Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0368

    Cinneadh (AE) 2023/368 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

    ST/10092/2022/INIT

    IO L 51, 20.2.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/368/oj

    Related international agreement

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 51/1


    CINNEADH (AE) 2023/368 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Feabhra 2023

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 88, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), agus Airteagal 218(7) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír, inter alia, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

    (2)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1090 (3) ón gComhairle, rinneadh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (“an Comhaontú”) a shíniú an 30 Meitheamh 2022, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (3)

    Tá an Comhaontú chun leas an Aontais Eorpaigh, mar is é is aidhm dó aistriú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne a chumasú, d’fhonn coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a áitritheoirí a chosaint.

    (4)

    Áirithítear leis an gComhaontú go n-urramófar ina n-iomláine cearta bunúsacha an Aontais, go háirithe an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ar ceart é a aithnítear in Airteagail 7, 8 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (4), faoi seach.

    (5)

    Ní dhéanann an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus tá sé gan dochar don aistriú sin.

    (6)

    De bhun Airteagal 218(7) CFAE, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún modhnuithe ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.

    (7)

    Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2016/794 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (9)

    Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí Tuairim 11/2022 uaidh an 10 Meitheamh 2022.

    (10)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (5) (“an Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Chomhaontú. (6)

    Airteagal 3

    Chun críocha Airteagal 28(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na modhnuithe ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    E. SVANTESSON


    (1)  Toiliú an 17 Eanáir 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (3)  Cinneadh (AE) 2022/794 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 176, 1.7.2022, lch. 3).

    (4)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391

    (5)  Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo.

    (6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top