EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L2668

Treoir (AE) 2023/2668 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair

IO L, 2023/2668, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2668/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2668/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2668

30.11.2023

TREOIR (AE) 2023/2668 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sábháilteacht agus dá sláinte a eascraíonn as nochtadh d’aispeist ag an obair. Leis an Treoir sin, déantar foráil maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann leis an nochtadh ceirde d’aispeist trí chreat de phrionsabail ghinearálta chun cur ar chumas na mBallstát a áirithiú go gcuirtear íoscheanglais i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is é is aidhm do na híoscheanglais sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais, agus is féidir leis na Ballstáit forálacha níos déine a leagan síos.

(2)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo gan dochar d’fhorálacha Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) atá níos fabhraí d’oibrithe maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair.

(3)

Is oibreán carcanaigineach an-chontúirteach í an aispeist, rud a bhfuil tionchar aici fós ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail athchóiriú foirgneamh, mianadóireacht agus cairéalú, bainistiú dramhaíola agus comhrac dóiteáin, earnálacha lena mbaineann riosca mór go nochtfar oibrithe. Aicmítear aispeist mar charcanaigin de chatagóir 1A de bhun Iarscríbhinn VI, Cuid 3, a gabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). De réir an staidrimh Eorpaigh maidir le galair cheirde, is í go mór fada an mhórchúis le hailse cheirde, agus 78 % d’ailsí ceirde ann a aithnítear sna Ballstáit mar ailsí a bhaineann le nochtadh d’aispeist. Nuair a n-ionanálaítear snáithíní aispeiste aerbheirthe, is féidir leo a bheith ina gcúis le galair thromchúiseacha amhail méisitéilióma agus ailse scamhóg, agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh na chéad chomharthaí den ghalar 30 bliain ar an meán chun iad a léiriú ó thráth an nochta, rud as a leanfaidh básanna a bhaineann leis an obair ar deireadh. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach gníomhaíocht, lena n-áirítear obair thógála, athchóirithe agus scartála, bainistiú dramhaíola, mianadóireacht agus comhrac dóiteáin, ar lena linn a nochtar oibrithe le linn a gcuid oibre do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist nó a bhféadfadh siad a bheith nochta dóibh le linn a gcuid oibre.

(4)

I gcomhréir leis an gcur chuige ‘an tSláinte a Chuimsiú i ngach Beartas’, tá gné thrasghearrtha ag baint le sláinte oibrithe a chosaint ar nochtadh d’aispeist agus tá sé ábhartha maidir le go leor beartas agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, go háirithe i réimse an chomhshaoil, réimse ina bhfuil gníomhaíocht an Aontais le rannchuidiú, inter alia, le cosaint shláinte an duine. Tá ról tábhachtach ag an Aontas freisin ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dea-shampla a thabhairt maidir le galair a bhaineann le haispeist a chosc agus chun oibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus tríú tíortha chun toirmeasc domhanda ar an aispeist a bhaint amach. Ina theannta sin, tá feidhm ag an Treoir seo i sineirge le tionscnaimh eile de chuid an Aontais.

(5)

Is ann do chineálacha nochta d’aispeist nach n-eascraíonn as láimhseáil ghníomhach na haispeiste. Áirítear ar chineálacha nochta den sórt sin nochtadh éighníomhach, nuair a nochtar d’aispeist oibrithe a oibríonn i gcóngar duine atá ag obair le hábhair ina bhfuil aispeist, nó in áitreabh ina mbíonn ábhair ina bhfuil aispeist ag díghrádú i struchtúr foirgneamh, agus nochtadh tánaisteach, nuair a nochtar daoine do shnáithíní aispeiste a thugann daoine aonair a nochtar ag an obair abhaile óna gcuid éadaí nó gruaige den chuid is mó. Is féidir tionchar suntasach a bheith ag nochtadh éighníomhach agus nochtadh tánaisteach araon ar an tsláinte. Cé go bhfuil toirmeasc ar gach cineál aispeiste san Aontas, tá aispeist fós ann i roinnt struchtúr, go háirithe i bhfoirgnimh a tógadh sula raibh an toirmeasc ann, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le nochtadh ceirde agus nochtadh nach mbaineann le ceird freisin má shuaitear ábhair ina bhfuil aispeist san fhoirgneamh nó má dhéantar damáiste dóibh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach i gcónaí nochtadh d’aispeist, i cibé foirm, a sheachaint. Maidir le nochtadh éighníomhach oibrithe d’aispeist, ceanglaítear le Treoir 89/391/CEE ón gComhairle (7) agus le Treoir 2009/148/CE go mbeidh measúnú ar na rioscaí uile do shábháilteacht agus sláinte oibrithe ag an obair ag fostóirí trí ghuaiseacha féideartha a shainaithint, lena n-áirítear na guaiseacha sin a eascraíonn as nochtadh éighníomhach d’aispeist, agus go gcuirfidh fostóirí i bhfeidhm na bearta coisctheacha agus cosanta is gá chun sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, agus prionsabal na seachanta riosca i gcónaí mar an bpríomhbhonn d’aon bheart i gcónaí atá le cur chun feidhme. Maidir le nochtach tánaisteach d’aispeist nó d’ábhair ina bhfuil aispeist, is bealaí tábhachtacha iad na ceanglais sábháilteachta agus sláinte ceirde dá bhforáiltear sa Treoir seo chun nochtadh den sórt sin a sheachaint.

