Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0857

    Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/72/2022/REV/1

    IO L 111, 26.4.2023, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/857/oj

    26.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 111/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/857 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Aibreán 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh, faoi UNFCCC, Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe i UNFCCC, ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag an méadú teochta 1,5 °C i gcomparáid le 2 °C, agus tá rún daingean aici a dícheall a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

    (2)

    Tá práinn mhéadaitheach ag teacht ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) sna tuarascálacha uaidh dar dáta an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate Change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta-Fisiciúla], an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht], agus an 4 Aibreán 2022 dar teideal Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change [Athrú Aeráide 2022: Athrú aeráide a mhaolú]. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí.

    (3)

    Tá creat rialála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun an sprioc do 2030 maidir le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin ar thacaigh an Chomhairle Eorpach leis in 2014, sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa chreat rialála sin, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (CTA AE), Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) a chothromú, agus Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena mbunaítear spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, sna hearnálacha nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ná le Rialachán (AE) 2018/841.

    (4)

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an “Comhaontú Glas don Eoraip”, tugtar túsphointe chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, ar aidhm í a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Dlí Aeráide Eorpach”). Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050 agus leagtar amach inti straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, tá gnéithe comhionannais inscne ag gabháil leis an aistriú sin mar aon le tionchar ar leith ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus leochaileach, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.

    (5)

    An 16 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Moladh maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (9), inar leag sí béim ar an ngá atá le bearta tionlacain agus le haird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do na réigiúin, na tionscail, na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus mheánmhéide, oibrithe, teaghlaigh agus tomhaltóirí sin a mbeidh na dúshláin is mó atá rompu. Leis an Moladh sin, moltar do na Ballstáit féachaint ar shraith beart sna réimsí a bhaineann le fostaíocht agus aistrithe i margadh an tsaothair, cruthú post agus fiontraíocht, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, soláthar poiblí, córais cánachais agus cosanta sóisialta, seirbhísí bunriachtanacha agus tithíocht, chomh maith le, inter alia, d’fhonn comhionannas inscne, oideachas agus oiliúint a neartú.

    (6)

    Trí Rialachán (AE) 2021/1119 a ghlacadh, tá cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht uilegheilleagair faoi 2050 cumhdaithe ag an Aontas sa reachtaíocht, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid leis na leibhéal a bhí ann in 1990 do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Thairis sin, bunaítear leis go bhfuil rannchuidiú glanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais le bheith teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2.

    (7)

    Chun na gealltanais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a chur chun feidhme chomh maith le rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar chreat rialála an Aontais chun sprioc laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa 2030 a bhaint amach.

    (8)

    I Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú is íosta uathu a chomhlíonadh.

    (9)

    Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar mar aon le ó fhoirgnimh, ó iompar de bhóthar agus ó earnálacha breise, ba cheart raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/842 fós maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach níor cheart feidhm a bheith aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Le suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, chun críocha Airteagal 14 agus 15 den Treoir sin, níor cheart athrú a dhéanamh ar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 ach oiread. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (10)

    I gcomhréir le treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa, déantar astaíochtaí CO2 ó bhithmhais le haghaidh fuinnimh a thuairisciú faoi chatagóirí fardail maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseachta faoi Rialachán (AE) 2018/841. Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, is nialas-rátaithe atá astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise, chun críche astaíochtaí gás ceaptha teasa a chinneadh faoi Rialachán (AE) 2018/842. Chun éifeachtaí an athraithe indírigh ar an talamhúsáid a chur san áireamh agus chun inbhuanaitheacht na mbreoslaí sin a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit uile Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear na critéir atá inti maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí den sórt sin.

    (11)

    I roinnt earnálacha, tá méadú tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó tá siad cobhsaí fós. Sa teachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail], chuir an Coimisiún in iúl nach féidir sprioc fhoriomlán mhéadaithe 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach amháin le rannchuidiú na n-earnálacha uile.

    (12)

    Sna conclúidí uaithi an 11 Nollaig 2020, dúirt an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc nua 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh.

    (13)

    Chun sprioc nua an Aontais do 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad ar glanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. Le Rialachán (AE) 2018/842, rannchuidítear freisin le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, mar aon le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí faoi Rialachán (AE) 2021/1119, agus chuige sin ní mór iarrachtaí na mBallstát uile a chóineasú de réir mar a bheifear ag dul ar aghaidh, agus imthosca náisiúnta sonracha á gcur san áireamh ag an am céanna.

