 kW nó níos mó agus cabhlacha long neamhchríochnaithe ach atá ar snámh agus atá soghluaiste. Ní chumhdaítear árthaí míleata leis an Tuiscint Earnála. Ní chumhdaítear leis an Tuiscint Earnála dugaí snámha agus aonaid shoghluaiste amach ón gcósta, ach dá dtarlódh fadhbanna maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin do dhéanmhais den sórt sin, féadfaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála (dá ngairfear na ‘Rannpháirtithe’ anseo feasta) tar éis iarrataí réasúnaithe ó aon Rannpháirtí a bheith breithnithe acu, a chinneadh go mbeidh siad cumhdaithe.

b)

aon athchóiriú ar long. Ciallaíonn athchóiriú loinge aon athchóirí ar árthaí farraige de bhreis ar 1 000 gt ar choinníoll nach mbeidh athruithe radacacha ann ar phlean an lastais, ar an gcabhail ná ar an gcóras tiomána i gceist leis na hoibríochtaí athchóirithe.

c)

 

1.

cé nach n-áirítear árthaí de chineál árthaí foluaineacha sa Tuiscint Earnála, ceadaítear do Rannpháirtithe creidmheasanna onnmhairiúcháin a dheonú d’árthaí foluaineacha ar choinníollacha coibhéiseacha leis na coinníollacha atá i réim sa Tuiscint Earnála. Bíonn siad tiomanta an fhéidearthacht seo a chur i bhfeidhm go measartha agus gan na coinníollacha creidmheasa sin a dheonú d’árthaí foluaineacha i gcásanna ina suitear nach bhfuil aon iomaíocht á tairiscint faoi choinníollacha na Tuisceana Earnála.

2.

Sa Tuiscint Earnála, déantar an téarma ‘árthach foluaineach’ a shainiú mar a leanas: feithicil amfaibiach de 100 tonna ar a laghad atá le tacú go hiomlán le haer arna sceitheadh ón bhfeithicil, aer lena bhfoirmítear líonadh atá laistigh de sciorta solúbtha thart timpeall ar chiumhais na feithicle agus an talamh nó an dromchla uisce faoin bhfeithicil, agus a bhfuil ar a cumas a bheith tiomáinte nó á rialú ag aerscriúnna nó duchtaithe ó fheananna nó ó fheistí comhchosúla.

3.

Tuigtear maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dheonú ag coinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha atá sa Tuiscint Earnála seo, gur cheart é a theorannú go dtí na hárthaí foluaineacha sin atá in úsáid ar bhealaí muirí agus ar bhealaí neamhthalún, cé is moite de shaoráidí críochfoirt a shroicheadh arb aon chiliméadar é a bhfad uasta ón uisce.

5.   TACAÍOCHT OIFIGIÚIL

a)

Féadfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar ar bhealaí éagsúla:

1.

ráthaíocht nó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin (‘cumhdach foirfe’).

2.

tacaíocht oifigiúil maoinithe:

creidmheas díreach/maoiniú díreach agus athmhaoiniú, nó

tacaíocht ráta úis.

3.

Aon teaglaim díobh sin thuasluaite.

b)

Ní dhéanfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar má tá fianaise shoiléir ann go ndearnadh an conradh a struchtúrú le ceannaitheoir i dtír nach í ceann scríbe deiridh na n-earraí í agus é mar aidhm phríomha leis sin go bhfaighfí téarmaí aisíocaíochta níos fabhraí.

6.   TARRAINGT SIAR

Féadfaidh Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála seo tarraingt siar uaithi trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Rúnaíocht trí mheán cumarsáid mheandrach, e.g. úsáid a bhaint as an gcóras ríomhphoist a choinníonn an Rúnaíocht ar bun chun cumarsáid i measc Rannpháirtithe agus na Rúnaíochta a éascú. Beidh éifeacht ag an tarraingt siar 180 lá féilire tar éis don Rúnaíocht an fógra a fháil.

7.   FAIREACHÁN

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar chur chun feidhme na Tuisceana Earnála.

CAIBIDIL II

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

Cuimsítear leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais arna dtacú faoin Tuiscint Earnála sin maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin na forálacha go léir a leagtar síos sa Chaibidil seo, forálacha a léifear i dteannta a chéile. Leagtar síos leis an Tuiscint Earnála, teorainneacha ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhféadfar tacaíocht oifigiúil a thabhairt dóibh. Aithníonn na Rannpháirtithe go bhfuil feidhm go traidisiúnta ag téarmaí agus coinníollacha airgeadais atá níos srianta ná na téarmaí agus na coinníollacha sin dá bhforáiltear sa Tuiscint Earnála maidir le hearnálacha áirithe trádála nó tionsclaíochta. Beidh urraim i gcónaí ag na Rannpháirtithe do na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais sin is gnách a bheith ann, go háirithe an prionsabal nach rachaidh téarmaí aisíocaíochta thar ré úsáideach na n-earraí.

8.   TÉARMA UASTA AISÍOCAÍOCHTA

Is é an téarma uasta aisíocaíochta tar éis seachadta 12 bhliain.

9.   ÍOCAÍOCHT IN AIRGEAD TIRIM

Beidh sé de cheangal go dtabharfaí do na Rannpháirtithe íocaíocht íosta de 20 % in airgead tirim de phraghas an chonartha faoin seachadadh.

10.   AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS

a)

Íocfar an bhunsuim den chreidmheas onnmhairiúcháin i dtráthchodanna comhionanna tráthrialta 6 mhí de ghnáth agus 12 mhí ar a mhéad.

b)

Déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach lú ná gach 6 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa, tráth an tseachadta de ghnáth.

c)

Maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear mar thacaíocht d’idirbhearta léasa, féadfar aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead agus den ús in éineacht a chur i bhfeidhm in ionad aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead amhail a leagtar amach i mír a).

d)

Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa.

e)

Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála seo a bhfuil sé ar intinn aige tacú le híocaíocht an úis ar théarmaí atá éagsúil ó na téarmaí sin a leagtar amach i mír b), tabharfaidh sé fógra roimh ré 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas, i gcomhréir le Foscríbhinn I den Tuiscint Earnála seo.

11.   RÁTAÍ ÚIS AGUS TÁILLÍ EILE

Eisiatar ón ús:

a)

aon íocaíocht a dhéantar trí phréimh nó muirear eile chun creidmheasanna soláthróra nó creidmheasanna airgeadais a árachú nó a ráthú;

b)

aon íocaíocht a dhéantar trí tháillí nó coimisiúin baincéireachta a bhaineann leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin, taobh amuigh de mhuirir bhliantúla nó leathbhliantúla bainc is iníoctha i rith na tréimhse aisíocaíochta; agus

c)

cánacha siarchoinneálacha arna bhforchur ag an tír allmhairiúcháin.

12.   TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DO CHREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

Na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin aonair nó línte creidmheasa, seachas an tréimhse bhailíochta i gcomhair Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) a leagtar amach in Airteagal 17, ní bheidh siad socraithe go ceann tréimhse is mó ná 6 mhí roimh an ngealltanas críochnaitheach.

13.   GNÍOMHAÍOCHT CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ

Ní stopann an Tuiscint Earnála seo údaráis chreidmheasa onnmhairiúcháin nó institiúidí airgeadais ó théarmaí agus coinníollacha airgeadais nach bhfuil chomh srianta leis na téarmaí dá bhforáiltear sa Tuiscint a chomhaontú, más rud é go ndéantar gníomhaíocht den sórt sin tar éis dhámhadh an chonartha (nuair a bhíonn éifeacht cheana leis an gcomhaontú creidmheasa onnmhairiúcháin agus leis na doiciméid theagmhasacha) agus go bhfuil an ghníomhaíocht sin beartaithe go huile agus go hiomlán chun go seachnófaí nó go n-íoslaghdófaí caillteanais ó imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtrúig le neamhíocaíocht nó éilimh.

14.   COMHOIRIÚNÚ

Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, agus ag teacht le cuspóir na Tuisceana, féadfaidh Rannpháirtí, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 24, comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Rannpháirtí nó ag Neamh-rannpháirtí. Meastar go gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha airgeadais a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo na forálacha atá sa Tuiscint seo.

15.   RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS SEASTA FAOIN TACAÍOCHT OIFIGIÚIL MAOINITHE

Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais oifigiúil le haghaidh iasachtaí ar ráta seasta, déanfaidh siad na Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) ábhartha a fheidhmiú mar rátaí íosta úis. Is éard atá in CIRRanna ná rátaí úis a bhunaítear de réir na bprionsabal seo a leanas:

a)

Ba cheart go mbeadh CIRRanna ina léiriú ar na rátaí úis críochnaitheacha d’iasachtú tráchtála i margadh baile an airgeadra lena mbaineann;

b)

Ba cheart do CIRRanna a bheith ag comhfhreagairt go dlúth leis an ráta d’iasachtaithe baile den chéad aicme;

c)

Ba cheart do CIRRanna a bheith bunaithe ar chostas maoinithe mhaoiniú an ráta úis sheasta;

d)

Níor cheart go ndéanfadh CIRRanna saobhadh ar dhálaí iomaíochais baile; agus

e)

Ba cheart do CIRRanna a bheith ag comhfhreagairt go dlúth leis an ráta atá ar fáil d’iasachtaithe coigríche den chéad aicme.

16.   DÉANAMH NA CIRRANNA

a)

Déanfaidh gach Rannpháirtí ar mian leis CIRR a bhunú ceann amháin de na córais bunráta seo a leanas a roghnú dá airgeadra náisiúnta:

1.

torthaí bannaí rialtais 3 bliana ar feadh téarma aisíocaíochta suas go dtí 5 bliana, agus 5 bliana san áireamh; torthaí bannaí rialtais 5 bliana ar feadh téarma os cionn 5 bliana agus suas go dtí 8 mbliana go leith, agus 8 mbliana go leith san áireamh; agus torthaí bannaí rialtais 7 mbliana ar feadh téarma os cionn 8 mbliana go leith; nó

2.

torthaí bannaí rialtais 5 bliana le haghaidh gach aibíochta.

Déanfaidh na Rannpháirtithe aon eisceachtaí ar an gcóras bunráta a chomhaontú eatarthu féin.

b)

Déanfar CIRRanna a shocrú ag corrlach seasta de 100 bonnphointe os cionn gach bonnráta Rannpháirtí, mura rud é go n-aontaíonn na Rannpháirtithe a mhalairt.

c)

Bainfidh Rannpháirtithe eile úsáid as an CIRR a bheidh socraithe d’airgeadra ar leith más rud é go gcinneann siad maoiniú a dhéanamh san airgeadra sin.

d)

Féadfaidh Rannpháirtí a chóras bonnráta a athrú tar éis fógra a thabhairt 6 mhí roimh ré do na Rannpháirtithe agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leo faoi sin.

e)

Féadfaidh Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí a iarraidh go ndéanfaí CIRR a bhunú d’airgeadra Neamh-rannpháirtí. Ar dhul i gcomhairle leis an Neamh-rannpháirtí leasmhar, féadfaidh Rannpháirtí, nó an Rúnaíocht thar ceann an Neamh-rannpháirtí sin, a mholadh go ndéanfaí CIRR san airgeadra sin ag baint úsáid as nósanna imeachta Líne Choiteann i gcomhréir le hAirteagail 32 go 34.

17.   BAILÍOCHT NA CIRRANNA

Ní dhéanfar ráta iasachta atá i bhfeidhm maidir le hidirbheart a shocrú go ceann tréimhse is faide ná 120 lá. Cuirfear corrlach 20 bonnphointe leis an CIRR, más rud é go ndéanfar téarmaí agus coinníollacha na tacaíochta maoiniúcháin oifigiúla a shocrú roimh an dáta conartha.

18.   CUR I bhFEIDHM NA CIRRANNA

a)

I gcás ina gcuirfear tacaíocht oifigiúil maoinithe ar fáil d’iasachtaí ar rátaí comhdhlúthacha, ní cheadófar do bhainc agus d’institiúidí eile maoinithe an rogha a thabhairt maidir leis an méid is ísle i gcás an CIRR (tráth an chonartha bhunaigh) nó ráta gearrthéarmach an mhargaidh le linn ré na hiasachta.

b)

I gcás aisíocaíocht luath shaorálach a bheith déanta ar iasacht nó ar aon chuid di, tabharfaidh an t-iasachtaí cúiteamh d’institiúid an rialtais a chuireann tacaíocht oifigiúil maoinithe ar fáil do na costais agus do na caillteanais go léir a thabhaítear mar thoradh ar an aisíocaíocht luath shaorálach sin, lena n-áirítear an méid a chosnódh sé d’institiúid an rialtais an chuid den insreabhadh airgid ag ráta seasta, ar cuireadh as dó leis an aisíocaíocht luath, a chur ar ais.

19.   RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS A CHUR IN IÚL

a)

Maidir leis na CIRRanna do na hairgeadraí a chinntear de réir Airteagail 16, 17 agus 18, cuirfear ar aghaidh trí chumarsáid ar an toirt iad chuig an Rúnaíocht ar a laghad uair sa mhí chun iad a dháileadh ar na Rannpháirtithe go léir.

b)

Sroichfidh an fógra sin an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh gach míosa a chumhdaítear leis an bhfaisnéis seo. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas láithreach faoi na rátaí infheidhme agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

20.   DÁTA ÉIFEACHTA DO CHUR I bhFEIDHM RÁTAÍ ÚIS

Rachaidh aon athrú ar na CIRRanna in éifeacht ar an 15ú lá tar éis deireadh gach míosa.

21.   ATHRUITHE LÁITHREACHA I RÁTAÍ ÚIS

Nuair a cheanglófar le forbairtí an mhargaidh fógra de leasú ar CIRR a thabhairt le linn míosa, cuirfear an ráta leasaithe i bhfeidhm 10 lá tar éis fógra an leasaithe sin a bheith faighte ag an Rúnaíocht.

22.   PRÉIMH DON RIOSCA CREIDMHEASA

Déanfaidh na Rannpháirtithe muirir phréimhe, in éineacht le muirir úis, a mhuirearú d’fhonn riosca neamhíocaíocht creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdach.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA

23.   FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL

a)

A luaithe a gheallann Rannpháirtí an tacaíocht oifigiúil a bhfuil fógra tugtha fúithi aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 26, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas dá réir sin trí uimhir thagartha an fhógra a chur san fhoirm tuairiscithe ábhartha.

b)

Má tá malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagail 28 go 30 ann, cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile ar an eolas maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha creidmheasa atá á mbeartú aige chun tacaíocht a thabhairt dóibh le haghaidh idirbheart ar leith agus d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh sé faisnéis chomhchosúil ó na Rannpháirtithe eile.

24.   NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN gCOMHOIRIÚNÚ

a)

Sula ndéanfaidh Rannpháirtí na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais a thoimhdítear a bheith á dtairiscint ag Rannpháirtí nó neamh-Rannpháirtí de bhun Airteagal 14 a chomhoiriúnú, déanfaidh sé gach iarracht réasúnach, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, trí na comhairliúcháin duine le duine a thuairiscítear in Airteagal 30 a úsáid, chun a fhíorú go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha á dtacú go hoifigiúil agus go gcomhlíonfar na nithe seo a leanas leo:

1.

Tabharfaidh an Rannpháirtí fógra do na Rannpháirtithe eile go léir maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhfuil sé ar intinn aige a thacú agus na nósanna imeachta céanna um fhógra a cheanglaítear leis na téarmaí comhoiriúnaithe agus na coinníollacha comhoiriúnaithe á leanúint aige. I gcás Neamh-rannpháirtí a chomhoiriúnú, leanfaidh an Rannpháirtí na nósanna imeachta céanna um fhógra a cheanglófaí dá mba rud é go dtairgfeadh Rannpháirtí na téarmaí comhoiriúnaithe.

2.

D’ainneoin fhomhír 1) thuas, dá gceanglófaí leis an nós imeachta um fhógra is infheidhme go gcoinneodh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe a cheangaltas siar go dtí tar éis spriocdháta na himthairisceana deiridh, tabharfaidh an Rannpháirtí comhoiriúnaithe fógra ansin go bhfuil sé i gceist aige an maoiniú a chomhoiriúnú a luaithe is féidir.

3.

Más rud é go dtarraingíonn an Rannpháirtí tionscnaimh siar an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh fógra tugtha fúthu, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

b)

Maidir le Rannpháirtí ag a bhfuil sé ar intinn téarmaí comhionanna airgeadais a thairiscint agus na téarmaí a bhfuil fógra tugtha fúthu de réir Airteagal 26, féadfaidh sé é sin a dhéanamh amhlaidh a luaithe a bheidh an tréimhse feithimh a leagtar síos iontu dulta in éag. Déanfaidh an Rannpháirtí fógra a thabhairt faoina bhfuil ar intinn aige a luaithe is féidir.

25.   COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA

a)

Maidir le Rannpháirtí ag a bhfuil forais réasúnacha a chreidiúint gur flaithiúla na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais atá á dtairiscint ag Rannpháirtí eile (an Rannpháirtí tionscnaimh) ná na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Tuiscint Earnála seo, cuirfidh sé an Rúnaíocht ar an eolas faoi sin; Cuirfidh an Rúnaíocht an fhaisnéis sin ar fáil láithreach.

b)

Déanfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh téarmaí airgeadais agus coinníollacha airgeadais a thairisceana a shoiléiriú laistigh de 2 lá oibre tar éis an fhaisnéis ón Rúnaíocht a eisiúint.

c)

Tar éis soiléiriú a bheith tugtha ag an Rannpháirtí tionscnaimh, féadfaidh aon Rannpháirtí a iarraidh go n-eagródh an Rúnaíocht sainchruinniú comhairliúcháin laistigh de 5 lá oibre chun an tsaincheist a phlé.

d)

Ní bheidh éifeacht leis na téarmaí airgeadais agus leis na coinníollacha airgeadais a thairbheoidh den tacaíocht oifigiúil go dtí go mbeidh toradh ar chruinniú comhairliúcháin speisialta na Rannpháirtithe.

26.   RÉAMHFHÓGRA

a)

I gcomhréir le Foscríbhinn I, cuirfidh Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon ghealltanas dar luach creidmheasa níos mó ná CTS 2 mhilliún má tá sé ar intinn aige tacaíocht a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 10 e).

b)

Más rud é go maolaíonn Rannpháirtí tionscnaimh an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt don idirbheart sin, nó má tharraingíonn sé siar í, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach.

27.   POINTÍ TEAGMHÁLA

Déanfar gach cumarsáid idir na pointí teagmhála ainmnithe i ngach tír trí chumarsáid mheandrach e.g. ríomhphost, agus pléifear leo i modh rúin.

28.   RAON FEIDHME NA bhFIOSRÚCHÁN

a)

Féadfaidh Rannpháirtí fiafraí de Rannpháirtí eile cad é an dearcadh atá aige maidir le tríú tír, institiúid i dtríú tír nó faoi mhodh ar leith chun gnó a dhéanamh.

b)

Féadfaidh Rannpháirtí a mbeidh iarratas ar thacaíocht oifigiúil faighte aige fiosrú a chur chuig Rannpháirtí eile, agus féadfar a lua san fhiosrú sin na téarmaí creidmheasa is fabhraí agus na coinníollacha creidmheasa is fabhraí a mbeadh an Rannpháirtí fiafraitheach toilteanach tacaíocht a thabhairt dóibh.

c)

Má dhéantar fiosrúchán do níos mó ná Rannpháirtí amháin, beidh liosta seolaithe ann.

d)

Cuirfear cóip de na fiosrúcháin go léir chuig an Rúnaíocht.

