Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H01553

    Moladh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 30 maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú TEF) a thrasuí

    C/2023/8558

    IO C, C/2023/1553, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1553

    19.12.2023

    MOLADH ÓN GCOIMISIÚN

    an 12 Nollaig 2023

    maidir le hAirteagal 30 maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (‘athmhúnlú TEF’) a thrasuí

    (C/2023/1553)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa teachtaireacht uaidh an 28 Samhain 2018 dar teideal A Clean Planet for all – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de] (1), dúirt an Coimisiún gur réimse tábhachtach gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh agus nach féidir dícharbónú iomlán gheilleagar an Aontais a bhaint amach dá huireasa.

    (2)

    I mí na Nollaig 2018 cuimsíodh sprioc nua an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar chuid den phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, ar sprioc í de 32,5 % ar a laghad, i gcomparáid leis an úsáid réamh-mheasta fuinnimh in 2030, a raibh sé d’aidhm aige an éifeachtúlacht fuinnimh a chur sa chéad áit, agus ar an gcaoi sin ceannaireacht dhomhanda ó thaobh fuinnimh inathnuaite de a bhaint amach agus margadh cóir a chur ar fáil do chustaiméirí.

    (3)

    Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh’ (TEF)), (2) arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002, (3) a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi an phríomhsprioc maidir le coigilteas fuinnimh 32.5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

    (4)

    Sa teachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition — Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 — Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire] (‘an Plean um Sprioc Aeráide’), (4) mhol an Coimisiún uaillmhian aeráide an Aontais a ardú tríd an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú go 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Leis an togra seo comhlíonadh an gealltanas a tugadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ chun plean cuimsitheach a chur chun tosaigh chun sprioc an Aontais do 2030 a mhéadú i dtreo 55 % ar bhealach freagrach.

    (5)

    Léiríodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide gur gá, chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a ardú go suntasach ón leibhéal reatha 32,5 %.

    (6)

    Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, i dteachtaireacht uaidh an 19 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Commission Work Programme 2021 – A Union of vitality in a world of fragility [Clár Oibre an Choimisiún do 2021: Aontas beogachta i ndomhan leochaileach], (5) ghlac an Coimisiún pacáiste reachtach chun laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 (an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’), agus Aontas Eorpach atá aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Cumhdaíonn an pacáiste sin raon réimsí beartais lena n-áirítear togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

    (7)

    Dá bhrí sin, glacadh Treoir (AE) 2023/1791 (‘athmhúnlú na Treorach um Éifeachtúlacht Fuinnimh’ (athmhúnlú TEF)) (6) an 13 Meán Fómhair 2023, lenar ardaíodh go suntasach an leibhéal uaillmhéine do 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear i ndáil le maoiniú don éifeachtúlacht fuinnimh.

    (8)

    Tá sé ríthábhachtach infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh trí bhearta tiomnaithe um beartas agus um maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh – atá in ann líon na dtionscadal éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú agus maoiniú príobháideach a ghiaráil do chur chun feidhme Athmhúnlú TEF – chun tacú leis na Ballstáit spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar bhealach costéifeachtúil, agus iomaíochas agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais á n-áirithiú ag an am céanna.

    (9)

    Ina conclúidí an 21-22 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Nollaig 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún Eorpach tograí nithiúla a thíolacadh chun, i measc nithe eile, iarrachtaí a mhéadú chun fuinneamh a shábháil agus d’athdhearbhaigh sí an gá le dlús a chur le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh.

    (10)

    Aithnítear in Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF an gá atá le tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach a úsáid le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, chun bearta beartais spriocdhírithe a fhorbairt lena gcumasaítear infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh agus leagtar síos an bonn le haghaidh tuilleadh oibre chun infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh a dhreasú, ag cur béim ar an gcomhar idir an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit.

    (11)

    Go háirithe, de bhun Airteagal 30(1) agus gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, ba cheart do na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint as cinn atá ann cheana, a éascú le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le hilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil á gcur le chéile. Cé go gceanglaítear le hAirteagal 30(2) ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun an tsaoráid um chúnamh maoinithe agus forbartha tionscadail a bhunú chun infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh agus chun tacú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ísealioncaim agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Chun tacú leis na Ballstáit Airteagal 30(1) agus (2) TEF a thrasuí agus a chur chun feidhme, meabhraítear sa treoir raon feidhme agus cuspóirí na gceanglas agus soláthraítear roghanna agus samplaí de bhearta beartais chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh, amhail an gá leis an gcreat rialála a chuíchóiriú chun cumasc ilsruthanna maoinithe AE agus náisiúnta a chumasú, agus an gá atá le bunú saoráidí cúnaimh theicniúil a éascú ar an leibhéal náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach.

    (12)

    Ceanglaítear le hAirteagal 30(3) ar na Ballstáit táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn – amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa – agus a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus go mbeidh siad infheicthe agus inrochtana ag tomhaltóirí, chomh maith le bearta a ghlacadh chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus i leith cáin mhaoine a éascú, agus chun bunú saoráidí ráthaíochta iasachta le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh. Chun tacú leis na Ballstáit Airteagal 30(3) TEF a thrasuí agus a chur chun feidhme, meabhraítear sa treoir raon feidhme agus cuspóirí na gceanglas agus soláthraítear roghanna agus samplaí de bhearta beartais chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh, amhail an creat rialála is gá a fhorbairt chun neamh-idirdhealú iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú, scéimeanna tacaíochta agus saoráidí dí-rioscaithe a thiomnú chun táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, agus na bearta is gá a dhéanamh chun scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine agus inbhille a chumasú sna creataí náisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit a bheith comhsheasmhach le acquis rialála airgeadais an Aontais agus na bearta atá ar fáil dóibh agus do rannpháirtithe sa mhargadh laistigh de chreat an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe a ghiaráil, agus gan dochar d’fhorbairt bhreise sna réimsí sin.

    (13)

    Ceanglaítear le hAirteagal 30(4) agus (5) ar na Ballstáit bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais a chur chun cinn lena ndíreofar go sonrach ar athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair, agus saineolas áitiúil agus tacaíocht cúnaimh theicniúil a chur chun cinn chun dícharbónú a bhaint amach ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair áitiúil. Chun tacú leis na Ballstáit Airteagal 30(4) agus (5) TEF a thrasuí agus a chur chun feidhme, meabhraítear sa treoir raon feidhme agus cuspóirí na gceanglas agus soláthraítear roghanna agus samplaí de bhearta beartais chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh, amhail scéimeanna maoinithe tiomnaithe a sheoladh le haghaidh athchóiriú téimh ceantair i ndáil le hionaid ilfhreastail a bhunú d’oibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair.

    (14)

    Ceanglaítear le hAirteagal 30(7) ar an gCoimisiún idirphlé a dhéanamh le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon, chomh maith le hearnálacha sonracha ábhartha chun riachtanais agus gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach d’fhonn maoiniú príobháideach a shlógadh le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, agus chun rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. I ndáil leis sin, seolfaidh an Coimisiún Comhghuaillíocht Eorpach nua maidir le Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh lena mbeidh na Ballstáit rannpháirteach freisin i gcomhar níos dlúithe, rud a chruthóidh creat le haghaidh idirphlé i dtreo gníomhaíochta, lenar féidir infheistíochtaí ar éifeachtúlacht fuinnimh a éascú.

    (15)

    De bhun Airteagal 30(11), féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a bhunú a mbeidh sé de chuspóir aige tacú leis na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-oibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. De réir Airteagal 30(12), i gcás ina mbunaítear ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, ba cheart é sin a úsáid chun glacadh infheistíochtaí príobháideacha in éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus chun tacú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ísealioncaim agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Chun tacú leis na Ballstáit Airteagal 30(11) agus (12) TEF a thrasuí agus a chur chun feidhme agus chun úsáid a bhaint as na roghanna atá ar fáil in Airteagal 30(13) agus (14) TEF, meabhraítear sa treoir raon feidhme agus cuspóirí na bhforálacha maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, moltar bearta atá le déanamh chun é a bhunú, agus an rogha oibleagáidí bliantúla a chomhlíonadh go sealadach faoi TEF trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais leis an gciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith leis an modheolaíocht chun ranníocaíocht airgeadais den sórt sin a ríomh.

    (16)

    Neartaítear le hAirteagal 30(17) na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana do na Ballstáit maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh, trína cheangal tuairisciú don Choimisiún faoin 15 Márta 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, sonraí maidir le (a) méid na n-infheistíochtaí poiblí ar éifeachtúlacht fuinnimh agus an meánfhachtóir giarála a baineadh amach trí chistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh; (b) méid na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí éagsúla; (c) i gcás inarb ábhartha, cláir mhaoinithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoinithe nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh. Ina theannta sin, soiléirítear le hAirteagal 30(18) na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ann cheana atá le cur san áireamh chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 17, pointe (b), a chomhlíonadh.

    (17)

    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuítear Airteagal 30 maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025.

    (18)

    Tá gá le trasuí iomlán agus cur chun feidhme éifeachtach athmhúnlú TEF má tá an tAontas chun a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide do 2030 a bhaint amach.

    (19)

    Tá roinnt corrlach lánrogha ag na Ballstáit chun na ceanglais maidir le hAirteagal 30 maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a thrasuí agus a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr a oireann dá gcúinsí náisiúnta.

    AG MOLADH LEIS SEO DO NA BALLSTÁIT:

    1.

    Lean na treoirlínte dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo agus na ceanglais a tugadh isteach le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh á dtrasuí.

    2.

    Mínítear sa Mholadh seo na ceanglais leasaithe agus léirítear conas is féidir cuspóirí na Treorach a bhaint amach. Is é is aidhm dó rannchuidiú le tuiscint aonfhoirmeach ar athmhúnlú TEF ar fud na mBallstát agus a mbearta trasuite á n-ullmhú acu.

    3.

    Ní athraítear leis an Moladh seo éifeachtaí dlíthiúla athmhúnlú TEF agus tá sé gan dochar do léirmhíniú ceangailteach athmhúnlú TEF mar a fhorálann an Chúirt Bhreithiúnais. Dírítear ann ar na forálacha a bhaineann le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh agus baineann sí le hAirteagal 30 a ghabhann le hAthmhúnlú TEF.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Kadri SIMSON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, A Clean Planet for all – a European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách — Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de], COM(2018) 773 final.

    (2)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

    (3)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

    (4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2023 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire] COM/2020/562 final.

    (5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Commission Work Programme 2021 - A Union of vitality in a world of fragility [Clár Oibre an Choimisiúin do 2021 - Aontas beogachta i ndomhan leochaileach] COM(2020) 690 final.

    (6)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1–111).


    IARSCRÍBHINN

    1.   RÉAMHRÁ

    Is é is aidhm le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (‘athmhúnlú TEF’) infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha in éifeachtúlacht fuinnimh in earnálacha éagsúla a mhéadú chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Rannchuidíonn sé leis an gcuspóir sin trí chreat cumasúcháin a sholáthar chun costéifeachtacht na tacaíochta buiséid phoiblí agus úsáid infheistíochtaí príobháideacha i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú. Ní leor maoiniú ón Aontais agus maoiniú poiblí náisiúnta chun freastal ar na riachtanais infheistíochta, ní mór formhór na tacaíochta airgeadais a shlógadh ón earnáil phríobháideach. Díreofar an méid teoranta cistithe phoiblí atá ar fáil ar aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar infheistíochtaí, ar thacú le hinfheistíochtaí ag na grúpaí is leochailí, ar ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí poiblí a sholáthar, agus é mar chuspóir leis dlús a chur le cur i bhfeidhm na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus ar infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus a shlógadh. Meastar go bhfeabhsóidh trasuí agus cur chun feidhme Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú an creat cumasúcháin chun infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh, agus ar an gcaoi sin go rannchuideoidh sé le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus le cuspóirí coigiltis fuinnimh REPowerEU araon.

    Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo tacú leis na Ballstáit maidir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a thrasuí. Baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá na tuairimí a nochtar sa treoir seo gan dochar don seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

    Sonraítear na hoibleagáidí do na Ballstáit in Airteagal 30 ag tús gach roinne den Iarscríbhinn seo agus ceanglaítear ar na Ballstáit roinnt beart beartais a chur chun feidhme, nó cláir mhaoinithe agus tacaíochta, agus é mar chuspóir infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú ar fud earnálacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le spriocanna ceangailteacha éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach.

    Meabhraítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo na forálacha éigeantacha in Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF atá le trasuí agus le cur chun feidhme sa chreat reachtach náisiúnta, lena dtugtar mínithe ar raon feidhme agus ar chuspóirí na bhforálacha, chomh maith le tuilleadh faisnéise maidir le rogha beart beartais féideartha chun na ceanglais a chomhlíonadh.

