Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0409

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/409 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8144

    IO L 59, 24.2.2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/409/oj

    24.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 59/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/409 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Samhain 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh, agus aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ón 16 Iúil 2022 ar aghaidh.

    (2)

    I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, maidir le leasachán neamhorgánach macrachothaitheach soladach aonábhair arb é cailciam an t-aon mhacrachothaitheach a bhfuil sé dearbhaithe é a bheith ann, tá ar a laghad 12 % de réir maise cailciam le bheith ann a shloinntear mar ocsaíd chailciam.

    (3)

    Le Rialachán (AE) 2020/1666 ón gCoimisiún (3) leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 trí chailciam crágach d’aigéad imínidéshucsanach (Ca-IDHA) a thabhairt isteach mar chineál nua leasachán CE. Is é 9 % ocsaíd chailciam an íoschainníocht cothaitheach sa leasachán sin.

    (4)

    Is leasachán é CA-IDHA a sholáthraíonn an macrachothaitheach cailciam do phlandaí. Agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha lena n-áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, fuarthas amach go bhfuil leasacháin CE den chineál sin éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de. Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun an fhorbairt theicniúil a tharlaíonn tar éis a ghlactha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart an íoschainníocht ocsaíde cailciam i leasacháin neamhorgánacha mhacrachothaitheacha sholadacha aonábhair a ísliú ó 12 % go 9 %. Dá n-ísleofaí an íoschainníocht ocsaíde cailciam, thabharfaí isteach an cineál sin leasacháin i raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú agus, ar an gcaoi sin, d’éascófaí a shaorghluaiseacht sa mhargadh aonair. Tá an t-oiriúnú sin nasctha le critéir éifeachtúlachta agranamaíche na leasachán, agus ní laghdaítear leis na caighdeáin arda maidir le sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I gCuid II, in PFC 1(C)(I)(a)(i), pointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    9 % de réir maise d’ocsaíd chailciam iomlán (CaO),”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.

    (2)  IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.

    (3)  IO L 377, 11.11.2020, lch. 3.


    Top