Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1696

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1696 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE maidir le sonraíocht chlár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 48 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5020) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/5020

    IO L 222, 8.9.2023, p. 561–567 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1696/oj

    8.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 222/561


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1696 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Lúnasa 2023

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE maidir le sonraíocht chlár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 48 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5020)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 5(11) agus Airteagal 48(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Iarrtar ar iarnróid ról lárnach a ghlacadh i gcóras iompair dícharbónaithe, mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa straitéis um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, agus i bhfianaise na bhforbairtí sa réimse sin, tá gá le hathbhreithniú ar na Sonraíochtaí Teicniúla Idir-inoibritheachta (STIanna) atá ann faoi láthair.

    (2)

    An 24 Eanáir 2020, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), d’iarr an Coimisiún ar Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (an Ghníomhaireacht) moltaí a ullmhú lena dtacófaí le cuspóirí sonracha roghnaithe a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (3) chun iad a chomhtháthú sna STInna chun an idir-inoibritheacht a fheabhsú. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí seirbhísí iompair d’iarnród san Aontas a éascú, a fheabhsú agus a fhorbairt laistigh den Aontas agus le tríú tíortha agus go bhféadfaí rannchuidiú leis an limistéir aonair iarnróid Eorpaigh a thabhairt i gcrích agus an margadh inmheánach a bhaint amach de réir a chéile.

    (3)

    An 30 Meitheamh 2022 d’eisigh an Ghníomhaireacht Moladh ERA 1175-1218 (4) maidir le roinnt STInna a bhaineann le cuspóirí sonracha a chur chun feidhme faoi Airteagail 4 go 6 agus 8 go 10 de Chinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474.

    (4)

    Mar thoradh ar an Moladh ón nGníomhaireacht, tá roinnt STInna á leasú ag an gCoimisiún, lena n-áirítear STI TSI (5), STI LOC&PAS (6) agus STI TSI (7) atá ábhartha do chlár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid (ERATV).

    (5)

    Tá gá, dá bhrí sin, le hathbhreithniú a dhéanamh ar pharaiméadair ERATV chun iad a ailíniú leis an athbhreithniú ar na STInna ábhartha.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Idir-inoibritheacht agus Sábháilteacht Iarnróid, de bhun Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina-Ioana VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha chun sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5).

    (4)  Moladh ERA 1175-1218 ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir le pacáiste athbhreithnithe STI 2022 – Iarnród Digiteach agus Lasta Glas.

    (5)  Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais ‘um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil idir-inoibritheachta a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 321/2013 ón gCoimisiún an 13 Márta 2013 maidir leis an tsonraíocht theicniúil idir-inoibritheachta a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — vaigíní lastais’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/861/CE (IO L 104, 12.4.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Roinn 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE mar seo a leanas:

    (1)

    i dtábla 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 4.5.1:

    ‘4.5.1

    Pálasta ceadaithe le haghaidh catagóirí éagsúla líne

    [uimhir] t le haghaidh catagóir líne [teaghrán carachtar]

    N

    N

    T

    N

    T’;

    (2)

    i dtábla 2, cuirtear an ró 4.5.1.1 seo a leanas isteach:

    ‘4.5.1.1

    GA catagóir/catagóirí líne

    [teaghrán carachtar] ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T’;

    (3)

    i dtábla 2, ró 4.5.2, an dara colún,:cuirtear ‘mais deartha agus oibríochtúil’ in ionad ‘mais deartha’

    (4)

    i dtábla 2, cuirtear rónna 4.5.2.4 agus 4.5.2.5 seo a leanas isteach:

    ‘4.5.2.4

    Mais oibríochtúil san ord oibre

    [uimhir] kg

    T

    T

    N

    N

    T

    4.5.2.5

    Mais oibríochtúil an ghnáthphálasta

    [uimhir] kg

    T

    T

    N

    N

    T’;

    (5)

    i dtábla 2, cuirtear na rónna 4.9.3.1, 4.9.3.2 seo a leanas isteach:

    ‘4.9.3.1

    Bealú feire feistithe

    (T/N)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.9.3.2

    An fhéidearthacht cosc a chur ar úsáid na feiste bealaithe (ach amháin má tá sé feistithe le bealú feire)

    (T/N)

    T

    T

    N

    T

    T’

    (6)

    i dtábla 2, cuirtear an ró 4.10.16 seo a leanas isteach:

    ‘4.10.16

    Feithicil atá feistithe le stóráil fuinnimh leictrigh chun críoch tarraingthe agus a bhfuil sé d’fheidhm aici luchtú le OCL nuair atá sí ina stad

    [Athróg Boole] T/N

    T

    N

    N

    T

    T’;

    (7)

    i dtábla 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 4.13.1.1 go 4.13.1.9:

    ‘4.13.1.1

    Trealamh ETCS ar bord agus an tacar sonraíochtaí ó Aguisín A de STI CCS

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.1.5

    Córais d’Aicme B nó córais eile cosanta, rialaithe agus rabhaidh traenach leagáide atá suiteáilte (córas agus, más infheidhme, leagan)

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.1.7

    Cur chun feidhme ETCS ar bord

    [Teaghrán carachtar]

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.1.8

    Comhoiriúnacht le Córas ETCS

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.1.9

    Faisnéis a bhainistiú faoi iomláine na traenach (ní ón tiománaí)

