EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1779

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1779 ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/12623/2023/INIT

IO L 228I, 15.9.2023, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1779/oj

15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 228/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1779 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Meán Fómhair 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne agóideoirí a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Leis an dearbhú, sonraíodh freisin nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach agóideoir a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a dearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart ceathrar agus sé eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘234.

PARVAR Gholamhossein Gheib

Feidhm: Leas-Ardcheannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCeanncheathrú Lárnach Slándála Imam Ali

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Gholamhossein Gheib Parvar Leas-Ardcheannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCeanncheathrú Lárnach Slándála Imam Ali. Sa cháil sin ag Ceanncheathrú Lárnach Slándála Imam Ali, a bunaíodh chun agóidí móra a chur faoi chois, bhí sé freagrach as agóideoirí a mharú agus a chur faoi chois le linn agóidí ar fud na tíre i mí na Samhna 2019. Ina fheidhm roimhe seo, nuair a bhí sé ina cheann ar Basij Organisation [Eagraíocht Basij], bhí sé freagrach as marú agus cur faoi chois brúidiúil agóideoirí ag fórsaí faoina cheannas le linn na n-agóidí náisiúnta san Iaráin ó mhí na Nollag 2017 go mí Eanáir 2018.

Tá Gholamhossein Gheib Parvar freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

235.

SHAHRESTANI Hassan Mofakhami

حسن مفخمی شهرستانی

(ar a dtugtar freisin: MOFAKHAMI-SHAHRESTANI Hassan; MOFAKHAMISHAHRESRANI Hassan)

Feidhm: Ceannasaí na bPóilíní, Cúige Mazandaran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Hassan Mofakhami Shahrestani ceannasaí na bpóilíní i gCúige Mazandaran. Tá teist air le fada as feidhmeanna a bhaineann le hagóidí síochánta a chur faoi chois go foréigneach. I mí an Mheithimh 2023, d’ordaigh sé go sainráite do dhaoine muineál aon duine a bhriseadh nach raibh ag cloí leis an ngnás hijab a chaitheamh.

Tá Hassan Mofakhami Shahrestani freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

236.

HABIBI Roham Bakhsh

رهام بخش حبیبی

(ar a dtugtar freisin: HABIBI Roham-Bakhsh; HABIBI Rohambakhsh)

Feidhm: Ceannasaí na bPóilíní, Cúige Fars

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Roham Bakhsh Habibi ceannasaí na bpóilíní i gCúige Fars agus tá teist air a bhaineann le hagóidí síochánta a chur faoi chois go foréigneach. Ina cháil mar cheannasaí póilíneachta ar chúige Fars, tá sé freagrach as ollghabháil agóideoirí agus as úsáid arm marfach a ordú i gcoinne agóideoirí neamh-armtha sa chúige seo le linn agóidí ar fud na tíre i mí na Samhna 2019. Tuairiscítear gur chuir fórsaí faoina cheannas i gCúige Fars agóidí faoi chois go foréigneach i mí na Samhna 2019 agus gur mharaigh siad daoine.

Tá Roham Bakhsh Habibi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

237.

TAHAMI Seyyed Javad

سید جواد تهامی

(ar a dtugtar freisin: TAHAMI Seyed Javad)

(ar a dtugtar freisin: سید جواد تهامی)

Feidhm: Oifigeach príosúin Phriosún Fardis / Phríosún Kachui

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Seyyed Javad Tahami ceann Phríosún Kachui, ar a dtugtar freisin Príosún Fardis, agus, sa cháil sin, bíonn gach gníomhaíocht laistigh den phríosún á maoirsiú aige. Is institiúid é príosún Kachui atá faoi rialú ag Rannán Príosúin na mBreithiúna, agus a úsáidtear go minic chun príosúnaigh pholaitiúla a choinneáil faoi dhálaí neamhleora ina sáraítear a gcearta daonna. Ina theannta sin, deimhnítear san fhianaise gur cuireadh daoine chun báis laistigh den institiúid phionósach.

Tá Seyyed Javad Tahami freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023’

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘38.

