EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0727

Cinneadh (CBES) 2023/727 ón gComhairle An 31 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/7479/2023/INIT

IO L 94, 3.4.2023, p. 56–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/727/oj

3.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/56


CINNEADH (CBES) 2023/727 ÓN gCOMHAIRLE

An 31 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES, measann an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2024.

(3)

Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a ainmnítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 nduine agus trí eintiteas a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 13 Aibreán 2024. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”

;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruséil an 31 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES (“Liosta na ndaoine agus na ‘eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2”) mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 82 (a bhaineann le SARAFRAZ Mohammad (Dr.)) sa liosta dar ceannteideal “Daoine”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na ‘iontrálacha a bhaineann leis na 18 nduine seo a leanas:

 

Daoine

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“17.

SOLTANI Hodjatoleslam Seyed Mohammad

Inscne: fireann

Ó 2018 i leith, tá Hodjatoleslam Seyed Mohammad Soltani ina leas-ionchúisitheoir sa Revolutionary Prosecution Office, Mashhad. Ceannaire ar an Organisation for Islamic Propaganda i gcúige Khorasa’Razavi. Iarbhreitheamh, Mashhad Revolutionary Court (2013-2019). Rinneadh trialacha faoina dhlínse go hachomair agus i seisiún dúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse, eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí. Tá sé freagrach as pianbhreitheanna troma príosúnachta a ghearradh ar shaoránaigh mhionlach Baha’is, mar gheall ar a gcreideamh reiligiúnach, trí thrialacha éagóracha a bhfuil easpa próis chuí ag baint leo, agus as nósanna imeachta seachbhreithiúnacha a úsáid.

12.4.2011

19.

JAFARI-DOLATABADI Abbas

Áit bhreithe: Yazd (an Iaráin)

Dáta breithe: 1953

Inscne: fireann

Iarchomhairleoir do Chúirt Uachtarach Araíonachta na mbreithiúna (an 29 Aibreán 2019-2020 ar a laghad). Iar-Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran (mí Lúnasa 2009-mí Aibreáin 2019). Chúisigh oifig Abbas Jafari-Dolatabadi líon mór agóideoirí, lena n-áirítear daoine a ghlac páirt in agóidí Lá Ashura i mí na Nollag 2009. D’ordaigh sé go ndúnfaí oifig Karroubi i mí Mheán Fómhair 2009 agus go ngabhfaí roinnt polaiteoirí leasaitheacha, agus chuir sé cosc ar dhá pháirtí pholaitiúla leasaitheacha i mí an Mheithimh 2010. Rinne a oifig agóideoirí a chúiseamh i leith ‘Muharebeh’, nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’, lena ngabhann pionós an bháis, agus dhiúltaigh sé próis chuí dóibh siúd a raibh an pionós sin á bhagairt orthu. Chomh maith leis sin, dhírigh a oifig ar leasaitheoirí, ar ghníomhaithe ar son chearta an duine agus ar bhaill na meán, agus ghabh a oifig daoine den sórt sin, mar chuid de chniogbheartaíocht leathan ar an bhfreasúra polaitiúil.

I mí Dheireadh Fómhair 2018, d’fhógair sé do na meáin go ndéanfaí ceathrar gníomhaithe ar son an chomhshaoil ón Iaráin a coinníodh a chúiseamh i leith ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’, ar cúiseamh é lena ghabhann pionós an bháis.

12.4.2011

21.