    Tugtar aghaidh i Roinn 3 den Iarscríbhinn seo ar na forálacha roghnacha maidir leis na cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, lena dtugtar an rogha do na Ballstáit ciste den sórt sin a bhunú chun cuspóirí athmhúnlú TEF a chomhlíonadh, agus cuid d’oibleagáidí athmhúnlú TEF trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais. Sa chás go roghnaítear an rogha seo, tá feidhm ag roinnt ceanglas beacht.

    Tugtar aghaidh i Roinn 4 den Iarscríbhinn seo ar na ceanglais tuairiscithe neartaithe maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh, atá infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit. Déanfar an tuairisciú seo a chomhtháthú sna Tuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn (NECPR) de réir Airteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

    2.   FORÁLACHA ÉIGEANTACHA MAIDIR LE TRASUÍ AGUS CUR CHUN FEIDHME

    Is é ceanglas lárnach Airteagal 30 é go n-éascódh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe agus/nó úsáid na gceann atá ann cheana a mhéadú chun tacú le bearta um éifeachtúlacht fuinnimh, agus go gcuirfí chun cinn agus go gcuirfí deireadh leis na bacainní atá ann cheana ar mhéadú na réiteach maoinithe príobháideach agus nuálach ar mhaithe le héifeachtúlacht fuinnimh. Tá sé sin ríthábhachtach chun an méid iomchuí infheistíochta in éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh. Tugann an roinn seo a leanas agus a fo-ranna aghaidh ar na príomhcheanglais shainordaitheacha maidir le trasuí a eascraíonn as Airteagal 30.

    2.1.   Saoráidí maoinithe a éascú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile

    Tábla 2-1.

    Airteagal 30, míreanna 1 agus 2

    #

    Mír ó Airteagal 30

    1

    Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint as cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le hilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile.

    2

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí na hinstitiúidí Eorpacha airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí s an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla , agus custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chosaint agus a chumhachtú lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

    2.1.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    Ceanglaítear le hAirteagal 30(1) ar na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe a éascú agus meascadh idir ilsreafaí maoinithe a uasmhéadú. De réir Airteagal 30(2) sa bhreis ar shaoráidí ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil a éascú. Le heolas mionsonraithe ar an stoc foirgníochta agus ar áititheoirí áitiúla, tá saoráidí maoinithe réigiúnacha agus áitiúla níos gaire do shaoránaigh agus do ghnólachtaí áitiúla. Dá bhrí sin, tá siad in ann dul i dteagmháil go gníomhach leo, rud a éascaíonn úsáid na tacaíochta airgeadais d’uasghráduithe ar éifeachtúlacht fuinnimh (1). Beidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtairgfidh saoráidí maoinithe meascán de shreafaí maoinithe éagsúla agus de chúnamh forbartha tionscadail, agus úsáid na tacaíochta ó chistí an Aontais a uasmhéadú chun saoráidí maoinithe náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú. Is minic a bhíonn gá le meascán de thacaíocht airgeadais agus theicniúil chun na bacainní éagsúla a shárú a chuireann cosc ar uasghráduithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear bacainní eacnamaíocha, airgeadais, iompraíochta agus faisnéise, lena n-áirítear litearthacht fuinnimh-airgeadais, maidir le próisis forbartha tionscadail, roghanna maoinithe, creidiúnacht conraitheora, etc (2). Agus saoráidí maoinithe agus tacaíochta teicniúla á mbunú acu lena gcuirtear tacaíocht airgeadais phoiblí ar fáil do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart do na Ballstáit na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a mheas (3).

    Cé go bhféadfadh tacaíocht airgeadais a bheith ar fáil, is minic nach eol gur ann dó ná nach eol conas rochtain a fháil air. Tá ionaid ilfhreastail éifeachtach maidir le feasacht ar roghanna teicniúla agus maoinithe a mhéadú chomh maith le meascán de thacaíocht theicniúil (4) agus airgeadais a thairiscint do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, sna hearnálacha cónaithe agus tráchtála araon (5). Féadfaidh ionaid ilfhreastail maoiniú a sholáthar go díreach do thionscadal agus/nó gníomhú mar idirghabhálaí, ag nascadh custaiméirí le maoinitheoirí poiblí nó príobháideacha. Tugann an scéim Hauts-de-France Pass Rénovation sampla de scéim a chumascann ionstraimí airgeadais le tacaíocht theicniúil (féach Bosca 1).

    Bosca 1. Hauts-de-France Pas Rénovation

    Is ‘ionad ilfhreastail’ cuimsitheach é an Hauts-de-France Pass Rénovation a úsáideann údarás réigiúnach chun tacú le hathchóiriú foirgneamh cónaithe sa réigiún. Is é an cuspóir atá leis an t-ídiú fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe a laghdú, bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus a léiriú gur riosca íseal é an maoiniú um éifeachtúlacht fuinnimh chun bainc phríobháideacha a spreagadh chun tuilleadh táirgí a rolladh amach. Cuireadh an clár ar bhonn píolótach in 2013 in Picardie agus leathnaíodh é ó shin go dtí Réigiún Hauts-de-France ar fad.

    Glacann an scéim roinnt beart chun infheictheacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Cuireadh feachtas poiblíochta chun feidhme chun feasacht an phobail ar an scéim a áirithiú. Tá tacaíocht ar fáil do gach úinéir-áititheoir nó cíosóir ar thithíocht chónaithe, gan beann ar aois agus ar chineál na tithíochta. Tairgtear réitigh mhaoinithe éagsúla lena n-áirítear tairiscint iasachta neamhspleách, ‘éiciasachtaí’ ar ús nialasach (faoin scéim náisiúnta rialáilte) agus rochtain éascaithe ar iasachtaí ó institiúidí airgeadais tríú páirtí. Is féidir le haibíochtaí iasachta a bheith chomh fada le 25 bliana bunaithe ar shaolré na n-athchóirithe ar leith. Cuirtear réamh-mhaoiniú na hoibre ar fáil, agus ní dhéantar aisíocaíochtaí ach ag deireadh an tionscadail. Chun inacmhainneacht a áirithiú, cuirtear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta san áireamh in íocaíochtaí míosúla. Is féidir le tairbhithe ar ioncam íseal nach acmhainn dóibh an iasacht a íoc ar ais tairbhe a bhaint freisin as cúnamh airgeadais a sholáthraíonn an t-údarás tithíochta stáit, ANAH. Cuirtear tacaíocht theicniúil ar fáil do theaghlaigh freisin lena n-áirítear iniúchadh teirmeach ar a dteaghais, comhairle ar oibreacha athchóirithe agus coigilteas fuinnimh féideartha, tacaíocht le hearcú cuideachtaí, faireachán ar láithreáin le linn athchóirithe agus faireachán ina dhiaidh sin ar ídiú fuinnimh.

    2.1.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    D’fhéadfadh na Ballstáit an ceanglas a chomhlíonadh maidir le bunú saoráidí maoinithe a éascú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile trí ghníomhaíochtaí éagsúla:

    An creat rialála a chuíchóiriú chun cumasc ilsreafaí maoinithe AE agus náisiúnta a chumasú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil ó shaoráidí éagsúla a chur le chéile.

    Dlúthchomhordú a áirithiú i measc na bhfoinsí éagsúla maoinithe don éifeachtúlacht fuinnimh agus riachtanais na dtairbhithe deiridh spriocdhírithe á gcur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfaí an tacaíocht bhuiséadach phoiblí atá le teacht do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh i dteaghlaigh leochaileacha ón gCiste Aeráide Sóisialta  (6) a sholáthar freisin trí idirghabhálaithe airgeadais, agus d’fhéadfadh na Ballstáit pleanáil a dhéanamh cheana féin maidir le conas bearta den sórt sin a chur san áireamh ina bPleananna Aeráide Sóisialta a thíolacfar faoi mhí an Mheithimh 2025 agus creat tacaíochta comhtháite a úsáid le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

    Saineolas tiomnaithe a bhunú i mbainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó in institiúidí poiblí comhchosúla a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn san éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe maidir le hionstraimí airgeadais a chumasc le cláir deontas poiblí.

    Bunú saoráidí cúnaimh theicniúil a éascú ar an leibhéal náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach. Is féidir le saoráidí cúnaimh theicniúil dul i dteagmháil go gníomhach le riaracháin áitiúla agus le gnólachtaí áitiúla chun tacaíocht airgeadais a úsáid agus chun meascadh a dhéanamh ar shruthanna airgeadais éagsúla le haghaidh uasghráduithe éifeachtúlachta. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta tacú leis na Ballstáit saoráidí cúnaimh theicniúil a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, bunaithe ar shamhail ELENA.

    Ionaid ilfhreastail a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil  (7): Soláthraíonn na scéimeanna sin tacaíocht theicniúil agus airgeadais go réamhghníomhach do ghnólachtaí maidir le huasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh ar a gcuid saoráidí, agus/nó d’úinéirí-áititheoirí nó do thionóntaí tithíochta cónaithe ar mian leo éifeachtúlacht fuinnimh a n-áitreabh a fheabhsú. Is féidir leo cabhrú le hiontaoibh a bhunú trí fhreagrachtaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a shainiú go soiléir i gcás fadhbanna le hoibreacha foirgníochta agus féadfaidh siad a bheith ríthábhachtach freisin chun tacú le grúpaí atá deacair a rochtain. Is féidir ról lárnach a bheith ag ionaid ilfhreastail freisin maidir le roinnt teaghlach a bhfuil riachtanais iarfheistithe chomhchosúla acu a thabhairt le chéile, agus ar an gcaoi sin gníomhú mar chomhbhailitheoirí tionscadal, ag cruthú barainneachtaí scála, an t-ualach riaracháin agus dearbhú cáilíochta a laghdú d’úinéirí-áititheoirí aonair, agus caighdeánú agus comhiomlánú tionscadal a chumasú d’infheisteoirí airgeadais agus chun críocha athmhaoinithe fiachais.

    2.2.   Táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn

    Tábla 2-2.

    Airteagal 30, mír 3 - an chéad abairt

    #

    Mír ó Airteagal 30

    3-an chéad abairt

    Glacfaidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, agus lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu.

    2.2.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    Is iasachtaí iad táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chumhdaíonn costas infheistíochta roimh ré na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh. Cuimsítear in iasachtú um éifeachtúlacht fuinnimh ionstraimí maoinithe fiachais éagsúla, ó iasachtaí caighdeánacha le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh go táirgí iasachta níos nuálaí amhail morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh, creidmheasanna glasa do thomhaltóirí, agus maoiniú inbhille agus i leith cáin mhaoine. Is féidir le roinnt cineálacha éagsúla iasachtóirí na táirgí sin a sholáthar, lena n-áirítear institiúidí poiblí, bainc, fóntais, etc., agus is féidir le raon leathan iasachtaithe iad a fháil, lena n-áirítear úinéirí tí, tionóntaí, gnólachtaí, cuideachtaí seirbhíse fuinnimh (ESCOanna) agus eagraíochtaí poiblí.

    Seachadtar táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh trí dhá phríomhbhealach de ghnáth:

    Línte creidmheasa, ar saoráidí iasachta iad a thairgeann bainc nó institiúidí airgeadais eile chun na sainchuspóra bearta um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú. I margaí maoinithe um éifeachtúlacht fuinnimh nuaghinte, ba cheart do bhainc phoiblí agus iltaobhacha, go hidéalach, tacú le línte creidmheasa um éifeachtúlacht fuinnimh. De réir mar a aibíonn margaí, is féidir le bainc thráchtála áitiúla línte creidmheasa tiomnaithe príobháideacha um éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt (e.g., morgáistí glasa).

    Cistí tiomnaithe, ar ionstraimí iad a bhfuil sainordú sonrach acu infheistíocht a dhéanamh i mbearta um éifeachtúlacht fuinnimh, agus béim á leagan go minic ar earnálacha sonracha (e.g. foirgnimh nó tionsclaíocht). Ba cheart do chistí tiomnaithe fiachas a thairiscint, chomh maith le cothromas, ionstraimí hibrideacha agus ráthaíochtaí iasachta. Is féidir caipiteal príobháideach go hiomlán, caipiteal poiblí go hiomlán, nó ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon a bheith sna cistí sin. Is sampla iad na cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann i roinnt mhaith Ballstát agus pléifear a thuilleadh iad i Roinn 3.

    Ba cheart do na Ballstáit tacú le hinstitiúidí airgeadais, go háirithe bainc thráchtála agus eagraíochtaí náisiúnta a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn, chun maoiniú don éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Go háirithe, tá ról bunúsach ag institiúidí creidmheasa maidir le méid an iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Tá roinnt banc tráchtála san Eoraip ag tairiscint creidmheas do thomhaltóirí glasa agus morgáistí glasa agus tá straitéisí agus spriocanna acu chun punanna iasachtaithe roghnaithe a ghlasú. Is féidir leis an gcóras baincéireachta miondíola giaráil a dhéanamh freisin ar struchtúr eagraíochtúil atá dea-fhorbartha agus forleathan chun seirbhísí comhairleacha agus cúnta a sholáthar chun tacú leis na ceanglais agus na deiseanna a bhaineann le hiasachtaí glasa, bunaithe ar chaidrimh dhíreacha láidre le húinéirí agus fiontair foirgníochta.

