EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0860

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/860 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, an dearbhú bainistíochta, an comhlacht comhordúcháin, an comhlacht deimhniúcháin, agus forálacha áirithe i ndáil le CERT agus CETFT

C/2023/2656

IO L 111, 26.4.2023, p. 23–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/860/oj

26.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/860 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, an dearbhú bainistíochta, an comhlacht comhordúcháin, an comhlacht deimhniúcháin, agus forálacha áirithe i ndáil le CERT agus CETFT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), Airteagal 12(4), Airteagal 53(2), Airteagal 55(7), agus Airteagail 82, 92 agus 100 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le foilsiú faisnéise faoi thairbhithe an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (“trédhearcacht”).

(2)

Chun rochtain an phobail i gcoitinne a éascú agus chun rochtain ar fhaisnéis fhoilsithe faoi thairbhithe CERT agus CETFT a mhéadú, ba cheart an fhaisnéis a fhoilsíonn na Ballstáit ar a suíomhanna gréasáin a bheith ar fáil freisin i gceann amháin ar a laghad de thrí theanga oibre an Choimisiúin.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 44 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go mbaileoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ó thairbhithe chun iad a shainaithint, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, chun an grúpa a shainaithint. Ba cheart a shoiléiriú nár cheart don Bhallstát ach ainm agus uimhir CBL nó uimhir aitheantais chánach an mháthaireintitis a fhoilsiú ex post. Dá bhrí sin, ba cheart an tAirteagal sin a cheartú dá réir.

(4)

Chun an t–ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, i dtaca leis na híocaíochtaí uile, lena n-áirítear na híocaíochtaí sin a íocadh le haghaidh bhliain airgeadais 2023 ina hiomláine ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart a shoiléiriú gur cheart foirm choiteann amháin a úsáid chun faisnéis faoi thairbhithe CERT agus CETFT a fhoilsiú ó 2024 ar aghaidh.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 (4) ón gCoimisiún le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, níor cuireadh san áireamh ann gur gá leanúint d’fheidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) suas leis an mbliain féilire 2022 agus an bhliain sin san áireamh, maidir le bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), (AE) Uimh. 229/2013 (7), (AE) Uimh. 1308/2013 (8) agus (AE) Uimh. 1144/2014 (9) go dtí an 31 Nollaig 2022, maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin, agus a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Leis sin, cruthaíodh bearna dhlíthiúil.

(6)

Agus Airteagal 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 is infheidhme maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na mblianta airgeadais 2021, 2022 agus 2023 á choinneáil ar bun, níl feidhm ag Caibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, a bhaineann le trédhearcacht, ach amháin maidir le híocaíochtaí a dhéantar ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh. Dá réir sin, níor cuireadh forálacha idirthréimhseacha Airteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/2116 san áireamh go leordhóthanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 agus leis sin, cruthaíodh bearna dhlíthiúil le haghaidh bhliain airgeadais 2023.

(7)

Ní mór raon feidhme agus dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha lena mbaineann de Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 agus (AE) Uimh. 908/2014 a cheartú. Cé gurb iad na forálacha sin a leagtar síos in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus in Airteagal 57 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 fós na forálacha a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le foilsiú faoin 31 Bealtaine 2023, tá feidhm ag na ceanglais nua maidir le foilsiú i dtaca leis na hoibleagáidí foilseacháin ón 31 Bealtaine 2024, agus dá bhrí sin le haghaidh bhliain airgeadais 2023.

(8)

Chun soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir leis an bhfaisnéis atá le cur in iúl do na tairbhithe, ní mór Airteagal 61 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a cheartú.

(9)

Ba cheart a shoiléiriú freisin, an fhaisnéis maidir le híocaíochtaí le haghaidh bearta nua nó cineálacha idirghabhálacha a d’fhéadfadh a bheith indéanta ar bhonn reachtaíocht a bheidh ann amach anseo i réimse an bheartais talmhaíochta, gur cheart do na Ballstáit í a fhoilsiú freisin fiú mura bhfuil an beart nó an cineál idirghabhála ar áireamh sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128.

(10)

Chun an gá atá le cur i bhfeidhm leanúnach forálacha áirithe maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur san áireamh, chun tarchur faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú, agus chun comhleanúnachas a áirithiú san aistriú chuig an gcreat reachtach atá ann faoi láthair is infheidhme ón 1 Eanáir 2023, níor cheart do na Ballstáit ach aon dearbhú bainistíochta amháin a chur isteach, ar dearbhú bainistíochta é lena gcumhdaítear an caiteachas faoi Rialachán (AE) 2021/2116, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 freisin. Dá bhrí sin, ní mór Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a cheartú.

