Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2573

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2573 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    ST/14859/2023/INIT

    IO L, 2023/2573, 14.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2573/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2573/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2573

    14.11.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2573 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Samhain 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 16(3) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309.

    (2)

    An 20 Deireadh Fómhair 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 a nuashonrú.

    (3)

    Ba cheart dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1:

    ‘1.

    Bhí Jimmy CHERIZIER (ar a dtugtar freisin ‘Barbeque’) ag gabháil do ghníomhartha a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol agus rinne sé gníomhartha a phleanáil, a stiúradh, nó a dhéanamh ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad. Tá Jimmy Cherizier ar na ceannairí droinge is mó tionchar i Háítí agus is é atá i gceannas ar chomhghuaillíocht de dhronga Háítí ar a dtugtar ‘G9 Family and Allies’ (‘Teaghlaigh agus Comhghuaillithe G9’].

    Feidhm: Iar-Phóilín

    Dáta breithe: 30 Márta 1977

    Áit bhreithe: Port-au-Prince, Háítí

    Náisiúntacht: Ó Háítí

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 001-843-989-7 (NIF – Háítí)

    Seoladh: 16, Imp Manius, Delmas 40 B, Port-au-Prince, Háítí

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 21 Deireadh Fómhair 2022

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    Agus é ar seirbhís mar oifigeach i bPóilíní Náisiúnta Háítí, rinne Cherizier an t-ionsaí marfach i mí na Samhna 2018 ar shibhialtaigh i gcomharsanacht in Port-au-Prince ar a dtugtar La Saline, a phleanáil agus ghlac sé páirt ann. Le linn an ionsaithe seo maraíodh ar a laghad 71 duine, scriosadh os cionn 400 teach agus rinne dronga armtha éigniú ar sheachtar ban ar a laghad. Le linn 2018 agus 2019, bhí Cherizier i gceannas ar ghrúpaí armtha in ionsaithe comhordaithe brúidiúla i gcomharsanachtaí Port-au-Prince. I mí na Bealtaine 2020, bhí Cherizier i gceannas ar dhronga armtha in ionsaí 5 lá i gcomharsanachtaí éagsúla de chuid Port-au-Prince inar maraíodh sibhialtaigh agus inar cuireadh tithe trí thine. Ón 11 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh, tá Cherizier agus a chónaidhm de dhrong ‘Teaghlaigh agus Comhghuaillithe G9’ ag cur bac gníomhach ar shaorghluaiseacht breosla ó chríochfort breosla Varreux – an críochfort breosla is mó i Háítí. Chuir a chuid gníomhaíochtaí go díreach leis an bpairilís eacnamaíoch agus leis an ngéarchéim dhaonnúil i Háítí.’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2573/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top