Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0965

    Moladh (AE) 2023/965 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 maidir leis an modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia

    C/2023/3065

    IO L 129, 16.5.2023, p. 17–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/965/oj

    16.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 129/17


    MOLADH (AE) 2023/965 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Bealtaine 2023

    maidir leis an modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) leagtar amach na forálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia. I gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán sin, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar thomhaltas agus úsáid breiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinn II, Cuid B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 de réir cur chuige rioscabhunaithe agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí, a mhinice is iomchuí, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). Chuige sin, bhí an Coimisiún le modheolaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun go bhféadfadh na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le hiontógáil chothaithe breiseán bia san Aontas.

    (2)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar amach na forálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar iontógáil blastán bia. I gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán sin, bunóidh na Ballstáit córais chun faireachán a dhéanamh, trí chur chuige rioscabhunaithe a úsáid, ar thomhaltas agus ar úsáid blastán a leagtar amach i liosta an Aontais agus ar thomhaltas na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus cuirfidh siad a gcuid torthaí in iúl don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is iomchuí. Chuige sin, bhí an Coimisiún le modheolaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun go bhféadfadh na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le hiontógáil chothaithe blastán bia san Aontas.

    (3)

    Cé go bhfuil gá le modh comhchoiteann chun a áirithiú go bhféadfadh an iontógáil breiseán agus blastán bia arna ríomh ag Ballstáit éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus go bhféadfaí na sonraí a bailíodh a úsáid chun an iontógáil ar leibhéal an Aontais a ríomh, cuireadh isteach ar ullmhú na modheolaíochta comhchoitinne sin de bharr infhaighteacht theoranta na modhanna anailíse, na gcaighdeán anailíseacha agus an easpa faisnéise maidir le húsáid blastán bia.

    (4)

    Mar sin féin, sholáthair an tÚdarás treoraíocht chun meastachán a dhéanamh ar iontógáil chothaithe na mblastán bia an 23 Meitheamh 2010 (3) agus an 23 Nollaig 2022 (4). I gcás breiseáin bhia, sholáthair an tÚdarás treoraíocht maidir le meastachán a dhéanamh ar an iontógáil chothaithe (5) an 18 Iúil 2012 agus, an tráth céanna, sheol sé uirlis um measúnú nochta le haghaidh breiseáin bhia, is é sin le rá an Sásra um Iontógáil Breiseáin Bia. An 17 Deireadh Fómhair 2017, d’fhoilsigh an tÚdarás ráiteas maidir leis an gcur chuige a leantar le haghaidh an mheasúnaithe nochta scagtha mar chuid den mheasúnú sábháilteachta ar bhreiseáin bhia a bhfuil athmheastóireacht á déanamh orthu (6). Ar bhonn na treoraíochta sin agus chun taithí a fháil, chun dul i ngleic le cuid de na deacrachtaí a bhí rompu agus chun glacadh modheolaíochta comhchoitinne a éascú amach anseo, molann an Coimisiún do na Ballstáit an mhodheolaíocht dá bhforáiltear sa Mholadh seo a chur i bhfeidhm.

    (5)

    I bhfianaise an lín aird breiseán bia agus blastán bia a d’fhéadfadh a bheith i mbia-earraí éagsúla atá ar an margadh agus, dá bhrí sin, i bhfianaise an lín aird comhcheangal breiseán bia agus blastán bia a d’fhéadfadh a bheith i gceist le catagóirí bia, is iomchuí go ndéanfaidh na Ballstáit breiseáin bhia agus blastáin bhia a chatagóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh ar bhonn an riosca a bhaineann leo. Chun tosaíochtaí oibiachtúla a áirithiú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an riosca ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca is déanaí a rinne an tÚdarás nó an Coiste Eolaíoch um Bia, go príomha, measúnú a dhéanfar ar thásca eile nach mór breiseán bia nó blastán bia a choinneáil faoi fhaireachas níos géire, amhail eisíontais a bheith ann i gcás breiseáin bhia, nó ar thásca go bhfuil an iontógáil chothaithe a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe sábháilteachta as dáta nó go ndearnadh gannmheas uirthi. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit gan blastáin bhia a chatagóiriú agus gan tosaíocht a thabhairt do bhlastáin bhia a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún faisnéis a iarradh ó tháirgeoirí agus ó úsáideoirí ina leith agus ar cosúil nach gá faireachán a dhéanamh orthu ar bhonn thoradh an mheasúnaithe deiridh a rinne an tÚdarás. Thairis sin, chun solúbthacht a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit na tosaíochtaí a choigeartú trí chúinsí eile a chur san áireamh.