MOHSENI-EJEI Gholam-Hossein

Áit bhreithe: Ejiyeh (an Iaráin)

Dáta breithe: circa 1956

Inscne: fireann

An Príomh-Bhreitheamh ó mhí Iúil 2021 i leith. Comhalta den Expediency Council. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine ó Mheán Fómhair 2009 go dtí 2014. IarLeas-Cheann na mBreithiúna (2014 go dtí mí Iúil 2021) agus urlabhraí thar ceann na mBreithiúna (2010-2019). An tAire Faisnéise ó 2005 go dtí 2009. Fad a bhí sé ina Aire Faisnéise le linn na dtoghchán in 2009, bhí gníomhairí faisnéise faoina cheannas freagrach as an gcoinneáil agus céasadh agus na hadmhálacha bréagacha faoi bhrú a fháil ó na céadta gníomhaí, iriseoir, easaontóirí agus polaiteoirí leasaitheacha. Ina theannta sin, cuireadh iallach ar phearsana polaitiúla admhálacha bréagacha a dhéanamh faoi cheistiúcháin dhofhulaingthe lenar áiríodh céasadh, mí-úsáid, dúmhál agus bagairt a chur ar a muintir. Le linn agóidí 2022/2023, mhaíomh Gholam-Hossein Mohseni-Ejei go gcaithfí go neamhthrócaireach le hagóideoirí.

12.4.2011

25.

SALAVATI Abdolghassem

Inscne: fireann

Breitheamh den Special Court for Financial Crimes, brainse 4 ó 2019 i leith. Breitheamh, Ceann Tehran Revolutionary Court, brainse 15. Breitheamh Cimithe in Tehran Tribunal. Bhí sé i gceannas ar na cásanna iarthoghcháin, agus ba é an Breitheamh a bhí i gceannas ar na ‘seóthrialacha’ le linn an tsamhraidh in 2009, ghearr sé pionós an bháis ar bheirt mhonarcaithe a bhí i láthair sna seóthrialacha. Tá níos mó ná céad príosúnach polaitiúil, gníomhaí chearta an duine agus léiritheoir curtha faoi théarmaí fada príosúnachta aige.

In 2018, léirigh tuarascálacha gur lean sé air ag gearradh téarmaí príosúnachta comhchosúla gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

Le linn agóidí 2022, dhaor Abdolghassem Salavati go leor agóideoirí chun báis, lena n-áirítear Mohammad Beroghani agus Saman Seydi.

12.4.2011

43.

JAVANI Yadollah

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Iaránach

Grád: Briogáidireghinearál

Leas-Cheannasaí IRGC do ghnóthaí polaitiúla. Tá go leor iarrachtaí déanta aige deireadh a chur le saoirse cainte agus dioscúrsa trína ráitis phoiblí lena dtacaítear le hagóideoirí agus easaontóirí a ghabháil agus a phionósú. Duine de na chéad oifigigh ardchéime a d’éiligh Moussavi, Karroubi agus Khatami a ghabháil in 2009. Thacaigh sé le húsáid a bhaint as teicnící a sháraíonn an ceart chun triail a fháil, lena n-áirítear admhálacha poiblí agus scaoil sé ábhar ceistiúchán roimh an triail. Léiríonn an fhianaise freisin gur ghlac sé le foréigean a úsáid in aghaidh agóideoirí agus mar bhall lárnach den IRGC is rídhócha go raibh sé ar an eolas faoi theicnící diancheistiúcháin a úsáideadh chun brú a chur ar dhaoine coireanna a admháil.

10.10.2011

57.

HAJMOHAM- MADI Aziz (dá ngairtear freisin Aziz Hajmohammadi, Noorollah Azizmohammadi)

Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)

Dáta breithe: 1948

Inscne: fireann

Breitheamh i mbrainse 71 sa Chúirt Choiriúil i gCúige Tehran. Ag obair dó thar ceann na mbreithiúna ó 1971 i leith, bhí sé páirteach i roinnt trialacha d’agóideoirí, inter alia, mar shampla Abdol-Reza Ghanbari, múinteoir a gabhadh i mí Eanáir 2010 agus a daoradh chun báis mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí polaitiúla.

10.10.2011

58.

