EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2390

Cinneadh (AE) 2023/2390 ón gCoimisiún an 3 Márta 2023 maidir le beart SA.43147 (2020/C) (ex 2019/NN) An Bheilg — Gearán a bhaineann le deonú cabhrach ag Réigiún na Vallúine do Renewi a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 1419)

C/2023/1419

IO L, 2023/2390, 10.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2390/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2390/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2390

10.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2390 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2023

maidir le beart SA.43147 (2020/C) (ex 2019/NN)

An Bheilg — Gearán a bhaineann le deonú cabhrach ag Réigiún na Vallúine do Renewi a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 1419)

(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na n-airteagal sin (1), agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 18 Meán Fómhair 2015, cuireadh gearán faoi bhráid an Choimisiúin a bhain le Státchabhair ar líomhnaíodh ina leith gur dheonaigh Réigiún na Vallúine í don ghnóthas Renewi Valorisation & Quarry (a bhí aitheanta mar ‘Shanks’ (2) roimhe, a dtagraítear dó thíos mar ‘Renewi’) chun líonadh talún Mont-Saint-Guibert sa Bheilg a oibriú. Líomhnaítear go bhfuil an beart cabhrach i gceist mar thoradh ar an ráta laghdaithe cánach a gearradh ar oibríochtaí, ar bhonn clárúcháin le haghaidh aisghabháil dramhaíola agus deimhnithe úsáide a dheonaigh údaráis na Vallúine, ar oibríochtaí iad arbh é a bhí iontu go hiarbhír oibríochtaí diúscartha dramhaíola agus, dá dheasca sin, ar ceart iad a bheith faoi réir an ráta chaighdeánaigh cánach a ghearrtar ar dhiúscairt dramhaíola i líonadh talún.

(2)

Trí litir dar dáta an 6 Feabhra 2020, chuir an Coimisiún an Bheilg ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) a thionscnamh i leith na cabhrach.

(3)

Foilsíodh cinneadh an Choimisiúin an nós imeachta a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur faoina bhráid maidir leis an mbeart cabhrach.

(4)

Fuair an Coimisiún barúlach ó Réigiún na Vallúine an 14 Aibreán, an 18 Bealtaine, an 6 Lúnasa agus an 17 Nollaig 2020, an 3 Bealtaine 2021 agus an 17 Bealtaine 2022, agus ó Renewi an 1 Iúil 2020. Chuir an Coimisiún na breithnithe a fuair sé ó Renewi ar aghaidh chuig Réigiún na Vallúine an 10 Iúil 2020.

(5)

Arna iarraidh sin dó ag Réigiún na Vallúine, reáchtáladh dhá chruinniú, ceann amháin ar an 22 Deireadh Fómhair 2020 agus ceann eile ar an 12 Samhain 2020. Bhí ionadaithe ó Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, Renewi agus Réigiún na Vallúine rannpháirteach sna cruinnithe sin.

(6)

Ní bhfuarthas aon bharúlacha eile ó thríú páirtithe, ó Bhallstáit ná ón ngearánach.

2.   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN mBEART CABHRACH A LÍOMHNAÍODH

2.1.   Teideal an bhirt cabhraigh a líomhnaíodh agus tuairisc air

(7)

De bhrí go bhfuil tuairisc mhionsonraithe déanta sa chinneadh tosaigh cheana ar an mbeart atá faoi ghrinnscrúdú (4), ní áireofar tuairisc sa Chinneadh seo ach amháin a mhéid a mbeidh gá léi.

(8)

De réir an ghearánaigh, ba é an beart a bhí i gceist ráta cánach laghdaithe a chur i bhfeidhm ó 2005 i leith ar dhiúscairt dramhaíola áirithe i líonadh talún Mont-Saint-Guibert, cé gur cheart, i bprionsabal, diúscairt na dramhaíola sin a bheith faoi réir ráta cánach níos airde.

(9)

Níor bhain an gearán a cuireadh isteach i ndáil leis an gcás seo leis an gcáin réigiúnach a ghearr an Vallúin ar dhiúscairt dramhaíola i líonadh talún mar sin, ach le hí a chur i bhfeidhm ar na hoibríochtaí sonracha arna ndéanamh i líonadh talún Mont-Saint-Guibert ar bhonn clárúcháin le haghaidh aisghabháil dramhaíola agus ar bhonn deimhnithe úsáide gaolmhara a dheonaigh údaráis na Vallúine do Renewi go leanúnach idir 2005 agus 2015. De réir an ghearánaigh, ba de thoradh rangú mícheart gníomhaíochtaí an ghnóthais mar oibríochtaí aisghabhála é deonú na cabhrach as a bhain an gnóthas leas, agus ba é an rangú mícheart sin an chúis le laghdú suntasach ar mhéid na cánach réigiúnaí a gearradh. De réir an ghearánaigh, is ionann dá bhrí sin an chabhair a líomhnaítear a tugadh agus an difríocht idir ráta iomlán na cánach réigiúnaí - is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha – agus an ráta laghdaithe is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála arb é an ráta a cuireadh i bhfeidhm ar dhiúscairt dramhaíola áirithe ag Renewi i líonadh talún Mont-Saint-Guibert. Dá bhrí sin, bhain Renewi leas as ráta níos ísle ná an ráta is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha, ar ráta é atá coibhéiseach le EUR 0 in aghaidh an tonna agus, ó 2015 i leith, EUR 20 in aghaidh an tonna (féach aithrisí 12 agus 13).

(10)

Áitíonn an gearánach go n-áirítear leis an bpraghas a ghearrtar ar tháirgeoirí dramhaíola i ndáil le cóireáil dramhaíola aon chostais a bhaineann le réamhchóireáil agus cóireáil (e.g. loscadh nó diúscairt), chomh maith le méideanna na cánach a cheanglaítear ar an gcuideachta a dhéanann an dramhaíl a chóireáil a íoc le Réigiún na Vallúine. Líomhnaítear dá bhrí sin go bhfuil Renewi in ann praghas atá thar a bheith tarraingteach a thairiscint do tháirgeoirí clúmhaigh (5) chun dramhaíl dá gcuid a dhiúscairt sa líonadh talún i gcomparáid leis an bpraghas a ghearrann iomaitheoirí i láithreáin líonadh talún nó loisceoirí eile. Ina theannta sin, maíonn an gearánach gur ar bhonn cumhachtaí lánroghnacha a glacadh na cinntí ó Aire Comhshaoil na Vallúine a rinne taifead ar na clárúcháin aisghabhála agus a dheonaigh na deimhnithe ábhartha.

2.2.   An reachtaíocht náisiúnach is infheidhme maidir le cúrsaí cánach

(11)

Rialaítear an cháin a ghearrtar i leith dramhaíl a dhiúscairt i líonadh talún leis an bhForaithne Chánach an 22 Márta 2007 (6) maidir le cosc agus aisghabháil dramhaíola a spreagadh i Réigiún na Vallúine, foraithne a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2008.

(12)

Leis an bhForaithne Chánach 2007 déantar foráil maidir le rátaí cánachais níos airde le haghaidh modhanna cóireála atá níos díobhálaí ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte poiblí de, amhail diúscairt dramhaíola, agus rátaí atá níos fabhraí ó thaobh modhanna cóireála de ar lú an díobháil a dhéantar leo, amhail aisghabháil dramhaíola.

(13)

Le hAirteagal 6(1)(11) den Fhoraithne Chánach 2007 déantar forail maidir le ráta cánach de EUR 0 in aghaidh an tonna (7) le haghaidh ‘dramhaíl in-aisghabhála a úsáidtear i líonadh talún mar mhalairt ar tháirgí nó trealamh is gá chun an líonadh talún a oibriú agus a athchóiriú, i gcomhréir leis an gcead oibríochta nó leis an gcead comhshaoil’. Tháinig méadú grádach ar na rátaí cánach caighdeánacha is infheidhme maidir le dramhaíl neamh-in-aisghabhala ó EUR 35 in aghaidh an tonna go EUR 100 in aghaidh an tonna idir 2007 agus 2017 (8).

(14)

Faoi Fhoraithne an 19 Meitheamh 2015 (9), cuireadh ráta EUR 20 in aghaidh an tonna in ionad an ráta EUR 0 in aghaidh an tonna a bhí infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála.

2.3.   An reachtaíocht chomhshaoil is infheidhme sa Vallúin

(15)

Rialaítear bainistiú dramhaíola sa Vallúin leis an bhForaithne Maidir le Dramhaíl an 27 Meitheamh 1996. Is é is aidhm di an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar aon tionchar díobhálach ó dhramhaíl. Le hAirteagal 1 den Fhoraithne bunaítear prionsabal ord na réiteach dramhaíola i ndlíchóras na Vallúine.

(16)

Ar bhonn Fhoraithne Dhramhaíola 1996, ghlac Réigiún na Vallúine Ordú an 14 Meitheamh 2001 maidir le haisghabháil dramhaíola áirithe (10) a spreagadh (‘an tOrdú um Aisghabháil Dramhaíola’). Tá liosta in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Ordú sin den dramhaíl a mheastar a bheith in-aisghabhála a priori. Sonraítear san Iarscríbhinn an t-ábhar a bheidh le haisghabháil, cé acu an bhfuil a úsáid faoi réir deimhnithe nó nach bhfuil, chomh maith leis na cúinsí faoina ndéantar an dramhaíl a aisghabháil, saintréithe na dramhaíola agus an modh nó na modhanna aisghabhála.

(17)

Trí bhíthin Fhoraithne an 10 Bealtaine 2012 (11), rinne Réigiún na Vallúine Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le dramhaíl (‘an Treoir maidir le Dramhaíl’) a thrasuí. Sainmhínítear ‘diúscairt’ san Fhoraithne mar aon oibríocht nach aisghabháil í, fiú i gcás ina mbeidh athshlánú substaintí nó fuinnimh ina thoradh tánaisteach ar an oibríocht. Sainmhínítear ‘aisghabháil’ad interim, mar aon oibríocht arb é an príomhthoradh uirthi go mbaintear úsáid fhóinteach as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile as a mbainfí úsáid ina mhalairt de chás chun feidhm áirithe a chomhlíonadh, nó dramhaíl a bheith á hullmhú chun an fheidhm sin a chomhlíonadh, sa ghléasra nó sa gheilleagar níos leithne.

(18)

Déantar foráil le hAirteagal 13 den Ordú um Aisghabháil Dramhaíola, maidir le dramhaíl eile nach dramhaíl ghuaiseach í agus nár measadh mar dhramhaíl in-aisghabhála í nuair a glacadh an tOrdú, gur féidir í a aisghabháil, ar choinníoll go sonrófar na dálaí táirgthe agus saintréithe agus modh úsáide na dramhaíola sin sa chinneadh údaraithe aireachta agus, i gcás inarb iomchuí, go sonrófar deimhniú úsáide. Foráiltear leis an Airteagal don chás ina ndiúltaítear d’aon iarratas a bhaineann le haisghabháil dramhaíola guaisí.

2.4.   An reachtaíocht chomhshaoil is infheidhme san Eoraip

2.4.1.   Coincheapa diúscartha agus aisghabhála i ndlí na hEorpa

(19)

Sainmhínítear na coincheapa ‘diúscairt dramhaíola’‘aisghabháil’ agus ‘aisghabháil ábhar’ sa Treoir maidir le Dramhaíl’.

(20)

Ciallaíonn ‘aisghabháil’ aon oibríocht arb é an príomhthoradh uirthi go mbaintear úsáid fhóinteach as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile as a mbainfí úsáid ina mhalairt de chás chun feidhm áirithe a chomhlíonadh, nó dramhaíl a bheith á hullmhú chun an fheidhm sin a chomhlíonadh, sa ghléasra nó sa gheilleagar níos leithne (13).

(21)

Sainmhínítear ‘aisghabháil ábhair’ mar a leanas sa Treoir maidir le Dramhaíl: ‘aon oibríocht aisghabhála’, seachas aisghabháil fuinnimh agus athphróiseáil ina ábhair a bheidh le húsáid mar bhreoslaí nó modhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint. Áirítear ann, inter alia, ullmhúchán le haghaidh athúsáid, athchúrsáil agus aislíonadh’ (14).

(22)

Sainmhínítear ‘aislíonadh’ mar ‘aon oibríocht aisghabhála’ ina úsáidtear dramhaíl neamh-ghuaiseach oiriúnach chun críocha athshlánaithe i limistéir thochailte nó chun críocha innealtóireachta i dtírdhreachú. Ní mór dramhaíl a úsáidtear mar aislíonadh a chur in ionad ábhair neamhdhramhaíola, ní mór í a bheith oiriúnach do na críocha réamhluaite, agus ní mór í a bheith teoranta don mhéid is gá go hiarbhír chun na críocha sin a bhaint amach.’ (15).

(23)

Sainmhínítear ‘diúscairt’ mar ‘aon oibríocht nach aisghabháil í, fiú i gcás ina mbeidh athshlánú substaintí nó fuinnimh ina thoradh tánaisteach ar an oibríocht’ (16).

(24)

Tá ord na réiteach dramhaíola a leagtar síos sa Treoir maidir le dramhaíl trasuite de bhíthin Fhoraithne an 10 Bealtaine 2012 (17), ina shainmhínítear é mar a leanas:

‘Beidh feidhm ag ord na réiteach dramhaíola a leanas in ord tosaíochta i reachtaíocht, rialacháin agus beartas na Vallúine maidir le cosc agus bainistiú dramhaíola:

1.

cosc;

2.

ullmhú le haghaidh athúsáide;

3.

athchúrsáil;

4.

aisghabháil eile, e.g. aisghabháil fuinnimh; agus

5.

diúscairt (18).’

(25)

Sainmhínítear dramhaíl thámh i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle (19) (‘an Treoir maidir le Líonadh Talún) mar a leanas: ‘dramhaíl nach gcuirtear aon chlaochlú shuntasach i bhfeidhm uirthi, bíodh sé fisiceach, ceimiceach ná bitheolaíoch. Ní leáfaidh, ná ní dhófaidh dramhaíl thámh ábhar eile lena dtagann sí i dteagmháil ná ní dhéanfaidh sí imoibriú ar aon bhealach eile air, bíodh sé fisiceach, ceimiceach ná bitheolaíoch ná ní dhéanfaidh sí an t-ábhar a bhith-dhíghrádú ná tionchar diúltach a imirt air ar bhealach ar dócha go n-eascródh truailliú an chomhshaoil as nó go ndéanfaí dochar do shláinte an duine. Ní mór cion iomlán chumas na dramhaíola i leith láisteadh agus truailliú agus éicea-thocsaineacht na láisteáite a bheith neamh-shuntasach agus ní mór go háirithe nach gcuirfear cáilíocht uisce dromchla agus/nó screamhuisce i mbaol mar gheall air’ (20).