    (6)

    Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar fáil i measc na mBallstát, an Choimisiúin agus an Údaráis, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar thoradh na dtosaíochtaí a tugadh i bplean faireacháin ilbhliantúil agus an plean faireacháin ilbhliantúil a choinneáil cothrom le dáta.

    (7)

    Ós rud é gur cheart ríomh na hiontógála breiseán bia agus blastán bia a bheith san áireamh sna sonraí a bailíodh, níl sé leordhóthanach sonraí láithreachta amháin a bhailiú agus ba cheart do na Ballstáit ar a laghad cineál amháin sonraí tarluithe a bhailiú. Mar sin féin, féadfar sonraí láithreachta a bhailiú freisin ós rud é gur féidir a shainaithint cé acu a úsáidtear breiseán bia nó blastán bia i mbia-earra áirithe nó nach n-úsáidtear ann iad.

    (8)

    Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhaileofar ionadaíoch ó thaobh úsáid an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia i mbianna atá ar an margadh laistigh den Bhallstát agus chun meastachán a dhéanamh ar iontógáil na mbreiseán bia agus na mblastán bia sin, ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na bia-earraí i gcás inar gá faireachán a dhéanamh ar láithreacht nó tarlú breiseán bia agus blastán bia i gcomhréir le critéir lena gcuirtear rannchuidiú coibhneasta na mbianna nó na mbrandaí san áireamh leis an iontógáil chothaithe. Thairis sin, ós rud é gur féidir substaintí áirithe, amhail aigéad ascorbach, a bheith i mbia de bharr iad a bheith i láthair go nádúrtha, de bharr iad a chur leis mar fhoinse chothaitheach, nó de bharr iad a chur leis mar bhreiseán bia nó mar bhlastán bia, ba cheart do na Ballstáit bianna a chur san áireamh freisin lena gcuirtear le hiontógáil chothaithe substainte a thagann ó fhoinsí eile cé is moite dá húsáid mar bhreiseán bia nó mar bhlastán bia, chun gur féidir an iontógáil chothaithe a ríomh ó fhoinsí cé is moite d’úsáid an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia agus chun an teagmháil fhoriomlán leis an tsubstaint lena mbaineann a ríomh.

    (9)

    Chun léargas iomlán a fháil ar an gcás, féadfaidh na Ballstáit sonraí faireacháin a chomhlánú le sonraí ó chúraimí rialaithe oifigiúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) atá ionadaíoch ó thaobh úsáid na mbreiseán bia nó na mblastán bia i mbia atá le fáil ar an margadh.

    (10)

    Chun torthaí iontaofa a fháil, ba cheart do na Ballstáit modhanna anailíse a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 ina bhfuil liosta de mhodhanna a úsáidtear le haghaidh anailísí saotharlainne.

    (11)

    I bhfianaise éagsúlacht na mbreiseán bia agus na mblastán bia, éagsúlacht na mbianna ina n-úsáidtear iad agus éagsúlacht a gcoinníollacha úsáide, ní fhéadfar an taithí agus an t-eolas a fhaigheann na Ballstáit a chur i gcomparáid le chéile agus a mheas ach amháin i gcás ina bhfuarthas iad maidir leis na breiseáin bhia chéanna agus na blastáin bhia chéanna. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart do na Ballstáit tosú le tosaíocht a thabhairt do bhreiseáin bhia agus do bhlastáin bhia agus na Ballstáit eile, an Coimisiún agus an tÚdarás a chur ar an eolas fúthu, ach ba cheart dóibh, mar chéim thosaigh, aontú le faireachán a dhéanamh ar liosta comhchoiteann, teoranta de bhreiseáin agus blastáin bhia,

    AG MOLADH:

    (1)

    Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia’ sonraí a bhailiú maidir le láithreacht agus tarlú breiseán bia agus blastán bia i mbia chun iontógáil chothaithe náisiúnta na mbreiseán bia agus na mblastán bia a mheas agus chun na sonraí tarluithe a úsáidtear agus an iontógáil chothaithe a measadh tráth an mheasúnaithe teagmhála is déanaí a rinne an tÚdarás nó an Coiste Eolaíoch um Bia a fhíorú;