(11)

Ba cheart ceartúcháin áirithe a dhéanamh in Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 chun foclaíocht aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an ghnímh.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a leasú agus a cheartú dá réir.

(13)

Ós rud é go ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir 2023, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na ceartúcháin ón 1 Eanáir 2023.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 58 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i gceann amháin de thrí theanga oifigiúla an Choimisiúin.”

Airteagal 2

Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Foilseoidh an Ballstát ex-post an fhaisnéis maidir le sainaithint grúpaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116.”

;

(2)

in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116 i ndáil le hAirteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) go (l), de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointí (a)(i) go (iv), de Rialachán (AE) 2021/2116, foilseofar iad i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, amhail CSV nó XLXS, agus beidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo inti, lena n-áirítear cód na hoibríochta agus na bearta a léirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

“Airteagal 61

Faisnéis don tairbhí

Soláthrófar an fhaisnéis faoi na tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán (AE) 2021/2116 trína háireamh sna foirmeacha iarratais chun maoiniú a fháil ó CERT nó CETFT, nó ar bhealach eile ag an am a bhailítear na sonraí.”

;

(4)

in Airteagal 64, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír (2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 21 go 25, Airteagal 27, Airteagal 28, Airteagal 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b), (c), Airteagal 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu:

(i)

maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;

(ii)

le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2022 faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014;

(iii)

le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus

(iv)

a mhéid a bhaineann le CETFT maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(b)

Leanfaidh Airteagail 57 agus 59 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin d’fheidhm a bheith acu maidir leis na híocaíochtaí uile arna ndéanamh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mblianta airgeadais uile suas le 2022 agus an bhliain sin san áireamh;”;

(5)

in Airteagal 65, an tríú mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 60 ón mbliain airgeadais 2023.”;

(6)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I, VIII agus IX.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Dearbhú bainistíochta – Gníomhaireacht Íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4

Cuirimse, ..., Stiúrthóir na Gníomhaireachta Íocaíochta ..., na cuntais le haghaidh na Gníomhaireachta Íocaíochta seo le haghaidh na bliana airgeadais 16/10/xx go 15/10/xx+1 i láthair.

Dearbhaím, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil dom, lena n-áirítear, inter alia, torthaí obair na seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, na nithe seo a leanas:

tugann na cuntais atá á gcur i láthair léargas atá fíor, iomlán agus beacht, ar feadh m’eolais, ar an gcaiteachas agus ar na fáltais le haghaidh na bliana airgeadais dá dtagraítear thuas. Go háirithe, rinneadh gach fiach, réamhíocaíocht, ráthaíocht agus stoc is eol dom a thaifeadadh sna cuntais, agus cuireadh gach fáltas a bailíodh i ndáil le CERT agus CETFT chun sochar na gcistí iomchuí go cuí;

Tá córas curtha i bhfeidhm agam a chuireann dearbhú réasúnach ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

go bhfuil íocaíochtaí dleathach agus rialta maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin, a mhéid a bhaineann le bearta arna gcur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2022 faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014; le haghaidh scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus a mhéid a bhaineann le CETFT i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(ii)

go bhfuil na córais rialachais dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (d)(ii) de Rialachán (AE) 2021/2116 ag feidhmiú i gceart agus go n-áirithíonn siad go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán sin;

(iii)

maidir le cáilíocht agus iontaofacht an chórais tuairiscithe agus na sonraí ar tháscaire a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115 agus go bhfuil an caiteachas ag teacht leis an aschur tuairiscithe comhfhreagrach agus go ndearnadh é i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme.

Úsáideadh an caiteachas a iontráladh sna cuntais chun na gcríoch a ceapadh dó, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/2116.

Thairis sin, deimhním go bhfuil bearta éifeachtacha agus comhréireacha frithchalaoiseacha faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 i bhfeidhm agus go gcuireann siad na rioscaí sainaitheanta san áireamh.

Tá an ráthaíocht sin, áfach, faoi réir na bhforchoimeádas seo a leanas:

Ar deireadh, deimhním nach bhfuil mé ar an eolas faoi aon cheist nach bhfuil nochta agus a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do leas airgeadais an Aontais.

