EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0375

Cinneadh (AE) 2023/375 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL arna ndeonú i leith earraí arna n-allmhairiú chun na Liotuáine in 2021 agus 2022 chun déileáil leis an ngéarchéim imirce (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1032) (Is é an téacs Liotuáinise amháin atá barántúil)

C/2023/1032

IO L 51, 20.2.2023, p. 83–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/375/oj

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 51/83


CINNEADH (AE) 2023/375 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2023

maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL arna ndeonú i leith earraí arna n-allmhairiú chun na Liotuáine in 2021 agus 2022 chun déileáil leis an ngéarchéim imirce

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1032)

(Is é an téacs Liotuáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143, pointí (b) agus (c), de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe d’Airteagal 53, an chéad mhír, di,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail um fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), agus go háirithe Airteagal 76, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mí an Mheithimh 2021, thosaigh méadú ag teacht ar líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a thrasnaíonn an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe. Ba é ba chúis leis sin neamhaird réimeas na Bealarúise ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta bunúsacha, agus ar chearta an duine, trí ionstraimiú imirceach, rud a d’imir tionchar ollmhór ar an Liotuáin mar thír chomharsanachta agus a chruthaigh brú láidir agus dúshláin eisceachtúla i dtaca le teorainneacha a chosaint, i dtaca le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ghlacadh agus i dtaca le cóiríocht a chur orthu. Faoi thús mhí Lúnasa 2021, cláraíodh breis agus 55 oiread níos mó daoine ná an líon daoine a cláraíodh le linn 2020 ina hiomláine, de dhaoine a thrasnaigh teorainn na Liotuáine ón mBealarúis ar dhóigh neamhrialta. An méadú sin ar an líonnáisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bhí ag trasnú na teorann idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhrialta, thug sé ar an Liotuáin a fhógairt an 2 Iúil 2021 go raibh an náisiún ó cheann go ceann i staid éigeandála.

(2)

An 15 Iúil 2021, d’iarr an Liotuáin cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun dul i ngleic leis an staid éigeandála. Thug 19 mBallstát agus tríú tír atá rannpháirteach sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta freagairt ar iarraidh na Liotuáine i leith cúnaimh. An cúnamh a tairgeadh, is éard a bhí ann córais téimh agus aerchóiriúcháin, leapacha campa, gineadóirí leictreacha,, tithe coimeádáin (idir chinn cónaithe agus chinn sláintíochta), pubaill agus urláir chuí, fearais soilsithe, táblaí, cathaoireacha, pluideanna, piliúir, málaí codlata, tochtanna, taisceadáin, pubaill stórais, ciondálacha bia agus cúnamh comhchineáil eile.

(3)

An 13 Deireadh Fómhair 2021, thíolaic an Liotuáin iarraidh, a leasaíodh an 15 Aibreán 2022 agus an 6 Meitheamh 2022, i leith faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine a dheonú ó cháin bhreisluacha (CBL) maidir le hearraí arna n-allmhairiú chun na Liotuáine lena dtabhairt nó lena gcur ar fáil saor in aisce do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

(4)

Sa tráth feithimh ar fhógra maidir le cinneadh an Choimisiúin, d’údaraigh an Liotuáin fionraí i ndáil le dleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí dá dtagraítear in Airteagal 76, an dara mír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus fionraí i ndáil le CBL is inmhuirearaithe ar earraí dá dtagraítear in Airteagal 53, an dara mír, de Threoir 2009/132/CE.

(5)

Dheimhnigh an Liotuáin gur ar an 12 Lúnasa 2021 a céadallmhairíodh earraí lena dtabhairt nó lena gcur ar fáil saor in aisce do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

(6)

Chuir an Liotuáin an Coimisiún ar an eolas gur lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ag Seirbhís Garda Teorann na Liotuáine a allmhairíodh na hearraí agus gur eagraíochtaí Stáit ainmnithe a thug agus a chuir ar fáil na hearraí do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

(7)

An ghéarchéim dhaonnúil a éilíonn cúnamh práinneach ó na Ballstáit eile agus ó thríú tíortha chun cosaint a thabhairt do líon ard náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe le linn an fhómhair agus an gheimhridh, agus na dúshláin ollmhóra a chruthaíonn sí don Liotuáin, is tubaiste é sin de réir bhrí Chaibidil XVII, Roinn C, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Theideal VIII, Caibidil 4, de Threoir 2009/132/CE.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, faoiseamh a dheonú don Liotuáin ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus, chomh maith leis sin, díolúine a dheonú di ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE.

