This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1465
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1465 of 14 July 2023 providing for emergency financial support for the agricultural sectors affected by specific problems impacting on the economic viability of agricultural producers
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta
C/2023/4854
IO L 180, 17.7.2023, p. 21–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 180/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1465 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2023
lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá earnáil na talmhaíochta faoi bhrú mar gheall ar phaindéim COVID-19, a tionchar ar shlabhraí an tsoláthair bia, agus an sitheadh in airde i praghsanna fuinnimh agus in ionchur talmhaíochta ó bhí fómhar 2021 ann. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna ionchuir sna hearnálacha talmhaíochta uile. Tháinig méadú géar ar chostais fuinnimh agus leasacháin mar gheall ar na forbairtí geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha a bhí ann fiú sular cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rud a rinne an staid ní ba mheasa agus a raibh tionchar suntasach diúltach aige ar na hionchais mhargaidh. |
(2) |
Mar thoradh air sin, tháinig méadú suntasach ar an sciar de chostais fuinnimh agus leasacháin sa tomhaltas idirmheánach iomlán in 2022, agus tugadh an méadú is mó faoi deara i dtaca le barra páirce agus feirmeacha barra buana, mar gheall ar a neamhchosaint ar chostais leasacháin sa dá chás. Tá praghsanna leasacháin ag leibhéil stairiúla an-ard go fóill. Tugtar le fios sna sonraí gur fhreagair na feirmeoirí tríd an úsáid a bhaineann siad as leasacháin a laghdú ach tá iarmhairtí diúltacha nach féidir a dhéanamh amach go cinnte fós ar tháirgeacht agus ar cháilíocht táirgí bia agus beatha ag baint leis sin go fóill. |
(3) |
I gcomhréir leis an mboilsciú ginearálta, tháinig méadú ar phraghsanna ionchur eile d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí i slabhra an tsoláthair bia amhail táirgí cosanta plandaí agus cóireálacha sláinte ainmhithe, innealra agus pacáistiú. |
(4) |
Tháinig méadú freisin ar phraghsanna táirgí talmhaíochta in 2022 i bhfianaise an téarnaimh ó phaindéim COVID-19 agus ar na hábhair imní faoi sholáthairtí domhanda leordhóthanacha i ndiaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Mar sin féin, ní raibh na praghsanna arda sin in ann na torthaí gnó a bhí ag dul in olcas mar gheall ar an méadú ar chostais ionchuir a chúiteamh in earnálacha áirithe amhail earnáil na déiríochta, earnáil an fhíona nó earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. |
(5) |
Tá laghdú suntasach ag teacht ar phraghsanna fhormhór na dtáirgí talmhaíochta amhail gránaigh, olashíolta, táirgí déiríochta nó fíon le déanaí. I mBallstáit agus réigiúin áirithe, d’éirigh an staid thar a bheith deacair de réir mar a tháinig meath ar an gcóimheas idir praghsanna ionchuir agus praghsanna táirgí talmhaíochta. |
(6) |
De dheasca na gcostas méadaithe do tháirgeoirí, tá ag géarú ar an ardú praghsanna do thomhaltóirí ar tháirgí bia ar fud an Aontais, rud a fhágann tionchar ó thaobh tomhaltóirí a bheith in acmhainn costas an bhia a sheasamh. Léirítear sna figiúirí is déanaí go bhfuil boilsciú ard nach bhfuil aon lagú air os cionn 15 % i bpraghsanna bia do thomhaltóirí ar fud an Aontais. Is beag nár shroich na luachanna 40 % i mBallstáit áirithe. Tá fianaise ann go ndéantar difear le praghsanna arda don leibhéal tomhaltais in earnálacha áirithe bia, amhail earnáil na feola, earnáil an fhíona nó earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. Tá tomhaltóirí ag aistriú an éilimh chuig bia nach bhfuil chomh costasach céanna agus ó bhia amhail bia orgánach, fíon agus bia lena ngabhann ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach ag athruithe éilimh den sórt sin ar infheistíocht a fhabhraíonn do tháirgeoirí. |
(7) |
In earnálacha feirmeoireachta áirithe agus i mBallstáit áirithe, is measa na deacrachtaí foriomlána eacnamaíocha mar gheall ar dhúshláin phráinneacha earnáilsonracha. |
(8) |