Síniú

IARSCRÍBHINN VIII

FAISNÉIS CHUN CRÍCHE TRÉDHEARCACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 58

Ainm an tairbhí/an eintitis dhlítheanaigh/an chomhlachais

Sloinne an tairbhí

Más cuid de ghrúpa é, ainm an mháthaireintitis agus an uimhir CBL nó an uimhir aitheantais chánach

Bardasacht

Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX

Cuspóir sonrach (1)

Dáta tosaigh (2)

Dáta deiridh (3)

Méid in aghaidh oibríochta faoi CERT

Iomlán mhéid CERT don tairbhí sin

Méid in aghaidh oibríochta faoi CETFT

Iomlán mhéid CETFT don tairbhí sin

Méid in aghaidh oibríochta faoi chómhaoiniú

Iomlán an mhéid chómhaoinithe don tairbhí sin

Iomlán mhéid CETFT agus an mhéid chómhaoinithe

Iomlán mhéid an Aontais agus iomlán an mhéid chómhaoinithe don tairbhí sin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

50

 

70

 

40

110

160

 

 

 

 

Cód A

 

 

 

20

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cód B

 

 

 

 

 

40

 

25

 

 

 

 

 

 

 

Cód C

 

 

 

30

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cód D

 

 

 

 

 

30

 

15

 

 

 

IARSCRÍBHINN IX

AN BEART/CINEÁL NA hIDIRGHABHÁLA/NA hEARNÁLA DÁ dTAGRAÍTEAR IN Airteagal 58  (4)

Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

Ainm an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

Cuspóir an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

 

Oibríochtaí i bhfoirm cineálacha idirghabhálacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115

 

 

1.

Tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte

 

I.1

Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht bhunúsach ioncaim. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia.

I.2

Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta. Is é is aidhm di dáileadh íocaíochtaí díreacha a fheabhsú trí thacaíocht a athdháileadh ó fheirmeacha móra chuig feirmeacha beaga nó meánmhéide.

I.3

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga atá ag bunú gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di earnáil na talmhaíochta a nuachóiriú trí dhaoine óga a mhealladh agus a bhforbairt gnó a fheabhsú.

I.4

Scéimeanna maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh iad éiciscéimeana. Is é is aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a dhíriú ar chleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol, don aeráid agus do leas ainmhithe.

I.5

Íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga (Airteagal 28)

Tá na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann siad in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is cuspóir do na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon.

 

2.

Íocaíochtaí díreacha cúpláilte

 

I.6

Tacaíocht ioncaim chúpláilte

Cumhdaítear leis an tacaíocht ioncaim chúpláilte íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an inbhuanaitheacht, agus/nó ar an gcáilíocht in earnálacha áirithe agus táirgí a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna sóisialta, eacnamaíocha nó comhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo.

I.7

Íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis

Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstát de chuid táirgeoirí cadáis chun tacú le táirgeadh an chadáis i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta.

 

Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

 

II.1

Scéim na híocaíochta bunúsaí (Teideal III, Caibidil 1, Ranna 1, 2, 3 agus 5)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í scéim na híocaíochta bunúsaí a oibrítear ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear ar fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar.

II.2

An scéim íocaíochta aonair limistéir (Airteagal 36)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an scéim íocaíochta aonair limistéir a íoctar le haghaidh heicteáir incháilithe a dhearbhaíonn feirmeoir. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar.

II.3

An íocaíocht athdháilte (Teideal III, Caibidil 2)

Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir í an íocaíocht athdháilte. Is é is aidhm di tacú le feirmeacha beaga trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh maidir lena gcéad heicteáir a dhearbhaítear faoin íocaíocht bhunúsach.

II.4

An íocaíocht le haghaidh cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol agus don aeráid (Teideal III, Caibidil 3)

Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir é an glasú a íoctar in aghaidh an heicteáir. Is é is aidhm dó trí chleachtas talmhaíochta atá i bhfabhar na haeráide agus an chomhshaoil a chur i bhfeidhm: éagsúlú barr, féarthalamh buan a chothabháil agus limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheith ann ar an limistéar talmhaíochta

II.5

An íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu (Teideal III, Caibidil 4)

Is íocaíocht limistéarbhunaithe dhíchúpláilte í an íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, a sholáthrófar sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach d’fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí atá lonnaithe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu

II.6

An íocaíocht d’fheirmeoirí óga (Teideal III, Caibidil 5)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an íocaíocht d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga a bhunaigh gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua in earnáil na talmhaíochta a chur chun cinn, rud atá fíorthábhachtach le haghaidh iomaíocht na hearnála talmhaíochta san Aontas.

II.7

An tacaíocht chúpláilte dheonach (Teideal IV, Caibidil 1)

Cumhdaítear leis an tacaíocht chúpláilte dheonach íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an inbhuanaitheacht de chuid earnálacha a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta nó chomhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo.

II.8

An íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis (Teideal IV, Caibidil 2)

Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstáit a tháirgeann cadás d’fhonn tacú lena tháirgeadh i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta.