(9)

Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairithe a ndeonaítear an faoiseamh ó dhleachtanna agus an díolúine ó CBL ina leith agus chun a áirithiú go gcuirfear an beart seo i bhfeidhm i gceart, agus é á chur san áireamh go bhfuil feidhm ag beart comhchosúil eile, eadhon Cinneadh (AE) 2022/1108 ón gCoimisiún (4), ón 24 Feabhra 2022, ba cheart a cheangal ar an Liotuáin an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi chainníochtaí na n-earraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL d’fhonn iad a thabhairt nó a chur ar fáil saor in aisce do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus é a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur le húsáid na n-earraí chun críoch eile seachas iad a chur chun tairbhe na ndaoine sin.

(10)

Chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo a áirithiú, chun neamhrialtachtaí a chosc agus chun leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, ba cheart don Liotuáin, faoin sprioc-am a bhunaítear leis an gCinneadh seo, tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir leis an mbainistiú riosca agus maidir leis na bearta rialaithe custaim ábhartha arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dtaca le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus úsáid earraí a ndeonaítear an faoiseamh ó dhleachtanna custaim nó an díolúine ó CBL ina leith.

(11)

I bhfianaise na ndúshlán ollmhór atá roimh an Liotuáin, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL, iad sin araon, a dheonú i leith allmhairithe arna ndéanamh chun na Liotuáine ón 12 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022, mar a d’iarr an Liotuáin an 6 Meitheamh 2022.

(12)

An 25 Samhain 2022, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 76, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Earraí arna n-allmhairiú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ag Seirbhís Garda Teorann Stáit na Liotuáine, ligfear isteach iad saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar iad ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceann de na húsáidí seo a leanas a bheartaítear a bhaint as na hearraí:

(i)

lena dtabhairt saor in aisce, ag eagraíochtaí Stáit ainmnithe, do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta;

(ii)

lena gcur ar fáil saor in aisce, ag eagraíochtaí Stát ainmnithe, do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe, agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus lena linn sin go bhfanfadh na hearraí sin faoi úinéireacht na n-eagraíochtaí sin;

(b)

comhlíonann na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus in Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE.

Airteagal 2

Faoin 1 Márta 2023 ar a dhéanaí, cuirfidh an Liotuáin an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

faisnéis chomhdhlúite maidir leis na hearraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna agus a díolmhaíodh ó CBL de bhun Airteagal 1:

(i)

uimhir an dearbhaithe custaim;

(ii)

dáta glactha;

(iii)

cód Ainmníochta Comhcheangailte;

(iv)

cód Tharaif Chomhtháite na gComhphobal Eorpach (TARIC);

(v)

glanmhais;

(vi)

aonad forlíontach, más infheidhme;

(vii)

luach na n-earraí;

(viii)

ráta dleachta;

(ix)

ráta CBL;

(x)

méid na ndleachtanna agus CBL neamhbhailithe;

(xi)

tionscnamh na n-earraí;

(xii)

ainm na n-eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a) (ii), i ndáil le hearraí arna gcur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta;

(b)

liosta de na heagraíochtaí Stáit ainmnithe atá i gceannas ar earraí a thabhairt agus a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thrasnaigh an teorainn idir an Liotuáin agus an Bhealarúis ar dhóigh neamhúdaraithe agus, chomh maith leis sin, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, ar earraí iad a thairbhíonn den fhaoiseamh ó dhleachtanna agus den díolúine ó CBL;

(c)

bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE;

(d)

bainistíocht riosca agus, i gcás inarb iomchuí, bearta um rialú custaim arna ndéanamh ag an Liotuáin de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairiú earraí chun na Liotuáine arna dhéanamh ón 12 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na Liotuáine a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 12 Lúnasa 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 292, 10.11.2009, lch. 5.

(2)  IO L 324, 10.12.2009, lch. 23.

(3)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(4)  Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2022/1108 an 1 Iúil 2022 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairí arna ndeonú i leith earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L 178, 5.7.2022, lch. 57).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


Top