This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1949
Decision (EU) 2023/1949 of the European Parliament of 10 May 2023 on the closure of the accounts of the Circular Bio-based Europe Joint Undertaking – CBE JU (before 30 November 2021 the Bio-based Industries Joint Undertaking) for the financial year 2021
Cinneadh (AE) 2023/1949 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30.11.2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021
Cinneadh (AE) 2023/1949 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30.11.2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021
IO L 242, 29.9.2023, p. 500–501
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/500 |
CINNEADH (AE) 2023/1949 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30.11.2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0107/2023), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2023), |
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tÁrd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.