    Chuige sin, moltar do na Ballstáit agus do rannpháirtithe sa mhargadh úsáid iomchuí a bhaint as uirlisí, caighdeáin agus lipéid chreat airgeadais inbhuanaithe an Aontais agus Aontas na Margaí Caipitil (CMU), agus ról Tacsanomaíochta an Aontais á chur san áireamh go háirithe chun cabhrú le maoiniú príobháideach a shlógadh i dtreo gníomhaíochtaí agus deiseanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear i dtreo infheistíochtaí ardleibhéil um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Chun tacú le glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh, is gnách go mbíonn aibíochtaí ag creidmheasanna glasa do thomhaltóirí atá níos faide ná creidmheas ginearálta do thomhaltóirí, rátaí úis níos ísle agus/nó seasta, agus go minic ní bhíonn aon cheanglais slándála ann (8). Is féidir iasachtaí glasa do thomhaltóirí a úsáid chun tacú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh trí threalamh, teicneolaíochtaí nó fearais éifeachtúla fuinnimh a fháil, chomh maith le bearta spriocdhírithe athchóirithe foirgneamh. Ar an gcaoi chéanna, spreagann morgáistí glasa iasachtaithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a bhfoirgneamh a fheabhsú agus/nó teaghaisí éifeachtúlachta fuinnimh a fháil trí théarmaí níos fabhraí ná morgáistí caighdeánacha a thairiscint. Soláthraítear i mBosca 2 an sampla de Chlár Tithe Glasa agus Morgáistí Glasa na Rómáine.

    Bosca 2. Clár Tithe Glasa agus Morgáistí Glasa na Rómáine

    Bunaíodh Clár Tithe Glasa agus Morgáistí Glasa na Rómáine in 2012 le maoiniú ón gCoimisiún Eorpach (9). Cuimsítear dhá ghné ann: (1) Deimhniú Tithe Glas ag Comhairle Foirgníochta Ghlas na Rómáine (RoGBC); agus (2) Morgáistí Glasa arna gcur ar fáil ag bainc thráchtála do cheannaitheoirí tithe arna ndeimhniú ag Comhairle Foirgníochta Ghlas na Rómáine. Is féidir le gach banc a thairgeann morgáistí sa Rómáin páirt a ghlacadh má aontaíonn siad glacadh le critéir Chomhairle Foirgníochta Ghlas na Rómáine agus córas deimhniúcháin neamhspleách do thithe glasa agus má thairgeann siad rátaí úis laghdaithe ar thithe arna ndeimhniú ag Comhairle Foirgníochta Ghlas na Rómáine. Níl aon fhóirdheontas poiblí san áireamh sna morgáistí a chuirtear ar fáil. Tairgeann bainc rátaí úis níos ísle mar go bhfuil riosca mainneachtana morgáiste níos ísle agus luacháil sócmhainní níos airde ag na tithe glasa arna ndeimhniú. Ceadaíonn Banc Náisiúnta na Rómáine freisin do cheannaitheoirí tithe glasa an coigilteas fuinnimh measta a áireamh mar fhoinse bhreise ioncaim in iarratais ar iasachtaí, rud a chuireann ar chumas iasachtaithe rochtain a fháil ar iasachtaí níos mó le haghaidh athchóiriú nó tógáil um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Sonraítear in Airteagal 30(3) freisin go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu (10). Chun an ceanglas sin a chur chun feidhme, ba cheart na bearta seo a leanas a chur san áireamh:

    Chun tairiscint leathan a áirithiú, bheadh sé tairbheach tacú le margadh náisiúnta rathúil a fhorbairt le haghaidh táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh agus a áirithiú go mbeadh custaiméirí ionchasacha in ann rochtain a fháil ar raon suntasach agus difreáilte de tháirgí airgeadais tiomnaithe agus rogha a dhéanamh eatarthu.

    Chun tairiscint neamh-idirdhealaitheach a áirithiú i gcomparáid le táirgí airgeadais eile, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh gnólachtaí miondíola institiúidí airgeadais úsáid as an tairiscint atá ar fáil acu maidir le táirgí tiomnaithe iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh (morgáistí agus creidmheasanna tomhaltóirí). Ba cheart cliaint ionchasacha a chur ar an eolas go bhfuil táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh ann agus ba cheart na cineálacha táirgí sin – a bhfuil coinne le coinníollacha níos fabhraí ina leith – a thairiscint do chustaiméirí i gcónaí aon uair is fearr a oireann siad dá riachtanais.

    Dá bhrí sin, táthar ag súil go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. D’fhéadfaidís é sin a dhéanamh trí oibleagáid a thabhairt isteach sa reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúidí airgeadais measúnú soiléir a dhéanamh ar leasanna custaiméirí atá ann cheana nó custaiméirí ionchasacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a gcuid sócmhainní a fheabhsú (e.g. réadmhaoin chónaithe agus tráchtála; fearais agus trealamh), agus, bunaithe ar luasanna den sórt sin, táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil go réamhghníomhach a fhreastalaíonn ar riachtanais na gcliant. Ba cheart tairiscint táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh an Treoir maidir le Creidmheas do Thomhaltóirí (11) agus an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste a chomhlíonadh in aon chás (12), chomh maith le Treoirlínte 2020 an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le tionscnamh iasachtaí agus faireachán ar institiúidí airgeadais faoi raon feidhme (13).

    Chun a áirithiú go mbeidh tairiscint leathan ar tháirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh ar fáil ina gcomhthéacs náisiúnta, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena gcuirtear forbairt an mhargaidh sin chun cinn trí chuid de na bearta beartais agus na hathbhreithnithe rialála a thuairiscítear i Roinn 2.2.2 a úsáid.

    Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an margadh náisiúnta, chun a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as úsáid táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh trí mheasúnú a dhéanamh go bhfuil siad sin ceaptha chun an costas agus na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú agus go gcuirfidh institiúidí creidmheasa an riosca mainneachtana níos ísle i ndáil le hinfheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh san áireamh nuair a thacaíonn fianaise láidir leo. Thairis sin, ba cheart táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil freisin do theaghlaigh ar ioncam íseal, a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus/nó atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus na hionstraimí leordhóthanacha um maolú riosca á gcur i bhfeidhm agus i gcomhréir leis na rialacháin maidir le cobhsaíocht airgeadais (14).

    Agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe á léiriú, ba cheart an coigilteas fuinnimh (speansais dhiúltacha sa todhchaí) agus luachshocrú na bunsócmhainne (agus tionchar á imirt ar imthosca airgeadais an iasachtaí ionchasaigh) a mheas mar chritéir don institiúid airgeadais le cur san áireamh agus iasacht um éifeachtúlacht fuinnimh á moladh aici. Sa chomhthéacs sin, ba cheart coigilteas fuinnimh a mheastar a bheidh mar thoradh ar an infheistíocht um éifeachtúlacht fuinnimh a mheas mar cheann de na táscairí éagsúla sa mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra. Go deimhin, agus measúnú á dhéanamh ar chumas an iasachtaí oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gcomhaontú creidmheasa, táthar ag súil go gcuirfidh institiúidí agus creidiúnaithe tosca ábhartha san áireamh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas aisíocaíochta an iasachtaí faoi láthair agus amach anseo, amhail coigilteas fuinnimh (costas) nó saibhreas tithíochta, agus cruatan míchuí agus rófhéichiúnas á sheachaint ag an am céanna (15).

    2.2.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    Is féidir leis na Ballstáit an ceanglas a chomhlíonadh maidir lena áirithiú go mbeidh tairiscint leathan agus neamh-idirdhealaitheach ann ar tháirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh trí na bearta seo a leanas, mar shampla:

    An creat rialála is gá a fhorbairt: Ba cheart don reachtaíocht náisiúnta oibleagáid a chur ar institiúidí airgeadais measúnú a dhéanamh ar leas a gcliant reatha agus a gcliant ionchasach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a sócmhainní a fheabhsú agus/nó maidir le trealamh um éifeachtúlacht fuinnimh a fháil agus an táirge tiomnaithe iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh is fearr a chomhlíonann a leasanna a thairiscint dóibh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a thairiscint a fhreastalaíonn ar riachtanais cineálacha éagsúla cliant agus codanna éagsúla den mhargadh (cónaithe, tráchtála, tionsclaíoch, poiblí etc.) ionas go mbeidh rochtain ag cliaint ionchasacha ar réimse leathan roghanna ar an margadh.

    Rialacháin a ghlacadh lena n-áirithítear neamh-idirdhealú iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh: Ba cheart do rialacháin cosc a chur ar institiúidí airgeadais idirdhealú a dhéanamh i gcoinne a dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh i bhfabhar táirgí iasachtaithe eile ina bpunann chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí an táirge is oiriúnaí dóibh a roghnú, d’ainneoin na rialacha is infheidhme maidir le breithniú a bhaineann le riosca. D’fhéadfadh sé sin tarlú ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear:

    Castacht/ualach riaracháin an táirge i ndáil le daoine eile a fhágann go bhfuil sé níos deacra é a mhíniú agus é a chur chun feidhme. Ba cheart d’institiúidí airgeadais oiliúint a chur ar fáil dá bhfoireann sa ghnó miondíola ionas gur fearr is féidir leo na tairbhí imeallacha a bhaineann le táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhíniú do chliaint. D’fhéadfadh na Ballstáit oiliúint agus cláir thacaíochta a úsáid chun litearthacht airgeadais fuinnimh na saoránach agus na ngnólachtaí a mhéadú.

    Roghnú an táirge is fearr a mholadh bunaithe ní hamháin ar an ráta úis, gan tosca eile a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach nach mbeidh ráta úis táirge airgeadais um éifeachtúlacht fuinnimh níos airde ná gnáth-tháirge airgeadais san institiúid chéanna le haghaidh cineál inchomparáide infheistíochta.

    Beartais um luach saothair lena dtugtar dreasacht níos airde gan údar chun gnáth-tháirge airgeadais a dhíol ná ceann iomaíoch um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Is samplaí iad na ceanglais sin de chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ag institiúidí airgeadais.

    Tá roghanna beartais éagsúla ag na Ballstáit chun a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú idir táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh i gcomparáid le cineálacha eile táirgí trí infheictheacht agus inrochtaineacht do thomhaltóirí a áirithiú:

    Feachtais phoiblíochta a dhéanamh: Is féidir le feachtais phoiblíochta feasacht ar tháirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh agus scéimeanna tacaíochta poiblí atá ar fáil a mhéadú.

    A áirithiú go bhfuil na táirgí airgeadais atá ar fáil ceaptha chun costais agus riosca an iasachtaí a íoslaghdú: Is féidir inacmhainneacht a fheabhsú trí réamh-mhaoiniú na hoibre, aibíochtaí iasachta níos faide a mheasann saolré na suiteálacha, íocaíochtaí míosúla atá níos lú ná nó cothrom leis an gcoigilteas fuinnimh réamh-mheasta, agus an coigilteas fuinnimh arna bhaint amach a thomhas agus a fhíorú. D’fhonn rioscaí agus costais d’iasachtaithe a íoslaghdú, mar aon le rioscaí d’institiúidí airgeadais, d’fhéadfadh tacaíocht ó shaoráidí poiblí dí-rioscaithe a bheith ag gabháil le saincheapadh na dtáirgí sin.

    Dreasachtaí rialála agus airgeadais a sholáthar d’institiúidí airgeadais, mar shampla trí chúnamh teicniúil chun tacú le forbairt táirgí nua iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh agus a nglacadh, a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomchuí ar a bhfoireann sa ghnó miondíola chun na tairbhí imeallacha a bhaineann le táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhíniú do chliaint, lena n-áirítear tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a thomhas, a fhíorú agus a chomhlíonadh ex post.

    Forálacha sonracha a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar theaghlaigh ar ioncam íseal: D’fhéadfadh sé nach mbeadh teaghlaigh ar ioncam íseal in acmhainn íocaíochtaí iasachta a dhéanamh at rátaí an mhargaidh, agus mar sin ba cheart tuilleadh tacaíochta airgeadais a chur ar fáil, amhail ráthaíochtaí nó iasachtaí poiblí fóirdheonaithe. Is féidir iad sin a chomhcheangal le sruthanna maoinithe eile agus le cúnamh teicniúil. Féadfaidh siad a bheith mar chuid de na sochair slándála sóisialta freisin nó féadfaidh siad a bheith ina mbealach malartach nó comhlántach chun taraifí fuinnimh shóisialta a sholáthar sna Ballstáit ina gcuirtear iad sin i bhfeidhm.