(26)

Aithnítear sa Treoir maidir le Líonadh Talún freisin go bhfuil dramhaíl neamhghuaiseach iomchuí le haghaidh oibreacha athfhorbartha nó athchóirithe: ‘aisghabháil, i gcomhréir le Treoir 75/442/CEE, ar aisghabháil dramhaíola táimhe nó neamhghuaisí í atá oiriúnach trína húsáid in obair athfhorbartha/athchóirithe agus aislíonta, nó oiriúnach chun críocha foirgníochta, ní féidir gníomhaíocht líonadh talún a bheith i gceist léi’ (21).

2.4.2.   Rangú mar oibríocht aisghabhála dramhaíola

(27)

De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) (22), ní mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh chun gur féidir oibríocht a aicmiú mar oibríocht aisghabhála de réir bhrí na Treorach maidir le Dramhaíl:

(1)

Is é príomhchuspóir na hoibríochta a áirithiú go mbainfear feidhm fhóinteach as ábhair dhramhaíola trí iad a chur in ionad ábhair eile a d’úsáidfí chun na críche sin, agus dá réir sin caomhnú acmhainní nádúrtha a spreagadh (dálaí caomhnaithe) (23);

(2)

tá an dramhaíl oiriúnach don chuspóir seo (coinníoll oiriúnachta) (24).

2.4.3.   An coinníoll i leith caomhnaithe

(28)

De réir na Cúirte Breithiúnais, is é saintréith bhunriachtanach oibríochta aisghabhála dramhaíola ná gurb é an príomhchuspóir a ghabhann léi go mbainfí feidhm fhóinteach as an dramhaíl trí ábhair eile a ionadú a mbeadh gá le hiad a úsáid chun na críche sin, agus leis sin acmhainní nádúrtha a chaomhnú (25).

(29)

Mar a chuir an Chúirt in iúl, ciallaíonn sin gurb é an príomhchuspóir nach mór a bheith leis an oibríocht aisghabhála acmhainní nádúrtha a chaomhnú. Os a choinne sin, i gcás nach bhfuil i gceist le caomhnú acmhainní nádúrtha ach éifeacht thánaisteach ag oibríocht a bhfuil sé de phríomhchuspóir léi dramhaíl a dhiúscairt, ní féidir leis sin difear a dhéanamh d’aicmiú na hoibríochta sin mar oibríocht diúscartha (26).

(30)

Is gá, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh faoi cé acu an dtarlódh an oibríocht i gceist nó nach dtarlódh fiú sa chás nach raibh an dramhaíl sin ar fáil agus, dá réir sin, go raibh gá le hábhair eile a úsáid (27).

2.4.4.   An coinníoll i leith oiriúnachta

(31)

Tá sé maíte ag an gCúirt Bhreithiúnais nach féidir oibríocht a aicmiú mar aisghabháil ach amháin, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil is déanaí, má tá an dramhaíl oiriúnach chun na críche sin (28).

(32)

De réir na Treorach maidir le Líonadh Talún, tá dramhaíl thámh oiriúnach d’oibríochtaí athfhorbartha nó athchóirithe (29). Aithnítear in Aithris 15 den Treoir sin freisin go bhfuil dramhaíl neamhghuaiseach iomchuí le haghaidh oibreacha athfhorbartha nó athchóirithe: ‘aisghabháil, i gcomhréir le Treoir 75/442/CEE, ar aisghabháil dramhaíola táimhe nó neamhghuaisí í atá oiriúnach trína húsáid in obair athfhorbartha/athchóirithe agus aislíonta, nó oiriúnach chun críocha foirgníochta, ní féidir gníomhaíocht líonadh talún a bheith i gceist léi’.

(33)

Deimhnítear in Airteagal 3(17a) den Treoir maidir le Dramhaíl freisin nach mór oibríochtaí aislíonta a dhéanamh trí dhramhaíl neamhghuaiseach oiriúnach a úsáid (féach aithris (22).

2.5.   Tuairisc ar na forais leis an nós imeachta a thionscnamh

(34)

Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil tráth a cuireadh tús leis an nós imeachta, mheas an Coimisiún go raibh an beart i gceist, is é sin cur i bhfeidhm, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí Renewi i líonadh talún Mont-Saint-Guibert, an ráta laghdaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála seachas an ráta iomláin is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha ó mhí Feabhra 2009 i leith, (féach aithrisí 49, 50 agus 51), ar ráta é a raibh amhras ann dá bharr faoina aicmiú mar Státchabhair agus faoina chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach.

(35)

Sa chinneadh tosaigh uaidh, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé in amhras faoi oiriúnacht aicmiú na hoibríochta líonadh talún ag údaráis na Beilge mar oibríocht aisghabhála ó thaobh chásdlí na Cúirte Breithiúnais mar a suíodh i gCás C-147/15. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil ag an am, níorbh fhéidir a thaispeáint gurb é príomhchuspóir na hoibríochta sa chás sin acmhainní nádúrtha a chaomhnú. Ós rud é, go háirithe, nach raibh an chuma ar an scéal go raibh coinne leis go gcruthófaí an cruinneachán trí ábhair seachas dramhaíl a úsáid, níorbh fhéidir a mhaíomh go ndéanfaí ábhair eile a ionadú go fóinteach leis an dramhaíl. Bhí an chuma ar an scéal gurab é clúmhach amháin a bheadh oiriúnach agus go mbeadh sé ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha, i bhfianaise na saintréithe teicniúla arna sainmhíniú ar bhonn eolaíoch nach mór a bheith le feiceáil sna hábhair (a gcineál éadroime, táimhe agus do-bhithdhíghrádaithe) agus i bhfianaise na gcainníochtaí a bheadh de dhíth laistigh de thréimhse ama atá gearr go coibhneasta (thart ar 80 000 tonna le linn tréimhse de roinnt blianta).

(36)

Thairis sin, de thoradh na faisnéise a bhí ar fáil tráth a seoladh an nós imeachta, chreid an Coimisiún go raibh clúmhach níos oiriúnaí le haghaidh loiscthe agus táirgeadh fuinnimh, ó thaobh chomhlíontacht le hord na réiteach dramhaíola de.

(37)

I bhfianaise na faisnéise sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh fhéidir buntáiste roghnaíoch a bheith i gceist leis an ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm ar líonadh talún ar ráta é is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála. Mheas an Coimisiún, dá bhrí sin, go raibh an chuma ar an scéal gur baineadh ualach cánach de Renewi a mbeadh ar an gcuideachta sin é a íoc de ghnáth dá mba rud é gur caitheadh lena cuid oibríochtaí mar dhiúscairt dramhaíola seachas aisghabháil dramhaíola. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh an chuma ar an scéal gur comhlíonadh na critéir eile dá dtagraítear in Airteagal 107(1) CFAE.

(38)

Bhí an fhéidearthacht ann, dá bhrí sin, gur Státchabhair a bhí i gceist leis an mbeart i gceist.

(39)

Ós rud é gur cuireadh an beart a bhí i gceist chun feidhme sular cuireadh fógra faoi chuig an gCoimisiún, d’fhéadfadh sé gur theip ar údaráis na Vallúine a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 108(3) CFAE a chomhlíonadh.

(40)

A mhéid a bhaineann le comhoiriúnacht na cabhrach a líomhnaítear a deonaíodh, chuir an Coimisiún amhras in iúl faoi arbh fhéidir, le cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe maidir leis na hoibríochtaí a rinne Renewi i líonadh talún Mont-Saint-Guibert seachas an ráta is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha (i) cúiteamh i leith oibleagáid seirbhíse poiblí atá comhoiriúnach le hAirteagal 106(2) CFAE a bheith i gceist, nó (ii) arbh fhéidir a dhearbhú go raibh sé comhoiriúnach le Treoirlínte 2008 (30) nó 2014 (31) maidir le Státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil.

(41)

I bhfianaise na faisnéise a bhí aige ag an am, agus ós rud é nárbh fhéidir a dhearbhú cé acu an raibh nó nach raibh an chabhair a líomhnaítear comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, chinn an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a sheoladh.

3.   BARÚLACHA Ó RÉIGIÚN NA VALLÚINE

(42)

Maidir le haicmiú an bhirt a líomhnaítear ina leith gur Státchabhair é, measann Réigiún na Vallúine nach gcomhlíontar na coinníollacha buntáiste agus roghnaíochta. Measann sé go raibh an oibríocht aicmithe i gceart mar aisghabháil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus na Vallúine is infheidhme. Ar ndóigh, dhéanfaí an oibríocht, fiú mura raibh ann do dhramhaíl oiriúnach i gcainníochtaí leordhóthanacha (féach Roinn 3.1); bhainfí úsáid as ábhair eile (féach Roinn 3.3); agus bhí an dramhaíl a úsáideadh oiriúnach don chuspóir (féach Roinn 3.2).

(43)

De réir Réigiún na Vallúine, is ann don easpa roghnaíochta de bharr forálacha ginearálta cánach, a bhfuil feidhm acu go neamh-idirdhealaitheach maidir le haon ghnóthas de réir aicmiú chineál úsáide na dramhaíola. Is ar bhealach neamhroghnach a dhéantar oibríocht a aicmiú mar aisghabháil nó diúscairt, ós rud é go bhfuil an cinneadh ón Aire Comhshaoil ina chuid de nós imeachta foirmiúil, agus go bhfuil sé bunaithe ar anailís dhomhain ag lucht riaracháin na Vallúine arna déanamh ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-iarratasóir chun aisghabháil dramhaíola a chlárú.

3.1.   An oibleagáid dhlíthiúil líonadh talún Mont-Saint-Guibert a dhúnadh agus a athchóiriú

(44)

Sna breithnithe breise a rinne sé an 17 Nollaig 2020, cuireann Réigiún na Vallúine in iúl go bhfuil na hoibreoirí uile líonadh talún i Réigiún na Vallúine, gan eisceacht agus faoi Ordú an 27 Feabhra 2003 maidir le coinníollacha oibríochta láithreán líonadh talún (‘an tOrdú um Choinníollacha Earnála’) (32), faoi réir oibleagáid a gcuid láithreán a chruthú mar chruinneachán chun grádán fána íosta de 3 % tar éis síothlaithe a áirithiú agus chun sruth imtharraingteach uisce stoirme a ritheann chun srutha go dtí na díoga lastall den líonadh talún a chumasú.

(45)

Ó 2004 i leith, rinneadh líonadh talún Mont-Saint-Guibert a bhainistiú ar bhonn ceada aonair dar dáta an 10 Bealtaine 2004 (‘an cead aonair’), a dheonaigh Réigiún na Vallúine agus a bhí bailí go dtí an 20 Samhain 2014 (mar chead oibríochta).

(46)

Tá líonadh talún Mont-Saint-Guibert roinnte ina earnálacha éagsúla.

(47)

Agus an cead aonair á eisiúint aige, rinne Aire Comhshaoil na Vallúine an méid a leanas:

cheangail sí athchóiriú iomlán earnáil 1 trí oibríochtaí aisghabhála, ar bhonn staidéar mionsonraithe ar na hábhair nó an dramhaíl a bhí le próiseáil chun próifílí oiriúnacha a bhunú, agus nasc optamach le hearnálacha 2 go 8 den líonadh talún á áirithiú;

thug sí údarú do Renewi earnálacha 2 go 8 den líonadh talún a oibriú;

cheangail sí ar Renewi aisghabháil dramhaíola a úsáid murar baineadh amach an sprioc d’airde 161 mhéadar, i ndiaidh síothlaithe, ar fud an líonta talún.

(48)

D’fhonn an láithreán a dhúnadh an 21 Samhain 2014, tosaíodh an obair athchóirithe (chun cruth cruinneacháin a chur ar an líonadh talún) agus an obair chaidhpeála (33) (ó mhí Feabhra 2009 le haghaidh earnáil 1 agus ó mhí na Samhna 2011 le haghaidh earnálacha 2 go 8). Cuireann an Réigiún in iúl go bhfuil sé an-choitianta san earnáil bainistithe dramhaíola ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh líonadh talún a dhúnadh chun go mbeidh próiseas athchóirithe níos éifeachtúla ann, agus oibríochtaí diúscartha á leanúint i gcomhthráth. Le linn tréimhse oibrithe líonta talún, déantar roinnt earnálacha den líonadh talún nach bhfuil oscailte a thuilleadh le haghaidh oibríochtaí diúscartha a ullmhú le haghaidh oibríochtaí athchóirithe an tráth céanna a leantar d’earnálacha eile den líonadh talún a úsáid. Ceanglaíodh deimhnithe athchóirithe a fháil i dtaca leis na hoibríochtaí athchóirithe sin agus tugadh údar do Renewi leo cineálacha áirithe de dhramhaíl in-aisghabhála a úsáid nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Ordú um Aisghabháil Dramhaíola. Deimhnítear príomhchuspóir na n-oibríochtaí i gceist leis na clárúcháin agus na deimhnithe uile agus sonraítear iontu go bhfuil aisghabháil clúmhach ina cuid den phróiseas d’athfhorbairt agus athchóiriú líonadh talún Mont-Saint-Guibert.

(49)

Ós rud é, mar gheall ar na coinníollacha sonracha a ghabh leis an gcead aonair, gur forchuireadh aisghabháil dramhaíola ar Renewi i ndáil le dúnadh an láithreáin, chuir an chuideachta isteach ar chlárú, rud a fuair sí an 30 Samhain 2005 mar aon leis an deimhniú aisghabhála gaolmhar Uimh. 2005/13/73/3/4 le haghaidh athlíonadh earnáil 1.Luaitear sa deimhniú aisghabhála sin nach mór ‘dlús oiriúnach’ a bheith ag an dramhaíl a údaraítear lena haisghabháil ionas go gcuirfear bac ar shíothlú iomarcach i mais na dramhaíola agus go n-áiritheofar fánaí cobhsaí chun ligean d’uisce stoirme rith chun srutha’. Níor mhór an dramhaíl a bhí i gceist a bheith ina ‘dramhaíl neamhghuaiseach agus támh agus ag teacht faoi chóid 170107 – meascán cóireáilte de choincréit, brící, tíleanna agus ceirmeacht, 170795 – dramhaíl scartála chóireáilte, 191204 – boinn rotha bhrúite agus lataí rubair, 191212 – clúmhach do-bhithdhíghrádaithe agus 200307 – dramhaíl théagartha bhrúite’.

