EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2715

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2715 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint Huîtres Marennes Oléron

C/2023/8318

IO L, 2023/2715, 5.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2715/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2715/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2715

5.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2715 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2023

lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Huîtres Marennes Oléron’

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leanfaidh na rialacha is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021 d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge a gheobhaidh an Coimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh an 8 Meitheamh 2022.

(2)

An 26 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún iarratas ón bhFrainc ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Huîtres Marennes Oléron’, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 98/2009 ón gCoimisiún (3).

(3)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar iarratas na Frainc i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021.

(4)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, de réir mar is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(5)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Huîtres Marennes Oléron’, is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 98/2009 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2009 lena n-iontráiltear ainmneacha áirithe sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Aceite de La Alcarria (STFC), Radicchio di Verona (TGFC), Zafferano di Sardegna (STFC), Huîtres Marennes Oléron (TGFC)] (IO L 33, 3.2.2009, lch. 8).

(4)   IO C 287, 16.8.2023, lch. 12.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2715/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top