    (b)

    ciallaíonn ‘sonraí láithreachta’ sonraí maidir le láithreacht nó neamhláithreacht breiseáin bia shonraigh nó blastáin bia shonraigh i mbia-earra;

    (c)

    ciallaíonn ‘sonraí tarluithe’ tiúchan an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia i mbia-earra (arna shloinneadh mar mg/l nó mg/kg de bhia, mar is iomchuí), lena n-áirítear leibhéil úsáide iarmhír agus sonraí anailíseacha;

    (d)

    ciallaíonn ‘leibhéil úsáide iarmhír’ tiúchan an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia atá le cur leis an mbia, arna dtuairisciú ag oibreoirí gnólachta;

    (e)

    ciallaíonn ‘sonraí anailíseacha’ tiúchan an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia arna tomhas sa bhia;

    (f)

    ciallaíonn ‘pointe tagartha’ an dáileog a dhíorthaítear ó shonraí turgnamhacha agus a úsáidtear i measúnú riosca chun leibhéal sábháilte a bhunú (e.g. iontógáil laethúil inghlactha) nó chun féachaint ar ábhair imní maidir le sábháilteacht trí chorrlach teagmhála a ríomh sa chás nach iomchuí leibhéal sábháilte a bhunú nó nach féidir leibhéal sábháilte a bhunú leis na sonraí atá ar fáil;

    (g)

    ciallaíonn ‘iontógáil laethúil inghlactha’ uasmhéid measta oibreáin, arna sloinneadh ar bhonn corpmhaise a bhféadfadh daoine aonair i ndaonra nó i bhfodhaonra teagmháil a dhéanamh leis le linn a saoil gan riosca suntasach don tsláinte a bheith ann (8).

    (2)

    Ba cheart do na Ballstáit breiseáin bhia agus blastáin bhia a chatagóiriú i gcomhréir le Cuid A agus Cuid C den Iarscríbhinn, faoi seach. Mar sin féin, na breiseáin bhia atá faoi athmheastóireacht nó a bhfuil na bearta leantacha maidir leis an athmheastóireacht ina leith leanúnach, níor cheart faireachán a dhéanamh orthu.

    (3)

    Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a leithdháileadh ar gach breiseán bia agus blastán bia, i gcomhréir le Codanna B agus D den Iarscríbhinn.

    Féadfaidh na Ballstáit cúinsí dlisteanacha eile a chur san áireamh, amhail an dé-úsáid mar bhreiseán bia agus mar bhlastán bia, modhanna agus caighdeáin anailíse a bheith ar fáil, ábhar imní don phobal, úsáid ar leith atá ard nó íseal de bhreiseán bia nó blastán bia sonrach i gcríoch an Bhallstáit, grúpaí sonracha den daonra a bhíonn á dtomhailt go minic, nó an easpa faisnéise maidir leis na bianna a bhféadfadh sé gur úsáideadh blas iontu.

    (4)

    Faoin 30 Meán Fómhair 2025, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    breiseáin bhia a chatagóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh;

    (b)

    na nithe seo a leanas a chatagóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh:

    blastáin bhia a bhaineann le grúpa 1, 2 agus 4, mar a shainmhínítear i gCuid C den Iarscríbhinn;

    na substaintí a bhaineann le grúpa 3, mar a shainmhínítear i gCuid C den Iarscríbhinn ar sainaithníodh pointe tagartha ina leith agus a bhfuil measúnú ar iontógáil ar fáil ina leith.

    Ó 2026 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit an catagóiriú agus na tosaíochtaí a thugann siad do na breiseáin agus blastáin bhia a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil chun go gcuirfidh siad an toradh ó fhaireachán na bliana roimhe sin agus na measúnuithe riosca nua arna bhfoilsiú ag an Údarás san áireamh.

    (5)

    Ba cheart do na Ballstáit plean faireacháin ilbhliantúil a ullmhú lena léirítear toradh na dtosaíochtaí. Ba cheart ar a laghad 3 bliana a chlúdach sa phlean faireacháin ilbhliantúil seo agus ba cheart na breiseáin bhia agus na blastáin bhia a bhfuil faireachán le déanamh orthu gach bliain a liostú ann. Ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, agus an catagóiriú agus na tosaíochtaí atá tugtha cothrom le dáta á gcur san áireamh ann.