BAGHERI Mohammad-Bagher

Inscne: fireann

In 2019, ceapadh Mohammad-Bagher Bagheri mar Leas-Cheann na mBreithiúna do Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus mar Rúnaí Foirne um Chearta an Duine in ionad Mohammad Javad Larijani sa phost sin le foraithne ó Ebrahim Raisi. Bhí sé ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach idir mí na Nollag 2015 agus 2019. Iar-leaschathaoirleach ar riarachán breithiúnach chúige South Khorasan, agus é i gceannas ar chosc na coireachta. Chomh maith le 140 bású as cionta caipitil a admháil i mí an Mheithimh 2011, a tharla idir Márta 2010 agus Márta 2011, tuairiscítear gur tharla thart ar 100 bású eile le linn na tréimhse céanna agus sa chúige chéanna, mar atá cúige South Khorasan, gan fógra a thabhairt do na teaghlaigh ná do na dlíodóirí. Bhí sé, dá bhrí sin, comhpháirteach i sárú tromchúiseach ar an gceart chun próise cuí, agus é ag cur le líon ard pionóis an bháis.

10.10.2011

60.

HOSSEINI Dr Seyyed Mohammad (dá ngairtear freisin HOSSEYNI Dr Seyyed Mohammad; Seyed, Sayyed agus Sayyid)

دکتر سيد محمد حسيني

Áit bhreithe: Rafsanjan, Kerman (an Iaráin)

Dáta breithe: 23.7.1961

Inscne: fireann

Leas-Uachtarán gnóthaí parlaiminte faoin Uachtarán Raisi ó mhí Lúnasa 2021 i leith. Comhairleoir don IarUachtarán Mahmoud Ahmadinejad agus urlabhraí don fhaicsean docht polaitiúil YEKTA. An tAire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí (2009-2013). IarLeas-Stiúrthóir ar an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB). Iarchomhairleoir ag Stiúrthóir an Islamic Culture and Relations Organisation (ICRO). Iarchomhalta den IRGC, bhí sé comhpháirteach i gcur faoi chois iriseoirí.

10.10.2011

66.

MIRHEJAZI Ali Ashgar

Dáta breithe: An 8 Meán Fómhair 1946

Áit bhreithe: Isfahan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Comhairleoir faisnéise don Cheannaire Uachtarach. Ar dhuine de chiorcal inmheánach an Cheannaire Uachtaraigh, ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as cur faoi chois agóidí a phleanáil, rud atá á chur chun feidhme ó 2009 agus baint aige leo siúd atá freagrach as agóidí a chur faoi chois.

Bhí sé freagrach freisin as cosc a chur le corraíl phoiblí i mí na Nollag 2017/2018 agus i mí na Samhna 2019.

23.3.2012

69.

MORTAZAVI Seyyed Solat

Áit bhreithe: Farsan, Tchar Mahal-o-Bakhtiari (Theas) – (an Iaráin)

Dáta breithe: 1967

Inscne: fireann

Ón 19 Deireadh Fómhair 2022, ina Aire (gníomhach) Comharchumann, Saothair agus Leasa Shóisialaigh. Ó mhí Mheán Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2022, an Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Feidhmiúcháin na hIaráine agus Ceann Oifig an Uachtaráin. Ón 16 Meán Fómhair 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2021, is é ceann bhrainse réadmhaoine an Mostazafan Foundation, a raibh á reáchtáil go díreach ag an Supreme Leader Khamenei. Stiúrthóir ar chraobh Tehran den Foundation Astan Qods Razavi, go dtí mí na Samhna 2019. Iarmhéara Mashhad, an dara cathair is mó san Iaráin, áit a dtarlaíonn básuithe poiblí go rialta. IarLeas-Aire Gnóthaí Baile le freagracht as gnóthaí polaitiúla, a ceapadh in 2009. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as daoine a labhair amach mar chosaint ar a gcearta dlisteanacha, lena ‘áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh, a chur faoi chois. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Cheann ar an Iranian Election Committee do thoghcháin pharlaiminteacha in 2012 agus do na toghcháin uachtaránachta in 2013.