(6)

Bíonn mná, go háirithe, i mbaol cineálacha áirithe nochta d’aispeist, lena n-áirítear nochtadh tánaisteach. Is toisc riosca é dáileadh inscne na ngníomhaíochtaí ag an áit oibre maidir le faireachán a dhéanamh ar ghalair a bhaineann le haispeist agus maidir lena ndiagnóisiú, a gcóireáil agus a n-aithint. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, difríochtaí inscne i nochtadh d’aispeist agus aimhréidheanna sláinte tar éis nochtadh den sórt sin a chur san áireamh chun galair arb é nochtadh den sórt sin is cúis leo a chosc agus a bhrath ar bhealach níos fearr.

(7)

Tar éis forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha nua sa réimse, tá scóip ann feabhas a chur ar chosaint oibrithe a nochtar d’aispeist agus, ar an gcaoi sin, an dóchúlacht go dtolgfaidh oibrithe nochta galair a bhaineann le haispeist a laghdú. Toisc gur carcanaigin neamhthairsí í aispeist, ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéal a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha sláinte mar thoradh ar nochtadh faoina mbun. Ina ionad sin, is féidir gaol idir nochtadh agus riosca a bhunú, lena n-éascaítear socrú teorainnluach nochta ceirde (teorainnluach) trí leibhéal inghlactha riosca barrachais a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainnluach agus ar an modheolaíocht tomhais le haghaidh na haispeiste chun an riosca a laghdú trí leibhéil nochta a ísliú chun feabhas a chur ar chosaint oibrithe ar ghalair aispeiste a bhaineann leis an obair.

(8)

An maolú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2009/148/CE maidir le nochtadh treallach agus ísealdéine dá bhforáiltear sa Treoir sin, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le carcanaigin neamhthairsí amhail aispeist i ndáil le ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin a bhaineann le nochtadh a chlárú agus le faireachas leighis a dhéanamh ar oibrithe.

(9)

Le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, a cuireadh i láthair i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021, tacaítear leis an ngá atá le gníomhaíocht i réimse na cosanta oibrithe ar shubstaintí carcanaigineacha. Tá cosaint fheabhsaithe d’oibrithe a nochtar d’aispeist tábhachtach freisin i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear, go háirithe, an Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip, a seoladh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020. Le moltaí na saoránach faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a bhí ar siúl ó Aibreán 2021 go Bealtaine 2022, leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le dálaí córa oibre, go háirithe an t-athbhreithniú ar Threoir 2009/148/CE.

(10)

Faoi chuimsiú an tionscnaimh maidir le ‘Rabharta Athchóirithe don Eoraip’, arb é is aidhm dó foirgnimh a dhícharbónú, dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus borradh a chur faoi cheannasacht an Aontais trí bhíthin éifeachtúlacht fuinnimh, tá sé ríthábhachtach gur tosaíocht é ábhair ina bhfuil aispeist a bhaint agus a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, toisc gur féidir aistriú a chur ar atráth mar thoradh ar dheisiú, cothabháil, imchochlú nó séalú, rud a d’fhéadfadh, dá réir sin, rioscaí nochta na n-oibrithe a bhuanú. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh acu i dtaobh an bhfuil riosca nochta d’aispeist nó d’ábhair ina bhfuil aispeist i gceist le haon ghníomhaíocht, ba cheart d’fhostóirí baint iomlán na haispeiste a mheas mar rogha thosaíochta thar aon ghníomhaíocht láimhseála eile, aon uair is indéanta í sin agus is chun tairbhe do chosaint oibrithe í. Ina theannta sin, ní mór oiliúint a chur go práinneach ar oibrithe a nochtar d’aispeist nó ar dócha go nochtfar di iad. Chun íoscheanglais maidir le hoiliúint ardcháilíochta a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh in iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/148/CE maidir le híoscheanglais oiliúna, lena n-áirítear ceanglais shonracha, d’oibrithe i ngnóthais speisialaithe bainte aispeiste.

(11)

Is cuid thábhachtach de na socruithe ginearálta maidir le cosaint oibrithe a bunaíodh le Treoir 2009/148/CE é teorainnluach ceangailteach le haghaidh na haispeiste, ar teorainnluach é nach bhfuil le sárú, sa bhreis ar na bearta iomchuí bainistithe riosca agus ar sholáthar trealamh riospráide leordhóthanach agus trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach eile.

(12)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainnluach le haghaidh aispeiste a leagtar síos i dTreoir 2009/148/CE i bhfianaise mheastóireachtaí an Choimisiúin agus na fianaise eolaíche agus na sonraí teicniúla is déanaí. Tá gá le bearta coisctheacha agus cosanta neartaithe chun an teorainnluach athbhreithnithe sin a chur chun feidhme sna Ballstáit.

(13)

Ba cheart teorainnluach athbhreithnithe a leagan síos sa Treoir seo i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear fianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí sláinte agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus atá bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící um nochtadh a thomhas ag an áit oibre. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar thuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus ar thuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH), a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (9).