(50)

Ar deireadh, áfach, níor baineadh úsáid as an gclárú ná as an deimhniú riamh, agus iad bailí le haghaidh 3 bliana, ós rud é nár cuireadh clabhsúr ar an obair ullmhúcháin a bhí de dhíth chun na hoibríochtaí aisghabhála in earnáil 1 a dhéanamh go dtí mí na Nollag 2008.

(51)

Mar sin, níorbh fhéidir oibríochtaí aisghabhála a thosú in earnáil 1 roimh mhí Feabhra 2009, mar a taispeánadh i litir dar dáta an 3 Lúnasa 2009 inar chuir Renewi iarratas faoi bhráid Údarás Dramhaíola de chuid na Vallúine (Office Wallon des déchets) ar chlárú nua agus ar dheimhniú nua ar úsáid.Ba ar bhonn an chláraithe agus an deimhnithe ar úsáid, a fuarthas an 18 Nollaig 2008, a cumasaíodh na hoibríochtaí aisghabhála in earnáil 1 a thosú.Leis an gclárú nua agus an deimhniú nua ar úsáid, a bhí bailí go dtí an 31 Nollaig 2009, údaraíodh oibríochtaí aisghabhála don dramhaíl chéanna is a údaraíodh cheana (féach aithris 49) ar mhaithe le hearnáil 1 a athlíonadh. Mar sin, ní raibh Renewi in ann leas a bhaint as an laghdú ar an ráta cánach i ndáil le hoibríochtaí a aicmítear mar aisghabháil go dtí mí Feabhra 2009.

(52)

I bhfianaise na moille ar an obair athchóirithe agus athfhorbartha in earnáil 1, b’éigean an clárú agus an deimhniú a shíneadh arís an 10 Samhain 2009, le haghaidh 3 bliana, de bhíthin chlárú agus deimhniú Uimh. 2009/13/73/3/4, a bhí bailí go dtí an 31 Nollaig 2011. Ar an lá céanna, eisíodh clárú nua agus deimhniú nua Uimh. 2009/13/114/3/4 (bailí go dtí an 31 Nollaig 2011) lenar údaraíodh Renewi chun dramhaíl neamhghuaiseach agus támh a thagann faoi chóid 170107 – meascán cóireáilte de choincréit, brící, tíleanna agus ceirmeacht, 170795 – dramhaíl scartála chóireáilte, 191204 – boinn rotha bhrúite agus lataí rubair, 191212 – clúmhach do-bhithdhíghrádaithe agus 200307 – dramhaíl théagartha bhrúite’ chomh maith le clúmhach indóite a thagann faoi chód 191210 a aisghabháil.

(53)

Is faoi chatagóirí 191210 – ‘dramhaíl indóite (breosla a dhíorthaítear ó dhramhaíl’) agus 191212 – ‘dramhaíl eile (lena n-áirítear meascáin) ó chóireáil mheicniúil dramhaíola seachas [dramhaíl ina bhfuil substaintí guaiseacha]’ a thagann clúmhach indóite agus caitín do-bhith-dhíghrádaithe araon a ndéantar tuairisc orthu san Ordú ó Rialtas na Vallúine an 10 Iúil 1997 (34) lena mbunaítear aicmiú dramhaíola. Meastar an dá chatagóir sin – 191210 agus 191212 – mar dhramhaíl neamhghuaiseach san Ordú sin.

(54)

De réir an Ordaithe lena mbunaítear aicmiú dramhaíola, tagann caitín indóite agus clúmhach do-bhithdhíghrádaithe araon faoin gcatagóir ‘dramhaíl do-bhithdhíghrádaithe atá comhoiriúnach le dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe orgánach i gcomhthéacs sil-leagain i líonadh talún’, ar choinníoll nach dócha go mbeidh imoibriú idir iadsan agus dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe orgánach nó go mbainfear an bonn d’éifeachtacht aisghabhála gás mar gheall orthu (35). Míníonn Réigiún na Vallúine, maidir leis an téarma ‘indóite’ gur ann dó díreach toisc go raibh gá leis an gcineál nua sin de dhramhaíl a aicmiú faoi cheann amháin de na cineálacha dramhaíola arb ann dóibh cheana agus a liostaítear i reachtaíocht na Vallúine agus, i bhfianaise an luacha chalraigh atá air, go raibh ciall leis an gcineál sin clúmhach a aicmiú in éineacht le dramhaíl a thagann faoi chód 191210 – ‘dramhaíl indóite (breosla ó dhramhaíl)’. Is é an t-aon chiall atá leis an téarma ‘indóite’ ná go bhfuil glanluach calrach (‘NVC’) áirithe ar an gcineál sin clúmhach agus ní chiallaíonn sé go bhfuil an NVC sin oiriúnach go sonrach d’oibríochtaí loiscthe, bídís ar siúl i loisceoirí ná in áitheanna stroighne. Chun go nglacfar leis an dramhaíl i dtromlach na loisceoirí, ní mór NVC tuairim is 10 000-12 000 kJ/kg nó uasmhéid, i gcainníochtaí beaga, de 13 000 kJ/kg. Má dhóitear dramhaíl ag a bhfuil torthaí NCV níos airde ná sin, déantar díghrádú nach beag do na háitheanna. Maidir leis an gclúmhach a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aisghabhála i líonadh talún Mont-Saint-Guibert, áfach, tá glanluach NCV de 14 100 kJ/kg aige (36).

(55)

De réir na faisnéise a sholáthair Réigiún na Vallúine, maidir leis an dramhaíl a bhfuair Renewi deimhnithe aisghabhála ina leith, níor úsáideadh ar ndóigh ach clúmhach do-bhithdhíghrádaithe agus dramhaíl théagartha bhrúite chun críoch aisghabhála in earnáil 1 ó mhí Feabhra 2009 i leith. Níor úsáideadh clúmhach indóite ach ó 2010 i leith.

(56)

Úsáideadh dramhaíl théagartha bhrúite (37) sa líonadh talún i gcainníochtaí teoranta (38) idir mí Feabhra 2009 agus mí na Nollag 2009. Bhí toirmeasc ar dhramhaíl théagartha a thabhairt isteach sa líonadh talún ón 1 Eanáir 2010 faoin Ordú ó Rialtas na Vallúine faoinar cuireadh toirmeasc ar dhramhaíl áirithe a chur i líonadh talún. (39).

(57)

A mhéid a bhaineann le hearnálacha 2 go 8, leis an gcead aonair a deonaíodh do Renewi údaraíodh cruth cosúil le cruinneachán a chur ar an líonadh talún a bheadh ar airde uasta 167 m roimh shíothlú agus, i ndiaidh síothlaithe, ar airde deiridh 161 méadar os cionn leibhéal na farraige. Ag deireadh na n-oibríochtaí, níor mhór grádán fána an chruinneacháin a bheith idir 3 % agus 14 % i ndiaidh síothlaithe (40).

(58)

Foráiltear leis an gcead aonair nach mór don oibreoir, i gcás nach mbaintear amach an sprioc i ndáil le hairde 161 méadar, an líonadh talún a bharrlíonadh ag úsáid ábhair atá comhlíontach leis na dálaí agus na saintréithe a leagtar síos san Ordú um aisghabháil dramhaíola áirithe a spreagadh, ionas go mbainfear amach an airde sin gan teip.

(59)

Le linn oibriú an líonta talún, glacadh toirmisc leantacha i Réigiún na Vallúine, de bhíthin an Ordaithe ó Rialtas na Vallúine, ar dhramhaíl áirithe a dhiúscairt i líonadh talún, ar bearta iad lena gcuirtear toirmeasc ar dhramhaíl airithe a chur i líonadh talún (41).

(60)

Leis an Ordú sin, mar sin, cuirtear toirmeasc ar chineálacha áirithe dramhaíola a chur i líonadh talún, go háirithe dramhaíl ghuaiseach áirithe, chomh maith le boinn rotha iomlána chaite, dramhaíl a bhailítear go leithleach agus dramhaíl miotail.

(61)

De bhíthin na dtoirmeasc leantach sin laghdaíodh cainníochtaí na dramhaíola a bhí á ndiúscairt i líonadh talún Mont-Saint-Guibert, rud a chuir d’iallach ar Renewi dul in oiriúint do mhargadh a bhí ag athrú de shíor agus ina raibh laghdú ag teacht i gcónaí ar an méid dramhaíola a bhí ar fáil lena dhiúscairt. De réir Réigiún na Vallúine, taifeadadh idir 2009 agus 2010 gur tháinig laghdú 212 000 tonna ar na cainníochtaí dramhaíola a bhí á ndiúscairt.

(62)

Gach bliain ó 2004 i leith, bhí ar Renewi, dá bhrí sin, féachaint le bealaí malartacha a aimsiú chun sruthanna éagsúla dramhaíola a fháil chun an phróifíl deiridh a forchuireadh air leis an gcead aonair, de bhun an Ordaithe um Coinníollacha Earnála, (42) a bhaint amach. In 2013 agus 2014, mar shampla, d’éirigh le Renewi méid suntasach d’ábhair de dhramhaíl snáithínghloine agus de dhramhaíl ó scriosadh gluaisteán raice agus dramh lena ndiúscairt i líonadh talún Mont-Saint-Guibert.

(63)

Cuireann Réigiún na Vallúine i dtábhacht freisin comhthéacs hidrigeolaíoch áirithe an láithreáin, a mbaineann gné leis atá thar a bheith leochaileach, ós rud é go bhfuil baol suntasach ann go rachaidh cáilíocht an screamhuisce i léig de dheasca insíothlaithe láisteáite, rud a chuireann féidearthacht úsáide an uisce sin i gcontúirt ó thaobh uisce óil a tháirgeadh. De dheasca an chomhthéacs dheacair bunaíodh Coiste Eolaíoch a raibh sé de chúram air moltaí a dhéanamh do na húdaráis tráth a ndéanann siad cinntí a bhaineann le líonadh talún Mont-Saint-Guibert.

(64)

Cuireann Réigiún na Vallúine in iúl nárbh fhéidir an cead oibríochta le haghaidh líonadh talún Mont-Saint-Guibert a athnuachan i bhfianaise na fadhbanna a sainaithníodh i leith an chomhshaoil. Níorbh fhéidir ach oiread na cainníochtaí dramhaíola ar gá iad a thabhairt isteach sa líonadh talún chun na ceanglais a chomhlíonadh a forchuireadh le reachtaíocht na Vallúine i leith an ghrádáin fána íosta.

(65)

Mar a chuireann Réigiún na Vallúine in iúl, ba ghá tús a chur le pleanáil dhúnadh an láithreáin chomh fada siar le 2011, chun a dhúnadh iarbhír faoin 21 Samhain 2014 a áirithiú. Ó shin i leith, dhírigh an Coiste Eolaíoch a aird go háirithe ar an ngá a bhí leis an bpróifíl deiridh a shainmhíniú ar bhealach trína bhféadfaí fánaí a bhaint amach sa líonadh talún lena gcuirfí cosc ar shíothlú difreálach a bheadh ina chúis le hathrú an uisce dromchla go huisce marbh ar cheart é a bheith ag sreabhadh go dtí na díoga draenála. Agus an cuspóir céanna ar intinn acu, d’fhorchuir an Coiste Eolaíoch nach mór dramhaíl a úsáid a bheadh chomh ‘éadrom agus ab fhéidir’ in athchóiriú an láithreáin chun go seachnófar síothlú difreálach iomarcach.

(66)

Cuireann Réigiún na Vallúine in iúl go raibh grádáin fána níos lú ná 3 % ag próifíl an líonta talún i roinnt áiteanna i ndiaidh síothlaithe nuair a rinneadh an cinneadh ag tús 2011 an láithreán a dhúnadh, agus dá bhrí sin nár chomhlíon an phróifíl ceanglais Airteagal 16, fomhír 5, den Ordú um Choinníollacha Earnála. B’éigean an phróifíl sin a athmhúnlú dá bhrí sin chun an srian 3 % íosta i ndáil leis an ngrádán fána a urramú. De bhíthin na múnlaí a d’fhorbair an Coiste Eolaíoch, a thíolaic sé sa tuairim uaidh an 11 Márta 2011, bhí sé indéanta na toirteanna íosta dramhaíola a ríomh a raibh gá leo chun a áirithiú (i) go raibh fánaí meánacha ag a raibh grádán de 3 % ar a laghad i ndiaidh síothlaithe ar fud an láithreáin, agus (ii) go raibh fánaí meánacha ag a raibh grádán uasta de 14 % ar fud an láithreáin, chun go n-áiritheofar cobhsaíocht na maise dramhaíola. Mar sin, laghdaíodh de 76 401 m3 toirt deiridh na dramhaíola a raibh ga léi sula leanfaí le dúnadh an líonta talún.

(67)

An 28 Meitheamh 2011, i ndiaidh don chinneadh an láithreán a dhúnadh a bheith déanta, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos sa chead aonair agus ar bhonn na moltaí a rinne an Coiste Eolaíoch sa tuarascáil uaithi an 11 Márta 2011, chuir Renewi iarratas ar chlárú isteach le haghaidh dramhaíl neamhghuaiseach de chineálacha 191210 – caitín indóite agus 191212 – clúmhach do-bhithdhíghrádaithe a aisghabháil lena n-aisghabháil i gcomhthéacs dhúnadh líonadh talún iomlán Mont-Saint-Guibert.

(68)

Bunaithe ar thuairimí an Choiste Eolaíoch agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa chead aonair, i ndiaidh an nós imeachta maidir le dúnadh ar cuireadh tús leis cheana féin le haghaidh earnáil 1, d’eisigh an tAire Comhshaoil clárú Uimh. 2011/13/132/3/4 agus an deimhniú aisghabhála gaolmhar do Renewi an 4 Samhain 2011, lenar údaraíodh dó clúmhach a aisghabháil ar feadh tréimhse 5 bliana, mar chuid de dhúnadh líonadh talún Mont-Saint-Guibert ina iomláine. Mar sin, leis an gclárú nua agus an deimhniú nua údaraíodh aisghabháil caitín indóite agus clúmhach do-bhithdhíghrádaithe mar chuid de dhúnadh an líonta talún ina iomláine, lena n-áirítear earnáil 1, agus ansin comhtháthaíodh i bpróiseas ginearálta dhúnadh an líonta talún í.

(69)

Rinneadh an clárú agus an deimhniú ar úsáid sin, a bhain i gcéaduair le cruth cruinneacháin a chur ar an láithreán, a athnuachan de bhíthin cinneadh dar dáta an 18 Lúnasa 2015 (clárú agus deimhniú ar úsáid Uimh. 2015/13/223/3/4). Bhí an deimhniú sin bailí go dtí an 18 Lúnasa 2020, agus de réir Réigiún na Vallúine bhí údar cuí le tréimhse na bailíochta mar gheall ar na cainníochtaí nach beag d’ábhair a raibh gá leo chun bailchríoch a chur ar an gcruinneachán (i gcomhréir leis an deimhniú ar úsáid, bhí cead ag Renewi suas le 400 000 tonna clúmhach a aisghabháil). Cuireadh bailchríoch ar an ‘gcruinneachán’ i mí na Samhna 2019, roimh dhul in éag an deimhnithe ar úsáid.