II.9

Scéim na bhfeirmeoirí beaga (Teideal V)

Tá scéim na bhfeirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann sí in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is aidhm di dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon.

II.10

Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle  (5)

Is é is aidhm do na híocaíochtaí díreacha seo tacaíocht a dhíchúpláil ó tháirgeadh barr agus beostoic d’fhonn tacaíocht ioncaim na bhfeirmeoirí a fheabhsú.

 

Oibríochtaí i bhfoirm idirghabhálacha earnálacha dá bhforáiltear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115

 

III.1

San earnáil torthaí agus glasraí (Airteagail 49 go 53)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hearnála torthaí agus glasraí. Déantar é trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.2

In earnáil na dtáirgí beachaireachta (Airteagail 54, 55 agus 56)

Is é is aidhm dó sin tacú le beachairí, le cáilíocht agus le margadh le haghaidh táirgí beachaireachta.

III.3

In earnáil an fhíona (Airteagail 57 go 60)

Is é is aidhm dó sin tacú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil an fhíona. Déanann na Ballstáit cláir a reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta mar chuid dá gClár Straitéiseach agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Is tairbhithe iad na fíonsaothraithe chomh maith leis na hoibreoirí déanta fíona agus trádála fíona nó a gcuid comhlachas/eagraíochtaí. Féadfaidh na hoibríochtaí atá le formheas ag na Ballstáit a bheith bliantúil nó ilbhliantúil.

III.4

In earnáil na leannlusanna (Airteagail 61 agus 62)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na leannlusanna trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.5

In earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Airteagail 63, 64 agus 65)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird trí eagraíochtaí táirgeoirí agus trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.6

In earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h), (k), (m), (o) go (t) agus (w), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in earnálacha lena gcumhdaítear táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 (Airteagail 66, 67 agus 68)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha gaolmhara trí eagraíochtaí táirgeoirí, trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, chomh maith le Grúpaí Táirgeoirí a cheadaíonn na Ballstáit go sealadach, agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó na grúpaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

 

Na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

 

IV.1

Idirghabháil phoiblí (Caibidil I, Roinn 2)

I gcás ina dtiteann praghsanna margaidh le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe faoi leibhéal réamhchinntithe, féadfaidh údaráis phoiblí na mBallstát idirghabháil a dhéanamh chun an margadh a chobhsú trí sholáthairtí breise a cheannach, agus féadfar iad a stóráil ansin go dtí go méadóidh an praghas margaidh. Is iad na heintitis nach mór a fhoilsiú na heintitis a bhaineann leas as an gcabhair, is é sin le rá, na heintitis ar ceannaíodh an táirge uathu.

IV.2

Cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (Caibidil I, Roinn 3)

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacaíocht shealadach a thabhairt do tháirgeoirí táirgí áirithe maidir le costas na stórála príobháidí.

IV.3

Scéim scoile an Aontais chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar (Caibidil II, Roinn 1)

Is é is aidhm don chabhair a sholáthraítear tacú le dáileadh táirgí talmhaíochta ar pháistí i naíolanna, i mbunscoileanna nó i meánscoileanna d’fhonn a dtomhaltas torthaí, glasraí agus bainne a mhéadú agus a nósanna itheacháin a fheabhsú.

IV.4

Bearta eisceachtúla (Caibidil I, Ranna 1, 2 agus 3)

Is é is aidhm do na bearta eisceachtúla a dheonaítear faoi Airteagal 219(1), Airteagal 220(1) agus Airteagal 221(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tacú le margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

IV.5

Cabhair san earnáil torthaí agus glasraí (Caibidil II, Roinn 3)

Spreagtar saothróirí chun a bheith páirteach in eagraíochtaí táirgeoirí. Faigheann siad seo cabhair as cláir oibríochtúla a chur chun feidhme, bunaithe ar straitéis náisiúnta. Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear luaineacht ioncaim ó ghéarchéimeanna a mhaolú freisin. Cuirtear cabhair ar fáil le haghaidh bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime faoi chláir oibríochtúla, mar atá: aistarraingt táirgí, glasbhuaint/neamhbhuaint, uirlisí cur chun cinn agus cumarsáide, oiliúint, árachas buainte, cabhair chun iasachtaí bainc a chur faoi urrús agus costais riaracháin maidir le cistí frithpháirteacha (cistí cobhsaithe faoi úinéireacht feirmeora) a chur ar bun a chumhdach.