29.   RAON FEIDHME NA bhFREAGAIRTÍ

a)

Tabharfaidh an Rannpháirtí a mbeidh an fiosrúchán dírithe chuige freagairt laistigh de 7 lá féilire agus cuirfidh sé ar fáil an oiread faisnéise agus is féidir. Áireofar sa fhreagra an léiriú is fearr a fhéadfaidh an Rannpháirtí a thabhairt den chinneadh is dócha a thógfaidh sé. Más gá sin, beidh an freagra á leanúint a luaithe is féidir. Cuirfear cóipeanna chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht.

b)

Más rud é, i gcás freagra ar fhiosrúchán, go n-éiríonn sé neamhbhailí ina dhiaidh sin ar chúis ar bith, de bhrí mar shampla:

go ndearnadh iarratas, nó go ndearnadh é a athrú nó a tharraingt siar, nó

go bhfuil téarmaí eile á mbreithniú,

tabharfar freagra gan mhoill agus déanfar é a chur i gcóip chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht.

30.   COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE

a)

Aontóidh Rannpháirtí laistigh de 10 lá oibre le hiarrataí chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann.

b)

Cuirfear iarraidh chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann ar fáil do Rannpháirtithe agus do Neamh-rannpháirtithe. Beidh na comhairliúcháin sin ann a luaithe is féidir tar éis don tréimhse 10 lá oibre dul in éag.

c)

Déanfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe comhordú leis an Rúnaíocht maidir le haon ghníomhaíocht leantach is gá e.g. Líne Choiteann. Déanfaidh an Rúnaíocht an toradh an chomhairliúcháin a chur ar fáil go pras.

31.   NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA

a)

Is chuig an Rúnaíocht amháin a bhíonn na tograí maidir le Líne Choiteann dírithe. Seolfar togra maidir le Líne Choiteann chuig na Rannpháirtithe go léir. Ní dhéanfar céannacht an tionscnóra ar Chlár na Líne Coitinne a nochtadh ar an gClár Fógraí leictreonach arna choinneáil ar bun ag an Rúnaíocht ar Líonra Timpeallachta ECFE. Féadfaidh an Rúnaíocht, áfach, céannacht an tionscnóra a nochtadh ó bhéal do Rannpháirtí arna iarraidh sin dó. Coinneoidh an Rúnaíocht taifead de na hiarrataí sin.

b)

Déanfar dáta ar an togra maidir le Líne Choiteann a dhátú agus is í an fhormáid seo a leanas a bheidh air:

An uimhir thagartha, agus an ‘Líne Choiteann’ ina diaidh.

Ainm na tíre allmhairiúcháin agus an cheannaitheora.

Ainm an tionscadail agus cur síos chomh beacht agus is féidir air chun an tionscadal a shainaithint go soiléir.

Na téarmaí agus na coinníollacha a bhí tuartha ag an tír thionscnaimh.

Togra le haghaidh Líne Choiteann.

Náisiúntacht agus ainmneacha na dtairgeoirí aitheanta iomaíocha.

Dáta deiridh imthairisceana tráchtála agus airgeadais agus uimhir thairisceana a mhéid a bhfuil eolas ann fúithi.

Faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na cúiseanna chun an Líne Choiteann a mholadh, infhaighteacht na staidéar ar an tionscadal agus/nó na cúinsí speisialta.

c)

Déanfaidh an Rúnaíocht na Línte Coiteanna ar aontaíodh orthu a chur ar fáil go poiblí.

32.   FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN

a)

Tabharfar freagraí laistigh de 20 lá féilire, cé go moltar do na Rannpháirtithe freagairt do thogra maidir le Líne Choiteann a thapúla is féidir.

b)

D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i bhfreagairt iarraidh ar fhaisnéis bhreise, glacadh, agus diúltú, togra chun modhnú a dhéanamh ar an Líne Choiteann nó togra malartach maidir leis an Líne Choiteann.

c)

Maidir le Rannpháirtí a thugann le fios nach bhfuil aon seasamh á ghlacadh aige de bhrí nach ndeachaigh onnmhaireoir faoina dhéin, nó nach ndeachaigh na húdaráis sa tír fála faoina dhéin i gcás cabhair airgid a thabhairt don tionscadal, measfar go mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann glactha aige.

33.   GLACADH LE LÍNTE COITEANNA

a)

Déanfaidh an Rúnaíocht, tar éis 20 lá féilire a beith caite, na Rannpháirtithe go léir a chur ar an eolas i dtaca le stádas an togra maidir le Líne Choiteann. Más rud é nach mbeidh an Líne Choiteann glactha ag na Rannpháirtithe go léir, ach nach mbeidh diúltaithe di ag aon Rannpháirtí, fágfar an togra ar oscailt go ceann thréimhse bhreise 8 lá féilire.

b)

Tar éis na tréimhse breise sin, maidir le Rannpháirtí nach mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann diúltaithe go sainráite aige, measfar go bhfuil an Líne Choiteann glactha aige. Mar sin féin, féadfaidh Rannpháirtí, lena n-áirítear Rannpháirtí tionscnaimh, a chur de choinníoll maidir le glacadh leis an Líne Choiteann go nglacfaidh Rannpháirtí amháin nó níos mó go sainráite léi.

c)

Más rud é nach nglacfaidh Rannpháirtí le heilimint amháin nó níos mó den Líne Choiteann, glacfaidh sé go hintuigthe leis na heilimintí eile go léir den Líne Choiteann. Tuigtear go bhféadfadh sé go leanfadh de ghlacadh páirteach den sórt sin go n-athródh Rannpháirtithe eile a ndearcadh i leith Líne Coitinne a bheadh molta. Tá saoirse ag na Rannpháirtithe go léir na téarmaí agus na coinníollacha nach gcumhdaítear le Líne Choiteann a chomhoiriúnú.

d)

Féadfar Líne Choiteann nach mbeidh glactha a athbhreithniú agus úsáid á baint as na nósanna imeachta in Airteagail 31 agus 33. Sna cúinsí sin, níl na Rannpháirtithe faoi cheangal ag a gcinneadh bunaidh.

34.   EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA

Más rud é nach bhféadfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh agus an Rannpháirtí a mhol modhnú nó athrú aontú ar Líne Choiteann laistigh den tréimhse 8 lá féilire sa bhreis, féadfar an tréimhse sin a fhadú trína gcomhthoil. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin.

35.   DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE

Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas go rachaidh an Líne Choiteann in éifeacht nó go mbeidh diúltaithe di; beidh éifeacht ag an Líne Choiteann 3 lá féilire tar éis an fógra sin a fháil. Cuirfidh an Rúnaíocht ar fáil ar an gclár fógraí leictreonach taifead a bheidh á thabhairt cothrom le dáta ar shlí leanúnach maidir leis na Línte Coiteanna a bheidh aontaithe nó a mbeidh cinneadh aontaithe ina leith.

36.   BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA

a)

Maidir le Líne Choiteann, a luaithe a aontófar fúithi, beidh sí bailí go ceann thréimhse 2 bhliain ón dáta a rachaidh sí i bhfeidhm, mura rud é go gcuirtear an Rúnaíocht ar an eolas nach díol suime feasta í, agus go nglacann na Rannpháirtithe go léir leis sin. Beidh Líne Choiteann bailí i gcónaí go ceann tréimhse 2 bhliain bhreise má fhéachann Rannpháirtí le fadú a fháil laistigh de 14 lá féilire ón dáta éaga bunaidh. Féadfar aontú ar fhaduithe ina dhiaidh sin a bheidh ann tríd an nós imeachta céanna.

b)

Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar stádas na Línte Coiteanna agus cuirfidh sí na Rannpháirtithe ar an eolas dá réir sin, trí chothabháil a dhéanamh ar an liostú ‘Stádas na Línte Coiteanna Bailí’ ar OLIS. Dá réir sin, déanfaidh an Rúnaíocht, inter alia, an méid seo a leanas:

Línte Coiteanna breise a chur leis nuair a bheidh siad sin glactha ag na Rannpháirtithe.

An dáta éaga a thabhairt cothrom le dáta nuair a iarrfaidh an Rannpháirtí fad a chur leis.

Línte Coiteanna atá imithe in éag a scriosadh.

Liosta de na Línte Coiteanna atá ceaptha dul in éag an chéad ráithe eile a eisiúint go ráithiúil.

37.   FÓGRA EILE

Chun críoch trédhearcachta, déanfaidh gach Rannpháirtí, de bhreis ar cheanglais tuairiscithe eile ar leibhéal na n-idirbheart, faisnéis a chur ar fáil go bliantúil ar a chóras maidir le tacaíocht oifigiúil a chur ar fáil agus maidir leis an gcaoi a ndéanfar an Tuiscint Earnála seo, lena n-áirítear na scéimeanna atá i bhfeidhm, a chur chun feidhme.

38.   ATHBHREITHNIÚ

a)

Déanfar an Tuiscint Earnála a athbhreithniú go bliantúil nó arna iarraidh sin ag aon Rannpháirtí i gcomhthéacs Mheitheal na Comhairle um longthógáil (Meaitheal6), agus déanfar tuarascáil do na Rannpháirtithe sa Socrú.

b)

D’fhonn comhchuibheas agus comhsheasmhacht idir an Socrú agus an Tuiscint Earnála a éascú agus cineál thionscal na longthógála á chur san áireamh, rachaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo agus sa Socrú i gcomhairle le chéile agus déanfaidh siad comhordú de réir mar is iomchuí.

c)

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na rátaí íosta úis.

Déanfaidh na Rannpháirtithe an córas chun CIRRanna a leagan síos a athbhreithniú go tráthrialta d’fhonn a áirithiú go léiríonn na rátaí fógartha coinníollacha reatha an mhargaidh agus go bhfuil na haidhmeanna is bun leis na rátaí atá i bhfeidhm á gcomhlíonadh acu. Leis na hathbhreithnithe sin freisin cumhdófar an corrlach a bheidh le cur isteach nuair a chuirfear na rátaí sin i bhfeidhm.

Féadfaidh Rannpháirtí iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid Chathaoirleach na Rannpháirtithe chun athbhreithniú urghnách a bheith ann sa chás go measann an Rannpháirtí sin nach léiríonn an CIRR d’airgeadra amháin nó níos mó coinníollacha reatha an mhargaidh a thuilleadh.

Foscríbhinn I

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH FÓGRAÍ

Soláthrófar an fhaisnéis atá liostaithe in a) go d) thíos le haghaidh na bhfógraí go léir a thabharfar faoin Tuiscint Earnála seo. Sa bhreis air sin, soláthrófar an fhaisnéis a shonraítear in e), de réir mar is iomchuí, maidir leis an gcineál sainiúil fógra atá á dhéanamh.

a)   Faisnéis Bhunúsach

1.

An tír a dhéanann an fógra

2.

Dáta an fhógra

3.

Ainm na hinstitiúide/an údaráis/na gníomhaireachta a thugann fógra

4.

CIE/CIEnna ag a bhfuil creidmheas onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil á tairiscint

a.

CIE ag a bhfuil tacaíocht árachais/ráthaíochta á soláthar

b.

CIE ag a bhfuil tacaíocht airgeadais á soláthar

5.

Uimhir an fhógra

6.

Cóid aitheantais (inmheánacha)

7.

Uimhir thagartha na líne creidmheasa (más ábhartha)

8.

Stádas (e.g. ceann bunaidh, athbhreithnithe, athsholáthartha)

9.

Uimhir an athbhreithnithe (más ábhartha)

10.

Airteagal (Airteagail) den Tuiscint Earnála faoina bhfuil fógra á thabhairt

11.

Uimhir thagartha an fhógra chomhoiriúnaithe (más ábhartha)

12.

Tuairisc ar an tacaíocht atá á comhoiriúnú (más ábhartha)

13.

Tír chinn scríbe

b)   Faisnéis ar an gCeannaitheoir/Iasachtaí/Ráthóir

14.

Ainm an cheannaitheora

15.

Tír an cheannaitheora

16.

Suíomh an cheannaitheora (más eol)

17.

Stádas an cheannaitheora

18.

Cineál ceannaitheora

19.

Ainm an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

20.

Tír an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

21.

Suíomh an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

22.

Stádas an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

23.

Cineál iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

24.

Ainm an ráthóra (más ábhartha)

25.

Tír an ráthóra (más ábhartha)

26.

Suíomh an ráthóra (más ábhartha)

27.

Stádas an ráthóra (más ábhartha)

28.

Cineál ráthóra (más ábhartha)

c)   Faisnéis ar Earraí agus/nó ar Sheirbhísí atá á n-onnmhairiú agus faisnéis ar an Tionscadal

29.

Tuairisc mhionsonraithe ar na táirgí agus/nó ar na seirbhísí atá á n-onnmhairiú

30.

Tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal (nó ar an earnáil) dá bhfuil na honnmhairí á soláthar

31.

Cód cuspóra molta

32.

Suíomh an tionscadail (más eol)

33.

Dáta deiridh don tairiscint (más ábhartha)

34.

Dáta éaga na líne creidmheasa (más ábhartha)

35.

Luach an chonartha/na gconarthaí arna thacú/arna dtacú de réir an scála seo a leanas i milliúin CTS:

Catagóir

Ó

Go dtí

I:

0

1

II:

1

2

III:

2

3

IV:

3

5

V:

5

7

VI:

7

10

VII:

10

20

VIII:

20

40

IX:

40

80

X:

80

120

XI:

120

160

XII:

160

200

XIII:

200

240

XIV:

240

280

XV:

280

 (*2)

36.

Luach an chonartha/na gconarthaí arna thacú/arna dtacú, méid iarbhír (in airgeadra an chonartha)

37.

Airgeadra an chonartha/na gconarthaí

d)   Téarmaí agus Coinníollacha Airgeadais an Chreidmheasa Onnmhairiúcháin arna Thacú go hOifigiúil

Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i leith gach tráinse arna thacú le haghaidh idirbhearta lena gcuimsítear iltráinsí ag a bhfuil téarmaí agus coinníollacha airgeadais difriúla.

38.

Luach creidmheasa, scála CTS

39.

Luach creidmheasa, méid iarbhír (in ionad mhír 38 mar rogha)

40.

Airgeadra creidmheasa

41.

Íocaíocht in airgead tirim (% luach an chonartha onnmhairiúcháin)

42.

An pointe teagmhála aonair tráth an tseachadta de ghnáth arna chinneadh de réir (in éineacht le tagairt do shainmhíniú j, Foscríbhinn II)

43.

Fad na tréimhse aisíocaíochta

44.

Fad aonaid na tréimhse aisíocaíochta

45.

An bonn don ráta úis

46.

An ráta úis nó an corrlach os cionn an bhoinn

47.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in a) go d).

e)   Faisnéis bhreise atá le soláthar, de réir mar is iomchuí, le haghaidh fógraí a dhéantar i ndáil le Caibidil II, Airteagal 10e)

48.

Próifíl aisíocaíochta

49.

Minicíocht aisíocaíochta (bunairgead)

50.

Minicíocht aisíocaíochta (ús)

51.

An chéad aisíocaíocht den bhunairgead tar éis an Phointe Teagmhála Aonair tráth an tseachadta de ghnáth

52.

An méid den ús a caipitlíodh roimh an bPointe Teagmhála Aonair tráth an tseachadta de ghnáth

53.

Airgeadra an úis chaipitlithe

54.

Meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta

55.

An céatadán den bhunairgead a aisíoctar faoi lárphointe an chreidmheasa

56.

Míniú ar an gcúis gan tacaíocht a sholáthar de réir struchtúir aisíocaíochta chaighdeánacha

57.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in e).

Foscríbhinn II

LIOSTA SAINMHÍNITHE

Chun críoch na Tuisceana seo:

(a)

Gealltanas: aon ráiteas, i cibé foirm, lena gcuirtear in iúl don tír fála, don cheannaitheoir, don iasachtaí, don onnmhaireoir nó don institiúid airgeadais go dtoilítear tacaíocht oifigiúil a sholáthar, nó go bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh.

(b)

Líne Choiteann: tuiscint idir na Rannpháirtithe, maidir le hidirbheart ar leith nó in imthosca speisialta, go gcomhaontaíonn siad téarmaí agus coinníollacha airgeadais sainiúla maidir le tacaíocht oifigiúla. Ní ghlacann na rialacha maidir le Líne Choiteann atá comhaontaithe ionad rialacha na Tuisceana ach amháin i gcás an idirbhirt nó na n-imthosca atá sainithe sa Líne Choiteann.

(c)

Luach an Chonartha Onnmhairiúcháin: an méid iomlán a bheidh le híoc ag an gceannaitheoir, nó thar a cheann, ar earraí agus/nó seirbhísí a onnmhairítear i.e. gan na costais áitiúla a bhfuil sainmhíniú anseo thíos orthu san áireamh; i gcás léasa, eisiatar an cion sin den íocaíocht léasa atá coibhéiseach leis an ús.

(d)

Gealltanas Deiridh: maidir le hidirbhearta creidmheasa onnmhairiúcháin (bíodh sé sin ina idirbheart aonair nó ina líne chreidmheasa), is ann do ghealltanas deiridh nuair a gheallann an Rannpháirtí déanamh de réir théarmaí agus coinníollacha airgeadais atá beacht agus iomlán, bíodh sin trí chomhaontú cómhalartach nó trí ghníomh aontaobhach.

(e)

Tacaíocht Ráta Úis: socrú idir rialtas agus bainc nó institiúidí airgeadais eile lena bhféadtar maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthar ar ráta seasta atá ag leibhéal an CIRR, nó os a chionn.

(f)

Líne Chreidmheasa: creat, i gcibé foirm, le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdaíonn sraith idirbheart a d’fhéadfadh a bheith nasctha le togra sainiúil, nó a bhféadfadh sé nach ann do nasc le togra sainiúil.

(g)

Costais Áitiúla: caiteachas ar earraí agus seirbhísí i dtír an cheannaitheora atá riachtanach chun conradh an onnmhaireora a fhorghníomhú nó chun an tionscadal a bhfuil conradh an onnmhaireora mar chuid de a thabhairt chun críche. Eisiatar leis seo aon choimisiún is iníoctha le gníomhaire an onnmhaireora sa tír cheannaigh.

(h)

Cumhdach Foirfe: tacaíocht oifigiúil arna soláthar ag rialtas, nó thar ceann rialtais, trí bhíthin ráthaíocht creidmheasa onnmhairiúcháin, nó trí árachas amháin, i.e. nach dtairbhíonn de thacaíocht maoiniúcháin oifigiúil.

(i)

Téarma Aisíocaíochta: an tréimhse dar tús túsphointe an chreidmheasa tráth an tseachadta de ghnáth, arna shainmhíniú san Fhoscríbhinn seo, agus dar críoch dáta conarthach na haisíocaíochta deiridh den bhunairgead.

(j)

Túsphointe an Chreidmheasa:

(1)

Páirteanna nó comhpháirteanna (earraí idirmheánacha), lena n-áirítear na seirbhísí gaolmhara: i gcás codanna nó comhchodanna, ní bheidh túsphointe an chreidmheasa níos déanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí (lena n-áirítear seirbhísí, más infheidhme) nó, i gcás seirbhísí, an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis na seirbhísí.

2.

Earraí cuasachaipitiúla, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara — innealra nó trealamh, a bhfuil luach aonaid sách íseal acu de ghnáth, agus atá beartaithe lena n-úsáid i bpróiseas tionsclaíochta nó chun úsáide táirgíochta nó tráchtála: i gcás earraí cuasachaipitiúla, ní bheidh túsphointe an chreidmheasa níos déanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó, má tá freagrachtaí i dtaca leis an gcoimisiúnú ar an onnmhaireoir, ansin is ag tráth an choimisiúnaithe a bheidh an túsphointe is deireanaí, nó i gcás seirbhísí, an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

3.