    (14)

    Is gá sprioc 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/842 a athbhreithniú le haghaidh gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar spriocanna náisiúnta 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a úsáideadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtacha difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Ba cheart, mar sin, an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh gach Ballstáit in 2030 a chinneadh i ndáil leis an leibhéal ar a raibh a astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán sin, arna athbhreithniú de bhun Airteagal 4(3) de, seachas astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh in CTA AE roimh 2005.

    (15)

    Mar thoradh air sin, ó bhliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá gá le teorainneacha ceangailteacha náisiúnta nua, arna sloinneadh i leithdháiltí bliantúla astaíochtaí. Leis na teorainneacha sin, rachfar de réir a chéile i dtreo sprioc 2030 le haghaidh gach Ballstát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Coinnítear na teorainneacha bliantúla le haghaidh na mblianta roimh bhliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún (12).

    (16)

    Tá tionchar ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal a astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh agus tá dlús á chur aige leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. I ngeall ar na héiginnteachtaí sin agus ar theagmhais eile gan choinne a bhfuil tionchar acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí astaíochtaí in 2025 agus, más gá, na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 do na blianta 2026 go 2030. Ba cheart an t-uasdátú sin a bheith bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát sna blianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh.

    (17)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa, ar gá iad a chomhlánú le haistrithe méadaithe carbóin ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Aithnítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go bhfuil réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha san áireamh i linnte carbóin. Tá sé tábhachtach scéim de chuid an Aontais a chur ar bun le haghaidh deimhniú aistrithe carbóin a stóráiltear go sábháilte agus go buan agus a fhaightear trí réitigh theicneolaíocha, rud a thabharfadh soiléireacht do na Ballstáit agus d’oibreoirí margaidh chun na haistrithe carbóin sin a fheabhsú. Nuair a bheidh scéim deimhniúcháin den sórt sin i bhfeidhm, is féidir anailís a dhéanamh ar chuntasaíocht na n-aistrithe carbóin sin faoi dhlí an Aontais.

    (18)

    Chun gníomhaíocht a rinneadh roimhe seo a dhreasú agus chun sláine comhshaoil a áirithiú tuilleadh, is gá agus is iomchuí na huasteorainneacha le haghaidh iasachtaíocht agus baincéireacht na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse iomlán ó 2021 go 2030 a ísliú. Ar an taobh eile, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de réir a chéile, agus a spriocanna náisiúnta méadaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. I bhfianaise na leithdháiltí nua bliantúla astaíochtaí atá níos déine agus a cheanglaítear leis an Rialachán seo, is iomchuí na huasteorainneacha atá ann cheana maidir le haistriú leithdháiltí bliantúla astaíochtaí idir na Ballstáit a ardú. Leis an bhféidearthacht atá ann leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a aistriú, spreagann sé an comhar idir na Ballstáit, agus cuireann sé ar a gcumas a spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus sláine an chomhshaoil á caomhnú ag an am céanna. Ba cheart trédhearcacht na n-aistrithe sin a áirithiú, ionas go gcuirfear i gcrích iad ar bhealach atá áisiúil don dá thaobh, lena n-áirítear trí cheantáil, trí úsáid idirghabhálaithe margaidh a ghníomhaíonn ar bhonn gníomhaireachta, trí shocruithe déthaobhacha nó trí chomhéadan leictreonach a úsáid arb é is aidhm dó malartú faisnéise maidir le haistrithe atá beartaithe a éascú agus costais idirbhirt a laghdú.

    Ceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin an fhaisnéis achomair maidir le haistrithe atá curtha i gcrích a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 ón gCoimisiún (13). Tar éis don Choimisiún an fhaisnéis sin a chur i dtoll a chéile, cuirfear achoimre uirthi ar fáil laistigh de 3 mhí ón tráth a gheofar na tuarascálacha ó na Ballstáit, i bhfoirm leictreonach, achoimre ina luafar raon na bpraghsanna a íoctar in aghaidh an idirbhirt leithdháilte astaíochtaí bhliantúil. Ina theannta sin, laistigh den dá thréimhse idir foilsiú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus tús an nós imeachta maidir le seiceáil na comhlíontachta, is féidir leis na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin an 15ú lá de gach mí maidir le haistrithe a tugadh i gcrích. Ina theannta sin, chun malartú faisnéise maidir le haistrithe atá beartaithe a éascú, iarrtar ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Cuirfidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis a gheofar i dtoll a chéile agus cuirfear ar fáil go tráthúil í i bhfoirm leictreonach. Chun an trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit an Coiste um Athrú Aeráide arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999 a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh siad aistriú iarbhír ar bith, go bhfuil rún acu cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú. Is iomchuí, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú.