23.3.2012

77.

JAFARI Reza

Dáta breithe: 1967

Inscne: fireann

Iarchomhairleoir ag an Disciplinary Court for Judges (2012-2022). Comhalta den ‘Committee for Determining Criminal Web Content’, comhlacht atá freagrach as cinsireacht ar shuíomhanna gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Iar-Cheann ionchúisimh speisialta na cibearchoireachta idir 2007 agus 2012. Bhí sé freagrach as saoirse tuairimí a chur faoi chois, lena ‘áirítear trí bhlagálaithe agus iriseoirí a ghabháil, a choinneáil agus a ionchúiseamh. Tugadh drochíde do dhaoine ar amhras cibearchoireachta agus bhí siad faoi réir próiseas breithiúnach éagórach.

23.3.2012

81.

Moussavi Seyed Mohammad Bagher (dá ngairtear freisin MOUSAVI Ayed Mohammed Baqir)

محمدباقر موسوی

Inscne: fireann

Ghearr Breitheamh ó Chúirt Réabhlóideach Ahwaz, Brainse 2 (2011-2015), pionóis an bháis ar roinnt daoine, lena ‘áirítear cúigear Arabach Ahwazi, Mohammad Ali Amouri, Hashem Sha’bani Amouri, Hadi Rashedi, Sayed Jaber Alboshoka, Sayed Mokhtar Alboshoka an 17 Márta 2012 as ‘gníomhaíochtaí i gcoinne na slándála náisiúnta’ agus ‘naimhdeas i gcoinne Dé’. Sheas Cúirt Uachtarach na hIaráine leis na pianbhreitheanna sin an 9 Eanáir 2013. Gabhadh an cúigear gan chúiseamh agus bhí siad faoi choinneáil ar feadh bliana, rinneadh céasadh orthu agus gearradh pionós orthu gan próis chuí. Cuireadh Hadi Rashedi agus Hashem Sha’bani Amouri chun báis in 2014.

12.3.2013

83.

JAFARI Asadollah

Inscne: fireann

Ard-Aighne Isfahan faoi láthair. Sa phost sin, d’ordaigh sé frithghníomhartha foréigneacha i gcoinne agóideoirí a thug faoi na sráideanna i mí na Samhna 2021 chun agóid a dhéanamh in aghaidh ganntanais uisce. De réir roinnt tuarascálacha, d’fhógair Asadollah Jafari go rabhthas chun oifig speisialta a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar na hagóideoirí a gabhadh.

Ó 2017 go 2021, bhí sé ina Ard-Aighne i gCúige North Khorasan.

Ina cháil mar Iar-Ionchúisitheoir Mazandaran Province (2006-2017), mhol Jafari go ngearrfaí pionós an bháis i gcásanna a thug sé os comhair na cúirte, ar tháinig básuithe iomadúla dá thoradh lena ‘áirítear básuithe poiblí ina sáraítear, trí phionós an bháis a ghearradh, cearta idirnáisiúnta an duine, lena ‘áirítear trí phionós díréireach iomarcach. Tá Jafari freagrach as gabháil mhídhleathach agus sáruithe ar chearta na gcimí Baha’i ó ghabhtar iad an chéad uair go dtí go gcoinnítear ina ‘aonar iad san Intelligence Detention Centre.

12.3.2013

84.

EMADI Hamid Reza (dá ngairtear freisin Hamidreza Emadi)

Áit bhreithe: Hamedan (an Iaráin)

Dáta breithe: circa 1973

Áit chónaithe: Tehran

Áit oibre: Ceanncheathrú Press TV, Tehran

Inscne: fireann

Iar-Stiúrthóir an tSeomra Nuachta le Press TV. Iar–Léiritheoir sinsearach le Press TV.