Earraí caipitiúla agus seirbhísí tionscadail - innealra nó trealamh, a bhfuil luach ard acu, agus atá beartaithe lena n-úsáid i bpróiseas tionsclaíochta nó chun úsáide táirgíochta nó tráchtála:

I gcás conartha chun earraí caipitiúla atá comhdhéanta d’ítimí aonair is féidir a úsáid iad féin a dhíol, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí, nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí.

i gcás conartha chun trealamh caipitiúil a dhíol i gcomhair gléasraí nó monarchana críochnaithe agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an soláthróir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar an trealamh go léir (gan páirteanna spártha san áireamh) arna sholáthar faoin gconradh.

má bhíonn an t onnmhaireoir freagrach as an gcoimisiúnú, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

maidir le seirbhísí, is é an túsphointe is deireanaí don chreidmheas ná an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

4.

gléasraí nó monarchana críochnaithe – aonaid táirgíochta críochnaithe a bhfuil luach ard acu agus a gcaithfear earraí caipitiúla a úsáid ina leith:

i gcás conartha chun trealamh caipitiúil a dhíol i gcomhair gléasraí nó monarchana críochnaithe agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an soláthróir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar an trealamh go léir (gan páirteanna spártha san áireamh) arna sholáthar faoin gconradh.

i gcás conarthaí foirgníochta agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an gconraitheoir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a mbeidh an foirgniú tugtha chun críche.

i gcás aon chonartha ina bhfuil freagracht chonarthach ar an soláthróir nó ar an gconraitheoir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a mbeidh an tsuiteáil nó an foirgniú tugtha chun críche agus na réamhthástálacha déanta lena áirithiú go bhfuil an tsuiteáil nó an foirgniú sin réidh le cur i mbun oibríochta. Beidh feidhm aige seo is cuma má bhíonn an tsuiteáil nó an foirgniú tugtha ar láimh do cheannaitheoir ag an tráth sin, nó nach mbíonn, i gcomhréir le téarmaí an chonartha agus beag beann ar aon cheangaltas leanúnach a d’fhéadfadh a bheith ar an soláthróir nó ar an gconraitheoir e.g. ráthaíocht a thabhairt i dtaobh feidhmíochta éifeachtaí nó pearsanra áitiúil a oiliúint.

Más rud é go mbíonn forghníomhú ar leithligh de chodanna aonair de thionscadal i gceist leis an gconradh, is é dáta an túsphointe is deireanaí ná dáta an túsphointe do gach cuid ar leithligh, nó meándáta na dtúsphointí sin, nó, sa chás gur conradh do chuid lárnach den togra atá ag an soláthróir agus nach conradh don tionscadal ina iomláine, féadfar gurb é an túsphointe an dáta sin a bheidh iomchuí don tionscadal ina iomláine.

Maidir le seirbhísí, is é an túsphointe is deireanaí don chreidmheas ná an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

(k)

Meánré Ualaithe na Tréimhse Aisíocaíochta: an t-achar a ghlacann sé leath de bhunairgead creidmheasa a íoc ar ais. Déantar é seo a ríomh mar shuim ama (i mblianta) idir túsphointe an chreidmheasa tráth an tseachadta de ghnáth agus gach aisíocaíocht den bhunairgead arna ualú leis an gcion den bhunairgead a íoctar ar ais ag gach dáta aisíocaíochta.

CEANGALTÁN: TIOMANTAIS DON OBAIR A BHEIDH ANN AMACH ANSEO

Aontaíonn na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

Liosta léiritheach a chur le chéile de chineálacha long a mheastar i gcoitinne nach bhfuil inmharthana ó thaobh na tráchtála de, agus na disciplíní i ndáil le cabhair cheangailte a leagtar amach sa Socrú á gcur san áireamh.

b)

Forálacha an tSocraithe i ndáil leis na tagarmharcanna íosta préimhe a athbhreithniú d’fhonn iad a ionchorprú sa Tuiscint Earnála seo.

c)

Plé a dhéanamh, faoi réir na bhforbairtí i gcaibidlí ábhartha idirnáisiúnta, maidir le cur isteach disciplíní eile i ndáil le rátaí íosta úis, lena n-áirítear CIRR speisialta agus rátaí comhlúthacha.

d)

Athbhreithniú a dhéanamh ar a infheidhme maidir leis an Tuiscint Earnála seo atá forálacha an tSocraithe i ndáil le Maoiniú Tionscadail.

e)

Plé a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí:

dáta na chéad tráthchoda den bhunairgead;

coincheap na Meánré Ualaithe

a úsáid i ndáil leis an bpróifíl aisíocaíochta atá in Airteagal 10 den Tuiscint Earnála seo.

IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH FÓGRAÍ

Déanfar an fhaisnéis atá liostaithe i Roinn I thíos a sholáthar le haghaidh na bhfógraí go léir a dhéantar faoin Socrú (lena n-áirítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis). Sa bhreis air sin, déanfar an fhaisnéis a shonraítear i Roinn II a sholáthar, de réir mar is iomchuí, maidir leis an gcineál sainiúil fógra atá á dhéanamh.

I.   FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH NA bhFÓGRAÍ GO LÉIR

a)   Faisnéis Bhunúsach

1.

An tír a dhéanann an fógra

2.

Dáta an fhógra

3.

Ainm na hinstitiúide/an údaráis/na gníomhaireachta a thugann fógra

4.

CIE/CIEnna ag a bhfuil creidmheas onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil á tairiscint

a.

CIE ag a bhfuil tacaíocht árachais/ráthaíochta á soláthar

b.

CIE ag a bhfuil tacaíocht airgeadais á soláthar

5.

Uimhir an fhógra

6.

Cóid aitheantais (inmheánacha)

7.

Uimhir thagartha na líne creidmheasa (más ábhartha)

8.

Stádas (e.g. ceann bunaidh, athbhreithnithe, athsholáthartha)

9.

Uimhir an athbhreithnithe (más ábhartha)

10.

Airteagal/Airteagail an tSocraithe faoina bhfuil fógra á thabhairt

11.

Uimhir thagartha an fhógra chomhoiriúnaithe (más ábhartha)

12.

Tuairisc ar an tacaíocht atá á comhoiriúnú (más ábhartha)

13.

Tír chinn scríbe

b)   Faisnéis ar an gCeannaitheoir/Iasachtaí/Ráthóir

14.

Ainm an cheannaitheora

15.

Tír an cheannaitheora

16.

Suíomh an cheannaitheora (más eol)

17.

Stádas an cheannaitheora

18.

Cineál ceannaitheora

19.

Ainm an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

20.

Tír an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

21.

Suíomh an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

22.

Stádas an iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

23.

Cineál iasachtaí (murab é an t-iasachtaí an ceannaitheoir)

24.

Ainm an ráthóra (más ábhartha)

25.

Tír an ráthóra (más ábhartha)

26.

Suíomh an ráthóra (más ábhartha)

27.

Stádas an ráthóra (más ábhartha)

28.

Cineál ráthóra (más ábhartha)

c)   Faisnéis ar Earraí agus/nó ar Sheirbhísí atá á n-onnmhairiú agus faisnéis ar an Tionscadal

29.

Tuairisc mhionsonraithe ar na táirgí agus/nó ar na seirbhísí atá á n-onnmhairiú

30.

Tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal (nó ar an earnáil) dá bhfuil na honnmhairí á soláthar

31.

Cód cuspóra molta

32.

Suíomh an tionscadail (más eol)

33.

Dáta deiridh don tairiscint (más ábhartha)

34.

Dáta éaga na líne creidmheasa (más ábhartha)

35.

Luach an chonartha/na gconarthaí arna thacú/arna dtacú de réir an scála seo a leanas i milliúin CTS:

Catagóir

Ó

Go dtí

I:

0

1

II:

1

2

III:

2

3

IV:

3

5

V:

5

7

VI:

7

10

VII:

10

20

VIII:

20

40

IX:

40

80

X:

80

120

XI:

120

160

XII:

160

200

XIII:

200

240

XIV:

240

280

XV:

280

 (*3)

36.

Luach an chonartha/na gconarthaí arna thacú/arna dtacú, méid iarbhír (in airgeadra an chonartha)

37.

Airgeadra an chonartha/na gconarthaí

d)   Téarmaí agus Coinníollacha Airgeadais an Chreidmheasa Onnmhairiúcháin arna Thacú go hOifigiúil

Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i leith gach tráinse arna thacú le haghaidh idirbhearta lena gcuimsítear iltráinsí ag a bhfuil téarmaí agus coinníollacha airgeadais difriúla.

38.

Luach creidmheasa, scála CTS

39.

Luach creidmheasa, méid iarbhír (in ionad mhír 38 mar rogha)

40.

Airgeadra creidmheasa

41.

Éarlais (% luach an chonartha onnmhairiúcháin)

42.

Costais Áitiúla (% luach an chonartha onnmhairiúcháin)

43.

An pointe teagmhála aonair arna chinneadh de réir (in éineacht le tagairt do shainmhíniú u, Iarscríbhinn XIII)

44.

Fad na tréimhse aisíocaíochta

45.

Fad aonaid na tréimhse aisíocaíochta

46.

An bonn don ráta úis

47.

An ráta úis nó an corrlach os cionn an bhoinn

48.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn I

II.   FAISNÉIS BHREISE ATÁ LE SOLÁTHAR, DE RÉIR MAR IS IOMCHUÍ, LE hAGHAIGH FÓGRAÍ A DHÉANTAR MAIDIR LE FORÁLACHA SAINIÚLA

a)   Caibidil II Airteagal 11 d) 3)

Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i leith gach tráinse arna thacú le haghaidh idirbhearta lena gcuimsítear iltráinsí ag a bhfuil téarmaí agus coinníollacha airgeadais difriúla.

49.

Cineál na gcostas áitiúil arna dtacú

50.

A bhfuil i gceist leis na costais áitiúla arna dtacú: Trealamh caipitil?

51.

A bhfuil i gceist leis na costais áitiúla arna dtacú: Seachadtaí ó fhochuideachtaí agus/nó ó chleamhnaithe áitiúla?

52.

A bhfuil i gceist leis na costais áitiúla arna dtacú: Costais foirgníochta nó suiteála áitiúla?

53.

A bhfuil i gceist leis na costais áitiúla arna dtacú: CBL, dleachtanna allmhairiúcháin, cánacha eile?

54.

A bhfuil i gceist leis na costais áitiúla arna dtacú: Eile?

55.

Tuairisc ar chostais áitiúla ‘eile’

56.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II a).

b)   Caibidil II, Airteagal 13(f), Iarscríbhinn I Airteagal 6(a), Iarscríbhinn II Airteagal 6(a)

57.

Próifíl aisíocaíochta

58.

Minicíocht aisíocaíochta (bunairgead)

59.

Minicíocht aisíocaíochta (ús)

60.

An chéad aisíocaíocht den bhunairgead tar éis an Phointe Teagmhála Aonair

61.

An chéad aisíocaíocht den bhunairgead tar éis aonaid an Phointe Teagmhála Aonair

62.

An méid den ús a caipitlíodh roimh an bPointe Teagmhála Aonair

63.

Airgeadra an úis chaipitlithe

64.

Meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta

65.

An céatadán den bhunairgead a aisíoctar faoi lárphointe an chreidmheasa

66.

tráthchuid uasta aonair (% den chreidmheas)

67.

Míniú ar na cúiseanna a bhfuil éagothroime idir uainiú na gcistí a bheidh ar fáil don oibleagáideoir agus an phróifíl fiach-sheirbhíse a cheadaítear de réir (mar is ábhartha) Airteagail 13 a) agus 13 b), Airteagail 3 a) agus 3 b) d’Iarscríbhinn II, nó Airteagal 5 a) agus 5 b) d’Iarscríbhinn IV.

68.

I gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil ag teacht leis an saorshreabhadh airgid, bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach maidir leis an bpróifíl aisíocaíochta dá dtugtar tacaíocht.

69.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II b).

c)   Na hoibleagáidí uile maidir le fógra a thabhairt i gCaibidil II, Airteagail 21, 24, 26 agus 27.

70.

Aicmiú an riosca tíre atá ag tír an oibleagáideora

71.

Struchtúr á chur i bhfeidhm ar struchtúr é ag a bhfuil sreabhadh todhchaí eischósta nasctha le cuntas eascró eischósta? (Catagóirí 1-7 amháin)

72.

Baineann na catagóirí tíre agus riosca ceannaitheora is infheidhme maidir leis an (gceannaitheoir, iasachtaí, ráthóir, tionscadal, idirbheart)

73.

Aicmiú riosca tíre is infheidhme

74.

Catagóir riosca ceannaitheora is infheidhme

75.

An bhfuil rátáil airgeadra eachtraigh ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa chreidiúnaithe (CRA) ag an eintiteas a léirítear i mír 72?

76.

Rátáil airgeadra eachtraigh CRA is fabhraí le haghaidh an eintitis a léirítear i mír 72

77.

CRA creidiúnaithe a sholáthraíonn an rátáil a thuairiscítear i mír 76

78.

Bonn le haghaidh an Phréimhráta Íosta (MPR) is infheidhme

79.

Bonn le haghaidh an phréimhráta iarbhír a mhuirearaítear

80.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an mbonn le haghaidh an phréimhráta a mhuirearaítear iarbhír

81.

Fad na tréimhse tarraingthe anuas

82.

Fad aonaid na tréimhse tarraingthe anuas

83.

Céatadán an chumhdaigh maidir leis an riosca polaitiúil (tír)

84.

Céatadán an chumhdaigh maidir leis an riosca tráchtála (ceannaitheoir)

85.

Táirge creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil

86.

Ús a chumhdaítear le linn thréimhse feithimh na n-éileamh?

87.

MPR (bunaithe ar mhír 78) feabhsuithe ar mhaolú an riosca tíre nó feabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora

88.

Maoiniúchán in airgeadra áitiúil? (MPRanna Chatagóirí 1-7 amháin)

89.

Toisc don airgeadra áitiúil (LCF) a chuirtear i bhfeidhm

90.

Feabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora?

91.

Toisc feabhsaithe creidmheasa iomlán (CEF) a chuirtear i bhfeidhm

92.

MPR is infheidhme (bunaithe ar mhír 78) tar éis aon mhaolú ar an riosca tíre nó aon fheabhsú creidmheasa ar an riosca ceannaitheora

93.

Préimhráta a mhuirearaítear iarbhír

94.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II c).

d)    Socrú, Airteagal 24 e), an chéad fhleasc

95.

Míniú ar shaintréithe an oibleagáideora in aghaidh na gcritéar le haghaidh Chatagóir Riosca Ceannaitheora CC0 in Iarscríbhinn X den Socrú

e)    Socrú, Airteagal 24 e), an dara fleasc

96.

Réasúnaíocht leis an gcatagóir riosca ceannaitheora a bheith níos fearr ná rátáil CRA creidiúnaithe

f)    Socrú, Airteagal 21 c) 2) an chéad fhleasc

97.

Cineál na hionstraime fiachais a bhaineann le hainm sonrach nó le heintiteas gaolmhar a úsáidtear chun an phréimh a shocrú

98.

Ainm eintiteas na hionstraime fiachais

99.

Tuairisc mhionsonraithe agus príomh-shaintréithe na hionstraime fiachais agus na modheolaíochta a úsáidtear chun an phraghsáil a dhíorthú, lena n-áirítear (ach gan bheith teoranta dóibh) faisnéis faoi aibíocht, phróifíl chreidmheasa, leachtacht agus airgeadra na hionstraime

100.

Caidreamh idir oibleagáideoir/ráthóir an idirbhirt agus an t-eintiteas gaolmhar

101.

An bhfuil rátáil eisitheora CRA céanna ag oibleagáideoir/ráthóir an idirbhirt agus atá ag an eintiteas gaolmhar?

102.

An gcomhlíonann an t-eintiteas gaolmhar na critéir uile a liostaítear in Iarscríbhinn XIII (sainmhíniú ‘s’) den Socrú?

103.

Míniú mionsonraithe ar an mbealach a comhlíonadh na critéir lena sainmhínítear eintiteas gaolmhar

g)    Socrú, Airteagal 21 c) 2) an dara fleasc

104.

Bonn cirt le haicmiú an riosca ceannaitheora

105.

An rátáil airgeadra eachtraigh is fearr ó CRA creidiúnaithe le haghaidh an fhlaithiúnais i sainchónaí an oibleagáideora/ráthóra (Más rud é gur fabhraí catagóir an riosca ceannaitheora is infheidhme ná an rátáil is fearr ó CRA creidiúnaithe le haghaidh an fhlaithiúnais i sainchónaí an oibleagáideora/ráthóra le haghaidh oibleagáideoir neamhrátáilte)

106.

CRA creidiúnaithe a sholáthraíonn an rátáil a thuairiscítear i mír 104

h)   Socrú, Airteagal 21 c) 1)

107.

An bhfuil an pacáiste iasachtaí sindeacáite struchtúraithe mar idirbheart de bhun sócmhainní nó mar idirbheart maoinithe tionscadail?

108.

An gcuimsítear 25 % ar a laghad den tsindeacáit le hiasachtaí/ráthaíochtaí margaidh tráchtála gan aon tacaíocht dhéthaobhach nó iltaobhach?

109.

An bhfuil gach páirtí sa mhaoiniú ar théarmaí pari passu i leith gach téarma agus coinníll airgeadais, lena n-áirítear an pacáiste slándála?

110.

An bhfuil téarmaí agus coinníollacha airgeadais an idirbhirt lán-chomhlíontach leis an Socrú, arna modhnú leis na forálacha maidir le praghsáil Thagarmhairc an Mhargaidh in idirbhearta iasachtaí/ráthaíochtaí sindeacáite?

111.

Tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht a úsáidtear chun an phréimh a dhíorthú (nó costas ilghnéitheach le haghaidh iasachtú díreach) ar í sin an phréimh a thuairiscítear i mír 93

112.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II h).

i)   Socrú, Airteagal 21 h)

113.

An gcumhdaíonn an ráthaíocht fad iomlán an fhiachais?

114.

An bhfuil an ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil ar éileamh?

115.

An bhfuil an ráthaíocht bailí faoin dlí agus an féidir í a fhorghníomhú i ndlínse thír an ráthóra?

116.

An bhfuil an ráthóir inchairde i ndáil le méid an fhiachais atá faoi ráthaíocht?

117.

An bhfuil an ráthóir faoi réir rialú airgeadais agus rialacháin aistrithe na tíre ina bhfuil sé lonnaithe?

118.

Céatadán den mhéid iomlán faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús) a chumhdaítear leis an ráthaíocht

119.

An bhfuil aon chaidreamh airgeadais idir an ráthóir agus an oibleagáideoir?

120.

Cineál caidrimh

121.

An bhfuil an ráthóir neamhspleách, ar bhonn dlíthiúil agus airgeadais, agus an féidir leis oibleagáid íocaíochta an oibleagáideora a chomhlíonadh?

122.

An ndéanfadh teagmhais, rialacháin nó idirghabháil flaithiúnais i dtír an oibleagáideora difear don ráthóir?

123.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II i).

j)   Socrú, Airteagal 26 b)

Chun struchtúr a chur i bhfeidhm ar struchtúr é ag a bhfuil sreabhadh todhchaí eischósta nasctha le cuntas eascró eischósta:

124.- 134.

Deimhniú gur comhlíonadh na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn X

135.

Faisnéis faoi thosca breise a chuirtear san áireamh agus/nó aon bharúil maidir le struchtúr a chur i bhfeidhm ar struchtúr é ag a bhfuil sreabhadh todhchaí eischósta nasctha le cuntas eascró eischósta

I gcás maoiniú in airgeadra áitiúil:

136.- 141.

Deimhniú gur comhlíonadh na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn X

142.

Airgeadra áitiúil a úsáidtear

143.

Faisnéis faoi thosca breise a chuirtear san áireamh agus/nó aon bharúil maidir le maoiniú in airgeadra áitiúil a chur i bhfeidhm

144.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II j).

k)   Socrú, Airteagal 27 d)

145.–152.

Na feabhsuithe creidmheasa sonracha ar an riosca ceannaitheora a chuirtear i bhfeidhm mar aon le tosca feabhsaithe creidmheasa comhfhreagracha

153.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i Roinn II k).

l)   Socrú, Airteagail 45 agus 46

154.

Méid iomlán na cabhrach a bhaineann le trádáil, scála CTS

155.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin neamhlamháltais atá i gcomhréir leis an Socrú

156.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar de chistí eile atá ar rátaí an mhargaidh nó gar dóibh

157.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar de chistí oifigiúla eile ag a bhfuil leibhéal lamháltais is lú ná an t-íosmhéid a cheadaítear faoi Airteagal 33 ach amháin i gcásanna comhoiriúnúcháin

158.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar na héarlaise ón gceannaitheoir

159.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar na n-íocaíochtaí ag túsphointe an chreidmheasa nó roimhe, ar íocaíochtaí iad nach meastar

160.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar na ndeontas

161.