    (6)

    Ba cheart do na Ballstáit ar a laghad cineál amháin de na cineálacha sonraí seo a leanas a bhailiú:

    (a)

    leibhéil úsáide iarmhír ar an leibhéal náisiúnta, i gcás breiseáin bhia;

    (b)

    sonraí anailíseacha.

    Féadfaidh na Ballstáit sonraí láithreachta a bhailiú freisin.

    (7)

    Ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na bia-earraí i gcás ina ndéanfar faireachán ar tharlú breiseáin bia nó blastáin bia iontu agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh acu:

    (a)

    na catagóirí bia inar féidir coinne a bheith le breiseán bia nó blastán bia a bheith i láthair iontu;

    (b)

    na catagóirí bia a nglactar leis go rannchuidíonn siad go suntasach leis an iontógáil breiseáin bia agus blastáin bia le haghaidh an daonra ar fad nó le haghaidh grúpaí aoise sonracha;

    (c)

    na príomhbhrandaí a thomhlaítear;

    (d)

    bianna ar féidir leo cur le hiontógáil chothaithe ó fhoinsí cé is moite d’úsáid an bhreiseáin bia nó an bhlastáin bia.

    (8)

    Is féidir leis na Ballstáit sonraí faireacháin a chomhlánú le sonraí ó chúraimí rialaithe oifigiúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 i gcás ina bhfuil na sonraí sin ionadaíoch ó thaobh úsáid na mbreiseán bia nó na mblastán bia i mbia atá ar fáil ar an margadh. Nuair a úsáideann na Ballstáit sonraí ó chúraimí rialaithe oifigiúla, níor cheart dóibh ach na sonraí ón gclár rialaithe atá beartaithe a úsáid, agus ba cheart dóibh gan na sonraí ó theagmhais leantacha eile a úsáid.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit na gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh le haghaidh breiseáin bhia agus blastáin bhia trí mhodhanna iomchuí anailíse a bhfuil sé cruthaithe go ngineann siad torthaí iontaofa. Ba cheart modhanna a úsáidtear le haghaidh anailísí saotharlainne Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 a chomhlíonadh. Mar íoscheanglas chun faireachán a dhéanamh ar an iontógáil breiseán bia agus blastán bia, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar úsáid modh arna bhailíochtú le staidéar bailíochtaithe idirshaotharlainne nó insaotharlainne i gcomhréir le prótacail eolaíochta atá inghlactha go hidirnáisiúnta.

    (10)

    I gcás nach bhfuil sé indéanta anailís a dhéanamh ar an mblastán bia sa bhia deiridh, ba cheart do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar ullmhóidí, ullmhúcháin nó táirgí idirmheánacha. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit tiúchan chomhfhreagrach an bhlastáin bia sa bhia deiridh a ríomh chun gur féidir iontógáil chothaithe an bhlastáin bia a ríomh.

    (11)

    Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a bailíodh a sholáthar don Údarás ar bhonn bliantúil, mar aon leis an bhfaisnéis arna sonrú ag an Údarás agus san fhormáid leictreonach arna leagan amach ag an Údarás.

    Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Údarás agus don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas ar bhonn bliantúil:

    (a)

    toradh na dtosaíochtaí;

    (b)

    an plean faireacháin ilbhliantúil;

    (c)

    an mhodheolaíocht atá i bhfeidhm, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a bhfuarthas na leibhéil úsáide iarmhír agus na sonraí láithreachta agus cé acu a úsáideadh na sonraí ó chúraimí rialaithe oifigiúla chun na sonraí faireacháin a chomhlánú nó nár úsáideadh iad;

    (d)

    cé acu a sainaithníodh úsáidí neamhúdaraithe nó nár sainaithníodh iad.

    (12)

    Ba cheart do na Ballstáit céim phíolótach a eagrú agus chuige sin, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    liosta de chúig bhreiseán bia agus cúig bhlastán bia a mholadh do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi mhí Aibreáin 2023;

    (b)

    teacht ar chomhaontú maidir le liosta de chúig bhreiseán bia agus cúig bhlastán bia;

    (c)

    sonraí a bhailiú le linn na bliana 2024 le haghaidh trí cinn de na breiseáin bhia agus dhá cheann de na blastáin bhia a áirítear sa liosta a comhaontaíodh agus na sonraí a bailíodh a thuairisciú don Údarás faoin 30 Meitheamh 2025;

    (d)

    sonraí a bhailiú le linn na bliana 2025 le haghaidh dhá cheann de na breiseáin bhia agus trí cinn de na blastáin bhia a áirítear sa liosta a comhaontaíodh agus na sonraí a bailíodh a thuairisciú don Údarás faoi mhí an Mheithimh 2026.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

    (3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2010; (8 (6):1623.