    (19)

    I gcás Ballstáit áirithe, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí in CTA AE a chur san áireamh chun críocha Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh (“solúbthacht CTA AE”). As na Ballstáit sin atá incháilithe, níor bhain dhá cheann acu úsáid as solúbthacht CTA AE, agus níor bhain ceann amháin acu leas iomlán as. I bhfianaise an leibhéil uaillmhéine mhéadaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart deis nua a thabhairt do na Ballstáit sin úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin nó úsáid bhreise a bhaint aisti. Is iomchuí, dá bhrí sin, spriocdháta nua a leagan síos faoina bhféadfaidh na Ballstáit sin fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin nó úsáid bhreise a bhaint aisti. Thairis sin, i ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc náisiúnta laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin bunaithe ar olltáirgeacht intíre per capita ná a chumas laghdú costéifeachtach a dhéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030.

    (20)

    Sa bhreis ar sholúbthacht CTA AE, féadfar líon teoranta glanaistrithe agus glanastaíochtaí ó LULUCF a chur san áireamh le haghaidh chomhlíonadh na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 (“solúbthacht LULUCF”). Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha suas go dtí 2030, is iomchuí úsáid sholúbthacht LULUCF a theorannú trí úsáid sholúbthacht LULUCF a dheighilt in dhá thréimhse ama ar leithligh, tréimhsí a dhéantar a uasteorannú le teorainn a chomhfhreagraíonn do leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842. Is iomchuí freisin teideal na hIarscríbhinne sin a thabhairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/841 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún (14). Mar thoradh air sin, le Rialachán (AE) 2018/842, ní gá an Coimisiún a chumhachtú a thuilleadh chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. Ba cheart Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh, dá bhrí sin.

    (21)

    I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag Ballstát chun a leibhéil bhliantúla astaíochtaí a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart na sásraí gníomhaíochta ceartaithí faoin Rialachán sin a neartú chun gur féidir gníomhú go pras agus go héifeachtach. Is iomchuí, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le pleananna gníomhaíochta ceartaithí atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit i gcás nach ndéantar dul chun cinn leordhóthanach.

    (22)

    Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht agus rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil (15) (“Coinbhinsiún Aarhus”). Is gnéithe lárnacha de luachanna daonlathacha an Aontais iad grinnscrúdú poiblí agus rochtain ar an gceartas agus is uirlisí chun an smacht reachta a choimirciú iad.

    (23)

    Ba cheart úsáid a bhaint as an eolaíocht is déanaí agus an tAontas ag gníomhú ar son na haeráide. Ba cheart, dá bhrí sin, an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a mheas i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2018/842.

    (24)

    Agus córas comhlíontachta níos láidre á thabhairt isteach le Rialachán (AE) 2018/841 ó 2026 ar aghaidh, is iomchuí díothú a dhéanamh ar asbhaint na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag gach Ballstát sa tréimhse ó 2026 go 2030 in earnáil LULUCF de bhreis ar a aistrithe. Ba chóir Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a leasú dá réir sin.

    (25)

    Is iomchuí a chur san áireamh san athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2018/842 in 2024 spriocanna an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Rialachán (AE) 2021/1119, gealltanas an Aontais do chuspóirí Chomhaontú Pháras agus aon ghealltanais ábhartha a eascraíonn as Comhdhálacha na bPáirtithe in UNFCCC. Thairis sin, ba cheart a áireamh san athbhreithniú sin conair maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 faoi Rialachán (AE) 2021/1119.

