EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2692

Cinneadh (AE) 2023/2692 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le hoiriúnú na sonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2

ST/14230/2023/INIT

IO L, 2023/2692, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2692/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2692/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2692

29.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2692 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le hoiriúnú na sonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

De bhun phointe (c) d’Airteagal 468(5) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú faoi phointe (o) d’Airteagal 8(1) den Chomhaontú sin, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le bearta arb é is aidhm dóibh feidhmiú cuí Theideal I de Cheannteideal a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair a choimirciú.

(3)

Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 465(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair nach mór do thiománaithe a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú Trádála agus Comhair na rialacha maidir le úsáid tacagraf a chomhlíonadh i gcomhréir le Ranna 2 go 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú sin. De bhun Airteagal 466(2) den Chomhaontú sin, ní mór d’fheithiclí lena ndéantar turais den sórt sin a fheistiú le tacagraf i gcomhréir le Roinn 2 de Chuid C den Iarscríbhinn chéanna.

(4)

De bhun phointe (a) d’Airteagal 3(1) agus phointe (f) d’Airteagal 3(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le feithiclí lena ndéantar turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chláraítear den chéad uair níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (h), de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú, is é sin an 21 Lúnasa 2023, ní mór iad a fheistiú le tacagraf cliste 2.

(5)

Sainmhínítear tacagraf cliste 2 i bhfomhír (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Foráiltear leis an gceathrú fleasc den fhomhír sin nach mór do thacagraif den sórt sin na sonraíochtaí a chomhlíonadh, ar sonraíochtaí iad a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), arna n-oiriúnú le Cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (3), leagadh síos in Iarscríbhinn I C na sonraíochtaí maidir le tacagraf cliste 1 agus cuireadh in oiriúint é i bhFoscríbhinn 31-B-4-3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún (4) dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(h) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, glacadh é freisin de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. Trí Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799, leagadh síos na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2. Tháinig sé i bhfeidhm an 19 Lúnasa 2021. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún (5), tugadh isteach bearta idirthréimhseacha breise. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799, arna leasú, a oiriúnú trí Chinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, de bhun fhomhír (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, an ceathrú fleasc.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(8)

Trealamh lena n-áirithítear taifeadadh uathoibríoch ar an trasnú teorann, taifeadadh ar ghníomhaíochtaí luchtaithe agus díluchtaithe agus taifeadadh ar cé acu chun earraí nó paisinéirí a iompar a úsáidtear an fheithicil, tá sé ar fáil cheana féin san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon agus maidir le feithiclí nuachláraithe i gcríocha an dá Pháirtí lena ndéantar turais idirnáisiúnta, tá feidhm ag an oibleagáid an fheithicil a fheistiú le tacagraf den sórt sin ón 21 Lúnasa 2023 ar aghaidh, i gcomhréir le dlí náisiúnta gach Páirtí. Mar sin féin, ní bheidh gnóthais in ann an ceanglas a leagtar síos faoi phointe (f) d’Airteagal 3(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2 a oiriúnú leis an gCinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar. Chun am leordhóthanach agus soiléireacht dhlíthiúil maidir le cur i bhfeidhm an cheanglais sin a áirithiú, agus i bhfianaise go nglacfar an Cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2, is iomchuí dáta cur i bhfeidhm a leagan síos. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar ón 21 Feabhra 2024 ar aghaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú le Airteagal 8(1), pointe (o) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), a mhéid a bhaineann le húsáid tacagraf cliste agus le hoiriúnú na sonraíochtaí teicniúla maidir le tacagraf cliste 2, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha..

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun tacagraif chliste agus comhpháirteanna tacagraf cliste a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 273, 30.7.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann le tacagraf cliste idirthréimhseach agus le Fíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo a bheith á úsáid ag an tacagraf sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 (IO L 134, 22.5.2023, lch. 28).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2692/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top