EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1310

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1310 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le plandaí le haghaidh plandú Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe Pinus L. ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, a thabhairt isteach san Aontas

C/2023/4064

IO L 162, 28.6.2023, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1310/oj

28.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1310 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2023

lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le plandaí le haghaidh plandú Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus speicis áirithe Pinus L. ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, a thabhairt isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) agus 41(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2002/499/CE ón gCoimisiún (2) údaraíodh do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar Airteagal 4(1) de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle (3), i ndáil leis na toirmisc dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, ar phlandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus Pinus L. ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, seachas torthaí agus síolta, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

(2)

An 17 Eanáir 2019 chuir Poblacht na Cóiré iarraidh isteach ar shíneadh ama a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh 2002/499/CE, ach níor deonaíodh an síneadh ama sin sula ndeachaigh an Cinneadh sin in éag an 31 Nollaig 2020.

(3)

Cuireadh Rialachán (AE) 2016/2031 in ionad Threoir 2000/29/CE ón gComhairle, agus cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) in ionad Iarscríbhinní I go V a ghabhann leis an Treoir sin.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 bunaítear liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil toirmeasc ar iad a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe. I gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, tá toirmeasc ar phlandaí le haghaidh plandú Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus Pinus L. a thabhairt isteach san Aontas, seachas torthaí agus síolta.

(5)

Go dtí an 31 Nollaig 2020, níor léiríodh aon riosca fíteashláintíochta do chríoch an Aontais i ndáil leis na plandaí sonraithe a bheith á dtabhairt isteach san Aontas, faoi réir cheanglais Chinneadh 2002/499/CE, arna gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag Poblacht na Cóiré. Thairis sin, ó bhí dáta chur i bhfeidhm an Chinnidh sin ann, níor léiríodh aon riosca nua a bheith tagtha chun cinn maidir leis na plandaí sin in aon fhianaise eolaíoch nó theicneolaíoch. Dá bhrí sin, ba cheart an maolú sin a dheonú an athuair.

(6)

Ba cheart an maolú a bheith faoi réir na gceanglas céanna agus na ceanglais a leagadh amach i gCinneadh 2002/499/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin gan dochar do phointe 30 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, maidir le plandaí le haghaidh plandú ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga a thabhairt isteach san Aontas, seachas síolta.

(7)

An tráth céanna, ba cheart liosta na lotnaidí is ábhar imní a thabhairt cothrom le dáta i ndáil leis an liosta comhfhreagrach i gCinneadh 2002/499/CE chun faisnéis eolaíoch nua a léiriú.

(8)

Roinnt de na lotnaidí a bhfuil na plandaí sonraithe mar óstaigh acu, agus go háirithe na lotnaidí Coleosporium paederiae Dietel ex Hirats. f., Crisicoccus pini (Kuwana), Dendrolimus spectabilis (Butler), Dendrolimus superans Butler, agus Thecodiplosis japonensis Uchida & Inouye, níl siad liostaithe go fóill mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, toisc nach ndearnadh measúnú iomlán ar a riosca fíteashláintíochta. Dá bhrí sin, ós rud é go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar riosca fíteashláintíochta ar leith, ar riosca é nach bhfuil measúnú iomlán déanta air go fóill, is de chineál sealadach a bheidh a cheanglais de bhun Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ plandaí le haghaidh plandú ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, ó na speicis seo a leanas:

(a)

Chamaecyparis sp. Spach;

(b)

Juniperus sp. L.;

(c)

Pinus parviflora Sieb. & Zucc. (Pinus pentaphylla Mayr);

(d)

Pinus parviflora Sieb. & Zucc., agus é beangaithe ar fhréamhstoc de speiceas Pinus eile, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré;

(2)

ciallaíonn ‘lotnaid is ábhar imní’:

(a)

i gcás gach planda sonraithe: aon lotnaid choraintín de chuid an Aontais, aon lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta nó aon lotnaid atá faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/2031 nach eol go dtagann sí chun cinn san Aontas;

(b)

i gcás plandaí Pinus parviflora Sieb. & Zucc. (Pinus pentaphylla Mayr), na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a) agus aon cheann de na lotnaidí seo a leanas:

(i)

Coleosporium paederiae Dietel ex Hirats. f.;

(ii)

Crisicoccus pini (Kuwana);

(iii)

Dendrolimus spectabilis (Butler);

(iv)

Dendrolimus superans Butler;

(v)

Thecodiplosis japonensis Uchida & Inouye.