(70)

Mar gheall ar chlárú Uimh. 2011/13/132/3/4 agus deimhniú gaolmhar aisghabhála agus clárú Uimh. 2015/13/223/3/4 agus an deimhniú gaolmhar ar úsáid araon cumasaíodh athfhorbairt an líonta talún i gcomhréir leis an gcead aonair (d’fhonn síothlú iomarcach sa mhais dramhaíola a sheachaint agus fánaí a bhí cobhsaí go leor a áirithiú le go bhféadfadh uisce stoirme a rith chun srutha go nádúrtha).

(71)

Thosaigh an tréimhse athchóirithe, i bhfoirm chaidhpeáil earnálacha 2 go 8, in 2020, i ndiaidh chríochnú an chruinneacháin. Luann Réigiún na Vallúine gur cuireadh an t-athchóiriú i gcríoch i gcéaduair ag úsáid ábhair a bhí i gcomhréir le clárú Uimh. 2016/616/3/4, a rachaidh in éag an 26 Deireadh Fómhair 2026. Tá an dramhaíl a chumhdaítear le clárú Uimh. 2016/616/3/4 comhfhreagrach leis an dramhaíl a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis Ordú um Aisghabháil Dramhaíola.

(72)

Sna barúlacha dá chuid an 3 Bealtaine 2021, athdhearbhaíonn Réigiún na Vallúine a thuairim go ndéanfaí na hoibríochtaí i gceist fiú murar úsáideadh an dramhaíl, mar gheall ar an oibleagáid dhlíthiúil an líonadh talún a dhúnadh agus a athchóiriú.

3.2.   Clúmhach mar an príomhchineál dramhaíola is oiriúnach don oibríocht athchóirithe agus dramhaíl théagartha bhrúite

(73)

Deimhníonn Réigiún na Vallúine freisin, gur cinneadh, i bhfad roimh dhúnadh an líonta talún agus ar bhonn staidéar a rinne an gnóthas sainchomhairleoireachta Greisch agus a cuireadh isteach an 31 Deireadh Fómhair 2002 (‘staidéar Greisch’) (43), dramhaíl a úsáid le haghaidh oibríochtaí athchóirithe ‘chun go seachnófar cainníocht chomh mór sin de ‘ábhair ardghráid’ a thabhairt isteach i líonadh talún’. Luadh i staidéar Greisch gur cheart an dramhaíl a bheith, ‘go hidéalach, ar fáil i gcainníochtaí móra (100 000 m3), éasca a phróiseáil, éadrom, uiscedhíonach agus meath-dhíonach’.

(74)

Áiríodh an cinneadh dramhaíl a úsáid in ionad ábhair óghábhar amhail laibhe carraige sa chead aonair ina dhiaidh sin.

(75)

Ós rud é gur ceanglaíodh leis an gcead aonair go ndéanfaí oibríochtaí aisghabhála d’fhonn earnáil 1 a dhúnadh, ghlac an Coiste Eolaíoch tuairim an 23 Meitheamh 2005 lenar cinneadh na cáilíochtaí teicniúla a mbeadh gá leo chun na hábhair a úsáid chun earnáil 1 a athlíonadh. Atheisíodh an tuairim sin an 28 Márta 2006.

(76)

Luaitear i ndeimhniú aisghabhála Uimh. 2005/13/73/3/4 a d’iarr Renewi nach mór ‘dlús oiriúnach’ a bheith ag an dramhaíl a údaraítear lena haisghabháil ionas go gcuirfear bac ar shíothlú iomarcach i mais na dramhaíola agus go n-áiritheofar fánaí cobhsaí chun ligean d’uisce stoirme rith chun srutha’. Bhí na saintréithe sin ag clúmhach do-bhithdhíghrádaithe (féach aithris 49). Údaraíodh úsáid clúmhach (do-bhithdhíghrádaithe agus indóite) freisin leis an deimhniú ar úsáid dar dáta an 18 Nollaig 2008 agus leis na deimhnithe ina dhiaidh sin (féach aithrisí 51 agus 52) ar an bhforas go raibh na saintréithe teicniúla aige a bheadh oiriúnach do dhúnadh earnáil 1.

(77)

I mí na Nollag 2009, luadh i nóta teicniúil maidir le ‘Athchóiriú earnáil 1’, nóta a d’eisigh an Coiste Eolaíoch, nach mór clúmhach a bheith i gceist leis an dramhaíl a bhí le húsáid in athchóiriú earnáil 1 (i.e dramhaíl phlaisteach, codán éadrom ó shórtáil agus réamhchóireáil dramhaíola).

(78)

An 11 Márta 2011, leag an Coiste Eolaíoch amach i dtuairim na réamhbhreithnithe teicniúla a bhain leis an athbhreithniú ar fhánaí agus próifílí an líonta talún ar gá iad chun turnamh a sheachaint, mar a suíodh ar bhonn suirbhéanna topagrafacha beachta a rinneadh ag deireadh 2010. Ar an mbonn sin, luaitear sa doiciméad freisin nach mór dlús íseal a bheith ag na hábhair, iad a bheith do-bhithdhíghrádaithe agus meath-dhíonach (chun turnamh a sheachaint) agus tréscaoilteach (chun ligean do scaoileadh uisce agus gás). Tá an sliocht ábhartha atáirgthe thíos:

‘Trí shaintréithe nach mór a chur i dtábhacht:

(1)

Dlús. I bpróifíl cheartaithe an líonta talún, bhí an ráta deiridh bainte amach cheana ag 51 % den achar dromchla ‘ROIMH shíothlú’. I roinnt áiteanna tá síothlú ar siúl le tamall fada cheana. Beidh na hábhair nua atá le cur isteach comhdhlúite freisin le himeacht ama. Meastar faoi láthair, dá bhrí sin, go bhfuil sé oiriúnach ábhair a chur isteach atá chomh héadrom agus is féidir, amhail ábhair aisghabhála, chun turnamh a theorannú. Ní féidir úsáid ábhar eile atá níos troime, amhail dramhaíl ó oibreacha feabhsúcháin a eisiamh. Ba cheart a thabhairt chun cuimhne, áfach, go méadófar an turnamh mar gheall ar ábhair den sórt sin.

(2)

Cobhsaíocht thoiseach. Ba cheart ábhair do-bhithdhíghrádaithe a úsáid ag céim reatha líonadh na talún chun cineál eile turnaimh a sheachaint a bheadh mar thoradh ar an laghdú toirte.

(3)

Tréscaoilteacht. Ba cheart mais dramhaíola a bheith ann de thoradh na n-ábhar in úsáid, chun scaoileadh uisce agus bithghás a chumasú.’

(79)

I bhfianaise na saintréithe teicniúla sin, agus i gcomhréir le tuairimí leantacha an Choiste Eolaíoch ina léirítear na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcead aonair, sainaithníodh clúmhach sa tuairim mar an príomhchineál dramhaíola atá oiriúnach don oibríocht. Luann Réigiún na Vallúine freisin gurab iad na saintréithe teicniúla, arna suí go hoibiachtúil i bhfianaise na saincheisteanna comhshaoil, a mba chúis le roghnú chineál na dramhaíola a bhí le húsáid agus ní a mhalairt (i.e. níor roghnaíodh an clúmhach i gcéaduair agus gur úsáideadh a shaintréithe sonracha ansin mar bhunús chun na saintréithe teicniúla a shainaithint).

(80)

Luann Réigiún na Vallúine gur cinneadh, ó thús próiseas dhúnadh an líonta talún, agus d’fhonn acmhainní a chaomhnú, dramhaíl a réamhchóireáil chun feidhm fhóinteach a thabhairt di. Ós rud é, áfach, nach raibh dramhaíl ná ábhair réidh lena n-úsáid, bhí gá le hábhair nó dramhaíl a bhí ann cheana a tháirgeadh nó a réamhchóireáil chun iad a úsáid chun críoch fóinteach.

(81)

Mar sin, cruthaíodh an clúmhach agus rinneadh é a oiriúnú go sonrach le haghaidh athchóiriú láithreán líonadh talún Mont-Saint-Guibert.

(82)

Luann Réigiún na Vallúine freisin go bhfuil anailís chúramach déanta ar úsáid clúmhach i gcomhréir leis an nós imeachta um aisghabháil dramhaíola a leagtar síos san Ordú um Aisghabháil Dramhaíola. Measadh go raibh an clúmhach i gceist sa chás seo ina dhramhaíl neamhghuaiseach i gcomhréir leis an Ordú lena mbunaítear aicmiú dramhaíola (féach aithris 53) agus le gach clárú agus deimhniú a eisíodh do Renewi. Measadh cineál neamhghuaiseach na dramhaíola a bheith ina réamhriachtanas chun go measfar an dramhaíl a bheith oiriúnach d’oibríochtaí aisghabhála. Mar sin, foráiltear le hAirteagal 13(1) den Ordú um Aisghabháil Dramhaíola go ‘bhféadfaidh [a]n tAire tacú le haisghabháil dramhaíola neamhghuaisí nach liostaítear in Iarscríbhinn I agus le haisghabháil dramhaíola neamhghuaisí seachas í sin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhforaithne seo le haghaidh aon duine a chuireann iarratas ar chlárú isteach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Ordú seo […]’.

(83)

De réir Réigiún na Vallúine, tá roinnt saintréithe ag clúmhach atá i bpáirt le gás támh. Mar sin, aicmíonn Réigiún na Vallúine é mar ‘clúmhach do-bhithdhíghrádaithe atá comhoiriúnach le dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe orgánach i gcomhthéacs sil-leagain i líonadh talún’, toisc nach dócha go mbeidh sé ag imoibriú le dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe orgánach nó go mbainfear an bonn d’éifeachtacht aisghabhála gás mar gheall air (féach aithris 54). De réir Réigiún na Vallúine, tá an tsaintréith dheireanach sin den chlúmhach comhchosúil leis an sainmhíniú ar dhramhaíl thámh, ós rud é go mbaineann an tsaintréith sin freisin le dramhaíl ‘nach mbíonn aon imoibriú fisiceach nó ceimiceach eile ann mar thoradh uirthi, nach bhfuil bith-dhíghrádaithe agus nach ndéanann difear díobhálach d’aon ábhar eile lena dtagann sí i dteagmháil ar bhealach ar dócha go n-eascródh truailliú an chomhshaoil as nó go ndéanfadh sé dochar do shláinte an duine.’ (44).

(84)

Cuireann Réigiún na Vallúine in iúl freisin, i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir maidir le Dramhaíl, nach mór d’aon bhunaíocht a dhéanann dramhaíl a loscadh chun fuinneamh a athshlánú a áirithiú go ndéantar na hoibríochtaí athshlánaithe sa chaoi go mbeidh ‘leibhéal ard éifeachtúlachta fuinnimh’ i gceist. Ina leith sin, cuireann údaráis na Vallúine in iúl go bhfuil luach calrach an chlúmhaigh ró-ard (14 000 kJ/kg, ach is luach calrach idir 10,5 agus 11,5 kJ/kg a bhíonn i gceist le breoslaí arna ndíorthú ó dhramhaíl) chun gur féidir é a dhó i loisceoirí agus áitheanna stroighne, agus dá bhrí sin ba dhodhéanta é a dhó chun críoch athshlánaithe fuinnimh. Áitíonn Réigiún na Vallúine freisin nach bhforchuirtear aon ord tosaíochta le hord na réiteach dramhaíola idir oibríochtaí athshlánaithe fuinnimh agus oibríochtaí athshlánaithe ábhair.

(85)

A mhéid a bhaineann leis an dramhaíl théagartha bhrúite a úsáideadh sa tréimhse ó mhí Feabhra 2009 go mí na Nollaig 2009, maíonn Réigiún na Vallúine go raibh na saintréithe teicniúla uile ba ghá aici, ós rud é go bhfuil ísealdlús inti (0,6 tonna/m3 tar éis dlúthú), nach bhfuil sí bith-dhíghrádaithe ach go bhfuil sí díonach ar lobhadh (rud a chuireann cosc ar thurnamh agus a fhágann nach bhfuil aon bhaol ann go gcruthófaí imoibrithe díghrádaithe dramhaíola), go bhfuil sí tréscaoilteach (rud a cheadaíonn gluaiseacht uisce agus gáis) agus go bhféadfaí í a sholáthar agus a bhrú i gcainníochtaí leordhóthanacha. Dá bhrí sin, measadh go raibh an dramhaíl théagartha bhrúite oiriúnach go teicniúil.

3.3.   Ábhair eile a bhí ar fáil tráth na hoibríochta

(86)

De réir Réigiún na Vallúine, an cinneadh maidir le dramhaíl a úsáid in ionad óghábhar chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú, ní chiallaíonn sé sin, áfach, nach raibh aon rogha mhalartach ann seachas dramhaíl a úsáid chun an suíomh a athchóiriú. Mar gheall ar réitigh mhalartacha a bheith ann, is féidir a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh úsáid as clúmhach agus as dramhaíl théagartha bhrúite chun críoch úsáideach, agus cé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí an t-athchóiriú ar an suíomh ar aon chaoi, gan beann ar dhramhaíl oiriúnach a bheith ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha.

(87)

Míníonn Réigiún na Vallúine ina chuid barúlacha an 3 Bealtaine 2021, ó tharla go raibh dramhaíl oiriúnach ar fáil (i dtéarmaí dlúis, do-bhithdhíghrádaitheachta, frithsheasmhacht in aghaidh lobhaidh agus tréscaoilteachta) i gcainníochtaí leordhóthanacha chun an líonadh talún a athchóiriú le linn na tréimhse iomláine (clúmhach agus dramhaíl théagartha bhrúite go príomha), ní raibh ar Réigiún na Vallúine aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le cé na hamhábhair a bhí le húsáid mar mhalairt ar dhramhaíl. Deir Réigiún na Vallúine, áfach, dá mba rud é go dtiocfadh ceist den sórt sin chun cinn, go mbeadh ábhair mhalartacha ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha chun an líonadh talún a athchóiriú ina iomláine ó cuireadh tús leis na hoibreacha athchóirithe i mí Feabhra 2009. Measann Réigiún na Vallúine, sa chás atá idir lámha, maidir le Argex (óghábhar atá comhdhéanta de ghráinní éadroma cré leathnaithe, a tháirgtear ó amhchré nádúrtha agus a phróiseáiltear ansin) agus cineálacha éagsúla cúir (cúr polúireatáin, bloic pholaistiréine leathnaithe nó cúir líonaigh), go raibh siad oiriúnach go foirfe, i bhfianaise a saintréithe teicniúla, chun an líonadh talún a athchóiriú, lena n-áirítear chun an cruinneachán a chruthú. Bhí na hábhair sin ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha ar an margadh freisin. A mhéid a bhaineann le Argex go háirithe, deir Réigiún na Vallúine go bhfuil acmhainneacht táirgeachta nach beag ag an mBeilg i réigiún Antuairp de thart ar 450 000 m3 in aghaidh na bliana. I bhfianaise na gcainníochtaí ba ghá chun an líonadh talún a athchóiriú (measta in 2003 ag thart ar 100 000 m3 in aghaidh na bliana, laghdaithe go 80 000 m3 agus ansin go 70 000 m3 ag deireadh na n-oibreacha), measann an Réigiún go bhféadfadh Renewi an t-ábhar sin a úsáid in ionad clúmhaigh le haghaidh athchóiriú agus dhúnadh an tsuímh.

