EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1462

Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 17 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/10990/2023/INIT

IO L 180, 17.7.2023, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1462/oj

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/8


RIALACHÁN (AE) 2023/1462 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, de bhun ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine sa tSiria.

(2)

I bhfianaise na staide sa tSiria atá ag dul in olcas agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear úsáid arm ceimiceach i gcoinne an phobail shibhialta, lean an Chomhairle d’ainmneacha a chur leis an liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

(3)

De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha agus mhéadaigh fulaingt mhuintir na Siria.

(4)

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas réidh le cúnamh breise a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa na cabhrach a áirithiú.

(5)

Bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl siad ceaptha bac a chur ar an soláthar cabhrach daonnúla do dhaoine a bhfuil gá acu leis. Níl srian ar an trádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria – lena n-áirítear i mbia agus i gcógas – leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i bhfianaise na staide sa tSiria. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó cúnamh a thabhairt don daonra sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

(6)

An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (3) agus Rialachán (AE) 2023/407 (4), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus sócmhainní eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin chun dul chun tairbhe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla agus gur cheart feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí, i.e., go dtí an 24 Lúnasa 2023.

(7)

Chun freagairt don phráinn leanúnach a bhaineann leis an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcrith talún agus d’fhonn seachadadh tapa na cabhrach a éascú, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024.

(8)

Tagann na leasuithe a áirítear faoin Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16a(1), de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an dáta ‘24 Feabhra 2024’ in ionad ‘25 Lúnasa 2023’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16 19.1.2012, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).

(4)  Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 1).


Top