Freagrach as admhálacha éigeantacha ó chimí a léiriú agus a chraoladh, lena ‘áirítear iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh Choirdíneacha agus Arabacha iad, lena sáraítear cearta a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le triail chóir agus próis chuí a fháil. Ghearr an rialtóir craolacháin neamhspleách OFCOM fíneáil GBP 100 000 ar Press TV sa Ríocht Aontaithe as admháil éigeantach ón iriseoir agus scannánóir Iaránach-Cheanadach Maziar Bahari a chraoladh in 2011, a scannánaíodh sa phríosún agus Bahari faoi éigeantas. Tá sé tuairiscithe ag ENRanna gur tharla cásanna eile d’admhálacha éigeantacha a chraol Press TV. Tá baint ag Emadi, dá bhrí sin, le sárú a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí agus triail chóir a fháil.

In 2016, bhí sé faoi réir nósanna imeachta araíonachta as ciapadh gnéasach ar a chomhghleacaí Sheena Shirani, rud a d’fhág gur cuireadh ar fionraí ón tseirbhís é.

12.3.2013

92.

ASHTARI Hossein

Áit bhreithe: Isfahan (dá ngairtear freisin Esfahan, Ispahan)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ardcheannasaí ar an Iranian police force

Bhí Hossein Ashtari ina Ardcheannasaí ar fhórsa póilíneachta na hIaráine ó mhí an Mhárta 2015 go dtí mí Eanáir 2023 agus is comhalta den Chomhairle Slándála Náisiúnta é. Áirítear ar an bhfórsa póilíneachta Aonaid Emdad agus na hAonaid Speisialta. D’úsáid gnáthfhórsa póilíneachta na hIaráine, Aonaid Emdad agus na hAonaid Speisialta fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud a d’fhág gur maraíodh agus gur gortaíodh lucht agóide neamh-armtha agus sibhialtaigh eile i gcuid mhór cathracha ar fud na tíre. Agus é ina chomhalta den Chomhairle Slándála Náisiúnta, ghlac Ashtari páirt sna seisiúin a raibh orduithe mar thoradh orthu fórsa marfach a úsáid chun agóidí mhí na Samhna 2019 a chur faoi chois. Tá Ashtari freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

95.

VASEGHI Leyla (ar a dtugtar freisin VASEQI Layla, VASEGHI Leila, VASEGHI Layla)

Áit bhreithe: Sari, Mazandaran Province (an Iaráin)

Dáta breithe: 1352 (féilire Hijri na hIaráine), 1972 nó 1973 (féilire Ghréagóra)

Inscne: baineann

Post: Iarghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council

Mar ghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council ó mhí Mheán Fómhair 2019 go dtí mí na Samhna 2021, d’ordaigh Leyla Vaseghi do na póilíní agus d’fhórsaí armtha eile leas a bhaint as modhanna marfacha le linn agóidí i mí na Samhna 2019, rud a d’fhág gur maraíodh agus gur gortaíodh lucht agóide neamh-armtha agus sibhialtaigh eile. Mar ghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council, tá Vaseghi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. I gcomhthéacs agóidí 2022/2023, cuimhníonn muintir na hIaráine uirthi fós mar dhuine a raibh ceann de na príomhróil aici i gcur faoi chois foréigneach, agus comparáid á déanamh idir a ndeir sí go poiblí agus an cur faoi chois atá ar bun faoi láthair.

12.4.2021’

137.

REZVANI Ali (ar a dtugtar REZWANI Ali freisin)

رضوانی علی

Dáta breithe: 1984

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Tuairisceoir agus príomhláithreoir/láithreoir nuachta de chuid Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) maidir le cúrsaí polaitíochta agus slándála

Tá Ali Rezvani ina thuairisceoir don Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) agus tá sé ina phríomhláithreoir/láithreoir nuachta ar an gclár nuachta 20.30 a bhíonn ar IRIB gach oíche.