Comhdhéanamh phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil: sciar na gcreidmheasanna lamháltais

162.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: tréimhse chairde

163.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: fad na tréimhse aisíocaíochta

164.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: minice aisíocaíochta

165.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: próifíl aisíocaíochta

166.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: airgeadra

167.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: rátaí úis

168.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: DDR is infheidhme

169.

Téarmaí agus coinníollacha creidmheasanna lamháltais: leibhéal lamháltais

170.

Leibhéal lamháltais foriomlán phacáiste na cabhrach a bhaineann le trádáil

171.

Barúlacha, nótaí agus/nó mínithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i roinn II l).

IARSCRÍBHINN VI

RÍOMH NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA LE hAGHAIDH IDIRBHEARTA CHATAGÓIR RIOSCA TÍRE 1-7

Foirmle MPR

Is é seo a leanas an fhoirmle chun an MPR is infheidhme maidir le creidmheas onnmhairiúcháin a ríomh ar creidmheas é a bhaineann le hoibleagáideoir/ráthóir i dtír a aicmítear i gCatagóirí Riosca Tíre 1-7:

MPR = {[(ai * HOR + bi) * uas (PCC, PCP)/0.95] * (1-LCF) + [cin * PCC/0.95 * HOR * (1-CEF)]}* QPFi * PCFi *BTSF * (1- íos. (TERM, 0.15))

i gcás inarb amhlaidh:

ai = comhéifeacht an riosca tíre i gcatagóir riosca tíre i (i = 1-7)

cin = comhéifeacht an riosca ceannaitheora le haghaidh chatagóir ceannaitheora n (n = SOV+, SOV/CCO, CC1-CC5) i gcatagóir riosca tíre i (i = 1-7)

bi = tairiseach le haghaidh chatagóir riosca tíre i (i = 1-7)

HOR = ionchas an riosca

PCC = céatadán an chumhdaigh maidir leis an riosca tráchtála (ceannaitheoir)

PCC = céatadán an chumhdaigh maidir leis an riosca polaitiúil (tír)

CEF = an toisc do na feabhsuithe creidmheasa

QPFi = an toisc do cháilíocht an táirge i gcatagóir riosca tíre i (i = 1-7)

PCFi = céatadán an chumhdaigh i gcatagóir riosca tíre i (i = 1-7)

BTSF = toisc is fearr ná riosca flaithiúnais

LCF = toisc an airgeadra áitiúil

TERM = fachtóir coigeartaithe téarma

Aicmiú Riosca Tíre is Infheidhme

Cinntear an t-aicmiú riosca tíre is infheidhme de réir Airteagal 21 e) den Socrú, lena gcinntear, faoi seach, comhéifeacht an riosca tíre (ai) agus an tairiseach (bi) a fhaightear ó na tábla seo a leanas:

 

1

2

3

4

5

6

7

a

0,090

0,200

0,350

0,550

0,740

0,900

1,100

b

0,350

0,350

0,350

0,350

0,750

1,200

1,800

An Chatagóir Riosca Ceannaitheora Iomchuí a Roghnú

Roghnaítear an chatagóir riosca ceannaitheora iomchuí ón tábla seo a leanas, lena soláthraítear teaglamaí na gcatagóirí tíre agus riosca ceannaitheora a leagtar síos agus an chomhréireacht chomhaontaithe idir catagóirí riosca CC1-CC5 agus aicmí CRAnna creidiúnaithe. Tá tuairiscí cáilíochtúla ar gach catagóir riosca ceannaitheora (SOV+ go dtí CC5) leagtha síos chun aicmiú na n-oibleagáideoirí (agus na ráthóirí) a éascú agus soláthraítear in Iarscríbhinn X iad.

Catagóir Riosca Tíre

1

2

3

4

5

6

7

SOV+

SOV+

SOV+

SOV+

SOV+

SOV+

SOV+

SOV/CC0

SOV/CC0

SOV/CC0

SOV/CC0

SOV/CC0

SOV/CC0

SOV/CC0

CC1

AAA go dtí AA-

CC1

A+ go dtí A-

CC1

BBB+ go dtí BBB-

CC1

BB+ go dtí BB

CC1

BB-

CC1

B+

CC1

B

CC2

A+ go dtí A-

CC2

BBB+ go dtí BBB-

CC2

BB+ go dtí BB

CC2

BB-

CC2

B+

CC2

B

CC2

B- nó níos measa

CC3

BBB+ go dtí BBB-

CC3

BB+ go dtí BB

CC3

BB-

CC3

B+

CC3

B

CC3

B- nó níos measa

 

CC4

BB+ go dtí BB

CC4

BB-

CC4

B+

CC4

B

CC4

B- nó níos measa

 

 

CC5

BB- nó níos measa

CC5

B+ nó níos measa

CC5

B nó níos measa

CC5

B- nó níos measa

 

 

 

Is leis an gcatagóir riosca ceannaitheora a roghnaítear, i gcomhcheangal leis an gcatagóir riosca tíre is infheidhme, a chinntear comhéifeacht an riosca ceannaitheora (cin) ar comhéifeacht í a fhaightear ón tábla seo a leanas:

Riosca Ceannaitheora

Catagóir

Catagóir Riosca Tíre

1

2

3

4

5

6

7

SOV+

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

SOV/CC0

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

CC1

0,110

0,120

0,110

0,100

0,100

0,100

0,125

CC2

0,200

0,212

0,223

0,234

0,246

0,258

0,271

CC3

0,270

0,320

0,320

0,350

0,380

0,480

n/bh

CC4

0,405

0,459

0,495

0,540

0,621

n/bh

n/bh

CC5

0,630

0,675

0,720

0,810

n/bh

n/bh

n/bh

Ionchas an Riosca (HOR)

Déantar Ionchas an Riosca (HOR) a ríomh mar a leanas:

 

I gcás próifílí aisíocaíochta caighdeánacha (i.e. aisíocaíochtaí comhionanna leathbhliantúla den bhunairgead):

HOR = (fad na tréimhse eisíocaíochta × 0,5) + fad na tréimhse aisíocaíochta

 

I gcás próifílí aisíocaíochta neamhchaighdeánacha:

HOR = (fad na tréimhse eisíocaíochta × 0,5) + (meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta – 0,25)/0,5

Sna foirmlí thuas, is é blianta an t-aonad tomhais le haghaidh an ama.

Céatadán an Chumhdaigh le haghaidh an Riosca Tráchtála (Ceannaitheoir) (PCC) agus an Riosca Pholaitiúil (Tír) (PCP)

Céatadáin an Chumhdaigh (PCC agus PCP) arna shloinneadh mar luach deachúil (i.e. sloinntear 95 % mar 0,95) i bhfoirmle MPR.

Feabhsuithe Creidmheasa ar Riosca Ceannaitheora

Is é 0 luach na toisce feabhsaithe creidmheasa (CEF) le haghaidh aon idirbheart nach bhfuil faoi réir aon fheabhsú creidmheasa ar an riosca ceannaitheora. Maidir le luach CEF le haghaidh idirbheart atá faoi réir feabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora, cinntear an luach sin de réir Iarscríbhinn X, faoi réir na srianta a leagtar amach in Airteagal 27 c) den Socrú agus ní fhéadfaidh sé dul os cionn 0,35.

Toisc do Cháilíocht an Táirge (QPF)

Faightear QPF ón tábla seo a leanas:

Cáilíocht an Táirge

Catagóir Riosca Tíre

1

2

3

4

5

6

7

Faoi bhun an Chaighdeáin

0,9965

0,9935

0,9850

0,9825

0,9825

0,9800

0,9800

Caighdeán

1,0000

1,0000

1,0000

1,0000

1,0000

1,0000

1,0000

Os cionn an Chaighdeáin

1,0035

1,0065

1,0150

1,0175

1,0175

1,0200

1,0200

Toisc do Chéatadán an Chumhdaigh (PCF)

Cinntear PCF mar a leanas:

 

I gcás (uas(PCC, PCP) ≤ 0,95, PCF = 1)

 

I gcás (uas(PCC, PCP) > 0,95, PCF = 1 + ((uas(PCC, PCP) – 0,95)/0,05) * (comhéifeacht chéatadán an chumhdaigh)

Faightear comhéifeacht chéatadán an chumhdaigh ón tábla seo a leanas:

 

Catagóir Riosca Tíre

 

1

2

3

4

5

6

7

Comhéifeacht chéatadán an chumhdaigh

0,00000

0,00337

0,00489

0,01639

0,03657

0,05878

0,08598

Toisc Is Fearr ná Riosca Flaithiúnais (BTSF)

I gcás ina n-aicmeofar oibleagáideoir sa chatagóir riosca ceannaitheora ‘is fearr ná riosca flaithiúnais’ (SOV+), BTSF = 0,9, murab amhlaidh sin BTSF = 1.

Toisc don Airgeadra Áitiúil (LCF)

I gcás idirbheart lena mbaintear úsáid as maolú riosca tíre an airgeadra áitiúil, ní fhéadfaidh luach an LCF dul os cionn 0,2. Is é 0 luach an LCF le haghaidh gach idirbhirt eile.

Fachtóir Coigeartaithe Téarma (TERM)

Ní fhéadfar an Fachtóir Coigeartaithe Téarma (TERM) a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás oibleagáideoirí a aicmíonn Rannpháirtí i gcatagóirí riosca ceannaitheora atá coibhéiseach le grád amhantrach (coibhéis rátála CRA le BB+ nó níos measa) de réir an tábla comhréireachta san Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear catagóirí Ceannaitheoirí SOV+ agus SOV/CC0 i gcatagóirí riosca tíre 5-7 agus i gcás idirbheart inar faide ná 10 mbliana é Ionchas an riosca (HOR). I gcás mar sin, TERM = 0.018 * (HOR — 10). Tá uasteorainn leis an gcoigeartú sin agus ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 15 %.

IARSCRÍBHINN VII

TAGARMHARCANNA PRÉIMHE LE hAGHAIDH IDIRBHEARTA TAGARMHAIRC MARGAIDH

Tráinse Neamhchumhdaithe de Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin nó an Chuid Chumhdaithe d’Iasacht Shindeacáite nach CIE é

An praghas a thugann bainc/institiúidí príobháideacha le fios i leith thráinse neamhchumhdaithe an chreidmheasa onnmhairiúcháin atá i gceist (nó uaireanta mar an chuid chumhdaithe d’iasacht sindeacáitithe nach CIE é), féadfaidh sé gurb amhlaidh gurb é an praghas sin an comhoiriúnú is fearr le cumhdach CIE. Maidir le praghsáil ar na codanna neamhchumhdaithe nó ar na páirteanna neamhchumhdaithe sin, níor cheart iad a úsáid ach amháin más rud é gur soláthraíodh ar théarmaí tráchtála iad (e.g. bheadh codanna IFI maoinithe as an áireamh leis sin).

Bannaí Corparáide a bhaineann le hAinm Sonrach

Le bannaí corparáide, léirítear riosca creidmheasa a bhaineann le hainm sonrach. Ba cheart a bheith cúramach agus téarmaí shaintréithe chonradh CIE á gcomhoiriúnú, mar shampla an téarma aibíochta, agus ainmníocht airgeadra, agus aon fheabhsú creidmheasa. Más rud é go n-úsáidfear bannaí corparáide príomhúla (i.e. toradh ilghnéitheach ar eisiúint dóibh) nó bannaí corparáide tánaisteacha (i.e. an raon difríochta arna choigeartú thar an gcuar iomchuí, arb é sin an cuar babhtála airgeadra ábhartha de ghnáth), ba cheart na bannaí sin le haghaidh an oibleagáideora a úsáid ar an gcéad dul síos; mura mbeidh fáil orthu, féadfar bannaí corparáide príomhúla nó tánaisteacha ó Eintitis Ghaolmhara a úsáid.

Babhtálacha Mainneachtana Creidmheasa a bhaineann le hAinm Sonrach

Is éard is Babhtálacha Mainneachtana Creidmheasa (CDS) ann cineál cosanta ar mhainneachtain. Is éard is raon difríochta CDS ann an méid a íocann ceannaitheoir CDS in aghaidh na tréimhse mar chéatadán den bhunairgead barúlach, agus sloinntear i mbonnphointí de ghnáth é. Go héifeachtach, ceannaíonn ceannaitheoir CDS árachas in aghaidh na mainneachtana trí íocaíochtaí a dhéanamh le díoltóir CDS ar feadh ré na babhtála, nó go dtí go dtarlóidh an teagmhas creidmheasa. Ba cheart cuar CDS le haghaidh an oibleagáideora a úsáid ar an gcéad dul síos; mura mbeidh fáil air sin, féadfar cuair CDS ó Eintitis Ghaolmhara a úsáid.

Tagarmharcanna Iasachta

Tagarmharcanna na hiasachta príomhúla (i.e. praghsáil ar eisiúint dóibh) nó tagarmharcanna iasachta tánaisteacha (i.e. an toradh reatha ar an iasacht lena bhfuil coinne ag an institiúid airgeadais atá ag ceannach na hiasachta ó institiúid airgeadais eile). Ní mór a bheith ar an eolas faoi na táillí uile le haghaidh tagarmharcanna iasachta príomhúla chun gur féidir an toradh ilghnéitheach a ríomh. Más rud é go n-úsáidfear tagarmharcanna iasachta, ba cheart na tagarmharcanna le haghaidh an oibleagáideora a úsáid ar an gcéad dul síos; mura mbeidh fáil orthu sin, féadfar na tagarmharcanna sin ó eintitis chomhchosúla a úsáid.

Cuair an Mhargaidh Tagarmhairc

Le cuair an mhargaidh tagarmhairc, léirítear riosca creidmheasa earnála iomláine nó aicme iomláin ceannaitheoirí. Féadfaidh an fhaisnéis mhargaidh sin a bheith ábhartha i gcás nach mbeidh fáil ar fhaisnéis a bhaineann le hainm sonrach. I gcoitinne, braitheann cáilíocht na faisnéise atá ina dlúthchuid de na margaí sin ar an leachtacht a bhaineann leo. In aon chás, ba cheart ionstraimí margaidh a lorg lena soláthraítear an comhoiriúnú is cóngaraí i dtéarmaí shaintréithe chonradh an CIE, mar shampla dáta, rátáil chreidmheasa, téarma aibíochta agus ainmníocht airgeadra.

IARSCRÍBHINN VIII

CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA LENA RIALAÍTEAR CUR I bhFEIDHM RÁTHAÍOCHT AISÍOCAÍOCHTA TRÍÚ-PÁIRTÍ AGUS NA CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR INSTITIÚIDÍ RÉIGIÚNACHA NÓ ILTAOBHACHA

CUSPÓIR

Soláthraítear leis an Iarscríbhinn seo, na critéir agus na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm ráthaíochtaí aisíocaíochta tríú páirtí de réir Airteagal 21 (e) den Socrú. Soláthraítear leis an Iarscríbhinn freisin na critéir lenar cheart measúnú a dhéanamh ar institiúidí réigiúnacha nó iltaobhacha agus é á chinneadh ar cheart nó nár cheart institiúid a bheith faoi réir na rialacha préimhe le haghaidh Idirbhearta Tagarmhairc Margaidh in Airteagal 21 (c) den Socrú.

IARRATAS

Cás 1: Ráthaíocht don Mhéid Iomlán faoi Riosca

I gcás ina ndéanfar urrús i bhfoirm ráthaíocht aisíocaíocht ó eintiteas a sholáthar le haghaidh an mhéid iomláin faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), maidir leis an Aicmiú Riosca Tíre agus leis an gCatagóir Riosca Ceannaitheora is infheidhme, féadfaidh sé gurb amhlaidh gurb é Aicmiú agus Catagóir sin an ráthóra a bheidh iontu sin i gcás ina gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

Cumhdaíonn an ráthaíocht fad iomlán an chreidmheasa.

Tá an ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil nuair a iarrtar sin.

Tá an ráthaíocht bailí go dlíthiúil agus is féidir í a fhorghníomhú i ndlínse thír an ráthóra.

Tá an ráthóir inchairde a mhéid a bhaineann le méid an fhéich atá faoi ráthaíocht.

Tá an ráthóir faoi réir rialacháin maidir le rialú agus aistriú airgeadaíochta na tíre ina bhfuil sé lonnaithe, ach amháin i gcas inarb institiúid iltaobhach é an ráthóir ar chomhaontaigh na Rannpháirtithe ina leith go bhfuil sé díolmhaithe ó na rialuithe agus ó na teorainneacha sin i gcoitinne.

Más fochuideachta/máthairchuideachta den eintiteas faoi ráthaíocht é an ráthóir, déanfaidh na Rannpháirtithe, ar bhonn cás ar chás, a chinneadh: (1) agus an ghaolmhaireacht idir an fhochuideachta/máthairchuideachta agus méid cheangaltas dlíthiúil na máthairchuideachta á bhreithniú, an bhfuil an fhochuideachta/mháthairchuideachta neamhspleách ar bhonn dlí agus ar bhonn airgeadais, agus an bhféadfadh sí a cuid oibleagáidí íocaíochta a chomhall; (2) an bhféadfadh imeachtaí/rialacháin áitiúla nó idirghabháil flaithiúnais difear a dhéanamh don fhochuideachta/mháthairchuideachta; agus (3) an measfadh an Ceannáras gurb é féin atá faoi dhliteanas i gcás mainneachtana.

Cás 2: Ráthaíocht a bhfuil Teorainn leis an Méid inti

I gcás ina ndéanfar urrús i bhfoirm ráthaíochta aisíocaíochta ó eintiteas a sholáthar le haghaidh méid teoranta faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), maidir leis an Aicmiú Riosca Tíre agus leis an gCatagóir Riosca Ceannaitheora is infheidhme, féadfaidh sé gurb amhlaidh gurb é Aicmiú agus Catagóir sin an ráthóra a bheidh iontu le haghaidh chion an chreidmheasa atá faoi réir na ráthaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ábhartha uile eile a liostaítear faoi Chás 1.

Maidir leis an gcion nach bhfuil faoi ráthaíocht, is é Aicmiú Riosca Tíre agus Catagóir Riosca Ceannaitheora an oibleagáideora a bheidh san Aicmiú Riosca Tíre agus sa Chatagóir Riosca Ceannaitheora is infheidhme.

Critéir chun Measúnú a dhéanamh ar Institiúidí Iltaobhacha nó Réigiúnacha

Féadfaidh na Rannpháirtithe comhaontú go bhfuil institiúid réigiúnach nó iltaobhach faoi réir na rialacha préimhe le haghaidh an Idirbhirt Tagarmhairc Margaidh in Airteagal 21 (c) más rud é go bhfuil an institiúid díolmhaithe i gcoitinne ó rialacháin maidir le rialú agus aistriú airgeadaíochta na tíre ina bhfuil an institiúid lonnaithe. Déanfar measúnú ar na hinstitiúidí sin ar bhonn cás ar chás de réir a bhfiúntas féin, agus an méid seo a leanas á mheas:

atá nó nach bhfuil neamhspleáchas, ar bhonn reachtúil agus ar bhonn airgeadais, ag an institiúid;

atá nó nach bhfuil sócmhainní uile na hinstitiúide díolmhaithe ó náisiúnú nó ó choigistiú;

atá nó nach bhfuil lánsaoirse ag an institiúid cistí a aistriú agus a chomhshó;

atá nó nach bhfuil an institiúid faoi réir idirghabhála rialtas sa tír ina bhfuil sí lonnaithe;

an bhfuil díolúine cánach ag an institiúid; agus

atá nó nach bhfuil oibleagáid ar Bhalltíortha uile na hinstitiúide caipiteal breise a sholáthar chun freastal ar oibleagáidí na hinstitiúide.

Ba cheart a chur san áireamh leis an measúnú freisin an taifead íocaíochta stairiúil i gcásanna mainneachtana ar rioscaí creidmheasa tíre sa tír ina bhfuil siad lonnaithe nó i dtír oibleagáideora, mar aon le haon toisc eile a fhéadfar a mheas a bheith iomchuí sa phróiseas measúnúcháin.