IV.6

Tacaíocht in earnáil an fhíona (Caibidil II, Roinn 4)

Is é is aidhm do na cineálacha cabhrach éagsúla a dheonaítear cothromaíocht an mhargaidh a áirithiú agus iomaíochas fhíon an Aontais a mhéadú: tacaíocht le haghaidh fíon a chur chun cinn ar mhargaí tríú tíortha agus faisnéis maidir le tomhaltas freagrach fíona agus maidir leis an gcóras de chuid an Aontais, Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (STFC) agus Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC); cómhaoiniú costas chun fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, le haghaidh infheistíochtaí i bhfíonlanna agus i saoráidí margaíochta agus le haghaidh nuálaíochta freisin; tacaíocht le haghaidh glasbhuainte, cistí frithpháirteacha, árachas buainte agus driogadh fotháirgí.

IV.7

Tacaíocht in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Caibidil II, Roinn 2)

Tacaíocht a dheonaítear do na cláir oibre 3 bliana atá le tarraingt suas ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: monatóireacht ar an margadh agus bainistiú an mhargaidh in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird; feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol; feabhas a chur ar an iomaíochas i dtaca le saothrú ológ trí nuachóiriú; cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú; an córas inrianaitheachta, deimhniú agus cosaint cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird; faisnéis a scaipeadh maidir leis na bearta atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird.

IV.8

Cabhair in earnáil na beachaireachta (Caibidil II, Roinn 5)

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú leis an earnáil sin trí chláir bheachaireachta d’fhonn táirgeadh agus margaíocht táirgí beachaireachta a fheabhsú.

IV.9

Cabhair in earnáil na leannlusanna (Caibidil II, Roinn 6)

Cabhair arna deonú chun tacú le heagraíochtaí táirgeoirí leannlusanna.

 

Oibríocht i bhfoirm cineálacha idirghabhálacha forbartha tuaithe dá bhforáiltear in Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2115

 

V.1

Gealltanais chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le gealltanais dheonacha chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta dheonacha eile arna ngabháil de láimh a théann níos faide ná na caighdeáin éigeantacha agus a rannchuidíonn le cuspóirí sonracha CBT, go háirithe i réimse an chomhshaoil, i réimse na haeráide agus i réimse leas na n-ainmhithe.

V.2

Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar, ar nós limistéir shléibhtiúla.

V.3

Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

Is é is aidhm don chabhair arna deonú feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le míbhuntáistí áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann a fhorchuirtear le ceanglais a thagann as cur chun feidhme Threoracha Natura 2000 (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (6) agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)) nó, le haghaidh limistéir talmhaíochta, na Creat-Treorach Uisce (Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)).

V.4

Infheistíochtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú

Is é is aidhm don chabhair arna dheonú tacú le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú, a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach.

V.5

Feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus, faoi choinníollacha áirithe, gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach.

V.6

Uirlisí bainistíochta riosca

Is é is aidhm don chabhair arna deonú uirlisí bainistíochta riosca a chur chun cinn, uirlisí a chabhraíonn le feirmeoirí rioscaí táirgthe agus ioncaim a bhaineann lena ngníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil aon smacht acu orthu a bhainistiú.

V.7

Comhar

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le comhar d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach. Áirítear leis sin tacaíocht comhair chun:

(a)

oibríochtaí Grúpaí Oibríochtúla de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuaine talmhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b)

LEADER a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

scéimeanna cáilíochta arna n-aithint ag an Aontas agus go náisiúnta a chur chun cinn agus i dtreis, chomh maith lena n-úsáid ag feirmeoirí;

(d)

tacú le grúpaí táirgeoirí, le heagraíochtaí táirgeoirí nó le heagraíochtaí idirchraoibhe;

(e)

straitéisí maidir le Sráidbhailte Cliste a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f)

tacú le foirmeacha eile comhair.

V.8

Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú le gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus scaipthe faisnéise a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach, lena ndírítear go sonrach ar chosaint an dúlra, an chomhshaoil agus na haeráide, lena n-áirítear oideachas agus gníomhaíochtaí comhshaoil gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas agus feasacht ar an gcomhshaol agus le gnólachtaí agus pobail tuaithe a fhorbairt. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí chun nuálaíocht, oiliúint agus comhairle a chur chun cinn chomh maith le malartú agus scaipeadh eolais agus faisnéise.

 

Na bearta dá bhforáiltear i dTeideal III, Caibidil I, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

 

VI.1

Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise (Airteagal 14)

Baineann an beart seo le hoiliúint agus le cineálacha eile gníomhaíochtaí amhail ceardlanna, cóitseáil, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise, scéimeanna gearrthéarmacha malartaithe agus cuairte feirme agus foraoise in ord. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar acmhainneacht dhaonna de chuid daoine atá ag gabháil d’earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoise, de chuid bainisteoirí talún agus de chuid fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a oibríonn i limistéir thuaithe.