(14)

Leis na teicneolaíochtaí reatha atá ar fáil chun snáithíní aispeiste a thomhas, ní féidir tomhas a dhéanamh ar thiúchan an-íseal nuair a dhéantar snáithíní tanaí a chomhaireamh. Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte oibrithe, agus aird chuí á tabhairt ar a indéanta atá sé tomhas a dhéanamh, agus teicneolaíochtaí den sórt sin á n-úsáid, is gá, dá bhrí sin, rogha a dhéanamh idir snáithíní tanaí a chomhaireamh nó teorainneacha ísle tiúchana a chur i bhfeidhm. Roghnaigh roinnt Ballstát teorainnluach níos ísle gan snáithíní níos tanaí a chomhaireamh, agus roghnaigh Ballstáit eile teorainnluach níos airde agus comhaireann siad snáithíní tanaí. D’fhonn cur chuige cothrom a ráthú, ba cheart teorainnluachanna éagsúla a bhunú, ag brath ar mhéid an tsnáithín a chuirtear san áireamh chun snáithíní aispeiste san aer a thomhas, eadhon snáithíní a bhfuil leithead idir 0,2 micriméadar agus 3 mhicriméadar acu agus, ó thráth an aistrithe theicneolaíoch go micreascópacht leictreon, snáithíní a bhfuil leithead níos lú ná 0,2 micriméadar acu.

(15)

Agus an saineolas eolaíoch ábhartha agus cur chuige cothrom lena n-áirithítear, ag an am céanna, cosaint leordhóthanach d’oibrithe ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh, ba cheart teorainnluachanna athbhreithnithe a bhunú, ar cheart, ag brath ar an modh comhairthe snáithíní a úsáidtear i mBallstát ar leith, a bheith cothrom le 0,002 snáithín in aghaidh an cm3, agus snáithíní a bhfuil leithead idir 0,2 agus 3 mhicriméadar acu, nó 0,01 snáithíní in aghaidh an cm3, á gcomhaireamh, agus snáithíní a bhfuil leithead níos lú ná 0,2 micriméadar acu á gcomhaireamh freisin, mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uair an chloig.

(16)

Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chuaigh sé i gcomhairle le ACSH freisin, a ghlac tuairim lena dtugtar faisnéis maidir leis na roghanna le haghaidh teorainnluachanna athbhreithnithe a chur chun feidhme go rathúil. Ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 (10) lena n-iarrtar togra chun nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2009/148/CE chun treisiú a dhéanamh ar bhearta an Aontais maidir le hoibrithe a chosaint ar bhagairt na haispeiste.

(17)

Cé nach féidir na snáithíní is tanaí atá díobhálach don tsláinte a chomhaireamh le micreascópacht optúil, is í an modh is mó a úsáidtear faoi láthair chun an aispeist a thomhas go rialta. Ós rud é gur féidir teorainnluach atá cothrom le 0,01 snáithín in aghaidh an cm3 a thomhas le micreascópacht phaschodarsnachta (PCM), níl aon idirthréimhse ag teastáil chun an teorainnluach sin a chur chun feidhme. I gcomhréir le tuairim ACSH, ba cheart úsáid a bhaint as modh níos nua-aimseartha agus níos íogaire bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin nó aon mhodh eile lena dtugtar torthaí coibhéiseacha nó níos cruinne, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse leordhóthanach oiriúnaithe theicniúil agus le comhsheasmhacht níos airde idir modheolaíochtaí éagsúla a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas faoi láthair. Chun go mbeidh dóthain ama ann na ceanglais nua a bhaineann le tomhas snáithíní aispeiste a chomhlíonadh, ba cheart gur 6 bliana a bheadh sa tréimhse thrasuí. Is maith atá an Coimisiún in ann tacú leis na Ballstáit, agus iad a éascú, a mhéid a bhaineann le rud eile a chur in ionad na modheolaíochta, go háirithe trí threoirlínte a fhorbairt.

(18)

Dá ndéanfaí snáithíní aispeiste san aer a chomhaireamh trí úsáid a bhaint as modhanna anailíseacha atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin, chuirfí feabhas suntasach i dtaca leis an bhfaireachán a dhéantar ar aispeist toisc go mbeifear in ann snáithíní níos tanaí a chomhaireamh dá bharr. Mar thoradh ar an aistriú chuig micreascópacht leictreoin, nó chuig aon mhodh eile lena dtugtar torthaí coibhéiseacha nó níos cruinne, d’fhéadfaí i bhfad níos mó snáithíní a shainaithint ná na snáithíní atá inbhraite le PCM. Bíonn am ag teastáil ó na Ballstáit agus ó fhostóirí chun taithí a fháil ar chomhaireamh na snáithíní a dhéantar le micreascópacht leictreoin, chun bearta coisctheacha feabhsaithe a chur chun feidhme agus chun sonraí nua nochta a bhailiú mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhcheangailte an teorainnluacha agus an mhodha atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin. Beidh tábhacht leis an taithí sin chun an bealach a réiteach chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé na teorainnluachanna a laghdú tuilleadh.

(19)

Leis an tsampláil aispeiste, ba cheart nochtadh pearsanta an oibrí d’aispeist a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart samplaí a thógáil go tráthrialta le linn céimeanna oibríochtúla sonracha i gcásanna ionadaíocha agus réadúla ina nochtar oibrithe do dheannach aispeiste.

(20)

Agus na ceanglais maidir le híoslaghdú nochta a leagtar amach i dTreoracha 2009/148/CE agus 2004/37/CE á gcur san áireamh, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go ndéantar na rioscaí a bhaineann le hoibrithe a nochtadh d’aispeist ag an obair a laghdú oiread agus is féidir agus, in aon chás, go dtí an leibhéal is ísle is féidir go teicniúil.