Airteagal 2

Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.   De mhaolú ar phointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na plandaí sonraithe a thugtar isteach i gcríoch an Aontais sna tréimhsí seo a leanas:

(a)

i gcás Chamaecyparis: ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2028;

(b)

i gcás Juniperus: ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2028;

(c)

i gcás Pinus parviflora Sieb. & Zucc. (Pinus pentaphylla Mayr) agus Pinus parviflora Sieb. & Zucc., agus iad beangaithe ar fhréamhstoc de speiceas Pinus eile, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré: ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2028.

Airteagal 3

Láithreacht dheimhnithe lotnaide is ábhar imní le linn na tréimhse coinneála iariontrála nó ina diaidh

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit faoi aon lotnaid is ábhar imní ar deimhníodh í a bheith i láthair le linn na tréimhse coinneála iariontrála dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn nó ina dhiaidh sin.

Sa chás sin, na plandaí sonraithe uile de thionscnamh na plandlainne as a dtáinig an planda ionfhabhtaithe/inmhíolaithe, ní cheadófar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí go ndéanfar clárú na plandlainne a athnuachan mar a thagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus tréimhse chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Cinneadh 2002/499/CE ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2002 lena n-údaraítear maoluithe ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle i leith plandaí Chamaecyparis Spach, Juniperus L. agus Pinus L. ar cuireadh srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO L 168, 27.6.2002, lch. 53).

(3)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

NA CEANGLAIS MAIDIR LEIS NA PLANDAÍ SONRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2 A THABHAIRT ISTEACH I gCRÍOCH AN AONTAIS

1.   

I gcás inarb iad Pinus parviflora Sieb. & Zucc., agus iad beangaithe ar fhréamhstoc speiceas Pinus eile, na plandaí sonraithe, ní bheidh aon phéacán ar an bhfréamhstoc.

2.   

Líon iomlán na bplandaí sonraithe a allmhairítear, ní rachaidh sé thar na cainníochtaí a cinneadh le haghaidh gach bliana, agus a thug an Ballstát allmhairithe fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ina leith, ag féachaint do na saoráidí gaibhniúcháin nó do na stáisiúin choraintín atá ar fáil.

3.   

Sula n-onnmhairítear na plandaí sonraithe chuig an Aontas, beidh ar a laghad fás dhá bhliain as a chéile déanta acu, agus coinneáil agus treorú déanta dhá bhliain as a chéile orthu, i bplandlanna údaraithe, ar plandlanna iad atá faoi réir córas rialaithe ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí Phoblacht na Cóiré (‘NPPO’) agus atá údaraithe go sonrach chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain cuirfear liostaí bliantúla na bplandlann atá údaraithe go hoifigiúil ar fáil don Choimisiún. Áireofar ar na liostaí sin an líon plandaí a fhástar i ngach ceann de na plandlanna sin, a mhéid a mheastar iad a bheith oiriúnach lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

4.   

I gcas plandaí Juniperus, plandaí de na géinis Chaenomeles Lindl., Crataegus L., Cydonia Mill., Juniperus L., Malus Mill., Photinia Ldl. agus Pyrus L., ar plandaí iad a bhí ag fás sna plandlanna údaraithe a luaitear i bpointe 3 ar feadh dhá bhliain roimh a n-iompórtáil, nó cóngarach do na plandlanna sin, is plandaí iad a mbeidh cigireacht oifigiúil déanta orthu ar a laghad sé huaire sa bhliain ag eatraimh iomchuí féachaint an bhfuil na lotnaidí i láthair orthu ar lotnaidí iad is ábhar imní maidir leis na plandaí i gceist. I gcás plandaí Chamaecyparis agus Pinus, sé huaire sa bhliain ar a laghad ag eatraimh iomchuí, beidh cigireacht oifigiúil déanta ar na plandaí den ghéineas Chamaecyparis Spach agus den ghéineas Pinus L., ar plandaí iad a fásadh sna plandlanna thuasluaite sin le haghaidh plandaí a chuirtear srian fáis orthu go nádúrtha nó go saorga, agus cóngarach do na plandlanna sin, féachaint an bhfuil na lotnaidí ábhartha i láthair orthu ar lotnaidí iad is ábhar imní maidir leis na plandaí i gceist.

5.   

Le linn na gcigireachtaí sin, beidh sé tugtha chun eolais go bhfuil na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí is ábhar imní.

Déanfaidh NPPO, na comhlachtaí náisiúnta inniúla nó na hoibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO Phoblacht na Cóiré na plandaí inmhíolaithe a bhaint amach as an láithreán. Déanfar cóireáil éifeachtach ar na plandaí sonraithe atá fágtha agus coinneofar iad ar feadh tréimhse iomchuí agus déanfar cigireacht orthu lena áirithiú go bhfuil siad saor ó na lotnaidí sin.