(88)

Thairis sin, míníonn Réigiún na Vallúine gurbh oiriúnach óghábhar malartach eile freisin, mar atá clocha laibhe (pozzolana), agus go mbeadh sé ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha (45) mar chloch nádúrtha chun an líonadh talún a athchóiriú. De réir an Réigiúin, is ábhar é pozzolana atá comhchosúil le Argex a úsáidtear go minic chun críoch comhchosúil (e.g. tógáil foirgneamh, oibreacha gairdín, aislíonadh).

(89)

Maíonn an Réigiún, i bhfianaise na saintréithe teicniúla atá acu, go gcomhlíonann clocha laibhe (pozzolana) na ceanglais shonracha maidir le hathchóiriú an líonta talún (go háirithe an t-ísealdlús atá iontu, a ndo-bhithdhíghrádaitheacht, a bhfrithsheasmhacht in aghaidh lobhaidh agus tréscaoilteachta) agus go bhféadfadh sé gur rogha eile a bhí iontu mar mhalairt ar úsáid clúmhaigh mura raibh sé sin ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha. Ina theannta sin, maíonn an Réigiún go bhféadfaí úsáid a bhaint as clocha laibhe mar mhalairt ar dhramhaíl théagartha bhrúisce le haghaidh na n-oibríochtaí sa líonadh talún, mura raibh an dramhaíl sin ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha.

4.   BARÚLACHA Ó RENEWI

(90)

De réir Renewi, na coinníollacha maidir le beart a aicmiú mar Státchabhair, mar atá, buntáiste a bheith ann agus cineál roghnaitheach an bhirt, ní bhaineann siad leis an gcás seo.

(91)

A mhéid a bhaineann leis an gcéad phointe, measann Renewi nach féidir laghdú míchuí ar a ualach cánach a bheith i gceist le cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánach dá ndéantar foráil i reachtaíocht na Vallúine le haghaidh oibríochtaí athshlánaithe, sa mhéid go gcomhfhreagraíonn úsáid an chlúmhaigh chun an suíomh a dhúnadh do na critéir um athshlánú a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus i reachtaíocht na Vallúine (féach Roinn 4.1). Dá bhrí sin, tugann Renewi le fios go bhfuil na saintréithe teicniúla is gá ag an gclúmhach don chineál oibríochta sin, agus gur féidir úsáid óghábhar a sheachaint ach úsáid a bhaint as an gcineál dramhaíola sin, d’fhonn acmhainní nádúrtha a chaomhnú (féach Roinn 4.3).

(92)

A mhéid a bhaineann leis an easpa roghnaíochta, measann Renewi, maidir leis na clárúcháin agus na deimhnithe athshlánaithe a deonaíodh dó, nár deonaíodh ar bhealach lánroghnach iad ach gur dámhadh iad tar éis seiceálacha gur chomhlíon an oibríocht atá i gceist an sainmhíniú ar ‘athshlánú’ atá san fhoraithne chánach. Tugann Renewi dá aire freisin go raibh na rátaí éagsúla cánach arna gcur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí athshlánaithe agus diúscartha mar chuid de scéim ghinearálta atá bailí do gach cuideachta a chomhlíonann na critéir maidir leis na cineálacha éagsúla oibríochta (féach Roinn 4.2).

4.1.   Oibriú an líonta talún agus an cinneadh maidir lena dhúnadh

(93)

Deir Renewi ina chuid barúlacha gur chuir sé iarratas isteach ar cheadúnas aonair in 2003 agus é mar aidhm aige an líonadh talún a mhúnlú le grádáin fána 3 % ar a laghad tar éis an tsíothlaithe ionas go bhféadfaí an suíomh a athchóiriú tar éis é a dhúnadh trí bhailiú uisce stoirme agus bithgháis a áirithiú. Ba é an toradh a bhí ar an iarratas sin gur eisíodh cead an 18 Nollaig 2003, agus cuireadh an t-ordú ón Aire lena leagtar síos na coinníollacha maidir le líonadh talún Mont-Saint-Guibert a oibriú agus a dhúnadh in ionad an cheada sin an 10 Bealtaine 2004.

(94)

Fuair Renewi roinnt clárúchán agus deimhnithe athshlánaithe gaolmhara ón 30 Samhain 2005 (féach aithrisí 49 go 52) maidir le clúmhach agus dramhaíl théagartha bhrúite a athshlánú.

(95)

Míníonn Renewi, ó cuireadh tús le hoibríocht an líonta talún, arna údarú ag an gcead aonair in 2004, go bhfuil laghdú mór tagtha ar na cainníochtaí dramhaíola atáthar a dhiúscairt i líonadh talún Mont-Saint-Guibert de thoradh na dtoirmeasc comhleanúnach ar dhramhaíl áirithe a dhiúscairt i líonadh talún leis an bhforaithne ó Rialtas na Vallúine an 18 Márta 2004 (46). Ba é an toradh a bhí air sin gur laghdaíodh na cainníochtaí dramhaíola a diúscraíodh, ó 223 000 tonna in 2009 go thart ar 11 000 tona in 2010, go háirithe de thoradh an toirmisc ar dhramhaíl théagartha bhrúite tí agus dramhaíl orgánach bhith-dhíghrádaithe a dhiúscairt i líonadh talún ón 1 Eanáir 2010 ar aghaidh (47). Is iarmhairt é an toirmeasc sin ar thrasuí na Treorach maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún.

(96)

I bhfianaise an laghdaithe ar an méid dramhaíola a d’fhéadfaí a dhiúscairt sa líonadh talún, ba léir nach bhféadfaí a áirithiú a thuilleadh go ndéanfaí í a líonadh (faoi mhí na Samhna 2014) laistigh den tréimhse a bhí beartaithe ar dtús leis an gcead aonair (48). Tar éis próiseas comhairliúcháin a reáchtáladh ag deireadh 2010 agus tús 2011, rinneadh cinneadh deireadh a chur le hoibríochtaí ag an líonadh talún faoin sprioc-am a sceidealaíodh agus dul ar aghaidh leis an nós imeachta maidir le dúnadh dá dtagraítear in Airteagal 18(5), i gcomhréir le coinníollacha sonracha an cheada aonair.

(97)

Ina theannta sin, cuireann Renewi i dtábhacht, sula ndearnadh an cinneadh deireadh a chur le hoibríochtaí ag an líonadh talún, gur iarradh ar an gCoiste Eolaíoch scrúdú a dhéanamh ar cé acu arbh fhéidir nó nárbh fhéidir an méid dramhaíola a éilíodh don líonadh talún tráth a dhúnta a laghdú, chun go bhféadfaí an líonadh talún a dhúnadh mar a bhí an tráth sin. De réir Renewi, áfach, i dtuarascáil ón 11 Márta 2011, mheas an Coiste Eolaíoch nach bhféadfaí an méid dramhaíola iarmharaí a bhí fós le próiseáil ag deireadh 2010 a laghdú ach de 76 401 m3. Tugadh údar leis an ríomh sin sa tuarascáil ar bhonn na deacrachta a bhainfeadh le himlíne líonadh talún Mont-Saint-Guibert a athrú, ós rud é go raibh a achar dromchla deiridh, arna shainiú in 2003, chomh gar agus ab fhéidir do na ceanglais cheana féin chun na critéir íosta (3 %) agus uasta (14 %) um ghrádáin a chomhlíonadh.

(98)

Agus na sreabha dramhaíola a luaigh Renewi go bhféadfadh sé a phróiseáil á gcur san áireamh ar thaobh amháin, agus na staidéir ar an gcineál ábhair a bhí le húsáid chun an suíomh a dhúnadh agus forálacha an cheada aonair ar an taobh eile, mheas an Coiste Eolaíoch sa tuairim uaidh an 11 Márta 2011 gur chlúmhach den chuid is mó a bhí sa dramhaíl a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm le linn an nós imeachta maidir le dúnadh d’fhonn an suíomh a athchóiriú.

(99)

Bunaithe ar thuairimí an Choiste Eolaíoch agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa chead aonair, tar éis an nós imeachta maidir le dúnadh ar cuireadh tús leis cheana féin le haghaidh earnáil 1, d’eisigh an tAire Comhshaoil clárú Uimh. 2011/13/132/3/4 agus an deimhniú athshlánaithe gaolmhar do Renewi an 4 Samhain 2011, lenar údaraíodh dóibh clúmhach a athshlánú ar feadh tréimhse 5 bliana, mar chuid de dhúnadh líonadh talún Mont-Saint-Guibert ina iomláine.

(100)

An 6 Nollaig 2013, d’athdhearbhaigh an Coiste Eolaíoch an tuairim a thug sé in 2011, agus d’áitigh sé gurb é ‘an t-aon réiteach teicniúil is féidir glacadh leis an líonadh talún a dhúnadh trí úsáid a bhaint as ábhar a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna aige – go háirithe i dtéarmaí dlúis – amhail clúmhach. Is éard a bheadh i gceist le haon réiteach eile dúnadh an líonta talún a chur siar ar feadh tréimhse fhada, agus síneadh a chur leis an gcéim iarchúraim freisin dá bharr’. I bhfianaise na tuairime sin ón gCoiste Eolaíoch, eisíodh clárú agus deimhniú úsáide nua, mar atá Uimh. 2015/13/223/3/4, an 18 Lúnasa 2015 ar feadh 5 bliana.

(101)

Cuireann Renewi i dtábhacht gur éilíodh leis na deimhnithe úsáide uile go ndéanfaí tástálacha cáilíochta chun comhlíonadh na gceanglas sin a sheiceáil. Ar an mbealach sin, bhí comhlíonadh an chlúmhaigh le ceanglais na gclárúchán agus na ndeimhnithe athshlánaithe faoi réir fíoraithe. Dá bhrí sin, cuireann Renewi in aghaidh na hargóinte arna cur chun cinn ag an gCoimisiún ina chinneadh tosaigh nach gceadaítear seiceálacha a dhéanamh leis na clárúcháin agus na deimhnithe maidir le céard is clúmhach ann go baileach agus cé na saintréithe nach mór a bheith aige.

4.2.   Cur i bhfeidhm ceart na Foraithne Cánach agus an Ordaithe Aisghabhála ag an Aire

(102)

Deir Renewi go ndéantar foráil leis an bhForaithne Chánach maidir le ráta laghdaithe cánach is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála dramhaíola i líonadh talún le haghaidh aon chuideachta cóireála dramhaíola a dhéanann oibríochtaí den sórt sin.

(103)

Déantar foráil le hAirteagal 6(1)(12) (Airteagal 6(1)(11) roimhe seo) den Fhoraithne Chánach go mbeidh ráta EUR 0/tonna, don tréimhse 2005 go 2015, agus EUR 20/tonna, don tréimhse ó 2015 ar aghaidh, infheidhme maidir le ‘húsáid dramhaíola in-aisghabhála i líonadh talún mar mhalairt ar tháirgí nó trealamh is gá chun an líonadh talún a oibriú agus a athchóiriú, lena n-áirítear iarchúram, i gcomhréir leis an gcead oibríochta nó leis an gcead comhshaoil’.

(104)

De réir Renewi, leagtar síos san Airteagal sin sraith critéar atá oibiachtúil agus réamhshainithe, agus d’fhéadfadh aon chuideachta tairbhiú den ráta laghdaithe cánach is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála má (1) úsáideann sí dramhaíl in-aisghabhála i líonadh talún (2) mar mhalairt ar tháirgí nó trealamh, (3) ar táirgí agus trealamh iad is gá chun an líonadh talún a oibriú agus a athchóiriú, lena n-áirítear iarchúram, (4) i gcomhréir le cead oibríochta nó cead comhshaoil an líonta talún. Leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Ordú Aisghabhála liosta de dhramhaíl a mheastar gur dramhaíl in-athshlánaithe go huathoibríoch í. Cuireann Renewi i dtábhacht, áfach, nach bhfuil Iarscríbhinn 1 uileghabhálach ós rud é gur dodhéanta, a priori, liosta uileghabhálach a tharraingt suas den dramhaíl uile a d’fhéadfaí a athshlánú. Áitíonn Renewi anuas air sin go ndéantar foráil le hAirteagal 13 den Ordú Aisghabhála maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh an tAire, trí bhíthin clárúchán agus deimhnithe, athshlánú na dramhaíola neamhghuaisí eile nach liostaítear in Iarscríbhinn 1 a údarú. De réir Renewi, is féidir an dramhaíl seo, arna húdarú ag an Aire, a mheas mar dhramhaíl ‘in-aisghabhála’ dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 6(l)(12) (Airteagal 11 roimhe seo) d’Fhoraithne Chánach 2007.

(105)

Tugann Renewi le fios, nuair a eisítear na clárúcháin agus na deimhnithe, go bhfuil cinneadh an Aire teorannaithe leis na foraitheanta agus na horduithe éagsúla is infheidhme agus le sraith cinntí agus anailísí a rinneadh roimhe seo lena gcuirtear srian docht lena cumhacht chinnteoireachta.

(106)

Dá bhrí sin, tugann Renewi le fios go raibh ar an Aire a sheiceáil gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 6 den Ordú Aisghabhála. Rinneadh a cinneadh de bhun Airteagal 13 den Ordú Aisghabhála, lena bhforáiltear go ‘bhFéadfaidh an tAire tacú le haisghabháil na dramhaíola neamhghuaisí nach liostaítear in Iarscríbhinn I agus le haisghabháil na dramhaíola neamhghuaisí seachas an dramhaíl dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhforaithne seo maidir le haon duine a chuireann iarratas isteach ar chlárú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san fhoraithne seo. Díolmhaítear an clárú sin ón údarú dá dtagraítear in Airteagal 11(1) d’Fhoraithne an 27 Meitheamh 1996 maidir le dramhaíl’.