    (26)

    Is ionann astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2, amhail meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis fhluairínithe, agus breis is 20 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Cumhdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2 le Rialachán (AE) 2018/842 agus, dá bhrí sin, is gá go mbeidh siad mar chuid de na bearta a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm chun a spriocanna méadaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Faoin 30 Meitheamh 2023, tá na Ballstáit le dréacht-nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Eiseoidh an Coimisiún treoir ina leith sin, lena n-áirítear chun na Ballstáit a spreagadh chun spriocanna agus beartais a leagan amach chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, tá na Ballstáit le meas ar cheart a bpleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta a athbhreithniú chun an uaillmhian mhéadaithe i Rialachán (AE) 2018/842 a léiriú, a tugadh isteach leis na leasuithe arna ndéanamh ina leith sin tríd an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis san áireamh sna tuarascálacha bliantúla faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis na torthaí a baineadh amach trí iarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí náisiúnta i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2 a chomhcheangal. Tá an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide chomh maith, agus is féidir leis moltaí a eisiúint do na Ballstáit nach ndéanann dul chun cinn leordhóthanach. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2018/841, measúnú ar na treochtaí atá ann faoi láthair agus ar na réamh-mheastacháin a dhéanfar amach anseo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht, chomh maith le roghanna rialála chun a gcomhsheasmhacht leis an gcuspóir laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i ngach earnáil den gheilleagar i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, agus le spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Rialachán (AE) 2018/842, déanfaidh sé measúnú ar an gcaoi a rannchuidíonn na hearnálacha uile a chumhdaítear leis an Rialachán sin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear go háirithe an laghdú a baineadh amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2, agus in earnálacha eile seachas earnáil na talmhaíochta.

    (27)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, i bhfianaise Rialachán (AE) 2021/1119, na hoibleagáidí ar na Ballstáit a choigeartú maidir leis an rannchuidiú is íosta uatha don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (28)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2018/842 agus (AE) 2018/1999 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/842

    Leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘Airteagal 1

    Ábhar

    Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Rannchuidíonn sé leis an sprioc fhadtéarmach aeráidneodracht san Aontas a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát ó thaobh a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.

    (*1)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).’;"

    (2)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), lena n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, seachas an ghníomhaíocht ‘muiriompar’ agus gníomhaíochtaí nach liostaítear ann ach amháin chun críocha Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Treoir sin.

    (*2)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).’;"

    (3)

    leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

    ‘1.   In 2030, déanfaidh gach Ballstát a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú ag cloí, ar a laghad, leis an gcéatadán a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I i ndáil lena astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

    2.   Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus faoi réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) den Rialachán seo, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:

    (a)

    nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa, sna blianta 2021 agus 2022, an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar bhonn mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin mar thoradh ar an ríomh sin;

    (b)

    nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (c)

    nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag naoi dhéagú den achar ama ó 2023 go 2024.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí líneacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

    Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005, 2016, 2017 agus 2018, a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, agus léireoidh sé luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 a úsáideadh chun na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí sin a chinneadh.

    Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005, arna léiriú de bhun an dara fomhír den mhír seo agus ar luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír sin.

    Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 arna léiriú de bhun an dara fomhír den mhír seo agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999.

    4.   Sonrófar freisin sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu de bhun Airteagal 6(3), (3a) agus (3b), na cainníochtaí iomlána a fhéadfar a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Ballstáit faoi Airteagal 9 idir 2021 agus 2030. Má sháraíonn suim iomlán na gcainníochtaí a bhíonn ag na Ballstáit ar fad an t-iomlán comhpháirteach de 100 milliún, déanfar na cainníochtaí iomlána do gach Ballstát a laghdú ar bhonn pro rata ionas nach sárófar an t-iomlán comhpháirteach.’

    ;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘6.   Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á ndéanamh acu chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú faoi mhíreanna 1 agus 2, breithneoidh na Ballstáit an gá atá le haistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách. Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint chun tacú leis na Ballstáit ina leith sin.’

    ;

    (4)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 7,5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

    ‘3.   Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 75 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do 2021 a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus

    (b)

    i ndáil leis na blianta ó 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 25 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas go dtí an bhliain sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

    4.   Féadfaidh Ballstát suas le 10 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 15 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.’

    ;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘5a.   Sula ndéanfaidh sé leithdháiltí bliantúla astaíochtaí ar bith a aistriú de bhun mhíreanna 4 agus 5, cuirfidh Ballstát an Coiste um Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999, ar an eolas, i bhfoirm leictreonach, go bhfuil rún aige cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú.’

    ;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Ba cheart do na Ballstáit ioncam, nó a choibhéis mar luach airgeadais, a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhíreanna 4 agus 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i bhfoirm a bhfuil rochtain éasca uirthi.’