    [Athróg Boole] T/N

    T

    T

    N

    T

    T’;

    (8)

    i dtábla 2, cuirtear na rónna 4.13.1.10 agus 4.13.1.11 seo a leanas isteach:

    ‘4.13.1.10

    Faisnéis maidir le comhdhéanamh faid sábháilte a fhaightear ar bord atá riachtanach chun rochtain a fháil ar an líne agus ar SIL comhfhreagrach

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.1.11

    Imchlúdach leaganacha córais ETCS a oibrítear go dleathach

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    T’;

    (9)

    i dtábla 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 4.13.2.1 go 4.13.2.12:

    ‘4.13.2.1

    Guth raidió GSM-R ar bord agus a Bhunlíne

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.2.3

    Córais d’Aicme B nó córais eile leagáide raidió suiteáilte (córas agus, más infheidhme, leagan)

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.2.5

    Comhoiriúnacht an Chórais Gutha Raidió

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.2.6

    Guth GSM-R agus cumarsáid oibríochtúil a chur chun feidhme

    [Teaghrán carachtar]

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.2.7

    Cumarsáid Sonraí Raidió GSM-R ar bord agus a Bhunlíne

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.2.8

    Comhoiriúnacht an Chórais Sonraí Raidió

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.2.9

    Cur i bhfeidhm cumarsáide sonraí GSM-R le haghaidh chur chun feidhme ETCS agus ATO

    [Teaghrán carachtar]

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.2.10

    Cárta SIM Gutha GSM-R Líonra Baile

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.2.11

    Cárta SIM Sonraí GSM-R Líonra Baile

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    T

    4.13.2.12

    Cárta SIM Gutha GSM-R le cúnamh Grúpa ID 555

    [Athróg Boole] T/N

    T

    T

    N

    T

    T’;

    (10)

    i dtábla 2, cuirtear na rónna 4.13.3 go 4.13.3.2 a leanas isteach:

    ‘4.13.3

    ATO

    Ceannteideal

    (níl aon sonraí ar fáil)

     

     

     

     

     

    4.13.3.1

    Leagan chóras ATO ar bord

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe

    T

    T

    N

    T

    N

    4.13.3.2

    Cur chun feidhme ATO ar bord

    [Teaghrán carachtar]

    T

    T

    N

    T

    N’;

    (11)

    i dtábla 2, cuirtear rónna 4.15, go 4.15.3 a leanas isteach:

    ‘4.15

    Feidhmeanna braite agus coiscthe díráillithe

    Ceannteideal [gan sonraí]

     

     

     

     

     

    4.15.1

    Láithreacht agus cineál feidhme/feidhmeanna braite agus coiscthe díráillithe

    [Teaghrán carachtar] Ó liosta réamhshainithe (is féidir níos mó ná rogha amháin a roghnú)

    N

    N

    T

    N

    N

    4.15.2

    Láithreacht feidhme braite agus coiscthe díráillithe

    [Athróg Boole] T/N

    T

    N

    N

    N

    N

    4.15.3

    Láithreacht próiseáil comharthaí braite agus coiscthe díráillithe

    [Athróg Boole] T/N

    T

    N

    N

    N

    N’.

    (12)

    in Iarscríbhinn III cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh atá os cionn an dara tábla agus in ionad an dara tábla:

    ‘Nuair:

    A shanntar Réimse 1 (digití 1 agus 2) de réir chatagóir agus fhochatagóir an chineáil feithicle i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

    Cód

    Catagóir

    Fochatagóir

    11

    Feithiclí tarraingthe

    Inneall traenach

    12

    Aonad cumhachta (nó carr cumhachta)

    13

    Traein doscartha paisinéirí féinghluaiste

    14

    Forchoimeádta

    15

    Forchoimeádta

    16

    Carr iarnróid

    17

    Siúntóir

    18

    Tramthraein

    19

    Eile (féach Airteagal 1(4) de Threoir (AE) 2016/797

    31

    Feithiclí tarlaithe do phaisinéirí

    Cóiste

    32

    Forchoimeádta

    33

    Veain

    34

    Forchoimeádta

    35

    Iompróir carranna

    36

    Cóiste tiomána

    37

    Forchoimeádta

    38

    Veain thiomána

    39

    Scuaine cóistí feistithe

    40

    Forchoimeádta

    41

    Eile

    42-49

    Forchoimeádta

    51

    Vaigíní lastais (tarlaithe)

    Vaigín lastais

    52

    Forchoimeádta

    53

    Scuaine vaigíní lastais feistithe

    54

    Bógaithe iarnróid ar leithligh atá nasctha le feithicil bhóthair chomhoiriúnach/feithiclí bóthair comhoiriúnacha

    55-59

     

    Forchoimeádta

    71

    Feithiclí speisialta

    Feithicil speisialta fhéinghluaiste.

    Ní úsáidfear an cód seo tar éis dháta glactha an Chinnidh seo

    72

    Meaisíní ar ráille (OTManna)

    73

    Feithicil speisialta tarlaithe

    Ní úsáidfear an cód seo tar éis dháta glactha an Chinnidh seo

    74

    Feithiclí cigireachta bonneagair

    75

    Feithiclí comhshaoil

    76

    Feithiclí éigeandála

    77

    Feithiclí Bóthair-Iarnróid

    78

     

    Forchoimeádta

    79

     

    Forchoimeádta’.


    Top