EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0872
Commission Implementing Decision (EU) 2023/872 of 20 April 2023 amending Implementing Decision (EU) 2022/2333 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Spain (notified under document C(2023) 2749) (Only the Spanish text is authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/872 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2749) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/872 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2749) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/2749
IO L 113, 28.4.2023, p. 49–53
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023
28.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 113/49 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/872 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Aibreán 2023
lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2749)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála le haghaidh na Spáinne i ndáil le ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, ráigeanna a braitheadh i réigiúin na hAndalúise agus Castilla-La Mancha, ar dhá bhraisle ar leith iad, ceann amháin i ngach réigiún. |
(2) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise, atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3), go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
(3) |
I dteannta na gcriosanna cosanta agus faireachais, bunaíodh crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, i réigiún na hAndalúise agus i réigiún Castilla-La Mancha araon, áiteanna ina bhfuil sé de cheanglas ar an Spáinn bearta áirithe a chur i bhfeidhm maidir le srianta ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar lasmuigh den chrios sin, d’fhonn cosc a chur ar leathadh an ghalair chuig an gcuid eile dá críoch agus chuig an gcuid eile den Aontas. |
(4) |
Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ocht ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiún Castilla-La Mancha. Dá thoradh sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le criosanna srianta breise le haghaidh na Spáinne, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, leasaíodh iad a thuilleadh agus rinneadh an leasú deireanach ar an Iarscríbhinn sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/836 ón gCoimisiún (4). |
(5) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/836 ann, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ráig bhreise amháin den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair i gCúige Ciudad Real, go nithiúil laistigh den chrios cosanta atá bunaithe sa réigiún sin cheana. |
(6) |
Rinne údarás inniúil na Spáinne na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna nua sin. Choinnigh an Spáinn na criosanna srianta a bunaíodh roimhe seo thart ar na trí ráig roimhe sin a taifeadadh ó thús 2023 in Castilla-La Mancha. |
(7) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise le haghaidh na Spáinne san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, ba cheart iad a leasú, ó thaobh spáis agus ama de, agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i réigiún Castilla-La Mancha á cur san áireamh. |
(8) |
Ina theannta sin, i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair, is gá bearta níos déine a chur i bhfeidhm i ndáil le gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sna criosanna cosanta nó faireachais, chun leathadh an ghalair chuig an gcuid eile de chríoch na Spáinne agus chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. Chuige sin, níor cheart gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choinnítear sna criosanna cosanta nó faireachais a cheadú ach amháin i seamlas lena marú láithreach laistigh den chrios cosanta céanna nó den chrios faireachais céanna faoi seach, agus atá ag an mbunaíocht tionscnaimh. Ina theannta sin, is gá a áirithiú go ndéanfar cigireacht chliniciúil roimh ré ar chaoirigh agus ar ghabhair atá le haistriú, chun a áirithiú nach bhfuil amhras ann faoi ghalar, ní mór na modhanna iompair a ghlanadh agus a dhíghalrú roimh a n-iompar agus ina dhiaidh agus ní mór nach n-áireofar leo ach caoirigh agus gabhair a bhfuil an stádas sláinte céanna acu a choimeádtar sa bhunaíocht chéanna. |
(9) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(10) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme Cinneadh (AE) 2022/2333 a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 a leasú dá réir. |
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus sna criosanna srianta breise 1. Gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios cosanta, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2, 7 agus 8. 2. Féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choinnítear sa chrios cosanta a údarú nuair is go díreach chuig seamlas atá suite sa chrios cosanta céanna leis an mbunaíocht tionscnaimh atá na gluaiseachtaí sin de chaoirigh agus de ghabhair ag dul, lena marú láithreach. 3. Gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios faireachais, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 4, 7 agus 8. 4. Féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choinnítear sa chrios faireachais a údarú nuair is go díreach chuig seamlas atá suite sa chrios faireachais céanna leis an mbunaíocht tionscnaimh atá na gluaiseachtaí sin de chaoirigh agus de ghabhair ag dul, lena marú láithreach. 5. Gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 6, 7 agus 8. 6. Féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin a údarú nuair atá na gluaiseachtaí caorach agus gabhar sin ag dul díreach chuig seamlas atá suite laistigh de chríoch na Spáinne lena marú láithreach. 7. Beidh na caoirigh agus na gabhair atá le hiompar faoi réir cigireacht chliniciúil ag an údarás inniúil 24 uair an chloig nó níos lú roimh an dáta iompair. 8. Maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseachtaí caorach agus gabhar ó chriosanna cosanta, faireachais nó ó chriosanna srianta breise, a leagtar amach i míreanna 1, 3 agus 5:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 An Cur i bhFeidhm Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.” |
3. |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333. |
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (IO L 308, 29.11.2022, lch. 22).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/836 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2023 lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn (IO L 105, 20.4.2023, lch. 51).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Réigiún Castilla–La Mancha ES-CAPRIPOX-2023-00003 ES-CAPRIPOX-2023-00004 ES-CAPRIPOX-2023-00005 ES-CARPIPOX-2023-00006 |
An crios cosanta: Crios cosanta ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:
|
31.5.2023 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An crios faireachais: Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Toledo, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Cuenca, an bhardasacht seo a leanas:
|
15.6.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An crios faireachais: Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:
|
1.6.2023-15.6.2023 |
B. Criosanna srianta breise
Réigiún |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||
Réigiún Castilla–La Mancha |
Crios srianta breise ina bhfuil na cúigí seo a leanas:
|
31.7.2023 |