(107)

Ina leith sin, cuireann Renewi in iúl go measann an Coimisiún, san Fhógra uaidh maidir le coincheap na Státchabhrach (49), ‘nach gciallaíonn an fíoras go n-éilítear réamhúdarú riaracháin le faoiseamh cánach gur beart roghnaitheach go huathoibríoch é. Ní hamhlaidh an cás i gcás ina bhfuil réamhúdarú riaracháin bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha atá ar eolas roimh ré, agus ar an gcaoi sin déantar feidhmiú dhiscréid na riarachán poiblí a theorannú. Ní mór scéim um réamhúdarú riaracháin den sórt sin a bheith bunaithe freisin ar chóras nós imeachta atá inrochtana go héasca agus lena bhfuiltear in ann a áirithiú go ndéileálfar le hiarraidh ar údarú ar bhonn oibiachtúil agus neamhchlaonta laistigh de thréimhse ama réasúnta, agus ní mór go mbeifear in ann agóid a dhéanamh freisin in aghaidh diúltuithe ar údarú a dheonú in imeachtaí breithiúnacha nó garbhreithiúnacha’.

(108)

A mhéid a bhí an tAire faoi cheangal ag na rialacha éagsúla is infheidhme faoi dhlí na Vallúine agus an cinneadh sin á ghlacadh aici, agus a mhéid nach raibh discréid aici ach amháin a mhéid a bhaineann leis an gcineál dramhaíola a údaraíodh lena haisghabháil, agus ó tharla go raibh an discréid sin teorannaithe le staidéir agus critéir réamhshainithe, oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, níor chiallaigh an gá a bhí le húdarú riaracháin a fháil chun tairbhiú den ráta cánach is infheidhme maidir le hoibríochtaí athshlánaithe go raibh na bearta údarúcháin roghnaitheach.

(109)

Tugann Renewi le fios freisin go raibh air iarratais a chur faoi bhráid an Aire in éineacht leis na ‘doiciméid uile is gá chun na himthosca táirgthe, saintréithe na dramhaíola agus na modhanna úsáide lena mbaineann a shuíomh’. Agus na hiarratais sin á gcur faoi bhráid an Aire, amhail gach iarratas ar údarú le haghaidh shuíomh Mont-Saint-Guibert, bhíothas á threorú ag na tuairimí ón gCoiste Eolaíoch, atá comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha. Go sonrach, soláthraítear creat leis na tuairimí sin le haghaidh iarratais ar údarú agus le haghaidh cinntí arna ndeonú ag an Aire chun a áirithiú go gcomhlíonann siad torthaí na measúnuithe tionchair agus comhshaoil a rinneadh, a dhlúithe agus is féidir, i bhfianaise na ndeacrachtaí geoiteicniúla a bhaineann leis an suíomh. Dá bhrí sin, ba ar bhonn na bhfoinsí éagsúla faisnéise sin, agus go sonrach ar bhonn na dtuairimí ón gCoiste Eolaíoch an 23 Meitheamh 2005, an 28 Márta 2006, an 11 Márta 2011 agus an 6 Nollaig 2013, a soláthraíodh sna comhaid iarratais, a d’eisigh an tAire na clárúcháin agus na deimhnithe athshlánaithe i gcónaí.

(110)

Thairis sin, tá ‘Lámhleabhar Úsáideora’ sna cinntí údaraithe sin uile ina dtugtar tuairisc ar imthosca táirgeachta, saintréithe agus modhanna úsáide na dramhaíola atá údaraithe lena haisghabháil. Ar deireadh, foráiltear leis na deimhnithe úsáide uile nach mór tástálacha cáilíochta a dhéanamh ar an dramhaíl atá údaraithe lena haisghabháil chun comhlíontacht leis na saintréithe fíor-riachtanacha a fhíorú.

(111)

Dá bhrí sin, measann Renewi gur deonaíodh na clárúcháin agus na deimhnithe i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus nach raibh aon chumhacht lánroghnach ag an Aire. Dá bhrí sin, áitíonn Renewi nach bearta aonair iad na bearta atá i gceist ach gur bearta iad arna nglacadh de bhun scéim ghinearálta, ar scéim í nach féidir a roghnaíocht a thoimhdiú go díreach agus nach mór í a chruthú.

(112)

Ar deireadh, tagraíonn Renewi don sampla a bhaineann le BEP Environnement, ar deonaíodh clárú air in 2008, de bhun Airteagal 13 den Ordú Aisghabhála, rud a cheadaigh dó oibríochtaí a dhéanamh chun ‘dramhaíl bhrúite théagartha neamhghuaiseach’ a aisghabháil ar a shuíomh ag líonadh talún Happe-Chapois, d’fhonn an obair is gá a dhéanamh chun an cruinneachán dá ndéantar foráil ina chead oibriúcháin a shuiteáil go buan. I bhfianaise an ghá a bhí le cruinneachán ar airde áirithe chun meánghrádán fána iarmharaí 3 % ar a laghad a bhaint amach, agus gur dhodhéanta don oibreoir an leibhéal ba ghá a bhaint amach le linn na n-oibríochtaí de bharr theacht i bhfeidhm na foraithne ó Rialtais na Vallúine an 18 Márta 2004 lena gcuirtear cosc ar dhramhaíl áirithe a chur i líonadh talún, d’eisigh an tAire de chuid na Vallúine an clárúchán ba ghá do BEP Environnement chun tús a chur le hoibríochtaí athshlánaithe d’fhonn an suíomh a athchóiriú.

4.3.   Na cúiseanna ar úsáid Renewi clúmhach go príomha le haghaidh na hoibríochta líonta

(113)

Tugann Renewi le fios gur áiríodh sna staidéir a rinneadh d’fhonn cead oibriúcháin a dheonú do líonadh talún Mont-Saint-Guibert an cuimhneamh sonrach maidir leis an bhféidearthacht ‘ábhair ardghráid’ a úsáid le haghaidh oibríochtaí líonadh talún a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta dhúnadh an tsuímh, de réir bhrí Airteagal 13 den Treoir maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún. Cuireadh deireadh leis an bhféidearthacht sin, áfach, chun óghábhair a chaomhnú trí úsáid a bhaint as dramhaíl ina ionad. De réir Renewi, ardaíodh an fhéidearthacht a bhaineann leis an gcruinneachán a chruthú trí úsáid a bhaint as ábhair seachas dramhaíl, ach cuireadh i leataobh go han-tapa í toisc gur léir go gcuirfí ábhair amú dá bharr. Measann Renewi nárbh é ab aidhm do na hoibríochtaí cineál dramhaíola amháin a chur in ionad cineáil eile ó tharla, a luaithe a chuaigh an cead aonair in éag, nár cheadmhach dramhaíl a thabhairt isteach sa líonadh talún lena diúscairt a thuilleadh. Áitíonn Renewi gur cuireadh an dramhaíl a athshlánaíodh sa líonadh talún in ionad ábhar ardghráid – nár mhór a úsáid in ionad dramhaíola – seachas cineálacha eile dramhaíola, a raibh cosc ar iad a thabhairt isteach ar shuíomh an líonta talún an tráth sin. Is léir, dá bhrí sin, sa chás atá idir lámha, go gcomhlíonfaí an coinníoll a bhaineann le hábhair a chur in ionad ábhar eile chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú, rud a mheastar a bheith fíor-riachtanach le haghaidh oibríochtaí athshlánaithe faoi dhlí an Aontais.

(114)

Áitíonn Renewi gur roghnaigh an Coiste Eolaíoch an clúmhach mar phríomhábhar chun an líonadh talún a líonadh (i dteannta le dramhaíl théagartha bhrúite, ar bhonn iarmharach, mar a mhínítear i Ranna 3.1 agus 3.2) ar chúiseanna teicniúla a bhaineann le spriocanna comhshaoil an cheada aonair, agus mar gheall ar an bhfáil atá air i gcainníochtaí leordhóthanacha, chomh maith lena dhlús agus lena thréscaoilteacht.

(115)

Dá bhrí sin, baineadh úsáid as an gclúmhach lena áirithiú go raibh an airde agus an grádán fána riachtanach ag an gcruinneachán. Bhí saintréithe sonracha ag an dramhaíl sin, rud a chumasaigh gurbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach: (i) dlús an-íseal (0,4 tonna/m3 ag an bpointe ar cuireadh i líonadh talún é, agus 0,6 tonna/m3 tar éis é a shíothlú); (ii) do-bhithdhíghrádaitheacht agus gan aon bhaol go gcruthódh sé frithghníomhartha díghrádaithe dramhaíola, agus (iii) tréscaoilteacht.

(116)

Tugann Renewi le fios freisin gur measadh sa chead aonair agus, ar bhonn réamhtheachtach, san Fhoraithne Chánach, gurbh é athshlánú an ábhair, a aithnítear mar mhodh aisghabhála dramhaíola as féin, an réiteach ab fhabhraí don chomhshaol chun an t-athchóiriú is gá ar an líonadh talún a chur i gcrích.

(117)

De réir Renewi, ní raibh an clúmhach indóite agus do-bhithdhíghrádaithe atá i gceist oiriúnach lena loscadh nó mar bhreosla in áith stroighne agus dá bhrí sin, ní fhéadfaí é a loisceadh chun fuinneamh a tháirgeadh (féach aithris 54). A mhéid a bhaineann leis an líon beag loisceoirí eile a d’fhéadfadh a bheith toilteanach glacadh le méid áirithe (teoranta) clúmhaigh ag a bhfuil glanluach calrach (NVC) chomh hard sin, níor rogha mhalartach bhailí a bheadh in aon cheann díobh ar chúiseanna, mar shampla, a bhaineann le comhdhéanamh clóirín an chlúimh atá i gceist nó mar gheall ar an achar idir na loisceoirí sin agus an suíomh ar a dtáirgtear an clúmh.

(118)

Tugann Renewi le fios freisin go bhfuil NCV i bhfad ró-íseal ag an gclúmhach lena chur isteach in áith stroighne. Is é an chúis atá leis sin nach mór NCV thart ar 17 000–18 000 kJ/kg a bheith ag dramhaíl go ginearálta chun gur féidir í a chur in áith stroighne.

(119)

Thairis sin, ós rud é nach bhfuil sé beartaithe an clúmhach a úsáidtear ar shuíomh Mont-Saint-Guibert a dhó i loisceoir nó in áith stroighne, ní dhéantar aon réamhchóireáil air maidir lena chomhdhéanamh clóirín. Chun na hoibleagáidí comhshaoil a fhorchuirtear orthu a chomhlíonadh, áfach – go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid clóirín atá sa mhúch a scaoiltear ó loisceoirí nó áitheanna stroighne – socraíonn na cineálacha saoráidí sin leibhéil uasmhéid clóirín nach nglactar le dramhaíl os a gcionn. Socraítear na leibhéil sin ar thart ar 0,8-1 % go ginearálta. Ní féidir an leibhéal uasmhéid clóirín sin a bhaint amach ach tríd an dramhaíl a chur faoi réamhchóireáil shonrach chun na críche sin. Ós rud é nach amhlaidh an cás maidir leis an gclúmhach a athshlánaítear ag líonadh talún Mont-Saint-Guibert, áitíonn Renewi nach bhféadfaí é a chur isteach i loisceoir nó in áith stroighne, murab ionann agus líomhain a rinne an gearánach. Tagann Renewi ar an gconclúid dá bhrí sin nach bhféadfaí clúmh a úsáid chun fuinneamh a athshlánú agus nach bhfuil aon úsáid mhalartach ann don chlúmhach a chomhlíonfadh ord na réiteach dramhaíola ar bhealach níos fearr.

5.   MEASÚNÚ AR AN mBEART CABHRACH A LÍOMHNAÍODH

5.1.   Éagmais cabhrach

(120)

Foráiltear de réir Airteagal 107(1) CFAE ‘aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.’ Chun beart a aicmiú mar chabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór na coinníollacha uile a leagtar amach san fhoráil sin a chomhlíonadh (50).

5.1.1.   Acmhainní stáit agus a mhéid atá siad inchurtha i leith an Stáit

(121)

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ionann Státchabhair agus buntáistí a dheonaítear go díreach nó go hindíreach le hacmhainní an Stáit agus na buntáistí sin amháin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Thairis sin, ní mór na buntáistí sin a bheith inchurtha i leith an Stáit.

(122)

Sa chás seo, is éard atá i gceist le haistriú acmhainní Stáit caillteanas ioncam cánach a mhéid a bhí Renewi in ann, de bharr na ndeimhnithe úsáide a dheonaigh údaráis na Vallúine, a líomhnaítear nár cheart dóibh déanamh amhlaidh, tairbhiú de ráta laghdaithe cánach réigiúnaí ach dramhaíl a dhiúscairt i líonadh talún in ionad an ráta iomláin is infheidhme de ghnáth.

(123)

Is gá a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an beart atá i gceist inchurtha i leith an Bhallstáit.

(124)

De réir an chásdlí, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil beart inchurtha i leith an Stáit, is gá scrúdú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh baint ag na húdaráis phoiblí le glacadh an bhirt sin (51).

(125)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, gur gníomh é an Fhoraithne Chánach arna ghlacadh ag údaráis na Vallúine, agus is amhlaidh an cás maidir le deonú an laghdaithe cánach. Ar an gcaoi chéanna, na clárúcháin chomhleanúnacha le haghaidh athshlánú agus deonú na ndeimhnithe úsáide gaolmhara do Renewi, tá siad bunaithe ar chinneadh ó Aire Comhshaoil na Vallúine. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil an beart atá i gceist inchurtha i leith an Stáit.

(126)

I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún gur dócha gur bhain an beart acmhainní Stáit den Stát agus go bhfuil na bearta inchurtha i leith an Stáit.

5.1.2.   Éagmais buntáiste

(127)

De réir chásdlí socair na Cúirte, na bearta ar dóigh dóibh, cibé cineál a bhaineann leo, a bheith i bhfabhar gnóthais áirithe go díreach nó go hindíreach, nó nach mór a mheas mar bhuntáiste eacnamaíoch nach bhfaigheadh an gnóthas faighteora de réir gnáthdhálaí margaidh é; meastar gur Státchabhair iad (52).

(128)

Áirítear le coincheap an bhuntáiste eacnamaíoch sin laghduithe ar an ngnáthualach cánach lena ndéantar difear do bhuiséad gnóthais. Ar an taobh eile, le rialú cánach ní thugtar aon bhuntáiste má íocann an cáiníocóir na cánacha a bhíonn dlite de ghnáth de bhun chur i bhfeidhm ceart na rialacha (náisiúnta agus idirnáisiúnta) atá i gceist.