VI.2

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme (Airteagal 15)

Is é is aidhm don bheart seo feabhas a chur ar bhainistíocht inbhuanaithe agus feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na ngabháltas feirme agus foraoise agus na FBManna a oibríonn i limistéir thuaithe, trí úsáid a bhaint as seirbhísí comhairle chomh maith le bunú seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme. Leis sin, cuirtear oiliúint comhairleoirí chun cinn freisin.

VI.3

Scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia (Airteagal 16)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le gach iontrálaí nua i scéimeanna cáilíochta an Aontais agus sna scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus deonacha. Féadfaidh tacaíocht costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a chumhdach freisin d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht tomhaltóirí ar tháirgí, agus ar shonraíochtaí na dtáirgí sin, a tháirgtear faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais agus na scéimeanna cáilíochta náisiúnta.

VI.4

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha (Airteagal 17)

Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnálacha margaíochta agus próiseála na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach.

VI.5

Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha a athbhunú agus gníomhaíochtaí iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach (Airteagal 18)

Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnálacha margaíochta agus próiseála na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach.

VI.6

Forbairt feirme agus gnó (Airteagal 19)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha inmharthana nua amhail gabháltais nua a oibrítear ag feirmeoirí óga, gnólachtaí nua i limistéir thuaithe, nó forbairt feirmeacha beaga. Tugtar tacaíocht freisin d’fhiontair nua nó reatha le haghaidh infheistíochtaí agus le haghaidh forbairt gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta atá riachtanach le haghaidh fhorbairt agus iomaíochas na limistéar tuaithe agus gach feirmeora a éagsúlaíonn a ngníomhaíochtaí talmhaíochta. Soláthraítear leis an mbeart íocaíochtaí d’fheirmeoirí atá incháilithe do scéim na bhfeirmeoirí beaga a aistríonn a ngabháltas go buan chuig feirmeoir eile.

VI.7

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe (Airteagal 20)

Is é is aidhm don bheart seo tacú leis na hidirghabhálacha lena spreagtar fás agus lena gcuirtear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shocheacnamaíoch de chuid limistéar tuaithe chun cinn, go hairithe trí fhorbairt bonneagair áitiúil (lena n-áirítear leathanbhanda, fuinneamh inathnuaite agus bonneagar sóisialta) agus trí sheirbhísí bunúsacha áitiúla, agus trí shráidbhailte a athnuachan agus trí ghníomhaíochtaí a dhírítear ar athbhunú agus uasghrádú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha freisin. Tugtar tacaíocht leis an mbeart seo chomh maith do ghníomhaíochtaí a athlonnú agus do shaoráidí a athchóiriú d’fhonn cáilíocht saoil na lonnaíochta a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.

VI.8

Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú (Airteagal 21; Airteagail 22 go 26)

Is é is aidhm don bheart seo infheistíochtaí a chur chun cinn i bhforbairt coillearnach, i gcosaint foraoise, i nuálaíocht san fhoraoiseacht, i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus táirgí foraoise, d’fhonn rannchuidiú le hacmhainneacht fáis de chuid limistéar tuaithe.

VI.9

Athfhoraoisiú agus cruthú coillearnacha (Airteagal 22)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a chur ar fáil d’oibríochtaí foraoisithe agus do chruthú coillearnaí ar thalamh talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta.

VI.10

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú, a athghiniúint nó a athchóiriú (Airteagal 23)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le córais agus cleachtais agrafhoraoiseachta a bhunú ina gcomhtháthaítear ilbhliantóga adhmadacha d’aon ghnó le barra agus/nó le hainmhithe ar an aonad talún céanna.

VI.11

Dochar d’fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise, ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú (Airteagal 24)

Is é is aidhm don fhobheart seo acmhainneacht foraoiseachta a athshlánú (glanadh agus athphlandáil) tar éis do dhóiteáin foraoise, do thubaistí nádúrtha eile lena n-áirítear ráig lotnaidí agus ghalair, agus do bhagairtí a bhaineann leis an athrú aeráide a tharlú, agus na tarluithe sin a chosc.

VI.12

Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú (Airteagal 25)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar luach comhshaoil na foraoise, lena n-éascaítear oiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide agus maolú na bhforaoisí ar an gcéanna, lena soláthraítear seirbhísí éiceachórais agus lena gcuirtear feabhas ar luach taitneamhachta poiblí na foraoise. Ba cheart an méadú ar luach comhshaoil na foraoise a áirithiú.

