EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023G0620(01)

Rún ón gComhairle maidir le comhar custaim i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an méid a chuidíonn sé le slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh 2023/C 217/01

ST/10247/2023/INIT

IO C 217, 20.6.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 217/1


Rún ón gComhairle maidir le comhar custaim i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an méid a chuidíonn sé le slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh

(2023/C 217/01)

Á MHEABHRÚ DI:

1.

go ndéantar foráil, le hAirteagal 67(3) agus le hAirteagal 87 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le bearta níos dlúithe le haghaidh comhordú agus comhar idir údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, chun an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a choimirciú.

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT DI:

1.

is iad údaráis chustaim na mBallstát an príomhúdarás chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar earraí ag teorainneacha seachtracha an Aontais;

2.

laistigh dá n-inniúlachtaí náisiúnta agus a mhéid is féidir, rannchuidíonn údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile na mBallstát go mór le slándáil inmheánach an Aontais trí ghníomhaíochtaí a bhaineann le gluaiseacht neamhrialta nó neamhdhleathach earraí thar theorainneacha agus sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus le leasanna airgeadais agus neamhairgeadais an Aontais agus sláinte, sábháilteacht agus slándáil a chuid saoránach a chosaint;

3.

ní hamháin go mbaineann grúpaí trasnáisiúnta coireachta eagraithe agus sceimhlitheoireachta leas as deiseanna a eascraíonn as saorghluaiseacht earraí agus daoine laistigh den Aontas Eorpach, ach baineann siad leas agus mí-úsáid freisin as córais dlí agus eagraíochtúla na mBallstát;

4.

oibríonn coirpigh agus grúpaí coiriúla thar theorainneacha agus sa timpeallacht dhigiteach;

5.

mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá méadú tagtha ar bhagairtí ar shlándáil inmheánach an Aontais agus tá bagairtí nua ag teacht chun cinn, rud a chruthaíonn deiseanna do choirpigh;

6.

mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar an ríomhthráchtáil, tá méadú ag teacht ar gháinneáil earraí i seirbhísí poist agus cúiréireachta;

7.

is den riachtanas é gníomhaíochtaí a chomhordú agus a idirnascadh ar bhealach níos fearr chun coireacht trasteorann a chomhrac laistigh den Aontas, in éineacht le cur chuige coisctheach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta agus le malartú éifeachtach faisnéise;

8.

faoi chuimsiú shaorghluaiseacht earraí, daoine agus caipitil, agus aird á tabhairt ar an ngá le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú, lena n-áirítear tríd an gcoireacht trasteorann a chomhrac, tá géarghá le measúnú, feabhsú agus méadú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht an chomhair sna húdaráis chustaim, idir údaráis chustaim agus údaráis eile forfheidhmithe dlí, agus idir na húdaráis chustaim agus gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha, gan dochar do dheighilt na n-inniúlachtaí agus an creat dlí is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;

9.

chun acmhainneacht na n-údarás custaim coireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó cuidiú leis an imscrúdú sin a threisiú a thuilleadh, ní mór feabhas a chur ar an oiliúint agus ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí custaim;

10.

déantar foráil, le gach gníomh arna thionscnamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart, déantar foráil maidir le comhar torthúil idir údaráis chustaim a d’fhéadfadh a bheith an-úsáideach chun críche comhair i bhforfheidhmiú an dlí custaim chun coireacht trasteorann a chomhrac;

11.

tá inniúlacht ag údaráis chustaim na mBallstát maoirseacht a dhéanamh, lena n-áirítear bainistiú riosca agus rialuithe a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, agus comhlíonann siad an ról sin in éineacht le húdaráis agus gníomhaireachtaí náisiúnta eile a dhéanann faireachán agus rialuithe ar ghluaiseacht daoine, rud a chuidíonn le bainistiú comhtháite teorainneacha;

12.

ba cheart rannpháirtíocht chomhionann agus chomhlántach na n-údarás custaim sa phlé agus sna cinntí uile a bhaineann le trácht trasteorann a áirithiú;

13.