(129)

Déantar foráil le Foraithne Chánach 2007 Réigiún na Vallúine maidir le cánacha éagsúla chun dramhaíl a chur i líonadh talún, ag brath ar an modh cóireála dramhaíola a úsáidtear. Dá bhrí sin, tá aisghabháil dramhaíola faoi réir ráta cánach níos fabhraí ná modhanna cóireála atá níos díobhálaí ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte poiblí de, amhail diúscairt dramhaíola.

(130)

Chun rialú a dhéanamh ar cé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh buntáiste do Renewi de thoradh an ráta laghdaithe cánach sin a chur i bhfeidhm, is gá aicmiú na hoibríochta atá i gceist a chinneadh i bhfianaise na sainmhínithe atá i reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus na soiléirithe a sholáthraítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais.

5.1.3.   Oibríocht aisghabhála dramhaíola

(131)

Sainmhínítear oibríochtaí athshlánaithe ábhar agus aislíonta leis an Treoir maidir le Dramhaíl (féach aithrisí 21 agus 22).

(132)

Liostaítear freisin in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir sin na hoibríochtaí is féidir a aicmiú mar dhiúscairt agus mar aisghabháil faoi seach. Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl forálacha na Treorach nach bhfuil na samplaí sin uileghabhálach dá réir, agus i gcás nach féidir oibríocht cóireála dramhaíola a chur i leith aon cheann de na hoibríochtaí nó na catagóirí oibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir réamhluaite, ar bhonn fhoclaíocht na n-oibríochtaí atá i gceist agus ar an mbonn sin amháin, ní mór í a aicmiú ar bhonn cás ar chás i bhfianaise chuspóirí agus shainmhínithe na Treorach sin. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh cé acu an é nó nach é príomhchuspóir na hoibríochta atá i gceist dramhaíl atáthar a chur in ionad ábhar eile a d’fhéadfaí a úsáid a aisghabháil.

(133)

Mar a leagtar amach go mion in aithrisí 27 go 32, ní mór dhá choinníoll a chomhlíonadh le hoibríocht chun í aicmiú mar oibríocht aisghabhála dramhaíola: (i) coinníoll i leith caomhnaithe agus (ii) coinníoll i leith oiriúnachta.

(134)

An dá chineál clúmhaigh (clúmhach indóite agus clúmh do-bhithdhíghrádaithe), a úsáidtear in earnáil líonadh talún 1 agus in earnálacha 2 go 8, de réir a gclárúcháin mar dhramhaíl neamhghuaiseach faoin Ordú ó Rialtas na Vallúine an 10 Iúil 1997 (féach aithrisí 53 agus 148), déanfar iad a mheas le chéile chun anailís a dhéanamh ar na coinníollacha i leith caomhnaithe agus oiriúnachta. Déanfar anailís freisin ar dhramhaíl théagartha bhrúite a úsáideadh le haghaidh oibríochtaí aisghabhála in 2009 amháin i bhfianaise an dá choinníoll sin.

(135)

An dramhaíl a úsáidtear sa chéim chaidhpeála, i gcomhréir leis an gclárú a fuarthas in 2016 (féach aithris 71), comhfhreagraíonn sí don dramhaíl a luaitear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Ordú Aisghabhála, agus dá bhrí sin meastar gur dramhaíl in-aisghabhála í de facto (murab ionann agus dramhaíl nach mór deimhniú ad hoc a iarraidh ina leith, amhail an dá chineál clúmhaigh a luaitear thuas).

(136)

Cé gur taisceadh an gearán an 18 Meán Fómhair 2015 agus gur bhain sé le clárúcháin le haghaidh aisghabháil dramhaíola agus deimhnithe úsáide a fuair Renewi roimh an dáta sin, déanfaidh an Coimisiún, ina chuid anailíse, na clárúcháin agus na deimhnithe a deonaíodh do Renewi ina dhiaidh sin a chur san áireamh freisin.

5.1.3.1.   An coinníoll i leith caomhnaithe

(137)

De réir na Cúirte Breithiúnais, is é saintréith fíor-riachtanach oibríochta aisghabhála dramhaíola ná gurb é an príomhchuspóir a ghabhann léi go mbainfí feidhm fhóinteach as an dramhaíl trí ábhair eile a ionadú a mbeadh gá le hiad a úsáid chun na críche sin, agus leis sin acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

(138)

Ní mór caomhnú acmhainní nádúrtha a bheith ina phríomhchuspóir san oibríocht aisghabhála. Os a choinne sin, i gcás nach bhfuil i gceist le caomhnú acmhainní nádúrtha ach éifeacht thánaisteach ag oibríocht a bhfuil sé de phríomhchuspóir léi dramhaíl a dhiúscairt, ní féidir leis sin difear a dhéanamh d’aicmiú na hoibríochta sin mar oibríocht diúscartha.

(139)

De réir na Cúirte Breithiúnais, is gá, dá bhrí sin, a chinneadh cé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí an oibríocht atá i gceist fiú mura raibh aon dramhaíl ar fáil, agus sa chás sin ba ghá ábhair eile a úsáid.

(140)

Tugann an Coimisiún faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur léir ó thuairimí na bpáirtithe gur cuireadh de cheangal ar Renewi leis an gcead aonair, ar chúiseanna a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, oibríochtaí aisghabhála a dhéanamh d’fhonn earnáil 1 de líonadh talún Mont-Saint-Guibert a athchóiriú (féach aithris 47). Dá bhrí sin, d’iarr Renewi roinnt deimhnithe agus fuair sé iad (féach aithrisí 49 go 52).

(141)

A mhéid a bhaineann le hearnálacha 2 go 8, le cead aonair an 10 Bealtaine 2004 ceadaíodh do Renewi ar dtús na hearnálacha sin a oibriú (féach aithris 47). Tugann an Coimisiún le fios, áfach, tar éis an chinnidh an suíomh a dhúnadh i gcomhréir le ceanglais an cheada aonair agus ar bhonn na moltaí a rinne an Coiste Eolaíoch sa tuarascáil uaidh an 11 Márta 2011, go raibh oibleagáid dhlíthiúil ar Renewi ó 2011 ar aghaidh líonadh talún Mont-Saint-Guibert a dhúnadh agus a athchóiriú ina iomláine le haghaidh earnálacha 1 go 8 (féach aithrisí 65 go 72).

(142)

Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire go n-éilítear le reachtaíocht na Vallúine nach sáróidh grádán fána an chruinneacháin an airde a leagtar síos sa chead aonair, agus nach féidir leis a bheith níos lú ná 3 %. Leis an gcead a dheonaítear do Renewi forchuirtear uasairde 161 mhéadar agus grádán fána íosta 3 % (uasmhéid 14 %). Faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chead, más rud é nach féidir an airde sin a bhaint amach, beidh sé d’oibleagáid ar Renewi an líonadh talún a líonadh le hábhair a chomhlíonann na saintréithe agus na coinníollacha a bhaineann le dramhaíl in-aisghabhála de réir an Ordaithe Aisghabhála. De thoradh na dtoirmeasc comhleanúnach ar dhramhaíl áirithe a dhiúscairt i líonadh talún leis an bhforaithne ó Rialtas na Vallúine an 18 Márta 2004 (féach aithrisí 59 go 62), rud a fhágann gur dodhéanta an líonadh talún a líonadh laistigh de na tráthchláir a leagadh amach ar dtús sa chead aonair, rinneadh cinneadh deireadh a chur le hoibríochtaí ag an líonadh talún. Thairis sin, bhí údar cuí le húsáid an chlúmhaigh mar gheall gur dhodhéanta go teicniúil an suíomh a dhúnadh leis an méid dramhaíola a bhí ann an tráth sin (féach aithris 68).

(143)

Dá bhrí sin, maidir le hathchóiriú an tsuímh (cruthú an chruinneacháin agus caidhpeáil) (féach aithrisí 69 agus 71), ba ghá é a dhéanamh ar aon chaoi de thoradh na n-oibleagáidí rialála sin, fiú dá mba rud é nach mbeadh fáil ar dhramhaíl oiriúnach i gcainníochtaí leordhóthanacha chun na críche sin.

(144)

Dá bhrí sin, níor úsáideadh ach clúmhach agus dramhaíl théagartha bhrúite chun an líonadh talún a athchóiriú, cé gurbh fhéidir úsáid a bhaint as ábhair eile a bhí ann an tráth sin agus a raibh fáil orthu i gcainníochtaí leordhóthanacha. Leis na hábhair sin, amhail cré leathnaithe, cineálacha éagsúla cúir agus clocha laibhe (féach aithrisí 87 go 89), comhlíonadh na ceanglais shonracha chun an líonadh talún a athchóiriú.

(145)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid ón méid thuas go gcomhlíontar an coinníoll i leith caomhnaithe sa chás seo.

5.1.3.2.   An coinníoll i leith oiriúnachta

(146)

De réir na Cúirte, ní féidir oibríocht a aicmiú mar oibríocht aisghabhála ach amháin, de réir an eolais eolaíoch agus theicniúil is déanaí, má tá an dramhaíl a úsáidtear oiriúnach chun na críche sin.

(147)

I gcomhréir leis an Treoir maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún (féach aithris 32), tá dramhaíl thámh agus neamhghuaiseach oiriúnach chun oibreacha athfhorbartha nó athchóirithe a dhéanamh. Thairis sin, deimhnítear in Airteagal 3(17a) den Treoir maidir le Dramhaíl go bhfuil dramhaíl neamhghuaiseach oiriúnach le haghaidh oibríochtaí aislíonta freisin (féach aithris 33).

(148)

Tugann an Coimisiún dá aire gur dheimhnigh údaráis na Vallúine agus Renewi nár dhramhaíl ghuaiseach a bhí sa chlúmhach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Ordú ó Rialtas na Vallúine an 10 Iúil 1997 lena mbunaítear aicmiú dramhaíola, agus i ngach ceann de na clárúcháin agus na deimhnithe a eisíodh do Renewi. Dá bhrí sin, tá cineál neamhghuaiseach na dramhaíola (féach aithris 53), i gcomhréir le hAirteagal 13 den Ordú Aisghabhála, ina réamhriachtanas chun dramhaíl a úsáid chun críoch aisghabhála (féach aithris 18).

(149)

Cé gur ghlac údaráis na Vallúine leis nach féidir an clúmhach a mheas mar dhramhaíl thámh stricto sensu, is léir ón bhfaisnéis arna soláthar ag na páirtithe, sa chás seo agus i dtéarmaí a húsáide iarbhír, go bhfuil roinnt mhaith de na saintréithe atá le fáil sa dramhaíl thámh ag an dramhaíl. Dá bhrí sin, ní dócha go lasfadh an clúmhach de thoradh an úsáid a bhaintear as chun an suíomh a líonadh (féach aithrisí 84 agus 117–119).

(150)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid ón méid thuas, in imthosca sonracha an cháis seo, gur féidir an clúmhach a mheas mar dhramhaíl oiriúnach agus go gcomhlíontar an coinníoll i leith oiriúnachta. Ar an gcaoi chéanna, a mhéid a bhaineann leis an dramhaíl théagartha a úsáideadh sa tréimhse ó mhí Feabhra 2009 go mí na Nollaig 2009, measann an Coimisiún, sa chás seo, gur féidir a mheas go gcomhlíonann an dramhaíl sin an coinníoll i leith oiriúnachta, sa mhéid go bhfuil na saintréithe teicniúla is gá aici chun an líonadh talún a athchóiriú, mar atá, ísealdlús, do-bhithdhíghrádaitheacht agus infhaighteacht i gcainníochtaí leordhóthanacha (féach aithris 85).

(151)

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, measann an Coimisiún gur aicmigh údaráis na Vallúine na hoibríochtaí atá i gceist mar oibríochtaí aisghabhála mar ba cheart de réir bhrí na Treorach maidir le Dramhaíl, go sonrach an sainmhíniú ar oibríochtaí aislíonta mar a leagtar amach in Airteagal 3(17a) den Treoir sin, agus gur chuir siad an ráta laghdaithe cánach i bhfeidhm i gceart i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na Vallúine. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gurb amhlaidh nach dtugtar buntáiste do Renewi leis an mbeart atá i gceist.

5.1.4.   Éagmais roghnaíochta

(152)

Tugann an Coimisiún dá aire nach ndírítear leis an ngearán a taisceadh sa chás seo ar chóras cánach Réigiún na Vallúine maidir le dramhaíl a dhiúscairt i líonadh talún ina iomláine, ach an bealach a gcuirtear i bhfeidhm é maidir le cás sonrach na n-oibríochtaí a dhéantar ag líonadh talún Mont-Saint-Guibert, ar bhonn na gclárúchán agus na ndeimhnithe úsáide gaolmhara a dhámh Réigiún na Vallúine ar Renewi go leanúnach.

(153)

Déantar measúnú ar roghnaíocht na mbeart cánach trí anailís trí chéim: (i) ar dtús, ní mór an córas tagartha a shainaithint; (ii) ar an dara dul síos, is gá a chinneadh cé acu is ionann nó nach ionann beart ar leith agus eisceacht laistigh den chóras sin, a mhéid a dhéantar idirdhealú leis idir oibreoirí eacnamaíocha atá i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide, i bhfianaise chuspóirí sainiúla an chórais; (iii) ar an tríú dul síos, is gá a shuíomh cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an eisceacht de bharr chineál nó scéim ghinearálta an chórais tagartha.

(154)

Tá an córas tagartha comhdhéanta de shraith chomhsheasmhach rialacha a bhfuil feidhm acu go ginearálta – ar bhonn critéir oibiachtúla – maidir le gach gnóthas a thagann faoina raon feidhme mar a shainítear lena chuspóir. I gcás cánacha, tá an córas tagartha bunaithe ar eilimintí amhail an bonn cánach, na daoine inchánach, an teagmhas inchánach agus na rátaí cánach. Dá dhroim sin, is é an tobhach iarbhír atá sa chóras tagartha i bprionsabal (53).

(155)

Sa chás seo, is é an córas tagartha an cháin ar aisghabháil dramhaíola i líonadh talún toisc go leanann sé as na rialacha a leagtar síos le Foraithne Chánach an 22 Márta 2007, Foraithne an 19 Meitheamh 2015 lena leasaítear é, agus an tOrdú Aisghabhála. Tá an córas bunaithe ar na tosca seo a leanas:

(a)

is é EUR 0/tonna an ráta cánach, agus cuirtear EUR 20/tonna ina ionad de bhun Fhoraithne an 19 Meitheamh 2015;

(b)

cuirtear an ráta i bhfeidhm ar dhramhaíl in-aisghabhála a úsáidtear i líonadh talún;

(c)

is é oibreoir an líonta talún an duine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc.