VI.13

Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i bpróiseáil, slógadh agus margaíocht táirgí foraoise (Airteagail 26)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a thabhairt le haghaidh infheistíochta in innealra agus/nó trealamh a bhaineann le baint, gearradh, slógadh nó próiseáil an adhmaid roimh sháfa tionsclaíoch an adhmaid. Is é príomhchuspóir an fhobhirt seo luach eacnamaíoch na bhforaoisí a fheabhsú.

VI.14

Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú (Airteagal 27)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le bunú grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí, sna blianta tosaigh go háirithe, i gcás ina thabhaítear costais bhreise ionas go dtabharfar aghaidh le chéile ar dhúshláin mhargaidh agus go neartófar an chumhacht mhargála maidir le próiseáil agus margaíocht, lena n-áirítear i margaí áitiúla.

VI.15

Agra-chomhshaoil-aeráide (Airteagal 28)

Is é is aidhm don bheart seo bainisteoirí talún a spreagadh chun cleachtais feirmeoireachta a chur i bhfeidhm a rannchuidíonn le cosaint an chomhshaoil, an tírdhreacha agus acmhainní nádúrtha agus le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don chéanna. Féadfaidh sé baint ní hamháin le feabhsuithe ar chleachtas feirmeoireachta atá chun tairbhe an chomhshaoil ach le cleachtais tairbhiúla atá ann cheana a chothabháil chomh maith.

VI.16

Feirmeoireacht orgánach (Airteagal 29)

Is é is aidhm don bheart seo díriú ar thacaíocht a thabhairt don tiontú ar chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí agus/nó ar chothabháil an chéanna, d’fhonn feirmeoirí a spreagadh chun bheith rannpháirteach i scéimeanna den sórt sin, agus ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar éileamh na sochaí go n-úsáidfear cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

VI.17

Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce (Airteagal 30)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht chúitimh a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le míbhuntáistí ar leith mar gheall ar cheanglais éigeantacha shonracha sna limistéir lena mbaineann a eascraíonn as cur chun feidhme Threoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE agus 2000/60/CE i gcomparáid le staid na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí i limistéir eile nach mbaineann na míbhuntáistí seo leo.

VI.18

Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu (Airteagal 31)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le srianta ar leith toisc go bhfuil siad lonnaithe i limistéir shléibhtiúla nó i limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha suntasacha nó srianta ar leith iontu.

VI.19

Leas ainmhithe (Airteagal 33)

Is é is aidhm don bheart seo íocaíochtaí a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí de chuid gealltanais leasa ainmhithe amháin nó níos mó a dhéanamh.

VI.20

Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise (Airteagal 34)

Is é is aidhm don bheart seo freagairt don ghá atá ann bainistíocht inbhuanaithe agus feabhsú na bhforaoisí agus na gcoillearnach a chur chun cinn, lena n-áirítear cothabháil agus feabhsú bithéagsúlachta, acmhainní uisce agus ithreach agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus chomh maith leis sin don ghá atá ann na hacmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail cineálacha éagsúla speiceas foraoise a fhorbairt d’fhonn oiriúnú do choinníollacha áitiúla ar leith.

VI.21

Comhar (Airteagal 35)

Is é is aidhm don bheart seo cineálacha comhair a chur chun cinn ina mbíonn dhá eintiteas ar a laghad rannpháirteach agus a bhfuil sé d’aidhm acu na nithe seo a leanas a fhorbairt, i measc nithe eile: treoirthionscadail; táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta; seirbhísí turasóireachta; slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla; comhthionscadail nó comhchleachtais a bhaineann leis an gcomhshaol nó leis an athrú aeráide; tionscadail le haghaidh soláthar inbhuanaithe bithmhaise; straitéisí forbartha áitiúla nach mbaineann le LEADER; pleananna bainistithe foraoise; agus éagsúlú i ngníomhaíochtaí ‘feirmeoireachta sóisialta’.

VI.22

Bainistiú riosca (Airteagal 36)

Is sraith straitéisí nua um bainistiú rioscaí é an beart seo agus tugann sé chun tosaigh na féidearthachtaí atá ann faoi láthair chun tacú le hárachais agus cistí frithpháirteacha trí imchlúdaigh íocaíochtaí díreacha náisiúnta na mBallstát chun cabhrú le feirmeoirí atá neamhchosanta ar rioscaí méadaitheacha eacnamaíocha agus comhshaoil. Tugtar isteach leis an mbeart freisin uirlis cobhsaithe ioncaim chun cúiteamh a chur ar fáil d’fheirmeoirí atá thíos le laghdú mór ina n-ioncam.