Rinne drochtheagmhais mheitéareolaíocha réigiúnacha eisceachtúla le déanaí amhail triomach (sa Spáinn, san Iodáil agus sa Phortaingéil) agus tuilte (san Iodáil) damáiste suntasach do tháirgeoirí talmhaíochta, rud a chuireann a n-inmharthanacht eacnamaíoch i mbaol. Cé go bhfuil tásca ann go dtarlaíonn teagmhais den sórt sin i gcomhthéacs foriomlán na rioscaí méadaitheacha don talmhaíocht de dheasca an athraithe aeráide, bhí déine na dteagmhas sin neamhghnách. |
(9) |
A mhéid a bhaineann le hearnáil na ngránach agus na n-olashíolta, tá na teagmhais adhaimsire a bhuail réigiúin éagsúla táirgthe san Aontas ag cur as go mór do bharra an earraigh agus an tsamhraidh, ó thaobh toirte agus cáilíochta de. Tá an earnáil sáinnithe le praghsanna laghdaitheacha. I gcomparáid leis an mbliain seo caite, tháinig laghdú thart ar 40 % ar phraghsanna gránach. Cruthaíonn sé sin fadhbanna d’fheirmeoirí ós rud é gur cheannaigh go leor acu ionchuir chostasacha le roinnt míonna agus anois tá siad sáinnithe le praghsanna margaidh ar a gcuid táirgí, praghsanna atá chomh híseal agus gur ar éigean is féidir leis na feirmeoirí a gcuid costas a ghlanadh, más féidir leo sin ar chor ar bith. Thairis sin, ní raibh roinnt feirmeoirí in ann a gcuid páirceanna a chur mar gheall ar na leibhéil ísle bogthaise ithreach agus ar na géarghanntanais uisce le haghaidh uisciúcháin, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht. Is amhlaidh atá i gcás na Seice, na Danmhairge, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na Cipire, na Laitvia, na hOstaire, na Portaingéile, na Slóivéine agus na Sualainne. |
(10) |
Mar thoradh ar an mboilsciú ard a dhéanann difear do thomhaltas, a meastar gur tháinig titim 10 % ar a laghad air, tá staid an mhargaidh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí an-deacair, rud atá níos measa fós de dheasca na gcostas ard fuinnimh. Is fachtóir costais tábhachtach é fuinneamh i dtáirgeadh tithe gloine agus sa lóistíocht iarbhuana. Mar thoradh air sin, tá brú ar tháirgeoirí go fóill maidir lena gcorrlaigh d’ainneoin an mhéadaithe ar phraghsanna talmhaíochta. Tá dúshláin chomhchosúla in earnáil na leannlusanna freisin. Déanann an staid sin difear do roinnt Ballstát, go háirithe don Bheilg, don tSeicia, don Ghearmáin, don Eastóin, d’Éirinn, don Ghréig, don Chróit, don Iodáil, don Chipir, don Laitvia, don Ísiltír, don tSlóivéin agus don Fhionlainn. |
(11) |
In earnáil na n-ainmhithe, is cúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí iad praghsanna arda beatha mar aon leis an bpraghas fuinnimh agus leis an mboilsciú ginearálta. D’ainneoin na leibhéal fabhrach foriomlán praghsanna do mhairteoil, do mhuiceoil agus d’éanlaith chlóis, tá fadhbanna ag táirgeoirí lena gcostais táirgthe a chlúdach. Tá siad sin níos suntasaí fós san earnáil déiríochta, ós rud é go bhfuil laghdú suntasach ag teacht ar phraghsanna ó bhí siad ag leibhéil nach raibh ann riamh roimhe seo ag deireadh 2022. Thairis sin, déanann na praghsanna do thomhaltóirí ar tháirgí bia difear d’éileamh tomhaltóirí ar tháirgí ardchaighdeáin, ar sciar mór d’ioncam na feirmeoirí iad. Tá dúshláin mhóra in earnáil na déiríochta sa Laitvia agus sa Liotuáin ós rud é go bhfuil laghdú níos mó tagtha ar phraghsanna bainne náisiúnta iontu ná i mBallstáit eile. Ina theannta sin, tá na deacrachtaí thuasluaite ag na hearnálacha beostoic sa Bheilg, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, i Lucsamburg, Málta, san Ostair, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn. |
(12) |
Cúngú an éilimh i ngeall ar bhoilsciú, lena n-áirítear sna margaí onnmhairiúcháin, mar aon le leibhéil arda soláthair, déanann siad difear go háirithe d’earnáil an fhíona i réigiúin áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le fíonta dearga agus fíonta rosé. Tá costais ionchuir mhéadaithe agus teagmhais aimsire neamhrialta ina gcúis leis an éiginnteacht i margadh an fhíona freisin. Tá an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil buailte go trom ag dul chun cinn sin. |
(13) |