Is eagraíocht meáin státrialaithe de chuid na hIaráine é IRIB agus cuirtear de chúram air faisnéis an rialtais a scaipeadh. Is é clár nuachta 20.30 IRIB, a bhíonn ar siúl gach oíche ar Channel 2, príomchlár nuachta na tíre, agus meastar gurb é príomhardán IRIB chun cláir oibre na bhfórsaí slándála a chur chun feidhme, lena ‘áirítear an Ministry of Intelligence (MOIS) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Léirítear i gcásanna a bhfuil taifead déanta orthu go gcraolann nuacht 20.30 admhálacha éigeantacha.

Ina cháil mar thuarascóir IRIB, glacann Ali Rezvani páirt i gceistiúcháin as a dtagann admhálacha éigeantacha, agus dá dheasca sin, tá baint dhíreach aige i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sna sarúithe sin a éascú. Ina cháil mar phríomhláithreoir ar chlár nuachta 20.30, cuireann Rezvani chun cinn clár oibre fhórsaí slándála na hIaráine, clár a bhfuil glacadh aige le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, amhail céasadh, gabhálacha treallacha agus coinneáil. Chomh maith leis sin, scaipeann sé bolscaireacht i gcoinne lucht cáinte d’fhonn imeagla a chur orthu sin agus údar a thabhairt ar a ndrochíde agus an drochíde sin a mholadh, rud a sháraíonn a gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.12.2022

142.

BORMAHANI Mohsen (ar a dtugtar BARMAHANI Mohsen)

محسن برمهانی

Dáta breithe: 24.5.1979

Áit bhreithe: Neishabur, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Pas: A54062245 (an Iaráin), a rachaidh in éag an 12 Iúil 2026

Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 1063893488 (an Iaráin)

Feidhm: Leas-Stiúrthóir ar an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB)

Tá Mohsen Bormahani ina Leas-Stiúrthóir ar an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), a bhíonn ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht.

Sa cháil atá aige, tá Bormahani freagrach as inneachar IRIB. Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise sin ar mhuintir na hIaráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ éigeantacha bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na ‘hadmhálacha’ seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú.

Cé gur éirigh roinnt de phearsanra ardphróifíle craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus gur shéan siad freagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022 san Iaráin, leanann Bormahani dá chúram mar Leas-Stiúrthóir agus tá cosaint déanta aige ar an réimeas sna ráitis is déanaí uaidh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.12.2022”

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na ‘iontrálacha a bhaineann leis na trí eintiteas seo a leanas:

 

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

Príosún Evin

Seoladh: Tehran Province, Tehran, District 2, Dasht-e Behesht (an Iaráin)

Is ionad coinneála é Príosún Evin inar coinníodh príosúnaigh pholaitiúla agus inar tharla sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena ‘áirítear céasadh, le roinnt blianta anuas agus, go deimhin, le blianta fada anuas.

I mí na Samhna 2019, coinníodh agóideoirí, agus go pointe áirithe tá siad á gcoinneáil fós, i bPríosún Evin mar phríosúnaigh pholaitiúla. Tá bunchearta nós imeachta á gceilt ar phríosúnaigh i bPríosún Evin, agus uaireanta coimeádtar iad i mbraighdeanas aonair nó i gcealla plódaithe ina bhfuil drochdhálaí sláinte. Tá tuairiscí mionsonraithe ann ar chéasadh, idir fhisiciúil agus shíceolaíoch. Séantar teagmháil lena muintir agus le dlíodóirí ar na cimí, chomh maith le cóireáil sláinte leordhóthanach.

I gcomhthéacs agóidí 2022/2023, tá cásanna céastóireachta fós á dtuairisciú. Níor míníodh cúis an dóiteáin as ar eascair roinnt básanna agus gortuithe i mí Dheireadh Fómhair 2022 don phobal, agus diúltaíonn údaráis an phríosúin d’aon fhiosrúcháin idirnáisiúnta. I gcomhthéacs an dóiteáin, ba léir freisin go ‘úsáideann an príosún mianaigh chun éaluithe as an bpríosún a chosc, rud a cháintear go géar go hidirnáisiúnta. Coinníodh roinnt náisiúnach tríú stát go treallach i bPríosún Evin.