    Scéimeanna tacaíochta tiomnaithe a fhorbairt chun táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn don daonra óg agus don daonra atá ag dul in aois: Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do gach úinéir nó cíosóir, gan beann ar pheirspictíochtaí aoise agus aisíocaíochta. Ba cheart ráthaíochtaí sonracha a chur ar fáil ionas gur féidir leis an aos óg agus leis an daonra atá ag dul in aois rochtain a fháil ar tháirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit an ceanglas a chomhlíonadh maidir le táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh agus a margadh náisiúnta a chur chun cinn a thuilleadh, trí na bearta tacaíochta seo a leanas:

    Saoráidí a bhunú le haghaidh iasachtaí glasa poiblí nó na cinn atá ann cheana a neartú: Tairgeann institiúidí poiblí iasachtaí glasa poiblí nó déanann siad urraíocht indíreach orthu do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do thionóntaí, chun costas roimh ré na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh a chumhdach. Is ‘iasachtaí boga’ iad iasachtaí poiblí de ghnáth sa mhéid is go bhfuil rátaí úis fabhracha nó tréimhsí aisíoca fabhracha acu i gcomparáid le hiasachtaí tráchtála. Is féidir le ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh (féach Roinn 3) agus/nó comhlachtaí poiblí eile iasachtaí glasa poiblí a sholáthar.

    Maoiniú na hearnála príobháidí a dhíghlasáil le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh: Is féidir leis na Ballstáit tacú go gníomhach le hinstitiúidí airgeadais príobháideacha chun táirgí oiriúnacha iasachtaithe a leathnú, e.g. trí uirlisí dí-rioscaithe amhail ráthaíochtaí iasachta (Roinn 2.5), tacaíocht forbartha tionscadail agus feachtais feasachta / faisnéise.

    Chun dea-fheidhmiú mhargadh na n-iasachtaí glasa a fhíorú, bheadh sé tairbheach do na Ballstáit measúnuithe rialta margaidh a dhéanamh chun a fhíorú an gcuirtear na bearta sainaitheanta thuas chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh ar leibhéal comhlíontachta a margaidh airgeadais le ceanglas athmhúnlú TEF chun tairiscint leathan neamh-idirdhealaitheach táirgí airgeadais éifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú sa chomhthéacs náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit meastóireacht ex post ar bheartais a dhéanamh ar na bearta beartais agus maoinithe atá acu cheana féin a thacaíonn le glacadh táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh. Ar bhonn thorthaí na measúnuithe sin, ba cheart do na Ballstáit straitéisí a fhorbairt a thuilleadh, in éineacht lena n-údaráis rialála náisiúnta, chun comhlíonadh a fheabhsú.

    2.3.   Scéimeanna maoinithe inbhille agus i leith cáin mhaoine a éascú

    Tábla 2-3.

    Airteagal 30, mír 3 – an dara habairt

    #

    Mír ó Airteagal 30

    3-an dara habairt

    Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus i leith cáin mhaoine a éascú, agus an treoir ón gCoimisiún a chuirtear ar fáil i gcomhréir le mír 10 á cur san áireamh.

    2.3.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    Tá difríocht idir maoiniú inbhille agus maoiniú i leith cáin mhaoine agus scéimeanna iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh eile sa mhéid is go n-úsáideann siad bealaí malartacha aisíocaíochta, i.e. billí fuinnimh, cánacha agus muirir eile a bhaineann leis an réadmhaoin. Is féidir leis sin costais idirbheart a laghdú agus roghanna aisíocaíochta áisiúla, eolacha agus iontaofa a thairiscint d’úsáideoirí deiridh.

    Is cineálacha maoinithe atá bunaithe ar an teaghais iad maoiniú inbhille agus maoiniú i leith cáin mhaoine, rud a chiallaíonn go mbunaíonn siad sásraí chun oibleagáidí aisíocaíochta fiachais a aistriú ón iar-úinéir/ó na hiar-úinéirí chuig an úinéir/na húinéirí ina dhiaidh sin trí fhiachas a nascadh leis an réadmhaoin féin. Is féidir sásraí a thabhairt isteach freisin chun ligean do thionóntaí páirt a ghlacadh in aisíocaíochtaí iasachta trí mhuirear breise ar bhille cánach nó fuinnimh na teaghaise, arna chúiteamh go páirteach nó go hiomlán ag éifeacht ídithe fuinnimh laghdaithe. Cé go bhfuil buntáistí comhchosúla ag baint le scéimeanna maoinithe inbhille agus scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine, tá difríochtaí idir na struchtúir iontu, agus na bearta is gá chun a gcur chun feidhme a éascú.

    Is modh maoinithe é maoiniú inbhille ina n-úsáidtear an bille fóntais mar an fheithicil aisíocaíochta chun athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú i bhfoirgnimh. Buntáiste a bhaineann le scéimeanna maoinithe inbhille is ea gur féidir leo leas a bhaint as na córais íocaíochta fóntas atá ann cheana chun costais idirbhirt a laghdú. Giarálann na scéimeanna sin eolas an fhóntais ar phatrúin ídithe fuinnimh a gcliant agus ar stair aisíocaíochta billí chun bearta éifeachtacha um éifeachtúlacht fuinnimh a shainaithint agus ag an am céanna spreagadh féideartha riosca mainneachtana iasachta a laghdú. I bhfianaise na gcostas idirbhirt níos ísle agus na rioscaí laghdaithe, is féidir le scéimeanna maoinithe inbhille téarmaí tarraingteacha a thairiscint amhail rátaí úis ísle agus aibíochtaí fada agus a bheith inrochtana go ginearálta, ar choinníoll go gcuirtear bearta láidre anailíse agus maolaithe riosca i bhfeidhm.

    Tá éagsúlacht shuntasach i struchtúir na scéimeanna maoinithe inbhille. I roinnt scéimeanna, soláthraítear maoiniú le haghaidh athchóirithe um éifeachtúlacht fuinnimh go díreach leis an bhfóntas fuinnimh; i gcásanna eile, cuireann tríú páirtí príobháideach é ar fáil, agus feidhmíonn an fóntas mar idirghabhálaí aisíocaíochta. I gcás inarb ábhartha, eadhon nuair a chuirtear scéimeanna maoinithe inbhille chun feidhme mar chomhaontú creidmheasa agus ní mar sheirbhís, ní mór do scéimeanna maoinithe inbhille an Treoir maidir le Creidmheas do Thomhaltóirí agus an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí fuinnimh a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí coigilteas fuinnimh a mheastar a bheidh mar thoradh ar an infheistíocht um éifeachtúlacht fuinnimh a mheas sa mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra, aon uair is féidir a dhéanamh amach le fianaise leordhóthanach go dtabharfaidh an creidmheas tomhaltóra ioncam amach anseo don tomhaltóir. De réir rialacha a glacadh le déanaí maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, ba cheart an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra, i.e. an measúnú ar an gcumas creidmheas a aisíoc go hinbhuanaithe, a bheith bunaithe ar fhaisnéis faoi imthosca airgeadais agus eacnamaíocha an tomhaltóra (16), amhail fianaise ar ioncam nó ar fhoinsí eile aisíocaíochta, lena n-áirítear coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis. Soláthraítear i mBosca 3 an sampla de scéim maoinithe inbhille a chuirtear chun feidhme tríd an gclár Latvian Sunshine.

    Bosca 3. An clár Latvian Sunshine agus Ciste Éifeachtúlachta Fuinnimh Fhoirgníocht na Laitvia

    Tionscnaíodh an clár Sunshine mar thionscadal de chuid Fís 2020 chun tacú le hathchóiriú domhain stoc foirgneamh réasúnta neamhéifeachtúil na Laitvia (17). Seachadann ESCO gach tionscadal (18), a chuireann athchóirithe móra ar fhoirgnimh chónaithe ilteaghlaigh chun feidhme, amhail iarfheistithe ar imchlúdach an fhoirgnimh, insliú píopaí dáileacháin teasa, suiteáil córas rialaithe, etc. Tá na tionscadail ag brath ar Chonradh Feidhmíochta Fuinnimh, ina ráthaíonn ESCO go mbainfidh na hathchóirithe leibhéal sonraithe coigiltis fuinnimh amach. Maoinítear na tionscadail suas le 40 % le cistí ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faightear an chuid eile trí mhaoiniú inbhille.

    Leanann úsáideoirí deiridh leis an mbille míosúil céanna a íoc roimh an athchóiriú. Íoctar an bille leis an gCuideachta Bainistíochta Tí, a bhaineann úsáid as na coigiltí ó na hathchóirithe um éifeachtúlacht fuinnimh chun an ESCO a íoc. Comhaontaítear na socruithe maoinithe inbhille sin don chéad 20 bliain. Ós rud é go bhfuil meánré oibriúcháin 30 bliain ag na hathchóirithe, bainfidh na húsáideoirí deiridh leas as coigilteas fuinnimh amach anseo. Is gnách go dtagann méadú 20 %-30 % láithreach ar luach teaghaisí i bhfoirgnimh athchóirithe.

    Cuireann scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine fiachas ar fáil do theaghlaigh nó do chuideachtaí chun costas athchóirithe foirgneamh cónaithe nó tráchtála, fearais nó trealamh um éifeachtúlacht fuinnimh a cheannach, nó próisis fuinnimh eile a fheabhsú, agus cánacha sonracha agus/nó muirir eile a bhaineann leis an réadmhaoin a úsáid mar fheithicil aisíocaíochta. Má ligtear an foirgneamh ar cíos, ag brath ar an scéim, d’fhéadfadh sé gurb é an tionónta a aisíocann an iasacht trí chánacha agus/nó muirir eile, agus ag an am céanna ag baint tairbhe as an gcoigilteas fuinnimh. Mar chineál maoinithe atá bunaithe ar an teaghais, áirítear i scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine sásraí chun gur féidir leis an úinéir/na húinéirí réadmhaoine roimhe sin an fiachas a chur ar aghaidh chuig an gcéad úinéir/na chéad úinéirí eile, gan gá go mbeadh orthu é a leachtú: má dhíoltar an foirgneamh, is féidir leis an úinéir/na húinéirí nua an ‘iasacht’ a aisíoc, nó is féidir leis an úinéir/na húinéirí nua é/iad a thógáil air/uirthi/orthu, má aontaíonn siad leis. Cuidíonn an fíoras go mbunaítear le maoiniú i leith cáin mhaoine sásraí simplí aistrithe fiachais leis an dídhreasú a shárú d’úinéirí réadmhaoine infheistíocht a dhéanamh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh le tréimhse fhada aisíoca má cheapann siad nach mbeidh úinéireacht acu ar an réadmhaoin ach ar feadh tréimhse níos giorra.

    Is de thionscnamh na Stát Aontaithe é an maoiniú i leith cáin mhaoine, mar Fhuinneamh Glan arna Mheasúnú de réir Réadmhaoine (PACE - Property Assessed Clean Energy), ina ndéantar aisíocaíochtaí trí bhreis a chur leis an gcáin mhaoine a íocann úinéir an fhoirgnimh. Urraítear iasachtaí PACE le lian cánach réadmhaoine (19), agus mar sin aistrítear an oibleagáid aisíocaíochta le húinéireacht na réadmhaoine. Is féidir le foinsí poiblí amhail rialtais bhardasacha nó cistí príobháideacha maoiniú i leith cáin mhaoine a chur ar fáil. Má mhaoinítear go príobháideach é, is é ról na hearnála poiblí é gníomhú mar idirghabhálaí aisíocaíochta trí íocaíochtaí iasachta a chomhtháthú i mbailiú cánach, agus i gcás go mbunaítear comhaontú creidmheasa go díreach idir an custaiméir agus tríú páirtí, ba cheart dóibh seo an Treoir maidir le Creidmheas Tomhaltóirí (20) agus an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste a chomhlíonadh (21). Féadfaidh an earnáil phoiblí páirt a ghlacadh i mbailiú fiachais freisin, nó fiú gníomhú mar idirghabhálaí i gcás iasachtaí neamhthuillmheacha, mar shampla trí uirlisí cumhdaigh riosca comhlántacha a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin an riosca d’infheisteoirí a laghdú. I bhfianaise an riosca laghdaithe d’iasachtóirí mar gheall ar rannpháirtíocht na hearnála poiblí sa scéim maoinithe, is minic is féidir téarmaí tarraingteacha amhail rátaí úis níos ísle, íocaíochtaí in airgead tirim roimh ré ar mhéid níos ísle agus aibíochtaí níos faide a chur ar fáil d’iasachtaí a sholáthraítear trí scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine.