    ;

    (5)

    leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. I gcás mar sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.’;

    (b)

    cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

    ‘3a.   Tabharfaidh Málta fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún aige úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.

    3b.   In ainneoin a bhfuil i mír 3, i gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil fógra tugtha acu don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 go bhfuil rún acu úsáid nó lánúsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún acu úsáid a bhaint as an gcealú teoranta lamháltais CTA AE sin nó úsáid bhreise a bhaint as, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

    ‘4.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach a ainmníodh de bhun Airteagal 20(1) de Threoir 2003/87/CE (‘an Riarthóir Lárnach’) san áireamh méid suas leis an gcainníocht iomlán arna cinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo. Déanfar an deichiú cuid de lamháltais CTA AE, arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2021 go 2030 i gcás an Bhallstáit sin. Déanfar an séú cuid de lamháltais CTA AE arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2025 go 2030 i gcás na mBallstáit a mbeidh fógra tugtha acu don Choimisiún de bhun mhíreanna 3a agus 3b den Airteagal seo.

    5.   I gcás ina bhfuil Ballstát, i gcomhréir le mír 3, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh an céatadán ar thug sé fógra ina leith roimhe sin a athbhreithniú, déanfar cainníocht chomhfhreagrach níos ísle nó níos airde de lamháltais CTA AE a chur ar ceal i gcás an Bhallstáit sin i ndáil le gach bliain ó 2026 go 2030 nó ó 2028 go 2030, faoi seach.’

    ;

    (6)

    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Úsáid bhreise glanaistrithe ó LULUCF’;

    (b)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    ‘1.   A mhéid a sháróidh astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do bhliain áirithe, lena n-áirítear aon leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chuirtear i dtaisce de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán seo, féadfar cainníocht suas le suim na nglanaistrithe iomlána agus na nglanastaíochtaí iomlána ó chatagóirí cuntasaíochta talún comhcheangailte a airítear le raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841 a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo don bhliain sin, ar na coinníollacha seo a leanas:’

    ;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta ó 2021 go 2025 leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;

    (aa)

    nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta ó 2026 go 2030 leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;’;

    (c)

    scriostar mír 2;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    ‘Airteagal 8

    Gníomhaíocht cheartaitheach

    1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á chur san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

    (a)

    míniú mionsonraithe ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an mBallstát sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;

    (b)

    measúnú ar an gcaoi ar thacaigh cistiú ón Aontas le hiarrachtaí an Bhallstáit sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige an cistiú sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh chun iad a bhaint amach;

    (c)

    gníomhaíochtaí breise, lena gcomhlánaítear plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 nó lena dtreisítear a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad atá le cur chun feidhme chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, trí bheartais agus bearta náisiúnta agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, lena ngabhfaidh measúnú mionsonraithe, a bhfuil sonraí cainníochtúla mar bhonn taca leis, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá beartaithe mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin;

    (d)

    clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.

    I gcás ina bhfuil comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta bunaithe ag Ballstát, féadfaidh sé a chomhairle a lorg chun na gníomhaíochtaí riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a shainaithint.

    2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de 4 mhí ón tráth a gheobhaidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an tuairim ón gCoimisiún nó ar chuid shuntasach di, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún.

    4.   Déanfaidh gach Ballstát a phlean gníomhaíochta ceartaithí dá dtagraítear i mír 1 agus aon réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim dá dtagraítear i mír 3 ar fáil go poiblí.’

    ;

    (8)

    in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse ó 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann le méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.’

    ;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

    ‘Airteagal 15

    Athbhreithniú

    1.   Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an Rialachán seo agus cuirfear san áireamh, inter alia, imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.

    2.   Laistigh de 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir soláthar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus éileamh orthu, chomh maith le hoiriúnacht na spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2021/1119 agus le haidhmeanna Chomhaontú Pháras. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar an ngá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá don Aontas agus dá Bhallstáit i gcomhthéacs iar-2030. Áireofar ann freisin measúnú ar chonair laghdaithe astaíochtaí le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheadh comhoiriúnach le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus buiséad táscach réamh-mheasta maidir le gás ceaptha teasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 á chur san áireamh chomh maith leis an tábhacht a ghabhann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtúlacht chun an cuspóir sin a bhaint amach. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

    Cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír straitéisí fadtéarmacha na mBallstát arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh de bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus an measúnú orthu arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15(9) den Rialachán sin.’