Ní liosta iata é an liosta de na hinstitiúidí iltaobhacha agus réigiúnacha sin, agus féadfaidh Rannpháirtí institiúid a ainmniú mar institiúid a ndéanfaí athbhreithniú uirthi de réir na mbreithnithe thuasliostaithe. Déanfaidh na Rannpháirtithe liosta na n-institiúidí réigiúnacha agus iltaobhacha atá faoi réir na rialacha préimhe le haghaidh Idirbheart Tagarmhairc Margaidh in Airteagal 21 (c) a chur ar fáil go poiblí.

IARSCRÍBHINN IX

TUAIRISCÍ CAINNÍOCHTÚLA AR CHATAGÓIRÍ RIOSCA CEANNAITHEORA

Níos Fearr ná Riosca Flaithiúnais (SOV+)

Aicmiú eisceachtúil is ea é sin. An t-eintiteas a bhaineann amach an t-aicmiú sin, is eintiteas é ag a bhfuil próifíl chreidmheasa iontach láidir amach is amach agus lena bhféadfaí coinne a bheith leis a oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh le linn tréimhse anásta de bharr fiachais flaithiúnais nó mainneachtana fiú. Eisíonn Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa Idirnáisiúnta tuarascálacha tráthrialta lena liostaítear Rátálacha Frithpháirtí agus Corparáide a sháraíonn Rátáil Airgeadra Eachtraigh an Fhlaithiúnais. Ach amháin i gcas ina sainaithnítear an riosca flaithiúnais tríd an Modheolaíocht Mheasúnaithe maidir le Riosca Flaithiúnais mar riosca flaithiúnais atá cuid mhaith níos airde ná an riosca tíre, maidir le Rannpháirtithe atá ag beartú go n-aicmeofar eintiteas mar níos fearr ná riosca flaithiúnais, déanfaidh na Rannpháirtithe sin tagairt do rátálacha níos fearr ná riosca flaithiúnais den sórt sin mar thacaíocht dá moladh. Chun bheith aicmithe mar níos fearr ná a eintiteas flaithiúnais óstach, bheadh coinne leis go mbeadh roinnt de na saintréithe nó de na coibhéiseacha seo a leanas le feiceáil i gcás eintitis, nó tromlach na saintréithe sin de ghnáth:

próifíl chreidmheasa láidir;

tuilleamh substaintiúil ón malairt eachtrach i gcoibhneas lena ualach fiachais airgeadra;

saoráidí táirgthe agus cumas giniúna airgid ó fho-eintitis nó ó oibríochtaí eischósta, go háirithe na fo-eintitis nó na hoibríochtaí sin ar a bhfuil sainchónaí i bhflaithiúnais ardrátáilte i.e. fiontair ilnáisiúnta;

úinéir eachtrach nó comhpháirtí straitéiseach ar a bhféadfaí brath mar fhoinse tacaíochta airgeadais in éagmais ráthaíocht fhoirmiúil;

stair de chóir fhabhrach á tabhairt ag an bhflaithiúnas don eintiteas, lena n-áirítear díolúine ó shrianta maidir le haistriú agus leis an in-chomhshóiteacht agus ó cheanglais maidir le tabhairt suas i dtaca le fáltais onnmhairiúcháin, agus cóireáil cánach fhabhrach;

línte creidmheasa tiomanta ó bhainc idirnáisiúnta ardrátáilte, go háirithe línte creidmheasa gan clásal maidir le hathrú ábhartha codarsnach (MAC) lena gcumasaítear do bhainc saoráidí tiomnaithe a tharraingt siar i gcás géarchéim flaithiúnais nó teagmhais riosca eile; agus

sócmhainní i seilbh eischósta, go háirithe sócmhainní leachtacha, go minic de thoradh rialacha lena gceadaítear d’onnmhaireoirí iarmhéideanna airgid a cheapadh agus a choinneáil ar bun ar bhonn eischósta agus a bheidh ar fáil le haghaidh fiach-sheirbhíse.

Ní infheidhme an chatagóir riosca ceannaitheora SOV+ maidir leis an méid seo a leanas de ghnáth:

eintitis agus fóntais atá faoi úinéireacht phoiblí, fo-eintitis flaithiúnais mar aireachtaí líne, rialtais réigiúnacha, etc.;

institiúidí airgeadais ar a bhfuil sainchónaí i ndlínse an fho-eintitis flaithiúnais; agus

eintitis a dhíolann leis an margadh intíre san airgeadra áitiúil go príomha.

Oibleagáideoirí/Ráthóirí Flaithiúnais (SOV)

Is éard is oibleagáideoirí/ráthóirí flaithiúnais ann eintitis ag a bhfuil sainordú sainráite dlíthiúil chun oibleagáid íocaíochta fiachais a shocrú thar ceann an Stáit Flaithiúnais, arb iad an Aireacht Airgeadais nó an Banc Ceannais iad go hiondúil (44). Aicmítear riosca ina riosca flaithiúnais i gcás inarb amhlaidh:

tá sainordú dlíthiúil ag an oibleagáideoir/ráthóir chun oibleagáid íocaíochta fiachais a shocrú thar ceann an Fhlaithiúnais, agus tiomnaíonn sé iontaoibh agus creidmheas iomlán an fhlaithiúnais leis sin; agus

i gcás ina ndéanfar riosca flaithiúnais a athsceidealú, d’áireofaí an fiachas atá i gceist sna hoibleagáidí maidir le hathsceidealú agus íocaíocht arna bhfáil ag an bhflaithiúnas de bhua an athsceidealaithe.

Coibhéiseach leis an bhFlaithiúnas (CC0): Cáilíocht Chreidmheasa Shármhaith

Leis an gcatagóir ‘coibhéiseach le flaithiúnas’, cuimsítear dhá chineál bhunúsacha d’oibleagáideoirí/ráthóirí:

Eintitis phoiblí lena nochtar leis an dícheall cuí go bhfuil iontaoibh agus creidmheas/tacaíocht iomlán intuigthe an fhlaithiúnais ag an gceannaitheoir nó gur fíordhócha go bhfuil an leachtacht flaithiúnais agus an tacaíocht sócmhainneachta an-ard, i ndáil le hionchais aisghabhála agus riosca mainneachtana araon. Le heintitis phoiblí neamhfhlaithiúnais atá coibhéiseach leis an bhflaithiúnas, d’áireofaí cuideachtaí freisin ar leis an rialtas iad agus ag a bhfuil monaplacht nó cás inarb amhlaidh nach mór go bhfuil monaplacht acu maidir le hoibríochtaí in earnáil (e.g. cumhacht, ola, gás).

Eintitis chorparáideacha ag a bhfuil próifíl chreidmheasa shárláidir, ar a bhfuil gnéithe le feiceáil i dtéarmaí ionchais mainneachtana agus aisghabhála araon, lena léirítear go bhféadfaí breathnú ar an riosca mar riosca atá coibhéiseach le riosca flaithiúnais. Le hiarrthóirí, d’fhéadfaí corparáidí gormshlise láidre nó bainc an-tábhachtacha a áireamh arb amhlaidh ina leith gur dócha go bhfuil an leachtacht flaithiúnais agus an tacaíocht sócmhainneachta ard.

Tuigtear le cáilíocht chreidmheasa shármhaith go bhfuil coinne leis gur diomaibhseach an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht agus go bhfuil acmhainneacht shárláidir ag an eintiteas maidir le haisíocaíocht agus nach dócha go ndéanfaidh teagmhais intuartha difear don acmhainneacht sin. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe de phróifíl ghnó agus airgeadais an eintitis, nó teaglaim de na saintréithe uile sin:

leibhéal idir sármhaith agus an-mhaith ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir sármhaith agus an-mhaith ó thaobh leibhéil leachtachta de

leibhéal idir sáríseal agus an-íseal ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó atá idir sárláidir agus an-láidir agus cumais bhainistíochta atá cruthaithe agus an-láidir

Saintréithe eile atá ag an eintiteas freisin is ea cáilíocht ard maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora sin, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear sa chatagóir riosca ceannaitheora CC0 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir AAA (Catagóir Tíre 1) agus B (Catagóir Tíre 7).

Cáilíocht Creidmheasa An-Mhaith (CC1)

Tá coinne leis go bhfuil an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht íseal nó an-íseal. Tá acmhainneacht láidir ag an oibleagáideoir/ráthóir maidir le haisíocaíocht agus ní dócha go ndéanfaidh teagmhais intuartha difear don acmhainneacht sin. Tá soghabháltacht theoranta nó an-teoranta ag an oibleagáideoir/ráthóir i leith drochéifeachtaí athruithe ar imthosca agus ar dhálaí eacnamaíocha. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe den phróifíl ghnó agus airgeadais seo a leanas, nó teaglaim de na saintréithe uile sin:

leibhéal idir an-mhaith agus maith ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir an-mhaith agus maith ó thaobh leibhéil leachtachta de

leibhéal idir an-íseal agus íseal ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó an-láidir agus cumais bhainistíochta atá cruthaithe

Saintréithe eile atá ag an eintiteas freisin is ea cáilíocht ard maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora sin, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear sa chatagóir riosca ceannaitheora CC1 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir AAA (Catagóir Tíre 1) agus B (Catagóir Tíre 7).

Cáilíocht Creidmheasa idir Maith agus Measartha Maith, Os Cionn an Mheáin (CC2)

Tá coinne leis go bhfuil an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht íseal. Tá acmhainneacht atá idir maith agus measartha maith ag an oibleagáideoir/ráthóir maidir le haisíocaíocht agus ní dócha go ndéanfaidh teagmhais intuartha difear don acmhainneacht sin. Tá soghabháltacht theoranta ag an oibleagáideoir/ráthóir i leith drochéifeachtaí athruithe ar imthosca agus ar dhálaí eacnamaíocha. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe den phróifíl ghnó agus airgeadais seo a leanas, nó teaglaim de na saintréithe uile sin:

leibhéal idir maith agus measartha maith ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir maith agus measartha maith ó thaobh leibhéil leachtachta de

leibhéal idir íseal agus measartha íseal ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó atá measartha láidir agus cumais bhainistíochta atá cruthaithe

Saintréithe eile atá ag an eintiteas freisin is ea cáilíocht ard maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora sin, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear sa chatagóir riosca ceannaitheora CC2 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir A+ (Catagóir Tíre 1) agus B- nó níos measa (Catagóir Tíre 7).

Cáilíocht Creidmheasa Measartha, Meánach (CC3)

Tá coinne leis go bhfuil an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht measartha nó measartha íseal. Tá acmhainneacht atá idir measartha nó measartha maith ag an oibleagáideoir/ráthóir maidir le haisíocaíocht. Tá féidearthacht ann go dtiocfaidh riosca creidmheasa chun cinn agus neamhchinnteachtaí leanúnacha móra roimh an oibleagáideoir/ráthóir nó de réir mar a bhíonn siad neamhchosanta ar dhrochdhálaí gnó, airgeadais nó eacnamaíocha as a bhféadfadh acmhainneacht neamh-leordhóthanach eascairt maidir le híocaíochtaí tráthúla a chomhlíonadh. Féadfaidh roghanna malartacha airgeadais nó gnó a bheith ar fáil chun go mbeidh ar a gcumas tiomantais airgeadais a chomhlíonadh. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe den phróifíl ghnó agus airgeadais seo a leanas, nó teaglaim de na saintréithe uile sin.

leibhéal idir measartha maith agus measartha ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir measartha maith agus measartha ó thaobh leibhéil leachtachta de

leibhéal idir measartha íseal agus measartha ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó mheasartha agus cumais bhainistíochta atá cruthaithe

Saintréithe eile atá ag an eintiteas is ea cáilíocht oiriúnach maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora seo, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear i gcatagóir riosca ceannaitheora CC3 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir BBB+ (Catagóir Tíre 1) agus B- nó níos measa (Catagóir Tíre 6).

Cáilíocht Creidmheasa atá Measartha Lag, Faoi Bhun an Mheáin (CC4)

Tá coinne leis gur measartha lag an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht. Tá acmhainneacht maidir le haisíocaíocht ag an oibleagáideoir/ráthóir atá idir measartha agus measartha lag. Tá féidearthacht ann go dtiocfaidh riosca creidmheasa chun cinn agus neamhchinnteachtaí leanúnacha móra roimh an oibleagáideoir/ráthóir nó de réir mar a bhíonn siad neamhchosanta ar dhrochdhálaí gnó, airgeadais nó eacnamaíocha as a bhféadfadh acmhainneacht neamh-leordhóthanach eascairt maidir le híocaíochtaí tráthúla a chomhlíonadh. Mar sin féin, féadfaidh roghanna malartacha airgeadais nó gnó a bheith ar fáil chun go mbeidh ar a gcumas tiomantais airgeadais a chomhlíonadh. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe den phróifíl ghnó agus airgeadais seo a leanas, nó teaglaim de na saintréithe uile sin:

leibhéal idir measartha agus measartha lag ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir measartha agus measartha lag ó thaobh na leachtachta de

leibhéal idir measartha agus measartha ard ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó atá measartha lag agus cuntas teiste teoranta maidir le cumais bhainistíochta

Saintréithe eile atá ag an eintiteas is ea cáilíocht oiriúnach maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora seo, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear i gcatagóir riosca ceannaitheora CC4 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir BB+ (Catagóir Tíre 1) agus B- nó níos measa (Catagóir Tíre 5).

Cáilíocht Creidmheasa Lag (CC5)

Tá coinne leis go bhfuil an riosca go gcuirfear isteach ar íocaíocht idir ard agus an-ard. Tá acmhainneacht maidir le haisíocaíocht ag an oibleagáideoir/ráthóir atá idir measartha lag agus lag. Tá an acmhainneacht ag an oibleagáideoir/ráthóir aisíocaíochtaí a chomhlíonadh faoi láthair ach tá corrlach teoranta sábháilteachta fós i gceist leis. Mar sin féin, tá féidearthacht ann go dtiocfaidh fadhbanna íocaíochta chun cinn toisc go mbraitheann an acmhainneacht maidir le híocaíocht leanúnach ar thimpeallacht inbhuanaithe fhabhrach eacnamaíoch agus ghnó. Is dócha go lagófar an acmhainneacht nó an toilteanas maidir le bheith ag aisíoc le drochdhálaí eacnamaíocha, airgeadais nó gnó. Fíoraítear an cháilíocht chreidmheasa go hiondúil i dteaglaim de roinnt saintréithe den phróifíl ghnó agus airgeadais seo a leanas, nó teaglaim de na saintréithe uile sin:

leibhéal idir measartha lag agus lag agus an-lag ó thaobh na giniúna airgid agus ioncaim de

leibhéil idir measartha agus lag ó thaobh na leachtachta de

leibhéal idir measartha ard agus ard ó thaobh an luamhánaithe de

próifíl ghnó atá lag agus cuntas teiste teoranta maidir le cumais bhainistíochta nó gan cuntas teiste ar bith den sórt sin

Saintréithe atá ag an eintiteas freisin is ea droch-cháilíocht maidir le nochtadh úinéireachta agus airgeadais, ach amháin i gcás ina mbeidh dóchúlacht an-ard ann maidir le tacaíocht ó mháthaireintiteas (nó flaithiúnais) ag a bhfuil aicmiú riosca ceannaitheora atá cothrom leis an méid a chomhfhreagraíonn don chatagóir riosca ceannaitheora seo, nó atá níos fearr.

Ag brath ar aicmiú na tíre ina bhfuil sainchónaí ar an oibleagáideoir/ráthóir, is dócha maidir le hoibleagáideoir/ráthóir a aicmítear i gcatagóir riosca ceannaitheora CC5 go ndéanfadh CRAnna creidiúnaithe é a rátáil idir BB- (Catagóir Tíre 1) agus B- nó níos measa (Catagóir Tíre 4).

IARSCRÍBHINN X

CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM NA dTEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE AGUS NA bhFEABHSUITHE CREIDMHEASA AR AN RIOSCA CEANNAITHEORA

CUSPÓIR

Soláthraítear leis an Iarscríbhinn seo, mionsonraí ar úsáid na dteicnící maolaithe riosca tíre a liostaítear in Airteagal 26 (a) den Socrú agus ar úsáid na bhfeabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora a liostaítear in Airteagal 27 (a) den Socrú; áirítear leis sin na critéir, na coinníollacha agus na himthosca sonracha ag a bhfuil feidhm maidir lena n-úsáid mar aon leis an tionchar ar MPRanna.

TEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE

1.   Struchtúr ag a bhfuil Sreabhadh Ionchasach Eischósta nasctha le Cuntas Eascró Eischósta

Sainmhíniú:

Doiciméad i scríbhinn, mar shampla gníomhas nó socrú um scaoileadh nó um iontaobhaithe, a bhíonn séalaithe agus a sheachadtar chuig tríú páirtí, i.e. duine nach páirtí san ionstraim sin é nó í, agus ar doiciméad é a choinneofar i seilbh an tríú páirtí sin go dtí go ndéanfar coinníollacha áirithe a chomhall agus an uair sin go ndéanfaidh an tríú páirtí é a sheachadadh chuig an bpáirtí eile chun go mbeidh éifeacht leis. Má chomhlíontar na critéir seo a leanas, faoi réir na dtosca breise atá liostaithe a chur san áireamh, is féidir leis an teicníc seo na rioscaí um aistriú a laghdú nó a dhíothú, go príomha sna catagóirí ardriosca tíre.

Critéir:

Tá an cuntas eascró ceangailte le tionscadal um thuilleamh ó mhalairt eachtrach agus is é an tionscadal féin agus/nó infháltais onnmhairiúcháin eischósta eile a ghineann na sreafaí isteach sa chuntas eascró.

Is i seilbh eischósta atá an cuntas eascró, i.e. tá sé lonnaithe lasmuigh de thír an tionscadail mar a bhfuil na rioscaí tíre a bhaineann le haistriú nó nithe eile an-teoranta (i.e. i dtír Ard-Ioncaim de ECFE nó i dtír Ard-Ioncaim i Limistéar an Euro).

Tá an cuntas eascró i mbanc den chéad aicme nach bhfuil á rialú go díreach nó go hindíreach le leasanna an oibleagáideora nó ag tír an oibleagáideora.

tá cistiú an chuntais á urrú trí chonarthaí fadtéarmacha nó trí chonarthaí iomchuí eile.

Is in airgeadra crua atá teaglaim na bhfoinsí ioncaim (i.e. arna nginiúint ag an tionscadal féin agus/nó ag na foinsí eile) atá ag an oibleagáideoir agus ag sreabhadh tríd an gcuntas agus is féidir coinne a bheith leis le réasún gur leordhóthanach teaglaim na bhfoinsí ioncaim sin le chéile chun an fiachas a sheirbhísiú ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa, agus go dtagann siad ó chustaiméir eachtrach inchairde amháin nó níos mó atá lonnaithe i dtíortha ar fearr a leibhéal riosca ná an tír ina bhfuil an tionscadal lonnaithe (i.e. tíortha is tíortha Ard-Ioncaim de ECFE iad nó tíortha Ard-Ioncaim i Limistéar an Euro de ghnáth).

Tugann an t-oibleagáideoir ordú neamh-inchúlghairthe do na custaiméirí eachtracha íoc isteach go díreach sa chuntas (i.e. ní chuirtear na híocaíochtaí ar aghaidh trí chuntas atá á rialú ag an oibleagáideoir nó trína thír).

Tá na cistí a bheidh le coinneáil sa chuntas comhionann le 6 mhí ar a laghad den fhónamh d’fhiachas. I gcás ina mbíonn téarmaí solúbtha aisíocaíochta á gcur i bhfeidhm faoi struchtúr maoinithe tionscadail, déantar méid coibhéiseach leis an bhfónamh d’fhiachas 6 mhí iarbhír a choinneáil sa chuntas faoi na téarmaí solúbtha sin; d’fhéadfadh an méid sin athrú in imeacht ama ag brath ar phróifíl na fiach-sheirbhíse.