    2.3.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    Chun ceanglais athmhúnlú TEF a chomhlíonadh maidir le héascú scéimeanna maoinithe inbhille agus scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar dhlí nó rialachán a rith chun bacainní rialála a bhaint agus chun forbairt scéimeanna den sórt sin a chumasú sa chomhthéacs náisiúnta, chomh maith le bearta beartais agus creat tacaíochta chun glacadh scéimeanna maoinithe inbhille agus scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine a uasmhéadú i gcás inarb ábhartha chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach.

    Maidir le maoiniú inbhille, beidh na bearta a bheidh le déanamh ag na Ballstáit chun an ceanglas a chomhlíonadh ag brath ar a n-imthosca náisiúnta faoi seach. D’fhéadfaí go mbeadh gá leis na bearta seo a leanas chun tacú lena gcur chun feidhme:

    Cearta fóntais a bhunú chun maoiniú a sholáthar don éifeachtúlacht fuinnimh: Maidir le scéimeanna arna maoiniú ag fóntais, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit dlíthe creidiúnaithe a mhodhnú chun a dheimhniú go bhfuil na cearta dlíthiúla ag fóntais creidmheas a sholáthar le haghaidh athchóirithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathchóirithe breise ar uasfhad agus ar mhéid na n-iasachtaí a sholáthraítear le fóntais.

    Cosaint tomhaltóirí a áirithiú: Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe maoinithe inbhille iasachtaithe a chur ar an eolas faoi rioscaí agus tairbhí a bhaineann leis an scéim trí fheachtas tiomnaithe agus trí cheanglais éigeantacha faisnéise. I gcás ina gcuirtear scéimeanna maoinithe den sórt sin chun feidhme mar chomhaontuithe creidmheasa, ní mór dóibh na Treoracha maidir le Creidmheas do Thomhaltóirí agus Creidmheas Morgáiste a chomhlíonadh.

    Cur chun feidhme na n-údarás poiblí a gcuirfear cúram orthu a chomhordú: Éilítear le maoiniú inbhille comhar ar fud raon leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear fóntais fuinnimh, institiúidí airgeadais, gníomhaithe sa mhargadh um athchóiriú fuinnimh, agus rialtóirí fuinnimh, chomh maith le húinéirí tí agus tionóntaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar rialtais ról comhordaithe a bheith acu trína chur de chúram ar eintitis staidéar a dhéanamh ar mhaoiniúchán inbhille agus rolladh amach an mhaoinithe inbhille sin a phleanáil i gcomhar le páirtithe leasmhara.

    Dí-rioscú a chur ar fáil: D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais a sholáthar do scéimeanna píolótacha (e.g., trí ráthaíochtaí iasachta), má mheasann iasachtóirí príobháideacha go mbaineann riosca leo.

    Sreabhadh airgid leordhóthanach a áirithiú chun scála a bhaint amach: A luaithe a bhunófar an scéim, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sreabhadh airgid leordhóthanach ag an eintiteas cur chun feidhme (e.g., an fóntas nó an chuideachta coigilte fuinnimh (ESCO)) chun méadú a dhéanamh. Mar shampla, d’fhéadfadh ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh infháltais na scéime maoinithe inbhille a cheannach.

    Próiseas agus struchtúr dlíthiúil a shoiléiriú maidir le maoiniú inbhille i bhfoirgnimh ilteaghlaigh: Is minic gur rogha tharraingteach iad scéimeanna maoinithe inbhille chun foirgnimh ilteaghlaigh a athchóiriú, ach is minic a d’fhéadfadh ilroinnt sa phróiseas cinnteoireachta bac a chur ar iarrachtaí teacht ar chomhthuairim. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit dlíthe cothrománacha maoine a athchóiriú lena rialaítear cinntí maidir le hathchóirithe trí mhaoiniú inbhille i bhfoirgnimh ilteaghlaigh agus lena suífear conas a dháilfear dliteanas i measc comhúinéirí, mar shampla i gcás éifeachtaí athfhillteacha nó méadú ar ídiú fuinnimh iompraíochta.

    Fiacha inaistrithe a chumasú: D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh athchóirithe chun a áirithiú go gceadaítear le scéimeanna maoinithe inbhille costais na n-athchóirithe a roinnt idir úinéirí foirgneamh agus tionóntaí agus chun gur féidir fiacha a aistriú go dlíthiúil i gcás athruithe ar úinéir, tionónta nó soláthraí fuinnimh.

    Beidh ar na Ballstáit bearta éagsúla a chur chun feidhme chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le cur chun feidhme a éascú agus creat rialála agus dlíthiúil náisiúnta fabhrach a chruthú le haghaidh maoiniú i leith cáin mhaoine. Amhail maoiniú inbhille, beidh na hathchóirithe sonracha ag brath ar chúinsí náisiúnta, ach go ginearálta beidh meascán de na bearta seo a leanas i gceist leis sin:

    Rialacháin agus córais athchóirithe maidir le cáin mhaoine agus liain réadmhaoine chun scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine a chumasú: D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit dlíthe agus córais chánach a bhaineann le réadmhaoin a athchóiriú chun íocaíochtaí breise a cheadú le haghaidh athchóirithe um éifeachtúlacht fuinnimh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathchóirithe ar dhlíthe a bhaineann le liain réadmhaoine agus le sinsearacht na gcánacha réadmhaoine i gcoibhneas le morgáistí.

    Nósanna imeachta forfheidhmithe éifeachtacha a áirithiú: D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit nósanna imeachta forfheidhmithe a bhunú nó a neartú i gcás riaráistí cánach. D’fhéadfadh sé gur ghá gníomhaireacht phoiblí a bhunú nó a shainordú chun idirghabháil a dhéanamh sa phróiseas bailithe fiachais i gcás iasachtaí neamhthuillmheacha.

    Bunú ionad ilfhreastail a éascú: D’fhéadfadh scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine a bheith níos éifeachtaí nuair a sheachadtar iad trí ionaid ilfhreastail a thairgeann pacáiste seirbhísí le haghaidh athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear maoiniú i leith cáin mhaoine. Is féidir le hionaid ilfhreastail tacú le tionóntaí leochaileacha chun úinéirí réadmhaoine a bheith i mbun athchóiriú a dhéanamh.  (22)

    Feasacht, oiliúint agus cosaint tomhaltóirí a mhéadú: D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit feasacht tomhaltóirí agus litearthacht airgeadais a mhéadú freisin, go háirithe chun díriú ar thomhaltóirí maidir le hinniúlachtaí lárnacha na litearthachta airgeadais fuinnimh agus na buntáistí agus an infhaighteacht i ndáil le scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine chomh maith leis na rioscaí a bhaineann leo (23). Ní mór do scéimeanna maoinithe a chuirtear i bhfeidhm mar chomhaontuithe creidmheasa cloí leis an Treoir maidir le Creidmheas do Thomhaltóirí agus leis an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste agus leis na rialacha ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí.

    2.4.   A áirithiú go bhfuil institiúidí airgeadais ar an eolas faoi dheiseanna chun páirt a ghlacadh i maoiniú na bhfeabhsuithe um éifeachtúlacht fuinnimh

    Tábla 2-4.

    Airteagal 30, mír 3 – an tríú habairt

    #

    Mír ó Airteagal 30

    3-an tríú habairt

    Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh , lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha/poiblí a chruthú.

    2.4.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    Is é an cuspóir atá ann go mbainfidh institiúidí airgeadais tairbhe as sreafaí faisnéise ar dheiseanna infheistíochta, ar theicneolaíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh, agus ar na cleachtais is fearr maidir le maoiniú a struchtúrú i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis.

    Is féidir le líonraí na n-údarás poiblí, na n-institiúidí airgeadais agus an tionscail fuinnimh inbhuanaithe a fhaigheann tacaíocht ón Rialtas faisnéis a scaipeadh maidir le hionstraimí airgeadais a úsáideadh go rathúil chun tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, agus a d’fhéadfadh a bheith ríthábhachtach maidir le scéimeanna agus ionstraimí maoinithe nua agus leordhóthanacha a fhorbairt i mBallstáit an Aontais. Déanann an Grúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEFIG) agus na Fóraim maidir le hInfheistíocht i bhFuinneamh Inmharthana ghaolmhara agus na cruinnithe comhchéime náisiúnta leantacha, é sin san Aontas agus tugtar an deis do pháirtithe leasmhara agus do shaineolaithe náisiúnta dul i dteagmháil lena chéile agus oibriú lena chéile i ndáil le cur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

    Is féidir le bunachair sonraí lárnacha a bheith ríthábhachtach freisin chun faisnéis bhunriachtanach a sholáthar d’institiúidí airgeadais le haghaidh maoinithe um éifeachtúlacht fuinnimh. Leis an Ardán um Éifeachtúlacht Fuinnimh a Dhí-rioscú (DEEP) de chuid an Ghrúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEFIG), ceadaítear d’institiúidí airgeadais tagarmharcáil thrédhearcach a dhéanamh maidir le feidhmíocht infheistíochta um éifeachtúlacht fuinnimh; agus Odysee-Mure, lena ndéantar faireachán ar ídiú fuinnimh agus ar threochtaí éifeachtúlachta agus lena ndéantar meastóireacht ar bhearta beartais um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Tairgtear le CPPanna an cumas chun maoiniú príobháideach a shlógadh agus saineolas cuideachtaí príobháideacha a ghiaráil. Is féidir CPPanna a shainmhíniú go scaoilte mar chomhoibriú idir údarás poiblí agus cuideachta phríobháideach chun seirbhís phoiblí nó cuspóir a sholáthar. Sampla amháin is ea an Ciste Solas um Fhuinneamh Inmharthana, ciste poiblí-príobháideach le tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ó MEAG (bainisteoir sócmhainne München Re agus ERGO) a sholáthraíonn maoiniú fiachais do ESCOanna a chuireann éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail fuinnimh inathnuaite taobh thiar den mhéadar chun feidhme (24).

    Is féidir le comhiomlánú agus urrúsú tionscadal um éifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla i bhfoirm bannaí glasa, cabhrú freisin le feasacht a mhúscailt ar institiúidí airgeadais maidir leis na deiseanna a bhaineann le feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear chun feidhme trí CPPanna. Is féidir le tionscadail a eagraítear le haghaidh maoiniú punainne trí CPPanna deiseanna infheistíochta ar scála níos mó a chur ar fáil d’institiúidí airgeadais a bhfuil ceanglais fhoirmiúla chomhchuibhithe acu a bhfuiltear ar an eolas fúthu maidir le tuairisciú, lipéadú margaidh, etc. Is féidir le heisiúintí urrús ar mhargaí tánaisteacha leachtacht níos mó a sholáthar d’institiúidí airgeadais agus cabhrú le feasacht a mhúscailt ar na deiseanna infheistíochta. I ndáil leis sin, soláthraíonn Caighdeáin na mBannaí Glasa Eorpacha creat comhchoiteann chun bannaí glasa a eisiúint le haghaidh urrúsaithe ghlais.

    2.4.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    Is féidir leis na Ballstáit bearta éagsúla a úsáid chun an ceanglas sin a chomhlíonadh:

    Foghlaim a chur chun cinn ar fud institiúidí airgeadais: Is deis shoiléir é an dlúthchomhar agus na forléargais atá ar fáil ar na sásraí tacaíochta airgeadais um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana san Aontas chun macasamhlú scéimeanna rathúla a spreagadh agus tionscnaimh mhaoinithe nua a rolladh amach go céimneach in earnálacha agus tíreolaíochtaí nua. Ag tógáil ar an bhFóram maidir le hInfheistíocht i bhFuinneamh Inmharthana agus ar chruinnithe comhchéime náisiúnta, d’fhéadfadh na Ballstáit líonraí buana a bhunú le haghaidh comhroinnt faisnéise ar fud na n-údarás poiblí, na n-institiúidí airgeadais agus an tionscail fuinnimh inbhuanaithe.

    Tairseacha faisnéise a chur ar bun: Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tacú leis an bhfoghlaim ar fud institiúidí airgeadais trí thairseacha faisnéise láraithe a bhunú agus tuairisciú ar bhunachair sonraí lárnacha cosúil leis an Ardán um Éifeachtúlacht Fuinnimh a Dhí-rioscú (DEEP) a dhéanamh éigeantach do thionscadail a mhaoinítear go poiblí.

    Próisis chaighdeánaithe a chruthú chun infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh ar mhionscála a chomhiomlánú: Chun feasacht a mhúscailt ar dheiseanna chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail um éifeachtúlacht fuinnimh ar mhionscála, is féidir leis na Ballstáit oibriú leis an earnáil phríobháideach chun próisis measúnaithe infheistíochta, téarmaí conartha agus struchtúir infheistíochta a chaighdeánú chun tacú le comhiomlánú níos fearr tionscadal.

