This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2642
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2642 of 17 November 2023 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (Sel de l’Île de Ré / Fleur de sel de l’Île de Ré (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2642 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Sel de l’Île de Ré/Fleur de sel de l’Ile de Ré (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2642 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Sel de l’Île de Ré/Fleur de sel de l’Ile de Ré (TGFC))
C/2023/8014
IO L, 2023/2642, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2642/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2642 |
24.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2642 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Samhain 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Sel de l’Île de Ré’/‘Fleur de sel de l’Ile de Ré’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Fhrainc ar chlárú an ainm ‘Sel de l’Île de Ré’/‘Fleur de sel de l’Île de Ré’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Sel de l’Île de Ré’/‘Fleur de sel de l’Île de Ré’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Sel de l’Île de Ré’/‘Fleur de sel de l’Île de Ré’ (TGFC) cláraithe anois.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 2.6. faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 280, 9.8.2023, lch. 8.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2642/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)