(21)

Tá gá le bearta speisialta rialaithe agus réamhchúraimí, lena n-áirítear trí bhíthin teicneolaíocht úrscothach, d’oibrithe a nochtar, nó ar dócha go nochtfar iad, d’aispeist chun tiúchan snáithíní aispeiste san aer a ísliú go dtí an leibhéal is ísle agus is féidir go teicniúil faoi bhun an teorainnluacha, trí bhearta amhail súchán deannaigh ag an bhfoinse agus glanadh agus cothabháil an áitribh. Maidir le hobair i limistéir iata, tá gá le bearta sonracha chun oibrithe a chosaint, amhail sochtadh deannaigh, soláthar aeir úir agus úsáid scagairí HEPA. Is gnéithe tábhachtacha iad oibrithe a chur faoi réir nós imeachta dí-éillithe agus na ceanglais oiliúna ghaolmhara a neartú chun rannchuidiú go suntasach leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh den sórt sin a laghdú.

(22)

Bearta coisctheacha chun sláinte oibrithe a nochtar d’aispeist a chosaint agus an gealltanas atá beartaithe do na Ballstáit maidir le faireachas a dhéanamh ar a sláinte, tá tábhacht ag baint leo, go háirithe an leanúint le faireachas sláinte a dhéanamh tar éis dheireadh an nochta. Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/148/CE, ar iarscríbhinn í a bhaineann le faireachas leighis ar oibrithe, a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na faisnéise atá ann faoi láthair maidir le galair ar féidir nochtadh d’aispeist a bheith ina chúis leo. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí athbhreithniú rialta ar Iarscríbhinn I chun éabhlóid an eolais eolaíoch a léiriú.

(23)

Tá córas fógartha tábhachtach chun cur ar chumas údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht a dhéanamh ar oibreacha ar lena linn a bhféadfaí aispeist a shuaitheadh agus chun a cheadú, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh chun cosaint na n-oibrithe lena mbaineann a áirithiú.

(24)

Ba cheart d’fhostóirí gach beart is gá a dhéanamh chun ábhair a dtoimhdítear go bhfuil aispeist iontu a shainaithint, más iomchuí trí fhaisnéis a fháil ó úinéirí an áitribh chomh maith le foinsí eile faisnéise, lena n-áirítear cláir ábhartha. Mura bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, ba cheart don fhostóir a áirithiú go ndéanann oibreoir cáilithe scrúdú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, ar an gcás inarb ann d’ábhair ina bhfuil aispeist agus ba cheart don fhostóir toradh scrúdaithe den sórt sin a fháil sula gcuirfear tús leis an obair. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas, ba cheart don fhostóir, sula gcuirfear tús le haon tionscadal bainte aispeiste, nó le haon obair scartála, chothabhála nó athchóirithe, faisnéis a thaifeadadh a bhaineann le haispeist a bheith, nó a thoimhdítear a bheith, i bhfoirgnimh, i longa, in aerárthaí nó i suiteálacha eile a tógadh sular tháinig toirmeasc an Bhallstáit ar aispeist i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh fostóirí an fhaisnéis sin in iúl d’oibrithe a d’fhéadfadh a bheith nochta d’aispeist mar thoradh ar bheith ag obair léi, mar thoradh ar obair chothabhála nó mar thoradh ar ghníomhaíochtaí eile. Níor cheart sainaithint ábhar ina bhfuil aispeist an fostóir a scaoileadh ó thabhairt faoi mheasúnú riosca dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(25)

Ba cheart Treoir 2009/148/CE a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun an t-eolas eolaíoch agus na forbairtí teicniúla is déanaí a chur san áireamh. Aon uair a thugtar an Treoir sin cothrom le dáta, ba cheart a chur san áireamh measúnú ar chineálacha éagsúla snáithíní aispeiste agus ar a n-éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte. I gcomhthéacs na chéad meastóireachta eile de bhun Airteagal 22 den Treoir sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá raon feidhme na Treorach sin a leathnú, agus go háirithe chuig éiriainít, ríbicít, vinsít, rictirít agus fluara-éidinít, agus i dtaobh an gá bearta breise a dhéanamh chun cosaint ar nochtadh tánaisteach d’aispeist ag an áit oibre a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina leagtar amach torthaí a mheasúnaithe, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, togra reachtach chun Treoir 2009/148/CE a leasú dá réir sin.

(26)

Is gá tacaíocht theicniúil leordhóthanach agus spriocdhírithe a chur ar fáil chun cabhrú le fostóirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, an Treoir seo a chur chun feidhme.

(27)

Sula ndéanfaidh siad obair scartála nó bainte aispeiste, ba cheart do ghnóthais ceadanna a fháil ó údaráis inniúla, ar ceadanna iad is féidir a athnuachan i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(28)

Bíonn comhraiceoirí dóiteáin agus pearsanra na seirbhísí éigeandála i mbaol a nochta d’aispeist le linn a gcuid oibre. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh fostóirí na n-oibrithe sin measúnú, i gcomhréir leis an Treoir seo, ar an riosca d’oibrithe go nochtfaidís d’aispeist agus go ndéanfadh na fostóirí sin na bearta is gá chun sábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe sin a chosaint. Chun tacú le fostóirí bearta den sórt sin a dhéanamh, tá sé tábhachtach go bhforbródh an Coimisiún treoirlínte lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí ghníomhaíochtaí na n-oibrithe sin agus an fhaisnéis a bhaineann leis na rioscaí maidir lena nochtadh. Ba cheart do threoirlínte den sórt sin cur le dea-chleachtais atá ar fáil sna Ballstáit agus leis an gcomhairliúchán a dhéantar le geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart malartú dea-chleachtas níos córasaí ar fud na mBallstát a bhunú chun na críche sin.