    Tacú le comhiomlánú agus eisiúintí bannaí glasa: Is féidir leis na Ballstáit tacú freisin le tionscadail um éifeachtúlacht fuinnimh a chuachadh agus a chaighdeánú chun eisiúintí iasachtaí glasa, bannaí glasa nó urrúsuithe glasa a chothú, trí thacaíocht theicniúil agus ráthaíochtaí poiblí a sholáthar, mar shampla, chun rioscaí don tionscadal agus/nó don iasachtaí a laghdú nó a chomhroinnt. Maidir leis sin, is féidir le rialtais náisiúnta Caighdeán deonach an Aontais maidir le Bannaí Glasa a ghlacadh  (25) , lena soláthraítear creat comhchoiteann chun a n-eisiúintí bannaí glasa a chaighdeánú agus a rialáil, agus lena léirítear ag an am céanna go ndéantar tionscadail dhlisteanacha um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú agus lena n-áirithítear go laghdaítear na rioscaí a bhaineann le glas-snasú d’infheisteoirí.

    Pleanáil agus soláthar trédhearcach a chur chun feidhme do CPPanna: §zChun feasacht a mhúscailt maidir le hinstitiúidí airgeadais faoi dheiseanna chun páirt a ghlacadh i CPPanna, is féidir leis na Ballstáit pleananna le haghaidh CPPanna um éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil go poiblí, tionscadail a sholáthar trí thairiscintí oscailte ar ardáin phoiblí, agus a áirithiú go bhfuil conarthaí poiblí le haghaidh CPPanna iontaofa ó thaobh brabúis.

    Institiúidí airgeadais a spreagadh chun tionscadail um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú go réamhghníomhach: D’fhéadfadh na Ballstáit feachtais a sheoladh chun institiúidí airgeadais a spreagadh chun tionscadail um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú go gníomhach agus Meabhráin Tuisceana a shíniú le cónaidhmeanna baincéireachta chun cuspóirí agus spriocanna ar fud an tionscail a bhunú.

    2.5.   Saoráidí ráthaíochta iasachta a bhunú le haghaidh éifeachtúlachta fuinnimh

    Tábla 2-5.

    Airteagal 30, mír 3 – an ceathrú habairt

    #

    Mír ó Airteagal 30

    3-an ceathrú habairt

    Molfaidh na Ballstáit go mbunófaí saoráidí ráthaíochta iasachta le haghaidh infheistíochta um éifeachtúlacht fuinnimh.

    2.5.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    Is féidir le hinstitiúidí airgeadais a bheith drogallach maoiniú a thairiscint chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid ar chúiseanna éagsúla. D’fhéadfadh sé nach bhfuil cur amach ag an institiúid airgeadais ar theicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, agus dá bhrí sin go meastar go bhfuil riosca níos airde ag baint leo. D’fhéadfaí a mheas freisin gur riosca iad fiontair bheaga agus micrifhiontair agus úinéirí tí atá ar ioncam íseal, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh drogall a bheith ar institiúidí airgeadais iasachtaí a thabhairt dóibh ar ráta inacmhainne agus/nó gan éilimh urrús. Ar deireadh, d’fhéadfadh institiúidí airgeadais rioscaí níos airde a bhrath a bhaineann le táirgí aibíochta níos faide a theastaíonn le haghaidh roinnt beart um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Is gealltanais iad ráthaíochtaí iasachta chun suim áirithe airgid a íoc amach leis an iasachtóir i gcás teagmhas neamhfhabhrach (e.g., mainneachtain íocaíochta). Is é cuspóir na ráthaíochtaí iasachta institiúidí airgeadais a spreagadh chun iasachtaí le haghaidh bearta um éifeachtúlacht fuinnimh a shíneadh le téarmaí iomchuí. Is féidir ráthaíochtaí iasachta a struchtúrú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla rioscaí, lena n-áirítear rioscaí conarthacha, rioscaí íocaíochta, rioscaí feidhmíochta agus rioscaí rialála maidir le coigeartuithe taraife, athruithe ar scéimeanna tacaíochta poiblí, etc. Is geallúintí iad ráthaíochtaí creidmheasa páirteacha chun príomhshuim agus/nó ús a íoc suas go dtí méid réamhchinntithe. Is féidir ráthaíochtaí creidmheasa páirteacha a sholáthar ar bhonn an chéad chaillteanais, ina slánóidh an soláthraí iasachtóirí le haghaidh méid nó céatadán ar leith d’aon chaillteanas; nó ar bhonn pari passu, ina ndéanfar an soláthraí ráthaíochta a mheas ar bhonn comhionann le creidiúnaithe eile. Is geallúintí iad ráthaíochtaí íocaíochta chun oibleagáidí íocaíochta réamhchinntithe a chumhdach i gconarthaí tionscadail (amhail, íocaíochtaí maoinithe inbhille). Cumhdaítear le ráthaíochtaí bunaithe ar bheartas iasachtóirí in aghaidh riosca mainneachtana iasachtaithe ceannasacha, amhail rialtais bhardasacha nó fóntais atá faoi úinéireacht an stáit. Spreagann síntí aibíochta institiúidí airgeadais chun maoiniú le tionóntaí níos faide a shíneadh trí ráthaíochtaí atá dírithe ar chúl na n-iasachtaí.

    Laghdaítear leis an ráthaíocht próifíl riosca an tionscadail agus/nó an iasachtaí, rud a ligeann dóibh iasachtaí príobháideacha a mhealladh agus téarmaí níos fabhraí i gceist leo (e.g., luachanna níos airde, rátaí úis níos ísle, aibíochtaí níos faide, gan aon éilimh urrúis, etc.). Trí mhuinín a thabhairt do bhainc agus d’infheisteoirí dul i mbun tionscadal um éifeachtúlacht fuinnimh, is féidir le ráthaíochtaí iasachta cabhrú le forbróirí tionscadail maoiniú leordhóthanach a fháil. Soláthraítear sampla le Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus um Fhoinsí Inathnuaite na Bulgáire (féach Bosca 4).

    Bosca 4. Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus um Fhoinsí Inathnuaite na Bulgáire

    Bunaíodh an Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus um Fhoinsí Inathnuaite (EERSF) in 2004 chun an margadh um éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn sa Bhulgáir. Bainistíonn an Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus um Fhoinsí Inathnuaite acmhainní airgeadais a fhaigheann an Bhulgáir ón Áis do Thimpeallacht na Cruinne tríd an mBanc Idirnáisiúnta le haghaidh Atógála agus Forbartha agus ó dheontóirí eile. Tá sé struchtúrtha mar eintiteas tráchtála féinchothaitheach, agus oibríonn sé mar chiste imrothlach, ag athinfheistiú fáltais ó iasachtaí agus ráthaíochtaí i dtionscadail nua. Cuireann an Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus um Fhoinsí Inathnuaite iasachtaí ar ús íseal agus ráthaíochtaí iasachta araon ar fáil do chuideachtaí na Bulgáire, do bhardais agus do dhaoine príobháideacha le haghaidh tionscadail um éifeachtúlacht fuinnimh. Soláthraíonn an tsaoráid ráthaíochta iasachta ráthaíochtaí creidmheasa páirteacha do thionscadail aonair, agus ráthaíochtaí punainne do ESCOanna agus do phunanna cónaithe araon.

    2.5.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    Tá roghanna beartais éagsúla ag na Ballstáit chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le saoráidí ráthaíochta iasachta a bhunú chun iasachtaí le haghaidh infheistíocht um éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh:

    Saoráidí ráthaíochta iasachta a bhunú in institiúidí atá ann cheana nó in institiúidí nua: D’fhéadfaí ráthaíochtaí iasachta le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bhunú laistigh d’institiúidí maoinithe poiblí atá ann cheana, amhail bainc phoiblí nó cistí náisiúnta atá ann cheana. De rogha air sin, d’fhéadfadh ráthaíochtaí iasachta a bheith ina dtáirge a thairgeann ciste náisiúnta nua um éifeachtúlacht fuinnimh (féach Roinn 3). Ní mór an institiúid a chaipitliú go leordhóthanach ag brath ar mhéid na n-infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil sé mar aidhm aici a spreagadh.

    Úsáid a bhaint as an urrann Bhallstáit de chlár InvestEU: Agus na saoráidí ráthaíochta iasachta á mbunú acu, tá an rogha ag na Ballstáit ranníocaíocht dheonach a dhéanamh leis an gCiste InvestEU agus ‘urrann Bhallstáit’ a chur ar bun. Feidhmeoidh ranníocaíocht an Bhallstáit mar ráthaíocht AE lena dtacófar le hiasachtaí, le ráthaíochtaí nó le hinfheistíochtaí cothromais a ailíneoidh le tosaíochtaí náisiúnta don éifeachtúlacht fuinnimh. Bainfidh ráthaíochtaí buiséid an Aontais arna soláthar ag an gCiste InvestEU tairbhe as rátáil chreidmheasa ard an Aontais, rátáil a d’fhéadfadh infheistíochtaí suntasacha a ghiaráil agus a threorú trí tháirgí iasachta atá ann cheana agus táirgí iasachtaithe aitheanta a chuirtear chun feidhme ar fud an Aontais.

    Úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais bainistíochta comhroinnte an Aontais faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe 2021-2027: Agus na saoráidí ráthaíochta iasachta á mbunú acu, tá an rogha ag na Ballstáit úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais bainistíochta comhroinnte an Aontais (i bhfoirm iasachtaí, ráthaíochtaí nó cothromais) faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe 2021-2027 don éifeachtúlacht fuinnimh. Leis an rogha sin, chuirfí ar chumas na mBallstát tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí dlíthiúla chun ionstraimí airgeadais agus tacaíocht deontais a chomhcheangal faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe 2021-2027, agus dá bhrí sin scála agus giaráil infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú go héifeachtach.

    Úsáid éifeachtúil a bhaint as na cistí bainistíochta comhroinnte atá ar fáil chun scéim a bhunú ina gcomhcheanglaítear deontais agus ionstraimí airgeadais. I gclárthréimhse CAI 2021-2027, féadfar ionstraimí agus deontais airgeadais ráthaíochta a chomhcheangal nuair a dhéantar iad araon a chómhaoiniú ó chistí bainistíochta comhroinnte an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.  (26) Féadfaidh an teaglaim de ráthaíochtaí agus deontais iasachta a bheith éifeachtach maidir le hinfheistíocht i margaí nó i samhlacha gnó nua nó is mó riosca a dhreasú.

    Raon feidhme na ráthaíochtaí iasachta a shainiú: Is féidir le ráthaíochtaí feabhsú creidmheasa a thairiscint do thionscadail aonair, amhail córais téimh ceantair a athchóiriú nó foirgnimh il-árasán a athchóiriú. De rogha air sin, is féidir ráthaíochtaí a thairiscint ar na hiasachtaí le haghaidh punanna tionscadal, ESCOanna, scéimeanna maoinithe inbhille nó táirge tiomnaithe iasachta le tacaíocht an stáit chun na foirgnimh is measa feidhmíocht a athchóiriú.

    An cineál táirgí ráthaíochta iasachta atá le tairiscint a chinneadh: Ba cheart cineál nó cineálacha na ráthaíochtaí iasachta a sholáthraítear a chinneadh de réir an chineáil infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil sé mar aidhm ag na Ballstáit tacú leo, i gcomhréir lena straitéis chun a spriocanna um éifeachtúlacht fuinnimh 2030 agus a Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe a bhaint amach, agus de réir na rioscaí sonracha a bhaineann leis an gcineál infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Féadfaidh soláthar ráthaíochtaí iasachta a bheith ríthábhachtach chun ceanglais eile a leagtar amach in Airteagal 30 a bhaint amach, lena n-áirítear táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt agus a sholáthar, amhail creidmheasanna glasa tomhaltóirí agus morgáistí agus scéimeanna maoinithe inbhille.

    2.6.   Saineolas áitiúil, cúnamh teicniúil agus tacaíocht airgeadais chun téamh agus fuarú aonair agus ceantair a athchóiriú

    Tábla 2-6.

    Airteagal 30, míreanna 4 agus 5

    #

    Mír ó Airteagal 30

    4

    Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais chun glacadh beart feabhsaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair.

    5

    Cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil, i gcás inarb iomchuí trí ghréasáin agus saoráidí atá ann cheana, chun comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtais i ndáil le dícharbónú a bhaint amach i dtéamh agus fuarú ceantair áitiúil, amhail rochtain ar thacaíocht thiomnaithe airgeadais.

    2.6.1.   Raon feidhme agus cuspóirí an cheanglais

    De réir Airteagal 30(4) agus (5), ceanglaítear ar na Ballstáit bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais a chur chun cinn chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair (27). Bunaítear le hAirteagal 26 d’athmhúnlú TEF na critéir maidir le córas téimh agus fuaraithe ceantair chun cáiliú mar chóras éifeachtúil, agus an t-uainiú a mbeidh na critéir sin ag dul i ndéine suas go 2050.