    (4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(12):7673.

    (5)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2012; 10(7):2760.

    (6)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2017;15(10):5042.

    (7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena n-áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (8)   EFSA Panel on Food Additives and Nutrient Sources added to Food (ANS) [Painéal EFSA um Breiseáin agus Foinsí Cothaitheacha a chuirtear le Bia (ANS)]; Guidance for submission for food additive evaluations. [Treoraíocht maidir le meastóireachtaí ar bhreiseáin bhia a chur isteach]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2012; 10(7):2760. [53 lch.] doi:10.2903/j.efsa.2012.2760.


    IARSCRÍBHINN

    Breiseáin bhia agus blastáin bhia a ndéanfar faireachán orthu a chatagóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh ar bhonn riosca

    CUID A: Catagóiriú na mBreiseán bia

    Ba cheart breiseáin bhia a chatagóiriú i dtrí ghrúpa:

    1.   Grúpa 1: Breiseáin bhia nár sonraíodh iontógáil laethúil inghlactha ina leith nó ar thug an tÚdarás nó an Coiste Eolaíoch um Bia i gcrích sa mheasúnú riosca is déanaí nach bhfuil gá le hiontógáil laethúil uimhriúil inghlactha ina leith

    1a.

    breiseáin bhia nach bhfuil ábhar imní i gceist leo;

    1b.

    breiseáin bhia is gá a choinneáil faoi fhaireachas níos géire de bharr eisíontais a bheith ann nó ar chúis eile.

    2.   Grúpa 2: Breiseáin bhia arna leagan amach ag an Údarás nó ag an gCoiste Eolaíoch um Bia sa mheasúnú riosca is déanaí ar iontógálacha laethúla uimhriúla inghlactha

    2a.

    Breiseáin bhia nach bhfuil ábhar imní maidir le sábháilteacht i gceist leo a sainaithníodh sa mheasúnú riosca is déanaí ar bhonn uasleibhéil cheadaithe nó breiseáin bhia a ríomh an tÚdarás sna meastacháin d’iontógálacha scagtha ón measúnú riosca is déanaí, meastacháin nach mó ná 50 % iad den iontógáil laethúil inghlactha le haghaidh aon cheann de na grúpaí aoise.

    2b.

    Breiseáin bhia a ríomh an tÚdarás sna meastacháin d’iontógálacha scagtha ón measúnú riosca is déanaí, meastacháin nach mó ná 50 % iad den iontógáil laethúil inghlactha le haghaidh grúpa aoise amháin ar a laghad.

    2c.

    Breiseáin bhia nach n-áirítear i bpointí 2a nó 2b is gá a choinneáil faoi fhaireachas níos géire de bharr eisíontais a bheith ann nó ar chúis eile.

    3.   Grúpa 3: Breiseáin bhia ar tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir leo nach mbeadh aon ábhar imní i gceist leo d’ainneoin sonraí atá in easnamh chun iontógáil laethúil uimhriúil inghlactha a bhunú

    3a.

    Breiseáin bhia ar léirigh an tÚdarás nach mbeadh aon ábhar imní i gceist leo maidir leis na húsáidí a tuairiscíodh agus leibhéil úsáide d’ainneoin sonraí atá in easnamh chun iontógáil laethúil uimhriúil inghlactha a bhunú agus nach gá iad a choinneáil faoi fhaireachas níos géire.

    3b.

    Breiseáin bhia ar léirigh an tÚdarás nach mbeadh aon ábhar imní i gceist leo maidir leis na húsáidí a tuairiscíodh agus leibhéil úsáide d’ainneoin sonraí atá in easnamh chun iontógáil laethúil uimhriúil inghlactha a bhunú ach ar gá iad a choinneáil faoi fhaireachas níos géire de bharr eisíontais a bheith ann nó ar chúis eile.