(29)

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar le ACSH, treoirlínte a fhorbairt agus a eisiúint tráth nach déanaí ná 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, chun cur chun feidhme na Treorach seo a éascú. Ba cheart a áireamh sna treoirlínte sin, i gcás inarb iomchuí, réitigh earnáilsonracha. Ba cheart a áireamh sna treoirlínte sin freisin táscairí d’fhostóirí maidir le conas tosaíocht a thabhairt do bhaint aispeiste nó ábhar ina bhfuil aispeist thar chineálacha eile láimhseála aispeiste agus measúnú á dhéanamh ar an riosca nochta d’aispeist nó d’ábhair ina bhfuil aispeist. Más iomchuí, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin gach 5 bliana i bhfianaise, go háirithe, forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha maidir le teicneolaíocht sainaitheanta aispeiste, teicneolaíocht tomhais aispeiste agus teicneolaíocht rabhaidh aispeiste.

(30)

Ní hamháin go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le fulaingt mhuintir na hÚcráine ach tá damáiste suntasach á dhéanamh freisin don bhonneagar, don tithíocht agus don timpeallacht thógtha i gcoitinne. Ós rud é nár chuir an Úcráin toirmeasc ar úsáid aispeiste go dtí 2017, tá riosca suntasach ag baint le hatógáil na tíre atá le teacht d’oibrithe, go háirithe dóibh siúd a láimhseálann brablach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh fostóirí de chuid an Aontais na rioscaí d’oibrithe maidir le nochtadh d’aispeist a chur san áireamh ar bhealach iomchuí agus iad i mbun gníomhaíochtaí atógála i dtríú tíortha.

(31)

I bhfianaise an mhéadaithe atá le teacht ar athchóirithe teirmeacha foirgneamh, tá géarghá le tacú le taighde agus forbairt chun an leibhéal cosanta is airde is féidir a áirithiú d’oibrithe a nochtar d’aispeist nó a d’fhéadfadh a bheith nochta di.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sábháilteacht agus dá sláinte, lena n-áirítear rioscaí den sórt sin a chosc, ar rioscaí iad a eascraíonn as nochtadh d’aispeist ag an obair, ar dócha go n-eascróidh siad as, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachta na Treorach seo, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(33)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/148/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/148/CE

Leasaítear Treoir 2009/148/CE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Beidh feidhm ag forálacha Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcás ar bith ina bhfuil siad níos fabhraí do shábháilteacht agus do shláinte oibrithe ag an obair.

(*1)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair (an Séú treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).’;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘aispeist’ na sileacáití snáithíneacha seo a leanas, a aicmítear mar charcanaiginí 1A de bhun Iarscríbhinn VI, Cuid 3, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2):

(a)

aispeist, achtainilít, Uimh. CAS (*3) 77536-66-4;

(b)

aispeist, amaisít (grúnairít), Uimh. CAS 12172-73-5;

(c)

aispeist, antaifillít, Uimh. CAS 77536-67-5;

(d)

aispeist, crisitíl, Uimh. CAS 12001-29-5;

(e)

aispeist, croicidilít, Uimh. CAS 12001-28-4;

(f)

aispeist, treimilít, Uimh. CAS 77536-68-6.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1)."

(*3)  Uimhir sa tSeirbhís Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS).’;"

(3)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás aon ghníomhaíochta ar dócha go mbeidh riosca nochta do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist, déanfar measúnú ar an riosca sin ar bhealach ina gcinnfear cineál agus méid nochtadh na n-oibrithe do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist agus chun tosaíocht a thabhairt d’aispeist nó d’ábhair ina bhfuil aispeist a bhaint anuas thar chineálacha eile láimhseála aispeiste.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘3.   Ar choinníoll gur de chineál treallach agus ísealdéine nochtadh oibrithe, agus más léir ó thorthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nach ndéanfar an teorainnluach ábhartha a leagtar síos in Airteagal 8 a shárú in aer an limistéir oibre, féadfaidh na Ballstáit maolú ar Airteagal 4 i gcás ina bhfuil baint ag an méid seo a leanas leis an obair:’;

(4)

in Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh ar a laghad tuairisc ghairid ar an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:

(a)

suíomh an láithreáin oibre agus, i gcás inarb ábhartha, na limistéir shonracha ina bhfuil an obair le déanamh;

(b)

cineál agus cainníocht na haispeiste a úsáidtear nó a láimhseáiltear;

(c)

na gníomhaíochtaí agus na próisis lena mbaineann, lena n-áirítear maidir le hoibrithe a chosaint agus a dhí-éilliú, maidir le diúscairt dramhaíola agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le haermhalartú agus obair á déanamh i limistéir iata;

(d)

líon na n-oibrithe lena mbaineann, liosta de na hoibrithe is dócha a shannfar don láthair lena mbaineann, deimhnithe oiliúna aonair na n-oibrithe agus dáta an mheasúnaithe is déanaí ar shláinte na n-oibrithe de bhun Airteagal 18;

(e)

dáta tosaithe na hoibre agus ré na hoibre;

(f)

na bearta a rinneadh, lena n-áirítear forléargas ar an trealamh a úsáidtear, chun nochtadh oibrithe d’aispeist a theorannú.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint cheart ar oibrithe a dhéanann obair a bhaineann le haispeist, agus aird chuí á tabhairt ar éifeachtaí fadtéarmacha aispeiste ar shláinte oibrithe.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Maidir leis na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfar nochtadh oibrithe do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist ag an áit oibre a laghdú go dtí an leibhéal ábhartha is ísle agus is féidir go teicniúil faoi bhun an teorainnluacha ábhartha mar a leagtar síos in Airteagal 8, go háirithe trí na bearta seo a leanas:

(a)

déanfar líon na n-oibrithe a nochtar nó ar dócha go nochtfar iad do dheannach a eascraíonn as aispeist nó as ábhair ina bhfuil aispeist a theorannú don fhigiúr is ísle is féidir;

(b)

dearfar próisis oibre sa chaoi nach dtáirgfear deannach aispeiste nó, má léirítear nach féidir déanamh amhlaidh, sa chaoi nach scaoilfear deannach aispeiste san aer trí bhearta amhail iad seo a leanas a dhéanamh:

(i)

sochtadh deannaigh aispeiste;

(ii)

súchán deannaigh aispeiste ag an bhfoinse;

(iii)

dríodrú leanúnach snáithíní aispeiste atá ar fuaidreamh san aer;

(ba)

déanfar oibrithe a chur faoi réir nós imeachta dí-éillithe iomchuí;

(bb)

i gcás obair a dhéantar i limistéir iata, áiritheofar cosaint leordhóthanach;

(c)

beifear in ann gach áitreabh agus trealamh a bhaineann le cóireáil aispeiste a ghlanadh agus a chothabháil go rialta agus go héifeachtach agus déanfar iad a ghlanadh agus a chothabháil go rialta;

(d)

déanfar aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist a stóráil agus a iompar i bpacáistíocht shéalaithe oiriúnach;

(e)

déanfar dramhaíl, seachas dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí mianadóireachta, a bhailiú agus a bhaint den áit oibre a luaithe is féidir i bpacáistíocht shéalaithe oiriúnach ar a bhfuil lipéid lena gcuirtear in iúl go bhfuil aispeist inti agus ansin déileálfar léi i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).’;"

(6)

leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca tosaigh, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainnluachanna ábhartha mar a leagtar síos in Airteagal 8, déanfar snáithíní aispeiste atá san aer ag an áit oibre a thomhas go tráthrialta le linn céimeanna oibríochtúla sonracha.

2.   Leis an tsampláil, déanfar nochtadh pearsanta an oibrí do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist a léiriú.’

;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Beidh ré na samplála ar méid a fhágann gur féidir nochtadh ionadaíoch a shuíomh le haghaidh tréimhse tagartha 8 n-uair an chloig (seal oibre amháin) trí thomhais nó trí ríomhanna atá ualaithe ó thaobh ama.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Déanfar snáithíní a chomhaireamh trí mhicreascópacht leictreoin nó trí aon mhodh malartach eile lena soláthraítear torthaí coibhéiseacha nó níos cruinne.’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘7.   Chun snáithíní aispeist san aer a thomhas, amhail dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfear san áireamh ach snáithíní aispeiste a bhfuil fad níos mó ná 5 mhicriméadar, leithead níos lú ná 3 mhicriméadar agus cóimheas faid/leithid ar mó é ná 3:1 acu.

D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, cuirfear san áireamh freisin snáithíní a bhfuil leithead níos lú ná 0,2 micriméadar acu chun críocha Airteagal 8(2), pointe (a), ón 21 Nollaig 2029.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Go dtí an 20 Nollaig 2029, áiritheoidh fostóirí nach nochtfar aon oibrí do thiúchan aerbheirthe aispeiste os cionn 0,01 snáithín in aghaidh an cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uair an chloig.

2.   Ón 21 Nollaig 2029, áiritheoidh fostóirí nach nochtfar aon oibrí do thiúchan aerbheirthe aispeiste ar mó é ná ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

0,01 snáithín in aghaidh an cm3 mar TWA 8 n-uair an chloig i gcomhréir le hAirteagal 7(7), an dara fomhír; nó

(b)

0,002 snáithín in aghaidh an cm3 mar TWA 8 n-uair an chloig.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fostóirí faoi réir ceann amháin ar a laghad de na teorainnluachanna a leagtar amach i mír 2.’;

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina sáraítear an teorainnluach ábhartha mar a leagtar síos in Airteagal 8, nó más amhlaidh go bhfuil cúis ann lena chreidiúint gur suaitheadh ábhair ina bhfuil aispeist nach sainaithnítear roimh an obair sa chaoi go ndéantar deannach a ghiniúint, cuirfear stop leis an obair láithreach.

Ní leanfar den obair sa limistéar atá buailte go dtí go ndéanfar bearta leormhaithe chun na hoibrithe lena mbaineann a chosaint.

I gcás ina sáraítear an teorainnluach ábhartha mar a leagtar síos in Airteagal 8, déanfar na cúiseanna leis an teorainnluach a bheith sáraithe a shainaithint agus déanfar bearta iomchuí a luaithe is féidir chun an staid a leigheas.’

;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás nach féidir an nochtadh a laghdú ar bhealaí eile agus i gcás inar gá trealamh cosanta riospráide aonair a chaitheamh chun an teorainnluach a chomhlíonadh, ní chaithfear ar bhonn buan é agus caithfear a laghad is fíorghá é do gach oibrí. Le linn tréimhsí oibre inar gá trealamh den sórt sin a úsáid, déanfar foráil do shosanna rialta a bheidh iomchuí do na dálaí fisiciúla agus aeráideolaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhairle leis na hoibrithe agus/nó lena n-ionadaithe laistigh den ghnóthas nó den bhunaíocht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.’