    Is minic a mhaoinítear, a thógtar agus a oibrítear córais téimh agus fuaraithe ceantair trí CPPanna. Is féidir le rialtais saoráidí maoinithe a bhunú a sholáthraíonn iasachtaí nó deontais go díreach do chórais téimh agus fuaraithe ceantair inathnuaite. Is féidir le rialtais cabhrú freisin le maoiniú príobháideach a dhíghlasáil do chórais téimh agus fuaraithe ceantair trí shaoráidí comhroinnte riosca agus maoirseacht láidir chun dúshláin chomhordúcháin a shárú agus tionscadail iontaofa ó thaobh brabúis a bhunú. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, chun dícharbónú théamh agus fhuarú ceantair a bhaint amach. Is minic a dhéantar bearta chun maoiniú a dhíghlasáil a phleanáil ar leithligh ó bhearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin rialála agus theicniúla maidir le hathchóirithe um éifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, is minic a bhíonn easpa airgeadais chun athchóiriú a dhéanamh ar théamh agus fuarú aonair agus ceantair mar gheall ar easnaimh sa timpeallacht chumasúcháin, seachas mar gheall ar easpa caipitil. Taobh amuigh de bhacainní rialála, d’fhéadfadh srianta ar acmhainní daonna a bheith i gceist le tionscadail agus cláir athchóirithe, lena n-áirítear easpa saineolais áitiúil ar iniúchtaí fuinnimh agus ar theicneolaíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh; staidéir féidearthachta; pleanáil agus bainistiú tionscadal; saincheisteanna dlíthiúla, airgeadais agus idirbheartaíochta; etc.

    Is féidir le cúnamh teicniúil poiblí a bheith ríthábhachtach chun an t-éileamh ar éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh, liosta tionscadal iontaofa ó thaobh brabúis a fhorbairt agus bonn saineolais áitiúil a thógáil chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair. Bhí baint lárnach ag saoráidí éagsúla an Aontais, lena n-áirítear clár (ELENA), an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, an tSaoráid um Chathracha Eorpacha agus Fís 2020 maidir le Cúnamh um Fhorbairt Tionscadal chun infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh i mbonneagair phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha. I gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 30, ba cheart do na Ballstáit oibriú leis an gCoimisiún chun na samhlacha cúnaimh um fhorbairt tionscadal sin a mhacasamhlú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Bhí ionaid ilfhreastail ina roghanna éifeachtacha freisin chun maoiniú a úsáid in éineacht le cúnamh teicniúil, chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar na bacainní ar uasghráduithe um éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear do chórais téimh agus fuaraithe ceantair.

    2.6.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

    Féadfaidh na Ballstáit a roghnú na ceanglais a chomhlíonadh maidir le scéimeanna tacaíochta airgeadais, saineolas áitiúil agus cúnamh teicniúil chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair trí roinnt beart:

    Scéimeanna maoinithe tiomnaithe a sheoladh nó na cinn atá ann cheana a neartú: Is féidir le rialtais saoráidí maoinithe a bhunú, laistigh de chistí agus de chláir atá ann cheana, a sholáthraíonn iasachtaí nó deontais go díreach do chórais téimh agus fuaraithe ceantair ghlais. Mar a pléadh i Roinn 2.5, is féidir saoráidí ráthaíochta iasachta a úsáid freisin chun airgeadas príobháideach a dhíghlasáil. D’fhéadfaí scéimeanna maoinithe a dhíriú ar oibreoirí córais agus/nó ar ESCOanna a chuireann bearta um éifeachtúlacht fuinnimh chun feidhme.

    Cúnamh teicniúil agus áiseanna cúnaimh forbartha tionscadail a sholáthar: Is féidir leis na háiseanna sin cabhrú le liosta tionscadal atá iontaofa ó thaobh brabúis agus an saineolas áitiúil atá riachtanach do chláir athchóirithe a thógáil do chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair. Ba cheart do na Ballstáit oibriú leis an gCoimisiún chun saoráidí cúnaimh um fhorbairt tionscadail a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

    Ionaid ilfhreastail a bhunú chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe: Is féidir siopaí ilfhreastail a bhunú laistigh de ghníomhaireachtaí poiblí, fóntais, bainc mhiondíola, eagraíochtaí tomhaltóirí etc. chun cúnamh teicniúil a sholáthar in éineacht le maoiniú agus chun bonn scileanna áitiúil a thógáil chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair.

    3.   CISTÍ NÁISIÚNTA UM ÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH

    Tábla 3-1.

    Airteagal 30, míreanna 11, 12, 13, 14, 15

    #

    Mír ó Airteagal 30

    11

    Féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a bhunú. Is é is cuspóir don chiste seo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a bhaint amach. Féadfar an ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn. Féadfar an ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú le hioncam ó na ceantanna liúntais de bhun CTA AE ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair.

    12

    I gcás ina ndéanann na Ballstáit cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar bun, dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, bunóidh siad ionstraimí maoinithe, lena n-áirítear ráthaíochtaí poiblí, chun glacadh na n-infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh agus na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh agus na scéimeanna nuálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhéadú. De bhun Airteagail 8(3) agus 24, tacóidh an ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh le cur chun feidhme na mbeart mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ísealioncaim agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áireofar sa tacaíocht sin maoiniú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh do FBManna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh do FBManna.

    13

    Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

    14

    Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 8(1) agus 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh gach bliain leis an gciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

    15

    Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.

    3.1.   Raon feidhme agus cuspóirí

    De réir Airteagal 30 (11), féadfaidh na Ballstáit Ciste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh a bhunú chun tacú le cur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus chun a rannchuidiú náisiúnta le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana a ailíniú le forálacha athbhreithnithe Airteagal 30. I gcomparáid leis na ceanglais sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 2012 (arna leasú in 2018), sonraítear in athmhúnlú TEF gur cheart don Chiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh tacú le hAirteagal 8(3) maidir le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus in Airteagal 24 maidir le custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Ina theannta sin, ba cheart do chistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh tús áite a thabhairt do thacaíocht do chustaiméirí leochaileacha, do dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus maoiniú a leathnú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh i FBManna. I gcás inarb infheidhme, ba cheart tacaíocht airgeadais phoiblí ó chistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a cheapadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú (28).

    3.2.   Rogha beart beartais

    Tá roghanna éagsúla ag na Ballstáit maidir le Cistí Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh a bhunú nó a athailíniú:

    Na socruithe rialachais institiúideacha a bhunú: Féadfar na Cistí Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn. Ba cheart a leagan amach sna socruithe rialachais gurb é cuspóir an chiste bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú le cuspóirí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus línte cuntasachta a bhunú.

    A chinneadh conas a dhéanfar an ciste a chaipitliú: Féadfar ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a chaipitliú tríd an mbuiséad poiblí, trí chláir mhaoinithe an Aontais nó trí ioncam a ghintear ó cheantanna lamháltas astaíochtaí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. Go háirithe, agus caipitliú na gcistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh á bhunú agus á chinneadh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chomhlántachtaí agus ar shineirgí leis na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil cheana chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh faoi chláir an Bheartais Chomhtháthaithe 2021-2027 (CFRE agus CC). Sonraítear i Roinn 3.3 conas is féidir cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a chaipitliú trí ranníocaíochtaí ó pháirtithe in ionad a n-oibleagáidí faoi Airteagail 6(1) agus 8(1) agus (4) d’athmhúnlú TEF. Féadfaidh cistí imrothlacha ioncam a ghiniúint freisin trína n-infheistíochtaí agus buanseasmhacht a áirithiú.

    Cuspóirí, méadrachtaí feidhmíochta agus riachtanais tuairiscithe an chiste a shainiú: Ba cheart do rialtais cuspóirí agus méadrachtaí feidhmíochta a bhunú maidir le coigilteas fuinnimh iomlán, na cineálacha tionscadal agus teicneolaíochtaí a dtacaítear leo, agus méid an airgeadais phríobháidigh a ghiaráiltear. Ba cheart cuspóirí agus méadrachtaí feidhmíochta a áireamh freisin ar thacaíocht do FBManna, do chustaiméirí leochaileacha, do dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart córais thrédhearcacha tuairiscithe a bhunú chun go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht an chiste i gcoinne na gcuspóirí sin.

    Na hionstraimí maoinithe a fhéadfaidh an ciste a imscaradh a shonrú: Is féidir le ciste náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh roinnt de na hionstraimí maoinithe a pléadh níos luaithe a imscaradh, lena n-áirítear iasachtaí poiblí, scéimeanna maoinithe i leith cáin mhaoine agus ráthaíochtaí iasachta le haghaidh creidmheasanna príobháideacha do thomhaltóirí glasa, morgáistí glasa, scéimeanna maoinithe inbhille agus bannaí glasa.

    3.3.   Oibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar amach in airteagail eile trí ranníocaíochtaí le Cistí Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh

    Sonraítear sna hairteagail d’athmhúnú TEF seo a leanas roghanna do na Ballstáit oibleagáidí a chomhlíonadh trí ranníocaíochtaí leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh:

    Ceanglaítear le hAirteagal 4(2) ar gach Ballstát rannchuidiú táscach náisiúnta d’éifeachtúlacht fuinnimh a shocrú a chomhlíonfaidh sprioc an Aontais maidir le hídiú fuinnimh a laghdú 11,7 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid leis an gcás tagartha. Sonraítear in Airteagal 4(6) nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin nuair nach ndéanann na Ballstáit dul chun cinn leordhóthanach maidir lena rannchuidithe a bhaint amach. Is ionann beart féideartha amháin agus ranníocaíocht dheonach leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh nó le hionstraim mhaoinithe eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh.

    Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar athchóiriú gach bliain ar 3 % d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí chun iad a chlaochlú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha ar a laghad (29). I ndáil leis sin, bunaítear le Airteagal 30 (13) go bhféadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

    Ceanglaítear le hAirteagal 8(1) ar na Ballstáit coigilteas carnach críochúsáide a bhaint amach arb ionann é ar a laghad agus 1,3 % d’ídiú fuinnimh deiridh bliantúil don tréimhse 2024-2025, 1,5 % d’ídiú fuinnimh deiridh bliantúil don tréimhse 2026-2027, agus 1,9 % d’ídiú fuinnimh deiridh bliantúil don tréimhse 2028-2030. Ceanglaítear le hAirteagal 8(4) ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar ina dtuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faoi na táscairí a chuirtear i bhfeidhm chun an coigilteas fuinnimh a ríomh i ndáil le hAirteagal 8(1). I dtaca leis sin de, bunaítear le hAirteagal 30(14) go bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 8(1) agus (4) a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh gach bliain leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach. Chun na críche sin, agus de réir Airteagal 8(2), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó na bearta arna maoiniú ag an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh chun oibleagáidí Airteagal 8(1) a chomhlíonadh a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V de TEF.

    Le hAirteagal 9(1), ceadaítear do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh (EEOS). Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid faoi EEOS a n-oibleagáidí, go hiomlán nó go páirteach, trí ranníocaíocht leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

    Mura gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí i mbliain ar leith, tá an rogha acu ranníocaíocht bhliantúil a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Beidh ar na Ballstáit a roghnaíonn an rogha sin na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4(2), 6(1) agus 8(1) agus (4) a chomhlíonadh níos déanaí fós. Is é an cuspóir a chur ar chumas na mBallstát an bhearna ina n-oibleagáidí náisiúnta bliantúla a chúiteamh – trí bheart sealadach i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh – agus a áirithiú ag an am céanna go mbainfear amach a rannchuidiú náisiúnta le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus go dtabharfar aghaidh ar an mbearna atá ann cheana maidir le hoibleagáidí Airteagal 8 agus Airteagal 6 sna blianta ina dhiaidh sin leis an maoiniú a fhorchoimeádtar chun na críche sin sa Chiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh. .

    I ngach cás, ní mór na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla a bheith cothrom leis an infheistíocht is gá chun na hoibleagáidí faoi seach a bhaint amach agus an chonair tháscach a bhaint amach. Má roghnaíonn siad ceann de na roghanna sin, cinnfidh na Ballstáit an cineál beart éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le maoiniú ag an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(6), Airteagal 6(1), Airteagal 8(1) agus (4) agus Airteagal 9(1) a chomhlíonadh agus déanfaidh siad méid an choigiltis fuinnimh a ghinfidh siad a ríomh. Chun an coigilteas fuinnimh a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit na modhanna agus na prionsabail choiteanna a shonraítear in Iarscríbhinn V de TEF.

