Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2490

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2490 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2023 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2023/7538

    IO L, 2023/2490, 10.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2490/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2490/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2490

    10.11.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2490 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Deireadh Fómhair 2023

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú

    (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Scagaire malartaithe teasa agus taise (HMEF), ina bhfuil feireadh plaisteach atá feistithe le dhá nascóir 22 mm agus le nascóir ghlas Luer amháin. Tá ábhar scagtha déanta as snáithíní gloine san HMEF freisin. Tá toirt in-chomhbhrúite 65 ml agus 43 ghram meáchain ann.

    Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an earra:

    scagachán ard-éifeachtúlachta,

    éascaíocht análaithe mar gheall ar fhriotaíocht íseal aershreafa,

    cosc caillteanais teasa agus taise.

    Dearadh an t-earra lena ghléasadh ar nascóir aerbhealaigh othair (e.g. masc aghaidhe) ar thaobh amháin agus lena nascadh trí fheadáin leis an ngaireas ainéistéiseach nó leis an ngaireas riospráide saorga ar an taobh eile. Dearadh é lena úsáid i ndianchúram nó le linn ainéistéise, chun bac a chur ar ghluaiseacht víreas agus chun an t-aer a ionanálaíonn othar a théamh agus a thaisriú.

    (Féach an íomhá) (*1)

    9033 00 90

    Cinntear an t-aicmiú le Rialacha Ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 2 (c) a ghabhann le Caibidil 90 agus le foclaíocht na gcód AC 9033 00 agus 9033 00 90 .

    Cé go dtagann an táirge in ionad na bhfeidhmeanna sróine, toisc go bhfónann sé chun an t-aer ionanálaithe a thaisliú, a théamh agus a scagadh, eisiatar an t-aicmiú faoi cheannteideal 9021 toisc nach meastar gur gaireas é a chaitear nó a iompraítear, ná a ionchlannaítear sa chorp mar chúiteamh ar fhabht nó ar mhíchumas.

    Ní gaireas scagtha faoi cheannteideal 8421 é an táirge, toisc go sáraíonn a fheidhm téimh agus taisrithe raon feidhme an cheannteidil, ná gaireas ainéistéiseach faoi cheannteideal 9018 ná gaireas riospráide saorga faoi cheannteideal 9019 , toisc nach féidir é a úsáid go neamhspleách, mar ghaireas aonair.

    Is páirt inmhalartaithe é an táirge a dearadh chun an gaireas ainéistéiseach nó riospráide saorga lena bhfuil sé nasctha a oiriúnú, le haghaidh oibríocht ar leith, nó chun cur lena raon oibríochtaí, nó chun seirbhís ar leith a dhéanamh i gcoibhneas le príomhfheidhm an ghairis. Dá bhrí sin, meastar gur gabhálas é de ghaireas ainéistéiseach faoi cheannteideal 9018 , nó de ghaireas riospráide saorga faoi cheannteideal 9019 . (Féach freisin CBAE, Cás C-276/00, Turbon International GmbH, míreanna 12 agus 32 agus Cás C-152/10, Unomedical, míreanna 29-34)

    Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú i gcomhréir le Nóta 2 a ghabhann le Caibidil 90. Ós rud é nach earra é a áirítear faoi cheannteideal sonrach agus, thairis sin, nach bhfuil sé oiriúnach lena úsáid le cineál áirithe gairis nó le roinnt gaireas faoin gceannteideal céanna amháin nó go príomha, tá sé le haicmiú faoi cheannteideal 9033 , trí Nóta 2 (c) a ghabhann le Caibidil 90 a chur i bhfeidhm.

    Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú faoin gcód AC 9033 00 90 , mar ghabhálais eile (nach sonraítear ná áirítear in aon áit eile sa chaibidil sin) le haghaidh meaisíní, fearais, uirlisí, nó gairis atá faoi Chaibidil 90.

    Image 1


    (*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2490/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top