Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0846

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/846 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    ST/8073/2023/INIT

    IO L 109I, 24.4.2023, p. 15–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/846/oj

    24.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 109/15


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/846 ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

    (2)

    An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, agus thug sé dá aire gur eascair básanna agus líon mór gortuithe as an méid sin. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a dearbhaíodh sna Conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 é, ba cheart ochtar agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an t-ochtar seo a leanas agus aon eintiteas amháin le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:

     

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “214.

    NOBAVEH VATAN Bijan

    بیژن نوباوه وطن

    Dáta breithe: 1959/1960

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Comhalta de Pharlaimint na hIaráine; an Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine

    Is reachtóir agus dochtaire é Bijan Nobaveh Vatan, agus is é Céad Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine.

    Tá sé ar dhuine den 227 Comhalta Parlaiminte a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 inar moladh fórsaí slándála as agóideoirí a mharú agus inar áitíodh ar na breithiúna dlús a chur leis na trialacha agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’.

    Thairis sin, tá sé ar dhuine de na daoine atá taobh thiar de reachtaíocht lena ndéantar rialacha sriantacha i dtaobh éadaí ar mhná a fhorfheidhmiú trí phionóis a ghearradh ar institiúidí, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a bhíonn ag idirghníomhú le mná neamhchomhlíontacha, rud a fhágann go n-imrítear baghcat orthu ar an gcaoi sin.

    Mar Chomhalta de Pharlaimint na hIaráine, thacaigh Nobaveh Vatan le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022/2023. Tacaíonn sé freisin le reachtaíocht lena ndéantar cearta sóisialta agus eacnamaíocha na mban a chúlghairm go mór san Iaráin.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    24.4.2023

    215.

    YAZDIKHAH Ali

    علی یزدی خواه

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Comhalta de Pharlaimint na hIaráine; Comhalta de Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine

    Is reachtóir agus dochtaire é Ali Yazdikhah, agus comhalta de Choimisiún Cultúir Pharlaimint na hIaráine.

    Tá sé ar dhuine den 227 comhalta den pharlaimint a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 inar moladh fórsaí slándála as agóideoirí a mharú agus inar áitíodh ar na breithiúna dlús a chur leis na trialacha agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’.

    Thairis sin, tá sé ar dhuine de na daoine atá taobh thiar de reachtaíocht lena ndéantar rialacha sriantacha i dtaobh éadaí ar mhná a fhorfheidhmiú trí phionóis a ghearradh ar institiúidí, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a bhíonn ag idirghníomhú le mná neamhchomhlíontacha, rud a fhágann go n-imrítear baghcat orthu ar an gcaoi sin.

    Mar Chomhalta de Pharlaimint na hIaráine, thacaigh Ali Yazdikhah le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022/2023. Tacaíonn sé freisin le reachtaíocht lena ndéantar cearta sóisialta agus eacnamaíocha na mban a chúlghairm go mór san Iaráin.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    24.4.2023

    216.

    ALIBABAEI Mehdi

    محدی علی بابایی

    (a.k.a. ALI BABAEI Mehdi, BABAEI Ali Mehdi)

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Grád: Maor

    Feidhm: ionadaí cúigeach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Qom

    Is é ionadaí cúigeach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Qom é an Maor Mehdi Alibabaei. Tá fórsaí IRGC agus Basij i gcathair Qom faoina stiúir.

    Ba i gcathair Qom a bhí cuid de na hagóidí ba dhéine, tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022. Imscaradh fórsaí slándála, lena n-áirítear IRGC agus mílíste Basij chun cniogbheartaíocht fhoréigneach a dhéanamh ar na hagóidí sin. Ó mhí an Mhárta 2023 i leith, tugadh treoir freisin do IRGC agus do mhílíste Basij dlí an hijab éigeantaigh a fhorfheidhmiú ar mhodhanna nua ansmachta.

    Nocht Mehdi Alibabaei scéim nua faoina ndéanfaí baill de mhílíste Basij a imscaradh i ngach comharsanacht de chathair Qom chun dlí an hijab a fhorfheidhmiú. Áirítear leis an scéim nua cláir a chur ar bun, mar shampla ‘Be a famous leader in our neighbourhood’, ordú d’fhórsaí IRGC/Basij patróil chomharsanachta a dhéanamh, faisnéis a úsáid, dul i mbun imeaglaithe, agus féachaint chuige go mbeadh gnáthshaoránaigh cuntasach (mar shampla, trí achainí ar an bhfreagracht atá ar bhainisteoirí foirgnimh agus áitribh cónaithe sa chás ‘nach mbeadh an chaill i gceart’ ar chónaitheoirí). Is leibhéal nua séanta agus bailithe faisnéise ag an bpobal i gcoitinne é an scéim sin le mná a chur faoi chois.

    Faoi cheannas Mehdi Alibabaei, ordaítear d’fhórsaí áitiúla IRGC agus Basij in Qom dlíthe áirithe roghnaithe a fhorfheidhmiú, trí mhodhanna agus ar bhealaí lena ndéantar imeaglú ar shaoránaigh agus lena sáraítear a gcearta bunúsacha.