(156)

Is critéir oibiachtúla iad na tosca a leagtar amach in aithris 134. Thairis sin, tá siad comhréireach le haidhm na cánach ar aisghabháil dramhaíola i líonadh talún. Go háirithe, déantar idirdhealú i ndlíchóras na Vallúine, mar a dhéantar i gcreat rialála an Aontais maidir le dramhaíl, idir oibríochtaí diúscartha dramhaíola agus oibríochtaí aisghabhála dramhaíola. Déantar foráil le reachtaíocht na Vallúine maidir le dhá ráta cánachais éagsúla don dá chineál oibríochta ar leith sin is féidir a dhéanamh i líonadh talún. Chun úsáid oibríochtaí aisghabhála a spreagadh, tá an ráta cánach is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála níos fabhraí ná an ráta is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha.

(157)

Is beart ginearálta é cur i bhfeidhm an ráta EUR 0/tonna agus, ó mhí Iúil 2015, EUR 20/tonna le haghaidh dramhaíl in-aisghabhála a úsáidtear i líonadh talún, agus is dócha go mbeidh feidhm ag an ráta sin maidir le haon ghnóthas a dhéanann gníomhaíocht a bhaineann le bainistiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(12) (Airteagal 11 roimhe seo) den Fhoraithne Chánach. Déantar forail leis an mbeart sin, ar bhealach ginearálta agus teibí, maidir le ráta laghdaithe le haghaidh dramhaíl in-aisghabhála a úsáidtear i líonadh talún mar mhalairt ar tháirgí nó trealamh is gá chun an líonadh talún a oibriú agus a athchóiriú, lena n-áirítear iarchúram, i gcomhréir leis an gcead oibríochta nó leis an gcead comhshaoil. Leis an ráta sin, ní thugtar difríochtaí isteach idir oibreoirí eacnamaíocha atá i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide, i bhfianaise chuspóirí sainiúla an chórais, ós rud é nach bhfuil oibreoir líonadh talún a úsáideann dramhaíl in-aisghabhála i gcomhthéacs oibríochta aisghabhála – a mhéid a bhaineann le cuspóir sainiúil an chórais, go háirithe cosc agus aisghabháil dramhaíola a chur chun cinn i Réigiún na Vallúine – sa staid chéanna agus atá oibreoir a dhéanann dramhaíl a dhiúscairt.

(158)

Le cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánach ar oibríochtaí a dhéantar ag líonadh talún Mont-Saint-Guibert, comhlíontar an reachtaíocht chánach agus chomhshaoil atá i bhfeidhm, rud atá i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus nach bhfuil mar thoradh ar chinneadh lánroghnach ón Aire inniúil de chuid na Vallúine. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na páirtithe, go gcuirtear teorainn dhocht le cinntí an Aire maidir le hoibríocht a aicmiú mar oibríocht aisghabhála nó oibríocht diúscartha agus gur cuid de phróiseas riaracháin leanúnach iad, a ndéantar measúnú lena linn ar na critéir lena rialaítear an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hoibríochtaí aisghabhála. Ina leith sin, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil an t-aicmiú suibiachtúil ar chor ar bith sa mhéid go bhfuil sé faoi réir comhlíontacht dhocht leis na rialacha is infheidhme agus go bhfuil sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha atá réamhshainithe sna foraitheanta agus sna horduithe éagsúla is infheidhme (féach aithrisí 105 go 111).

(159)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach beart roghnaitheach é an beart cabhrach a líomhnaítear.

6.   CONCLÚIDÍ

(160)

Mar fhocal scoir, maidir leis an mbeart atá i gceist, is é sin an ráta laghdaithe is infheidhme maidir le hoibríochtaí aisghabhála in ionad an ráta iomláin is infheidhme maidir le hoibríochtaí diúscartha a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí Renewi ag líonadh talún Mont-Saint-Guibert, suíonn an Coimisiún gurb amhlaidh nach ionann é agus Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní cabhair atá sa bheart ó Réigiún na Vallúine i bhfabhar Renewi, ar a dtugtar tuairisc in aithrisí 7 go 10 den Chinneadh seo, faoi Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Is ar Ríocht na Beilge atá an Cinneadh seo dírithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO C 187, 5.6.2020, lch. 35.

(2)  Tar éis do Shanks Netherlands Holdings B.V. Van Gansewinkel Groep B.V. a fháil in 2017, athainmníodh Shanks Group PLC mar Renewi PLC. Is cuid de ghrúpa Renewi PLC é Renewi Valorisation & Quarry. Dá réir sin, baineann an gearán anois le cabhair neamhdhleathach a líomhnaítear a deonaíodh do Renewi ón uair a ghabh Renewi gníomhaíochtaí eacnamaíocha Shanks de láimh.

(3)  Féach fonóta 1.

(4)  Féach aithrisí 6 go 57 den chinneadh tosaigh.

(5)  Is éard is clúmhach ann an toradh ar réamhchóireáil dramhaíola trína ndéantar ábhair áirithe (e.g. miotail) a aisghabháil agus trína ndéantar fuíoll a bhrú agus a shíothlú. Tar éis na réamhchóireála sin, is clúmhach a bhíonn sna n-ábhar aisghafa ar de chomhdhéanamh plaisteach go príomha iad.

(6)  Le Moniteur Belge oifigiúil an 24 Aibreán 2007, lch. 21883. Sular glacadh an Fhoraithne Chánach 2007, rialaíodh an cháin a gearradh i leith dramhaíl le Foraithne an 25 Iúil 1991 maidir leis an gcánachas i leith dramhaíl i Réigiún na Vallúine.

(7)  Bhí an ráta sin EUR 0 in aghaidh an tonna bailí le linn na tréimhse a cumhdaíodh leis an mbeart, i.e. 2005–2015.

(8)  Féach aithris 57 den chinneadh tosaigh.

(9)  Airteagal 2 d’Fhoraithne Chánach an 19 Meitheamh 2015 lena leasaítear Foraithne Chánach an 22 Márta 2007 maidir le cosc agus aisghabháil dramhaíola a spreagadh i Réigiún na Vallúine, Le Moniteur Belge oifigiúil an 30 Meitheamh 2015, lch. 37691, infheidhme ón 1 Iúil 2015.

(10)  Ordú an 14 Meitheamh 2001 maidir le haisghabháil dramhaíola áirithe a spreagadh, Le Moniteur Belge oifigiúil an 10 Iúil 2001, lch. 23859.

(11)  Foraithne lena ndéantar Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe a thrasuí, Le Moniteur Belge oifigiúil an 29 Bealtaine 2012, lch. 30502, atá ar fáil ag: https://www.ejustice.just.fgov.be//mopdf/2012/05/29_1.pdf#Page46.

(12)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(13)  Airteagal 3(15) den Treoir maidir le Dramhaíl.

(14)  Airteagal 3(15a) den Treoir maidir le Dramhaíl.

(15)  Airteagal 3(17a) den Treoir maidir le Dramhaíl.

(16)  Airteagal 3(19) den Treoir maidir le Dramhaíl.

(17)  Airteagal 2 de Fhoraithne an 10 Bealtaine 2012.

(18)  Airteagal 4(1) den Treoir maidir le Dramhaíl.

(19)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(20)  Airteagal 2(e) den Treoir maidir le Líonadh Talún.

(21)  Aithris 15 den Treoir maidir le Líonadh Talún.

(22)  Breithiúnas an 28 Iúil 2016, Edilizia Mastrodonato (C-147/15, ECLI:EU:C:2016:606).

(23)  Tagraítear don bhreithiúnas i bhfonóta 22, míreanna 43 agus 44.

(24)  Tagraítear don bhreithiúnas i bhfonóta 22, mír 45.

(25)  Breithiúnas an 27 Feabhra 2002, Abfall Service AG (ASA) v Bundesminister für Umwelt, Jugend und Familie (C-6/00, ECLI:EU:C:2002:121), mír 69.

(26)  Tagraítear don bhreithiúnas i bhfonóta 22, mír 39 agus sa chásdlí dá dtagraítear.

(27)  Tagraítear don bhreithiúnas i bhfonóta 22, míreanna 43 agus 44.

(28)  Breithiúnas an 28 Iúil 2016, Edilizia Mastrodonato (C-147/15, ECLI:EU:C:2016:606), mír 45.

(29)  Airteagal 3(2) den Treoir maidir le Líonadh Talún.

(30)  Fógra ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (IO C 82, 1.4.2008, lch. 1).

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1).

(32)  Le Moniteur Belge oifigiúil an 13 Márta 2003, lch. 11486, ar fáil ag: http://www.ejustice.just.fgov.be//mopdf/2003/03/10_1.pdf#Page68.

(33)  Is éard is ‘caidhpeáil’ ann leathán séalaithe/draenála a chur ar bharr gach sraith de dhramhaíl.

(34)  Féach Ordú ó Rialtas na Vallúine an 10 Iúil 1997 lena mbunaítear aicmiú, Le Moniteur Belge oifigiúil an 30 Iúil 1997, ar fáil ag: http://environnement.wallonie.be/legis/dechets/decat026.htm, (Ordú lena mbunaítear aicmiú dramhaíola).

(35)  Féach Airteagal 11/2 den Ordú lena mbunaítear aicmiú dramhaíola.

(36)  Tuarascáil ar anailís an 28 Eanáir 2014 arna déanamh ag Agrolab Group.

(37)  Sainmhínítear coincheap na dramhaíola téagartha in Airteagal 2(2) den Ordú ó Rialtas na Vallúine an 5 Márta 2008 maidir le dramhaíl a bhainistiú ar de thoradh gnáth-ghníomhaíochtaí teaghlach í agus maidir leis na costais ghaolmhara. Ciallaíonn ‘téagartha’ aon dramhaíl nach féidir a chuimsiú i mála 60 lítear nó i gcoimeádán bailithe. De bhreis air sin, áirítear leis an téarma ‘téagartha’ aon dramhaíl atá ró-thoirtiúil (níos mó ná ciúb arb ionann tomhas a thaobhanna agus 30 ceintiméadar) agus/nó atá ró-throm lena cuimsiú i mála bruscair 60 lítear nó i gcoimeádán atá feistithe le slis agus nach bhfuil faoi réir bailithe roghnaithigh (e.g.: tochtanna, tacaí tochta, troscán díchóimeáilte, líonóil, brait urláir, páipéar balla). Ba cheart a thabhairt faoi deara gur dramhaíl théagartha bhrúite a bhí sa dramhaíl théagartha a úsáideadh sa líonadh talún.

(38)   9 307 tonna in 2009, i gcomparáid le 16 902 tonna de chlúmhach do-bhithdhíghrádaithe.

(39)  Ordú ó Rialtas na Vallúine an 18 Márta 2004 lena gcuirtear toirmeasc ar dhramhaíl áirithe a chur i líonadh talún agus lena leagtar síos na critéir le haghaidh dramhaíl a ghlacadh i líonadh talún, arna leasú leis an Ordú ó Rialtas na Beilge an 7 Deireadh Fómhair 2010, ar fáil ag: http://environnement.wallonie.be/legis/dechets/decen008.htm.

(40)  Airteagal 18, an cúigiú fomhír de na coinníollacha sonracha a ghabhann leis an gcead aonair.

(41)  Féach fonóta 39.

(42)  Le Moniteur Belge oifigiúil an 13 Márta 2003, lch. 11486, ar fáil ag: http://www.ejustice.just.fgov.be//mopdf/2003/03/10_1.pdf#Page68.

(43)  Luann Réigiún na Vallúine gur ionchorpraíodh an staidéar sin i gcead aonair 2004.

(44)  Féach an sainmhíniú ar dhramhaíl thámh sa Treoir maidir le Líonadh Talún, Airteagal 2(e) agus san Fhoraithne maidir le Dramhaíl, Airteagal 2(6).

(45)  De réir Réigiún na Vallúine, d’fhéadfaí clocha laibhe (pozzolana) a allmhairiú ón bhFrainc agus ón Iodáil, mar a dtáirgtear an t-ábhar sin i gcainníochtaí móra. De réir na faisnéise arna soláthar ag Údaráis na Vallúine, tá acmhainneacht táirgeachta bhliantúil 700 000 tonna ag an bhFrainc. Ós rud é go bhfuil dlús inchomparáide ag clocha laibhe (pozzolana) agus clúmhach, is ionann ceanglais mheasta Renewi agus 651 979 tonna san iomlán i gcaitheamh 10 mbliana, méid atá i bhfad níos ísle ná acmhainneacht táirgeachta na Fraince, gan aon soláthar ón Iodáil a chur san áireamh.

(46)  Féach fonóta 39.

(47)  Foraithne ó Rialtas na Vallúine an 18 Márta 2004, arna lua i bhfonóta 37, Airteagal 2(7).

(48)  Tugann Renewi le fios, i gcomhthráth leis an laghdú rialála mór sin ar na cineálacha dramhaíola a údaraítear lena ndiúscairt i líonadh talún, gur méadaíodh an t-uasmhéid dramhaíola a cheadaítear i líonadh talún Mont-Saint-Guibert leis an gcead aonair. Lean an méadú sin as glacadh Ordú an 27 Feabhra 2003 maidir leis na coinníollacha oibriúcháin earnála le haghaidh líonta talún, lenar forchuireadh go ndéanfaí na suíomhanna líonadh talún uile a athchóiriú i gcruth cruinneacháin chun grádán fána íosta 3 % a áirithiú tar éis an tsíothlaithe sa chaoi go rachadh sruth imtharraingteach an uisce stoirme i dtreo na ndíog thart ar an líonadh talún, agus mar thoradh ar an méadú bhí sé níos deacra fós ar Renewi a líonadh talún a líonadh i gcomhréir leis na ceanglais atá sa chead aonair agus é a dhéanamh laistigh den sprioc-am a sceidealaíodh.

(49)  Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch 1).

(50)  Féach breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 2 Meán Fómhair 2010, An Coimisiún v Deutsche Post, C-399/08 P, ECLI:EU:C:2010:481, mír 38 agus an cásdlí a luaitear.

(51)  Féach breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Nollaig 2013, Association Vent De Colère! agus Eile, C-262/12, ECLI:EU:C:2013:851, míreanna 17 agus 18.

(52)  Féach an breithiúnas a luaitear i bhfonóta 42, mír 40 agus an cásdlí a luaitear; breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 9 Deireadh Fómhair 2014, Navantia, S.A, C-522/13, ECLI:EU:C:2014:2262, mír 21.

(53)  Fógra maidir le coincheap na Státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 49, míreanna 133–134.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2390/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top