EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1299
Council Implementing Decision (CFSP) 2023/1299 of 26 June 2023 implementing Decision 2011/235/CFSP concerning restrictive measures directed against certain persons and entities in view of the situation in Iran
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/10625/2023/INIT
IO L 160I, 26.6.2023, p. 5–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 160/5 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/1299 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2023
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES. |
(2) |
An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna chomh maith le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, faoi mar a dhearbhaítear i gconclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart seachtar a áireamh ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:
Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘227. |
Seyyed Mohammad MOUSVIAN ar a dtugtar freisin Seyed Mohammad MOUSAVIYAN سید محمد موسویان |
Feidhm: Ionchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach, Isfahan (Cúige Isfahan) Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann |
Is é Mousvian an tIonchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023. Ina theannta sin, d’eisigh Mousvian an díotáil i gcoinne ealaíontóir ceoil de chuid na hIaráine, Toomaj Salehi, ar cuireadh ina leith go ndearna sé ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’ agus go raibh sé rannpháirteach in agóidí i gcoinne an rialtais agus i ngníomhaíochas poiblí i gcoinne rialtas na hIaráine i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá sé á choinneáil i bPríosún Dastgerd ó shin faoi dhálaí cruálacha agus é ag feitheamh lena thriail. I mí na Samhna 2022, d’fhoilsigh na meáin stáit físeán ina léirítear Salehi agus dallóg air, agus é ag admháil go raibh na coireanna líomhnaithe déanta aige agus é ag gabháil leithscéal as a chuid cainte. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
228. |
Ali Zare NOURI سید علی زارع نوری |
Feidhm: Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir don Chúirt Choiriúil Cúige, Isfahan Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann |
Is é Nouri Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir na Cúirte Coiriúla Cúige i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023. I bhfíseán a d’fhoilsigh meáin stáit na hIaráine, féadfar Nouri a fheiceáil ag ceistiú na dtrí chosantóir sa chúirt. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
229. |
Seyyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH ar a dtugtar freisin Seyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH ar a dtugtar freisin Nader SAFAVI سید نادر صفوی میرمحله |
Feidhm: Gobharnóir agus Ceann Comhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan |
Is é Seyyed Nader Safavi Mirmahalleh rialtóir agus ceann Chomhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan. Mar sin, tá sé freagrach as ordú a thabhairt d’oifigigh scaoileadh le hagóideoirí le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022-2023, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
230. |
Seyyed Khalil SAFAVI ar a dtugtar freisin Seyed Khalil SAFAVI سید خلیل صفوی |
Feidhm: Ceannasaí na bPóilíní Rezvanshahr, Cúige Gilan Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan |
Is é Seyyed Khalil Safavi Ceannasaí Póilíneachta Rezvanshahr i gCúige Gilan agus bhí an post sin aige freisin tráth na hagóide. Mar sin, tá sé freagrach as an méid a tharla in Rezvanshahr nuair a scaoil na póilíní le hagóideoirí le linn agóidí sa chathair a tharla i dtreo dheireadh Mheán Fómhair 2022, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
231. |
Seyyed Abbas HOSSEINI سید عباس حسینی |
Feidhm: Gobharnóir, Amol (Cúige Mazandaran) Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann |
I mí Eanáir 2022, ceapadh Hosseini ina ghobharnóir ar chathair Amol, Cúige Mazandaran. Mar sin, tá sé freagrach as beirt agóideoirí óga ón Iaráin ar a laghad, Ghazaleh Chalabi agus Erfan Rezaei, a mharú i mí Mheán Fómhair 2022 ar mharaigh fórsaí rialtais i gcathair Amol iad. Ina theannta sin, lean fórsaí slándála in Amol ar aghaidh ag ciapadh agóideoirí síochánta agus teaghlaigh na ndaoine sin a maraíodh. I mí an Mheithimh 2023, cuireadh duine in ionad Hosseini mar Ghobharnóir Amol, ach ceapadh é mar Ghobharnóir Speisialta ar chathair Amol. Ina phost nua, tá ról gníomhach fós ag Hosseini mar ionadaí rialtais. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
232. |
Mojtaba FADA مجتبی فدا |
Feidhm: Ceannasaí IRGC i gCúige Isfahan (an Dara Briogáidire-Ghinearál) agus comhalta den Chomhairle Slándála Cúige Náisiúntacht: Iaránach Dáta breithe: 21.3.1963 Áit bhreithe: Harsin, an Iaráin Inscne: Fireann Uimhir phas: F49973222 a rachaidh in éag an 27.8.2024 (arna eisiúint ag an Iaráin) |
Is é Fada ceannasaí fhórsaí IRGC i gCúige Isfahan agus tá sé ina chomhalta den Chomhairle Slándála Cúige faoi láthair. Mar sin, rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí thrúpaí IRGC agus ar fhórsaí slándála eile mar fhreagairt ar agóidí i gcoinne an rialtais in 2022, ina bhfuair roinnt agóideoirí bás, lena n-áirítear Mahsa Mougouyi a bhí 18 mbliana d’aois. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023 |
233. |
Rashid KABOUDVANDI رشید کبودوند ar a dtugtar freisin Rashid KABUDONDI رشید کبودوندی |
Feidhm: Ceannasaí Chór Gharda Imam Hossein Karaj, Cúige Alborz Inscne: Fireann |
Is é Kaboudvandi ceannasaí ar Chór Gharda Imam Hossein in Karaj, Cúige Alborz ó mhí na Bealtaine 2022 i leith. Mar sin, tá sé freagrach as Mohammad Reza Ghorbani a choinneáil sa phríosún agus é a mharú, agus as Amrita Abbassi a choinneáil sa phríosún agus as a héigniú ag fórsaí slándála Karaj. Rinneadh sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine ag fórsaí póilíneachta a dhoiciméadú go forleathan ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
26.6.2023’ |