    Ríomhfaidh na Ballstáit ansin an costas infheistíochta a bhaineann lena n-oibleagáid a bhaint amach chun méid na ranníocaíochta is gá leis an gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh a chinneadh. Ba cheart baint a bheith ag na sonraí a úsáidtear chun na ríomhanna sin a dhéanamh le feidhmíocht stairiúil an Chiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (i gcás ina bhfuil ceann i bhfeidhm cheana féin), nó le hionstraimí airgeadais a ceapadh chun tacú le hathchóiriú foirgneamh poiblí nó le scéimeanna eile um éifeachtúlacht fuinnimh phoiblí. Mar chuid den fhógra faoin modheolaíocht faoi Iarscríbhinn V, agus úsáid á baint as rogha a shonraítear in Airteagal 30(14) agus in Airteagal 4(6), déanfaidh na Ballstáit cur síos ar an gcur chuige a úsáidtear chun na costais infheistíochta a mheas, lena n-áirítear an mhodheolaíocht agus na sonraí. Ba cheart an ríomh a bheith faoi réir measúnú ex ante agus ex post neamhspleách. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na modhanna a úsáidtear trí idirghníomhaíocht rialta leis na Ballstáit.

    4.   CEANGLAIS TUAIRISCITHE

    Tábla 4-1.

    Airteagal 30, míreanna 17 agus 18

    #

    Mír ó Airteagal 30

    17

    Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiúin faoin 15 Márta 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999 (30) ina mbeidh na sonraí seo a leanas:

    (a)

    méid na n-infheistíochtaí poiblí in éifeachtúlacht fuinnimh agus an meánfhachtóir giarála a bhaintear amach le maoiniú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh;

    (b)

    méid na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí éagsúla;

    (c)

    i gcás inarb ábhartha, cláir mhaoinithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoinithe nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh.

    Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún na ceanglais a leagtar amach san fhomhír sin a chomhtháthú sa teimpléad coiteann a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.

    18

    Chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, pointe (b), a chomhlíonadh, agus gan dochar do bhearta náisiúnta breise, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ar institiúidí airgeadais cheana, lena n-áirítear:

    (a)

    na rialacha maidir le nochtadh atá ar institiúidí creidmheasa faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 (31) ón gCoimisiún;

    (b)

    na ceanglais maidir le nochtadh rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) atá ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

    Chun bailiú agus comhiomlánú sonraí maidir le toirt an táirge iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a éascú chun críche an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, bpointe (b), a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Márta 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na socruithe chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le toirt na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal náisiúnta, chun iad a bhailiú agus chun iad a chomhiomlánú.

    4.1.   Raon feidhme agus cuspóirí

    Ceanglaítear le hAirteagal 30(17) ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcoinne chur chun feidhme Airteagal 30 gach 2 bhliain mar chuid de na Tuarascálacha comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn. Go háirithe, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí a thuairisciú maidir le méid na n-infheistíochtaí poiblí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, meánfhachtóir giarála agus toirt an mhargaidh maidir le táirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Ceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin tuairisciú ina gcuid tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ar bheartais agus ar bhearta a thacaíonn le baint amach cuspóirí, spriocanna agus ranníocaíochtaí a leagtar amach sna tuarascálacha sin. Cuimsítear san oibleagáid tuairiscithe seo cláir mhaoinithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoinithe nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras sin chun an fhaisnéis ábhartha uile a thuairisciú chun an oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF a chomhlíonadh. Áireofar orthu sin bearta a chuireann maoiniú poiblí ar fáil do chuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart beartas agus bearta a bhfuil sé mar aidhm acu maoiniú príobháideach don éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn a thuairisciú freisin, mar shampla, trí chúnamh teicniúil, trí chúnamh forbartha tionscadail nó trí bhearta chun scéimeanna maoinithe nuálacha arna maoiniú go príobháideach a chumasú (e.g. maoiniú inbhille).

    Chun tuairisciú a dhéanamh ar mhéid comhiomlánaithe na n-infheistíochtaí poiblí agus na meánfhachtóirí giarála, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a theastaíonn cheana sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn atá ann cheana agus í a chomhiomlánú chun méid na n-infheistíochtaí poiblí agus an meánfhachtóir giarála a baineadh amach trí mhaoiniú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a thomhas.

    Mar chuid den nuashonrú ar na treoirlínte tuairiscithe do na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, soláthróidh an Coimisiún tuilleadh treorach maidir le hoibleagáidí tuairiscithe do phointe b thuas maidir le méid na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh.

    Chun tuairisciú a dhéanamh ar mhéid iomlán na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh, beidh ar na Ballstáit leas a bhaint as sineirgí agus dúbláil a sheachaint leis na ceanglais maidir le sonraí arna nochtadh ag institiúidí airgeadais faoin Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI), faoin Tacsanomaíocht AE (33), agus faoi cheanglais maidir le nochtadh rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) d’institiúidí creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le Ceanglais Chaipitil (34). Is féidir leis na Ballstáit an córas sin um aicmiú agus um nochtadh airgeadais a úsáid chun gnéithe de na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 30 a chomhlíonadh. In 2024, beidh ar institiúidí móra airgeadais a bhfuil urrúis acu atá liostaithe i margadh rialáilte an Aontais gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus a bhaineann le cuspóirí aeráide a nochtadh. Ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh, beidh ar institiúidí creidmheasa uile an Aontais tuairisc a thabhairt freisin ar ailíniú Tacsanomaíochta a leabhair trádála.

    Áirítear leis an gcreat Tacsanomaíochta roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ábhartha do chuspóirí athmhúnlú TEF (e.g., Bearta athchóirithe aonair lena gcuimsítear suiteáil, cothabháil nó deisiú trealaimh éifeachtúlachta fuinnimh, agus athchóiriú comhtháite ar fhoirgnimh atá ann cheana). Chun méid iomlán na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh a ríomh, beidh ar na Ballstáit an t-iasachtú tuairiscithe a rinne cuideachtaí a chomhiomlánú mar a bhí ailínithe leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin atá ábhartha do chuspóirí athmhúnlú TEF agus é a chur le méid na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh poiblí. Beidh ar na Ballstáit a shuí cé hiad na heintitis intíre a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí maidir le nochtadh atá ann cheana a thacóidh leis an tuairisciú sin trí rochtain a sholáthar ar shonraí arna nochtadh ag institiúidí airgeadais (údarás rialála baincéireachta, etc.).

    Ar deireadh, taobh le hailíniú tacsanomaíochta, beidh ar na Ballstáit meastachán a áireamh ina dtuairisciú ar mhéideanna na dtáirgí iasachtaithe um éifeachtúlacht fuinnimh nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht ach a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh níos airde mar thoradh orthu mar sin féin.


    (1)  Economidou, M., Della Valle, N., Melica, G., Valentini, O. agus Bertoldi, P., 2021, Financing energy renovations at local and regional levels, EUR 30815 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, ISBN 978-92-76-41141-3, doi: 10.2760/52526, JRC123755.

    (2)  Bertoldi, P., Boza - Kiss, B., Della Valle, N. agus Economidou, M., 2021, The role of one-stop shops in energy renovation - a comparative analysis of OSSs cases in Europe, Energy and Buildings, ISSN 0378-7788, 250, lch. 111273, JRC124675.

    (3)  Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh, is iad na forálacha ábhartha maidir le Státchabhair Airteagail 38, 38a (cabhair d’úinéirí agus do thionóntaí foirgníochta), 38b (cabhair do chuideachtaí spárála fuinnimh (ESCOanna)), agus 39 (cabhair arna deonú trí idirghabhálaithe airgeadais) de Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine maidir le Státchabhair (GBER) agus Roinn 4.1 (Cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh inathnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh), 4.2 (Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh) agus 4.10 (Cabhair do théamh agus fuarú ceantair) de na Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (CEEAG).

    (4)  Lena n-áirítear tacaíocht theicniúil do phleanáil, dearbhú cáilíochta, agus faireachán iar-áitíochta ar na hoibreacha.

    (5)  Boza-Kiss, B., Bertoldi, P., Della Valle, N. agus Economidou, M., 2021, One-stop shops for residential building energy renovation in the EU, EUR 30762 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, ISBN 978-92-76-40100-1, doi:10.2760/245015, JRC125380.

    (6)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

    (7)  Sa Treoir maidir le hAirteagal 23 d’athmhúnlú TEF sonraítear a thuilleadh na forálacha maidir le hionaid ilfhreastail a bhunú chun tacú le cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh.

    (8)  Is sócmhainn í an t-urrús, nó an chomhthaobhacht, a gheallann an t-iasachtaí don iasachtóir sa chás go mainníonn sé nó sí an aisíocaíocht. Is minic a chuirtear iasachtaí atá urraithe ar fáil ar ráta níos saoire ná iasachtaí gan urrús, ach le riosca níos airde don iasachtaí.

    (9)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, 2022, Tuarascáil ar fhorbairt na gcleachtas maoinithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, in FBManna agus sa tionscal: an tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

    (10)  Níor cheart go mbainfeadh cur chun feidhme oibleagáidí Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF seo an bonn de chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

    (11)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE.

    (12)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

    (13)  An tÚdarás Baincéireachta Eorpach ÚBE/GL/2020/06 an 29 Bealtaine 2020.

    (14)  Soláthraíonn Prêt Avance Renovation, scéim de chuid rialtas na Fraince, sampla d’iasacht mhorgáiste atá dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal ar mian leo obair athchóirithe um éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú ina dteach.

    (15)  Mar a shonraítear i dTreoirlínte 2020 an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le tionscnamh agus faireachán iasachtaí, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ÚBE/GL/2020/06 an 29 Bealtaine 2020

    (16)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE.

    (17)  Athchóiriú Inbhille, 2020, Forbhreathnú ar Scéimeanna Athchóirithe Fuinnimh Foirgneamh Inbhille. Fuair an tionscadal sin maoiniú freisin ón gclár Fís 2020, clár taighde agus nuálaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh.

    (18)  Cuireann ESCOanna tacaíocht chaipitil agus theicniúil ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí chun bearta coigiltis fuinnimh a chur chun feidhme agus, mar chúiteamh air sin, glacann siad cuid den tuilleamh ó choigilteas fuinnimh amach anseo.

    (19)  Is éard is lian ann ná cineál úis urrúis a dheonaítear thar earra nó maoin chun íocaíocht fiachais a urrú.

    (20)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE.

    (21)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

    (22)  Dihub Bertoldi, P., Boza-Kiss, B., Della Valle, N. agus Economidou, M., 2021, The role of one-stop shops in energy renovation - a comparative analysis of OSSs cases in Europe, Energy and Buildings, ISSN 0378-7788, 250, lch. 111273, JRC124675

    (23)  Della Valle, N. agus Bertoldi, P., 2021, Mobilizing citizens to invest in energy efficiency, EUR 30675 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, ISBN 978-92-76-36152-7, doi:10.2760/137315, JRC124667

    (24)  An Banc Eorpach Infheistíochta, 2018, Ciste Solas um Fhuinneamh Inmharthana.

    (25)  An Coimisiún Eorpach, 2020, An Caighdeán maidir le Banna Glas Eorpach.

    (26)  An Banc Eorpach Infheistíochta, 2021, Bileog Eolais: Ionstraimí airgeadais agus deontais faoi chistí bainistíochta comhroinnte a chomhcheangal sa chlárthréimhse 2021-2027.

    (27)  Sonraítear in Airteagal 30 nach ndéanann an ceanglas sin dochar d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le Státchabhair. Sonraítear i Roinn 4.10 maidir le cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair 2022 Treoirlínte maidir le Státchabhair do Chosaint an Chomhshaoil agus don Fhuinneamh (CEEAG) na rialacha Státchabhrach is infheidhme maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí chun córais téimh agus fuaraithe ceantair a nuachóiriú.

    (28)  Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí um éifeachtúlacht fuinnimh, is iad na forálacha ábhartha maidir le Státchabhair Airteagail 38, 38a (cabhair d’úinéirí agus do thionóntaí foirgníochta), 38b (cabhair do chuideachtaí spárála fuinnimh (ESCOanna)), agus 39 (cabhair arna deonú trí idirghabhálaithe airgeadais) de Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine maidir le Státchabhair (GBER) agus Roinn 4.1 (Cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh inathnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh), 4.2 (Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh) agus 4.10 (Cabhair do théamh agus fuarú ceantair) de na Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (CEEAG).

    (29)  I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

    (30)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (31)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh, (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

    (32)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (33)  Le Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (SFDR), cruthaítear creat cuimsitheach tuairiscithe do tháirgí airgeadais agus d’eintitis airgeadais. Tá na ceanglais maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI) nasctha leo siúd faoi Thacsanomaíocht an Aontais trí ‘ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ mar a shainmhínítear iad sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur san áireamh sa sainmhíniú ar ‘infheistíochtaí inbhuanaithe’ in RNAI. Sonraítear le chéile i dTacsanomaíocht an Aontais agus in RNAI ábhar, modheolaíocht agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais a bhaineann le cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ina ngníomhaíochtaí gnó, ina n-infheistíochtaí nó ina ngníomhaíochtaí iasachtaithe.

    (34)  Go háirithe, ba cheart do nochtadh agus tuairisciú sonraí leas a bhaint as sineirgí agus dúbláil le ceanglais ar institiúidí creidmheasa a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (CRR), a nochtar de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022, lena leasaítear an Rialachán a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top