Má bhraitear aon lotnaid is ábhar imní le linn na gcigireachtaí a dhéantar de bhun phointe 4, cuirfear sin ar an taifead go hoifigiúil, agus cuirfear na taifid ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

Má bhraitear aon cheann de na lotnaidí sin is ábhar imní, dícháileofar an phlandlann ó liosta na bplandlann údaraithe. Cuirfidh NPPO Phoblacht na Cóiré an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach, agus bainfidh sé an phlandlann ó liosta na bplandlann údaraithe, dá dtagraítear i bpointe 3. Ní fhéadfaidh NPPO clárú an phlandlann sin a athnuachan ach an bhliain dár gcionn ar a luaithe.

6.   

Maidir leis na plandaí sonraithe a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas, beidh ar a laghad na nithe seo a leanas déanta leo le linn na tréimhse dhá bhliain as a chéile dá dtagraítear i bpointe 3:

(a)

iad curtha i bpotaí a chuirtear ar sheilfeanna 50 cm ar a laghad os cionn talún nó ar urlár coincréite nach féidir le néimeatóidí a tholladh, urlár a gcoinnítear caoi mhaith air, agus é saor ó bhruscar;

(b)

é a bheith tugtha chun eolais, le linn na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 4, go bhfuil siad saor ó na lotnaidí is ábhar imní;

(c)

iad a bheith so-aitheanta le marcáil nó le cód inrianaitheachta, a cheann eisiach féin le haghaidh gach planda aonair agus fógra tugtha do NPPO ina leith, lena bhféadfar an phlandlann atá údaraithe go hoifigiúil agus bliain an photaithe a shainaithint; agus

(d)

más den ghéineas Pinus L. iad, agus i gcás beangú ar fhréamhstoc speicis Pinus seachas Pinus parviflora Sieb. & Zucc., fréamhstoc a bheith acu atá díorthaithe ó fhoinsí atá formheasta go hoifigiúil mar ábhar sláintiúil.

7.   

Maidir leis na plandaí sonraithe, is plandaí iad a bheidh inrianaithe ón am a dtógtar as an bplandlann iad go dtí tráth a luchtaithe lena n-onnmhairiú, trí na feithiclí iompair a shéalú nó trí roghanna iomchuí eile.

8.   

Ag gabháil leis na plandaí sonraithe agus leis an damhna fáis atá greamaithe díobh nó a bhaineann leo (‘an t-ábhar’), beidh deimhniú fíteashláintíochta eisithe ag NPPO, lena bhfianaítear go gcomhlíontar na ceanglais a shonraítear i bpointí 1 go 7 den Iarscríbhinn seo, agus i bpointe 30 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072.

Sonrófar an méid seo a leanas sa deimhniú:

(a)

ainm nó ainmneacha na plandlainne údaraithe nó na bplandlann údaraithe;

(b)

na marcanna nó na cóid inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 6 (c), a mhéid is féidir an phlandlann údaraithe agus bliain an photaithe a shainaithint astu;

(c)

sonraíocht na cóireála is deireanaí a cuireadh i bhfeidhm, roimh an seoladh;

(d)

faoi ‘Dearbhú Breise’, an ráiteas ‘Comhlíonann an choinsíneacht seo na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1310 [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don Rialachán seo]’.

9.   

Sula scaoilfear na plandaí sonraithe beidh siad faoi réir tréimhse coinneála iariontrála i saoráid ghaibhniúcháin nó i stáisiún coraintín ar feadh tréimhse nach giorra ná trí mhí d’fhás gníomhach.

I gcás plandaí Juniperus, cumhdóidh an tréimhse coinneála an tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh.

Le linn na tréimhse coinneála sin agus ina diaidh, is ábhar é a bheidh saor freisin, de réir mar a tugadh chun eolais, ó aon lotnaid is ábhar imní. Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na hoibreoirí gairmiúla aird ar leith a thabhairt do chaomhnú na marcála nó an chóid inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 6 (c) i gcás gach planda.

10.   

Aon bhaisc nach bhfuarthas í a bheith saor ó na lotnaidí is ábhar imní, le linn na tréimhse coinneála iariontrála dá dtagraítear i bpointe 9, scriosfaidh an t-údarás inniúil nó an t-oibreoir gairmiúil í láithreach faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil.

11.   

Sa chás sin, bainfidh NPPO an phlandlann ábhartha i bPoblacht na Cóiré ó liosta na bplandlann údaraithe, dá dtagraítear i bpointe 3.

Ansin ní fhéadfaidh NPPO clárú an phlandlann sin a athnuachan ach an bhliain dár gcionn ar a luaithe.


Top