VI.22a

Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19 (Airteagal 39b)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht shealadach a thairiscint d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar ghéarchéim COVID-19.

VI.22b

Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag ionradh na Rúise ar an Úcráin (Airteagal 39c)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht shealadach a thairiscint d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

VI.23

Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit a mhaoiniú (Airteagal 40)

Is é is aidhm don bheart seo íocaíocht bhreise faoi CETFT a thairiscint do na feirmeoirí atá incháilithe d’íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha sa Chróit.

VI.24

Tacaíocht d’fhorbairt áitiúil de chuid LEADER (forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) (Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9))

Is é is aidhm don bheart seo LEADER a chaomhnú mar uirlis forbartha críochaí comhtháite ag an leibhéal foréigiúnach (‘áitiúil’) lena rannchuideofar go díreach le forbairt chríochach chothromaithe na limistéar tuaithe, atá ar cheann de chuspóirí foriomlána an bheartais forbartha tuaithe.

VI.25

Cúnamh teicniúil (Airteagail 51 go 54)

Is é is aidhm don bheart seo an cumas a thabhairt do na Ballstáit cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí a thacaíonn le cumas riaracháin a bhaineann le bainistiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE). Leis na gníomhaíochtaí sin féadfar aghaidh a thabhairt ar ullmhú, ar bhainistiú, ar fhaireachán, ar mheastóireacht, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, ar líonrú, ar réiteach gearán agus ar rialú agus ar iniúchóireacht na gClár Forbartha Tuaithe.

VII.1

Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Is scéimeanna talmhaíochta sonracha iad bearta POSEI arb é is aidhm dóibh srianta na Réigiún is Forimeallaí a chur san áireamh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 349 den Chonradh. Tá dhá phríomhghné i gceist leis: na socruithe soláthair sonracha agus na bearta chun tacú le táirgeadh áitiúil. Is é is aidhm don chéad phríomhghné na costais bhreise le haghaidh táirgí riachtanacha a sholáthar a eascraíonn as iargúltacht na réigiún sin a mhaolú (trí chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas agus díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí ó thríú tíortha) agus is é is aidhm don dara príomhghné cabhrú le forbairt na hearnála talmhaíochta áitiúla (íocaíochtaí díreacha agus bearta margaidh). Fágann POSEI freisin gur féidir cláir folláine plandaí a mhaoiniú.

VIII.1

Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Tá an réimeas le haghaidh na nOileán Beag Aeigéach cosúil le POSEI ach níl an bunús dlí céanna aige sa Chonradh agus feidhmíonn sé ar scála níos lú ná POSEI. Áirítear leis sin na socruithe soláthair sonracha (atá teoranta áfach do chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas) agus na bearta chun tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta áitiúla, arb é atá iontu íocaíochtaí breise le haghaidh táirgí áitiúla atá sainithe go sonrach.

IX.1

Na bearta faisnéise agus cur chun cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014

Maidir le bearta soláthair faisnéise agus cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia áirithe atá bunaithe ar tháirgí talmhaíochta arna gcur chun feidhme sa mhargadh inmheánach nó i dtríú tíortha mar a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014, féadfar iad a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach ag buiséad an Aontais, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Beidh na bearta seo i bhfoirm clár faisnéise agus cur chun cinn.


(1)  Comhfhreagróidh cuspóir sonrach na hoibríochta do chuspóir amháin nó níos mó a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialaítear an oibríocht lena mbaineann mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IX. Go háirithe, comhfhreagróidh an cuspóir sonrach/na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 do na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 6 de agus beidh sé/siad i gcomhréir le plean CBT an Bhallstáit. Thairis sin, comhfhreagróidh an cuspóir sonrach/na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 110(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (chun tuilleadh treorach a fháil féadfaidh na Ballstáit dul i muinín an Lámhleabhair Theicniúil maidir le Creat Faireacháin agus Meastóireachta an Chomhbheartais Talmhaíochta, 2014-2020).

(2)  An fhaisnéis maidir le dáta tosaigh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.

(3)  An fhaisnéis maidir le dáta deiridh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha,na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.

Chun an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú:

(a)

caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;

(b)

le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(c)

le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus

(d)

íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

ní fhoilseofar sa tábla seo ach an fhaisnéis arna forordú in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, fágfar na colúin eile bán nó marcálfar iad le N/A.

(4)  Agus bearta tacaíochta breise atá le glacadh de bhun Airteagal 39(2) den Chonradh agus/nó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(6)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(7)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


Top