Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2389

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2389 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena gcinntear go bhfuil an fhaisnéis atá le malartú go huathoibríoch de bhun an chomhaontaithe atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i bhforálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle

    C/2023/6483

    IO L, 2023/2389, 6.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2389/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2389/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2389

    6.10.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2389 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Meán Fómhair 2023

    lena gcinntear go bhfuil an fhaisnéis atá le malartú go huathoibríoch de bhun an chomhaontaithe atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i bhforálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 8ac(7), an chéad fhomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Déantar foráil le hAirteagal 8ac(7), an chéad fhomhír de Threoir 2011/16/AE go bhfuil an Coimisiún, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, le cinneadh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis atá le malartú go huathoibríoch ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, faoi chomhaontú idir na húdaráis sin agus an dlínse sin, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha maidir leis an bhforáil sin de Threoir 2011/16/AE a chur chun feidhme.

    (2)

    An 16 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na Fionlainne le cinneadh cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear í a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontú idir údaráis inniúla an Bhallstáit sin agus an Ríocht Aontaithe leis na gníomhaíochtaí faoi raon feidhme Threoir 2011/16/AE agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sí coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na rialacha tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir sin.

    (3)

    Chun críocha an chinnidh, chuir údarás inniúil na Fionlainne na dréachtrialacháin ón Ríocht Aontaithe isteach mar a leagtar amach sna Rialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) (3) (‘na dréachtrialacháin’), a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024 agus i gComhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le malartú uathoibríoch faisnéise faoi ioncam a dhíorthaítear trí ardáin dhigiteacha (4) (‘DPI-MCAA’), atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe.

    (4)

    Leis na dréachtrialacháin cuirtear i bhfeidhm forálacha na Rialacha Samhla maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán 2020 i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta, ar rialacha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (5)iad, arna bhforlíonadh le Rialacha Samhlacha 2021 maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um dhíol earraí (6). Aon fhoclaíocht a shainmhínítear sna Rialacha Samhla ach nach sainmhínítear sna dréachtrialacháin, tá an bhrí chéanna léi sna dréachtrialacháin agus atá léi sna Rialacha Samhla.

    (5)

    Is creat dlíthiúil idirnáisiúnta é DPI-MCAA a d’fhorbair ECFE chun tacú leis an malartú uathoibríoch faisnéise bliantúil arna bhailiú faoi Rialacha Samhla ECFE ag dlínse chónaithe an oibreora ardán le dlínsí cónaithe na ndíoltóirí agus, i ndáil le hidirbhearta a bhaineann le réadmhaoin a fháil ar cíos, leis na dlínsí ina bhfuil an réadmhaoin sin lonnaithe, de réir mar a chinntear ar bhonn na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí.

    (6)

    Tá an Ríocht Aontaithe agus an Fhionlainn araon ina sínitheoirí DPI-MCAA ach chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, is gá an caidreamh malartaithe idir an dá pháirtí a ghníomhachtú i gcomhréir le Roinn 7 de DPI-MCAA.

    (7)

    I dtaca leis na sainmhínithe maidir leis an oibreoir ardán tuairiscithe a leagtar amach sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus de bhun Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir leis an malartú uathoibríoch faisnéise faoi ioncam a dhíorthaítear trí ardáin dhigiteacha (DPI-MCAA) atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chinn an Coimisiún, go bhfuil na siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(1) go A(4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (8)

    I dtaca leis na sainmhínithe maidir le díoltóirí intuairiscithe a leagtar amach sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus de bhun DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna B(1) go B(4), C(1) agus C(2), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (9)

    I dtaca leis na sainmhínithe maidir le gníomhaíocht ábhartha a leagtar amach sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus de bhun DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(8), A(10), A(11) agus C(9), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (10)

    I dtaca leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus de bhun DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE agus leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna C(3) go C(7), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (11)

    I dtaca leis na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar amach sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú agus de bhun DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar amach i Roinn III, fomhíreanna A(1), A(2), A(5), A(6) agus A(7) agus mír B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, agus leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna C(3) go C(8) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (12)

    I dtaca leis na rialacha agus na nósanna imeachta riaracháin a leagtar síos sna Dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus de bhun DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a áirithiú, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn IV, míreanna A go D d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

    (13)

    Dá bhrí sin, i dtaca leis an bhfaisnéis a cheanglaítear í a mhalartú go huathoibríoch idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe de bhun DPI-MCAA, ba cheart a mheas go bhfuil sí coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE. I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823, tá feidhm ag an gcinneadh coibhéise sin maidir leis an gcomhaontú céanna idir údaráis inniúla aon Bhallstáit eile agus an Ríocht Aontaithe.

    (14)

    Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh coibhéise sin ach amháin ar choinníoll go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe na dréachtrialacháin ina n-iomláine agus go gcuirfear DPI-MCAA i gcrích tríd an gcaidreamh malartaithe idir an Fhionlainn agus an Ríochta Aontaithe a ghníomhachtú i gcomhréir le Roinn 7 de DPI-MCAA.

    (15)

    Mar a cheanglaítear le hAirteagal 25(1) de Threoir 2011/16/AE, ba cheart gach malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad de bhun DPI-MCAA Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (7).

    (16)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (17)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um chomhar riaracháin maidir le cánachas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Coibhéis a chinneadh

    An fhaisnéis a cheanglaítear a mhalartú go huathoibríoch de bhun na nDréachtrialachán maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) agus DPI-MCAA atá le tabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe, tá sí coibhéiseach, de réir bhrí fhomhír A(7) de Roinn I d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

    Tá cinneadh na coibhéise faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (i)

    glacadh na Rialachán maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) sa leagan den téacs mar atá i láthair sna dréachtrialacháin maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) arna measúnú ag an gCoimisiún;

    (ii)

    tabhairt i gcrích DPI-MCAA idir údaráis inniúla na Fionlainne agus na Ríochta Aontaithe trí bhíthin an caidreamh malartaithe a ghníomhachtú i gcomhréir le Roinn 7 den chomhaontú sin.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis faisnéise a mheasúnú agus a chinneadh i gcomhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í (IO L 103, 18.4.2023, lch. 1).

    (3)   Rialachán maidir le hOibreoirí Ardán 2022 (Ceanglais maidir le Dícheall Cuí agus Tuairisciú) https://assets.publishing.service.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/1111803/Draft_The_Platform_Operators_Regulations_2022.pdf

    (4)  Tá DPI-MCAA ar fáil ar líne ag https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/model-reporting-rules-for-digital-platforms-international-exchange-framework-and-optional-module-for-sale-of-goods.pdf

    (5)  ECFE (2020), Rialacha Samhlacha maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta, ECFE, Páras. Ar fáil ar líne freisin ag https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/model-rules-for-reporting-by-platform-operators-with-respect-to-sellers-in-the-sharing-and-gig-economy.pdf

    (6)  ECFE (2021), Rialacha Samhla Tuairiscithe le haghaidh Ardáin Dhigiteacha: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um Dhíol Earraí, ECFE, Páras. Ar fáil ar líne ag https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/model-reporting-rules-for-digital-platforms-international-exchange-framework-and-optional-module-for-sale-of-goods.pdf

    (7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2389/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top