Tá srian curtha ag an oibleagáideoir ar rochtain chuig an gcuntas (i.e. ní bheidh rochtain ann go dtí go mbeidh íocaíocht an fhónaimh d’fhiachas déanta faoin gcreidmheas).

Déantar na hioncaim a thaisctear sa chuntas a shannadh chuig an iasachtóir mar thairbhí díreach ar feadh ré iomlán an chreidmheasa.

Le hoscailt an chuntais, tá na húdaruithe dlíthiúla go léir atá riachtanach faighte ó na húdaráis áitiúla agus ó aon údaráis iomchuí eile.

Ní fhéadfaidh an cuntas eascró agus na socruithe conarthacha a bheith coinníollach agus/nó in-chúlghairthe agus/nó teoranta maidir lena dtréimhse.

Tosca Breise atá le cur san áireamh:

Tá feidhm ag an teicníc faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas:

an tír, an t-oibleagáideoir (i.e. bíodh sé poiblí nó príobháideach), an earnáil, an leochaileacht i ndáil leis na tráchtearraí nó na seirbhísí atá i gceist, lena n-áirítear iad a bheith ar fáil d’fhad iomlán an chreidmheasa, na custaiméirí;

na struchtúir dlí, e.g. cé acu atá nó nach bhfuil an sásra díolmhaithe a dhóthain ó thionchar an oibleagáideora nó a thíre;

an méid a fhéadfaidh rialtas i gcónaí cur isteach ar an teicníc, í a athnuachan nó a tharraingt siar;

cibé a bheadh nó nach mbeadh an cuntas cosanta a dhóthain in aghaidh rioscaí atá bainteach le tionscadal;

an méid a shreabhfaidh isteach sa chuntas agus an sásra le haghaidh leanúint den soláthar iomchuí;

an cás i ndáil le Club Pháras (e.g. díolmhú féideartha);

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí tíre, seachas an riosca aistrithe;

an chosaint ar rioscaí na tíre ina bhfuil an cuntas lonnaithe;

na conarthaí leis na custaiméirí, lena n-áirítear a gcineál agus a bhfad; agus

méid foriomlán an tuillimh choigríche ionchasaigh i gcoibhneas le méid iomlán an chreidmheasa.

An tionchar ar MPR

D’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm na teicníce maolaithe riosca tíre sin feabhsú aon chatagóire amháin san aicmiú riosca tíre is infheidhme maidir leis an idirbheart, ach amháin le haghaidh idirbheart i gCatagóir Riosca Tíre 1.

2.   Maoiniú in Airgeadra Áitiúil

Sainmhíniú:

Conradh agus maoiniú a dhéantar a chaibidil in airgeadra in-chomhshóite agus atá ar fáil go háitiúil, ach nach airgeadra crua é, agus a dhéantar a mhaoiniú go háitiúil, rud a dhíothaíonn nó a mhaolaíonn an riosca aistrithe. I bprionsabal, ní dhéanfadh an chéad dá riosca creidmheasa tíre aon difear don phríomhoibleagáid fiachais san airgeadra áitiúil.

Critéir:

Maidir le híocaíocht dhliteanas agus éilimh ECA nó maidir leis an íocaíocht leis an Dír-Iasachtóir, sloinntear/déantar go huile agus go hiomlán san airgeadra áitiúil í.

Níl an ECA, de ghnáth, neamhchosanta ar an riosca aistrithe.

De ghnáth, ní bheidh sé riachtanach taiscí in airgeadra áitiúil a chomhshó go hairgeadra crua.

Is urscaoileadh bailí ar oibleagáid na hiasachta é go ndéanfadh an t-iasachtaí an aisíocaíocht ina airgeadra féin agus ina thír féin.

Má bhíonn ioncam an iasachtaí in airgeadra áitiúil, tá cosaint ag an iasachtaí ar athruithe díobhálacha sa ráta malairte.

Níor cheart go ndéanfadh rialacháin um aistriú i dtír an iasachtóra difear d’oibleagáidí aisíocaíochta an iasachtaí, óir d’fhanfaidís in airgeadra áitiúil.

Tosca Breise atá le cur san áireamh:

Tá feidhm ag an teicníc ar bhonn roghnach maidir le hairgeadraí in-chomhshóite agus inaistrithe, sa chás gur slán don eacnamaíocht bhunúsach. Ba cheart don ECA is Rannpháirtí a bheith in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh a fhad a bhaineann le héilimh arna sloinneadh ina airgeadra féin a íoc sa chás go n-éiríonn an t-airgeadra áitiúil ‘neamh-inaistrithe’ nó ‘neamh-inchomhshóite’ tar éis don ECA dliteanas a ghlacadh ar láimh. (Thitfeadh an neamhchosaint seo ar Dhír-Iasachtóir, áfach.)

An tionchar ar MPR

D’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm na teicníce maolaithe riosca tíre sin lascaine nach mó ná 20 % i dtaca le cion an riosca tíre de MPR (i.e. toisc airgeadra áitiúil [LCF] ag a bhfuil luach nach mó ná 0.2).

FEABHSUITHE CREIDMHEASA AR RIOSCA CEANNAITHEORA

Soláthraítear leis an tábla seo a leanas sainmhínithe ar na feabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora a fhéadfar a chur i bhfeidhm mar aon lena dtionchar uasta ar na MPRanna is infheidhme. I gcás na n-idirbheart atá faoi réir chatagóir riosca tír 1-7 MPR, sonraítear an CEF uasta a úsáidtear i bhfoirmle MPR; i gcás idirbhearta tagarmhairc margaidh, sonraítear an lascaine uasta ar Thagarmharc Margaidh an MPR is infheidhme (45).

FEABHSÚ CREIDMHEASA

SAINMHÍNIÚ

CEF UASTA (CATAGÓIR RIOSCA TÍRE 1-7)

UASMHÉID LASCAINE (TAGARMHARC MARGAIDH)

Sannadh Fáltas nó Infháltas Conartha

I gcás ina mbeidh conarthaí ag iasachtaí le ceannaitheoirí láidre, cé acu ceannaitheoirí eischósta nó áitiúla, le sannadh in-fhorfheidhmithe le dlí an chonartha foráiltear cearta chun conarthaí an iasachtaí a fhorfheidhmiú agus/nó cinntí a dhéanamh faoi chonarthaí móra in áit an iasachtaí tar éis mainneachtana faoin iasacht. Le comhaontú díreach le tríú páirtí in idirbheart (gníomhaireacht rialtais áitiúil in idirbheart fuinnimh nó mianadóireachta), fágtar go mbíonn Iasachtóirí in ann dul chuig rialtas chun leigheasanna a lorg maidir le díshealbhú nó le sárú eile ar oibleagáidí conarthacha a bhaineann leis an idirbheart.

Féadfaidh infháltais a bheith ag cuideachta atá ann cheana agus a oibríonn i margadh nó in earnáil atá deacair, ar infháltais iad a bhaineann le díol táirgeachta le cuideachta nó le cuideachtaí atá lonnaithe i dtimpeallacht níos cobhsaí. Is in airgeadra crua a bheadh infháltais de ghnáth ach féadfaidh sé nach mbeidh siad faoi réir caidreamh conarthach sonrach. Le sannadh na n-infháltas sin, d’fhéadfaí slándáil sócmhainní a sholáthar i gcuntais an Iasachtaí, lena dtabharfar cóir fhabhrach don Iasachtóir maidir leis an sreabhadh airgid a ghineann an tIasachtaí.

0,10

Ní bhaineann le hábhar

Urrús Sócmhainn-bhunaithe

Rialú ar shócmhainn arna léiriú leis an méid seo a leanas:

(1)

morgáiste ar phíosa maoine atá an-soghluaiste agus an-luachmhar agus

(2)

maoin ag a bhfuil luach iomlán inti féin.

Is é atá in urrús sócmhainn-bhunaithe urrús ar ar féidir seilbh a fháil an athuair réasúnta éasca mar shampla inneall gluaiste, trealamh leighis nó trealamh tógála. Agus urrús den sórt sin á luacháil, ba cheart do CIE a chur san áireamh a éasca a bheidh sé ó thaobh an dlí de an tsócmhainn a aisghabháil. I bhfocail eile, is mó an luach a bhíonn i gceist nuair a chomhlánaítear an leas urrúis sa tsócmhainn faoi réimeas dlí bunaithe agus is lú an luach a bhíonn i gceist i gcás ina mbeidh ceist faoin gcumas ó thaobh an dlí de maidir leis an tsócmhainn a aisghabháil. Is é an margadh a shocraíonn luach beacht urrúis sócmhainn-bhunaithe, agus is doimhne an ‘margadh’ ábhartha ná margadh áitiúil toisc gur féidir an tsócmhainn a aistriú chuig dlínse eile. NÓTA: Maidir le feabhsú creidmheasa ar urrúis sócmhainn-bhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta atá faoi réir MPRanna chatagóir riosca tíre 1-7, is infheidhme maidir leis an riosca ceannaitheora é, i gcás ina mbeidh an t-urrús sócmhainn-bhunaithe á shealbhú go hinmheánach laistigh den tír ina bhfuil sainchónaí ar an idirbheart.

0,25

15 %

Urrús Sócmhainní Dochta

Is éard is urrús sócmhainní dochta ann trealamh comhpháirteanna ar trealamh é a fhéadfaidh a bheith srianta i ngeall ar a fhisiciúlacht mar shampla innealra monaraíochta nó tuirbín atá comhtháite i líne chóimeála. Is éard a bheartaítear leis an urrús sócmhainní dochta agus is é an luach a bhaineann leis tuilleadh giarála a sholáthar do CIE thar úsáid na sócmhainne maidir le caillteanais a chúiteamh i gcás mainneachtana. Bíonn luach urrúis sócmhainní dochta éagsúil ag brath ar thosca eacnamaíocha agus dlíthiúla, ar thosca an mhargaidh agus ar thosca eile.

0,15

10 %

Cuntas Eascró

Baineann cuntais cúlchiste fiach-sheirbhíse le cuntais eascró ar cuntais iad atá á sealbhú mar urrús le haghaidh na n-iasachtóirí nó cineálacha eile de chuntais airgid infhála atá á sealbhú mar urrús le haghaidh na n-iasachtóirí ag páirtí nach bhfuil faoi rialú an cheannaitheora/oibleagáideora ná nach bhfuil comhúinéireacht aige leis an gceannaitheoir/oibleagáideoir. Ní mór an méid eascró a thaisceadh nó a eascró roimh ré. Is é 100 % den mhéid ainmniúil sna cuntais airgid sin beagnach i gcónaí luach an urrúis sin. Ceadaítear rialú níos mó leo ar úsáid an airgid thirim, áirithítear leo go seirbhíseofar an fiach roimh chaiteachas lánroghnach. NÓTA: Maidir le feabhsú creidmheasa ar chuntas eascró a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta atá faoi réir MPRanna chatagóir riosca tíre 1-7, is infheidhme maidir leis an riosca ceannaitheora é, i gcás ina mbeidh an cuntas eascró á shealbhú go hinmheánach laistigh den tír ina bhfuil sainchónaí ar an idirbheart. Le hurrús airgid, laghdaítear go suntasach an riosca mainneachtana le haghaidh na dtráthchodanna a chumhdaítear.

méid eascró mar % de chreidmheas suas le 0,10 ar a mhéad

méid eascró mar % de chreidmheas suas le 10 % ar a mhéad

IARSCRÍBHINN XI

SEICLIOSTA DON CHÁILÍOCHT FORBARTHA

SEICLIOSTA DO CHÁILÍOCHT FORBARTHA NA dTIONSCADAL CABHAIR-MHAOINITHE

Tá roinnt critéar curtha i dtoll a chéile le blianta beaga anuas ag an DAC lena áirithiú go mbíonn tionscadail i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus a ndéantar maoiniú orthu, go hiomlán nó go páirteach, le Cabhair Forbartha Oifigiúil (ODA), ag rannchuidiú leis an bhforbairt. Go bunúsach, tá na critéir sin le fáil sna doiciméid seo a leanas:

DAC Principles for Project Appraisal [Prionsabail an DAC maidir le Breithmheas Tionscadal], 1988;

DAC Guiding Principles for Associated Financing and Tied and Partially Untied Official Development Assistance, [Treoirphrionsabail DAC maidir le Maoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh Forbartha Oifigiúla atá Ceangailte agus atá Neamhcheangailte go Páirteach] 1987; agus

Good Procurement Practices for Official Development Assistance, [Dea-Chleachtais Soláthair le haghaidh Cúnamh Forbartha Oifigiúla], 1986. As a measc sin, DAC Principles for Project Appraisal [Prionsabail DAC maidir le Breithmheas Tionscadal] agus Good Procurement Practices for Official Development Assistance [Dea-Chleachtais Soláthair le haghaidh Cúnamh Forbartha Oifigiúla] in éineacht le roinnt ‘prionsabal’ nó ‘dea-chleachtas eile’ a tháirg DAC, foilsíodh in éineacht le chéile iad in Development Assistance Manual, DAC Principles for Effective Aid (DAM) [Lámhleabhar maidir le Cúnamh Forbartha, Prionsabail DAC maidir le Cabhair Éifeachtach (DAM)] in 1992.

A MHÉID ATÁ AN TIONSCADAL AG LUÍ LE TOSAÍOCHTAÍ FORIOMLÁNA INFHEISTÍOCHTA NA TÍRE FÁLA (ROGHNÚ TIONSCADAL)

An bhfuil cuid an tionscadail de na cláir um infheistíocht agus chaiteachas poiblí formheasta cheana féin ag údaráis lárnacha airgeadais agus pleanála na tíre fála?

(Sonraigh an doiciméad beartais ina luaitear an tionscadal, e.g. clár um infheistíocht phoiblí na tíre fála.)

An bhfuil an tionscadal á chómhaoiniú in éineacht le hinstitiúid airgeadais idirnáisiúnta um fhorbairt?

An bhfuil fianaise ann go ndearna institiúid airgeadais idirnáisiúnta um fhorbairt nó Comhalta eile den DAC an tionscadal a bhreithniú agus ansin a dhiúltú ar an bhforas go raibh tosaíocht íseal forbartha ag an tionscadal?

I gcás tionscadail earnála príobháidí, an bhfuil sé formheasta ag rialtas na tíre fála?

An bhfuil an tionscadal cuimsithe ag comhaontú idir-rialtasach lena bhforáiltear do raon leathan gníomhaíochtaí cabhrach a bheith á ndéanamh ag an mbronntóir sa tír fála?

ULLMHÚ AGUS BREITHMHEAS AN TIONSCADAIL

Ar ullmhaíodh, ar dearadh agus ar breithmheasadh an tionscadal ag baint leas as caighdeáin agus critéir atá ag teacht, cuid mhór, le Prionsabail DAC maidir le Breithmheas Tionscadail ó mhíreanna 91-162 de DAM? Baineann prionsabail ábhartha le breithmheas a dhéanamh ar thionscadail de réir na bpointí seo a leanas:

(a)

Gnéithe eacnamaíochta (míreanna 120 go 128 DAM).

(b)

Gnéithe teicniúla (mír 112 DAM).

(c)

Gnéithe airgeadais (míreanna 113 go 119 DAM).

I gcás tionscadail a chruthaíonn ioncam, go háirithe má bhíonn sé i mbun táirgíochta le haghaidh margadh iomaíoch, an bhfuil an mhír lamháltais den mhaoiniú cabhrach curtha ar aghaidh chuig úsáideoir deiridh na gcistí? (mír 115 DAM).

(a)

Measúnú institiúideach (míreanna 130 go 134 DAM).

(b)

Anailís shóisialta agus imdháiliúcháin (míreanna 137 go mír 147 DAM).

(c)

Measúnú comhshaoil (míreanna 145 go 147 DAM).

NÓSANNA IMEACHTA UM SHOLÁTHAR

Cad é an modh soláthair a bheidh in úsáid as measc na nithe seo a leanas? (Le haghaidh sainmhínithe, féach na Prionsabail a liostaítear in Dea-Chleachtas Soláthair le haghaidh ODA ó mhíreanna 409-429 de DAM).

(a)

Imthairiscint iomaíoch idirnáisiúnta (míreanna 411 agus 419-429 DAM: Coinníollacha íosta maidir le himthairiscint éifeachtach iomaíoch idirnáisiúnta).

(b)

Imthairiscint iomaíoch náisiúnta (mír 412 DAM).

(c)

Comórtas neamhfhoirmiúil nó caibidlíocht dhíreach (míreanna 413-414 DAM).

An bhfuil sé beartaithe praghas agus cáilíocht na soláthairtí a sheiceáil (mír 153 DAM)?

IARSCRÍBHINN XII

FORÁLACHA MAIDIR LE RÁTA TAGARTHA DON ÚS TRÁCHTÁLA (CIRR)

ROINN 1

CIRR A SHOCRÚ

1.

Bunófar Ráta Tagartha don Ús Tráchtálach (CIRR) le haghaidh airgeadra gach Rannpháirtí, ar choinníoll go gcuirfear na sonraí is gá ar fáil don Rúnaíocht. Féadfaidh Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí a iarraidh go ndéanfaí CIRR a bhunú d’airgeadra Neamh-rannpháirtí. I gcomhairle leis an Neamh-rannpháirtí leasmhar, féadfaidh Rannpháirtí nó an Rúnaíocht a mholadh, thar ceann an Neamh-rannpháirtí sin go socrófar CIRR san airgeadra sin.

2.

Bainfidh Rannpháirtithe eile úsáid as an CIRR a bheidh socraithe d’airgeadra ar leith más rud é go gcinneann siad maoiniú a dhéanamh san airgeadra sin.

3.

Is de bhonnráta agus de chorrlach atá an CIRR comhdhéanta.

4.

An CIRR íosta d’aon airgeadra, ní bheidh sé níos ísle ná 15 bhonnphointe.

AN BONNRÁTA A BHUNÚ

5.

Is ar bhonn míosúil a dhéanfar rátaí CIRR a ríomh, agus beidh éifeacht acu an 15ú lá de gach mí.

6.

Is trí úsáid a bhaint as torthaí bannaí rialtais a dhéantar bonnrátaí CIRR a ríomh.

7.

Maidir le haibíocht an bhanna rialtais atáthar chun a úsáid le haghaidh gach idirbheart, cinnfear í de réir na foirmle seo a leanas: An Tréimhse Íostarraingthe + 0.5 An Tréimhse Aisíocaíochta + 0.5 An Mhinicíocht Aisíocaíochta i mblianta (46) (le haghaidh próifílí aisíocaíochta caighdeánacha). I gcás idirbhearta le próifíl aisíocaíochta nach bhfuil caighdeánach, is í an fhoirmle seo a leanas a chuirfear i bhfeidhm: DP + [
Formula
(47). Déanfar an toradh a shlánú go dtí an bhliain is gaire dó, é caidhpeáilte ag 10 mbliana agus íosteorainn 3 bliana socraithe lena aghaidh.

8.

Déanfaidh Rannpháirtithe na torthaí bannaí a ríomh trí úsáid a bhaint as meán uimhríochtúil na dtorthaí laethúil uile ó na bannaí rialtais de 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 mbliana den mhí féilire roimhe sin le haghaidh a gcuid airgeadraí féin. Déanfar na torthaí sin a thuairisciú don Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh gach míosa, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar bhonn míosúil.

9.

Féadfaidh Rannpháirtithe idirshuíomh líneach a úsáid chun na torthaí is gá a bhaint amach fad is atá sé laistigh de réigiún idirshuímh bannaí rialtais ó 2 bhliain go dtí bannaí rialtais 15 bliana, na bannaí 15 bliana san áireamh. Ní cheadófar eachtarshuí go toradh banna níos ísle ná níos airde.

10.