    Ina cháil mar ionadaí cúigeach IRGC in Qom, tá an Maor Mehdi Alibabaei freagrach as an gcos ar bolg a rinne fórsaí áitiúla IRGC agus Basij agus as an sárú a rinne siad ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun príobháideachta.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    24.4.2023

    217.

    NOUROUZI Ali Asghar

    (a.k.a. NOROUZI Ali Asghar)

    Dáta breithe: 11.11.1962

    Áit bhreithe: Dashtestan, Bushehr province, an Iaráin

    Seoladh: Unit 29, 5th Floor, Talaieh Block- B1, Elahiyeh Complex 1, Number 0, Alley 2-Shahid Sajjad Rushanai, Rabbaninejad Street, Zein Aldin Municipality, Qom 3739144673, Iran

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Uimh. Pas: Y53914915 (an Iaráin), dáta éaga 11.5.2026

    Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 4591967573

    Feidhm: cathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

    Daoine aonair comhlachaithe: Seyyed Aminollah; Emami Tabatabai; Yahya Alaoddini; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

    IRGC

    Is é Ali Asghar Nourouzi cathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.

    Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

    Mar chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Ali Asghar Nourouzi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    24.4.2023

    218.

    TABATABAI Seyyed Amin Ala Emami

    (a.k.a. TABATBAYI Aminallah Imami)

    Dáta breithe: 26.8.1963

    Áit bhreithe: Meybod, an Iaráin

    Seoladh: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 4489260229

    Feidhm: leas-chathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation; stiúrthóir bainistíochta IRGC Cooperative Foundation

    Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Yahya Alaoddini; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi

    Is é Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai leas-chathaoirleach bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach agus is é stiúrthóir bainistíochta na Fondúireachta sin é freisin.

    Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

    Mar leas-chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation agus mar stiúrthóir bainistíochta na Fondúireachta sin, tá Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

    24.4.2023

     

     

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

    IRGC

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

     

    219.

    ALAODDINI Yahya

    (a.k.a. ALA’ODDINI Yahya; ALAEDDINI Yahya)

    Dáta breithe: 21.5.1965

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Uimh. Pas: K47201906 (an Iaráin), dáta éaga 19.10.2023

    Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0036732958

    Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

    Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Yahya Alaoddini.

    Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

    24.4.2023

     

     

    Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Jamal Babamoradi; Ahmad Karimi; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

    IRGC

    Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Yahya Alaoddini freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

     

    220.

    BABAMORADI Jamal Ali

    Dáta breithe: 24.5.1960

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Seoladh: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0036824240

    Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

    Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Ahmad Karimi; Yahya Alaoddini; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai

    Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Jamal Ali Babamoradi.

    Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

    Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Jamal Ali Babamoradi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

    24.4.2023

     

     

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

    IRGC

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

     

    221.

    KARIMI Ahmad Hasan

    Dáta breithe: 11.12.1962

    Áit bhreithe: Qom, an Iaráin

    Seoladh: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Uimhir aitheantais náisiúnta na hIaráine: 0382947983

    Feidhm: comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation

    Is comhalta de bhord stiúrthóirí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation atá liostaithe ag an Aontas Eorpach é Ahmad Hasan Karimi.

    Ba é IRGC ba mhó a chuir agóidí 2022/2023 san Iaráin faoi chois, agóidí inar maraíodh níos mó ná 520 duine, ar mionaoisigh iad os cionn 70 díobh, agus inar gabhadh/cuireadh príosún ar níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus sa cháil sin tá sé freagrach as airgead a chur i dtreo an chos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas.

    24.4.2023”

     

     

    Mar chomhalta de bhord stiúrthóirí IRGC Cooperative Foundation, tá Ahmad Hasan Karimi freagrach, dá bhrí sin, as na huirlisí lena ndéantar an chos ar bolg bhrúidiúil leanúnach a sholáthar go toilteanach agus go feasach.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    IRGC

    Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi; Yahya Alaoddini; Seyyed Amin Ala Emami Tabatabai; Jamal Ali Babamoradi

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Cooperative Foundation/Bonyad Taavon Sepah

     

     

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “35.

    Ariantel

    Seoladh: Ariantel Head Office, No. 15, 15th alley, South Gandhi Street, Tehran, Iran

    Suíomh gréasáin: http://www.ariantel.ir

    Cineál eintitis: cuideachta phríobháideach

    Is soláthraí seirbhíse soghluaiste Iaránach é Ariantel a bhí ar thús cadhnaíochta maidir leis an ailtireacht chuimsitheach faireachais teileachumarsáide a bhí leagtha amach ag Rialtas na hIaráine a chur i bhfeidhm chun lucht easaontais agus lucht cáinte san Iaráin a chur faoi chois.

    Bhí Ariantel go gníomhach ar thóir cibearearraí lena bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar ghlaonna agus ar ghníomhaíochtaí eilecumarsáide soghluaiste a úsáideoirí, arna iarraidh sin do Rialtas na hIaráine, agus go deimhin, baineann sé leas as na hearraí sin. Baineadh úsáid ansin as an bhfaisnéis sin a fuarthas chun agóidí a chur faoi chois agus a chur ó mhaith agus chun agóideoirí agus gníomhaithe síochánta a shainaithint, a aimsiú agus a ghabháil.

    Tá Ariantel freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    24.4.2023”


    Top