Tasnim Cultural Institution Organization [Eagraíocht Institiúid Chultúrtha Tasnim]

(ar a dtugtar freisin: Tasnim News Agency)

خبرگزاری تسنیم

[Gníomhaireacht Nuachta Tasnim]

An cineál eintitis: Eagraíocht meán

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: an 30 Meitheamh, 2012

Is í Gníomhaireacht Nuachta Tasnim an eagraíocht meán is mó atá cleamhnaithe le Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) agus í ag feidhmiú ina meaisín bolscaireachta do réimeas na hIaráine a léiríonn a tuairisciú go minic tuairimí neamhghéilliúla de chuid na hIaráine. Tá an t-ionad nuachta freagrach as admhálacha bréagacha ó agóideoirí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus ar a chuntais ar na meáin shóisialta agus as pictiúir d'agóideoirí a phostáil ar na meáin shóisialta agus a iarraidh ar léitheoirí iad a shainaithint.

Tá Tasnim News [Nuacht Tasnim] freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

39.

Supreme Council of Cyberspace [Ardchomhairle an Chibearspáis] (SCC)

An cineál eintitis: Eintiteas Rialtais

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 2012

Tá Ardchomhairle an Chibearspáis (SCC) freagrach as srian a chur leis an rochtain ar an idirlíon ag pobal na hIaráine, ar an gcaoi sin, déantar agóidí a chosc nó a chur faoi chois agus an rochtain ar fhaisnéis oscailte saor in aisce a theorannú, ar an mbealach sin, sáraíonn SCC an tsaoirse tuairimí a bheith ag an duine gan cur isteach agus faisnéis agus smaointe a lorg, a fháil agus a thabhairt trí mheáin ar bith beag beann ar theorainneacha.

Tá SCC freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

40.

Sanandaj Central Prison [Príosún Lárnach Sanandaj]

زندان مرکزی سنندج

An cineál eintitis: Príosún

Áit chlárúcháin: Kordestan, iarthuaisceart na hIaráine

Is institiúid é Príosún Lárnach Sanandaj atá faoi rialú ag Rannán Príosúin na mBreithiúna a úsáidtear go minic chun príosúnaigh pholaitiúla a choinneáil, áit a choinnítear iad faoi dhálaí neamhleora ina sáraítear a gcearta daonna. Ina theannta sin, deimhnítear san fhianaise gur iomaí duine a cuireadh chun báis laistigh den institiúid phionósach.

Tá Príosún Lárnach Sanandaj freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

41.

Príosún Zahedan

زندان مرکزی زاهدان

An cineál eintitis: Príosún

Áit chlárúcháin: Zahedan, an Iaráin

Is institiúid é Príosún Zahedan atá faoi rialú ag Rannán Príosúin na mBreithiúna a úsáidtear go minic chun príosúnaigh pholaitiúla a choinneáil, áit a choinnítear iad faoi dhálaí neamhleora ina sáraítear a gcearta daonna. Ina theannta sin, deimhnítear san fhianaise gur cuireadh na sluaite daoine chun báis laistigh den institiúid phionósach.

Tá Príosún Zahedan freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

42.

Príosún Lárnach Isfahan

(ar a dtugtar freisin: Príosún Dastgerd; Príosún Isfahan; Príosún Esfahan; Príosún Isfahan)

An cineál eintitis: Príosún

Áit chlárúcháin: Isfahan, an Iaráin

Is institiúid é Príosún Lárnach Isfahan atá faoi rialú ag Rannán Príosúin na mBreithiúna a úsáidtear go minic chun príosúnaigh pholaitiúla a choinneáil, áit a choinnítear iad faoi dhálaí neamhleora ina sáraítear a gcearta daonna. Ina theannta sin, deimhnítear san fhianaise gur iomaí duine a cuireadh chun báis laistigh den institiúid phionósach.

Tá Príosún Lárnach Isfahan freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023

43.

Príosún Kachui

(ar a dtugtar freisin: Príosún Kachouii; Príosún Kechoui; Príosún Kachuyi; Príosún Fardis)

An cineál eintitis: Príosún

Áit chlárúcháin: Karaj, Cúige Alborz, an Iaráin

Is institiúid é príosún Kachui atá faoi rialú ag Rannán Príosúin na mBreithiúna, a úsáidtear go minic chun príosúnaigh pholaitiúla a choinneáil, áit a choinnítear iad faoi dhálaí neamhleora ina sáraítear a gcearta daonna. Ina theannta sin, deimhnítear san fhianaise gur cuireadh daoine chun báis laistigh den institiúid phionósach.

Tá Príosún Kachui freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

15.9.2023’


Top