;

(9)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Sula gcuirfear tús le hobair scartála, chothabhála nó athchóirithe ar áitribh a tógadh roimh theacht i bhfeidhm thoirmeasc an Bhallstáit ar aispeist, déanfaidh fostóirí gach beart is gá chun ábhair a dtoimhdítear go bhfuil aispeist iontu a shainaithint, go háirithe trí fhaisnéis a fháil ó úinéirí an áitribh, ó fostóirí eile agus ó fhoinsí eile, lena n-áirítear cláir ábhartha. Mura bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, áiritheoidh an fostóir go ndéanfaidh oibreoir cáilithe scrúdú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta ar an gcás inarb ann d’ábhair ina bhfuil aispeist agus gheobhaidh an fostóir sin toradh scrúdaithe den sórt sin sula gcuirfear tús leis an obair. Déanfaidh an fostóir aon fhaisnéis a fhaightear faoi chuimsiú scrúdú den sórt sin a chur ar fáil d’fhostóir eile, arna iarraidh sin agus chun an oibleagáid a leagtar síos sa mhír seo a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin.’;

(10)

in Airteagal 12, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘I gcás gníomhaíochtaí áirithe amhail scartáil, obair bainte aispeiste, deisiú agus cothabháil, a bhfuil sé intuartha ina leith go sárófar an teorainnluach ábhartha mar a leagtar síos in Airteagal 8 in ainneoin úsáid a bhaint as na bearta coisctheacha teicniúla uile is féidir chun aispeist i dtiúchain aeir a theorannú, cinnfidh an fostóir na bearta atá beartaithe chun cosaint na n-oibrithe a áirithiú, agus iad ag gabháil do ghníomhaíochtaí den sórt sin, go háirithe na bearta seo a leanas:’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

eiseofar trealamh cosanta pearsanta oiriúnach d’oibrithe lena gcaitheamh, trealamh a láimhseálfar go hiomchuí agus, go háirithe maidir le trealamh riospráide, a choigeartófar go leithleach, lena n-áirítear trí sheiceálacha feistithe, i gcomhréir le Treoir 89/656/CEE ón gComhairle (*5);

(*5)  Treoir 89/656/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le húsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ag an áit oibre (an tríú treoir ar leith de réir Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 393, 30.12.1989, lch. 18).’;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

déanfar an leathadh deannaigh a eascraíonn as aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist lasmuigh den áitreabh nó den suíomh gníomhaíochta a chosc, agus i gcás obair a dhéantar i limistéir iata, beidh an t-iniamh aerdhíonach agus faoi aeráil mheicniúil don asbhaint.’;

(11)

in Airteagal 13(2), an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

nuair a bheidh an obair scartála nó bainte aispeiste curtha i gcrích, fíorófar an easpa rioscaí nochta d’aispeist ag an áit oibre i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta sula gcuirfear tús arís le gníomhaíochtaí eile.’;

(12)

leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh ábhar na hoiliúna intuigthe go héasca ag na hoibrithe. Leis an ábhar sin, cuirfear ar a gcumas an t-eolas agus na scileanna is gá a fháil ó thaobh coisc agus sábháilteachta de i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus cleachtas náisiúnta is infheidhme san áit ina ndéantar an obair.’

;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn Ia na híoscheanglais maidir le hábhar, fad agus minicíocht na hoiliúna arna soláthar de bhun an Airteagail seo agus an doiciméadacht a bhaineann léi.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu obair scartála nó bainte aispeiste a dhéanamh, gheobhaidh siad cead ón údarás inniúil sula gcuirfear tús leis an obair. Chun na críche sin, soláthróidh siad don údarás inniúil cruthúnas ar a laghad go bhfuil Airteagal 6 á chomhlíonadh agus deimhnithe lena léirítear gur cuireadh oiliúint i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hIarscríbhinn Ia.

2.   Cuirfidh na Ballstáit liosta na ngnóthas a bhfuil cead faighte acu de bhun mhír 1 ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.’;

(14)

in Airteagal 18, scriostar mír 1;

(15)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 18c

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú, i gcomhthéacs na chéad mheastóireachta eile i gcomhréir le hAirteagal 22, i dtaobh an gá liosta na sileacáití snáithíneacha a leagtar amach in Airteagal 2 a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an eolais eolaíoch agus i dtaobh an bhfuil gá le bearta breise chun cosaint ar nochtadh tánaisteach d’aispeist ag an obair a áirithiú.

2.   Tar éis na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus tar éis dó dul i gcomhairle le ACSH, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh an bhfuil sé iomchuí nó riachtanach liosta na sileacáití snáithíneacha a leagtar amach in Airteagal 2 a thabhairt cothrom le dáta. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe i dtaobh an bhfuil sé iomchuí sileacáití snáithíneacha breise, amhail éiriainít, ríbicít, vinsít, rictirít agus fluara-éidinít, a áireamh laistigh de raon feidhme na Treorach seo, agus i dtaobh an bhfuil sé iomchuí bearta breise a ghlacadh chun cosaint ar nochtadh tánaisteach d’aispeist ag an obair a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leith sin.’;

(16)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh an fostóir an fhaisnéis maidir leis na hoibrithe atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a iontráil i gclár. Léireofar san fhaisnéis sin cineál agus fad na gníomhaíochta agus an nochtadh faoina raibh siad. Beidh rochtain ar an gclár sin ag an dochtúir agus/nó ag an údarás atá freagrach as faireachas leighis. Beidh rochtain ag oibrithe ar na torthaí sa chlár a bhaineann leo go pearsanta. Beidh rochtain ag na hoibrithe agus/nó ag a n-ionadaithe ar fhaisnéis chomhchoiteann anaithnid sa chlár.’