I gcás nach bhféadfaí na sonraí a fháil maidir le ceann amháin nó níos mó de na bannaí rialtais atá riachtanach (de réir Airteagail 8 agus 9), ní bheidh CIRR san airgeadra sin le haghaidh hidirbhearta lena n-éilítear na haibíochtaí sin (dá dtagraítear in Airteagal 7) ach amháin i gcás ina mbaineann na sonraí atá in easnamh le haibíochtaí níos giorra agus go soláthraítear na sonraí le haghaidh aibíochtaí níos airde (suas le 10 mbliana). Sa chás sin, úsáidfear torthaí an bhanna rialtais ard is gaire chun na bonnrátaí a ríomh lena gceanglaítear aibíochtaí níos gearra den sórt sin.

AN CORRLACH A BHUNÚ (48)

11.

Is ar bhonn ráithiúil a dhéanfar an corrlach a ríomh (an 15 Eanáir, an 15 Aibreán, an 15 Iúil agus an 15 Deireadh Fómhair gach bliain) de réir thorthaí an raon difríochta 5 bliana (an difríocht idir ráta an bhannaí rialtais 5 bliana agus an ráta babhtála 5 bliana).

12.

Is trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas a ríomhfar an corrlach: 0.5 * (an meánleibhéal 3 mhí de thorthaí an raon difríochta laethúil 5 bliana) + 80 bonnphointe. Déanfar an toradh a shlánú go dtí an bonnphointe is gaire dó, é caidhpeáilte ag uasmhéid 120 bonnphointe agus íosteorainn socraithe ag 80 bonnphointe.

13.

An meán 3 mhí atá ag na raonta difríochta laethúla 5 bliana a bheidh le húsáid, is meán é a ríomhfar mar a leanas: ríomh a dhéanamh ar an meán uimhríochtúil atá ag na raon difríochta laethúil5 bliana le 3 mhí féilire anuas sna hairgeadraí ábhartha. Déanfar iad a thuairisciú don Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh gach ráithe.

14.

Sa chás nach bhfuil an raon difríochta 5 bliana ar fáil sa mhargadh le haghaidh airgeadra ar leith, socrófar an corrlach ag 100 bp.

15.

Na corrlaigh a bheidh ann dá bharr sin, cuirfear ar fáil go poiblí iad ag tús gach ráithe.

ROINN 2

CIRR A CHUR I bhFEIDHM

16.

I gcás ina gcuirfear tacaíocht oifigiúil maoinithe ar fáil d’iasachtaí ar rátaí comhdhlúthacha, ní cheadófar do bhainc agus d’institiúidí eile maoinithe an rogha a thabhairt maidir leis an méid is ísle i gcás an CIRR (tráth an chonartha bhunaigh) nó ráta gearrthéarmach an mhargaidh le linn ré na hiasachta.

TRÉIMHSE BHAILÍOCHTA CIRR

17.

Is féidir CIRR a chur faoi ghlas roimh Dháta an Chonartha Airgeadais (DFC), ar an dáta sin nó ina dhiaidh.

18.

I gcás ina mbeidh CIRR faoi ghlas agus é sealbhaithe roimh DFC, ní bheidh an Tréimhse Shealbhaíochta níos faide ná 12 mhí i ndiaidh a chéile (49), cinnfear fad na Tréimhse Sealbhaíochta ar a dhéanaí faoi Dháta an Luachana (DoQ), agus cuirfear raon breise leis an CIRR is infheidhme de réir an tábla thíos:

Tréimhse Sealbhaíochta (i míonna)

Costas na Tréimhse Sealbhaíochta (bonnphointí)

1 – 6

20

7

23

8

26

9

30

10

34

11

39

12

44

19.

I gcás ina dtéann an Tréimhse Shealbhaíochta i léig roimh DFC, féadtar an ráta CIRR a athshocrú láithreach nó ag tráth níos déanaí agus an ráta sin a choinneáil ar feadh Tréimhse Shealbhaíochta nua. I gcás inar tharla síniú an chonartha tráchtála (SCC) roimh an athshocrú, ní bheidh ráta an athshocraithe níos ísle ná an ráta is deireanaí a bhí faoi ghlas roimhe sin. Níl aon teorainn le líon na n-uaireanta is féidir CIRR a athshocrú.

20.

Aon athrú ar an Tréimhse Fabhraithe Úis roimh DFC nó ar DFC, spreagfaidh sé athríomh an bhonnráta CIRR. Beidh an t-athríomh sin bunaithe ar an Tréimhse Fabhraithe Úis nua agus bainfidh sé úsáid as na bonnrátaí a bhí i bhfeidhm tráth an chéad DoQ; ní mheasfar seo a bheith ina athshocrú ná ina chealú ar ráta CIRR.

AN TÁILLE GEALLTANAIS

21.

Gearrfar táille gealltanais ar chreidmheasanna díreacha. I gcás ina raibh an CIRR faoi ghlas roimh DFC nó ar DFC, gearrfar an táille gealltanais díreach i ndiaidh DFC. I gcás ina raibh an CIRR faoi ghlas i ndiaidh DFC, gearrfar an táille díreach i ndiaidh DoQ.

22.

Gearrfaidh rannpháirtithe táille gealltanais ag ráta cleachtais tráchtála margaidh nó ag ráta os a gcionn sin ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

CEALÚ DEONACH AGUS RÉAMHÍOCAÍOCHT DHEONACH

23.

I gcás ina gcuirtear ráta CIRR ar ceal go deonach, aon ráta CIRR ina dhiaidh sin a luaitear leis an idirbheart céanna agus leis an onnmhaireoir céanna, ní bheidh an ráta sin níos ísle ná an CIRR is deireanaí a luadh roimhe sin.

24.

Roimh DFC, níl aon chostas ag baint le ráta CIRR a chur ar ceal ná a athrú ina ráta comhlúthach.

25.

A luaithe atá DFC ann agus gan beann ar an tráth a socraíodh CIRR, i gcás cealú deonach nó réamhíocaíocht dheonach iasachta nó aon chuid di, cúiteoidh an t-iasachtaí an institiúid rialtais a chuireann tacaíocht oifigiúil ar fáil i leith na gcostas agus na gcaillteanas uile a thabhaítear mar thoradh ar an réamhíocaíocht luath nó ar an gcealú deonach sin. Áirítear leis sin na costais ar an institiúid rialtais a bhaineann le hionadú a dhéanamh ar an gcuid den insreabhadh airgid ar ráta seasta a rabhthas ag dréim leis, ar insreabhadh airgid é ar chuirtear isteach air i gcás réamhíocaíocht luath nó cealú deonach.

ROINN 3

COMHAONTUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA

26.

Na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm an 15 Iúil 2023 maidir le hidirbhearta a dhéantar ón dáta sin ar aghaidh.

IARSCRÍBHINN XIII

LIOSTA SAINMHÍNITHE

Chun críche an tSocraithe:

(a)

Gealltanas: aon ráiteas, i cibé foirm, lena gcuirtear in iúl don tír fála, don cheannaitheoir, don iasachtaí, don onnmhaireoir nó don institiúid airgeadais go dtoilítear tacaíocht oifigiúil a sholáthar, nó go bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh.

(b)

Líne Choiteann: tuiscint idir na Rannpháirtithe, maidir le hidirbheart ar leith nó in imthosca speisialta, go gcomhaontaíonn siad téarmaí agus coinníollacha airgeadais sainiúla maidir le tacaíocht oifigiúla. Ní ghlacann na rialacha maidir le Líne Choiteann atá comhaontaithe ionad rialacha an tSocraithe ach amháin i gcás an idirbhirt nó na n-imthosca atá sainithe sa Líne Choiteann.

(c)

Leibhéal Lamháltais na Cabhrach Ceangailte: i gcás deontas, is 100 % é an leibhéal lamháltais. I gcás iasachtaí, is éard é an leibhéal lamháltais ná an difríocht idir luach ainmniúil na hiasachta agus luach láithreach lascainithe na n-íocaíochtaí fiach-sheirbhíse amach anseo a bheidh le déanamh ag an iasachtaí. Sloinntear an difríocht mar chéatadán de luach ainmniúil na hiasachta.

(d)

Dáta an Chonartha Airgeadais (DFC): an dáta ar a bhfuil gach páirtí sa Chonradh Airgeadais faoi cheangal, agus aon oibleagáid dhlíthiúil atá i gceist leis á cur san áireamh.

(e)

Dáta na Luachana (DoQ): an dáta a cuireadh CIRR faoi ghlas.

(f)

Díchoimisiúnú: gléasra cumhachta núicléiche a dhúnadh síos nó a dhíchur.

(g)

Luach an Chonartha Onnmhairiúcháin: an méid iomlán a bheidh le híoc ag an gceannaitheoir, nó thar a cheann, ar earraí agus/nó seirbhísí a onnmhairítear i.e. gan na costais áitiúla a bhfuil sainmhíniú anseo thíos orthu san áireamh; i gcás léasa, eisiatar an cion sin den íocaíocht léasa atá coibhéiseach leis an ús.

(h)

Gealltanas Deiridh: maidir le hidirbhearta creidmheasa onnmhairiúcháin (bíodh sé sin ina idirbheart aonair nó ina líne chreidmheasa), is ann do ghealltanas deiridh nuair a gheallann an Rannpháirtí déanamh de réir théarmaí agus coinníollacha airgeadais atá beacht agus iomlán, bíodh sin trí chomhaontú cómhalartach nó trí ghníomh aontaobhach.

(i)

Tréimhse Sealbhaíochta: an tréimhse a mhaireann ó DoQ go dtí DFC.

(j)

An Chéad Lucht Breosla: maidir leis an gcéad lucht breosla, ní bheidh níos mó ann ná lán an chroíleaceáin núicléach a suiteáladh ar dtús, móide dhá athluchtú ina dhiaidh sin, arb éard a bheidh iontu sin le chéile méid suas go dtí dhá thrian de lán an chroíleacáin núicléach.

(k)

Tréimhse Fabhraithe an Úis: an tréimhse ina bhfabhraítear ús (i.e. ón gcéad eisíocaíocht go dtí an aisíocaíocht dheireanach den bhunairgead: tréimhse íostarraingthe + tréimhse aisíocaíochta).

(l)

Tacaíocht Ráta Úis: socrú idir rialtas agus bainc nó institiúidí airgeadais eile lena bhféadtar maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthar ar ráta seasta atá ag leibhéal an CIRR, nó os a chionn.

(m)

Líne Chreidmheasa: creat, i gcibé foirm, le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdaíonn sraith idirbheart a d’fhéadfadh a bheith nasctha le togra sainiúil, nó a bhféadfadh sé nach ann do nasc le togra sainiúil.

(n)

Costais Áitiúla: caiteachas ar earraí agus seirbhísí i dtír an cheannaitheora atá riachtanach chun conradh an onnmhaireora a fhorghníomhú nó chun an tionscadal a bhfuil conradh an onnmhaireora mar chuid de a thabhairt chun críche. Eisiatar leis seo aon choimisiún is iníoctha le gníomhaire an onnmhaireora sa tír cheannaigh.

(o)

Idirbheart Tagarmhairc Margaidh: idirbheart a bhaineann le hoibleagáideoirí/ráthóirí deiridh i dtíortha Chatagóir 0, tíortha Ard-Ioncaim de ECFE agus tíortha Ard-Ioncaim i Limistéar an Euro.

(p)

Préimh Íosta Achtúireach: is é sin an meánráta mainneachtana bliantúlaithe (a dhíorthaítear ó rátaí mainneachtana carnacha arna bhfoilsiú ag na príomh-CRAnna Creidiúnaithe) le haghaidh rátáil ar leith agus téarma iomlán (WAL an idirbhirt iomláin) arna choigeartú le caillteanas a thoimhdítear i ngeall ar mhainneachtain agus ar thoisc lódála costas de réir coinbhinsiún arna gcomhaontú ag na Rannpháirtithe.

(q)

Banna lena mbaineann Ainm Sonrach nó CDS: tá Banna lena mbaineann Ainm Sonrach nó CDS teoranta do na hionstraimí tagarmhairc margaidh sin ar leis an oibleagáideoir/ráthóir iad arb é sin an t-oibleagáideoir/ráthóir atá comhionann go beacht leis an oibleagáideoir/ráthóir san idirbheart arna thacú.

(r)

Cumhdach Foirfe: tacaíocht oifigiúil arna soláthar ag rialtas, nó thar ceann rialtais, trí bhíthin ráthaíocht creidmheasa onnmhairiúcháin, nó trí árachas amháin, i.e. nach dtairbhíonn de thacaíocht maoiniúcháin oifigiúil.

(s)

Eintiteas Gaolmhar: Is éard is tagairtí d’Eintiteas Gaolmhar ann ionstraimí tagarmhairc d’iasachtaí ghaolmhair seachas an t-iasachtaí arb é sin an t-iasachtaí atá comhionann go beacht leis an iasachtaí san idirbheart arna thacú. Sa chás nach mbeidh aon bhannaí luaite ná aon CDS ag an oibleagáideoir, agus gur ann laistigh de struchtúr eagraíochtúil an oibleagáideora do mháthairchuideachta, fochuideachta nó comhchuideachta ag a bhfuil Bannaí lena mbaineann Ainm Sonrach nó CDSanna gan íoc sa mhargadh, mar sin i ndáil le hAirteagal 21(c), féadfar na Bannaí sin lena mbaineann Ainm Sonach nó na CDSanna sin a úsáid amhail is gurb é an t-oibleagáideoir féin a d’eisigh iad más rud é gurb amhlaidh:

(1)

Go bhfuil an rátáil eisitheora CRA chéanna ag mháthairchuideachta, fochuideachta nó comhchuideachta agus atá ag an oibleagáideoir/ráthóir; nó

2.

Go gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

i.

Comhfhreagraíonn rátáil inmheánach an Rannpháirtí ar an oibleagáideoir/ráthóir do rátáil CRA an eintitis ghaolmhair.

ii.

Gurb é an t-oibleagáideoir/ráthóir príomhchuideachta oibriúcháin na máthairchuideachta/an ghabháltais, ar príomhpháirt é atá ina dhlúthchuid de ghnó an ghrúpa.

iii.

Go bhfuil an rátáil CRA bunaithe ar phríomhghnó an ghrúpa.

iv.

Go soláthraíonn an t-oibleagáideoir/ráthóir cuid shuntasach de thuilleamh an ghrúpa trí chuid de phríomhtháirgí/sheirbhísí an ghrúpa a sholáthar do phríomhchliaint nó toisc gur leis cion mór de shócmhainní na máthairchuideachta, ar sócmhainní a bhíonn á n-oibriú ag an oibleagáideoir/ráthóir freisin.

v.

Go bhfuil sé an-deacair a shamhlú go ndíolfadh an grúpa an t-oibleagáideoir/ráthóir, agus dá ndéanfaí an diúscairt sin, go ndéanfaí athrú suntasach ar chruth foriomlán an ghrúpa.

vi.

Go mbeadh mainneachtain an oibleagáideora/ráthóra ina riosca mór don ghrúpa ó thaobh clú de, go ndéanfaí damáiste dá shaincheadúnas dá thoradh sin agus go bhféadfadh an mhainneachtain sin a bheith ina bagairt dá inmharthanacht.

vii.

Gur ann d’ardleibhéal de chomhtháthú oibriúcháin agus bainistíochta i gcás inarb í an mháthairchuideachta nó fochuideachta airgeadais a sholáthraíonn caipiteal agus maoiniú go hiondúil via iasachtaí idir cuideachtaí agus i gcás nach ann do cheist faoi thacaíocht na máthairchuideachta.

(t)

Téarma Aisíocaíochta: an tréimhse dar tús túsphointe an chreidmheasa, arna shainmhíniú san Iarscríbhinn seo, agus dar críoch dáta conarthach na haisíocaíochta deiridh den bhunairgead.

(u)

Túsphointe an Chreidmheasa:

(1)

Páirteanna nó comhpháirteanna (earraí idirmheánacha), lena n-áirítear na seirbhísí gaolmhara: i gcás codanna nó comhchodanna, ní bheidh túsphointe an chreidmheasa níos déanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí (lena n-áirítear seirbhísí, más infheidhme) nó, i gcás seirbhísí, an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis na seirbhísí.

2.

Earraí cuasachaipitiúla, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara — innealra nó trealamh, a bhfuil luach aonaid sách íseal acu de ghnáth, agus atá beartaithe lena n-úsáid i bpróiseas tionsclaíochta nó chun úsáide táirgíochta nó tráchtála: i gcás earraí cuasachaipitiúla, ní bheidh túsphointe an chreidmheasa níos déanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó, má tá freagrachtaí i dtaca leis an gcoimisiúnú ar an onnmhaireoir, ansin is ag tráth an choimisiúnaithe a bheidh an túsphointe is deireanaí, nó i gcás seirbhísí, an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

3.

Earraí caipitiúla agus seirbhísí tionscadail - innealra nó trealamh, a bhfuil luach ard acu, agus atá beartaithe lena n-úsáid i bpróiseas tionsclaíochta nó chun úsáide táirgíochta nó tráchtála:

I gcás conartha chun earraí caipitiúla atá comhdhéanta d’ítimí aonair is féidir a úsáid iad féin a dhíol, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí, nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí.

i gcás conartha chun trealamh caipitiúil a dhíol i gcomhair gléasraí nó monarchana críochnaithe agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an soláthróir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar an trealamh go léir (gan páirteanna spártha san áireamh) arna sholáthar faoin gconradh.

má bhíonn an t onnmhaireoir freagrach as an gcoimisiúnú, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

maidir le seirbhísí, is é an túsphointe is deireanaí don chreidmheas ná an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

4.

gléasraí nó monarchana críochnaithe – aonaid táirgíochta críochnaithe a bhfuil luach ard acu agus a gcaithfear earraí caipitiúla a úsáid ina leith:

i gcás conartha chun trealamh caipitiúil a dhíol i gcomhair gléasraí nó monarchana críochnaithe agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an soláthróir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a nglacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar an trealamh go léir (gan páirteanna spártha san áireamh) arna sholáthar faoin gconradh.

i gcás conarthaí foirgníochta agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an gconraitheoir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a mbeidh an foirgniú tugtha chun críche.

i gcás aon chonartha ina bhfuil freagracht chonarthach ar an soláthróir nó ar an gconraitheoir as an gcoimisiúnú, is é an túsphointe is deireanaí ná an dáta a mbeidh an tsuiteáil nó an foirgniú tugtha chun críche agus na réamhthástálacha déanta lena áirithiú go bhfuil an tsuiteáil nó an foirgniú sin réidh le cur i mbun oibríochta. Beidh feidhm aige seo is cuma má bhíonn an tsuiteáil nó an foirgniú tugtha ar láimh do cheannaitheoir ag an tráth sin, nó nach mbíonn, i gcomhréir le téarmaí an chonartha agus beag beann ar aon cheangaltas leanúnach a d’fhéadfadh a bheith ar an soláthróir nó ar an gconraitheoir e.g. ráthaíocht a thabhairt i dtaobh feidhmíochta éifeachtaí nó pearsanra áitiúil a oiliúint.

Más rud é go mbíonn forghníomhú ar leithligh de chodanna aonair de thionscadal i gceist leis an gconradh, is é dáta an túsphointe is deireanaí ná dáta an túsphointe do gach cuid ar leithligh, nó meándáta na dtúsphointí sin, nó, sa chás gur conradh do chuid lárnach den togra atá ag an soláthróir agus nach conradh don tionscadal ina iomláine, féadfar gurb é an túsphointe an dáta sin a bheidh iomchuí don tionscadal ina iomláine.

Maidir le seirbhísí, is é an túsphointe is deireanaí don chreidmheas ná an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gcliant nó a nglacann an cliant leis an tseirbhís. I gcás conartha maidir le seirbhísí a sholáthar agus freagracht ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é tráth an choimisiúnaithe an túsphointe is deireanaí.

v)

Cabhair Cheangailte: cabhair atá ceangailte go héifeachtach (le dlí nó le gníomh) le soláthar earraí agus/nó seirbhísí ón tír bhronntach agus/nó ó líon teoranta tíortha; áirítear leis seo iasachtaí, deontais nó pacáistí maoiniúcháin comhlachaithe ag a bhfuil leibhéal lamháltais is mó ná náid faoin gcéad.