    CUID B: Tosaíochtaí maidir le breiseáin bhia

    Ba cheart breiseáin bhia a aicmiú i dtrí leibhéal tosaíochta:

    1.   Ardtosaíocht

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 2b a bhfuil tásca ann ina leith go bhfuil an iontógáil chothaithe as dáta nó go ndearnadh gannmheas uirthi mar a measadh sa mheasúnú riosca is déanaí.

    2.   Tosaíocht mheánach

    2.1

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 2b nach gclúdaítear faoi ardtosaíocht iad.

    2.2

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 2a a bhfuil tásca ann ina leith go bhfuil an iontógáil chothaithe as dáta nó go ndearnadh gannmheas uirthi mar a measadh sa mheasúnú riosca is déanaí.

    2.3

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 3a a bhfuil tásca ann ina leith go bhfuil an iontógáil chothaithe as dáta nó go ndearnadh gannmheas uirthi mar a measadh sa mheasúnú riosca is déanaí.

    2.4

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 2c

    2.5

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 3b

    2.6

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 1b

    3.   Tosaíocht íseal

    3.1

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 1a

    3.2

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 2a nach gclúdaítear faoi thosaíocht mheánach iad

    3.3

    Breiseáin bhia a bhaineann le Grúpa 3a nach gclúdaítear faoi thosaíocht mheánach iad

    CUID C: Catagóiriú na mBlastán bia

    Ba cheart blastáin bhia a chatagóiriú i gceithre ghrúpa:

    Grúpa 1: Substaintí neamh-inmhianaithe a áirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

    Grúpa 2: Blastáin deataigh mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (1).

    Grúpa 3: Blastáin bhia a údaraítear lena n-úsáid le srianta nó gan srianta i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus a sáraíonn an uasiontógáil laethúil theoiriciúil bhreise mhodhnaithe ina leith tairseach an luacha d’ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta (2) arna bunú ag an Údarás, uasiontógáil a ríomh an tÚdarás sa mheasúnú riosca is déanaí.

    Grúpa 4: Blastáin bhia agus ábhair bhia lena ngabhann airíonna blaistithe nach gclúdaítear i ngrúpa 1 go 3 iad.

    CUID D: Tosaíochtaí maidir le blastáin bhia

    Ba cheart blastáin bhia a aicmiú i dtrí leibhéal tosaíochta

    1.   Ardtosaíocht

    1.1

    Blastáin bhia a bhaineann le grúpa 3 lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    sainaithníodh pointe tagartha agus tá measúnú ar iontógáil ar fáil;

    (b)

    tá tásca ann go bhfuil an iontógáil chothaithe as dáta nó go ndearnadh gannmheas uirthi mar a measadh sa mheasúnú riosca is déanaí;

    (c)

    bheadh ábhar imní maidir le sláinte i gceist leis an iontógáil a dhúbailt.

    1.2

    Substaintí neamh-inmhianaithe a bhaineann le grúpa 1.

    1.3

    Blastáin bhia a d’fhéadfadh a bheith i láthair in ullmhúcháin bhlaistithe, agus ar baineadh de liosta an Aontais de na substaintí blaistithe iad de bharr ábhair imní maidir le sábháilteacht.

    2.   Tosaíocht mheánach

    2.1

    Blastáin bhia a bhaineann le grúpa 3 nár sainaithníodh pointe tagartha ina leith. Laistigh den ghrúpa seo, ba cheart faireachán a dhéanamh ar dtús ar na substaintí is mó a sháraíonn tairseach an luacha d’ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta.

    2.2.

    Substaintí a bhaineann le grúpa 2 (blastáin deataigh).

    3.   Tosaíocht íseal

    3.1.

    Blastáin bhia a bhaineann le grúpa 3 nach gclúdaítear faoi ardtosaíocht nó tosaíocht mheánach iad.

    3.2

    Blastáin agus ábhair bhia lena ngabhann airíonna blaistithe a bhaineann le grúpa 4 nach gclúdaítear faoin ardtosaíocht iad.


    (1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe atá le húsáid mar tháirgí den sórt sin i mbianna nó ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh díorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54).

    (2)  Bunaíodh an tairseach luach d’ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta le haghaidh substaintí a bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu agus a ngabhann dóchúlacht tocsaineachta chomhchosúil leo, tairseach atá bunaithe ar shonraí toscaineolaíochta fairsinge a foilsíodh. Tá trí chatagóir leathana de thocsaineacht íseal, mheasarthach nó ard (EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(6):5708).


    Top