;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Coinneoidh na Ballstáit clár de na cásanna uile de ghalair cheirde a bhaineann leis an aispeist atá diagnóisithe ó thaobh leighis de. Leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta táscach de ghalair ar féidir nochtadh d’aispeist a bheith ina chúis leo.’;

(18)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

1.   Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé na teorainnluachanna a ísliú tuilleadh ar bhonn na dtuarascálacha ó na Ballstáit arna dtíolacadh de bhun Airteagal 22, ar infhaighteacht na fianaise eolaíche, ar fhorbairtí teicniúla agus ar an gcaidrimh idir modhanna anailíseacha nua agus an teorainnluach uimhriúil.

2.   Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil iomchuí d’fhostóirí a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo, agus faisnéis faoi chistí ábhartha de chuid an Aontais, d’fhonn cabhrú leis na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí sin agus rochtain orthu a éascú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear micrifhiontair.’;

(19)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

Tugann an t-eolas reatha le fios gur féidir le nochtadh do shaorshnáithíní aispeiste a bheith ina chúis leis na galair seo a leanas ar a laghad:

aispeastóis,

méisitéilióma,

carcanóma scamhóg,

carcanóma gastraistéigeach,

carcanóma larainge,

carcanóma ubhagáin,

galair phleoracha neamhurchóideacha.’;

(20)

an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear isteach é mar Iarscríbhinn Ia.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Nollaig 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (6)(c) agus (d) (a mhéid a bhaineann le hAirteagal 7(7), an dara fomhír, de Threoir 2009/148/CE) agus pointe (7) (a mhéid a bhaineann le hAirteagal 8(2) agus (3) de Threoir 2009/148/CE), a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Nollaig 2029. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Go dtí go ndéanfaidh siad na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, agus riaracháin a thabhairt i bhfeidhm de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh na Ballstáit comhaireamh snáithíní nuair is féidir trí PCM, i gcomhréir leis an modh a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte in 1997, nó trí aon mhodh eile lena soláthraítear torthaí coibhéiseacha nó níos cruinne.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 118.

(2)   IO C 188, 30.5.2023, lch. 70.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023.

(4)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(5)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(7)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(9)  Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(10)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist (IO C 184, 5.5.2022, lch. 45).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN Ia

Íoscheanglais maidir le hoiliúint

Oibrithe a nochtar, nó ar dócha go nochtfar iad, do dheannach ó aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist, cuirfear oiliúint éigeantach orthu, lena gcuimsítear na híoscheanglais seo a leanas ar a laghad:

(1)

Cuirfear an oiliúint ar fáil ag tús caidrimh fostaíochta agus aon uair a shainaithnítear riachtanais oiliúna bhreise.

(2)

Beidh fad na hoiliúna leordhóthanach i ndáil le cúraimí na n-oibrithe lena mbaineann.

(3)

Is teagascóir a bhfuil a cháilíocht nó a cáilíocht aitheanta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta a chuirfidh an oiliúint ar fáil.

(4)

Gheobhaidh gach oibrí a d’fhreastail ar oiliúint ar bhealach sásúil deimhniú oiliúna ina luaitear gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

dátaí na hoiliúna;

(b)

fad na hoiliúna;

(c)

ábhar na hoiliúna;

(d)

teanga na hoiliúna;

(e)

ainm, cáilíocht agus sonraí teagmhála an teagascóra nó na hinstitiúide a sholáthair an oiliúint, nó ainm, cáilíocht agus sonraí teagmhála an teagascóra agus na hinstitiúide.

(5)

Oibrithe a nochtar, nó ar dócha go nochtfar iad, do dheannach ó aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist, cuirfear, ar a laghad, an oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil maidir leis an méid seo a leanas orthu:

(a)

an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar an obair;

(b)

airíonna na haispeiste agus a héifeachtaí ar an tsláinte, lena n-áirítear an éifeacht shineirgisteach a ghabhann le caitheamh tobac;

(c)

na cineálacha táirgí nó ábhar ar dócha go mbeadh aispeist iontu;

(d)

na hoibríochtaí a bhféadfadh nochtadh d’aispeist a bheith mar thoradh orthu agus tábhacht na rialuithe coisctheacha chun nochtadh den sórt sin a íoslaghdú;

(e)

cleachtais oibre shábháilte, rialuithe agus trealamh cosanta;

(f)

ról, rogha, roghnú, teorainneacha agus úsáid iomchuí trealaimh cosanta, agus aird ar leith á tabhairt ar threalamh riospráide;

(g)

nósanna imeachta éigeandála;

(h)

nósanna imeachta dí-éillithe;

(i)

diúscairt dramhaíola;

(j)

ceanglais faireachais leighis.

Déanfar an oiliúint a oiriúnú chomh gar agus is féidir do shaintréithe ghairm na n-oibrithe agus do chúraimí sonracha agus na modhanna oibre na gairme sin.

(6)

Beidh sé de cheangal ar oibrithe a ghabhann d’obair scartála nó bainte aispeiste oiliúint a fháil sa bhreis ar an oiliúint dá bhforáiltear de bhun phointe (5) maidir le húsáid trealaimh teicneolaíochta agus meaisíní chun scaoileadh agus leathadh snáithíní aispeiste a shrianadh le linn na bpróiseas oibre, i gcomhréir leis an Treoir seo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2668/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top