is gá comhar agus comhpháirtíocht neartaithe le húdaráis inniúla tríú tíortha, go háirithe tíortha comharsanachta den Aontas, chun geilleagar an Aontais agus slándáil a chuid saoránach a chosaint go héifeachtach;

14.

tá rathúnas an Aontais ag brath ar thosca éagsúla, lena n-áirítear comhar éifeachtach i réimse fhorfheidhmiú an dlí custaim.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE, AGUS IS DÍOL SÁSAIMH DI, AN MÉID SEO A LEANAS:

an rath a baineadh amach go dtí seo i gcomhthéacs an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí custaim bunaithe ar Rún ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le comhar i bhforfheidhmiú dhlí na gcustam amach anseo, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear:

a)

na torthaí a baineadh amach i gcur chun feidhme na straitéisí maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí custaim amach anseo agus pleananna gníomhaíochta leantacha na Meithle um Fhorfheidhmiú an Dlí (Custam);

b)

an comhar bunaithe ar an gCoinbhinsiún maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (Coinbhinsiún Napoli II);

c)

torthaí na n-oibríochtaí comhpháirteacha iomadúla a d’eagraigh agus a rinne údaráis chustaim agus a rinne údaráis chustaim in éineacht le húdaráis eile forfheidhmithe dlí, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

d)

comhar gníomhach na n-údarás custaim leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;

e)

an comhar idir údaráis chustaim faoi chuimsiú Fhoireann Saineolaithe Teorann an Oirthir agus an Oirdheiscirt;

f)

rannpháirtíocht na n-údarás custaim san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla, rannpháirtíocht atá gníomhach agus ag dul i bhfeabhas go leanúnach;

g)

na torthaí ón méadú le malartú faisnéise agus bainistiú cásanna tríd an gCóras Faisnéise Frithchalaoise agus an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise.

BEARTAÍONN SÍ LEIS SIN:

1.

straitéis a shainiú maidir le comhar custaim i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an méid a chuidíonn sé le slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh. Leis an straitéis sin ba cheart creat a chur ar fáil le haghaidh comhar i bhforfheidhmiú an dlí custaim agus a chomhar le húdaráis, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, d’fhonn feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí faisnéisbhunaithe chun coireacht trasteorann a chomhrac agus chun ról na n-údarás custaim a neartú mar phríomhúdarás chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais;

2.

Ba cheart go rannchuideodh an tstraitéis leis na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

acmhainneacht na n-údarás custaim coireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó cuidiú leis an imscrúdú sin a threisiú, agus déileáil le teagmhais, bagairtí, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil;

(b)

éifeachtacht an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis chustaim agus idir na húdaráis sin agus údaráis eile forfheidhmithe dlí, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a fheabhsú, a éascú agus a mhéadú;

(c)

comhar trasteorann, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis chustaim agus idir na húdaráis sin agus údaráis eile forfheidhmithe dlí agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais nó údaráis inniúla i dtríú tíortha, a fheabhsú, chun coireacht trasteorann a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, nó rannchuidiú leis an imscrúdú sin;

(d)

feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar anailís riosca trí úsáid a bhaint as sonraí ó ghníomhaireachtaí eile forfheidhmithe dlí agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn idir córais faisnéise chustaim agus córais CGB ábhartha, i gcás inarb iomchuí.

IARRANN SÍ:

1.

ar údaráis chustaim na mBallstát agus údaráis inniúla eile de chuid na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme na reachtaíochta custaim na bearta is gá a dhéanamh chun an tstraitéis a chur chun feidhme go rathúil. Thairis sin, cuirfidh siad le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tstraitéis tríd an Meitheal um Fhorfheidhmiú an Dlí (Custam);

2.

ar an gCoimisiún agus ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí inniúla an Aontais rannchuidiú go gníomhach le cur chun feidhme na straitéise sin agus leanúint, a mhéid is féidir, de thacaíocht oibríochtúil, airgeadais, theicniúil agus lóistíochta a chur ar fáil chun an tstraitéis sin a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí.


Top