Tá feidhm ag an sainmhíniú seo cibé a dhéantar nó nach ndéantar an ‘ceangal’ le comhaontú foirmiúil nó le haon chineál tuisceana neamhfhoirmiúla idir an faighteoir agus an tír bhronntach, nó cibé a áirítear nó nach n-áirítear sa phacáiste comhchodanna de na foirmeacha a leagtar amach in Airteagal 30 den Socrú agus nach bhfuil ar fáil go saoráideach agus go hiomlán chun maoiniúchán a dhéanamh ar sholáthar ó thír fála, ó mhórán gach tír eile atá i mbéal forbartha agus ó na Rannpháirtithe, nó go mbíonn cleachtais i gceist leis a mheasann DAC nó na Rannpháirtithe a bheidh coibhéiseach leis an gceangal sin.

w)

Cabhair Neamhcheangailte: cabhair lena n-áirítear iasachtaí nó deontais agus a bhfuil fáltais na n-iasachtaí nó na ndeontas sin ar fáil go hiomlán agus go saoráideach chun maoiniú a dhéanamh ar sholáthar ó aon tír.

x)

Meánré Ualaithe na Tréimhse Aisíocaíochta: an t-achar a ghlacann sé leath de bhunairgead creidmheasa a íoc ar ais. Déantar é seo a ríomh mar shuim ama (i mblianta) idir túsphointe an chreidmheasa agus gach aisíocaíocht den bhunairgead arna ualú leis an gcion den bhunairgead a íoctar ar ais ag gach dáta aisíocaíochta.


(1)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.

(2)  Mar a shainíonn an Banc Domhanda iad, ar bhonn bliantúil de réir OIN per capita.

(3)  Chun críocha an tSocraithe, cuimsíonn an téarma ‘gléasra cumhachta’ gléasraí fuinnimh iomlána, nó codanna díobh, lena n-áirítear na comhpháirteanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí uile (lena n-áirítear oiliúint an phearsanra) a theastaíonn go díreach chun gléasraí den chineál sin a thógáil agus a choimisiúnú. Ní áirítear leis seo míreanna as a mbíonn an custaiméir freagrach de ghnáth, go háirithe costais a bhaineann le forbairt talún, bóithre, sráidbhailte foirgníochta, línte cumhachta, agus lasc-chlós agus soláthar uisce atá suite lasmuigh de theorainn shuíomh an ghléasra cumhachta, chomh maith le costais a eascraíonn i dtír an cheannaitheora as nósanna imeachta faofa oifigiúla (e.g. ceadanna suímh, cead foirgníochta, ceadanna lánluchtaithe).

(4)  Stádas tíre maidir leis na nithe seo a leanas: (1) cé acu is Tír Ardioncaim (mar a shainíonn an Banc Domhanda ar bhonn bliantúil de réir OIN per capita) atá inti nó nach ea, (2) ballraíocht in ECFE agus (3) cé acu atá sí ina ball de Limistéar an Euro nó nach bhfuil. Ainmniúchán tíre de réir Airteagal 21 c) mar Thír Ardioncaim ECFE nó mar Thír Ardioncaim i Limistéar an Euro chomh maith le baint ainmniúcháin den sórt sin; ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin i ndiaidh d’aicmiúchán ioncaim na tíre (Ardioncam nó aicmiúchán eile) fanacht gan athrú go ceann 2 bhliain as a chéile. Aon athrú ar ainmniúchán tíre mar Thír Ardioncaim ECFE nó mar Thír Ardioncaim i Limistéar an Euro chomh maith le baint ainmniúcháin den sórt sin a bhaineann le hathrú ar bhallraíocht EFCE nó le bheith ina ball de Limistéar an Euro, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach tráth an athbhreithnithe bhliantúil ar stádas na dtíortha.

(5)  An measúnú ar cé acu a bhíonn nó nach mbíonn Institiúid Iltaobhach nó Réigiúnach díolmhaithe go hiondúil ó rialacháin um rialú agus aistriú airgeadaíochta na tíre ina mbíonn sí suite, déanfar í ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Coinneoidh na Rannpháirtithe ar bun liosta de na hinstitiúidí a mheastar go gcomhlíonann siad na critéir agus, dá bhrí sin, atá faoi réir na bpréimhrátaí le haghaidh Idirbhearta Tagarmhairc Margaidh.

(6)  Chun cáiliú mar idirbheart de bhun sócmhainní, ní mór leas urrúis céadtosaíochta a bheith ann ar an tsócmhainn arna maoiniú; agus, i gcás struchtúr léasa, sannachán agus/nó leas urrúis céadtosaíochta i ndáil leis na híocaíochtaí léasa.

(7)  Chun cáiliú mar idirbheart maoinithe tionscadail, ní mór go mbeadh onnmhairiú earraí nó seirbhísí i gceist leis an idirbheart chuig cuideachta tionscadail neamhspleách (go dlíthiúil agus go heacnamaíoch), idirbheart (1) ina measann an t-iasachtóir gurb iad sreafaí airgid agus tuilleamh na cuideachta tionscadail an fhoinse cistí trína n-aisíocfar iasacht, agus (2) ina measann an t-iasachtóir gur comhthaobhach iad sócmhainní na cuideachta tionscadail don iasacht.

(8)  Féadfar an cion seo den chritéar 25 %a chomhlíonadh i gcás ina n-áirítear le cion íocaíochta neamhairgid d’idirbheart lena mbaineann banc aonair a fhaigheann cumhdach CIE cion neamhchumhdaithe 25 %ar a laghad. Ní mór d’idirbhearta den sórt sin gach critéar eile d’fhomhír 1 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na forálacha pari passu leis an bhfleasc seo.

(9)  I gcás ina rátálann níos mó ná aon CRA Creidiúnaithe amháin an t-oibleagáideoir/ráthóir, is í an rátáil CRA an rátáil airgeadra eachtraigh is fearr dá bhfuil ar fáil ar bhonn neamhurraithe sinsearach le haghaidh an oibleagáideora (nó an ráthóra). Tiomsóidh agus coinneoidh an Rúnaíocht liosta ar bun de CRAnna creidiúnaithe den sórt sin.

(10)  Sa chás nach bhfuil rátáil ag eintiteas praghsála margaidh Ainm-Shonrach ábhartha ó CRA Creidiúnaithe, measfar ansin go mbeidh an phraghsáil margaidh dá thoradh faoi bhun an ráta chomhfhreagraigh TCMB agus faoi réir réamhfhógra i gcomhréir le hAirteagal 44.

(11)  Na préimhrátaí a mhuirearaítear ar idirbhearta le ráthaíocht tríú páirtí arna soláthar ag oibleagáideoir i dtír de Chatagóir 0, i dTír Ardioncaim ECFE, i dTír Ardioncaim i Limistéar an Euro, nó ag institiúid iltaobhach nó réigiúnach a mheastar go gcomhlíonann sí na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, tá siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 21 c).

(12)  I gcás ráthaíocht tríú páirtí, ní mór gaol a bheith ag an aicmiúchán riosca tíre agus ag an gcatagóir riosca ceannaitheora is infheidhme leis an eintiteas céanna, i.e. an t-oibleagáideoir nó an ráthóir.

(13)  Chun críoch riaracháin, ní fhéadfar aicmiúchán a dhéanamh ar roinnt tíortha atá incháilithe le bheith aicmithe i gceann amháin de na hocht gCatagóir Riosca Tíre mura bhfaigheann siad go hiondúil creidmheasanna onnmhairiúcháin ag a bhfuil tacaíocht oifigiúil. I gcás tíortha neamhaicmithe den sórt sin, beidh saoirse ag Rannpháirtithe an t-aicmiúchán riosca tíre a mheasann siad a bheith iomchuí a chur i bhfeidhm.

(14)  Ba cheart a thuiscint leis na rialacha a bhaineann le haicmiúchán ceannaitheoirí go n-ordaítear leo an t-aicmiúchán is fabhraí is féidir a chur i bhfeidhm, e.g. féadfar ceannaitheoir flaithiúnais a aicmiú in aicmiúchán riosca ceannaitheora níos neamhfhabhraí.

(15)  Tá MPRanna atá bainteach le catagóir riosca Níos Fearr ná Ceannaitheoir Flaithiúnais (SOV+) 10 %níos ísle ná MPRanna atá bainteach leis an gcatagóir riosca Ceannaitheoir Flaithiúnais (CC0).

(16)  I gcás ina bhfaigheann iasachtóir neamhfhlaithiúnais rátáil ó níos mó ná CRA creidiúnaithe amháin, ní bheidh fógra de dhíth ach amháin i gcás ina mbíonn an rátáil riosca ceannaitheora níos fabhraí ná an rátáil is fabhraí de na rátálacha CRA.

(17)  Ar bhonn athbhreithniú bliantúil ag an mBanc Domhanda ar aicmiúchán na dtíortha, bainfear úsáid as tairseach per capita Oll-Ioncaim Náisiúnta (OIN) chun críche incháilitheacht na cabhrach ceangailte; tá an tairseach sin ar fáil ar shuíomh gréasáin ECFE (https://www.oecd.org/trade/topics/export-credits/arrangement-and-sector-understandings/financing-terms-and-conditions/).

(18)  Agus rialacha nua CIRR comhaontaithe, tá ríomh RLD de réir an chur chuige dá bhforáiltear in Airteagal 36(a) sealadach go dtí go mbeidh tuilleadh plé ag na Rannpháirtithe ina leith.

(19)  I gcás gléasra a bhreoslaítear le gás nádúrtha, tá coinne leis go mbainfear déine carbóin amach a bheidh cuid mhaith níos ísle.

(20)  An éifeachtúlacht tiontaithe fuinnimh ag coire (nó gineadóir gaile) = (Glanmhéid teasa arna onnmhairiú ag an ngail/teas/nó luach calrach [LHV] arna sholáthar ag an teas) (× 100 %).

(21)  Éifeachtúlacht an ghásdéantóra = (Luach calrach an gháis in aghaidh kg de bhreosla a úsáidtear/meán-ghlanluach calrach (LHV) de 1 kg de bhreosla) (× 100 %).

(22)  An Ceathrú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide: An tAthrú Aeráide, 2007, http://www.ipcc.ch/publications_and_data/ar4/wg3/en/ch4s4-3-5.html.

(23)  Éifeachtúlacht iomlán an chórais (

Image 1
o) ag córas CHP, sin é suim an ghlanaschuir cumhachta úsáidigh (WE) agus na nglanaschur teirmeach úsáideach (ΣQTH) arna roinnt ar ionchur iomlán an bhreosla(QFUEL), mar a thaispeántar thíos:

Image 2

(24)  Tar éis an 30 Meitheamh 2024, scoirfear den chineál sin tionscadail mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt. Ag an am céanna, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo.

(25)  Déanfar soithí a eisiamh ón gcineál tionscadail sin ó 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt.

(26)  Is iad seo a leanas cineálacha sonracha na gcóras iompair ar rianta atá incháilithe do thacaíocht de réir théarmaí agus choinníollacha na Foscríbhinne seo: 1) Aon chineál córais iompair iarnróid. 2) Córais iompair busanna tralaí. 3) Córais iompair carranna cábla. Córais iompair carranna cábla atá bainteach le gníomhaíochtaí fóillíochta mar shampla an sciáil, níl siad incháilithe do thacaíocht faoin bhFoscríbhinn seo.

(27)  Liosta léiritheach don bhonneagar gaolmhar: córais rialúcháin (comharthaíocht agus TF eile), leictriú, rianta, sreanga agus cáblaí lastuas, piolóin, bonneagar luchtaithe ceallraí, bonneagar athbhreoslaithe hidrigine, agus obair thógála lena mbaineann.

(28)  Tar éis an 30 Meitheamh 2024, scoirfear den aicme tionscadail sin mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt. Ag an am céanna, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo. Féadfaidh Rannpháirtí togra a thíolacadh faoin Aicme Tionscadail sin go dtí an 30 Meitheamh 2025, ar choinníoll go dtabharfaidh an Rannpháirtí fógra do na Rannpháirtithe eile faoin 30 Meitheamh 2024 go bhfuil siad ag ullmhú chun togra sonrach a thabhairt chun cinn.

(29)  I gcásanna, áfach, inarb ionann ceannaitheoir an lasc-chlóis agus ceannaitheoir an ghléasra cumhachta, agus go dtugtar an conradh i gcrích i ndáil leis an lasc-chlós bunaidh don ghléasra cumhachta sin, ní bheidh na téarmaí agus na coinníollacha don lasc-chlós bunaidh níos flaithiúla ná na cinn don ghléasra cumhachta núicléiche.

(30)  Níl feidhm ag an gceanglas tuairiscithe aisíocaíochta leathbhliantúla ex-ante maidir le hidirbhearta aerárthaí beaga le mbaineann méid maoinithe iomlán níos lú ná USD 5 mhilliún (i.e., idirbhearta de minimis).

(31)  Soláthrófar míniú nuair is mó rátáil riosca bheartaithe an cheannaitheora/iasachtaí ná rátáil riosca an óstaigh cheannasaigh.

(32)  I gcás idirbhearta ar lú luach an chonartha onnmhairiúcháin ná USD 5 mhilliún, mura bhfuil an Rannpháirtí ag iarraidh an nós imeachta um aicmiú riosca a leagtar amach in Airteagail 6 go 8 den Fhoscríbhinn seo a leanúint, cuirfidh sé an t-aicmiú riosca ‘8’ i bhfeidhm don cheannaitheoir/iasachtaí atá mar ábhar an idirbhirt agus tabharfaidh sé fógra faoin idirbheart i gcomhréir le hAirteagal 24 a) den Tuiscint Earnála seo.

(33)  Maidir le hidirbhearta lena mbaineann luach conarthach onnmhairiúcháin níos lú ná USD 5 mhilliún, beidh feidhm ag tréimhse 5 lá oibre.

(34)  In éineacht le faisnéis maidir le haon rannpháirtíocht (arna soláthar agus urraim chuí á tabhairt do dhualgais maidir leis an rúndacht).

(35)  In éineacht le faisnéis maidir le haon rannpháirtíocht (arna soláthar agus urraim chuí á tabhairt do dhualgais maidir leis an rúndacht).

(36)  Chun críocha an cheistneora sin is é an ‘Stát’ an tír a bhfuiltear ag beartú í a chur le Liosta Choinbhinsiún Cape Town faoi Fhoscríbhinn II, Roinn 2 II de ASU. I gcás inarb iomchuí, freagrófar na ceisteanna sin freisin i leith dhlíthe ‘aonad críche’ áirithe an Stáit ina bhfuil an t-oibreoir ábhartha aerárthaigh [nó comhlacht ábhartha eile mar a leagtar amach in Airteagal 35 (b) Foscríbhinn II] lonnaithe agus léifear ‘dlí náisiúnta’ amhail is go n-áirítear ann tagairt don dlí áitiúil ábhartha.

(37)  Chun críocha an cheistneora seo, tagraíonn ‘dlí náisiúnta’ do reachtaíocht náisiúnta uile Stáit, lena n-áirítear an Bunreacht agus Leasuithe air, aon dlí nó rialachán feidearálach, stáit agus ceantair, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin.

(38)  Mar shampla, go mbeidh (i) forlámhas ag conarthaí ar dhlíthe eile mar ábhar dlí bhunreachtúil nó creat dlí chomhchosúil i Stát X, nó (ii) go gceanglaítear reachtaíocht i Stát X, agus gur achtaíodh í agus tosaíocht Chonradh Cape Town á leagan amach go sainráite agus/nó reachtaíocht lena gcuirtear in ionad dlí eile den sórt sin í, nó (iii) maidir le Conradh Cape Town nó lena reachtaíocht cur chun feidhme (a) go bhfuil sé níos sonraí ná dlí eile (lex specialis derogat legi generali), agus/nó (b) go bhfuil sé níos déanaí ó thaobh ama de ná dlí eile den sórt sin (lex posterior derogat legi priori), agus de thoradh (a) agus/nó (b) go bhfuil forlámhas ag an gConradh nó ag an reachtaíocht sin ar dhlíthe eile den sórt sin.

(39)  Mar shampla, an bhfuil aon chúis ann maidir leis na cearta agus leis na leigheasanna arna ndeonú do chreidiúnaithe faoin gCoinbhinsiún, lena n-áirítear na cearta agus leigheasanna sin a dheonaítear faoi QDanna, nach amhlaidh ina leith (a) go n-aithneofaí iad mar chearta agus leigheasanna éifeachtacha nó (b) nach mbeidís leordhóthanach ina n-aonar, chun feidhmiú bailí na gceart agus na leigheasanna sin sa Stát a chumasú?

(40)  Sampla de ghníomhaíocht riaracháin chun críocha na ceiste de b’fhéidir ab ea teip an Stáit aon nós imeachta nó acmhainn a chur i bhfeidhm chun éifeacht a thabhairt d’fhoráil den Choinbhinsiún nó do Dhearbhú Cáilitheach. Sampla eile ab ea teip Stáit nósanna imeachta cearta a chur i bhfeidhm ina gclárlann aerárthaí chun IDERAnna a thaifeadadh.

(41)  Áirigh i d’anailís aon fhasach/chinneadh a bhaineann le haithint chearta na gcreidiúnaithe, lena n-áirítear ECAnna, i gcás inarb ábhartha.

(42)  Tuigtear, agus iad ag babhtáil ó iasacht ráta chomhlúthaigh atá bunaithe ar LIBOR go hiasacht ráta babhtála atá bunaithe faoi SOFR, go gcuirfear an raon difríochta arna choigeartú de réir Chuar Libor Basis SOFR, bunaithe ar mheánré ualaithe agus airgeadra na hiasachta, leis an ráta babhtála. (Le haghaidh USD ar Bloomberg tá Cuar Libor Basis SOFR le fáil ar leathanach IRSB46)

(43)  Bunaithe ar an gCoigeartú Creidmheasa Stairiúil a d’fhoilsigh Bloomberg an 5 Márta 2021 le haghaidh Innéacs USD 3 mhí YUS0003M ag 0.26161

(*1)   Sonraigh an líon iolraithe de USD 300 milliún atá os cionn USD 2 000 milliún.

(*2)   Sonraigh an líon iolraithe de 40 milliún CTS atá os cionn 280 milliún CTS, e.g. dhéanfaí 410 milliún CTS a fhógairt mar Chatagóir XV + 3.

(*3)   Sonraigh an líon iolraithe de 40 milliún CTS atá os cionn 280 milliún CTS, e.g. dhéanfaí 410 milliún CTS a fhógairt mar Chatagóir XV + 3.

(44)  Is iondúil gur riosca don bhanc ceannais nó don Aireacht Airgeadais a bheadh sa riosca sin. I gcás eintitis rialtais láir seachas an aireacht airgeadais, déanfar dícheall cuí chun a dhearbhú go dtiomnaíonn an t-eintiteas iontaoibh agus creidmheas iomlán an fhlaithiúnais.

(45)  Maidir le hIdirbhearta Tagarmhairc Margaidh, ní fhéadfaidh an préimhráta a eascróidh as cur i bhfeidhm na bhfeabhsuithe creidmheasa ar an riosca ceannaitheora a bheith níos ísle ná an Préimhráta Íosta Achtúireach is infheidhme.

(46)  An Mhinicíocht Aisíocaíochta le haghaidh aisíocaíocht bhliantúil = 1, le haghaidh aisíocaíochtaí leathbhliantúla = 0.5 agus le haghaidh aisíocaíochtaí ráithiúla = 0.25.

(47)  tli = dáta íocaíochta an ist tráthchuid; tsp = dáta an túsphointe; Dli = an suim a íocadh ag an ist trathchuid.

(48)  Tar éis scor Libor, chomhaontaigh na Rannpháirtithe an 30 Nollaig 2022 corrlach sealadach 100 bonnphointe a chur chun feidhme le haghaidh na n-airgeadraí uile ar feadh bliain amháin ó chur chun feidhme rialacha nua CIRR (i.e. go dtí an 14 Iúil 2024) nó go dtí go bhféadfaidh rannpháirtithe teacht ar chomhaontú maidir le rogha mhalartach.

(49)  Má athshocraítear an CIRR, athshocraítear an comhaireamh ar nialas le haghaidh líon na míonna.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2738/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top