Maidir leis an mbeart i dtaca le driogadh sealadach géarchéime a tugadh isteach in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 (2) ón gCoimisiún lena gceadaítear do na Ballstáit cláir thacaíochta náisiúnta a thabhairt isteach in earnáil an fhíona, d’fhéadfadh sé nach leor é chun aghaidh a thabhairt ar an staid de dheasca theorannú airgeadais na gclár. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit tuilleadh acmhainní airgeadais a úsáid chun a leithdháiltí buiséid le haghaidh na gclár tacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona a threisiú d’fhonn tuilleadh oibríochtaí driogtha a mhaoiniú faoi réir na gceanglas incháilitheachta agus na gcoinníollacha tacaíochta céanna, cé is moite den spriocdháta cur chun feidhme ar cheart é a oiriúnú do na hoibríochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo. Má chinneann Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a bheith ar fáil le cois na leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh na mblianta airgeadais 2023 agus 2024. |
(14) |
Na praghsanna ionchuir atá fós an-ard, an titim i bpraghsanna táirgí talmhaíochta, chomh maith leis na fadhbanna a ndéanann difear d’earnálacha áirithe agus do Bhallstáit áirithe, d’fhéadfadh siad fadhbanna leachtachta a chruthú do tháirgeoirí talmhaíochta. Tá na Ballstáit ag dul i muinín na mbeart státchabhrach faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair chun iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an staid. |
(15) |
Chinn an Coimisiún dhá phacáiste tacaíochta éigeandála talmhaíochta a théann chun tairbhe do Bhallstáit áirithe chun feirmeoirí a chúiteamh in earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta, na hearnálacha ba mhó a ndearnadh difear dóibh: Bhí sé d’aidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 (4) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343 (5) ón gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha atá ann de dheasa an bhrú ar phraghsanna sna hearnálacha sin. Baineann an tríú pacáiste tacaíochta éigeandála atá ann faoi láthair le feirmeoirí i mBallstáit eile a bhíonn thíos le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht an táirgthe talmhaíochta. |
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart beart eisceachtúil a ghlacadh chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha a sainaithníodh agus chun teacht roimh an meath tapa ar tháirgeadh sna Ballstáit sin nár thairbhigh den dá phacáiste tacaíochta talmhaíochta le déanaí a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343. |
(17) |
Is fadhbanna sonracha iad na deacrachtaí a luaitear thuas de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ní féidir aghaidh a thabhairt orthu go héasca le bearta arna nglacadh de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh áirithe ar an margadh atá ann cheana nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici le bearta a rachadh i ngleic le leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí. |
(18) |
Ba cheart na méideanna atá ar fáil do na Ballstáit is tairbhithe a chinneadh, agus aird á tabhairt go háirithe ar a n-ualú féin in earnáil talmhaíochta an Aontais, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart a chur san áireamh sna méideanna don Spáinn, don Iodáil agus don Phortaingéil gurb iad na tíortha sin na príomh-Bhallstáit a ndéanann na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha eisceachtúla difear dóibh. Ba cheart a chur san áireamh sna méideanna don Laitvia agus don Liotuáin go bhfuil dúshláin mhóra in earnáil na déiríochta sna tíortha sin. |
(19) |
Ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí agus na ndamáistí eacnamaíocha atá ag na feirmeoirí lena mbaineann. Ba cheart dóibh a áirithiú gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh agus go seachnófar aon saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht. |
(20) |
Ós rud é nach rachadh na méideanna a leithdháiltear ar na Ballstáit is tairbhithe i ngleic ach i bpáirt leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag feirmeoirí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú do tháirgeoirí, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo. |
(21) |
Chun an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit is tairbhithe an chabhair a dháileadh de réir mar a éilítear le himthosca na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith acu í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan róchúiteamh a dhéanamh leis na feirmeoirí. |
(22) |
Chun an róchúiteamh a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe a chur san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann. |
(23) |
Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháilfear ar na Ballstáit nár ghlac an euro mar airgeadra náisiúnta, a chomhshó, mar a rinneadh i gcás na Seice, na Danmhairge agus na Sualainne. Ós rud é nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le sprioc-am chun na hiarratais ar chabhair a chur isteach, is iomchuí, chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (7), dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheas mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte maidir leis na méideanna a leagtar amach sa Rialachán seo. |
(24) |
Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit is tairbhithe a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 31 Eanáir 2024. |
(25) |
Ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe faisnéis mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
(26) |
Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur a gcumas do na Ballstáit is tairbhithe an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(27) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 330 000 000 ar fáil don Bheilg, don tSeicia, don Danmhairg, don Ghearmáin, don Eastóin, d’Éirinn, don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc, don Chróit, don Iodáil, don Chipir, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhálta, don Ísiltír, don Ostair, don Phortaingéil, don tSlóivéin, don Fhionlainn agus don tSualainn chun tacaíocht eisceachtúil a sholáthar d’fheirmeoirí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Na Ballstáit dá dtagraítear mír 1, úsáidfidh siad na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 3 le haghaidh na mbeart a bhfuil d’aidhm acu cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí sna hearnálacha is mó atá buailte amhail earnáil na n-ainmhithe, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil an fhíona, earnáil na ngránach agus earnáil na n-olashíolta, as na caillteanais eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar inmharthanacht na dtáirgeoirí talmhaíochta.
3. Déanfar na bearta ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha a sheas na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.
4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.
5. Caiteachas a sheasfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 31 Eanáir 2024.
6. Chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an teagmhas oibríochtúil le haghaidh an ráta malairte a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo.
7. Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
Airteagal 2
1. Na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 1(1) a chuireann cláir thacaíochta náisiúnta chun feidhme in earnáil an fhíona, féadfaidh siad a leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a úsáid freisin chun an beart i dtaca leis an driogadh sealadach géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 a mhaoiniú, i gcomhréir leis na ceanglais agus na coinníollacha céanna dá bhforáiltear ann, cé is moite d’Airteagal 1(2) agus d’Airteagal 6, an chéad fhomhír, de.
2. Féadfar oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme tráth is déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023. Sa chás sin, Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, mar aon le hAirteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagal 17, Airteagail 40 go 43 agus Airteagail 51, 52, 54, 59, 63 agus 65 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), beidh feidhm fós acu maidir leis na hoibríochtaí agus na híocaíochtaí sin a dhéantar ina leith. Mar an gcéanna, beidh feidhm mutatis mutandis fós ag Airteagail, 1, 2 agus 43, Airteagail 48 go 54 agus Airteagal 56 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (9) agus Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 19 go 23, Airteagail 25 go 31, Airteagal 32(1), an dara fomhír, agus Airteagail 33 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (10). Ina theannta sin, beidh feidhm fós ag Airteagal 5, Airteagal 11(1), an dara fomhír, agus Airteagail 12 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 (11) ón gCoimisiún maidir leis an gcaiteachas a thabhaítear agus na híocaíochtaí a dhéantar i leith na n-oibríochtaí driogtha sin.
3. Déanfar oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme tréimhse leordhóthanach roimh ré chun go mbeifear in ann íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an dáta incháilitheachta le haghaidh íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(5).
4. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht náisiúnta bhreise suas le huasmhéid 200 % a dheonú d’oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an tacaíocht náisiúnta bhreise dá dtagraítear in Airteagal 3(2).
5. An tacaíocht airgeadais ón Aontas a íoctar i gcomhair oibríochtaí driogtha a mhaoinítear i gcomhréir le mír 1, measfar í a bheith ina ranníocaíocht airgeadais ón Aontas don bhliain airgeadais ina ndéanann na Ballstáit íocaíochtaí.
Airteagal 3
1. Ní rachaidh caiteachas an Aontais arna thabhú i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 thar mhéid iomlán na méideanna seo a leanas:
(a) |
EUR 3 912 118 i gcás na Beilge; |
(b) |
EUR 6 862 150 i gcás na Seice; |
(c) |
EUR 6 352 520 i gcás na Danmhairge; |
(d) |
EUR 35 767 119 i gcomhair na Gearmáine; |
(e) |
EUR 1 722 597 i gcás na hEastóine; |
(f) |
EUR 9 529 841 i gcás na hÉireann; |
(g) |
EUR 15 773 591 i gcás na Gréige; |
(h) |
EUR 81 082 911 i gcás na Spáinne; |
(i) |
EUR 53 100 820 i gcás na Fraince; |
(j) |
EUR 3 371 029 i gcás na Cróite; |
(k) |
EUR 60 547 380 i gcás na hIodáile; |
(l) |
EUR 574 358 i gcás na Cipire; |
(m) |
EUR 6 796 780 i gcás na Laitvia; |
(n) |
EUR 10 660 962 i gcás na Liotuáine; |
(o) |
EUR 462 680 i gcás Lucsamburg; |
(p) |
EUR 240 896 i gcás Mhálta; |
(q) |
EUR 4 995 081 i gcás na hÍsiltíre; |
(r) |
EUR 5 529 091 i gcás na hOstaire; |
(s) |
EUR 11 619 548 i gcás na Portaingéile; |
(t) |
EUR 1 234 202 i gcás na Slóivéine; |
(u) |
EUR 4 269 959 i gcás na Fionlainne; |
(v) |
EUR 5 594 367 i gcás na Sualainne. |
2. Féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi Airteagal 1(2) agus féadfaidh an tacaíocht sin a bheith suas le huasmhéid 200 % den mhéid comhfhreagrach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht, ná le róchúiteamh.
3. Na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus na Ballstáit sin a úsáideann a leithdháiltí airgeadais chun an beart i dtaca le driogadh sealadach géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mhaoiniú, íocfaidh siad an tacaíocht bhreise dá dtagraítear, i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 2(4), faoi seach, faoin 31 Eanáir 2024.
Airteagal 4
Chun an róchúiteamh a sheachaint, agus tacaíocht á deonú faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.
Airteagal 5
1. Tabharfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2023, faoin méid seo a leanas maidir le bearta arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 1:
(a) |
tuairisc ar na bearta atá le déanamh; |
(b) |
na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht i dtaca leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí; |
(c) |
an tionchar atá beartaithe leis na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanais eacnamaíocha; |
(d) |
na bearta atá á ndéanamh lena fhíorú go mbainfear amach an tionchar atá beartaithe leis na bearta; |
(e) |
na bearta atá á ndéanamh chun an saobhadh ar an iomaíocht agus an róchúiteamh a sheachaint; |
(f) |
an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 31 Eanáir 2024; |
(g) |
leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 3(2); |
(h) |
na bearta atá á ndéanamh chun incháilitheacht feirmeoirí a rialú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. |
2. Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh 2024, tabharfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1) fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána arna n-íoc in aghaidh an bhirt, nuair is infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir cabhair náisiúnta breise, de réir líon agus chineál na dtairbhithe agus de réir an mheasúnaithe ar éifeachtacht an bhirt.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (IO L 160, 26.6.2023, lch. 12).
(3) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, sa Pholainn agus sa Rómáin (IO L 96, 5.4.2023, lch. 80).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2023 lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic (IO L 168, 3.7.2023, lch. 22).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).