    ;

    (10)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 15a

    Comhairle eolaíoch

    Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) (‘an Bord Comhairleach’), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar nó tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta an Aontais, spriocanna aeráide, leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí faoin Rialachán seo. Breithneoidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta amach anseo a bheidh dírithe ar laghduithe breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (*3)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).’;"

    (11)

    leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

    Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Ó 2023, déanfaidh na Ballstáit cinneadh agus déanfaidh siad tuairisciú chuig an gCoimisiún ar na sonraí deiridh maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Márta gach bliain (bliain X) agus réamhshonraí maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Eanáir gach bliain, lena n-áirítear na gáis ceaptha teasa agus faisnéis an fhardail a liostaítear in Iarscríbhinn V. Áireofar freisin sa tuarascáil ar shonraí an fhardail gás ceaptha teasa críochnaitheach tuarascáil iomlán cothrom le dáta faoin bhfardal náisiúnta. Laistigh de 3 mhí ó na tuarascálacha a fháil, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad mhír de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a chur ar fáil, i bhfoirm leictreonach, don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1).’

    ;

    (2)

    in Iarscríbhinn V, Cuid 1, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

    ‘(n)

    faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

    (i)

    rúin atá ag an mBallstát leas a bhaint as na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2018/842, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, faisnéis maidir le cainníochtaí, cineál aistrithe agus raon measta na bpraghsanna;

    (ii)

    úsáid ioncaim faoi Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2018/842;

    (iii)

    rúin atá ag an mBallstát leas a bhaint as an tsolúbthacht dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842.’”.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Aibreán 2023.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 189.

    (2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 221.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023.

    (4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (6)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

    (8)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

    (9)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

    (10)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

    (11)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochtaí bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2020, lch. 58).

    (13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2020 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú ar fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (IO L 278, 26.8.2020, lch. 1).

    (14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 21).

    (15)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

    (16)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

    “IARSCRÍBHINN I

    LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA NA mBALLSTÁT DE BHUN AIRTEAGAL 4(1)

     

    Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát in 2030 i ndáil lena leibhéil in 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

     

    Colún 1

    Colún 2

    An Bheilg

    -35  %

    -47  %

    An Bhulgáir

    -0  %

    -10  %

    An tSeicia

    -14  %

    -26  %

    An Danmhairg

    -39  %

    -50  %

    An Ghearmáin

    -38  %

    -50  %

    An Eastóin

    -13  %

    -24  %

    Éire

    -30  %

    -42  %

    An Ghréig

    -16  %

    -22,7  %

    An Spáinn

    -26  %

    -37,7  %

    An Fhrainc

    -37  %

    -47,5  %

    An Chróit

    -7  %

    -16,7  %

    An Iodáil

    -33  %

    -43,7  %

    An Chipir

    -24  %

    -32  %

    An Laitvia

    -6  %

    -17  %

    An Liotuáin

    -9  %

    -21  %

    Lucsamburg

    -40  %

    -50  %

    An Ungáir

    -7  %

    -18,7  %

    Málta

    -19  %

    -19  %

    An Ísiltír

    -36  %

    -48  %

    An Ostair

    -36  %

    -48  %

    An Pholainn

    -7  %

    -17,7  %

    An Phortaingéil

    -17  %

    -28,7  %

    An Rómáin

    -2  %

    -12,7  %

    An tSlóivéin

    -15  %

    -27  %

    An tSlóvaic

    -12  %

    -22,7  %

    An Fhionlainn

    -39  %

    -50  %

    An tSualainn

    -40  %

    -50  %

    “;

    (2)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Mhálta:

    ‘Málta

    7 %’;

    (3)

    leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn III:

    ‘GLANAISTRITHE IOMLÁNA Ó NA CATAGÓIRÍ TALÚN A CHUMHDAÍTEAR LE RIALACHÁN (AE) 2018/841 AR FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT IAD A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE Ó 2021 GO 2030 DE BHUN PHOINTÍ (a) AGUS (aa) D’AIRTEAGAL 7(1) DEN RIALACHÁN SEO’;

    (b)

    scriostar an iontráil le haghaidh na Ríochta Aontaithe;

    (c)

    sa ró deireanach den tábla, cuirtear ‘262,2’ in ionad ‘280’.


    Top