12.4.2021

3.

Príosún Fashafouyeh (dá ngairtear freisin Greater Tehran Central Penitentiary, Hasanabad-e Qom Prison, Greater Tehran Prison)

Seoladh: Tehran Province, Hasanabad, Bijin Industrial Zone, Tehran, Qom Old Road (an Iaráin)

Teileafón: +98 21 5625 8050

Is ionad coinneála é Príosún Fashafouyeh a roghnaíodh ar dtús chun ciontóirí coireanna drugaí a choinneáil, ach tá príosúnaigh pholaitiúla á gcoinneáil ann le déanaí chomh maith agus, i gcásanna áirithe, cuirtear iallach orthu cealla a roinnt le handúiligh drugaí. Tá na dálaí maireachtála agus sláinteachais fíordhona, gan riachtanais bhunúsacha, mar shampla, uisce óil glan a bheith ar fáil.

Le linn agóidí mhí na Samhna 2019, coinníodh roinnt agóideoirí i bPríosún Fashafouyeh, mionaoisigh san áireamh. Tugtar le tuiscint i dtuarascálacha go ndearnadh céasadh agus cóireáil mhídhaonna ar agóideoirí mhí na Samhna 2019 i bPríosún Fashafouyeh , mar shampla trína gcréachtú le huisce fiuchta d’aon ghnó agus trí chóireáil leighis a dhiúltú. De réir thuarascáil ó Amnesty International maidir le cniogbheartaíocht i gcoinne agóidí mhí na Samhna 2019, coinníodh leanaí chomh hóg le 15 bliana d’aois in éineacht le daoine fásta i bPríosún Fashafouyeh. Rinne cúirt in Tehran triúr agóideoirí ó mí na Samhna 2019 atá faoi choinneáil i bPríosún Fashafouyeh faoi láthair a dhaoradh chun báis.

Ó thús agóidí 2022/2023, tuairiscíodh gur aistríodh 3 000 duine chuig príosún Fashafouyeh agus go bhfuil 835 duine fós ann. Tuairiscíodh roinnt cásanna de chéasadh agus d’admhálacha faoi éigeantas.

12.4.2021

4.

Príosún Rajaee Shahr (dá ngairtear freisin Príosún Rajai Shahr, Rajaishahr, Raja’i Shahr, Reja’i Shahr, Rajayi Shahr, Príosún Gorhardasht, Príosún Gohar Dasht)

Seoladh: Alborz Province, Karaj, Gohardasht, Moazzen Blvd (an Iaráin)

Teileafón: +98 26 3448 9826

Tá cáil ar Phríosún Rajaee Shahr as fáil réidh le cearta an duine, lena ‘áirítear céasadh tromchúiseach fisiceach agus síceolaíoch ar phríosúnaigh pholaitiúla agus ar phríosúnaigh choinsiasa chomh maith le hollbhású gan triail chóir, ó bhí an Réabhlóid Ioslamach ann in 1979.

Tugadh drochíde thromchúiseach do na céadta cime, leanaí san áireamh, i bPríosún Rajaee Shahr i ndiaidh agóidí mhí na Samhna 2019. Tá tuairiscí inchreidte ann faoi go leor cásanna céastóireachta agus cineálacha eile pionós cruálach, lena ‘áirítear cásanna a bhaineann le mionaoisigh.

Ó thús agóidí 2022/2023, cuireadh go leor daoine den fhreasúra i bpríosún go treallach ansin i ndálaí a ndearna roinnt iriseoirí príosúnaigh cur síos orthu a bheith contúirteach agus gur ar éigean a d’fhéadfaí cur suas leo mar dhálaí maireachtála.

12.4.2021”


Top